‘Mar nuall seanchon ar seachrán’: aortha ar chláirseoirí sa séú agus sa seachtú haois déag

Deirdre Nic Chárthaigh

Réamhrá

Maireann dornán dánta siollacha agus dánfhocal a cumadh ar chláirseoirí sa séú agus sa seachtú haois déag. Aortha gairide iad a bhformhór ina dtugtar fogha faoi chláirseoirí aonair (anaithnide, go minic) agus faoina gcuid ceoil, agus ina ndéantar cur síos ar an díobháil a dhéanann an ceol sin don lucht éisteachta. Cé gur cuireadh bunáite na ndánta seo in eagar ó na foinsí lámhscríbhinne, is beag plé a rinneadh orthu go nuige seo. Is é is cuspóir don alt seo, más ea, scrúdú a dhéanamh ar na dánta seo idir ábhar agus stíl. Is beag, i ndáiríre, a chuireann na téacsanna seo leis an tuiscint atá againn ar cheol na cláirsí sa tréimhse seo, ach caitheann siad solas ar an gcaoi a ndéantaí cur síos ar léirithe ceoil, agus ar dhearcadh na bhfilí ar an ngné thábhachtach seo de chultúr a linne. Lena chois sin, agus ar bhonn níos leithne, cuireann siad leis an tuiscint atá againn ar an aoir i bhfilíocht an séú agus an seachtú haois déag. Mar atá áitithe ag Mercier (1962: 140–144), is ar ghairm agus ar cheird an duine a dhíríonn sciar maith den líon beag aortha atá ar marthain ón tréimhse sin. Is féidir linn breathnú ar na haortha seo a cumadh ar chláirseoirí mar fhosheánra iontu féin, a bhfuil saintréithe ar leith ag baint leo.

Tá an t-alt seo ina dhá chuid. Sa chéad chuid (‘Téacsanna agus Foinsí’), gheofar liosta de na haortha siollacha ar chláirseoirí atá ar m’eolas, mar aon le hachoimre ar gach ceann. Gheofar liosta de na lámhscríbhinní ina bhfuil na dánta ar caomhnú agus eolas faoi na heagráin a cuireadh i gcló chomh maith. (Sa chás go bhfuil dán ar marthain i mbreis agus cúig lámhscríbhinn, is iad na cúig cinn is luaithe amháin a liostaítear). Sa dara cuid den alt, scrúdófar cuid de shaintréithe liteartha na ndánta (‘Saintréithe liteartha’). Díreofar ar fhriotal an dímholta, agus go háirithe ar an úsáid a bhaintear as íomhánna d’ainmhithe agus de phlandaí.

Tugaim línte athfhriotail ó na dánta faoi mar atá siad i gcló sna heagráin / leaganacha clóite a luaitear sa chur síos a dhéantar ar gach dán thíos, ach go mbainim amach cló iodálach agus lúibíní cearnacha, agus go gcuirim sínte fada ar fáil in áit macran de ghrá na soléiteachta. (Is ó eagrán nua atá idir lámha agam féin a thugaim na solaoidí ó Dhán 2).

 

Téacsanna agus Foinsí

Is i lámhscríbhinní ón seachtú, ón ochtú agus ón naoú haois déag atá na haortha seo a leanas tagtha anuas chugainn. Is deacair dáta cinnte a lua le ceann ar bith díobh, ach tugann teanga agus meadaracht fhormhór na ndánta le tuiscint gur cumadh i dtreo dheireadh na tréimhse clasaicí iad. Lena chois sin, luaitear ceithre cinn de na téacsanna le filí aitheanta a mhair idir lár an séú haois déag agus deireadh an seachtú haois déag (Dánta 2, 3, 5 agus 8 thíos). Ós rud é nach féidir a bheith cinnte cathain go díreach a cumadh aon cheann díobh, áfach, déanaim plé ar na dánta de réir dháta na lámhscríbhinne inar breacadh an chóip is luaithe díobh atá ar m’eolas.

 

1. ‘Athraigh gléas, a Ghiolla Íosa’
Eagrán: Nic Chárthaigh (2023)
LS: UCD A 7

Breacadh dán seacht rann dar tús ‘Athraigh gléas, a Ghiolla Íosa’ ar imeall leathanach 7 in UCD A 7 (Dillon et al. 1969: 15). Is sa chúigiú haois déag a scríobhadh an lámhscríbhinn pháir seo, a bhfuil cóip d’Fhéilire Óengusa inti, ach is cosúil gur i láimh ó thús an seachtú haois déag a breacadh an dán áirithe seo, agus tugann gnéithe den teanga le fios go mbaineann sé le deireadh na tréimhse clasaicí (Nic Chárthaigh 2023: 30). Níl cóip ar bith eile den dán seo ar m’eolas. Is i séadna, dán díreach, a cumadh é. Tá dúnadh in easnamh ar an dán agus tá seans ann, mar sin, nach bhfuil an téacs iomlán tagtha anuas chugainn. Drochthiúnáil cláirseora is ábhar don dán. Impíonn file anaithnid ar chláirseoir darb ainm Giolla Íosa mac Cearbhaill mheic Dhonnchaidh a chláirseach a thiúnáil. Deir sé go bhfuil an ceol chomh dona sin go bhfuil scaipeadh na mionéan curtha aige ar na capaill agus ar na ba, agus tugtar le tuiscint go gcuirfear iachall ar an gcláirseoir cúiteamh a dhéanamh sna hainmhithe atá ar a dteitheadh. Ní leagtar an dán ar fhile ar bith sa lámhscríbhinn.

 

2. ‘A fhir iomtha an aosa téad’
Eagrán: IG (1909: 365)
LSS: Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn; Göttingen 8 Cod. LS hist. 773; ARÉ 23 D 4 (5); ARÉ 23 M 16 (308); ARÉ 12 F 8 (888)

Is ar fhóiliónna 24v–25r de Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn, lámhscríbhinn pháipéir a breacadh in Ostend na Beilge idir Eanáir agus Nollaig na bliana 1631, atá an chóip is luaithe den dán ‘A fhir iomtha an aosa téad’ atá ar m’eolas. Tá an dán ar fáil i rannóg den lámhscríbhinn ina bhfuil meascán de dhánta gairide ilghnéitheacha, dánta grá agus aortha (Simms 2010: 44). Leagtar an dán go hindíreach ar Eochaidh Ó hEódhasa sa lámhscríbhinn chéanna; leanann sé an dán ‘A mhacaoimh mhaoidheas do shlad’ a leagtar ar ‘Ua hEoghusa .i. Eochaidh’, agus insítear dúinn gurb é ‘an fear céadna’ a chum é. Cuireann meadaracht an dáin (deibhí, dán díreach) taca faoin tuairim gurbh fhile proifisiúnta an t-údar. Reacaire (a bhí ina chláirseoir leis, ní foláir) is ábhar don dán. Déantar cur síos ar dhroch-éifeachtaí a chuid ceoil; déanann sé ‘tinn an uile fhear’ agus cuireann sé an file ar leaba a bháis (‘tug a loighe mh’éaga inn’).

 

3. Ranna ó Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn
Eagrán: Ó Cuív (1968: 228)
LSS: Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn; Göttingen 8 Cod. LS hist. 773

Tá cúpla rann ar dhroch-chláirseoirí i measc na 79 dánfhocal atá cuimsithe i dtéacs ar f. 22 de Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn. Tá tús an téacs ar iarraidh sa lámhscríbhinn, agus ní fios dá réir cén t-údar a luadh leis, ach tá fianaise ann gurbh é an file iomráiteach Tadhg Dall Ó hUiginn a chum an t-iomlán (Ó Macháin 1998: 9–10; O’Rahilly 1921: 79–80). Aoir ar bhaill de bhuíonta gairmiúla éagsúla (ceoltóirí, filí, breithiúna, srl.) atá sna ranna seo uile go léir agus is i meadarachtaí éagsúla in ógláchas a cumadh iad.

Déantar fonóid faoi chláirseoir i gceann de na ranna, a cumadh i rannaíocht bheag:

Cruit óir go ttéadaibh airgid,
ná samhlaidh ní bhus lugha,
agus a ndol fád mhéaruibh
do bhiadh ʼna ttéaduibh umha. (Ó Cuív 1968: 228)

(Cuireadh leagan den rann seo le deireadh an dáin ‘A fhir iomtha an aosa téad’ in Göttingen 8 Cod. LS hist. 773 (f. 186v): ‘Cruit óir go ttéaduibh airgid / ʼs ni abraim ní as lugha / da tteangbhadh fa do mhéaruibh / do bheithdis na ttéaduibh umha.’  Is dócha gur mar gheall ar a n-aontacht théamúil a cuireadh an dá théacs le chéile sa lámhscríbhinn sin).

Is ar reacaire a cumadh ceann eile de na dánfhocail ar f. 22 de Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn, ach tugann an tagairt dá mhéara le tuiscint gur dócha gur cláirseoir a bhí ann chomh maith. Is in ae fhreislí a cumadh an rann seo:

A reacaire Ó nEachaidhéin,
urusa a aithne ar do théaduibh,
ar ól tú do chaisearbhán
tig sé a-mach ar do mhéruibh. (Ó Cuív 1968: 228)

Tá rann eile ann fós (i rannaíocht bheag) ar an bhfóilió céanna a bhaineann le hábhar:

Más binn orlaidhi na ceardcha,
más binn sgeamhghal na ccapall,
más binn gach ní dár shinnis,
as ní milis an gafann. (Ó Cuív 1968: 228)

Cé nach luaitear an chláirseach féin sa rann seo, tugann an tagairt don ghafann le tuiscint go mb’fhéidir gur cláirseoir atá á aoradh ann óir, mar a fheicfear thíos, is minic a samhlaíodh an droch-chláirseoireacht leis an ngafann sa chorpas seo.

 

4. ‘Ní chluinim sin, a chláirseach’
Eagrán: Ní Mhurchú (2017)
LS: Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn (teideal an dáin amháin)

Tugtar dhá rann dar tús ‘Ní chluinim sin a chláirseach’ mar shampla den mheadaracht rannaíocht bheag, ógláchas, i dtráchtas a bhreac Tuileagna Ó Maoilchonaire sa bhliain 1659 (Mac Aogáin 1968: 141; féach freisin Ní Mhurchú 2017). Ní fios an raibh an dá rann seo mar chuid de dhán níos faide nuair a céadchumadh iad. Tugtar céadlíne an dáin in innéacs Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn agus is cosúil, mar sin, go raibh cóip den dán sin sa lámhscríbhinn sin tráth dá raibh.

Sna ranna seo, mar a mhíníonn Ní Mhurchú (2017), insíonn an file dúinn go bhfuil sé bodhar, agus gur faoiseamh dó é nach féidir leis ceol an chláirseora a chloisteáil. Ní mór dó a shúile a dhúnadh chomh maith, áfach, óir tá an chuma atá ar an gcláirseoir agus é i mbun ceoil chomh holc leis an gceol féin.

 

5. ‘Searbh an chrág-sa táinig tar tuinn’
Eagrán: O’Rahilly (1927: 66–67)
LS(S): TCD 1416; BF LP 6; ARÉ 23 A 45 (629); Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige A 23; ARÉ 23 A 45 (629); srl.

Tá naoi gcóip de dhán sé rann dar tús ‘Searbh an chrág-sa táinig tar tuinn’ ar m’eolas, agus is i gCúige Uladh a breacadh a bhformhór. Is i gcuid den lámhscríbhinn chumaisc TCD 1416, a scríobhadh sa bhliain 1705, atá an chóip is luaithe díobh sin (Abbott agus Gwynn 1921: 284). Leagtar an dán ar Dhomhnall Gorm Mac Lochlainn, file arbh as Inis Eoghain dó, agus a bhí suas ag deireadh an seachtú haois déag (Mac Gabhann 2020:129–132). Insítear dúinn gur ar mhéara Ruaidhrí Uí Mhuireagáin éigin (‘Ruaraidh Í Muiragan’) a cumadh an dán. Is ar ARÉ 23 A 45 (a breacadh in 1745) agus ARÉ F v 3 (a breacadh in 1788), ina bhfuil leagan beagáinín éagsúil den dán ar marthain, a bhunaigh O’Rahilly a théacs siúd (1927: 66–67). Is i rannaíocht mhór scaoilte a cumadh an dán. Is ar lámh (nó ‘crág’) an chláirseora a dhírítear ó thús deireadh an dáin seo. Luaitear méara an chláirseora ina gceann agus ina gceann agus déantar cur síos ar a míbhinneas.

 

6. ‘Saoi le searbhas Eóin mac Eóin’
Eagrán: O’Rahilly (1927: 7–8)
LSS: ARÉ 24 B 28 (244); ARÉ 23 L 24 (29); ARÉ 23 C 16 (245); Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige A 23; LNÉ G 52; srl.

Scaipeadh dán dar tús ‘Saoi le searbhas Eóin mac Eóin’ go raidhsiúil i lámhscríbhinní ón ochtú agus ón naoú haois déag. Tá breis agus cúig chóip is fiche den dán ar m’eolas. Tá an chóip is luaithe díobh sin ar caomhnú in ARÉ 24 B 28 (lch 339), a scríobh Éamonn ‘Turriogh’ (Terry) sa bhliain 1728. Is ar an gcóip sin a bhunaigh O’Rahilly a eagrán siúd den dán (1972: 7–8). Tá aistriúchán Béarla den dán (dar tús ‘A sage of discord is John Mac John’) le Theophilus O’Flanagan (c. 1762–1814) ar caomhnú i dtrí lámhscríbhinn, mar atá TCD 1421 (Abbott agus Gwynn 1921: 296), ARÉ 24 K 26 (1149), agus ARÉ 23 P 14 (690). Is ar Thadhg Ruadh Mac Conchubhair a leagtar an dán, agus insítear dúinn i gcuid de na lámhscríbhinní gurbh é Eóin Óg Mac Gafraidh, ‘ollamh re ceól’ a bhí ‘ag taisdiol na Mumhan’ an cláirseoir (ARÉ 24 B 28, lch 339; O’Rahilly 1927: 65). Is i rannaíocht mhór, ógláchas, a cumadh an dán. Bíodh is go sáraítear rialacha na meadarachta sin in áit nó dhó sa dán, tá seans ann go mbaineann na deacrachtaí sin le botúin i seachadadh an téacs.

Sa dán seo, cáintear Eóin as míbhinneas a chuid ceoil. Baineann an file úsáid fhairsing as íomhánna a bhaineann le hainmhithe leis an gceol agus leis an gcláirseoir féin a cháineadh. Deich rann atá sa dán, ach níor chuir O’Rahilly ach naoi gcinn díobh siúd (ranna 1–9) in eagar. Cuirim an rann deireanach ar fáil anseo ós rud é nár cuireadh i gcló go dtí seo é, go bhfios dom. Tugaim leagan lámhscríbhinne agus leagan normalaithe den téacs thíos:

 

Mar bháintior a chreacion do chat

is cosmhuil sa chosguirt ar port

ar eagla a dhulta tar coir

ina thoin bugh churtha corc

(ARÉ 24 B 28, 340)

 

Mar bhaintear a chroiceann do chat,

is cosmhail ʼs a chosgairt ar port;

ar eagla a dhulta tar cóir,

ina thóin budh churtha corc!

B’fhéidir gur chuir gáirsiúlacht an rainn seo isteach ar O’Rahilly. Má chuir, is cosúil gur bhain an rann gáire as scríobhaí na lámhscríbhinne, óir bhreac sé na focail ‘ha-ha-ha’ lena ais. Díol spéise, go deimhin, gur mar chnuasach d’ábhar grinn a dhéanann an scríobhaí féin cur síos ar an lámhscríbhinn (ARÉ 24 B 28) ar an leathanach teidil: ‘Cómhchrinnudhe Eachturidh agus disgán deaghsgéal noch do thrachtus ar mhoran do nithibh greanamhura ar na ccur a ccló maille hEamonn Turriogh’.

 

ARÉ 24 B 28, lch 340.

Le caoinchead ó Acadamh Ríoga na hÉireann © RIA

 

7. ‘Aithne dhamh geinealach Ghafainn’
Eagrán: O’Rahilly (1927: 67).
LSS: LB Egerton 155; ARÉ 23 A 45 (629); ARÉ F v 3 (34)

Tá dánfhocal dar tús ‘Aithne dhamh geinealach Ghafainn’ tagtha anuas chugainn i dtrí fhinné lámhscríbhinne a breacadh san ochtú haois déag. Leanann sé an dán ‘Searbh an chrág-sa táinig ar tuinn’ (Dán 5 thuas) in LB Egerton 155 (lch 51b). Deibhí scaoilte atá sa mheadaracht. Is mar shliocht na gafainne a chuirtear ceoltóirí i láthair sa rann:

Aithne dhamh geinealach Ghafainn
le sinntear gach seanghrafainn,
– mic Caorthainn, mic Gotha Ghairbh,
mic Mormónta, mic Mustaird! (O’Rahilly 1927: 67).

Cé nach luaitear an chláirseach féin sa dán, tugann an tagairt don ghafann le tuiscint go mbaineann sé le hábhar (agus féach freisin gur mar aoir ar chláirseoir a dhéanann O’Rahilly rangú air (1927: 67)).

 

8. ‘Mo-chean do theacht, ʼFhéidhlime’
Eagrán: Duffy (1965)
LSS: LB Egerton 127; LB Egerton 155; LB Additional 18749; Ó Laif. 12; Ó Laif. 16; srl.

Maireann dán cúig rann déag dar tús ‘Mo-chean do theacht, ʼFhéidhlime’ i ndornán lámhscríbhinní a breacadh i gCúige Uladh agus i dTuaisceart Chúige Laighean ag deireadh an ochtú haois déag agus ag tús an naoú haois déag. Is ar an bhfile Ultach Eoghan Ó Donnghaile, a bhí suas sa dara leath den seachtú haois déag, a leagtar an dán. Is beag atá ar eolas againn faoin bhfile seo, ach tá seans ann gur sagart a bhí ann, agus tá a fhios againn gur ghlac sé páirt sa choimhlint filíochta ar a dtugtar Iomarbhá na Láimhe Deirge (c. 1691) (Duffy 1965: passim; féach freisin Hegarty 2018: 13–18 agus Keegan 2019: 163–4). Is i meadaracht an-scaoilte a cumadh an dán (agus féach gur cáineadh Ó Donnghaile i dtéacs eile mar gheall ar lochtanna a chuid filíochta (Ó Riain 2011: 174–175)).

Tá an chuma ar an dán seo, ar an gcéad léamh, gur dán molta atá ann. Molann an file cláirseoir anaithnid, arbh as Ard Mhacha dó (‘a dhaltain thíre Mhacha’), trí chur síos a dhéanamh ar na lochtanna ar fad nach bhfuil ar a chuid cheoil: ‘ni tu séarbhas o sírin’, ‘ni tú shinnios mar shile’, ‘Ni tu labhrus go fíomhach’, ‘ni bhionn do slinnean air bogadh’, srl. Ós ar lochtanna agus ar dhroch-cheol is mó a dhíríonn an file, mar sin, tá an dán cosúil leis na haortha thuas ó thaobh teanga, friotail agus íomhánna de. Cé nach féidir a bheith cinnte faoin gcomhthéacs inar cumadh an dán, déanaim amach go mb’fhéidir gur cheart é a léamh mar shampla den íoróin, agus gur ag cáineadh an chláirseora atá Ó Donnghaile i ndáiríre (agus féach gur mar aoir a rangaítear an dán ar Bhunachar Fhilíocht na scol (https://bardic.celt.dias.ie/poem/1399), cé go léiríonn comhartha ceiste amhras faoin rangú céanna). Cuireann an fhilíocht eile atá againn ó pheann Uí Dhonnghaile taca faoin léamh sin ar an dán: is é a chum an aoir ‘(Is) ná(i)r an sgéalsa teacht do thoigh’ mar chuid d’Iomarbhágh na Láimhe Deirge (Cameron 1894: 293), agus tá seans ann gur chum sé an aoir fhíochmhar ‘Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann’ chomh maith (Duffy 1965). File é seo, mar sin, ar dhual dó a bheith géar feanntach.

 

9. A ghiolla na méar searbh’
LS: Dunnington 2

Tá dánfhocal dar tús ‘A ghiolla na méar searbh’ ar caomhnú in Dunnington 2, lámhscríbhinn a bhreac Tomás Ó hÍceadha sa naoú haois déag. Insítear dúinn sa lámhscríbhinn gur cumadh é ‘Air chrutaire gan bhinnios’. Níl aon chóip eile den rann seo ar m’eolas agus níor cuireadh i gcló cheana é go bhfios dom.

A Ghiolla na meur searbh
is maith do dhearbhais do dhúthchas
air sgaipeadh do ghlac ó chéile
is í an teud is binne do mhúchais. (Dunnington 2, 99)

Leanann dán eile dar tús ‘Dána dhamh gan bheith im thocht’ an rann sa lámhscríbhinn. Is mar théacs amháin a chuirtear an dá dhán inár láthair, ach is léir nach mbaineann siad lena chéile ó cheart. Tá ‘Dána dhamh gan bheith im thocht’ in eagar ag O’Rahilly (1927: 49).

 

Téacsanna eile a bhaineann le hábhar

Tá tagairt chomhaimseartha amháin do dhánta den chineál thuas, dánta ina gcáinteoir cláirseoirí, ar m’eolas. Sa dán anaithnid dar tús ‘Coisgidh don aos ealadhna’, a cumadh sa séú nó sa seachtú haois déag, cáintear filí a ‘chleachtus boing bhéime’. Insítear dúinn go gcaitheann na filí seo anuas ar bhuíonta gairmiúla eile, an t-aos téad ina measc:

Comaidh sibh gan bharánta
móran do sgelaibh gránna
ar áos téd mbinn macánta
ní airbhim an t-áos dána. (McManus agus Ó Raghallaigh 2010: 133–134, rann 3)

Féach freisin go gcosnaítear cláirseoirí ar cháineadh na bhfilí i rann aiceanta a leanann an dán ‘Saoi le searbhas Eóin mac Eóin’ i gcuid de na finnéithe lámhscríbhinne:

Tearc le dtuigthear ceart ionmhais saoithe an eóil,
Cé mheasaid iomad gur gliogar gan chrích an ceól;
Is air do chuirfinnse tuille agus míle bó,
Gur fear é shinneas gan tuisle gach ní go cóir. (O’Rahilly 1927: 66)

 

Saintréithe liteartha

Íomhánna ainmhíocha

Ar na gnéithe is suntasaí a bhaineann leis na dánta seo tá an úsáid a bhaintear as íomhánna d’ainmhithe leis na cláirseoirí a mhaslú agus a dhímholadh. Is ar fhuaimeanna na n-ainmhithe a dhírítear go príomha, agus na filí ag déanamh comparáide idir droch-cheol na gcláirseoirí agus an gheonaíl, an tafann agus an dordán a shamhlaítear le hainmhithe feirme agus le hainmhithe clóis.

Is minic a dhéantar comparáid idir ceol binn na cláirsí agus ceol na n-éan i bhfilíocht na scol. Mar atá pléite ag Mac Cárthaigh (2022: 229), samhlaítear an chláirseach leis an gcuach sa dán ‘A chláirsioch Chnuic Í Chosgair’, a chum Gofraidh Fionn Ó Dálaigh sa cheathrú haois déag:

A sgatha binne boga,
a chláirsioch dhonn Diarmada,
a chruth gan fhúath ó fheadhain,
a ghuth cúach a gcéiteamhain. (Bergin 1970: 67)

Ar an gcaoi chéanna, sa dán ‘A Niocláis, nocht an gcláirsigh’, tugann an file le tuiscint go mbeireann ceol an chláirseora an bua ar an gcuach féin:

Ní thabhair aon dá aire
an nasg do-ní an sgallaire,
ré bruach bhar srotha seanma,
náid gotha cuach gCéiteamhna. (Bergin 1970: 113)

Más minic a luaitear an binneas leis an gcuach, is neamhghnáthaí an chomparáid a dhéantar thíos idir ceol na cláirsí agus glór na heala (glór nach samhlófaí binneas ar bith leis, shílfeá):

A fhúaim trágha ré toinn cciúin,
a chrann fosgadhghlan fírchiúil,
fleadha ’gá n-ól it fhochair,
a ghlór eala ós fhionnshrothaibh. (Bergin 1970: 67)

Caithfidh gur mar gheall ar an uaisleacht agus ar an maorgacht a samhlaíodh leis an eala ar bhonn níos leithne a luaitear sa sampla deireanach sin í, seachas mar léiriú fírinneach ar chosúlacht fuaime idir glór na heala agus ceol binn na cláirsí. (Faightear an eala mar bhuafhocal moltach go minic i bhfilíocht na scol (féach Knott 1922: liii)). Ar an gcaoi chéanna, agus mar a fheicfear thíos, déanaim amach gur mar gheall ar an ‘ísleacht’ a samhlaíodh le hainmhithe áirithe a dhéantar comparáid idir a bhfuaimeanna siúd agus an droch-cheol.

Más trí chomparáid le guthanna na n-ainmhithe ‘uaisle’ a dhéantar cur síos ar bhinneas na cláirsí, ní haon ionadh gur le fuaimeanna na n-ainmhithe feirme agus clóis (agus le saol na hísealaicme dá réir) a dhéantar cur síos ar an gcláirseoireacht sna haortha seo. Saintréith í seo a bhaineann le téacsanna aoire ó thréimhse na Luath-Ghaeilge i leith; is minic a dhéantar dídhaonnú ar an duine atá á aoradh trí chomhshamhlú a dhéanamh idir é agus ainmhí comónta éigin. Tá íomhánna d’ainmhithe i measc na gcomharthaí sóirt a luaitear le haortha liteartha ó thréimhse na Luath-Ghaeilge. Is díol suntais gur ainmhithe fiáine agus feirme is mó a luaitear sna téacsanna sin: ‘common farmyard and wild animals and birds are employed … in contrast to the more exotic creatures which feature in panegyric poetry’ (McLaughlin 2008: 33). Ar an gcaoi chéanna, léiríonn McCaughey ina iniúchadh siúd ar theanga an dímholta san fhilíocht a cumadh in Albain agus in oirdheisceart Uladh sa seachtú agus san ochtú haois déag go bhfuil struchtúr ag baint leis na híomhánna ainmhíocha a fhaightear sna dánta sin: ‘the code of invective involving the use of animal terms is not haphazard but fairly strictly patterned and structured’ (McCaughey 1989: 102). Rangaíonn sé na hainmhithe a luaitear sna dánta sin ina dtrí ghrúpa: 1) mionainmhithe foghla (m.sh. francaigh, coiníní agus broic); 2) feithidí agus reiptílí (m.sh. nathracha agus cuileoga); agus 3) ainmhithe clóis agus feirme (m.sh. madraí, ba agus muca). Tagann ár ndánta ar dhroch-chláirseoirí leis an bpátrún bunúsach sin: is ar ainmhithe feirme agus clóis – ainmhithe nár samhlaíodh an uaisleacht leo, de réir cosúlachta – is mó a tharraingíonn na filí.

I measc na n-ainmhithe a luaitear sna dánta seo tá madraí, capaill oibre, agus muca. (Bhaintí úsáid ar leith as an muc in aortha; féach, mar shampla, an plé ar an dán ‘Truagh truagh an mhuc’ in O’Sullivan agus Ó Riain (1987: xix; féach freisin McLaughlin 2007: 37; Quin 1965: 27–35)). Féach na samplaí seo a leanas:

Mar bhúireadh dá bhuain a caisléan …
céad cú a gcrothaibh a slabhradh … (Dán 1)

foghor borb cruite na ccleathrámh,
is dord muice ar seachrán súd. (Dán 1)

budh gearr uam an deachmhadh dán
mar nuall seanchon ar seachrán. (Dán 2)

mas binn sgeamhghal na ccapall
as ní milis an gafann. (Dán 3)

ʼS ni tu bhíos aige srannfaidh
mar chapoll a cceannfath an obair. (Dán 8)

 

Leagtar béim ar leith ar íomhánna ainmhíocha in ‘Saoi le searbhas Eóin mac Eóin’ (Dán 6 thuas), agus is cúnna, céiseanna agus muca a luaitear sa dán sin:

Saoi le searbhas Eóin mac Eóin,
daoi ler dearbhadh cóir na locht;
mar chráin ag crónán dá cluinn
fuinn a lámh, dórdán a dhocht.

Is mó do-geibhthear i nguaillibh Eóin
do shult ceóil ná i luas a lámh;
alpa a dhá amhchrobh ’na bhfeidhm
mar chreimchlamhchon ar chnámh.

Mar bhíos céis ag coin ar chluais
i nguais ag ceisneamh a cáis,
ó n-a chlos is céasta cluas,
crobh gan luas ag pléasgadh práis.

Ní aithneann aon a phort féin,
an tan théid i gcaschrobh Eóin;
tuar tuirse tafann a lámh,
blas na gcrann gafann ’na ngeóin. (O’Rahilly 1927: 7)

 

Is ar an bhfuaim a dhíríonn cuid mhaith den fhriotal thuas, mar is léir ó na focail fuaime ar nós ‘crónán’, ‘dordán’, ‘tafann’ agus ‘geóin’. Tugann cuid eile de na híomhánna fuaimeanna chun cuimhne: dhá mhadra ag creimeadh ar chnámh (rann 2), cuirim i gcás, agus céis ‘i nguais ag ceisneamh a cáis’ (rann 3). Ag deireadh an dáin, sa rann nár fhoilsigh O’Rahilly, déantar comparáid idir ceol na cláirsí agus feannadh cait. Lena chois sin, samhlaítear tréithe ainmhíocha leis an gcláirseoir féin. Déantar ‘crobh’ dá láimh (rann 2c; 3d), is ag ‘dordán’ a bhíonn a ‘dhocht’ agus ag ‘tafann’ a bhíonn a lámh. Tá sampla den ‘ainmhiú’ (nó animalisation) céanna sa dán ‘Searbh an chrág-sa táinig tar tuinn’ (Dán 5), mar a dtugtar ‘crág’ ar lámh an chláirseora, agus mar a bhfaightear íomhá shamhailteach de ‘tafann trom an mheóir mhuill’.

Is díol suntais a chosúla agus atá cuid de na híomhánna d’ainmhithe a fhaightear sna dánta seo leis na híomhánna a fhaightear sna haortha atá tagtha anuas chugainn ó thréimhse na Luath-Ghaeilge. Tugann péire de na híomhánna a luadh thuas go háirithe – ‘nuall seanchon ar seachrán’ agus ‘céad cú i gcrothaibh i slabhradh’ – rann ó thréimhse na Meán-Ghaeilge chun cuimhne, rann ina ndéantar cur síos ar an duine atá á aoradh mar ghuth ‘senchon ar slabraid’:

Dall Bóruime,
béil gaill gopluim,           guth senchon ar slabraid,
brú arna tromguin             itir tragnaib
(Dall Bóruime, the mouth of a bare-mouthed foreigner, the voice of an old hound on a chain, a belly after being heavily wounded among corncrakes’). (McLaughlin 2008: 162).

Tugann na macallaí seo le tuiscint go raibh méid áirithe leanúnachais i bhfriotal thraidisiún an dílmholta, agus gur féidir na híomhánna ainmhíocha a fhaightear sna dánta seo a lonnú laistigh den traidisiún sin.

Plandaí agus ‘searbhas’ an cheoil

Comhartha sóirt sainiúil eile a bhaineann leis na dánta seo is ea go dtagraítear do phlandaí go minic iontu agus, go deimhin, gné í seo den aoir a bhfuil a fréamhacha le rianú chomh fada siar le tréimhse na Luath-Ghaeilge (féach McLaughlin 2008: 39–40). An planda is mó a ndéantar tagairt dó sna dánta seo is ea an ghafann (eDIL s.v. gafann; Hyoscryamus niger). Féach na samplaí seo a leanas:

más binn gach ní dár shinnis,
as ní milis an gafann.(Dán 3)

A fhir iomtha an aosa téd …
a dhomblaisdeoch ghoirt ghafuinn. (Dán 2)

Aithne dhamh geinealach Ghafainn
le sinntear gach seanghrafainn … (Dán 7)

tuar tuirse tafann a lámh,
blas na gcrann gafann ‘na ngeóin. (Dán 6)

Searbh an chrág-sa tháinig tar tuinn …
do chuir sí an gafann as suim …  (Dán 5).

na cúig méir sin is seirbhe ná an gafann
ar n-a bhfabhairt san domlas ae …  (Dán 5).

 

(Tabhair faoi deara gur mar ainmfhocal baininscneach a thugtar an t-ainmfhocal ‘gafann’ in eDIL (s.v. gafann), ach gur mar ainmfhocal firinscneach (o-thamhain) a chaitear leis thuas, agus an ginideach ‘gafainn’ deimhnithe ag an meadaracht i bpéire de na samplaí, mar a ndéanann sé comhardadh le ‘fhuinn’ agus le ‘seanghrafainn’ faoi seach.)

Is mar seo a leanas a dhéanann Fergus Kelly cur síos ar an ngafann in Early Irish Farming (2000, 184):

… henbane (Hyoscryamus niger) is notorious as a poisoner of hens and other poultry: in French it is called mort aux poules ‘death to hens’ (also mort aux oies ‘death to geese’). The Irish word for this plant is gafann (gaphann), and there are references in early texts to its ill-effects on people.

Planda nimhneach, más ea, a bhí sa ghafann (cé gur cosúil go mbíodh sí in úsáid mar mhíochaine chomh maith; féach O’Grady (1926: 178)). Tá seans ann go mbaineann meafar na gafainne sna dánta seo le coincheap a bhí coitianta san fhilíocht chlasaiceach, is é sin go mbíodh éifeacht ag an gceol ar shláinte an duine. Is iomaí tagairt a dhéantar i gcorpas fhilíocht na scol do bhuntáistí cheol na cláirsí don tsláinte: sa dán ‘A Niocláis, nocht an gcláirsigh’, mar shampla, déantar cur síos ar an gcláirseoir mar ‘balsam cobhartha cédfadh’, mar ‘liaigh don teidhm nach taisbéntar’ agus mar ‘cosg fiabhrasa ré bél mbáis’ (Bergin 1970: 114), agus in ‘A chláirsioch Chnuic Í Chosgair’ is mar ‘leighios gach laoich ghonta’ a dhéantar cur síos ar an ngléas ceoil féin (Bergin 1970: 66). Ar an gcaoi chéanna, tugtar le tuiscint i gcuid de na haortha ar dhroch-chláirseoirí go mbíonn éifeachtaí díobhálacha ag an gceol ar an tsláinte. Sa dán ‘A fhir iomtha a aosa téad’, mar shampla, déanann an ceol ‘tinn an uile fhear’ agus cuireann sé an file ar leaba a bháis (‘tug a loighe mh’éaga inn’).

Is spéisiúil, áfach, gur do dhrochbhlas agus do shearbhas na gafainne, seachas dá nimh, a thagraíonn formhór na samplaí thuas; luaitear ‘blas na gcrann gafann’ le seinm chláirseora amháin; déantar cur síos ar chláirseoir eile mar ‘diomblaisdeoch ghoirt ghafainn’, agus insítear dúinn i ndán eile arís gur ‘seirbhe ná an gafann ar n-a bhfabhairt san domlas ae’ méara an chláirseora. Tugann na híomhánna seo go léir le tuiscint gurbh é blas na gafainne a samhlaíodh leis an gceol. Go deimhin, is díol suntais a mhinice agus a úsáidtear an aidiacht ‘searbh’ sna dánta seo (cf. ‘Saoi le searbhas Eóin mac Eóin’ (Dán 6); ‘Searbh an chrág-sa táinig tar tuinn’ (Dán 5), srl.). Tá seans ann gur le cur síos a dhéanamh ar ‘dhrochbhas’ nó ar ‘shearbhas’ an cheoil a luaitear planda eile, an caisearbhán, i gceann de na dánfhocail ar chláirseoirí atá ar caomhnú i Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn:

… ar ól tú do chaisearbhán
tig sé a-mach ar do mhéruibh. (Dán 3)

Is léir go samhlaítí an searbhas leis na gcaisearbhán: thugtaí ‘searbhán muc’ ar ghas an phlanda: ‘The root of the dandelion (Taraxacum officinale) seems to have been especially relished by pigs, and was consequently called serbán mucc, i.e. ‘the bitter one of pigs’  agus ainm eile a bhí air ná ‘searbhán goirt’ (Kelly 2000: 83). Díol suntais go samhlaítear leis an droch-cheol é i ndánfhocal eile chomh maith:

Duine saidhbhir ag déanamh grinn
deirid uile gur binn a ghlór
acht is seirbhe ná an searbhán goirt
an duine bocht ag déanamh ceóil. (O’Rahilly 1921: 5).

Déantar tagairt do bhlas an cheoil arís sa i nDán 8, ‘Mo-chean do theacht, ʼFhéidhlime’, ina molann an file an cláirseoir, mar dhea, ós rud é nach bhfuil a chuid seanma chomh searbh leis an silín (‘Ni tu séarbhas o sírin’).

Is mar eispéireas ilchéadfach, más ea, a chuirtear taispeántais cheoil na gcláirseoirí os ár gcomhair sna dánta seo, agus na filí ag teacht le nós a bhí coitianta i litríocht a linne: ‘early modern writers habitually refer to the tasting of sweet music in ways that seem determined to recall and foreground embodied sensory experience’ (Smith 2023: 306). (Nós é seo a mhaireann i dtraidisiún na Gaeilge sa lá atá inniu ann; féach, mar shampla, Falzett (2021)). Luaitear an mhilseacht le ceol na cláirsí i ndánta moltacha atá tagtha anuas chugainn: sa dán ‘A chláirsioch Chnuic Í Chosgair’, déantar cur síos ar an gcláirseach mar ‘nuallánach bhinn bhlasda’ (Bergin 1970: 66), agus in ‘Tabhraidh chugam croit mo ríogh’ luaitear ‘guth milis’ na cláirsí (Walsh 1933: 113–115). Casadh samhailteach spraíúil ar mhóitíf an cheoil mhilis, más ea, is ea an bhéim a leagtar ar shearbhas agus ar dhrochbhlas an cheoil sna dánta seo.

Aicme agus inscne

Le cois na dtagairtí d’ainmhithe agus do phlandaí atá coitianta sna dánta seo, faightear roinnt mhaith íomhánna a bhaineann le tascanna laethúla agus le gnéithe den saol oibre (agus de shaol na hísealaicme dá réir) chomh maith, agus is féidir iad seo a léamh mar chuid de chód an dímholta. I nDan 1, ‘Athraigh gléas, a Ghiolla Íosa’, cuirim i gcás, samhlaítear an ceol le cnónna a bheith á ndoirteadh isteach i mbosca (‘cliabh cnó dá chur a n-arg’) agus, i rann de chuid Thaidhg Dhaill, is ionann an ceol agus trup na gceártaí (‘orlaidhi na ceardcha’). In ‘Saoi le searbhas Eoin mac Eoin’ (Dán 6), déantar comparáid idir an ceol agus ‘muileann maol ag meilt’, samhlaítear le prás ‘dá ghearradh le gaoin’ é, agus déantar cur síos ar ionga an chláirseora ‘ar chruit chaoin’ mar umha ‘dá sgrios le sgiain’. Seans go leagann na híomhánna seo a bhaineann leis an gceardaíocht agus le tascanna laethúla béim ar an ísleacht aicme.

Is spéisiúil chomh maith leis sin go samhlaítear an droch-chláirseoir le banchláirseoir in ‘Mo-chean do theacht, ’Fhéidhlime’ (Dán 8). Tá an cláirseoir le moladh ós rud é nach amhlaidh a sheinneann sé ar nós na mban: ‘ni tú shionnios mar shile’. Tugann an líne seo an tagairt do ‘abhrán ban agus bachlach’ in aoir a cumadh ar an drochfhilíocht sa cheathrú haois déag chun cuimhne (McKenna 1947: 237). Is spéisiúil go bhfuil tagairtí do mhná i measc na nithe a luaitear leis an dímholadh in aortha na Luath-Ghaeilge agus, mar a phléann McLaughlin, is léiriú iad na tagairtí seo ar ghnéithe de shochaí na hÉireann sa tréimhse sin: ‘the use of feminine imagery as part of the code of invective can be understood in the context of the patriarchal nature of that society’ (2008: 31). Ar an gcaoi seo, léiríonn an tagairt seo do ‘Shíle’ drochmheas ar mhná mar cheoltóirí, agus dearcadh coimeádach na bhfilí ar an gcultúr trí chéile.

 

Conclúid

Is léir go raibh nós ann ag deireadh na tréimhse clasaicí dánta a chumadh ar dhroch-chláirseoirí. Is beag eolas atá againn ar an gcúlra ná ar an gcomhthéacs inar cumadh aon cheann de na ranna thuas agus ní féidir a bheith cinnte, go deimhin, an ar fhíorchláirseoirí nó ar chláirseoirí ficseanúla a cumadh iad. Mar sin féin, ós rud é go mbíodh cláirseoirí ag tionlacan dánta clasaiceacha, níor dheacair a shamhlú go gcuirfeadh drochthaispeántas cuthach feirge ar fhile. Mar a deir Ní Mhurchú:

Because dán díreach was recited to the sound of the harp, it is unsurprising that poets would feel the need to reproach harpers who displayed poor musicianship: one imagines that an unsonorous or clumsy musical accompaniment could diminish greatly the effect of a poem. (Ní Mhurchú 2017: 217).

Tá seans ann, leis, gur tháinig borradh faoin téama seo i gcomhthéacs an ísliú a tháinig ar stádas na gcláirseoirí oidhreachtúla, agus gur fogha atá i gcuid de na dánta seo ar chláirseoirí nár tháinig a gcuid ceoil leis an gcaighdeán a bhí leagtha amach ag an aos téad proifisiúnta.

 

Buíochas

Táim buíoch d’Eoin Mac Cárthaigh, de na léitheoirí anaithnide agus de na heagarthóirí as a gcuid moltaí iomadúla le barr feabhais a chur ar an alt seo. Táim buíoch freisin de Sheán Donnelly, de Pheadar Ó Muircheartaigh agus de Mhanus Ó hEochaidh as foinsí ar leith a chur ar mo shúile dom. Is liom féin gach botún agus dearmad.

 

Giorrúcháin

SAOTHAIR A CEADAÍODH

Lámhscríbhinní

Baile Átha Cliath

ARÉ

*23 D 4 (5)

12 F 8 (888)

23 M 16 (308)

24 K 26 (1149)

23 P 14 (690)

24 B 28 (244)

F v 3 (34)

23 A 45 (629)

23 L 24 (29)

23 C 16 (245)

Cnuasach na bProinsiasach, UCD

*A 7

TCD

1421

1416

LNÉ

G 52

Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath

*Dunnington 2

Teach Chluain Mhalais

*Leabhar Uí Chonchubhair Dhuinn

Göttingen

Universität Göttingen

Göttingen 8 Cod. LS hist. 773

Londain

Leabharlann na Breataine

Egerton 155

Additional 18749

Egerton 127

Béal Feirste

Coláiste Mhaológ

Ó Laif. 12 (ol. O’Lav. I)

Ó Laif. 16 (ol. O’Lav. K)

Leabharlann Phoiblí Bhéal Feriste

LP 6

Aberystwyth, An Bhreatain Bheag

Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige

A 23

* Tá na lámhscríbhinní a bhfuil réiltín leo le fáil ag: https://www.isos.dias.ie/ [faighte 31 Eanáir 2025].

 

FOINSÍ FOILSITHE

Abbott, T. K. agus Gwynn, E. J. (1921) Catalogue of the Irish Manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin. Dublin: Hodges, Figgis & Co.

Bergin, O. (1970) Irish bardic poetry: texts and translations, together with an introductory lecture. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Cameron, A. (1894) Reliquiae Celticae II: Texts, papers and studies in Gaelic literature and philology. Inverness: The Northern Counties Newspaper and Printing and Publishing Company, Limited.

Dillon, M., Mooney, C. agus de Brún, P. (1969) Catalogue of Irish Manuscripts in the Franciscan Library, Killiney. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Duffy, J. (1965) ‘Comhairle mhic Clamha ó Achadh na Muilleann’. In: Clogher Record 5 (3): 307–347.

Falzett, T. (2012) ‘Bhio’ tu dìreach ga ithe, bha e cho math’ = ‘You would just eat it, it was so good’: Music, Metaphor and Food for Thought on Scottish Gaelic Aesthetics’. In: Idström, A., Piirainen, E., agus Falzett, T. (eag.) Endangered Metaphors. Amsterdam: John Benjamins Publishing Company: 315–338.

Hegarty, C. (2018) Fís Mheirlíno: a diplomatic edition with introduction and notes. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe, Ollscoil Uladh.

Flower, R. (1926) Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum. Imleabhar 2. London: The British Museum.

Keegan, F. (2019) Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt 1650-1900: Beathaisnéisí. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe, Ollscoil Mhá Nuad.

Kelly, F. (2000) Early Irish farming: a study based mainly on the law-texts of the 7th and 8th centuries AD. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Knott, E. (1922 agus 1926) The bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn (1500–1591). London: Irish Texts Society.

McKenna, L. (1947) The Book of Magauran: Leabhar Méig Shamhradháin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Mac Aogáin, P. (1968) Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr. Dublin: Dublin Institute for Advances Studies.

Mac Cárthaigh, E. (2022) ‘Varia II’. In: Ériu 72: 227–236.

Mac Gabhann, P. (2020) ‘Three poems of welcome ascribed to Domhnall Gorm Mag Lachlainn (fl. 1691), Church of Ireland Minister of Cluain Maine in Inis Eoghain’. In: Ó Corráin, A., de Brún, F. agus Fomin, M. (eag.) Scotha cennderca cen on: A Festschrift for Séamus Mac Mathúna. Uppsala: Uppsala Universitet: 123–181.

Mac Néill, E. (1906) ‘The O’Laverty Manuscripts’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 16: 177–179; 193–196; 209–213; 225–227.

McCaughey, T. (1989) ‘Bards, beasts and men’. In: Ó Corráin, D., Breatnach, L. agus McCone, K. (eag.) Sages, saints and storytellers: Celtic studies in honour of Professor James Carney. Maynooth: An Sagart: 102–121.

McLaughlin, R. (2008) Early Irish Satire. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

McManus, D. agus Ó Raghallaigh, E. (2010) A Bardic miscellany: five hundred Bardic poems from manuscripts in Irish and British libraries. Dublin: Department of Irish, Trinity College, Dublin.  

Mercier, V. (1991) The Irish Comic Tradition. London: Souvenir Press Ltd.

Ní Mhurchú, S. (2017) ‘Varia I. Ní chluinim sin a chláirseach: a lost poem from the Book of the O’Conor Don’. In: Ériu 67: 215–218.

Nic Chárthaigh, D. (2023) ‘Athraigh gléas, a Ghiolla Íosa: dán ar dhroch-chláirseoir’. In: Ériu 73: 29–41.

Ó Cuív, B. (1968) ‘Ranna aoir – 2’. In Éigse 12 (3): 228.

Ó Macháin, P. (1998) Téacs agus Údar i bhFilíocht na Scol. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ó Riain, G. (2011) ‘Varia III. Quatrain relating to the controversy of the Red Hand’. In: Ériu 61: 171–178.

O’Grady, S.H. (1926) Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum. Imleabhar 1. London: The British Museum.

O’Rahilly, T. F.  (1921) Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse. Dublin: The Talbot Press Limited.

O’Rahilly, T. F. (1927) Measgra Dánta I. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí.

O’Sullivan, A. agus Ó Riain, P. (1987): Poems on Marcher Lords, from a sixteenth-century Tipperary manuscripts. London: Irish Texts Society.

Quin, E. G. (1965) ‘Truagh truagh an mhuc’. In: Hermathena 101: 27–37

Simms, K. (2010) ‘The selection of poems for inclusion in the Book of the O’Conor Don’. In: Ó Macháin, P. (eag.) The Book of the O’Conor Don: Essays on an Irish Manuscript. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies: 32–60.

Smith, S. (2023) ‘A Taste of ‘Sweet Music’: Writing (through) the Senses in Early Modern England’. In: Kern-Stähler, A. agus Robertson, E. (eag.), Literature and the Senses. Oxford: Oxford University Press. [idirlíon] Ar fáil ag: https://doi.org/10.1093/oso/9780192843777.003.0017 [faighte 22 Eanáir 2025].

Walsh, P. (1933) Gleanings from Irish Manuscripts. Dublin: At the Sign of the Three Candles.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
an aoir, filíocht shiollach, cláirseach, lámhscríbhinní, ceol

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Achoimre

Maireann dornán aortha siollacha agus dánfhocal a cumadh ar dhroch-chláirseoirí i lámhscríbhinní Gaeilge. Dánta gonta gairide iad formhór na dtéacsanna seo atá idir rann amháin agus cúig rann déag ar fhad, agus atá an-chosúil lena chéile ó thaobh foirme, stíle agus teanga de. Is ar chláirseoirí anaithnide a cumadh a bhformhór. Cé gur cuireadh an chuid is mó de na dánta i gcló, is beag plé cuimsitheach a rinneadh ar aon cheann díobh. Is é atá san alt seo, más ea, iniúchadh ar na dánta seo, idir ábhar agus stíl. Is beag a chuireann na dánta leis an tuiscint atá againn ar an gceol féin, ach feictear go gcaitheann siad solas nach beag ar ghnéithe den aoir i bhfilíocht an séú agus an seachtú haois déag, agus ar dhearcadh na bhfilí a bhí á cumadh.

Tá an t-alt ina dhá chuid. Sa chéad chuid, gheofar liosta de na haortha siollacha ar chláirseoirí atá ar m’eolas (naoi gcinn ar fad), mar aon le hachoimre ar gach ceann, agus eolas faoina gcuid foinsí lámhscríbhinne. Is ar thréithe liteartha na ndánta a dhírítear sa dara cuid den alt, agus ar fhriotal an dímholta go háirithe. Déantar scrúdú ar an úsáid shamhaltach a bhaintear as íomhánna d’ainmhithe agus agus as tagairtí do phlandaí leis na cláirseoirí a mhaslú, agus pléitear tagairtí do chúrsaí aicme agus inscne chomh maith. Dá greannmhaire éadroma iad na dánta seo, tugtar le tuiscint gur féidir iad a lonnú laistigh de thraidisiún liteartha a bhí coimeádach traidisiúnta.

Údar:
Deirdre Nic Chárthaigh

Teagmháil:

Beathaisnéis:

Scaip an t-alt seo: