Léim sa Dorchacht: An Chruthaitheacht agus an Saol Acadúil i Léann na Gaeilge

Áine Mahon

 Réamhrá

I mí na Samhna, 2022, seoladh ‘ChatGPT’ mar ‘Chatbot’ Intleacht Shaorga (IS). Athraíodh an tírdhreach oideachais ó bhun. Rinne ChatGPT caighdeáin na hintleachta saorga a athshainiú, sa mhéid is gur léiríodh gur féidir le meaisíní mídhaonna castachtaí teanga agus idirghníomhaíochta an duine a ‘fhoghlaim’. Le teacht ChatGPT, bhí sé níos deacra ná riamh an t-idirdhealú idir aschur ‘daonna’ agus ‘neamhdhaonna’ a aithint. Léiríonn na hathruithe a thug ChatGPT isteach ‘athrú seismeach’ i dtodhchaí an ionaid oibre (Evans, Jirout agus Hirsh-Pasek 2023). Seachas eolas agus scileanna a bhaineann go sonrach le poist a fhorbairt, beidh ar mhic léinn an rud nach féidir le róbónna IS a dhéanamh – a bheith fiosrach agus cruthaitheach. Ina leabhar nuafhoilsithe, déanann Richard Susskind dealú suntasach idir cruthaitheacht an duine agus ‘cuasachruthaitheacht’ nó ‘quasi-creativity’ na meaisíní. Molann sé an luach a bhaineann le ‘taibhiú beo’ ach go háirithe. Dar leis:no matter how capable our systems are, it’s likely that many forms of human expression, not least live performance, will continue to be valued by humans for their own sake’ (Susskind 2025: 67–68). Cé nach séantar anseo aschur níos suntasaí na gcóras AI, mar a thugann Susskind le fios, leanann sé dár léargas féin go bhfuil luach i gcruthaitheacht an duine thar an déantán féin. Is léir mar sin go bhfuil ‘an chruthaitheacht’ ar cheann de na teorainneacha ar leith a bhaineann leis an IS (Zizar 2021) agus go bhfuil sí ar cheann de na ‘scileanna iarchéime’ is mó a bhfuil meas ag fostóirí orthu (Brett 2018; Binkley et al. 2012).

Tá an t-athrú radacach seo á aithint cheana féin i réimse an pholasaí oideachais. Áiríonn an OECD scil na cruthaitheachta mar chuid den Chlár um Fhorbairt Idirnáisiúnta Measúnú Mac Léinn (PISA) ó 2021, chomh maith le léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht. Rangaíonn an Fóram Eacnamaíoch Domhanda (World Economic Forum [WEF] 2023) an chruthaitheacht ar an tríú scil is tábhachtaí don ionad oibre. De réir na tuarascála céanna, rangaítear ‘smaointeoireacht chruthaitheach’ mar chroíscil chun tosaigh ar thrí scil féinéifeachtúlachta – athléimneacht agus solúbthacht; spreagadh agus féinfheasacht; agus fiosracht agus foghlaim fad-saoil – mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le cumas cruthaitheachta in ionad oibre an lae inniu (WEF 2023). Gan dabht, tá cruthaitheacht agus scileanna smaointeoireachta criticiúla chun tosaigh anois in intinn na bhfostóirí (Reidy 2021). Cuirtear béim faoi leith ar ‘chéimithe atá réidh don obair’ i gcomhthéacs iar-Covid ach go háirithe; sa chomhthéacs céanna, tá fostóirí ag súil go mbeidh na céimithe úrnua seo in ann freagairt d’fhadhbanna gan choinne. Tá siad ag súil go mbeidh céimithe in ann réitigh nua agus nuálacha a fhorbairt (WEF 2023), agus a bheith solúbtha agus athléimneach chomh maith.

Is léir ón aitheantas beartais seo go mba cheart don chruthaitheacht a bheith ina tosaíocht lárnach in ollscoileanna an lae inniu. Tá an-bhéim ar chruthaitheacht an mhic léinn agus ar chruthaitheacht an chéimí nua araon; agus tarraingítear níos mó agus níos mó ar choincheap na cruthaitheachta ag leibhéal straitéiseach in ollscoileanna, áit a bhfuil an chruthaitheacht nasctha go dlúth le nuálaíocht fiontraíochta. Luaitear ‘Cruthaitheacht Rannpháirteach’ mar phríomhthéama i Straitéis Taighde (2020–2024) an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sa straitéis nua ‘Breaking Boundaries’ go 2030, athainmníodh an téama seo mar ‘Engaged Creativity’ (‘Cruthaitheacht Rannpháirteach’), rud a léiríonn leanúnachas leis an bhfócas ar chruthaitheacht chomhoibritheach (University College Dublin 2024). Téann an fócas anseo níos faide ná léiriú ealaíonta amháin, ar ndóigh, agus breathnaítear ar an ollscoil mar inneall nuálaíochta i gcoitinne. I bhfocail na straitéise: ‘Engaged Creativity seeks to develop a creative/critical ecosystem based at UCD which intersects with government, business, and industry through research, teaching, public impact, and engagement’ (University College Dublin 2019: 7). Is léir ón méid sin go dtuigtear an chruthaitheacht mar ‘dhroichead’ idir an ollscoil agus an domhan mór; agus go bhfuil ollscoileanna ar nós UCD (agus ollscoileanna eile ar thóir clú domhanda a dhaingniú) ag iarraidh í a chur chun tosaigh. Ní léiriú ealaíonta amháin atá i bhfócas anseo, ar ndóigh, ach an ollscoil a thuigtear mar inneall nuálaíochta i gcoitinne.

            Ach i gcomhthéacs an bheartais agus an tírdhreacha taighde seo go léir, céard faoi chruthaitheacht na n-acadóirí? Cén cineál aitheantais a thugtar dó sin? An bhfuil spás fiúntach ann don choincheap i saol an taighdeora agus an teagascóra? An tosaíocht í an chruthaitheacht dóibhsean, agus an dtugtar spás dóibh í a fhorbairt ar a mbealaí aonair féin? San alt seo, díreofar ar an acadóir seachas ar an mac léinn. Téann an cur chuige seo thar na ceisteanna a phléigh Norman Jackson agus Christine Sinclair (2006) faoi fhorbairt chruthaitheacht na mac léinn, Cowan (2006) faoi mheasúnú, nó Egan (2006) faoi spreagadh teagaisc chruthaithigh. In ionad na dtosaíochtaí sin, cuireadh spéis ar leith sa chaoi a bhféadfaí saol cruthaitheach a chruthú mar theagascóir agus mar thaighdeoir ag an tríú leibhéal.

Bhí an taighde ba bhunús leis an alt seo lonnaithe i gcomhthéacs ar leith – an ollscoil iar-phaindéime in 2024/2025  ̶  ag súil le tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcaoi a ndéanann lucht acadúil an chruthaitheacht a choincheapú. Conas is féidir leo triail, glacadh riosca, agus súgradh a chomhtháthú ina gcleachtas taighde agus teagaisc? Más ionann a bheith cruthaitheach agus a bheith fiosrach – an mhuinín a bheith ag duine chun rud éigin nua a thriail, an paisean don nuálaíocht ‘chun bogadh thart sa spás agus san am ar bhealaí nua’ (Cohan 2022)  ̶  conas is féidir an fhiosracht, an mhuinín, agus an paisean céanna a bhaint amach i suíomh ar leith na hollscoile comhaimseartha? Chun tuiscint rannpháirtithe an taighde seo a fhiosrú, cinneadh ar agallaimh leathstruchtúrtha a dhéanamh. Cuireadh agallamh ar chúigear acadóirí a raibh gradaim náisiúnta bainte amach acu as a gcuid oibre cruthaithí. Bhí baint ag na rannpháirtithe go léir leis an gcruthaitheacht ‘Ghaelach’ agus le Léann na Gaeilge, rud a bhaineann le comhthéacs sonrach an taighde seo. Rinneadh anailís ar na hagallaimh chun téamaí athfhillteacha a aithint, agus cuireadh na téamaí seo i mbun comhrá leis an litríocht acadúil.

 

An Chruthaitheacht mar Choincheap Fealsúnach

Is cinnte nach bhfuil aon sainmhíniú amháin ar ‘chruthaitheacht’ ach is cosúil fós féin go bhfuil comhaontú ginearálta ann go mbaineann sí le nodanna úrnuachta agus nuachta in éineacht le nóisin fhóntais agus luacha (Kleiman 2008). Áitíonn Guilford ina thaighde ceannródaíoch (1950) go bhfuil dhá phríomhphróiseas i gceist leis an gcruthaitheacht: smaointeoireacht éagsúil (go leor smaointe a ghiniúint) agus smaointeoireacht choinbhéirseach (smaoineamh maith a roghnú agus a fhorbairt). Tá teoiric Guilford tar éis tionchar a imirt ar chleachtais oideachais, go háirithe maidir le cur chun cinn na cruthaitheachta sa seomra ranga. Spreagann a mhúnla múinteoirí chun gníomhaíochtaí a chomhtháthú a chothaíonn smaointeoireacht éagsúil, ag cabhrú le daltaí iolracha a iniúchadh ar fhadhb agus bunúlacht agus solúbthacht a fhorbairt (Guilford 1986).

De réir an fhealsaimh, Gert Biesta, is gníomh í an chruthaitheacht chun rud éigin nua a thabhairt isteach sa domhan, rud nach raibh ann roimhe sin (Biesta 2013). Aontaíonn Jackson le tuairim Biesta agus soláthraíonn sé an sainmhíniú seo a leanas: ‘Creativity involves first imagining something new and then doing something with this imagination. It’s a very personal act and it gives you a sense of satisfaction and achievement when you’ve done it’ (Jackson 2002: 1). Feicimid i bhfocail Jackson béim ar leith ar ‘shásamh’ an duine, rud a léiríonn go soiléir gur feiniméan an-phearsanta é an próiseas cruthaitheach. I measc na sainmhínithe ar chruthaitheacht tá leagan daonlathach ann  ̶  ‘go bhfuilimid go léir cruthaitheach’  ̶  ach ar ndóigh tá a mhalairt ann freisin: an tuairim go mbaineann coincheap na cruthaitheachta le ginias aonair.

Scríobhann Deborah J. Cohan go sonrach faoin gcruthaitheacht sa saol acadúil agus áitíonn sí nach mbaineann an chruthaitheacht le táirge ach le próiseas. Ina focail féin: ‘Creativity is not necessarily about art per se but is a quality of being artful. It’s not about creating a masterpiece but rather how we make and weave meaning and richness into our days’ (Cohan 2022). De réir Cohan, is ionann a bheith cruthaitheach agus ‘fiosracht’ a bheith agat. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh an cumas ionat breathnú ‘go géar’. Sainaithníonn sí an chruthaitheacht, mar sin, mar mhisneach áirithe; tá misneach de dhíth i gcónaí chun triail a bhaint as cur chuige difriúil. Dar le Cohan (2022), tá an misneach seo fíorthábhachtach in ollscoileanna an lae inniu.

 

Tábhacht na Cruthaitheachta san Ardoideachas

Dar ndóigh, dírítear ar an oideachas i gcoitinne (agus ar an ardoideachas ach go háirithe) chun fadhbanna uile ár ré chomhaimseartha a réiteach. Is éard atá i gceist anseo ná na ‘fadhbanna gránna’ (Rittel agus Webber 1973) a bhaineann lenár saol sóisialta agus polaitiúil a shocrú. Ina measc siúd, ar ndóigh, tá tubaiste aeráide, éagothroime radacach, agus coimhlint dhomhanda (Barnett 2007; Cantor et al. 2015). Léiríonn dioscúrsa beartais ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta tábhacht na cruthaitheachta má táthar le dul i ngleic leis na fadhbanna seo ar fad. Déanann an Fóram Eacnamaíoch Domhanda an chruthaitheacht a rátáil sna trí scil is mó a theastaíonn ó dhaoine ó 2020 ar aghaidh, go mór mór chun déileáil leis ‘an gCeathrú Réabhlóid Thionsclaíoch’ (WEF 2017). Dar leis an OECD, tá sé de chúram orainn mic léinn a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar an gclár oibre inbhuanaitheachta ach go háirithe (OECD 2018). I gcomhthéacs na hollscoile, mar sin, meastar gur scil lárnach í an chruthaitheacht le foghlaim san aonú haois is fiche, agus go bhfuil sí chun tosaigh go háirithe in aimsir na héigeandála domhanda, amhail paindéim Covid-19 (Egan et al. 2017). Maítear go bhfuil an chruthaitheacht ar cheann de na tréithe is inmhianaithe ag fostóirí mar go n-aithníonn siad cé chomh tábhachtach is atá an nuálaíocht dár saol laethúil (Mercier et al. 2021).

I gcomhthéacs na hÉireann, go cinnte, tá an chruthaitheacht ag teacht chun cinn mar thosaíocht sna hollscoileanna diantaighde. Mar shampla, bhunaigh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath an ‘Creative Futures Academy’ le déanaí. Is é cuspóir an Acadaimh ná deis a thabhairt do mhic léinn agus do chleachtóirí cruthaitheacha ‘scileanna nua a fhoghlaim, líonraí úra a fhorbairt agus féidearthachtaí nua a fhiosrú.’ Tá an tAcadamh dírithe go sonrach ar na healaíona agus ar na daonnachtaí. Chomh maith le hobair CFA, cuireann ‘Acadamh Nuálaíochta’ UCD cáilíochtaí Leibhéal 9 (teastais agus dioplómaí iarchéime) ar fáil faoin téama ‘Cruthaitheacht agus Nuálaíocht don Oideachas’.

In 2024 freisin, bunaíodh ‘Institiúid Chruthaitheachta’ in Ollscoil na Gaillimhe, agus tá teastas nua in ‘Cruthaitheacht agus Athrú’ seolta ag Ollscoil Mhá Nuad. Chomh maith leis sin, tá tús curtha ag DCU leis an tionscnamh ‘Credne’, mar mhol d’acmhainní cruthaitheacha. Idir phodchraoltaí le saineolaithe cruthaitheachta agus smaointe gasta le haghaidh gníomhaíochtaí léachtaí, tá acmhainní ‘Credne’ dírithe ar bhaill foirne agus ar mhic léinn ar fud DCU agus níos faide i gcéin. Is é an sprioc atá ag ‘UCC Futures’, chun sampla amháin eile a lua, ná  dul i ngleic le saincheisteanna tábhachtacha trí shaineolaithe ó réimsí éagsúla a thabhairt le chéile chun oibriú ar bhealaí nua agus cruthaitheacha. Is gluaiseacht intleachtúil agus gort léinn chomh maith é ‘UCC Futures’, agus tá an tacaíocht atá faighte aige ó cheannaireacht na hollscoile go mór i gcomhréir le tosaíocht a thabhairt don chruthaitheacht agus don nuálaíocht atá le feiceáil ar fud na n-ollscoileanna sa tír seo. Níl aon amhras ach go bhfeicfimid forbairtí den chineál céanna eile sna blianta amach romhainn.

Is cuid thábhachtach eile de chomhthéacs níos leithne na hollscoile maidir le cruthaitheacht ná an réimse taighde a dhéantar trí chleachtas cruthaitheach – an taighde bunaithe ar chleachtas (practice-based research) nó an taighde bunaithe ar thaibhléiriú (performance-based research).Is minic a bhíonn an cineál taighde seo á dhéanamh ag cleachtóirí mar ealaíontóirí, dearthóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, agus múinteoirí chomh maith (go háirithe laistigh de chláir taighde dochtúireachta).

 

Dúshláin don Chruthaitheacht san Ollscoil Chomhaimseartha

Is léir go bhfuil an chruthaitheacht ina sprioc atá ag éirí níos tábhachtaí don ardoideachas. Fós féin, tá treoir theoranta ann maidir le conas an chruthaitheacht a éascú ag leibhéal na heagraíochta. Conas is féidir an chruthaitheacht, coincheap nach bhfuil aon bhrí bheacht leis (Gilmartin 1999), a mheas in ardoideachas an lae inniu? Aithníonn Jackson (2002) easpa ama mar bhac lárnach ar chruthaitheacht san ollscoil. Mar a shamhlófá, cuireann brú na dteorainneacha ama isteach go mór ar aon obair intleachtúil. Ceist lárnach eile is ea ceist na muiníne: mar a mholann Kleiman (2008), is gné riachtanach í an fhéinmhuinín in aon fhiontar cruthaitheach. Tá baic eile ann san ollscoil, ar ndóigh: dearcadh na foirne agus na mac léinn; gnéithe struchtúracha agus cultúrtha; agus tosaíochtaí na ceannaireachta (Jackson 2002).

B’fhéidir gurb é dearcadh na ceannaireachta an fhadhb is mó sa chomhthéacs seo. Mar a áitíonn Manathunga et al. (2017), tá spásanna comhghleacúla, an phléisiúir agus an daonlathais san ollscoil faoi ionsaí. Braitheann acadóirí faoi bhrú ollmhór. Ní mór dúinn a chruthú ag an bpointe seo go bhfuil na héilimh seo go léir bunaithe i gcultúr corparáideach atá ag glacadh seilbhe ar an ardoideachas ar fud an domhain (Ball 2012). Tugann an ollscoil chorparáideach tús áite d’éifeachtúlacht agus táirgiúlacht (Macfarlane 2019). Spreagann sé iomaíocht thar chomhghleacaíocht (Smyth 2017; Wright agus Shore 2017). Lena chois sin, cuireann sé brú ollmhór ar thaighdeoirí agus ar mhic léinn araon (O’Brien 2022; Macfarlane 2019).

Ceist eile a théann i bhfeidhm ar chruthaitheacht acadúil, ar ndóigh, ná cailliúint phobal na hollscoile i ndiaidh na paindéime (Carrigan et al. 2023). Cé go bhfuil an saol acadúil ag bogadh ón saol fisiciúil go dtí an saol fíorúil le tamall anuas, thug an t-indibhidiúlú riachtanach a bhain le paindéim Covid-19 na cleachtais chianoibre/foghlama seo go leibhéal nua. Ní thuigimid go hiomlán fós an t-athrú seismeach atá tagtha ar an ollscoil chomhaimseartha. Sa chomhthéacs iar-phaindéime atá againn anois, áfach, tá imní ann go bhféadfadh an t-aonrú as líne tionchar diúltach a imirt orainn. Tá cúis imní ann maidir le cailliúint an phobail acadúil. Maidir le ranna ollscoile in 2024 agus 2025, a bhfuil a gconairí fós ciúin ach amháin le haghaidh cruinnithe bainistíochta míosúla, tá míshuaimhneas ann go bhfuil rud éigin an-tábhachtach ar iarraidh. Mar a d’áitigh Berg agus Seeber chomh fada siar le 2016, tá imní ann go bhfuil pobal ríthábhachtach caillte againn: ‘there is a growing recognition that we are losing a sense of collegiality and community, and an uncertainty about how to bring it back’ (Berg agus Seeber 2016: 76). Ó thaobh na mac léinn de, dár ndóigh, tá an scéal i bhfad níos casta ná mar a bhí fiú deich mbliana ó shin. Tá an campas ag éirí folamh mar gheall ar an easpa tithíochta atá ar fáil gar don champas, agus mar gheall ar chostaisí maireachtála go ginearálta. Ar an drochuair, tá comaitéireacht anois mar chuid lárnach de shaol na mac léinn sa tír seo.

 

Modheolaíocht an Taighde

Is í an mhórcheist a bhí le fiosrú sa taighde seo ná: ‘Cén tuiscint atá ag lucht acadúil ar an gcruthaitheacht mar choincheap agus céard iad na cleachtais laethúla a úsáideann siad ar mhaithe le saol cruthaitheach a spreagadh agus a chothú?’

Mar a luadh cheana féin, tá an-bhéim ar dhioscúrsa na cruthaitheachta in ollscoileanna an lae inniu. Ó dhoiciméid bheartais oideachais go straitéisí taighde ollscoile, tá reitric na cruthaitheachta go mór chun tosaigh. Tá tuiscint dhomhain ar an gcoincheap seo fós in easnamh, áfach  ̶  go háirithe maidir leis an gcaoi a dtéann acadóirí aonair i ngleic leis an gcruthaitheacht. Ba é príomhaidhm an taighde seo ná cuntas níos saibhre a thabhairt ar choincheap na cruthaitheachta. Mar sin, tugadh suntas sa taighde seo do thaithí taighdeoirí ollscoile agus tagann an mhodheolaíocht mar sin leis an bparaidím thógachaíoch, a chuireann béim ar thuairisciú na rannpháirtithe. Is iad na toimhdí a bhaineann leis an bparaidím seo ná go gcruthaíonn na rannpháirtithe an t-eolas agus go bhfuil an t-eolas lonnaithe sa chaidreamh idir an taighdeoir agus an rannpháirtí (Cohen et al. 2017: 22). Dearadh sceideal agallaimh chun sonraí cáilíochtúla a bhailiú ar mhaithe leis an mórcheist a chíoradh. Cinneadh ar cheist fhollasach oscailte a chur ar mhaithe le cur síos saibhir agus léargasach a fháil ó na rannpháirtithe.

Mar thaighdeoir acadúil a oibríonn i suíomh ollscoile, bhí an taighdeoir seo an-airdeallach maidir lena claonadh féin. Mar thoradh air sin, bhí fonn uirthi gan ligean dá cuid smaointe ar an ollscoil chomhaimseartha cur isteach ar mhachnamh na rannpháirtithe. Is gné lárnach d’aon tionscadal cáilíochtúil é claonadh taighdeora a sheachaint (chomh fada agus is féidir), mar a thugann formhór an taighde le fios (Fahie agus Bergin 2022; Biesta 2020; Menter et al. 2011).

Tá sé molta ag Lynam et al. (2022: 72) ‘dialann taighde athfhillteach’ a choinneáil chun deis a thabhairt don taighdeoir a seasamh féin a cheistiú go leanúnach. Cinntíonn an cur chuige seo gurb iad guthanna na rannpháirtithe féin a eascraíonn as an taighde agus nach gcuireann peirspictíochtaí an taighdeora as a riocht iad. Ós rud é go n-oibríonn an taighdeoir seo i bhFealsúnacht an Oideachais, le béim ar leith ar an Ardoideachas, bhí sé thar a bheith tábhachtach go mbeifí ar an airdeall i gcónaí maidir lena ‘meabhrachas taighdeora’. Mar a mholann Murray agus Mac Uidhilin (2022), i gcás taighde oideachais ach go háirithe caithfidh an taighdeoir ‘a bheith machnamhach agus airdeallach ar chomhthéacs an taighde agus ar a ról féin sa chomhthéacs sin’ (161).

Rinneadh na hagallaimh go léir via Zoom. Áitíonn Cohen et al. (2017: 538–540) go bhfuil buntáistí ar leith ag baint le hagallaimh ar líne: déanann siad amach go bhfuil sé níos éasca teacht ar rannpháirtithe; gur féidir leis an taighdeoir nótaí a bhreacadh gan cur isteach ar an rannpháirtí; agus nach dtógann sé an méid céanna ama le hagallamh aghaidh ar aghaidh. Ina theannta sin, áitíonn Cohen et al. gur féidir na difreálaigh chumhachta a d’fhéadfadh a bheith ann idir agallóir agus agallaí a laghdú le linn agallaimh ar líne.

Bronnadh Faomhadh Eitice ón gCoiste Eitice Taighde na hOllscoile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar an taighde seo i mí Feabhra 2024.  Cé go soláthraíonn boird eitice ollscoile mar seo raon treoirlínte agus tacaíochtaí do thaighdeoirí chun cleachtas eiticiúil a chinntiú, ar deireadh thiar is faoin taighdeoir aonair atá sé a chinntiú go gcloítear leis an bprótacal eiticiúil (Leavy 2022). Agus an chomhairle seo á cur san áireamh, bhí an taighdeoir seo aireach ar chleachtas eiticiúil ó chéim an deartha taighde go dtí céim na stórála agus an scriosta sonraí. Cuireadh bileog faisnéise dhátheangach ar fáil do rannpháirtithe an taighde seo chun ábhar an taighde a mhíniú go soiléir. Míníodh freisin conas a choimeádfaí rúndacht na rannpháirtithe, agus conas a chraobhscaoilfí torthaí an taighde. Mar atá molta ag Lynam et al. (2022), bhí an taighdeoir aireach faoi chúrsaí rúndachta le linn an phróisis taighde ar fad.

 

Anailís ar Thorthaí an Taighde

Tuiscintí ar an gCruthaitheacht

Bhí na taighdeoirí sa togra seo go léir ar aon fhocal maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an gcruthaitheacht, cé go raibh tuiscintí éagsúla acu ar an gcoincheap. Ba léir ó na hagallaimh go raibh léirthuiscint réasúnta leathan acu maidir leis an gcruthaitheacht agus nach raibh siad róghafa le sainmhíniú ‘rian’ nó ‘riocht’. I gcás taighdeora amháin, baineann an chruthaitheacht le ‘fuinneamh éigin’; agus bhí sé thar a bheith tábhachtach di an fuinneamh céanna a choigilt:

Is dóigh liom gur stór fuinneamh nó stór cruthaitheachta atá i gceist, go bhfuil líon áirithe fuinneamh agat in aon lá amháin / go gcaithfidh tú an fuinneamh sin a chosaint / Ní bheadh tú cinnte cen sórt rud a spreagadh tú i dtreo dán nó i dtreo péintéireachta nó rud eicínt eile.

Don taighdeoir céanna, ní éalú ón saol laethúil a bhí sa chruthaitheacht ach slí chun an saol céanna a léiriú nó a chlaochlú ar bhealach eile:

Is dóigh liomsa / B’fhéidir i gcás na healaíona go mbím ag iarraidh éalú ar bhealach, ach i / i gcás na filíochta ní bhím ag iarraidh éalú ach filleadh ar ais ar rudaí b’fhéidir cuimhní a bhí agam / is dócha leis an ealaín tá sé éasca éalú mar ní bhaineann sé le teanga ach leis an bhfilíocht toisc go mbaineann sé le mo darna teanga ní féidir liom an éalú sin a bhaint amach.

Is léir ón sliocht thuas go gceapann an rannpháirtí seo gur gné den saol í an chruthaitheacht  ̶  gur feiniméan laethúil í agus go bhfuil taithí ag gach duine uirthi. Luíonn an léargas seo le hanailís Nixon (2020) agus Cameron (1992) araon – go bhfuil cumas na cruthaitheachta i ngach éinne, más féidir linn am agus spás a dhéanamh dó.

Don té céanna, baineann an chruthaitheacht ní hamháin le fuinneamh ach le ‘splanc’ nó ‘geit’ áirithe – agus tháinig na téamaí sin aníos tríd an taighde ar fad:

Bíonn ana-leisce orm labhairt in aon slí údarásach mar gheall ar an idirdhealú idir an dá rud ach samhlaím an achmhainn chruthaitheach atá le chuile dhuine ná rud éigin a bhaineann le samhlaíocht / le splanc nó geit éigin a tharlaíonn do gach éinne.

Mar thoradh ar an ‘geit’ nó an ‘splanc’ sin, tagann rudaí nua amach. De réir na rannpháirtithe, nuair a bhíonn siad i mbun cruthaitheachta bíonn siad ag iarraidh rud nach ann dó  ̶̶  rud nua nó rud úr – a thabhairt chun beatha. Dúirt triúr acu gur mhothaigh siad an úire seo ar leibhéal fisiciúil. Do thaighdeoir ar leith, mhothaigh sí an fhisiciúlacht seo mar a bheadh tonn chumhachtach ann. Ní raibh sí go hiomlán i gceannas air. Mhaígh taighdeoir eile go raibh an chruthaitheacht nasctha ní le táirge ach le próiseas. Mar a mhínigh sé, ‘ní dán críochnaithe nó snasta gach rud a scríobhaim’. Luíonn tuairim an taighdeora seo le léargas Cohan (2022) a shainmhíníonn an chruthaitheacht mar chleachtas nó mar dhearcadh.

Tagraíonn Cohan don saol acadúil ach go háirithe san anailís seo; agus tá sé suimiúil gur mheas roinnt de na rannpháirtithe go raibh an ollscoil féin i bhfad ródhírithe ar aschuir. Ba cheist í seo a tháinig chun cinn go háirithe sa phlé faoi oideachas dochtúireachta. Luadh in agallamh amháin go bhfuil ‘brú uafásach’ ar an mac léinn agus ar an stiúrthóir gach aon chéim den phróiseas a scrúdú go mion, le go mbeadh ‘torthaí sofheicthe’ ag deireadh gach aon mhí den taighde:

Is dóigh liomsa / gur droch rud amach is amach é sin / braithim gur tréimhse an-ghearr é tréimhse ceithre bliana le go bhféadfadh duine PhD den chéad scoth a scríobh / braithim go mbeadh cúig bliana níos oiriúnaí den gcúram atá i gceist / mar ‘dul ar strae’ is ea cuid mhór den obair atá le déanamh / agus rud an-deacair é sin do mhic léinn den scoth / go bhfuil cleachtadh acu ar mharcanna airde a fháilte / toisc a fheabhas a bhíodar / toisc go rabhadar go maith agus iad á dteagasc.

Tá teannas anseo idir moladh na hollscoile ar chruthaitheacht agus a míchompord le próisis nach bhfuil aschur soiléir insainithe nó intomhaiste acu  ̶  a míchompord, abair, le ‘dul ar strae’ mar atá luaite thuas.

Áitíonn Robinson (2017) go maireann luach oideachasúil na hoibre cruthaithí sa phróiseas seachas sa táirge deiridh. Ach ar an bpointe seo, d’fhéadfaimis smaoineamh ar an ‘aschur foghlama’ mar thróp aithnidiúil san ardoideachas. Tá sé molta ag Biesta (2013: 32; 2017) gur fearr i bhfad fáil réidh leis an tróp seo. Áitíonn Biesta go bhfágann an iomarca béime ar ‘thorthaí’ an tseomra ranga go ndéanaimid dearmad ar na gnéithe daonna den teagmháil oideachasúil. Ní féidir le hoideachas a bheith ina phróiseas intuartha, dar leis, toisc gur próiseas é nach dtarlaíonn idir róbait ach idir daoine. Sa mhéid sin, is cleachtas cruthaitheach é a chuirfidh iontas orainn i gcónaí  ̶  is cuma cé mhéad pleanála atá déanta againn roimh ré. D’aontaigh rannpháirtí eile leis an tuairim sin, agus é ag cur béime faoi leith ar an gcaidreamh idir múinteoir agus mac léinn:

Buaileann geit ó am go chéile mé sa seomra ranga / ritheann rud éigin liom toisc go bhfuilim ag iarraidh rud éigin a mhíniú do mhic léinn / preab de shaghas éigin / rud éigin a bhí leamhráite agam roimh ré agus go tobann tá a fhios agam cad é é / agus conas é a chur in iúl agus conas é a chur i bhfocail / Tá sé tábhachtach go dtuigfí leis gur gné den gcaidreamh idir léachtóir agus mac leinn atá ansan / gur caidreamh cruthaitheach is ea é / Ní rithfeadh na rudaí sin liomsa murach an saghas áirithe éisteachta a fhaigheann tú ó rang.

Dar leis an rannpháirtí céanna, bíonn ‘éisteacht chruthaitheach’ ar siúl sa seomra seimineáir; agus mar gheall air sin, tá sé tábhachtach spásanna oideachais a choinneáil ar oscailt le haghaidh idirphlé agus iontas. Is é seo ceann de na cúiseanna, dar leis, ‘nach maith liom powerpoints, nach maith liom struchtúr docht.’

 

Cleachtais na Cruthaitheachta

Bhain cuid den ábhar is suimiúla a d’eascair as na hagallaimh le nósanna cruthaitheachta laethúla. D’úsáid roinnt de na taighdeoirí leabhair nó aip nótaí le gur féidir leo smaointí (nó focail aisteacha/suimiúila nó blúirí beaga filíochta) a ritheann leo a bhreacadh síos ar an bpointe boise. B’fhearr le cuid acu dul amach ag spaisteoireacht faoin aer. Bhí sé de nós ag cuid eile filleadh ar an léitheoireacht chun inspioráid a fháil  ̶  ‘chun m’intinn a chur ag obair i mbealach nua nó i mbealach difriúil’, mar a mhínigh duine acu. Dealraíonn sé ó na cleachtais seo go léir, áfach, go raibh gné díobh dírithe i gcónaí ar an gcruthaitheacht  ̶  go raibh an chruthaitheacht ina compánach leanúnach ina saol. Rinne roinnt de na rannpháirtithe idirdhealú idir obair chruthaitheach agus obair eagarthóireachta agus admhaíodh go raibh an próiseas beagáinín difriúil leis an dara ceann: go raibh ort, i gcás an phróisis eagarthóireachta, ‘dul ag plé le rudaí ar bhonn chórasach’.

Is léir ó na hagallaimh go léir a thábhachtaí is atá sé am ar leith a aithint d’obair chruthaitheach agus an t-am sin a chosaint go fíochmhar. Caithfidh tú ‘am agus áit a chur ar leataobh’, mar a dúirt duine amháin de na taighdeoirí agus é ag tagairt do chomhairle a fuair sé ó fhile eile:

Ó thaobh na filíochta de, caithfidh tú cead a thabhairt duit féin am agus áit a chur ar leataobh le gur féidir leat slí a chruthú don dán a thiocfaidh nó nach dtiocfaidh b’fhéidir / Deirim go bhfuil leathlá sa tseachtain curtha ar leataobh agam ach is minic nach n-éiríonn liom an spás nó an t-am sin a chosaint / Tá tuairim agam gurb í Rita Ann Higgins an duine is túisce a dúirt liom go gcaithfidh tú am agus áit a chur ar leataobh don bhfilíocht / An rud a bhí i gceist ag Rita is dóigh liom ná go bhfuilimid róghafa leis an nóisean rómánsúil a bhaineann le hinspioráid / le tintreach ag teacht anuas on spéir / go mbuailfidh an splanc tú pé áit a mbeidh tú.

Is é a thagann chun solais anseo ná tábhacht na hoibre laethúla. Cé gur mhaígh duine de na rannpháirtithe go dtagann an inspioráid ‘aniar aduaidh’ uirthi, tugann formhór an taighde le fios gur cleachtas iarrachta laethúla é an chruthaitheacht (Kleiman 2008; Cameron 1992).

I gcás roinnt rannpháirtithe, b’éigean dóibh freastal ar a gcleachtas cruthaitheach san oíche nuair a bhí mothú áirithe síochána agus saoirse acu. Do rannpháirtithe eile, tháinig buaicphointe a gcruthaitheachta go luath ar maidin. Ba mhinic a casadh an rogha seo thart, áfach, de réir mar a chuaigh na taighdeoirí ar aghaidh ina ngairm. Mar a mhínigh rannpháirtí amháin:

Agus nuair a bhíos ag tosnú ag scríobh is dócha gur minicí a tháinig dán chugam déanach san oíche seachas luath ar maidin / is dóigh liom go ndúirt Seamus Heaney sa leabhar Stepping Stones gur fearr leis féin a bheith ag plé le focail go moch ar maidin agus é fós leath ina chodladh / sa cheantar idir eatarthu, idir dúiseacht agus codladh / a tharlaíonn na dánta / agus braithim níos cóngaraí do Heaney ón dtaobh sin de / Is dócha gurb é a tharlaíonn le sin ná / go moch ar maidin ní bhíonn na rialacha tar éis greim a fháilt ar t’aigne go fóill b’fhéidir.

Tá smaointe tábhachtacha maidir le spás ealaíne nó saoirse ealaíne intuigthe sa sliocht seo. Ní chabhraíonn ‘rialacha’ i gcónaí sa mhéid is gur féidir leo cosc a chur ar an nuálaíocht teacht chun tosaigh. Téama lárnach sna hagallaimh ab ea an meon oscailte seo a chaomhnú a oiread agus ab fhéidir. Mhínigh taighdeoir amháin go mbíodh sé de nós aici dul chuig caifé le leabhar nótaí sular thosaigh sí ar a cuid oibre acadúla laethúla:

B’shin mar a dheineas sna blianta luatha sin / théinn amach go caife agus i gcónaí ar maidin mar braithim / a luaithe is a osclaíonn tú na ríomhphoist déan dearmad air / tá deireadh leis an scríbhneoireacht ansin / tá tú i meon eile láithreach bonn.

Ní haon ionadh go n-aithníonn an taighdeoir céanna an tábhacht a bhaineann le tréimhsí sabóideacha agus a leithéid. ‘Ciallaíonn sé sin’, mar a mhíníonn sí,

‘gur féidir liom am a chur ar leataobh agus mé féin a thumadh san obair / bíodh sí acadúil nó cruthaitheach / tá an t-am sin ana-luachmhar / tá luach ana-mhór ag baint le am saor / Aithníonn an Chomhairle Ealaíona é sin nuair a bhronann siad sparántacht ar dhuine / tá siad ag rá ‘tóg é seo agus is féidir leat íoc as feighlí linbh nó pé rud nó b’fhéidir billí a íoc ar feadh tamaill agus nach mbeidh tú buartha faoi bheith ag obair / just an t-am’.

 

Bacainní ar Chruthaitheacht san Ollscoil Chomhaimseartha

Chomhaontaigh na rannpháirtithe sa taighde seo nach dtagann mórán tacaíochta don chruthaitheacht ón ollscoil. ‘Ní dóigh liom go dtugann daoine an oiread sin aitheantas dó’, mar a dúirt rannpháirtí amháin. Bhraith cuid acu go raibh ‘ana-chuid cainte’ faoin gcruthaitheacht  ̶  gur ‘buzzword é’ sa saol acadúil faoi láthair  ̶  ach nach raibh tuiscint cheart ag an institiúid cad go díreach a bhí i gceist leis. Mhaígh taighdeoir amháin an méid seo a leanas:

Ní bhraithim go bhfuil aon mhachnamh domhain déanta ag riarthóirí ollscoile ar cad atá i gceist le seo agus cad iad na himpleachtaí atá ann ó thaobh maoinithe, ó thaobh foirne agus ó thaobh fáis / fiú amháin, le go bhféadfaí a rá go bhfuil samhlaíocht chruthaitheach an duine á chur chun cinn ag an ollscoil.

Is ‘rud tábhachtach ach rud sa bhreis’ í an chruthaitheacht. Mar a mhínigh rannpháirtí amháin: ‘Ní fhéadfainn duine a shamhlú a rá / táimid chun fáil réidh leis an Lá Taighde agus caithfidh gach uile dhuine dán nó scéal a chur i láthair’.

Ina theannta sin, d’aithin na rannpháirtithe roinnt bacainní soiléire atá ar chruthaitheacht in ollscoileanna an lae inniu. Ba í an cheist ba choitianta a luadh ná an easpa spáis agus ama a thugtar don chruthaitheacht, go háirithe mar gheall ar éilimh riaracháin a mhéadú. ‘Tá ró-aird ar riarachán’, arsa agallaí amháin, ‘agus ar thuairisciú agus ar rudaí ciorclacha nach bhfuil dul chun cinn le feiceáil leo’. Níl feidhm ar bith ‘leis na coistí ollscoile seo go léir’, mar a dúirt taighdeoir eile, agus bíonn tionchar mór ag na coistí seo ar an spás a theastaíonn ó lucht acadúil dá gcuid oibre.

Tagann tuiscint na dtaighdeoirí seo leis an scoláireacht,  taighde Cohan (2022) agus Kleiman (2008), mar shampla, a dhearbhaíonn nach bhfuil tuiscint cheart ag bainistíocht na hollscoile ar riachtanais ar leith na n-acadóirí atá gníomhach ó thaobh taighde de. Mhaígh duine de na rannpháirtithe nach raibh ‘aon mhachnamh ceart’ déanta ag an ollscoil maidir leis na himpleachtaí atá leis an gcruthaitheacht a chur i lár slí. ‘Brionglóid na súl oscailte atá i gceist’, mar a dúirt sé, ‘go mb’fhéidir go dtiocfaidh dán / […] agus b’fhéidir nach san ollscoil is fearr an gné sin den duine a chothú ar deireadh’. Is é an rud a thagann chun solais anseo ná amhras áirithe i leith oscailteacht spás na hollscoile. Gan amhras, mar a áitíonn Biesta, tá oscailteacht den chineál sin ríthábhachtach le haghaidh riosca agus triail.

 

Conclúidí

Dhírigh an staidéar seo ar shampla beag agus ar scríbhneoirí cruthaitheacha amháin. Dá bhrí sin, cuirtear an t-alt seo i láthair ní mar anailís chuimsitheach ach mar phointe tosaigh le haghaidh tuilleadh taighde agus machnaimh. D’ainneoin nádúr mionscála an taighde seo, is féidir roinnt conclúidí a bhaint as scéalta na rannpháirtithe. Ina measc siúd, tá an chastacht agus an saibhreas atá ann maidir leis an gcaoi a dtuigeann siad a saothar cruthaitheach. D’ainneoin dúspéis shoiléir na n-acadóirí sa chruthaitheacht, níl sí fréamhaithe sa dioscúrsa laethúil acadúil. Cruthaíonn an bhearna seo teannas idir an coincheap cruthaitheachta ag leibhéal straitéiseach na hinstitiúide agus léirmhíniú na rannpháirtithe ar an gcoincheap cruthaitheachta ina saol acadúil féin. Sa mhéid sin, thug an taighde deis annamh do na rannpháirtithe labhairt go hionraic faoin gcruthaitheacht sa saol acadúil. Mar a dúirt duine de na rannpháirtithe: ‘tá sé an-suimiúil labhairt faoi na nithe seo / Ní raibh an deis agam riamh roimhe’. B’fhéidir go léiríonn sé seo fonn níos leithne atá ann comhráite a bheith againn go léir faoi bhrí an tsaoil sa saol acadúil.

Ceann de na torthaí is suntasaí a tháinig ón taighde ná an bhearna shonrach idir tuiscintí pearsanta agus institiúideacha. Is é sin le rá, bhí na hacadóirí sa taighde seo ag iarraidh a bheith páirteach mar ghníomhairí ina gcruthaitheacht féin seachas mar chuspóirí nó mar sheachadóirí ‘clár oibre cruthaitheachta’. Léiríodh go raibh go leor sceipteachais acu maidir leis an dioscúrsa faoin gcruthaitheacht ag leibhéal institiúideach; bhí an dearcadh ann go raibh an chruthaitheacht san ollscoil nasctha le margaíocht agus brabús. Cheap go leor rannpháirtithe go raibh an ollscoil mar institiúid róghafa le huimhreacha rollaithe mac léinn idirnáisiúnta, nuair is é fírinne an scéil gur fearr i bhfad teagasc agus cleachtas cruthaitheach i ngrúpaí beaga. Luíonn sé seo le taighde Kleiman (2008) agus Gormley (2020), a aithníonn mífhoighne agus frithbheartaíocht i dtaighdeoirí acadúla i dtreo dioscúrsa ollscoile maidir le ‘fás’ agus ‘leathnú’. Tagann sé freisin le hobair Garrett (2021), a aithníonn nasc láidir idir dioscúrsaí na cruthaitheachta agus an chaipitleachais nualiobrálaigh.

Pointe gaolmhar a d’eascair as na hagallaimh ná an gá le cruthaitheacht a tharraingt ar ais ón dioscúrsa nualiobrálach a thugann tosaíocht, mar shampla, ‘d’ullmhacht san ionad oibre’ do mhic léinn a bhfuil céim bainte amach acu. Ar leibhéal pearsanta, os a choinne sin, bhí an cleachtas cruthaitheach an-bhainteach le claochlú pearsanta agus comhlíonadh gairmiúil. I gcás go leor de na rannpháirtithe taighde, b’ionann an chruthaitheacht agus éalú ó shrianta agus frustrachas an tsaoil acadúil. Breathnaíodh ar an gcruthaitheacht mar ghníomh radacach: bealach chun a bheith níos láithrí sa saol agus san obair, agus bealach chun a bheith le chéile.

Bhí tuairimí éagsúla ag na rannpháirtithe faoi bhrí an téarma ‘cruthaitheacht’, ach bhí siad ar fad ar aon fhocal maidir lena tábhacht. D’aithin na rannpháirtithe ar fad ról na cruthaitheachta i spreagadh na mac léinn, chomh maith le ról na cruthaitheachta i bhforbairt an phobail. Bhí siad den tuairim go bhfuil an t-údarás ag an bhfoireann teagaisc ‘rudaí fiúntacha’ a chur os comhair na mac léinn agus go raibh sé de dhualgas orthu mar theagascóirí na deiseanna a bhí acusan a thabhairt don ghlúin nua.

Luadh ‘easpa pobail ghairmiúil’ go minic freisin, agus aithníodh uaigneas an tsaoil chruthaithigh. Moladh gur cheart go mbeadh ról níos láidre ag an ollscoil i gcruthú a leithéid de phobal – trí sparánachtaí agus deiseanna scríbhneoirí cónaithe a chur ar fáil, ar a laghad. Tá an taighde go hiomlán soiléir go bhfuil mothú pobail lárnach ní hamháin d’eispéireas na mac léinn (Pedler et al., 2022) ach sa saol acadúil i gcoitinne (Frick agus Brodin 2019; Berg agus Seeber 2016; Kleiman 2008). Cé go bhfuil ollscoileanna ag éirí níos fearr ag aithint an tábhacht a bhaineann le muintearas ar an gcampas, tá bóthar fada amach romhainn fós (O’Brien 2022).

Ar nóta níos dearfaí, ritheann téamaí an chomhlíonta agus na saoirse go láidir tríd an mbealach a dhéanann an lucht acadúil an chruthaitheacht a choincheapú. D’aithin go leor díobh an spás speisialta a thugann an ollscoil d’acadóirí chun a bheith cruthaitheach. Luadh saoire shabóideach, uaireanta oibre solúbtha, agus an tsaoirse chun taighde a dhéanamh ar ábhair áirithe saineolais agus spéise. Luadh freisin na hathruithe ar nósanna oibre a tháinig as an bpaindéim. Go ginearálta, tugadh faoi deara go raibh tionchar an-dearfach acu. Luíonn sé seo le léargas ó Cohan (2022) agus Carrigan et al. (2023) a aithníonn an phaindéim mar dheis d’acadóirí a gcruthaitheacht a athaimsiú.

D’athraigh an phaindéim an chaoi a ndéanann daoine obair agus áit a choincheapú, mar a áitíonn Cohan (2022), agus dá bhrí sin is féidir machnamh cruthaitheach a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirimid ár gcuid ama ar fáil  ̶  go háirithe maidir le tascanna ar nós cruinnithe agus uaireanta oifige. D’fhéadfadh sé a bheith indéanta iad a dhéanamh taobh amuigh in aer úr agus solas na gréine, nó seisiún siúil agus cainte a dhéanamh le comhghleacaí nó mac léinn ar an gcampas. ‘The spirit of these ideas is not to amplify multitasking’, mar a scríobhann Cohan, ‘but rather to consider ways we might be able to give back to ourselves while we are supporting others’ success and growth. The point then becomes not about adding more but about how we negotiate our time and workload in ways that prioritize creative spaciousness’ (Cohan 2022).

Trí athchuairt a dhéanamh arís agus arís eile ar shonraí an agallaimh, d’éirigh na naisc idir obair chruthaitheach agus obair acadúil an-soiléir. Bhí na rannpháirtithe ar aon fhocal gur rud cruthaitheach é an taighde: bíodh nach bhfuil scríobh an ailt irise díreach mar an gcéanna le ficsean a scríobh nó ceol a chumadh, tá cruthaitheacht i gceist go cinnte gach uair ‘a chuireann tú peann le páipéar’. Tá sé seo fíor go háirithe do thaighdeoirí atá ag obair sna hEalaíona agus sna Daonnachtaí a bhfuil neamhspleáchas ar leith acu.

Agus iad ag tagairt freisin don neamhspleáchas sin, d’áitigh roinnt de na rannpháirtithe nach bhfuil aon chinnteacht go n-éireoidh leat dán a scríobh sa chaoi chéanna nach bhfuil aon chinnteacht go n-éireoidh leat alt a chríochnú nó céim ollscoile a bhaint amach. Cruthaíonn an éiginnteacht seo strus agus imní. Ach ag an am ceannann céanna, aithnítear é mar ghné thábhachtach d’aon phróiseas intleachtúil. I ndeireadh báire, léiríonn an t-aitheantas seo lárnacht na cruthaitheachta sa saol acadúil. Is próiseas oscailte agus baolach i gcónaí é agus, sa tslí iontach speisialta seo, téann an chruthaitheacht go smior an oideachais. Is ‘léim sa dorchacht’ iad an dá phróiseas, mar a mhínigh taighdeoir amháin. Ach is fiú go mór an léim chéanna:

Gan fhios a bheith agam dáiríre roimh ré cad atá le teacht / léim sa doircheacht is ea é / is dóigh gurb é W.H. Auden a dúirt ‘I can’t tell you what I think until I read what I’m going to write’ / / Tá sé deisbhéalach agus beagáinín glic ach is dóigh liom go bhfuil sé ag teacht ar fad leis an rud a bhraithimse, agus mé ag scríobh agus ag teagasc gach lá.

 

Saothair a Ceadaíodh

Ball, S. (2012) ‘Performativity, commodification and commitment: An I-spy guide to the neoliberal university’. In: British Journal of Educational Studies 60 (1): 17–28.

Barnett, R. (2007) A Will to Learn: Being a Student in an Age of Uncertainty. Maidenhead: Society for Research into Higher Education and Open University Press.

Berg, M. agus Seeber, B. (2016) The Slow Professor: Challenging the Culture of Speed in the Academy. Toronto: University of Toronto Press.

Biesta, G. (2013) The Beautiful Risk of Education. New York: Routledge.

Biesta, G. (2017) The Rediscovery of Teaching. New York: Routledge.

Biesta, G. (2020) Educational Research: An Unorthodox Introduction. New York: Bloomsbury.

Binkley, M., Erstad, O., Herman, J., Raizen, S., Ripley, M., Ricci, M., agus Rumble, M. (2012) ‘Defining twenty-first century skills’. In: E. Care, P. Griffin agus M. Wilson (eag.), Assessment and Teaching of 21st Century Skills: 1766. Singapore: Springer.

Brett, N. (2018) ‘Future graduates will need creativity and empathy – not just technical skills’. In: The Guardian. 20 Nollaig. Ar fáil ag: https://www.theguardian.com/education/2018/dec/20/future-graduates-will-need-creativity-and-empathy-not-just-technical-skills [faighte 15 Lúnasa 2025].

Cameron, J. (1992) The Artist’s Way: A Spiritual Path to Higher Creativity. New York: Jeremy Tarcher.

Cantor, A., DeLauer, V., Martin, D. agus Rogan, J. (2015) ‘Training Interdisciplinary “Wicked Problem” Solvers: Applying Lessons from HERO in Community-Based Research Experiences for Undergraduates’. In: Journal of Geography in Higher Education 39 (3): 407–419.

Carrigan, M., Moscovitz, H., Martini, M. agus Robertson, S.L. (eag.) (2023) Building the Post-Pandemic University: Imagining, Contesting, and Materializing Higher Education Futures. London: Edward Elgar Publishing.

Cohan, D. (2022) ‘Forging a Creative Life as an Academic.’ Inside Higher Ed. 22 Meán Fómhair. Ar fáil ag: https://www.insidehighered.com/advice/2022/09/23/how-and-why-cultivate-your-creativity-academe-opinion [faighte 15 Lúnasa 2025].

Cohen, L., Manion, L. agus Morrison, K. (2017) Research Methods in Education. London: Routledge.

Cowan, J. (2006) ‘How should I assess creativity?’. In: N. Jackson, M. Oliver, M. Shaw, agus J. Wisdon (eag.), Developing Creativity in Higher Education: An Imaginative Curriculum. London: Routledge.

Egan, A., Maguire, R., Christophers, L., agus Rooney, B. (2017) ‘Developing creativity in higher education for 21st century learners: A protocol for a scoping review’. In: International Journal of Educational Research 82 (2): 21–27.

Evans, E., Jirout, J. agus Hirsh-Pasek, K. (2023) ‘What ChatGPT can’t do: Educating for curiosity and creativity’. In: Brookings. 22 Lúnasa. Ar fáil ag: What ChatGPT can’t do: Educating for curiosity and creativity | Brookings [faighte 15 Lúnasa 2025].

Fahie, D. agus Bergin, S.D. (eag.) (2022) Doing Research in Education: A Beginner’s Guide. Dublin: UCD Press.

Frick, B.L. agus Brodin, E.M. (2019) ‘A return to Wonderland: exploring the links between academic identity development and creativity during doctoral education’. In: Innovations in Education and Teaching International 57 (2): 209–219.

Garrett, P. M. 2021. ‘Getting “creative” under capitalism: An analysis of creativity as a dominant keyword’. In: The Sociological Review 69 (1): 21–26.

Gilmartin, M. (1999) ‘Creativity: The Fuel of Innovation’. In: Nursing Administration Quarterly 23 (2): 1–8.

Gormley, K. (2020) ‘Neoliberalism and the discursive construction of “creativity”’. In: Critical Studies in Education 61 (3): 313–328.

Guilford, J. P. (1950) ‘Creativity’. In: American Psychologist 5: 444–454.

Guilford, J. P. (1986). Creative Talents: Their Nature, Uses, and Development. Buffalo, NY: Bearly Limited.

Kleiman, P. (2008) ‘Towards transformation: Conceptions of creativity in higher education’. In: Innovations in Education and Teaching International 45 (3): 209–217.

Jackson, N. (2002) A Guide for Busy Academics: Nurturing Creativity. York, UK: LTSN Generic Centre.

Jackson, N., agus Sinclair, C. (2006) ‘Developing students’ creativity: Searching for an appropriate pedagogy’. In: N. Jackson, M. Oliver, M. Shaw agus J. Wisdon (eag.), Developing Creativity in Higher Education: An Imaginative Curriculum. London: Routledge: 118–141.

Leavy, A. (2022) ‘Ethical Research: The Foundation of Good Practice’. In: Fahie, D. agus Bergin, S.D. (eag.), Doing Research in Education: A Beginner’s Guide. Dublin: UCD Press: 13–29.

Lynam, A.M., McGuckin, C. agus Kelly, M. (2022) ‘Using Qualitative Research Methods in Education Research’. In: Fahie, D. agus Bergin, S.D. (eag.), Doing Research in Education: A Beginner’s Guide. Dublin: UCD Press: 64–81.

Macfarlane, B. (2019) ‘The Neoliberal Academic: Illustrating Shifting Academic Norms in an Age of Hyper-performativity’. In: Educational Philosophy and Theory 53 (5): 459–468.

Manathunga, C. 2017. ‘Excavating the role and purpose of university education in the postmodern age: historical insights from the South’. In: Policy Reviews in Higher Education 1 (1): 69–90.

Menter, I., Elliot, D., Hulme, M., Lewin, J. agus Lowden, K. (2011) A Guide to Practitioner Research in Education. London: Sage.

Mercier M., Vinchon F., Pichot N., Bonetto E., Bonnardel N., Girandola F. agus Lubart T. (2021) ‘COVID-19:A Boon or a Bane for Creativity?’. In: Frontiers in Psychology 11: 601150

Murray, C. agus Mac Uidhilin, N. (2022) ‘Taighde trí Ghaeilge (Doing Your Research Through Irish)’. In: Fahie, D. agus Bergin, S.D., (eag.) Doing Research in Education: A Beginner’s Guide. Dublin: UCD Press: 144–163.

Nixon, N. (2020)  The Creativity Leap: Unleash Curiosity, Improvisation, and Intuition at Work. Oakland, CA: Berrett Koehler Publishers.

O’Brien, C. (2022) ‘Isolated, Disconnected, and Lonely: Student dropout rates climb as many struggle to readjust to post-Covid life’. In: Irish Times, 28 Bealtaine. ‘Isolated, disconnected and lonely’: Student dropout rates climb as many struggle to readjust to post-Covid college life – The Irish Times [faighte 15 Lúnasa 2025].

Organisation for Economic Co-operation and Development (OECD). 2018. The Future of Education and Skills: Education 2030. Ar fáil ag: https://www.oecd.org/education/2030/E2030%20Position%20Paper%20(05.04.2018).pdf [faighte 15 Lúnasa 2025].

Pedler, M.L., Willis, R. agus Nieuwoudt, J.E. (2022) ‘A sense of belonging at university: student retention, motivation and enjoyment’. In: Journal of Further and Higher Education 46 (3): 397–408.

Rittel, H. W. J., agus Webber, M. M. (1973). ‘Dilemmas in a general theory of planning’. In: Policy Sciences 4 (2): 155–169.

Reidy, T. (2021) ‘‘Arts graduates are flexible’: why humanities degrees are making a comeback’. The Guardian. 16 Feabhra. ‘Arts graduates are flexible’: why humanities degrees… (inkl.com) [faighte 15 Lúnasa 2025].

Robinson, K. (2002) ‘Do schools kill creativity?’ Ar fáil ag: Sir Ken Robinson: Do schools kill creativity? | TED Talk [faighte 15 Lúnasa 2025].

Robinson, K. (2017) Out of Our Minds: The Power of Being Creative. Eagrán 3. Chichester, West Sussex, U.K.: Capstone.

Smyth, J. (2017) The Toxic university: Zombie leadership, academic rock stars and neoliberal ideology. London: Palgrave Macmillan.

Susskind, R. (2025) How to Think About AI: A Guide for the Perplexed. Oxford: Oxford University Press.

University College Dublin (2019). ‘Shaping the Future: UCD Strategy for Research, Innovation, and Impact’. Ar fáil ag: Shaping_the_Future_Strategy.pdf (ucd.ie) [faighte15 Lúnasa 2025].

University College Dublin (2024). ‘Breaking Boundaries: UCD Strategy to 2030’. Ar fáil ag: https://www.ucd.ie/strategy/t4media/UCD%20Strategy%20to%202030.pdf [faighte 9 Meán Fómhair 2025].

World Economic Forum (2023). Future of Jobs Report. Ar fáil ag: WEF_Future_of_Jobs_2023.pdf (weforum.org) [faighte 15 Lúnasa 2025].

Wright, S., agus Shore, C. (2017) Death of the public university? Uncertain futures for higher education in the knowledge economy. Oxford: Berghahn Books.

Zizar, A. (2021) ‘Can artificial intelligence’s limitations drive innovative work behaviour?’ In: Review of Managerial Science 17: 2005–2034.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
An Chruthaitheacht, Dioscúrsaí Ollscoile, Léann Criticiúil na hOllscoile, Fealsúnacht an Oideachais

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Achoimre

Is léir ón taighde, ón mbeartas, agus ón dioscúrsa tríú leibhéal go bhfuil an chruthaitheacht ina tosaíocht lárnach in ollscoileanna an lae inniu. Go hidirnáisiúnta, tarraingítear níos mó agus níos mó ar choincheap na cruthaitheachta ag leibhéal straitéiseach in ollscoileanna, áit a bhfuil an chruthaitheacht nasctha go dlúth le nuálaíocht fiontraíochta. Tá tuiscint dhomhain ar an gcoincheap seo fós in easnamh, áfach, go háirithe maidir leis an gcaoi a dtéann acadóirí aonair i dtaithí uirthi.

Rinneadh iniúchadh sa taighde seo ar an gcaoi a bhféadfadh teagascóirí agus taighdeoirí saol cruthaitheach a chothú. Ghlac cúigear taighdeoirí acadúla, a bhfuil gradaim náisiúnta bainte amach acu as a gcuid oibre cruthaithí, páirt sa taighde. Is i ranna na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn atá siad go léir lonnaithe. Úsáideadh an pharaidím thógachaíoch mar fhráma teoiriciúil, agus baineadh feidhm as agallaimh leath-struchtúrtha chun cleachtais na rannpháirtithe a phlé. Léirítear go bhfuil tuiscint shaibhir chasta ag teagascóirí agus taighdeoirí ollscoile maidir leis an gcaoi a dtuigeann siad a saothar cruthaitheach. Ar leibhéal aonair, is léir go bhfuil an cleachtas cruthaitheach nasctha go dlúth le claochlú pearsanta agus comhlíonadh gairmiúil; is ionann an chruthaitheacht agus éalú ó shrianta agus frustrachas an tsaoil acadúil. Breathnaítear ar an gcruthaitheacht sa mhéid sin mar ghníomh radacach: mar bhealach iontach speisialta chun a bheith níos láithrí agus níos oscailte, sa saol agus san obair araon.

Údar:
Áine Mahon

Teagmháil:

aine.mahon@ucd.ie

Beathaisnéis:

Is Ollamh Comhlach í an Dr Áine Mahon i Scoil an Oideachais, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sí M.A. sa Ghaeilge amach sa bhliain 2024. Tá spéis ar leith aici i bhFealsúnacht an Oideachais agus i Léann Criticiúil na hOllscoile.

Scaip an t-alt seo: