Gairm ar Ailt

Fógraítear an ghairm ar ailt d’eagráin 12 agus 13 de COMHARTaighde agus glactar le hailt scolártha do na heagráin sin anois. Beidh eagrán 12 tiomnaithe go sonrach do Léann an Mhíchumais sa Ghaeilge. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh leis na heagarthóirí ag an seoladh thíos. Is é an spriocdháta deireanach d’ailt sa ghairm seo don dá eagrán seo ná 1 Feabhra 2026. Iarrtar orthu siúd ar spéis leo alt a chur isteach breathnú ar threoracha scríbhneoireachta agus stíl tí na hirise.

Forléargas

Cuireadh tús sa bhliain 2015 le hiris acadúil bhliantúil nua agus í sin piarmheasta ag foireann scoláirí ó institiúidí in Éirinn agus thar lear. Foilsítear saothar scolártha den chaighdeán is airde san iris seo, COMHARTaighde, i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge. D’fhonn freastal ar phobal domhanda na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, tá an iris á foilsiú ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Cuireann an iris fóram nua piarmheasta ar fáil do thaighdeoirí sna réimsí léinn seo agus tá an togra ag eascairt as traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus as bunfhealsúnacht na hirise agus na heagraíochta maidir le scaipeadh thorthaí an léinn ar an bpobal is leithne. Tá COMHARTaighde ar an gcéad fhoilseachán Gaeilge a bhain áit sa Directory of Open Access Journals (DOAJ) amach.

Teagmháil

Lena thuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis na haoi-eagarthóirí d’eagrán 12:

  • Áine Mahon
  • Ríona Nic Congáil
  • Róisín Ní Ghairbhí

ag comhartaighde.eagarthoiri@comhar.ie.

 

Duais an Chomhchaidrimh, urraithe ag Gael Linn, do scoláirí luathghairme

Cuireann COMHARTaighde fáilte ar leith roimh ailt scolártha den chéad scoth ó thaighdeoirí luathghairme.

Bronnfar ‘Duais an Chomhchaidrimh’ de €750, agus buanghradam, maoinithe ag Gael Linn, ar an alt is fearr a scríobh taighdeoir luathghairme agus a fhoilseofar in COMHARTaighde go bliantúil. Ainmnítear an duais seo i gcuimhne ar an gcumann idir-ollscoile as ar shíolraigh COMHAR agus Gael Linn.

Treoir:

  1. Iris phiarmheasta í COMHARTaighde agus déanfar gach iarratas cuí a phiarmheasúnú de réir ghnáthnósanna na hirise
  2. Is ionann taighdeoirí luathghairme agus scoláirí iarchéime, scoláirí PhD, agus scoláirí eile ar bronnadh céim dhochtúireachta orthu laistigh den tréimhse cúig bliana roimh an 31 Nollaig 2024.
  3. Glacfar le hailt neamhfhoilsithe nach bhfuil níos mó ná 8,000 focal iontu, leabharliosta san áireamh. Ní ghlacfar le halt má tá cuid den alt i gcló cheana.
  4. Ní mór na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil le gach iarratas: leathanach teidil; an t-alt féin; achoimre ar an alt; achoimre ar an alt i mBéarla agus sliocht beathaisnéise.
  5. Is féidir Duais an Chomhchaidrimh a bhronnadh ar alt a bhfuil níos mó ná údar amháin luaite leis, ach na húdair ar fad a bheith ina dtaighdeoirí luathghairme.
  6. Is iad eagarthóirí COMHARTaighde, i gcomhar le baill ar leith den Bhord Comhairleach Idirnáisiúnta na hirise a roghnóidh buaiteoir na duaise.
  7. Ní mór don alt a bheith ag teacht le Treoracha Scríbhneoireachta agus le Stíl Tí COMHARTaighde: https://comhartaighde.ie/
  8. Is gá an t-alt agus an t-ábhar breise a sheoladh chuig comhartaighde.eagarthoiri@comhar.ie faoin 1 Feabhra 2026 (d’eagrán 12). Ní ghlacfar le haon iarratas ina dhiaidh sin.