Dea-chuimhní ar Fhoghlaim na Gaeilge: Léargais ó Dhaoine a Bhain Ardchumas Amach sa Teanga

Claire M. Dunne & Sylvaine Ní Aogáin

Réamhrá

I Léann na gCuimhní, taispeántar go bhfanann cuimhní mothúchánacha corraitheacha linn ar bhealach níos treise ná cuimhní ar eachtraí neafaiseacha laethúla (Bisaz, Travaglia agus Alberini 2014). Chomh maith leis sin, tá fianaise ann ón taighde néareolaíochta go mbíonn an chuimhne dhiúltach níos treise san inchinn ná an chuimhne dhearfach ná neodrach (Gaffney 2011). Chomh fada agus a bhaineann sé le cuimhní ar fhoghlaim na Gaeilge, tá plé cuimsitheach déanta sna staidéir náisiúnta ar na dúshláin a thagann i dtreo foghlaimeoirí agus iad ag foghlaim Gaeilge (An Roinn Oideachais 2022An Roinn Oideachais agus Scileanna 2013, 2018; Harris et al. 2006) agus ar an taithí mhíthaitneamhach a thuairiscíonn foghlaimeoirí, go háirithe i scoileanna lán-Bhéarla (Kiely et al. 2022; Martinez Sainz et al. 2023; McCoy, Quail agus Smyth 2012). Ní i gcónaí a bhaineann cuimhní diúltacha le dearcadh diúltach i leith na Gaeilge i gcoitinne, ach baineann na cuimhní le gnéithe den taithí foghlama, mar a léiríodh i staidéir an Committee on Irish Language Attitudes Research (CILAR) (1975) agus Ó Riagáin agus Ó Gliasáin (1984; 1994). Léiríonn an anailís stairiúil ar churaclaim na Gaeilge sa scoil go bhfuil roinnt de na cuimhní cultúrtha diúltacha maidir le foghlaim na Gaeilge, cuimhní a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin, easnamhach nó míchruinn (De Barra 2019).

Ceann de na spriocanna atá ag an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge (20102030) ná aitheantas a thabhairt don dea-chleachtas agus don taithí dhearfach a bhíonn ag foghlaimeoirí Gaeilge sa seomra ranga (15). Cé is moite den chur síos ar thaithí dhearfach maidir leis an nGaeilge a fhoghlaim ar scoil atá ar fáil i gcuimhní cinn roinnt scríbhneoirí, go háirithe i scoileanna Gaeltachta (féach an cnuasach Aois na hÓige: Díolaim Próis curtha in eagar ag Ní Dhonnchadha agus Nic Eoin, mar shampla), agus an staidéar ar mudes na Gaeilge, nó na buaicphointí foghlama a bhíonn ag foghlaimeoirí (Walsh agus O’Rourke 2015), is beag sonra eimpíreach atá ar fáil maidir leis na cuimhní dearfacha atá ag an bpobal i leith fhoghlaim na Gaeilge, go háirithe daoine a bhain ardchumas amach sa teanga, nó a dhéanann cinneadh í a úsáid ina saol gairmiúil. Mar gheall ar a chumhachtaí is a bhíonn cuimhní diúltacha (Gaffney 2011), chomh maith leis an mbéim ar na cuimhní diúltacha a thuairiscítear maidir le foghlaim na Gaeilge, tá gá le smaoineamh ar ghnéithe dearfacha d’fhoghlaim na Gaeilge ar bhonn comhfhiosach. Cabhróidh an t-aitheantas do chuimhní dearfacha in éineacht le cuimhní diúltacha le plé níos meáite a dhéanamh ar thaithí an fhoghlaimeora óig. Mar gheall ar a thábhachtaí is atá an córas oideachais i gcur chun cinn na Gaeilge, tá sé riachtanach guth na bhfoghlaimeoirí a chur san áireamh in aon phlé ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge. Tá sé tábhachtach tús áite a thabhairt do na heispéiris a chuireann le taithí dhearfach foghlama, dar leo. D’fhéadfadh na heispéiris  dhearfacha seo tacú le foghlaimeoirí eile ardchumas a bhaint amach sa teanga, dearcthaí dearfacha a chothú go leanúnach i measc foghlaimeoirí, agus feabhas a chur ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge.

Cuimhní agus taithí reatha ar fhoghlaim na Gaeilge

Is próiseas athfhillteach é an phleanáil teanga, is é sin go mbímid de shíor ag caitheamh súil siar agus sinn ag dul chun cinn. Ach féachaint ar chuimhní, mar aon le heispéiris reatha ar fhoghlaim na Gaeilge, is féidir gnéithe dearfacha den taithí foghlama a aithint.

Tá roinnt staidéir náisiúnta déanta ar dhearcthaí i leith na Gaeilge (CILAR 1975; Conradh na Gaeilge 2018; Darmody agus Daly 2015; Mac Gréil agus Rhatigan 2009; Ó Riagáin agus Ó Gliasáin 1984; 1994). Cuireadh ceist in go leor de na staidéir thuasluaite faoi dhearcthaí i leith Gaeilge a fhoghlaim. Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, glacadh leis go raibh an gnáthphobal fásta ag tarraingt ar a gcuimhní féin mar fhoghlaimeoirí. Seachas na tuairimí a nochtadh sna staidéir sin, is beag staidéar cuimsitheach atá déanta ar thaithí foghlaimeoirí óga san am atá thart (Dunne 2020).

Sa chéad staidéar náisiúnta ar dhearcthaí i leith na Gaeilge (CILAR 1975), ba léir go raibh taithí dhiúltach á ceangal ag daoine le foghlaim na Gaeilge. Sa staidéar seo, d’aontaigh 46% den sampla náisiúnta sa staidéar go raibh an iomarca pionóis ag baint leis an nGaeilge ar scoil (CILAR 1975: 30). Sna luathstaidéir a rinne CILAR, agus Ó Riagáin agus Ó Gliasáin sna blianta 1983 agus 1993 thar ceann Institiúid Teangeolaíochta Éireann, iarradh ar rannpháirthe ráitis faoi ról na Gaeilge sa chóras oideachais a léamh agus ansin bhí orthu a chur in iúl cé chomh mór is a d’aontaigh nó  d’easaontaigh siad leis na ráitis. Toisc go raibh roinnt de na ráitis chéanna in úsáid i dtaighde eile ina dhiaidh sin, is féidir féachaint ar aon leanúnachas a bhí ann nó aon athruithe a tharla i ndearcthaí an phobail idir 1973 (staidéar CILAR a foilsíodh i 1975),  1983 agus 1993 (dhá staidéar a d’fhoilsigh Ó Gliasáin agus Ó Riagáin thar ceann Institiúid Teangeolaíochta Éireann i 1984 agus 1994). Féachtar thíos ar na céatadáin a d’aontaigh le ráitis ionadaíocha ón scála seo a leanas: Dearcadh maidir leis an nGaeilge agus scoileanna. Dírítear ar fhreagraí ón sampla náisiúnta (seachas na tuairimí a nocht muintir na Gaeltachta), mar a léirítear iad i staidéar Uí Riagáin agus Uí Ghliasáin (1994: 24).

Tábla 1

Torthaí Taighde ó Staidéir Éagsúla maidir le Dearcthaí i leith fhoghlaim na Gaeilge

Ráiteas sa Cheistneoir 1973 1983 1993
Is annamh a fhoghlaimíonn páistí dóthain Gaeilge le hí a úsáid tar éis dóibh an scoil a fhágáil. 77%

 

66%

 

72%
Dá múinfí an Ghaeilge ar bhealach níos fearr, labhródh níos mó daoine í. 68% 69%

 

71%
Níl formhór páistí sásta go bhfuil orthu Gaeilge a fhoghlaim. 66% 51%

 

59%

 

Léiríonn an sampla de mhíreanna ionadaíocha thuas an taithí dhiúltach a cheangail go leor rannpháirtithe le foghlaim na Gaeilge. Cé go mbaineann na cuimhní seo le foghlaimeoirí a bhí ar scoil san am atá thart, is féidir na cuimhní cultúrtha seo a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile agus tionchar indíreach a imirt ar thaithí foghlama páistí an lae inniu (Dunne 2020). Bíodh sin mar atá, bhí formhór an tsampla náisiúnta i bhfabhar scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil áit ar bith a raibh éileamh orthu (1973 70%; 1983 67%; 1993 70%). Dúirt formhór na ngrúpaí (1973 67%; 1983 78%; 1993 76%) go mbeadh an-díomá nó díomá orthu dá stopfadh formhór na bpáistí ag foghlaim Gaeilge ar scoil.

I staidéir a rinneadh le déanaí, Darmody agus Daly (2015) agus staidéir de chuid Chonradh na Gaeilge (2018), mar shampla, is díol spéise go bhfuil roinnt de na treochtaí céanna le sonrú. Cuireadh ceist ar dhaoine an raibh siad ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nuair a bhí siad ina ndaltaí scoile i dtaighde Darmody agus Daly agus d’aontaigh beagán os cionn leath an ghrúpa go raibh (2015: 74). I measc na gcúiseanna éagsúla a luadh leis an nGaeilge a fhoghlaim, bhí béim ar dhul chun cinn a dhéanamh i scrúduithe agus deiseanna fostaíochta. Nuair a léirigh duine spéis an Ghaeilge a fhoghlaim ar mhaithe léi féin, bhí seans níos mó, áfach, go labhróidís Gaeilge go rialta. Tá cnuasach taighde déanta go dtí seo ar an taithí chomhaimseartha a bhíonn ag daltaí ar fhoghlaim na Gaeilge trí thuairiscí an Phríomhchigire (An Roinn Oideachais agus Scileanna 2013; 2018; An Roinn Oideachais 2022), tríd an gceist ‘An maith leat an Ghaeilge?’ sa staidéar fadtréimhseach Growing Up in Ireland (Devitt et al. 2018), i dtuairiscí a ghabhann le Children’s School Lives (mar shampla, Martinez Sainz et al. 2023), anuas ar thaighde áirithe a bhaineann le foghlaimeoirí óga sa bhunscoil (Harris et al. 2006; Nic Fhionnlaoich 2022) agus sa mheánscoil (Murtagh 2007). Is léir ó na cosúlachtaí idir na cuimhní a thuairiscigh an pobal fásta, agus an taithí reatha a thuairiscíonn foghlaimeoirí scoile, go bhfuil roinnt patrúin leanúnacha ann. Ar na patrúin sin, tá na tosca a chuireann le taithí dhiúltach i leith fhoghlaim na Gaeilge (mar shampla, cur chuige róthraidisiúnta teagaisc agus easpa deiseanna an Ghaeilge a úsáid go cruthaitheach nó ar bhealach spraíúil, nó mar chuid d’obair bheirte nó obair ghrúpa). Taispeántar go bhfuil dearcadh níos diúltaí ag páistí i leith fhoghlaim na Gaeilge i gcomparáid leis an matamaitic agus leis an mBéarla (Smyth 2017: 14). I staidéar Martinez Sainz et al. (2023: 5), ainmnítear an Ghaeilge agus an mhatamaitic ar na hábhair ba dheacra le linn thréimhse na cianfhoghlama nuair bhí scoileanna dúnta de bharr COVID-19 agus nuair bhí páistí ag glacadh páirt i ranganna ar líne.

Tosca a imríonn tionchar ar an taithí foghlama

Tá suáilcí áirithe ag baint leis an anailís chomhghaolmhaireachta, is é sin anailís a léiríonn an gaol atá idir dhá thoisc, sna staidéir chainníochtúla thuasluaite (mar shampla, CILAR 1975; Ó Riagáin agus Ó Gliasáin 1994). Ligeann an cineál sin anailíse don taighdeoir teacht ar an mbaint idir tosca beathaisnéiseacha, mar shampla, cúlra teanga an duine agus cuimhní nó dearcthaí dearfacha maidir le Gaeilge a fhoghlaim. Is féidir cur síos a dhéanamh ar dhearcadh an duine ag brath, mar shampla, ar an áit inar rugadh iad (laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht), agus an Ghaeilge a bheith á labhairt sa teaghlach nó a mhalairt. Sa staidéar fadtréimhseach Growing Up In Ireland (2012), scartar na grúpaí san anailís de réir theanga na scoile chun an tionchar atá ag an gcomhthéacs teangeolaíoch a iniúchadh. Ní haon ionadh go léirítear go leanúnach go bhfuil cumas níos fearr sa Ghaeilge, agus dearcadh níos dearfaí i leith fhoghlaim na Gaeilge, ag páistí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta (Harris et al. 2006; Murtagh 2007). Dá mhéad teagmhála a bhíonn ag an bhfoghlaimeoir leis an teanga is ea is dearfaí an dearcadh atá acu i leith fhoghlaim na Gaeilge (Kiely et al. 2022).

Lasmuigh de thosca beathaisnéiseacha, teanga na scoile, agus teagmháil leis an teanga, bíonn tionchar dearfach ag áiseanna éifeachtacha agus rannpháirtíocht páistí sa cheacht Gaeilge ar an taithí foghlama. Rinneadh taighde ar éifeacht an tionscadail ar ar tugadh An Bosca Leabharlainne, tionscadal Laureate na nÓg inar bronnadh cnuasach de 25 leabhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar thart ar 1800 scoil sa bhliain 2022. Sonraíodh go raibh tionchar an-dearfach ar nósanna léitheoireachta páistí i nGaeilge ina dhiaidh, go háirithe i scoileanna lán-Bhéarla (O’Kane Boal 2023). Ina theannta sin, tuairiscíodh nuair a bhíonn rogha ag páistí maidir leis an gcineál obair bhaile a dhéanann siad sa Ghaeilge, go léiríonn siad dearcadh dearfach ina leith (Kiely et al. 2021). Tá sé seo ag teacht le torthaí taighde eile a léiríonn go n-imríonn roinnt tosca eile, amhail méid na scoile mar aon le líon na leabhar Gaeilge, tionchar ar dhearcthaí páistí i leith fhoghlaim na Gaeilge (Harris et al. 2006).

Ach tá tosca eile fós, lasmuigh den Ghaeilge féin, a imríonn tionchar ar an gcaidreamh atá ag daoine óga leis an nGaeilge agus iad beagán níos sine. Má bhí dearcadh diúltach ag an bpáiste maidir leis an scoil i gcoitinne agus iad sa bhunscoil, ba mhó seans go gceapfaidís go raibh an Ghaeilge deacair agus gan a bheith suimiúil agus iad sa mheánscoil (Smyth 2017: 52). Tugtar le fios má tá deacrachtaí ag páistí ag aois 9 le léitheoireacht an Bhéarla, is tuar é sin ar dheacrachtaí leis an nGaeilge níos deireanaí (Smyth 2017: 52). Ach, ar an téad chéanna, do na páistí atá an-chumasach i léamh an Bhéarla, is mó seans go gceapfaidh siad go bhfuil an Ghaeilge suimiúil (Smyth 2017: 52). Léiríonn sé seo an traschur scileanna litearthachta agus an gá le bunús maith litearthachta agus fonn léitheoireachta, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, a chothú go luath i saol an pháiste.

Modheolaíocht an taighde

Is iad bunchlocha fealsúnacha na paraidíme tógachaíche a chuireann eolas agus treoir ar fáil don taighde atá faoi chaibidil anseo chun an mhórcheist seo a leanas a fhiosrú: Cad iad na dea-chuimhní atá ag daoine a bhain ardchumas amach sa teanga maidir le foghlaim na Gaeilge?

Dearadh ceistneoir chun sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla a bhailiú ar mhaithe leis an gceist taighde a chíoradh (Aguisín 1). Bhí ceithre mhír san iomlán le freagairt sa cheistneoir agus níor ghlac sé ach 8–10 nóiméad. Cruthaíodh ceistneoir in Microsoft Forms agus cuireadh ar fáil go dátheangach é, i mBéarla agus i nGaeilge. Cinneadh ar cheist fhollasach oscailte a chur maidir leis an gcuimhne is fearr a bhí ag na rannpháirtithe ar fhoghlaim na Gaeilge, chun deis a thabhairt do na rannpháirtithe cur síos saibhir a dhéanamh ar na cúiseanna a ndeachaigh an taithí áirithe sin i bhfeidhm orthu. Bhí sé mar aidhm ag an gceist fhollasach oscailte sin aird na rannpháirtithe a dhíriú ar ghnéithe dearfacha d’fhoghlaim na Gaeilge agus sonraí cáilíochtúla a bhailiú uathu. Bronnadh cead eitice ar an taighde seo ó choistí eitice in institiúidí na dtaighdeoirí, agus cloíodh go docht leis na treoracha eitice ó thús go deireadh an taighde.

I staidéar Chonradh na Gaeilge (2018) úsáideadh sampláil bhreithiúnais chun tuairimí daoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge a fháil. Baineadh úsáid as an tsampláil bhreithiúnais i dtaighde eile bunaithe ar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge freisin (Ní Chlochasaigh 2016; Ní Longaigh 2016), agus i dtaighde Nic Fhlannchadha agus Hickey (2018) chun cainteoirí le hardchumas sa Ghaeilge a earcú don taighde. Cé gur sampláil bheag a bhíonn i gceist leis an gcur chuige seo, agus nach bhfuil sé ionadaíoch ar an daonra ginearálta, lean an staidéar seo an cur chuige céanna chun díriú ar dhearcadh daoine a bhain ardchumas sa Ghaeilge amach agus / nó a úsáideann í ina saol gairmiúil, mar shampla, múinteoirí, daoine a oibríonn i saol na Gaeilge nó a thug faoi staidéar breise sa Ghaeilge. Is d’aon ghnó a roghnaíodh an phróifíl seo le go bhféadfaí teacht ar shamplaí de chuimhní a spreag an duine leanúint leis an nGaeilge. Scaipeadh an ceistneoir go príomha i bPoblacht na hÉireann. Mar sin táthar ag súil leis go mbaineann na freagraí faoi scoileanna meán-Bhéarla agus scoileanna meán-Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann seachas Tuaisceart Éireann. D’fhreagair 88 duine an ceistneoir agus bhí rogha acu an ceistneoir a fhreagairt as Gaeilge nó as Béarla. Tá leagan Gaeilge curtha ar fáil thíos d’aon fhreagra a scríobhadh as Béarla. Níl athrú déanta ar an litriú i mbunleagan an fhreagra chun tuairimí na rannpháirtithe a chur in iúl go cruinn.

 

Anailís ar shonraí taighde

Baineadh úsáid as na sé chéim atá molta ag Braun agus Clarke (2006) chun anailís théamach a dhéanamh ar fhreagraí an cheistneora  Tháinig deich gcinn de na dea-chuimhní ó shuíomh scoil Ghaeltachta, 26 ó scoil lán-Ghaeilge, 44 ó scoil lán-Bhéarla agus tháinig ocht gcinn ó shuíomh neamhfhoirmiúil (mar shampla, Coláistí Samhraidh) (Fíor 1).

Fíor 1

Freagraí Rannpháirtithe maidir le Comhthéacs na nDea-Chuimhní

 

Léirigh na torthaí gur eascair 56 de na freagraí ó dhea-chuimhní a bhí ag na rannpháirtithe ó fhoghlaim na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile, 24 ó leibhéal na meánscoile, 4 ón tríú leibhéal agus 4 ó eispéiris foghlama eile (Fíor 2).

Fíor 2

Freagraí Rannpháirtithe maidir le Leibhéal Oideachais na nDea-Chuimhní

Baineann na cuimhní a ndearnadh anailís orthu don taighde seo le tréimhse ama ó 1949 go dtí an lá atá inniu ann (2022) agus is léiriú iad na cuimhní sin ar na curaclaim éagsúla a bhí i bhfeidhm.

Torthaí agus Plé

D’eascair sonraí taighde suimiúla ón mbailiúchán sonraí agus pléifear iad faoi na mórthéamaí seo a leanas:

  1. Na healaíona agus an cultúr Gaelach
  2. An Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo agus ar bhealach spraíúil
  3. Caidreamh leis an múinteoir

 

Tá leagan Gaeilge d’athfhriotal an rannpháirtí curtha ar fáil ag na taighdeoirí. Níor athraíodh an litriú a bhí i mbunleagan na bhfreagraí a scríobhadh i nGaeilge.

Na hEalaíona agus an Cultúr Gaelach

Tá baint stairiúil idir cur chun cinn na n-ealaíon agus cur chun cinn na Gaeilge (Dunne 2016) mar go dtugann na healaíona deis d’fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teanga a úsáid go cruthaitheach. Ó rinneadh croí-ábhar den Ghaeilge sa bhunscoil i 1922, leagadh an-bhéim ar na healaíona i gcur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais, mar shampla, an bhéim ar amhráin Ghaeilge sa Chéad Chlár Náisiúnta (Walsh  2024). Baineadh an-úsáid as na healaíona béil ach go háirithe, chun Gaeilge na bpáistí a fheabhsú thar na blianta (Ó Súilleabháin 1986). Toisc gur bhain na healaíona a cuireadh chun cinn i mblianta luatha an tSaorstáit go dlúth leis an gcultúr traidisiúnta Gaelach, léirigh roinnt taighdeoirí buairt go raibh an náisiúnachas cultúrtha go príomha á chur chun cinn (mar shampla, Kelly 2002). Is spéisiúil mar sin gurbh iad na scéalta traidisiúnta a chuaigh i bhfeidhm ar roinnt de na rannpháirtithe sa staidéar reatha.

My favourite memory was using the stories of Irish mythology to learn Irish. The stories of Cú Chulainn and Méabh and others were all so dramatic that I got engrossed! Ba í an chuimhne ab fhearr a bhí agam ná béaloideas na hÉireann a úsáid chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí scéalta Chú Chulainn agus Mhéabh chomh drámatúil sin go raibh mé an-ghafa leo!

Léiríonn torthaí an Phríomhchigire maidir le múineadh na Gaeilge go mbaineann daltaí an-taitneamh as a bheith in ann amhráin agus dánta a rá i nGaeilge (An Roinn Oideachais 2022). Tá bua na n-ealaíon chun cumas teanga a fhorbairt luaite i gCuraclam Teanga na Bunscoile (CNCM 2019). Is léir gur thug na healaíona, go háirithe an ceol agus an drámaíocht, deis d’fhoghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach spraíúil agus gur thaitin sé le foghlaimeoirí i ranganna éagsúla na scoile. Thaitin sé le roinnt de na rannpháirtithe go raibh an amhránaíocht fite fuaite leis an bhfoghlaim ar fad: ‘Chanamar gach rud sa bhunscoil. Agus bhí an-taitneamh ag baint leis an gceol’. Is é a dúirt rannpháirtí eile:

I remember having a great love of Irish songs and action rhymes in my own early years of primary school. This introduced the language in a fun, interactive way that I found really enjoyable. Is cuimhin liom go raibh an-ghrá agam d’amhráin Ghaeilge agus do ghníomhamhráin sna blianta tosaigh den bhunscoil. Chuir siad an teanga i láthair ar bhealach spraíúil idirghníomhach agus bhain mé an-sult astu.

 

Trí na healaíona a úsáid mar mhodh foghlama, mhaígh roinnt rannpháirtithe nár thug siad faoi deara go raibh obair scoile ar siúl acu: ‘gan mothú ar nós go raibh obair dhian i gceist’. Mar a dúirt rannpháirtí amháin:

Bhí stór leathan focail nua, frásaí is seanfhocail á fhoghlaim go laethúil. Ní hamháin go raibh an Ghaeilge á fhoghlaim go spraíúil, bhí ár gcuid muinín ag fás agus ag forbairt freisin.

Ar an dul céanna, mhínigh rannpháirtí eile:

Rinneamar an t-uafás drámaíochta agus bhí muid ag sealbhú an teanga, ag foghlaim nathanna is frásaí nua in suíomh a bhí taitneamhach, spraoiúil. D’fhan na líntí agus an rím go daingean i mo chloigeann agus níor bhrath mé aon ualach agus muid ag foghlaim ar an gcaoi seo.

Thaitin an tsaoirse le roinnt rannpháirtithe carachtair a chumadh agus prapaí a phiocadh:

Nuair a bhí mé i rang a cúig bhí deis againn dráma a scríobh agus a bheith páirteach iontu comh maith. Mar rang thug an múinteoir an saoirse dúinn ár gcarachtar féin agus propaí a phiocadh.

Léiríonn páistí gur maith leo a bheith in ann dornán amhráin agus dánta Gaeilge a rá (An Roinn Oideachais 2022: 117). Cé go bhfuil buntáistí soiléire teanga ag baint le foghlaim trí na healaíona, is gá aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar ábhar curaclaim ina mbíonn deiseanna ag páistí teagmháil bhreise a bheith acu leis na healaíona. Is gá a aithint freisin an deis atá sa rang Gaeilge an spraoi, saoirse agus forbairt chruthaitheach a chur chun cinn.

An Ghaeilge a úsáid mar Theanga Bheo agus ar Bhealach Spraíúil

Tháinig sé go mór chun solais le linn na hanailíse go ndeachaigh úsáid na Gaeilge ar bhealach beo bríomhar i gcásanna taobh amuigh d’fhoghlaim fhoirmiúil an cheachta Gaeilge i bhfeidhm ar rannpháirtithe. Mhínigh rannpháirtí amháin an luach a bhain lena seal sa Ghaeltacht di mar fhoghlaimeoir Gaeilge agus í tumtha sa teanga sa Ghaeltacht, áit ina raibh uirthi gach cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Sa teach le bean a’ tí agus a clann. Mo chéad uair i dtimpeallacht a raibh an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha. D’athraigh sé mo pheirspictíocht ar an teanga agus d’oscail sé an doras chun an teanga a thuiscint. Ní gramadach agus foclóir a bhí ann a thuilleadh ach cumarsáid.

I bhfocail duine eile a d’fhreastail ar choláiste Gaeltachta freisin:

I have profound memories of being immersed in the Gaeltacht environment as part of the fortnight in the Gaeltacht learning about Irish grammar and culture. Tá cuimhní láidre agam ar a bheith tumtha i dtimpeallacht na Gaeltachta mar chuid den  choicís sa Ghaeltacht ag foghlaim faoi ghramadach na Gaeilge agus faoin gcultúr Gaelach.

Lena chois sin, leagadh béim mhór ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil agus ar bhua na cumarsáide trí mheán na Gaeilge mar uirlis rathúil leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a shealbhú ar scoil.

Bhí múinteoir agam i Rang 5 i scoil lán-Béarla a chothaigh suim ionaim sa Ghaeilge. D’úsáid sí Gaeilge neamhfhoirmiúil an t-am ar fad sa rang agus labhair sí as Gaeilge sna pasáistí i gcónaí.

Thug sé ardú meanman do rannpháirtí eile go raibh siad in ann cumarsáid a dhéanamh le baill na scoile trí mheán na Gaeilge:

Our vice principal came into our Irish class and spoke Irish to us for the entire time! At first we hadn’t a clue how to react or respond but by the end of the lesson she had us all freely conversing and answering questions in Irish and it really helped us to see just how much we really knew. Tháinig an leas-phríomhoide isteach inár rang Gaeilge agus labhair sí linn go hiomlán trí Ghaeilge! Ag an tús, ní raibh tuairim againn céard ba chóir a dhéanamh ná cén chaoi le hí a fhreagairt, ach faoi dheireadh an cheachta, bhí muid ar fad ag comhrá i nGaeilge, agus ag freagairt ceisteanna as Gaeilge agus chabhraigh sé linn an méid a bhí ar eolas againn i ndáiríre a fheiceáil.

Láidríonn an toradh taighde seo seasamh Harris agus Uí Dhuibhir (2011:19) nuair a mholann siad go n-imrítear ‘ … tionchar dearfach ar oilteacht foghlaimeoirí sa T2 nuair a úsáideann an múinteoir an sprioctheanga’ agus gur chóir teagmháil na bhfoghlaimeoirí leis an teanga a mhéadú agus a shaibhriú.

Is tráthúil an toradh taighde seo, go háirithe i bhfianaise mholadh an Phríomhchigire (An Roinn Oideachais 2022) go bhfuil gá le fócas méadaithe ar fhorbairt scileanna cumarsáide páistí sa Ghaeilge. Is spéisiúil  freisin go raibh na rannpháirtithe meallta ag an gcur chuige súgartha mar a luaigh rannpháirtí amháin:

Chuir sí an teanga ó bhéal go mór chun cinn sa scoil trí dheiseanna cumarsáide a chruthú dúinn mar phobal scoile agus ag úsáid modh an tsúgartha sa rang.

Anuas air sin, rinne rannpháirtí eile cur síos ar an sult a bhain sé as modh an tsúgartha le linn fhoghlaim na Gaeilge: ‘My teacher made Irish fun. Rinne sí spraoi den Ghaeilge. Tagann na torthaí taighde a pléadh anseo go cruinn le torthaí Children’s School Lives (Martinez Sainz et al. 2023: 3) a mhaíonn go bhfuil an-luach le hoideolaíochtaí cruthaitheacha bunaithe ar an spraoi. Tagann an bhéim ar thábhacht an spraoi go mór freisin le taighde Ring et al. (2018: 42). Maíonn na húdair sin go bhfuil gá le timpeallachtaí foghlama saor ó rioscaí, nó ina bhfuil leibhéal íseal rioscaí ann. Maíonn siad freisin go bhfuil gá le cuir chuige spraíúla a bheith chun tosaigh le go mbraithfidh páistí slán sábháilte, agus go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh san fhoghlaim.

Léirigh rannpháirtí eile go ndearnadh an-iarracht agus é ar scoil, na foghlaimeoirí a spreagadh le dul i mbun léitheoireachta ar ábhar nár bhain go díreach le hábhair cheachta na Gaeilge agus go raibh dea-thionchar aige seo ar a dhearcthaí agus ar a nósanna léitheoireachta sa Ghaeilge, de réir mar atá léirithe i staidéar O’Kane Boal (2023). I bhfocail rannpháirtí amháin: ‘Spreagadh muid mar shampla chun leabhair Ghaeilge a bhí taobh amuigh den churaclam a léamh, chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge agus chun a bheith muiníneach as ár gcumas féin’.

Tá sé le sonrú ar chuid de na freagraí gur leagadh béim ar ról an tuismitheora i ndearcadh an pháiste i leith na Gaeilge. D’aithin rannpháirtí amháin nach raibh Gaeilge aici sa bhaile ach go raibh a máthair ‘báúil don nGaeilge’ agus dá bhrí sin seoladh í chuig scoil lán-Ghaeilge, cinneadh a chabhraigh léi Gaeilge den scoth a shealbhú agus a d’fhorbair dearcadh dearfach inti i leith na teanga. Tá sé seo ag teacht leis an rath a bhíonn ar ghníomhaíochtaí Gaeilge a chur chun cinn idir páistí agus a dteaghlaigh (Engman et al. 2023; O’Toole 2023).

Treocht chomónta eile a tháinig chun cinn le linn na hanailíse ná an taitneamh agus an tairbhe a bhain rannpháirtithe as an nGaeilge a fhoghlaim neamhspleách ar an téacsleabhar. Dealraíonn sé go raibh dea-chuimhní ag an mbeirt rannpháirtithe thíos ar Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach níos gníomhaí:

Is iad na cuimhní is mó atá agam maidir le foghlaim na Gaeilge ná na hamanna nach raibh leabhair in úsáid. D’fhoglaim muid chuile shórt a bhain leis an nádúir, na crainn, na bláthanna, ainmhithe is plandaí cois farraige agus ar an bportach agus an seomra ranga fágtha inár ndiaidh don lá. Tá iomhánna fós i mo cheann don múinteoir sa mbunscoil ag taispeáint ábhar fíor dúinn agus ag tabhairt an fhoclóir dúinn.

We learned all of the ingredients and verbs in Irish and baked a chocolate cake at school. D’fhoghlaim muid na comhábhair agus na briathra i nGaeilge agus rinneamar cáca seacláide a bhácáil ar scoil.

 

Is díol suime é go dtagann na tuairimí seo le taighde Ellis (2005: 218) mar aon le Ó Duibhir agus Cummins (2012: 52) a mhaíonn, ‘It can be claimed with confidence that, if the only input students receive is in the context of a limited number of weekly lessons based on some course book, they are unlikely to achieve high levels of L2 proficiency’. Ar an drochuair, tuairiscíonn múinteoirí gur minic a bhíonn siad ag brath ar an téacsleabhar chun Gaeilge a mhúineadh (Uí Choistealbha 2012).

D’fhéadfaí a léamh ó na freagraí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an teanga a úsáid mar theanga bheo agus ar bhealach spraíúil, taobh amuigh den cheacht foirmiúil Gaeilge agus den téacsleabhar foirmiúil Gaeilge, ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc foghlaimeoirí. Ag eascairt as torthaí an téama faoi chaibidil, tá gach cosúlacht ann nach mór tarraingt ar a gcuid spéise taobh amuigh de gheataí na scoile chun fíorspéis agus dearcthaí dearfacha i leith fhoghlaim na Gaeilge a chruthú agus a chothú.

 

Caidreamh leis an Múinteoir

Tá tosca eile lasmuigh den teanga féin a imríonn tionchar ar an taithí foghlama agus ar na cuimhní atá ag an bhfoghlaimeoir. Mar a léirítear sa staidéar fadtréimhseach Growing Up in Ireland (Smyth 2017), má tá caidreamh maith ag an duine óg leis an múinteoir, is é is dochúla go gceapfaidh sé go bhfuil an Ghaeilge ‘suimiúil’ agus gan a bheith ‘deacair’. Tagann na torthaí seo le taighde a rinne Ó Duibhir (2018), Ní Chlochasaigh (2016), agus taighde ar mudes teangeolaíocha (Walsh agus O’Rourke 2015), chomh maith sa chaoi is gur tionchar mór iad múinteoirí ar spreagadh foghlaimeoirí i leith na Gaeilge. Ní haon ionadh é go bhfuil an caidreamh sin mar bhunchloch don cheacht Gaeilge nuair a smaoinímid freisin ar théamaí an churaclaim – Mé Féin, Sa Bhaile, cuir i gcás. Bíonn múinteoirí ag plé ceisteanna pearsanta agus ábhair íogaire phearsanta eile nuair a bhíonn Gaeilge á múineadh, agus má tá an-aithne ag an múinteoir ar an bhfoghlaimeoir is féidir é sin a láimhseáil go héifeachtach.

Mar a chonacthas sa staidéar Growing Up in Ireland, má tá deacrachtaí ag daoine óga ag aistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, is lú an seans go gceapfaidh siad go bhfuil an Ghaeilge ‘suimiúil’ (ach is difríocht bheag a bhí anseo) (Smyth 2017: 52). Nuair a fhéachaimid ar fhoghlaimeoirí sa mheánscoil, tá comhghaol idir dearcadh diúltach i leith na scoile i gcoitinne agus dearcadh diúltach i leith fhoghlaim na Gaeilge fiú má bhí dearcadh dearfach acu i leith na teanga ag aois 9. Léiríonn sé seo an gá atá le cothú agus buanú dearcthaí dearfacha trí chaidrimh le múinteoirí agus páistí eile le linn an aistir scoile, agus go háirithe san aistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil.

Bhí sé suimiúil le sonrú go raibh an treocht seo le feiceáil i measc rannpháirtithe an staidéir seo freisin. Léirigh siad go raibh caidreamh maith acu leis an múinteoir agus go ndeachaigh paisean an mhúinteora don Ghaeilge i bhfeidhm orthu. Dúirt rannpháirtí amháin ‘I just loved my teachers. Thaitin mo mhúinteoirí go mór mór liom’. Dúirt rannpháirtí eile:

Our teacher was so immersed in Irish that it really rubbed off. Bhí ár múinteoir chomh tumtha sin sa Ghaeilge go ndeachaigh sé i bhfeidhm orainn.

Dúirt rannpháirtí eile:

I remember our teacher was really passionate about filíocht and we each created our own books with our favourite poems that we had learned throughout the year. Is cuimhin liom go raibh ár múinteoir an-phaiseanta faoin bhfilíocht agus chruthaigh muid ár leabhair féin leis na dánta ba mhó a thaitin linn i rith na bliana.

D’imir na múinteoirí seo tionchar fadtréimhseach ar an bhfoghlaimeoir:

Níl fhios agam fós an dtuigeann sí an tionchar a d’imir sí orainne mar dhaltaí agus an chuid is mó dúinn fós ag plé leis an teanga go gairmiúil nó go pearsanta.

Tá na torthaí seo ag teacht leis an gcomhghaol atá léirithe le fada idir dearcadh dearfach an mhúinteora agus taithí foghlama an pháiste (Harris et al. 2006). Cé gur minice a chuirtear milleán ar mhúinteoirí ó thaobh tearcghnóthachtáil foghlaimeoirí sa Ghaeilge (O’Donoghue agus O’Doherty 2019), tá samplaí saibhre de mhúinteoirí a rinne éachtaí agus a spreag páistí mar chuid dá ngnáthlá oibre.

Conclúidí agus Moltaí

Tá teorainneacha ag baint leis an staidéar beag seo a dhíríonn ar dhea-chuimhní daoine a bhain ardchumas amach sa teanga, agus ní féidir a mhaíomh go bhfuil sé ionadaíoch ar thaithí an daonra ghinearálta. Mar sin féin, is léir ó na torthaí taighde go bhfuil fiúntas ag baint le dea-chuimhní a lorg go follasach, agus deis a thabhairt do dhaoine cur síos ar an tábhacht phearsanta a bhaineann leis an gcuimhne seo. Is gá tarraingt ar na dea-chuimhní seo le bealaí a aimsiú chun taithí dhearfach mar seo a chur ar fáil do níos mó foghlaimeoirí.

Is iad na dea-chuimhní a sheasann fós le rannpháirtithe an taighde seo maidir le múineadh na Gaeilge ná: úsáid na n-ealaíon chun an Ghaeilge a fhoghlaim, úsáid na Gaeilge ar bhealach bríoch cumarsáideach agus spraíúil taobh amuigh den cheacht foirmiúil Gaeilge agus taobh amuigh de gheataí na scoile, chomh maith le caidreamh an fhoghlaimeora leis an múinteoir ranga, agus dearcadh an mhúinteora i leith na Gaeilge. B’fhiú, mar sin, a chinntiú go mbíonn réimse dánta, amhrán, lúibíní, scéalta agus rann, cinn thraidisiúnta agus cinn chomhaimseartha, de dhlúth agus d’inneach na gceachtanna Gaeilge. B’fhiú freisin béim a chur ar an healaíona trí Ghaeilge sa phleanáil a dhéanann múinteoirí agus baill foirne i réimse na n-ealaíon. D’fhéadfaí moladh do pháistí cóipleabhar ina bhfuil cnuasach de rainn, amhráin agus dánta a choinneáil ó bhliain go bliain agus freagracht a thabhairt do na páistí sna ranganna sinsearacha na rainn, amhráin agus dánta a mhúineadh do na ranganna sóisearacha agus do dhuine sa bhaile.

Is léir ó na torthaí taighde nach mbaineann na dea-chuimhní go sonrach le curaclam na Gaeilge. Baineann siad leis an nGaeilge a úsáid go cruthaitheach agus ar bhealach spraíúil i suíomhanna éagsúla. Feictear go mbíonn rath ar thionscadail nuair is féidir le páistí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn gníomhaíochtaí cruthaitheacha sa bhaile, mar shampla, an bhácáil (Engman et al. 2023), nó nuair a roinneann siad a bhfuil foghlamtha acu le daoine eile (O’Toole 2023). B’fhiú mar sin, iarrachtaí a dhéanamh imeacht ón spleáchas ar an téacsleabhar agus gníomhaíochtaí cumarsáideacha spraíúla a chur chun cinn sa seomra ranga agus mar obair bhaile.

Mar a léirítear i dtaighde eile, tá baint idir dearcadh an mhúinteora agus cumas an pháiste sa Ghaeilge (Harris et al. 2006) ach feictear sa taighde seo, mar a fheictear in Smyth (2017), go bhfuil luach ar leith leis an gcaidreamh ginearálta leis an múinteoir. Taispeánann sé an tionchar dearfach a bhíonn ag an múinteoir ranga ar mhúineadh na Gaeilge nuair atá caidreamh éifeachtach bunaithe acu leis an bpáiste. Tá caidrimh i gcroílár mhúineadh na Gaeilge, mar a bhíonn san aistear oideachais trí chéile.

Baineann na cuimhní a cíoradh mar chuid den taighde seo le tréimhsí éagsúla ina raibh curaclaim dhifriúla i bhfeidhm, agus le comhthéacsanna éagsúla. Ní mór, dá réir sin, aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí leanúnacha atá déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuireann torthaí an taighde seo le sprioc Straitéis 20-Blian don Ghaeilge (20102030) chun dea-chleachtais a aithint agus a roinnt. Is tráthúil na torthaí taighde seo i ré seo na n-athruithe agus na n-athbhreithnithe atá ar bun maidir le Curaclam na Bunscoile. Is fiú iad a thabhairt san áireamh agus pleanáil ar bun do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge amach anseo sa chóras oideachais. Tugtar le fios sa taighde seo go bhfuil tosca níos leithne ná an teanga féin a imríonn tionchar ar dhea-chuimhní fhoghlaim na Gaeilge mar gur próiseas dinimiciúil é an fhoghlaim. Léiríonn sé, thar aon rud eile, an gá le guth a thabhairt d’fhoghlaimeoirí maidir leis na gnéithe den taithí foghlama is mó a thaitníonn leo le gur féidir iad a chur san áireamh agus taithí foghlama spreagúil dhearfach a chruthú do mhúineadh na Gaeilge.

 

 

 

 

 

SAOTHAIR A CEADAÍODH

 

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. (2019) Curaclam Teanga na Bunscoile. Baile Átha Cliath: CNCM.

An Roinn Oideachais. An Chigireacht. (2022) Tuarascáil an Phríomhchigire. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Oideachais agus Scileanna. An Chigireacht. (2013) Tuarascáil an Phríomhchigire. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Oideachais agus Scileanna. An Chigireacht.  (2018) Tuarascáil an Phríomhchigire. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2016) Polasaí don Oideachas Gaeltachta (20172022). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Bisaz, R., Travaglia, A., agus Alberini, C. M. (2014) ‘The Neurobiological Bases of Memory Formation: From Physiological Conditions to Psychopathology’. In: Psychopathology 47.6: 347–356. Ar fáil ag:  https://dx.doi.org/10.1159/000363702 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Braun, V. agus Clarke V. (2006) ‘Using Thematic Analysis in Psychology’. In: Qualitative Research in Psychology 3: 77–101. Ar fáil ag: https://dx.doi.org/10.1191/1478088706qp063oa [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Committee on Irish Language Attitudes Research (CILAR) (1975) Report. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Conradh na Gaeilge (2018) Cad é an Scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Darmody, M. agus Daly, T. (2015) Attitudes towards the Irish Language on the Island of Ireland. ESRI. Ar fáil ag:  Attitudes towards the Irish Language on the Island of Ireland | ESRI [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Darmody M., Smyth E., McCoy S. (2012) School Sector Variation Among Primary Schools in Ireland. Dublin: Department of Children and Youth Affairs.

Devitt, A. et al. (2018) ‘An Maith Leat an Ghaeilge? An Analysis of Variation in Primary Pupil Attitudes to Irish in the Growing up in Ireland Study’. In: International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 21.1: 105–117. Ar fáil ag: https://dx.doi.org/10.1080/13670050.2016.1142498  [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Dunne, C. M. (2016) ‘Drámaíocht na Gaeilge sa Seomra Ranga Bunscoile: Modh Ealaíne nó Modheolaíocht?’ In: Breac: A Digital Journal of Irish Studies, Lúnasa 2016. Ar fáil ag: Drámaíocht na Gaeilge sa Seomra Ranga Bunscoile: Modh Ealaíne nó Modheolaíocht? // Articles // breac // University of Notre Dame (nd.edu)  [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Dunne, C. M. (2020) Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools. 1971Present. Dublin: National Council for Curriculum and Assessment.

De Barra, C. (2019). Gaeilge: A Radical Revolution. Dublin: Currach Books.

Ellis, R. (2005) ‘Principles of Instructed Second Language Acquisition’. In: Asian EFL Journal 33.2: 209–224. Ar fáil ag:  http://dx.doi.org/10.1016/j.system.2004.12.006 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Engman, M., McGurk, Ó. agus MacKenzie, A. (2023). ‘Teanga sa Chistin: A Qualitative Study of Bilingual Families, Baking Bread, and Reclaiming Irish in the Home’. Teanga 30.1: 169–200.  Ar fáil ag: https://journal.iraal.ie/index.php/teanga/article/view/5460 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Gaffney, M. (2011) Flourishing. Dublin: Penguin Ireland.

Government of Ireland. (2010) 20-Year Strategy for the Irish language (20102030). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Harris, J., Forde, P., Archer, P., Nic Fhearaile, S. agus O’Gorman, M. (2006) Irish in Primary Schools: Long-Term National Trends in Achievement. Baile Átha Cliath: Department of Education and Science, Stationery Office.

Harris, J. agus Ó Duibhir, P. (2011) Múineadh Éifeachtach Teangacha: Sintéis ar Thaighde. Baile Átha Cliath: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Kelly, A. (2002) Compulsory Irish. Language and Education in Ireland 1870s1970s. Portland Oregon: Irish Academic Press.

Kiely, J. et al. (2021) Parental Involvement, Engagement and Partnership in their Children’s Learning during the Primary School Years. Dublin: National Council for Curriculum and Assessment / Marino Institute of Education.

Kiely, J. et al. (2022) Report on the Consultation with Children on the Draft Primary Curriculum. Dublin: National Council for Curriculum and Assessment / Marino Institute of Education.

Devine et al. (2023) Report No.5 Primary Pedagogies: Children and Teachers’ Experiences of Pedagogical Practices in Primary Schools in Ireland 2019-2022. Dublin: University College Dublin / National Council for Curriculum and Assessment.

Martinez Sainz, G., et al. (2023) Report No.6: Curriculum and assessment in children’s school lives: Experiences from primary schools in Ireland 20192023. Dublin: University College Dublin / National Council for Curriculum and Assessment.

McCoy, S., Quail, A. agus Smyth, E. (2012) Growing Up in Ireland National Longitudinal Study of Children. Influences on 9-Year Old’s Learning: Home, School and Community. Report 3. Government Publications, Dublin: Department of Children and Youth Affairs.

Mac Gréil, M. agus Rhatigan, F. (2009) The Irish Language and the Irish People: Report on the Attitudes Towards, Competence in and Use of the Irish Language in the Republic of Ireland in 200708. Maynooth University, Ireland: Department of Sociology.

Murtagh, L. (2007) ‘Out-of-School Use of Irish, Motivation and Proficiency in Immersion and Subject-Only Post-Primary Programmes’. In: International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 10.4: 428–453. Ar fáil ag: https://dx.doi.org/10.2167/beb453.0 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Ní Chlochasaigh, K. (2016) ‘Foghlaimeoirí Éifeachtacha na Gaeilge: Táid Ann ach Táid Gann! Ról na Foghlama Comhtháite agus Teangacha (FCÁT) i gCothú na Dea-Foghlama i gCás na Gaeilge’. In: Ó Ceallaigh, T. J. agus Ó Laoire, M. (eag.) An Tumoideachas: Bua nó Dua? An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: 30–40.

Ní Dhonnchadha, A. agus Nic Eoin, M. (eag.) (2017) Aois na hÓige: Díolaim Próis. Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht.

Ní Longaigh, E. (2016) ‘Scileanna Teanga a Fheabhsú i bPáistí ar Ardchaighdeán Gaeilge: Scagadh ar na Dea-Chleachtais atá i bhFeidhm i nGaelscoileanna’. In: Ó Ceallaigh, T. J. agus Ó Laoire, M. (eag.) An Tumoideachas: Bua nó Dua? An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: 41–53.

Nic Fhionnlaoich, F. (2022) ‘Ag Foghlaim Gaeilge i mBunscoileanna T2: Taithí agus Tuairimí na bPáistí’. In: Léann Teanga. An Reiviú. 113–132. Ar fáil ag: https://doi.org/10.13025/t4q7-9f60 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Nic Fhlannchadha, S. agus Hickey, T. M. (2018) ‘Minority Language Ownership and Authority: Perspectives of Native and New Speakers’. In: International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 21.1: 38–53. Ar fáil ag: https://dx.doi.org/10.1080/13670050.2015.1127888 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Ó Ceallaigh, T.J. agus Ní Shéaghdha, A. (2017) Critéir Aitheantais cuí um Dhearbhú Cáilíochta agus Dea-Chleachtais do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn uile Éireann. Baile Átha Cliath: Gaeloideachas.

O’Donoghue, T. agus O’Doherty, T. (2019) Irish Speakers and Schooling in the Gaeltacht, 1900 to the Present. London: Palgrave and Macmillan.

Ó Duibhir, P., agus Cummins, J. (2012) Towards an Integrated Language Curriculum in Early Childhood and Primary Education (3–12 years). Dublin: Narional Council for Curriculum and Assessment.

Ó Duibhir, P. (2018) Immersion Education Lessons from a Minority Language Context. Bristol, UK: Multilingual Matters.

O’Kane Boal, M. (2023). An Bosca Leabharlainne, Evaluative Report. Dublin: Laureate na nÓg / Children’s Books Ireland.

Ó Riagáin, P. agus Ó Gliasáin, M. (1984) The Irish language in the Republic of Ireland 1983: Preliminary Report of a National Survey. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Riagáin, P. agus Ó Gliasáin, M. (1994) National Survey on Languages 1993: Preliminary Report. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

O’Rourke, B. agus Walsh, J. (2015) ‘New Speakers of Irish: Shifting Boundaries Across Time and Space’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 63 – 83. Ar fáil ag: https://dx.doi.org/10.1515/ijsl-2014-0032 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Ó Súilleabháin, D. (1986) An Cumann Scoildrámaíochta 19341984. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.

O’Toole, J. (2023) ‘Identifying Creative and Participatory Approaches to Respond to Existing Challenges for Irish language Teaching and Learning at English-medium Primary School Level’. In: Irish Educational Studies 42.4: 599–616. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1080/03323315.2023.2261432 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

Ring, E., O’Sullivan, L., Ryan, M. agus Burke P. (2018) A Melange or a Mosaic of Theories? How Theoretical Perspectives on Children’s Learning and Development can inform a Responsive Pedagogy in a Redeveloped Primary School Curriculum. Dublin: National Council for Curriculum and Assessment.

Smyth, E. (2017) Growing Up in Ireland National Longitudinal Study of Children. Off to a Good Start? Primary School Experiences and the Transition to Second-Level Education. Report no. 5. Dublin, Government Publications: Department of Children and Youth Affairs.

Uí Choistealbha, J. (2012) The Irish Language in the 21st Century Primary School—Perceptions of Teachers and Children: Indications for a New Strategy. Unpublished PhD thesis. Trinity College Dublin.

Walsh, T. (2024) ‘From Subordinate to Pre-emininent: Irish language Curriculum Policy for Primary Schools in the 1920s’. In: Volmering, N., Dunne, C. M., Walsh, J. agus Ó Murchadha, N. (eag.) Irish in Outlook. A Hundred Years of Irish Education. Oxford: Peter Lang: 107–133.

Walsh, J. agus O’Rourke, B. (2015) ‘Mudes Teangeolaíocha agus Nuachainteoirí na Gaeilge’ In: Comhar Taighde 1: 1–14. Ar fáil ag: https://doi.org/10.18669/ct.2015.09 [faighte 9 Meán Fómhair 2024].

 

Aguisín 1

 

Na Cuimhní is fearr atá agam ar Mhúineadh / ar Theagasc na Gaeilge

Eolas faoin Taighde

Tá an-spéis againn a chloisteáil faoi na cuimhní atá agat maidir leis an nGaeilge a fhoghlaim nó a mhúineadh!

Má tá dea-chuimhne agat ar mhaith leat a roinnt linn, bheimis buíoch díot an fhoirm Microsoft thíos a líonadh.

Is staidéar cáilíochtúil dhá bhliain é seo a bheidh ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2021 go Meán Fómhair 2023, arna mhaoiniú ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun iniúchadh a dhéanamh ar theagasc ionchuimsitheach teanga a bhí nó atá i bhfeidhm maidir le múineadh na Gaeilge.

Is é an fócas atá ann i mbailiúchán na sonraí ag an bpointe seo ná béim a chur ar shamplaí dearfacha, cruthaitheacha agus ceannródaíocha den teagasc agus den fhoghlaim.

Má tá cuimhne agat nach bhfuil dearfach, b’fhéidir go mbeadh spéis agat a bheith páirteach sa taighde ag pointe níos deireanaí nuair a bheimid ag labhairt le daoine a bhraith imeallaithe i dteagasc na Gaeilge.

Tá fáilte romhat aischothú a fháil ar an tionscnamh seo nuair a bheidh sé curtha i gcrích againn. Tá sé ar intinn againn na torthaí taighde a fhoilsiú i dtréimhseacháin acadúla agus a chur i láthair ag comhdhálacha. Bainfimid úsáid as roinnt de na rudaí atá scríofa agat ach beidh rúndacht i gceist leis an eolas a chuireann tú ar fáil ag gach céim den taighde. Ar dtús, bainfimid den chuimhne aon ainm duine nó scoile, nó aon phíosa eolais a thabharfadh féiniúlacht an duine le fios don léitheoir. Coimeádfaimid cóip den chuimhne dhí-ainmnithe go ceann 10 mbliana agus ansin scriosfar í. In aon tuairisc ar an taighde seo, ní luafar ainm aon duine agus ní cheanglófar aon chuimhne le haon duine faoi leith.

Ní shílimid go mbeidh aon bhrú breise ortsa trí pháirt a ghlacadh sa taighde seo, anuas ar an ngnáthbhrú laethúil ach is ar bhonn deonach a ghlacfaidh tú páirt ann. Is féidir leat imeacht ón staidéar ag am ar bith gan cúis a thabhairt agus gan a bheith thíos leis ag an am nó ag aon am amach anseo. Sa chás go roghnaíonn tú tarraingt siar, ní bhainfear úsáid as aon chuimhní atá roinnte agat go dtí sin.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin taighde, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na taighdeoirí

Go raibh míle maith agat!

 

1.Cén bhliain inar tharla an chuimhne seo?

2.Cén cineál scoile inar tharla an chuimhne seo?

  • Scoil Ghaeltachta
  • Scoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
  • Scoil lán-Bhéarla
  • Scoil Speisialta
  • Suíomh neamhfhoirmiúil

 

3.Cén leibhéal oideachais atá i gceist leis an gcuimhne seo?

  • Bunscoil
  • Meánscoil
  • An tríú leibhéal
  • Eile

 

4.Déan cur síos le do thoil ar an gcuimhne is fearr atá agat ar Ghaeilge a mhúineadh agus/nó a fhoghlaim (250-500 focal).

Dáta foilsithe:
28/11/2024

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
cuimhní, múineadh na Gaeilge, foghlaim na Gaeilge, taithí foghlama, dea-chleachtais

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Achoimre

Iniúchann an t-alt seo na dea-chuimhní ar fhoghlaim na Gaeilge atá ag sampla den daonra a bhain ardchumas amach sa Ghaeilge (l=88). Ceann de na spriocanna atá ag an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge (20102030) ná aitheantas a thabhairt don dea-chleachtas agus don taithí dhearfach a bhíonn ag foghlaimeoirí Gaeilge sa seomra ranga. Cé go léiríonn go leor taighde ar fhoghlaim na Gaeilge, agus ar dhearcthaí an phobail i leith na teanga, go gceanglaítear taithí dhiúltach go minic le foghlaim na Gaeilge, is beag staidéar a d’fhéach go sonrach leis na cuimhní dearfacha ar an taithí foghlama a aimsiú, go háirithe i measc daoine a bhaineann ardchumas amach sa teanga. Tá cur síos ar thaithí dhearfach maidir leis an nGaeilge a fhoghlaim ar scoil  ar fáil i gcuimhní cinn roinnt scríbhneoirí, go háirithe i scoileanna Gaeltachta, agus sa staidéar ar mudes na Gaeilge, nó na buaicphointí foghlama a bhíonn ag foghlaimeoirí (Walsh agus O’Rourke 2015). Is gann iad na sonraí eimpíreacha maidir le cuimhní dearfacha i leith fhoghlaim na Gaeilge i gcoitinne, áfach. Is próiseas athfhillteach é an phleanáil teanga, is é sin go mbímid de shíor ag caitheamh súil siar chun súil a chaitheamh ar aghaidh. Tá múineadh foirmiúil na Gaeilge sa chóras oideachais ar siúl le hos cionn 100 bliain ach níl go leor aitheantais tugtha do go leor de na modhanna nuálacha a bhí ann sna luath-thréimhsí i múineadh na Gaeilge, ná do na dea-chleachtais atá ar bun i láthair na huaire. Cuireann an t-alt seo bailiúchán de dhea-chuimhní ar fhoghlaim na Gaeilge i láthair, bailiúchán a d’fhéadfadh cabhrú le foghlaimeoirí eile ardchumas a bhaint amach sa teanga, ionas gur féidir machnamh a dhéanamh ar an leas is féidir a bhaint astu agus muid ag pleanáil d’eispéiris foghlama amach anseo. I gcomhthéacs na tábhachta atá ag an gcóras oideachais i gcur chun cinn na Gaeilge, tá gá le gnéithe dearfacha d’fhoghlaim na Gaeilge a thabhairt chun cuimhne go comhfhiosach, agus taithí thaitneamhach éifeachtach a chur ar fáil agus an Ghaeilge á teagasc le go mbeimid in ann dearcthaí dearfacha a chothú go leanúnach i measc foghlaimeoirí.

Tá na húdair buíoch den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta as tacú leis an tioncadal taighde seo.

 

Positive Memories of Learning Irish: Perspectives from People who have Achieved High Levels of Proficiency

Abstract 

This article explores the positive memories in relation to learning Irish from a sample of the population who report high proficiency in Irish (n=88). One of the goals of the 20-Year Strategy for the Irish language (20102030) is to acknowledge good practice and the positive experiences of Irish learners in the classroom. Although much research on the learning of Irish reveals that negative experiences are often associated with the learning process, few studies have explicitly sought to identify positive memories, especially from those who have achieved high levels of competence in the language. Apart from the description of positive experiences of learning Irish in school that are available in the memoirs of some writers, especially those in Gaeltacht schools, or in the study of Irish-language mudes i.e. learning highlights  reported by learners (Walsh and O’Rourke 2015), little empirical data is available regarding positive aspects of the learning of Irish. Language planning is necessarily a recursive process and we continually look back to look forward. There is over a century of experience of formally teaching Irish in the education system but many of the innovative teaching methods in the early periods of the teaching of Irish, as well as good practice that takes place currently, have received scant attention. This article presents a collection of positive memories of learning Irish that may support the attainment of a high level of proficiency, so that we can reflect on how they may be incorporated into the planning of learning experiences in the future. In the context of the importance of the education system in promoting Irish, there is a need to consciously remember positive aspects of the learning experience, and to include enjoyable and effective learning experiences, so that we can continuously nurture positive attitudes amongst learners.

 

The authors are grateful to An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta for supporting this research project.

Údar:
Claire M. Dunne & Sylvaine Ní Aogáin

Teagmháil:

Beathaisnéis:

Tá an Dr Claire Dunne ina Ceann Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tá sí ina Ceann Cúrsa ar an mBaitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge san institiúid chéanna. Tá an-spéis aici i litearthacht agus litríocht Ghaeilge na n-óg.

 

Tá an Dr Sylvaine Ní Aogáin ina léachtóir san Oideachas le Gaeilge sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá suim mhór aici i gcúrsaí mhúineadh agus shealbhú an dara teanga.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.