Réamhrá
Tá scéal agus dán RTÉ á bplé agus á ndianscrúdú síoraí seasta le hos cionn trí scór bliain, ó bunaíodh Teilifís Éireann ar an 31 Nollaig 1961 anuas go dtí ár linn féin. In imeacht na mblianta sin, is iomaí scéal a bhain le RTÉ a tharraing conspóid agus achrann sa saol cultúrtha agus polaitíochta: tionchar Pháirtí na nOibrithe ar RTÉ sna 1970idí (Hanley agus Miller 2009); an chinsireacht i gcomhthéacs Fhoráil 31 den Acht um Údarás Craolacháin (Purcell 2014); líon na gclár Gaeilge (Ó Gairbhí 2017; Ní Chionnaith 2008); tionchar an Late Late Show ar shochaí a bhí ‘ag teacht in inmhe’ (Bowman 2011; Ferriter 2009). I saol na freacnairce, is í samhail mhaoinithe RTÉ chomh maith le nósanna rialachais na heagraíochta atá ag dó na geirbe ag an aos polaitiúil agus tráchtaireachta araon; sin mar gheall ar an gconspóid a bhain leis an gcaoi ar tuairiscíodh tuarastal an chraoltóra Ryan Tubridy agus an clampar a tarraingíodh dá dheasca sin le linn shamhradh 2023 (Linehan 2023).
San aiste seo, déanfar anailís stairiúil ar ról agus ar stádas na Gaeilge sa chraoltóir náisiúnta le linn na luathbhlianta sna 1960idí agus ar a thiomanta, nó a mhalairt, is a bhí Teilifís Éireann do sprioc na hathbheochana teanga. Bhí coimhlint le tabhairt faoi deara idir dualgais reachtúla Theilifís Éireann i leith na n-aidhmeanna náisiúnta (athbheochan na Gaeilge, mar shampla) agus ról an chraoltóra d’fhonn díospóireacht a mhúscailt agus a éascú ina gcíorfaí ceisteanna móra sóisialta na linne chomh maith le gnéithe eile den bheartas poiblí (Bowman 2011; Savage 2010). Tharla seo le linn thréimhse mhórathruithe na 1960idí nuair a bhí deireadh ag teacht go tréan le cinnteachtaí seanbhunaithe Éire de Valera agus nuair a bhí nua-aoisiú á dhéanamh ar luas mire ar shaol na hÉireann trí chéile (Ferriter 2007; Brown 2004; Garvin 2004).
Sa litríocht stairiúil, cuirtear RTÉ i láthair mar ghléas a chuir bealú le próiseas an nua-aoisithe in Éirinn (Savage 1996; Brown 2004; Garvin 2004; Bowman 2011). Chuige sin, bhreathnaigh rialtas Sheáin Lemass ar RTÉ mar chrann taca ag an mbeartas poiblí agus ba é clár forbartha geilleagair T.K. Whitaker a bhí i gceist go háirithe (Bowman 2011; Daly 2016; Savage 2010). Os a choinne sin, agus an tráchtaireacht Ghaeilge á cur sa mheá, cuirtear RTÉ i láthair ‘mar uirlis Galldaithe agus frithGhaelach’ (Mac Aonghusa 1993: 351) a rinne faillí sa Ghaeilge agus ina cur chun cinn (Ó hÉallaithe 2019: Conradh na Gaeilge 1962). Léiríonn seo ar fad go raibh tarraingt na téide ar siúl idir cur chun cinn luachanna traidisiúnta na hAthbheochana, ar láimh amháin, agus cur chun cinn luachanna úra na tionsclaíochta, na forbartha agus an ábharachais ar an láimh eile.
Aidhmeanna
Ar an gcaoi sin, áitítear gur láthair choimhlinte é RTÉ ar ar tháinig gluaiseacht na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM) le chéile chun tuairimí faoin nGaeilge a nochtadh san idirghníomhaíocht shóisialta. Ba thuairimí iad sin a bhain le ról agus stádas na Gaeilge sa chraoltóir náisiúnta, agus sa tsochaí trí chéile, chomh maith le tualangacht na teilifíse mar mheán cumarsáide trína bhféadfaí dul i bhfeidhm ar dhaoine.
Gluaiseacht shóisialta uirbeach ba ea an LFM a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1965. Chuir an eagraíocht sin roimpi féin feachtas náisiúnta a chur ar bun chun fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach mar ábhar Ardteistiméireachta agus leis an nGaeilge mar riachtanas cáilíochta do phoist sa státchóras: ‘The objects of the organisation shall be to promote a realistic approach towards the Gaelic language and to remove compulsion, discrimination, and other objectionable practices from the State language policy’ (LFM c.1966a).
Chuige sin, theastaigh ón LFM go leasófaí an reachtaíocht ábhartha a bhain le gnéithe éagsúla den bheartas teanga: ‘Thus we aim to amend existing legislation and practice and to introduce liberal legislation and practice in the sphere of language policy’ (LFM c.1966b). I measc na reachtaíochta sin a bhí ‘objectionable’, dar leis an LFM, bhí an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960; ba é sin an t-acht faoinar bunaíodh Teilifís Éireann agus inar leagadh amach na dualgais i leith na n-aidhmeanna náisiúnta. Is í mír a 17 den acht sin atá ábhartha sa chás sin:
Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás, coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích (an tAcht um Údarás Craolacháin 1960).
Is í an Ghaeilge mar mheán clár teilifíse agus mar ábhar díospóireachta ar an teilifís sna 1960idí a phléifear san aiste seo chomh maith leis an ról a bhí ag Gay Byrne maidir le díospóireachtaí faoin nGaeilge a chur i láthair, go háirithe ar an Late Late Show. Áitítear gur thuig gluaiseacht na Gaeilge (Conradh na Gaeilge agus Gael Linn) agus an LFM an tábhacht a bhain le meán úr na teilifíse agus gur theastaigh uathu gaisneas a bhaint as chun a leas féin a dhéanamh. Spéisiúil go leor, mheas an dá ghrúpa nach bhfuair siad cothrom na Féinne ó RTÉ agus is ar an ngné sin den aighneas idé-eolaíochta a chaithfear solas san aiste seo.
Modheolaíocht
Trí tharraingt ar ábhar foilsithe agus cartlainne comhaimseartha ó na 1960idí, déanfar staidéar san aiste seo ar an siar is aniar idir gluaiseacht na Gaeilge, an LFM agus Teilifís Éireann agus iad ag sáraíocht ar a chéile faoi cheist na Gaeilge. Chuige sin, tá bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60) agus bailiúchán an LFM (G44) i dtaisce i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in Ollscoil na Gaillimhe. Mar aon leis an ábhar foilsithe agus leis na scríbhinní sa dá bhailiúchán sin, cuirfear faisnéis agallaimh sa mheá. Is agallaimh leathstruchtúrtha iad sin a cuireadh ar rogha áirithe daoine a bhí gníomhach san LFM agus i ngluaiseacht na Gaeilge nó a raibh plé éigin acu leo:
-
Christopher Morris, bunaitheoir an LFM
-
Maolsheachlainn Ó Caollaí, uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (1968–74)
-
Gay Byrne, craoltóir agus láithreoir an Late Late Show
Rinneadh na hagallaimh idir 2010 agus 2013 mar chuid de thaighde ní ba leithne dochtúireachta faoi bheartas teanga an stáit sna 1960idí. Sa taighde úd, scrúdaíodh an chaoi ar éirigh achrann, ar bhonn idé-eolaíochta, idir an LFM agus Conradh na Gaeilge maidir le ceist na Gaeilge éigeantaí le linn thréimhse na 1960idí (Rowland 2014a).
Is í an anailís dioscúrsa a chleachtfar chun meabhair a bhaint as an bhfaisnéis cartlainne agus agallaimh araon. Faoin gcur chuige úd, aithnítear acmhainn agus tualangacht na teanga chun feiniméin shóisialta a léirmhíniú agus a chur in iúl san idirghníomhaíocht shóisialta. Trí dhianscagadh a dhéanamh ar shraith téacsanna, a chuimsíonn idir fhoinsí clóite agus fhaisnéis agallaimh, is féidir leis an taighdeoir léargas a fháil ar na bríonna éagsúla sóisialta a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an domhan sóisialta. Nuair a thiomsaítear na bríonna sin in éineacht, is é an dioscúrsa a thagann chun solais mar thoradh air. Is éard is dioscúrsa ann ná an cnuasach smaointe agus tuiscintí a thagann chun cinn mar thoradh ar dhaoine a bheith ag sáraíocht ar a chéile faoin iliomad ceisteanna sóisialta: ról agus stádas na Gaeilge in RTÉ i gcás na haiste seo (Bryman 2008: 508–9).
Comhthéacs na 1960idí
Deir Daly (2016: 1), agus an tréimhse idir luathbhlianta an stáit anuas go dtí na 1950idí faoi thrácht aici, gur thug beartas oifigiúil an rialtais tús áite do shaol na tuaithe, agus don chultúr Gaelach mar aon leis an teagasc Caitliceach. An toradh a bhí air sin, dar le Garvin (2004: 182), ná gur thug bunaíocht an stáit droim láimhe le béascnaí an tsaoil uirbigh chun saol na tuaithe a chur chun cinn mar shuáilce shóisialta an náisiúin:
There was certainly a less than full acceptance of the proposition that the future might actually be post-agrarian and urban. Not that some did not understand that an urban and non-farm economy was necessary, but rather that they intensely disliked the cultural and civilisational changes that it would entail (Garvin 2004: 62).
Faoi na 1950idí, áitíonn Garvin (2004: 182) go raibh an Éire Ghaelach Chaitliceach, a chum agus a cheap glúin na réabhlóide, ina bagairt ar ‘the real English-speaking and urban Ireland that was emerging around them.’ Bíodh sin mar atá, bhí athruithe móra sóisialta ar na bacáin agus an tír ag druidim leis na 1960idí. Tharla na hathruithe sin, dar le Brown (2004: 199), de dheasca na heisimirce as éadan a tharla le linn na 1950idí. Léirigh fairsinge na heisimirce sin, a deir sé, go raibh cúl á thabhairt ag an bpobal le saol na tuaithe.
Lena linn sin, measann Ó Tuathaigh (2011: 86) go raibh cuma spíonta ar sheanfhondúirí an chogaidh chathartha a bhí fós i gceannas ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael. D’éirigh Éamon de Valera agus Risteárd Ó Maolchatha as in 1959 agus tháinig an dara glúin polaiteoirí i gcomharbacht orthu. Ba dhaoine iad sin den chuid ba mhó a rugadh tar éis don tír neamhspleáchas a bhaint amach agus iad bíogtha glacadh le tionchair sheachtracha dá réir (Brown 2004: 232). Bhí sochaí na hÉireann ag athrú ar luas mire ag an am agus an bhéim á leagan ag an aos polaitiúil ar an bhforbairt gheilleagrach feasta, go mór mór ó foilsíodh an Páipéar Bán The Programme for Economic Expansion, ó pheann T.K. Whitaker, sa bhliain 1958. Deir Ó Tuathaigh (2011: 86) gur chuir sin tús le ré na hoscailteachta agus na saorthrádála in áit an chosantachais a bhíodh ann cheana.
Ba é Seán Lemass a tháinig i gcomharbacht ar de Valera mar Thaoiseach in 1959. Ba dhuine é Lemass nár spéis leis an Ghaeilge ná an athbheochan (Walsh 2022: 157), ach an oiread le James Dillon a tháinig i gcomharbacht ar Risteárd Ó Maolchatha mar cheannaire ar Fhine Gael an bhliain chéanna. D’fhág sé sin go raibh sprioc athbheochan na Gaeilge á himeallú, rud ab fhollas do ghluaiseacht na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Oideachais, an Dr Pádraig Ó hIrghile, sa bhliain 1960 go raibh sé beartaithe na coláistí ullmhúcháin a dhúnadh (Ó Caollaí 2013: 38). Ghin na hathruithe seo, a deir Brown (2004: 255), díospóireacht bhríomhar chonspóideach i measc cuid den phobal faoi na himpleachtaí a bheadh ag an mbeartas geilleagrach nua ar an teanga, ar an traidisiún agus ar an idé-eolaíocht shainiúil a bhain leo: ‘The new Ireland, vigorously in pursuit of economic development, had set in motion […] a process which would destroy the core of nationality, the spiritual heart of the nation, the Irish language itself’ (Brown 2004: 264).
Teacht na teilifíse
Bhí Seán Lemass ar a bhionda, a deir Bowman (2011: 92), an geilleagar a thabhairt isteach sa nua-aois agus a chur in oiriúint do riachtanais na forbartha; chonacthas dó gurbh fhéidir earraíocht a bhaint as meán úr na teilifíse lena aghaidh sin. Ach an oiread leis an bhfás as cuimse a bhí ag teacht ar gheilleagar na tíre ag an am, siombail den fhorbairt agus den dul chun cinn a bhí i mbunú an stáisiúin nua teilifíse in Éirinn ar an 31 Nollaig 1961: ‘The development of television in Ireland has been very important in relation to debates about modernity. In the 1960s, a national TV network, like a national airline, became an important symbol of development’ (Share et al. 2012: 359).
D’fhéadfaí a rá go ndéantaí idéalú agus rómánsú ar bhéascnaí agus ar shlí mhaireachtála na tuaithe i scéal an náisiúin Éireannaigh san fhichiú haois; ionchollú ar shaol statach traidisiúnta neamh-ábhartha a bhí ann (Ó Torna 2005; Nic Eoin 2018). Bhí an íomhá agus an chonstráid sin ag teacht faoi an-bhrú sna 1960idí óir bhí an mheánaicme uirbeach ag bailiú nirt agus í teanntásach muiníneach á cur féin i láthair (Garvin 2004; Share et al. 2012). Le teacht na teilifíse go hÉirinn, tugadh dúshlán foinsí traidisiúnta an chultúir, an Ghaeilge agus an eaglais Chaitliceach cuir i gcás, agus bhí meán úrnua ar fáil trína bhféadfadh an mheánaicme nua a cuid mianta a chur chun cinn. Measann Share et al. (2012: 359) go raibh béascnaí sóisialta na meánaicme nua ag teacht faoi anáil mhór-roinn na hEorpa, rud a bhain an bonn d’fhorlámhas na tuaithe agus an chultúir dhúchais sa saol náisiúnta. Sampla den athrú béascnaí sin, dar le Brown (2004: 249), ba ea pobal na hÉireann a chur i dtreo an tomhaltachais. Áitíonn Bowman (2011: 224) gur thug an teilifís dúshlán bhunaíocht na hÉireann sna 1960idí, bunaíocht ina raibh an eaglais, lucht na polaitíochta agus lucht na Gaeilge go mór i gceist. Dá réir sin, bhí an teilifís mar chuid de phróiseas ní ba leithne a chuir dlús le hathruithe sóisialta sa tsochaí, mar a mhínítear sa dá shliocht athfhriotail seo thíos le Bowman agus le Kiberd:
Of course the sheltered country of the 1950s was already destined to change, but television greatly accelerated that change and the Irish establishment who were so dominant in 1960 – whether politicians, churchmen or Gaeilgeoirs (sic) – scarcely saw it coming (Bowman 2012: 5).
Television became the device by which a long-repressed community learned once again how to talk to itself; and in the process that society was forced to confront much that had long gone unadmitted (Kiberd 1995: 567).
I gcomhthéacs sin an nua-aoisithe sa saol cultúrtha agus geilleagrach chomh maith le himeallú na Gaeilge sna réimsí céanna, tá sé den tábhacht an cheist a tharraingt anuas faoin ról a bheadh ag an nGaeilge sa tseirbhís nua teilifíse, téama a phléifear anois.
An Ghaeilge sa tseirbhís nua teilifíse
Is é an státseirbhíseach, León Ó Broin, a bhí ina Rúnaí ar an Roinn Poist agus Telegraf idir 1948 agus 1967, is mó a luaitear le coincheap an stáisiúin teilifíse náisiúnta chomh fada siar le 1950 (Bowman 2011: 13; Savage 1996: 7). Deir Breathnach agus Ní Mhurchú (2023a) go raibh Ó Broin ‘ar na státseirbhísigh ab oirirce sa chéad daichead bliain den stát.’ Ba í an tseirbhís nua teilifíse an cheist ba mhó a bhí ar a aire le linn bhlianta cinniúnacha na 1950idí, tráth a raibh díospóireacht agus allagar ar bun faoin leagan amach a bheadh ar an tseirbhís nua. Thug Ó Broin faoi deara gur tháinig borradh mór faoi earnáil na teilifíse sa Bhreatain, sa Fhrainc agus i Meiriceá tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ina fhianaise sin, ba cheart taighde a dhéanamh ar an gceist in Éirinn, dar leis, féachaint ar an éileamh a bheadh ann dá leithéid (Ó Broin 1986: 203). Cuireann Bowman (2011: 14) in iúl gur ag snámh in aghaidh easa a bhí Ó Broin ag achainí ar an Roinn Airgeadais, a raibh cáil choimeádach sprionlaitheach uirthi riamh anall (Ó Tuathaigh 2020: 4), go raibh a leithéid de sheirbhís ag teastáil.
Bunaíodh Coimisiún na Teilifíse in 1958 le cíoradh a dhéanamh ar na múnlaí ab fhearr a d’fheilfeadh chun an tseirbhís nua a riaradh chomh maith le plé a dhéanamh ar na suáilcí agus na duáilcí a bhainfeadh leis an meán úr cumarsáide (Savage 1996: xv). Ceist eile nár mhór a chur sa mheá ba ea an chaoi a bhféadfaí an chruinneshamhail agus an cultúr náisiúnta a chur i láthair trí bhíthin na teilifíse. Cuireadh an tuarascáil deiridh faoi bhráid an rialtais i mí na Bealtaine 1959; ba thuarascáil í sin inar tarraingíodh ar aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara agus ar fhianaise ó fhinnéithe éagsúla (Savage 1996: 113). Ba í an bhuncheist, ar ghá fuascailt a fháil uirthi, ná arbh fhearr múnla tráchtála nó múnla seirbhíse poiblí a chur i bhfearas le haghaidh na seirbhíse nua? Ba ag cur ar son an mhúnla seirbhíse poiblí a bhí Ó Broin féin (Ó Broin 1986: 210), ní nach ionadh i bhfianaise na mblianta fada a bhí caite aige sa státseirbhís ó 1925 i leith:
He established and served on a departmental committee that studied all facets of launching a television service (1953). In testimony before the television committee established in 1957 to consider applications from private interests to operate a proposed commercial television service, he argued vigorously for public ownership and operation, an intervention that strongly influenced the government volte-face of 1959 to reject a commercial service and establish an independent statutory public authority to control and operate both radio and the new television service (White 2009).
B’fhearr go mór fada, dar le hÓ Broin (1986: 210), mura mbeadh aon tseirbhís náisiúnta teilifíse ann ar chor ar bith ‘if the alternative was to allow private commercial interests to take over.’ Fógraíonn Savage (1996: 146) agus Bowman (2011: 15) beirt gur chuir corparáidí éagsúla idirnáisiúnta aighneachtaí faoi bhráid an rialtais toisc gur spéis leo an ceadúnas a bhuachan chun an tseirbhís nua teilifíse a chur ar fáil. Grúpa eile a raibh spéis acu ann ná Gael Linn a chuir iarratas i dtoll a chéile chun an conradh a fháil in 1959; ba é Dónall Ó Móráin a bhunaigh Gael Linn in 1953 (féach: Breathnach agus Ní Mhurchú 2023b). Míníonn Maolsheachlainn Ó Caollaí, a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (1968–74), an scéal:
Faoin am a [bunaíodh Teilifís Éireann] bhí Lemass ina Thaoiseach agus, ar ndóigh ní raibh Gaeilge aige ná tuiscint aige ar a tábhacht. Is cosúil go mbeadh seisean breá sásta comhlacht Meiriceánach a chur i mbun an stáisiúin náisiúnta teilifíse agus é ag feidhmiú ar bhonn tráchtála agus go raibh beart mar sin á chur i ngníomh. Bhí Gael Linn in ard a mhaitheasa ag an am agus thairg siad an stáisiún a bhunú agus a reáchtáil. Táthar ann a mheasann gurb é sin an fáth nár tugadh an stáisiún do chomhlacht Meirceánach agus gur bunaíodh Raidió Teilifís Éireann (le nach mbeadh an stáisiún ag Gael Linn agus nach mbeadh orthu a rá go raibh siad á thabhairt do chomhlacht Meirceánach mar rogha ar Ghael Linn) (Ó Caollaí 2011).
Is í téis Uí Chaollaí, mar sin de, ná nár mhian leis an stát go mbeadh Gael Linn i mbun an stáisiúin ach nár theastaigh uathu an méid sin a rá go glan amach. Díol náire a bheadh ann an conradh a bhronnadh ar chomhlacht Meiriceánach, dar le hÓ Caollaí, fad is a bhí Gael Linn fós san iomaíocht. Ba é sin ab údar le ‘volte-face’ an rialtais ‘to reject a commercial service and establish an independent statutory public authority to control and operate both radio and the new television service’ (White 2009). Ag tagairt dó d’eagrán den Irish Radio and Electrical Journal (Aibreán 1959), leagann Savage amach cuid de na húdair imní a bhain le hiarratas Ghael Linn, dar leis an iris sin:
The television industry feared that if Gael-Linn was granted a concession to operate a television service, the result would be disastrous, as Gael-Linn would use the medium to pursue its own, narrow political and cultural agenda. This would alienate a majority of viewers, who were primarily interested in popular entertainment programs. In such circumstances the public would not purchase television sets and the station would be a financial failure (Savage 1996: 178).
Ba é an tuairim bhunúsach a bhí ag Conradh na Gaeilge ná gur cheart go mbeadh beartas teanga Theilifís Éireann mar chrann taca ag beartas teanga an stáit, ar an mbunús gurbh eagras náisiúnta é Teilifís Éireann (Conradh na Gaeilge 1962: 3). Chuige sin, tugann Bowman (2011: 61) fianaise gur mheas Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur cheart úsáid fhónta a bhaint as an tseirbhís nua teilifíse chun meath na Gaeilge a chur ar mhalairt slí. Bhí an tuairim cheannann chéanna le tabhairt faoi deara i dtuarascáil eatramhach a d’fhoilsigh Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge i mí an Mhárta 1959 (Walsh 2022: 255).
Agus mír a 17 den Acht um Údarás Craolacháin á meas, ní fhéadfaí a rá go bhfuil diongbháilteacht agus díocas thar na bearta, i leith sprioc an athréimnithe teanga, le tabhairt faoi deara ann: ‘coimeádfaidh an tÚdarás i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích’ [liomsa an cló Iodálach]. Bhí tiomantas ní ba laige fós ag roinnt le briathra an ard-stiúrthóra nuacheaptha, an Meiriceánach Edward Roth, in agallamh a rinne sé leis an RTV Guide cúpla seachtain sular seoladh Teilifís Éireann. Dá dheasca sin, deir Bowman go mbeadh míshuaimhneas le brath i measc ghluaiseacht na Gaeilge maidir le lárnacht (nó a mhalairt) na teanga sa tseirbhís nua:
Edward Roth, when asked about the place of Irish in the new service, would not have given great reassurance to the Gaeilgeoirs (sic) with his reply: ‘I shall work towards giving the Irish people the kind of service they want. And we shall abide by our statutory obligation to the language.’ Nor would they have been reassured by one of his asides: ‘One of the results of audience research might be that ratings of programmes in Irish might seriously injure the progress of the Irish revival movement.’ On minorities – he was probably thinking of the language lobby – Roth said that minorities would be catered for ‘in a minor way. But minorities here seem to be able to look after themselves. They are more vigorous and articulate here than in any other country’ (Bowman 2011: 12).
Chuir an chaint seo ó Roth imní mhór ar Chonradh na Gaeilge faoina mbeadh i ndán don Ghaeilge ar an tseirbhís nua teilifíse (Conradh na Gaeilge 1962: 1). I meamram a chuireadar i dtoll a chéile sa bhliain 1962, dar teideal Telefís Éireann, cuirtear abhaile ar an léitheoir an tábhacht a bhain le mír 17 den acht: ‘gan é a bheith ann, is ar éigean a bheadh aon chúis mhór bhunúsach ann go mbeadh Seirbhís Telefíse dár gcuid féin againn chor ar bith’ (Conradh na Gaeilge 1962: 1).
Mar sin féin, b’eagal leis an gConradh go mbeadh an teilifís ‘á húsáid i gcoinne mian chroí an Náisiúin’ agus gurbh iad ‘buanú an Bhéarla agus buanú an choncais ghallda chultúrtha’ an oidhreacht a d’fhágfadh an teilifís ina diaidh (Conradh na Gaeilge 1962: 3–4): ‘Ní bheidh muinín ag an bpobal as an Rialtas ná as an Údarás Telefíse mura bhféachann siad chuige go mbeidh an Telefís ag fónamh don Náisiún trí chomhlíonadh Mhír 17 den Acht’ (Conradh na Gaeilge 1962: 6).
Conradh na Gaeilge
Is é tuairim Uí Chaollaí (2011) ná go raibh Teilifís Éireann ‘an-ghallda’ nuair a bunaíodh é. An t-údar a bhí leis sin, dar leis, ná gur tháinig na smaointe, na nósanna agus na modhanna oibre chomh maith leis an bhfoireann oilte ón BBC:
Bhí Lemass i gcumhacht ag an am sin; bunaíodh Teilifís Éireann ar mhúnla Shasana an BBC agus bhí a lán de na daoine a bhunaigh é agus a bhí taobh thiar de, fuair siad a gcuid oiliúna ón BBC agus ITV. Bhíodar thall i Sasana agus tógadh daoine anall as Sasana chun an córas a chur ar bun anseo. Mar gheall ar na daoine a cuireadh i gceannas ag an tús agus na smaointe a bhí taobh thiar de na cláracha, is aithris a bhí ann (Ó Caollaí 2011).
Ina theannta sin, ceapadh an craoltóir aitheanta Eamonn Andrews ina chathaoirleach ar an Údarás (1960–66). Bhí na blianta caite ag Andrews ag craoltóireacht ar Raidió Éireann agus ar an BBC (White agus McDonagh 2009). Ba dhuine é Andrews, i dtuairim Uí Chaollaí (2011), a bhí ‘galldaithe go smior’ agus nach raibh aon ‘tuiscint ná meas aige ar an nGaeilge ná ar athréimiú na Gaeilge’ (Ó Caollaí 2011). D’fhógair Andrews i mí Aibreáin 1966 go raibh sé le héirí as an gcathaoirleacht, ar bhonn prionsabail, toisc gur éirigh easaontas idir é agus baill eile den Údarás, go háirithe ó ceapadh Dónall Ó Móráin in 1965, de bharr a laghad Gaeilge a bhí ar RTÉ (Ó Gairbhí 2017: 11). Tugann Mac Con Iomaire (2000: 412–414) le fios, áfach, nach raibh Andrews le hathcheapadh tar éis a chéad téarma, beag beann ar an gclampar sin faoin nGaeilge. D’fhéadfaí a rá, mar sin de, go raibh Andrews ag tochras ar a cheirtlín féin ag maíomh gurbh é an ‘language lobby’ ba chúis lena dhíbirt.
Bhí an-ghean ag Gay Byrne ar Eamonn Andrews mar chraoltóir agus bhí tionchar ag Andrews ar chinneadh Byrne dul leis an gcraoltóireacht an chéad lá riamh (Kenny 2021: 177). In alt léi ar Studies, deir an t-iriseoir agus an tráchtaire, Mary Kenny, gur mheas Byrne féin go raibh sé ina phréachán i measc na bpéacóg sa chraoltóir náisiúnta de bharr a laghad spéise a bhí aige sa Ghaeilge agus a laghad urraime a thug sé di. Tugtar le fios nach raibh Byrne sáite sách mór sa náisiúnachas chun go mbeadh sé feiliúnach don chraoltóir náisiúnta: ‘He reckoned he wasn’t a good fit for the national broadcaster. ‘I [Byrne] played jazz and hated Irish music; I didn’t speak Irish, apart from the minimum … and my father was not in the GPO in 1916’’ (Kenny 2021: 177).
Measann Ó Caollaí go raibh Byrne fuar patuar i leith na Gaeilge. Bhí Proinsias Mac Aonghusa den tuairim gurbh iomaí duine in RTÉ a bhí ar an gcaoi chéanna, bíodh is go n-admhaíonn sé chomh maith go raibh daoine eile ar an bhfoireann a bhí dílis don Ghaeilge (é féin ina measc, is dócha):
[…] bhí imní sa Chonradh faoi RTÉ mar uirlis Galldaithe agus frithGhaelach. Bhí údar maith leis sin; in ainneoin daoine a bheith ar an bhfoireann a bhí dílis don Ghaeilge agus do ‘Éire na nGael’, bhí cuid de mháistrí an stáisiúin chraolta ar a mhalairt ar fad de thuairim. Ní shin amháin é ach, ar feadh i bhfad bhí tromlach ar Údarás RTÉ a bhí naimhdeach don [sic] Ghaeilge nó neodrach fúithi. Ba bheag clár Gaeilge a bhí ar na scáileáin agus ba ghortach iad na fearais agus na buiséid a bhí ann dóibh (Mac Aonghusa 1993: 351).
In ainneoin údair imní an Chonartha faoi chúrsaí foirne agus faoi líon na gclár Gaeilge (Conradh na Gaeilge 1962: 2), díol suntais agus spéise is ea gur mheas an LFM go raibh RTÉ ag cur thar maoil le ‘Gaeilgeoirí’ agus go mbeadh an t-eagras báúil leis an nGaeilge (go hoifigiúil ar aon chaoi), mar a deir Christopher Morris (príomhbhunaitheoir an LFM):
I do suspect that a lot of Gaeilgeoirí are embedded in it [RTÉ] because it was part of the policy; I mean it’s a national organisation and its main medium source is language so it would have been trying to encourage Irish, officially anyway (Morris 2010).
Lena chois sin, bhí ar RTÉ tuairim is leath dá chuid airgid a fháil as fógraíocht (Ó Caollaí 2011). Bhí tionchar ag an tsamhail ghnó tráchtála sin, dar le hÓ Caollaí, ar aschur an stáisiúin. Ar an mbonn go raibh fógróirí le mealladh agus le sásamh ag an tseirbhís, áitíonn Ó Caollaí go ndeacthas i dtuilleamaí ábhair Angla-Mheiriceánaigh mar fhoinse clár teilifíse. Aithníonn Brown an dúshlán céanna, rud a d’fhág go raibh Éire ag teacht faoi anáil chultúr na Breataine:
Much of the material broadcast on RTÉ was of British and American origin. The advertisements were sometimes British-made on behalf of British products, while Irish made advertisements on behalf of Irish goods and services, where a company could afford it, were created for an audience accustomed to British advertising techniques. One effect therefore of extended viewing of the national television channels (a second channel began broadcasting in 1978) was a sense of Ireland firmly within the British commercial sphere of influence (Brown 2004: 249).
Ina fhianaise sin, chonacthas do Chonradh na Gaeilge go raibh ‘tiarnas cultúir’ agus ‘comhshamhlú’ á mbrú ar Éirinn faoi thionchar an ollchultúir réamhdhéanta Angla-Mheiriceánaigh a bhí ag déanamh ionraidh ar an tír trí bhíthin clár teilifíse ón iasacht (Ó Caollaí 2011). Agus seachadadh idirnáisiúnta na gclár teilifíse sin faoi thrácht, léirigh taighde a rinne Kaarle Nordenstreng agus Tapio Varis, as Ollscoil Tampere san Fhionlainn, gur shruth aon bhealaigh a bhí ann; is é sin le rá gurbh iad na cultúir mhóra cheannasacha a dhéanadh na cláir a scaipfí ar na mionchultúir dá mbuíochas (Nordenstreng agus Varis 1974). Mar fhreagra ar an sceimhle cultúir sin, bhí blaiseadh láidir den ‘nua-choilíneachas’ agus den ‘nua-impiriúlachas’ (Ó Tuathaigh 2011: 105) le tabhairt faoi deara i ndioscúrsa an Chonartha in imeacht na 1970idí; ba dhioscúrsa é sin ar buaileadh friotal air i bhfoilseacháin éagsúla: Géarchéim na Gaeilge (Conradh na Gaeilge 1976), New Modes of Cultural Domination (Schiller 1978) agus Tiarnas Cultúir: Craolachán in Éirinn (Ó Caollaí 1980).
Gay Byrne
Is iomaí iarmhairt a bhí ag meán na teilifíse ar an tsochaí ó na 1960idí i leith. Deir Bowman (2011: 227) gur oscailt súl agus aigne a bhí i ndán don phobal mar gheall ar theacht chun cinn na teilifíse óir pléadh téamaí, agus nochtadh eolas, ar an meán nua a bhíodh ceilte ar dhaoine roimhe sin. Sa chaoi sin, áitítear gur chuir an teilifís ardán ar fáil don iliomad grúpaí ina bhféadfaidís a bheith ag sáraíocht ar a chéile faoi cheisteanna achrannacha polaitíochta, sóisialta agus féiniúlachta na linne: ceist na Gaeilge, ról na heaglaise sa tsochaí, cúrsaí collaíochta agus frithghiniúna (Garvin 2004: 274; Ferriter 2009: 374).
‘Fóram náisiúnta’ ba ea an Late Late Show ina gcuirtí friotal ar na díospóireachtaí iomadúla sin ar fad (Bowman 2011: 227). Is mar gheall air sin a mhaíonn Garvin (2004: 274) gurbh é Gay Byrne an craoltóir ba mhó tábhacht agus tionchar lena linn. Ba chraoltóir é ar éirigh leis ceisteanna agus téamaí a tharraingt anuas ar an Late Late Show ag am tráthúil, rud a d’fhreagair do ‘zeitgeist’ na linne dar le Kenny:
Very quickly, the ‘Late Late’ came to be central to Irish national life. Gay’s sure sense of the zeitgeist became an instrument of social change from the middle 1960s up to the end of the twentieth century. This necessarily included focusing on the realm of the Catholic Church, which was held to be Ireland’s dominating influence (Kenny 2021: 178).
Dá bhailí an méid sin faoi thionchar an Late Late Show ar chlaochlú na sochaí, díol suntais is ea go ndeir Diarmaid Ferriter ‘various, often extravagant claims have been made about its impact’ (2009: 374). Ba é an rud ba mhó a d’fheil do lucht déanta clár, dar le Bowman, ná go mbeadh dhá chéile chomhraic ar stáitse, a bhí glan i gcoinne a chéile ó thaobh meoin de, agus nach ngéillfidís orlach sna hargóintí a bhí acu (Bowman 2011: 229): ‘This was ultimately about show business, with the row or heated discussion coming at the end; it was also risky, in the sense that it was always a gamble to have an unedited live show’ (Ferriter 2009: 374).
Bhí gluaiseacht na Gaeilge, chomh maith le lucht a cáinte, sásta an cúram sin a ghlacadh chucu féin. Ar an gcaoi sin, chuaigh Dónall Ó Móráin agus an t-aisteoir Joe Lynch in adharca a chéile ar an Late Late Show in 1965 agus ceist na Gaeilge mar chnámh spairne acu. ‘Robust fight’ a bhí ann, dar le Byrne (2013): ‘There was an incandescent row on the show between the actor Joe Lynch – who questioned the sacred cow that was the language movement at that time – and Donal Ó Moráin, the most recognisable leader of that movement’ (Freyne 2019).
Deir Byrne gurbh é sin an chéad chlár de chuid an Late Late Show a raibh conspóid ag baint leis óir níor cheadmhach an beartas teanga a cháineadh ar Raidió Éireann roimhe sin, dar leis: ‘Things were said for the first time which never would have been uttered on Raidió Éireann prior to this. Criticism of the Irish language or of compulsory Irish was not tolerated on Raidió Éireann’ (Byrne 2013).
Mheas Byrne gur cheart an Ghaeilge a chosaint ach admhaíonn sé, chomh maith, gur cheist an-íogair í ceist na Gaeilge a mbeadh díograiseoirí teanga an-ghoilliúnach fúithi nuair a dhéanfaí iarracht an beartas teanga a phlé:
[…] I found during several discussion programmes on the Irish language that this is a subject that will never be laid to rest peacefully. I believe that Irish should be preserved, and so do we all. But I object to fanaticism on this score, as on any other, and for some reason the Irish enthusiasts are among the most fanatical of any group in this country (Byrne agus Purcell 1989: 156).
Nuair a chuir mé agallamh ar Byrne in 2013, bhí sé deimhin de nach raibh sé i gcoinne na Gaeilge ach gur theastaigh uaidh ceisteanna bailí a tharraingt anuas faoin nGaeilge éigeantach. Ina theannta sin, deir sé go raibh ‘ag teip’ ar an nGaeilge éigeantach beag beann ar an ‘airgead mór’ a caitheadh ar an mbeartas teanga sin ó bunaíodh an stát (Byrne 2013). Bhí Byrne báúil leis an LFM ar an mbunús sin, dar leis. Léiríonn seo, freisin, go raibh an dioscúrsa a chleacht Byrne, agus an Ghaeilge éigeantach á léirmhíniú aige, ag teacht a bheag nó a mhór le meon an LFM.
Byrne agus an LFM
Tar éis an scliúchais a thit amach ag cruinniú iomráiteach an LFM i dTeach an Ardmhéara in 1966 (Rowland 2012: 10–13), shocraigh an eagraíocht cruinniú poiblí eile a thionól san ionad céanna ar an 10 Márta 1967. Mar chruthúnas ar an mbá a bhí ag Byrne leis an LFM, bhí sé ina chathaoirleach ar an dara cruinniú sin i dTeach an Ardmhéara. Ba é an chaoi ar tharla sin ná gur chuir an t-údar John B. Keane, duine de phátrúin an LFM (Rowland 2014b: 24–27), glaoch ar Byrne féachaint an mbeadh aon spéis aige a bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú a bhí beartaithe. Dúirt Byrne (2013) nach raibh sé ina bhall den LFM agus go raibh leisce air a bheith bainteach leis an gcruinniú. Idir an dá linn, cháin rúnaí parlaiminte an Taoisigh, Michael Carty, an LFM ar an mbonn gur mhian leis an eagraíocht, dar leis, ‘to abolish the Irish language and were deliberately trying to incite people and to set aflame public passion’. Dá bharr sin, ‘the LFM meeting should be proscribed by the Government in accordance with Article 40 of the Constitution’, dar le Carty (Irish Press 1966: 12). Deir Byrne gur chuir an ‘proscription’ sin isteach go mór air toisc gur thug sé le fios gur ‘insidious organisation’ é an LFM. Chuir Byrne glaoch ar ais ar Keane agus dúirt sé go mbeadh sé sásta a bheith ina chathaoirleach mar ‘agóid phearsanta’ i gcoinne ráiteas Carty. Ar aon dul leis sin, measann Christopher Morris gurbh í ceist na saoirse cainte a bhí ag déanamh tinnis do Gay Byrne:
His attitude was exactly the same as mine, this is an issue of freedom of speech; we’re entitled to stand up and say we object to the language policy and why. In the first meeting in the Mansion House, the very idea of holding this meeting was what outraged the Gaeilgeoirí (Morris 2010).
Ag breathnú dúinn ar chartlann an LFM (G44), léirítear inti gur theastaigh ón LFM go gcaithfí solas ar na cnámha spairne a bhí acu ar chlár de chuid an Late Late Show. Chuige sin, scríobh Christopher Morris litir chuig Gay Byrne i mí Iúil 1969. Ba í Pan Collins, an príomhthaighdeoir ar an gclár, a scríobh ar ais chuig Morris. Dúirt sí go raibh Byrne toilteanach ariamh ceist na teanga a phlé ar an gclár ach ba é an breac sa bhainne ná nárbh fhurasta ‘prominent Gaelgoir’ a mhealladh a bheadh mar chéile comhraic ag an LFM:
This does not mean that we have given up on it, just that we will keep on trying until someone agrees to take part in a discussion, and as soon as this happens we will certainly be in touch with you (Collins 1969).
Díol suntais is ea an chaoi a dtarraingíonn Collins dioscúrsa na coimhlinte agus an aighnis chuici féin agus an díospóireacht idir an LFM agus gluaiseacht na Gaeilge faoi chaibidil aici; luann sí ‘suitable protagonist’ ‘to join you in the arena’ mar shampla (Collins 1969). Tá sé le tuiscint ón méid a deir Collins gur féidir claí glan néata a thógáil idir an dá thaobh den díospóireacht agus, ar an gcaoi sin, séantar aon chaolchúis a bhainfeadh leis an bplé. Níos faide ar aghaidh sa litir chéanna, nochtann Collins tuairimí pearsanta i leith na Gaeilge éigeantaí agus léiríonn sí go bhfuil sí báúil le cúis an LFM:
I saw your performance on ‘Feach’ (sic) and thought it was in its way a great breakthrough, insofar as it showed willingness on the part of the Gaelgeoiri (sic) to admit to the possibility of a dialogue. It never ceases to amaze me that they continue to misunderstand your movement and the wishes of parents all over the country. I know you have no desire to abolish the teaching of Irish, and indeed I believe that your ideas are perfectly compatible with any sincere wish to see the language survive. It is the mistaken compulsory factor in the State examinations that has built up so much resistance and given us a measure of illiteracy in two languages (Collins 1969).
Glanaithris is ea an méid sin ar dhioscúrsa an LFM; is é sin le rá gur theastaigh uathu leas na teanga a dhéanamh trí pháistí na hÉireann a fhuascailt ó laincisí na hathbheochana sa chóras oideachais agus gurbh é sin an chúis ar mhian leo droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge éigeantach. Tagraítear chomh maith do théama na neamhlitearthachta, téama a bhí i mbéal an phobail de bharr na tuarascála taighde, Bilingualism and Primary Education, leis an Athair John MacNamara a foilsíodh in 1966. Sa saothar úd, rinne MacNamara anailís chomparáideach idir scoláirí bunscoile in Éirinn agus a macasamhail sa Bhreatain féachaint cén tionchar a bhí ag an dátheangachas ar chumas Béarla na scoláirí in Éirinn. De réir na comparáide a rinneadh bhí páistí na hÉireann i bhfad chun deiridh. An t-údar a bhí leis sin, dar le MacNamara, ná gur caitheadh ní ba lú ama ag plé leis an mBéarla in Éirinn mar gheall ar a lárnaí is a bhí an Ghaeilge sa chóras oideachais. Ba é an tátal lom a baineadh as sin ná go raibh droch-éifeacht ag an athbheochan ar chumas Béarla páistí in Éirinn (MacNamara 1966: 137–8). Bunaithe ar an meastachán a rinne MacNamara, caitheadh 42% den am teagaisc sa bhunscoil ar an nGaeilge le hais 22% ag plé leis an mBéarla in ainneoin gurbh é an Béarla teanga dhúchais fhormhór mór na ndaltaí (MacNamara 1966: 135). Bíodh is gur tarraingíodh ceisteanna anuas faoin modheolaíocht a chleacht MacNamara, agus faoina iontaofa is a bhí na torthaí taighde (Williams 1967; Lambert agus Tucker 1973; Cummins 1977), deir Ó hIfearnáin (2009: 565) go raibh an-drochthionchar ag an taighde seo ar chúis an tumoideachais, agus ar chlú an oideachais dhátheangaigh trí chéile, i súile an phobail sna 1960idí. Léiríonn litir Collins, a scríobhadh i mí Iúil 1969, go raibh tuiscintí MacNamara fós i mbéal an phobail.
Le linn 1970, chraol RTÉ sraith dar teideal ‘Watch your Language’ á chur i láthair ag Jim Sherwin. An aidhm a bhí leis an gclár ná cinniúint na Gaeilge a phlé i gcomhthéacs chumhacht an Bhéarla mar mhórtheanga dhomhanda. Sheol Jane Carroll, duine de bhaill choiste an LFM, litir chuig Ard-Stiúrthóir RTÉ, T.P. Hardiman, ina ndearna sí casaoid faoin gclár agus faoin gclaontacht a bhí le tabhairt faoi deara ann, dar léi. Bhí éirim an chláir ag cur ar son athréimniú na Gaeilge, dar léi. Dhiúltaigh Hardiman scun scan don líomhain sin agus dúirt sé gur tugadh deis cainte do dhaoine a bhí in amhras faoin mbeartas teanga le linn an chláir, urlabhraí de chuid an LFM san áireamh, dar leis:
In the opening programme, and in several interviews and comments throughout other programmes in the series (including one in which a leading member of your organisation took part), comment on public disquiet as to certain aspects of the language restoration policy was elicited and given full and fair hearing (Hardiman 1970).
Dá gcleachtfaí aon chur chuige eile agus an clár á dhéanamh, bheadh sin ag teacht salach ar bhunaidhm an chláir; ba é sin anailís mhacánta a dhéanamh ar staid na teanga agus tuairimí ina leith (Hardiman 1970). Bíodh is gur cuireadh an dá thaobh den scéal i láthair sa chlár, dúirt Hardiman gurbh í an mhian ghinearálta ná a bheith fabhrach don Ghaeilge; ba é sin mar ba cheart é i bhfianaise na reachtaíochta craolacháin:
This is not to say that the series was not, in general intent, favourable to the language itself. It was – and this is as it should be. The Oireachtas, in the broadcasting legislation, places a special obligation on RTÉ in relation to the national aim of restoring the language; but, even if this obligation did not exist, RTÉ staff would regard it as part of their normal function to present programmes on and about the language as an important part of the national heritage, and hence something of intrinsic broadcasting worth (Hardiman 1970).
Ní dócha go raibh an LFM pioc sásta leis an bhfreagra sin óir foilsíodh duillín eolais a raibh ‘Some Facts about RTÉ’ mar theideal air (LFM c.1971). Sa duillín sin, déantar cur síos ar an LFM mar eagraíocht shíochánta, dhlíthiúil, bhunreachtúil nach bhfuil in aghaidh na Gaeilge ach ar mhian léi solas a chaitheamh ar an éagóir a d’fhulaing daoine áirithe de dheasca bheartas na hathbheochana. Ina ainneoin sin, tugtar le fios sa duillín nach bhfaigheann an LFM cothrom na Féinne ó RTÉ agus deirtear go neamhbhalbh go bhfuil leatrom á dhéanamh orthu:
In the 14 months ended 30.6.1971 RTÉ has not devoted even 50 minutes to LFM’s case! Rarely, however, does RTÉ miss an opportunity to give maximum coverage to the doings and sayings of the Gaelic Establishment.
RTÉ is determined to give only the Gaelic-Lobby point of view on every possible occasion when the language is discussed on radio and TV. The broadcasting authorities have failed to let you hear LFM policy on the language issue, – an issue which vitally concerns YOU AND YOUR CHILDREN! (LFM c.1971) (béim sa bhunleagan).
Léiríonn an méid sin go raibh RTÉ idir dhá thine Bhealtaine agus nárbh fhurasta ceachtar den dá thaobh a shásamh; bhí Conradh na Gaeilge den tuairim go raibh meon frithGhaelach i dtreis in RTÉ agus mheas an LFM go raibh RTÉ chomh plúchta sin ag bolscaireacht na Gaeilge nach bhféadfaidís caitheamh go cothrom leis an LFM.
Conclúid
Siombail thábhachtach den fhorbairt shóisialta gheilleagrach ba ea bunú Theilifís Éireann in 1961. Bunaíodh an tseirbhís nua teilifíse le linn tréimhse mórathruithe in Éirinn. Ar an gcaoi sin, bhí cur chun cinn an gheilleagair ina phort gríosaithe ag an stát, rud a d’fhág nach raibh athbheochan na Gaeilge ina príomhthosaíocht ag an aos polaitiúil ní ba mhó. Chomh maith leis sin, bhí an mheánaicme uirbeach ag teacht chun cinn, an LFM ina measc, agus ceisteanna á dtarraingt anuas acu faoina inmhianaithe is a bhí fís thréadach de Valera, gona béim ar an gcultúr dúchais, i gcomhthéacs Éire na 1960idí (Garvin 2004).
Chonacthas do ghluaiseacht na Gaeilge, faoi na 1960idí, go raibh an stát ag loiceadh ar a chuid dualgas chomh fada agus a bhain sé le hathréimniú na Gaeilge agus ba i gcomhthéacs sin chúlú an stáit a bunaíodh Teilifís Éireann in 1961. Ó tharla gurbh eagras stáit í Teilifís Éireann, chonacthas do Chonradh na Gaeilge, agus do Ghael Linn go deimhin, gur cheart go n-úsáidfí an teilifís mar ghléas a ghabhfadh chun tairbhe do ghnéithe eile den bheartas poiblí, athbheochan na Gaeilge mar shampla (Conradh na Gaeilge 1962: 3).
Má théitear i dtuilleamaí mheafar John Bowman gur ‘Window and Mirror’ é RTÉ trína léirítear agus trína bhfeictear caismirtí cultúir agus polaitíochta sa mhórphobal, ní nach ionadh go mbeadh na caismirtí ceannann céanna le tabhairt faoi deara laistigh de mhionsamhail RTÉ féin. B’amhlaidh a bhí ar ‘láthair choimhlinte RTÉ’ agus ceist na teanga faoi thrácht in imeacht na 1960idí, mar shampla: leisce an stáit an ceadúnas craolacháin a bhronnadh ar Ghael Linn; an doicheall a bhí ar Edward Roth roimh an nGaeilge; éirí as Eamoinn Andrews mar chathaoirleach in 1966. Léiríonn an t-ábhar cartlainne, a phléitear san aiste seo, gur dhlúthchuid de dhioscúrsa Chonradh na Gaeilge é go mbeadh an ‘comhshamhlú’ agus an ‘t-aonchineálú’ cultúrtha á mbrú ar Éirinn trí bhíthin na gclár teilifíse ón iasacht, ba é sin mar gheall ar a laghad clár Gaeilge a chraoltaí ar an teilifís (Conradh na Gaeilge 1962: 3–4).
I bhfianaise stádas RTÉ mar chraoltóir náisiúnta, luíonn sé le ciall go mbeadh ról lárnach ag an teanga náisiúnta ann. Bunaithe air sin, bhí lucht an LFM den tuiscint ariamh go raibh RTÉ ag cur thar maoil le Gaeilgeoirí. Bíodh is go bhfuil bunús éigin leis sin, ba é an tuiscint a bhí ag Maolsheachlainn Ó Caollaí ná go raibh meon gallda frithGhaelach i réim san eagraíocht mar gheall ar thionchar an BBC agus nach bhféadfadh na Gaeilgeoirí a bhí ag obair ann an taoide sin a chasadh. Ó tharla gur thug an teilifís dúshlán bhunaíocht na hÉireann sna 1960idí – bunaíocht ina raibh an eaglais, lucht na polaitíochta agus lucht na Gaeilge go mór i gceist (Bowman 2012: 15) – ní nach ionadh go mbeadh cuid de na híomhánna cultúrtha sin á stróiceadh as a chéile ag Teilifís Éireann: ‘television could not be other than subversive of the establishment’ (Bowman 2011: 224). I gcomhthéacs sin mhian íolbhristeach na 1960idí, ní mór cuimhneamh, chomh maith, ar ráiteas Lemass agus é ag tagairt do chomóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca in 1966: ‘Forget the Island of the Sean Bhean Bhocht and think of Ireland of the technological expert’ (Ferriter 2015: 363). Bhí rian den mheon fóntaíoch réasúnach sin go mór i gceist sa dioscúrsa faoin nGaeilge sna 1960idí, agus go háirithe i measc cuid den mheánaicme uirbeach (Garvin 2004: 62). Ba dhaoine iad sin, a chuimsigh eite den LFM go deimhin, ar theastaigh uathu a bheith ag breathnú chun cinn go forásach, mar a chonacthas dóibhsean é, seachas a bheith ag breathnú siar go maoithneach ar sheanré a bhí thart.
Má bhreathnaítear ar na tuairimí a nocht leithéidí Gay Byrne agus Pan Collins, is léir go raibh siad amhrasach faoi lucht na Gaeilge agus go raibh siad cáinteach fúthu. Mar sin féin, léiríonn an anailís dioscúrsa a rinneadh gur aithin Byrne agus Collins beirt an Ghaeilge mar ábhar bisiúil conspóide a d’fhéadfadh an lasair a chur sa bharrach le linn cláir. Dá cháintí iad ar lucht na Gaeilge, mar sin de, d’fheil sé do lucht déanta clár ardán a chur ar fáil do ghluaiseacht na Gaeilge agus don LFM chun ceisteanna achrannacha féiniúlachta a spíonadh. Díol spéise, áfach, is ea an chaoi nach raibh ceachtar den dá ghrúpa sásta leis an gcaoi ar caitheadh leo.
Aithnítear, i sochaí na nua-aoiseachta déanaí (Giddens 1991), an tábhacht a bhaineann le heolas agus an chaoi a gcuirtear an t-eolas sin i láthair an phobail. D’fhéadfadh luachanna na sochaí, agus cinnteachtaí seanbhunaithe an phobail, teacht faoi athbhreithniú i bhfianaise eolais úir. Bealach isteach i ndomhan sin an eolais úir ba ea an teilifís in Éirinn na 1960idí agus bhí an-chumhacht shiombalach le himirt ag an té sin a raibh rochtain aige ar mheán na teilifíse agus ar chraobhscaoileadh an eolais dá réir. Tuigeadh do ghluaiseacht na Gaeilge agus don LFM go bhféadfaí earraíocht a bhaint as meán na teilifíse d’fhonn soiscéal na hathbheochana a scaipeadh, trí bhíthin clár teilifíse i nGaeilge, nó chun dúshlán an tsoiscéil sin a thabhairt, ar chláir dhíospóireachta agus chúrsaí reatha. Toisc go raibh an dá sprioc sin ag teacht salach ar a chéile, bhí aighneas agus achrann le tabhairt faoi deara go minic, ní hamháin idir gluaiseacht na Gaeilge agus an LFM ach idir iad agus RTÉ chomh maith céanna.
Nóta
Scríobhadh an t-alt seo mar chuid den tionscadal ‘CARTLANN: Gníomhaíochas, teanga agus na meáin.’ Is comhthionscadal é CARTLANN idir Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Uladh atá á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas. Ag tarraingt ar thaifid chartlainne fhairsinge ar an dá thaobh den teorainn, díríonn CARTLANN ar ról lárnach na meán in obair Chonradh na Gaeilge, mar ardán chun eolas a scaipeadh agus mar ábhar feachtasaíochta. Is é príomhfhoinse an tionscadail bailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ina bhfuil breis agus 600 bosca taifead agus atá ar an gcartlann Ghaeilge is mó a tháinig i seilbh na hollscoile riamh.
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Agallaimh
Byrne, G. (2013) Agallamh fóin leis an gcraoltóir Gay Byrne a bhí ina chathaoirleach ar an dara cruinniú de chuid an LFM i dTeach an Ardmhéara (10 Márta 1967), 25 Eanáir.
Morris, C. (2010) Agallamh le Christopher Morris, uachtarán agus bunaitheoir an LFM, Baile Átha Cliath, 6 Nollaig.
Ó Caollaí, M. (2011) Agallamh le Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán an Chonartha 1968–74, Baile Átha Cliath, 13 Aibreán.
Ábhar cartlainne
Collins, P. (1969) Litir ó Pan Collins (taighdeoir ar an Late Late Show) chuig Christopher Morris (uachtarán an LFM), 7 Iúil. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Conradh na Gaeilge. (1962) Meamram: Telefís Éireann. In: Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Conradh na Gaeilge. (1976) Géarchéim na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge. In: Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Hardiman, T.P. (1970) Litir ó T.P. Hardiman (Ard-Stiúrthóir RTÉ) chuig Mrs. Jane Carroll (ball de choiste an LFM), 13 Samhain. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
LFM (c.1966a) Constitution of the Language Freedom Movement. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
LFM. (c.1966b) What is LFM? (duillín eolais). In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
LFM. (c.1971) Some Facts about RTÉ (duillín eolais). In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Nordenstreng, K. agus Varis, T. (1974) Television Traffic: A One-Way Street? A Survey and Analysis of the International Flow of Television Programme Material. Paris: UNESCO. In: Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Ó Caollaí, M. (1980) Tiarnas Cultúir: Craolachán in Éirinn. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge. In: Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Schiller, H. (1978). New modes of cultural domination: A lecture given by Herbert I. Schiller in Dublin on 2nd September 1977. Baile Átha Cliath: Fo-choiste na Mórmheán Cumarsáide, Conradh na Gaeilge. In: Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.
Reachtaíocht
An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 (Acht 10 de 1960).
Leabhair agus Ailt
Bowman, J. (2011) Window and mirror: RTÉ television: 1961 – 2011. Cork: Collins.
Bowman, J. (2012) ‘RTÉ’s story is of how politicians finally got with the programme.’ In: The Irish Times, 21 Iúil, 15.
Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2023a) ‘Ó Broin, Leon (1902–1990).’ In: www.ainm.ie. Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1625 [faighte 12 Nollaig 2023].
Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2023b) ‘Ó Móráin, Dónall (1923–2001).’ In: www.ainm.ie. Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1744 [faighte 12 Nollaig 2023].
Brown, T. (2004) Ireland: A social and cultural history, 1922 – 2002. London: Harper Perennial.
Bryman, A. (2008) Social Research Methods. Oxford: Oxford University Press.
Byrne, G., agus Purcell, D. (1989) The time of my life: An autobiography. Dublin: Gill & Macmillan.
Cummins, J. (1977) ‘Immersion education in Ireland: A critical review of Macnamara’s findings’. In: Working Papers on Bilingualism 13: 121–129.
Daly, M.E. (2016) Sixties Ireland: Reshaping the Economy, State and Society, 1957–1973. Cambridge: Cambridge University Press.
Ferriter, D. (2007) Judging Dev: A Reassessment of the Life and Legacy of Éamon De Valera. Dublin: Royal Irish Academy.
Ferriter, D. (2009) Occasions of Sin: Sex and Society in Modern Ireland. London: Profile Books.
Ferriter, D. (2015) A Nation and Not a Rabble: The Irish Revolution 1913–23. London: Profile Books.
Freyne, P. (2019) ‘Gay Byrne obituary: The maestro of Irish broadcasting.’ In: The Irish Times, 4 Samhain (ar líne).
Garvin, T. (2004) Preventing the future: Why was Ireland so poor for so long? Dublin: Gill & Macmillan.
Giddens, A. (1991) Modernity and Self-Identity: Self and Society in the Late Modern Age. Cambridge: Polity Press.
Hanley, B. agus Miller, S. (2009) The lost revolution: The Story of the Official IRA and the Workers’ Party. Dublin: Penguin Ireland.
Irish Press. (1966) ‘LFM Meeting.’ In: Irish Press, 10 Nollaig, 12.
Kenny, M. (2021) ‘Gay Byrne: The ‘Conservative Catholic’ Who Changed Ireland’. Studies: An Irish Quarterly Review 110.438: 175–190.
Kiberd, D. (1995) Inventing Ireland: The Literature of the Modern Nation. London: Vintage Publishing.
Lambert, W.E. agus Tucker, G.R. (1973) The Benefits of Bilingualism. Baile Átha Cliath: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Linehan, H. (2023) ‘RTÉ at Oireachtas committee: Less high drama, more a grim crisis. Expect ratings to slump.’ In: The Irish Times, 13 Meán Fómhair (ar líne). Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/media/2023/09/13/new-season-of-rtes-oireachtas-tv-show-lacks-dramatic-tension-of-the-last/ [faighte 8 Nollaig 2023].
Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893–1997, Stair Sheanchais. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.
Mac Con Iomaire, L. (2000) Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
MacNamara, J. (1966) Bilingualism and Primary Education: A Study of Irish Experience. Edinburgh: Edinburgh University Press.
Ní Chionnaith, I. (2008) ‘Fíorú Aislinge: Cuimhní Cinn agus Smaointe Feachtasóra.’ In: O’Connell, E., Walsh, J. agus Denvir, G. TG4@10: Deich mBliana de TG4. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 39–62.
Nic Eoin, M. (2018) ‘Imeallach agus Iltíreach? Pointí Féachana Nualitríocht na Gaeilge.’ In: Léann: Iris Chumann Léann na Litríochta 5: 1–21.
Ó Broin, L. (1986) Just like yesterday: An Autobiography. Dublin: Gill & Macmillan.
Ó Caollaí, M. (2013) Garret FitzGerald agus Paddy Hillery: Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó Gairbhí, S.T. (2017) Súil Eile. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó hIfearnáin, T. (2009) ‘Irish speaking society and the state’. In: Ball, M.J. agus Müller, N. (eag.) The Celtic languages. New York: Routledge: 539–586.
Ó Torna, C. (2005) Cruthú na Gaeltachta 1893–1922: Samhlú agus Buanú Chonstráid na Gaeltachta i rith na hAthbheochana. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó Tuathaigh, G. (2011) ‘An Stát, an Fhéiniúlacht Náisiúnta agus an Teanga: cás na hÉireann.’ In: Mac Cormaic, B. (eag.) Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré an Domhandaithe. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 76–112.
Ó Tuathaigh, G. (2020) ‘An Gúm: Comhthéacs a Bhunaithe.’ In: Coilféir, M. (eag.) An Scéim-An Gúm: 1926 – 2016: Cnuasach Aistí. Baile Átha Cliath: An Gúm: 1–18.
Purcell, B. (2014) Inside RTÉ: A Memoir. Dublin: New Island.
Rowland, H. (2012) ‘Saoirse Teanga agus Cainte’. In: Comhar 72.5: 10–13.
Rowland, H. (2014a) Conradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM): Coimhlint Idé-eolaíochta 1965–74. Tráchtas Ph.D. neamhfhoilsithe. Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Rowland, H. (2014b) ‘Scríbhneoirí Móra i gCoinne na Gaeilge Éigeantaí’. In: Comhar 74.11: 24–27.
Savage, R. (1996) Irish television: The political and social origins. Cork: Cork University Press.
Savage, R. (2010) A Loss of Innocence? Television and Irish Society, 1960 – 72. Manchester: Manchester University Press.
Share, P., Corcoran, M.P. agus Conway, B. (2012) A Sociology of Ireland. Dublin: Gill Education.
Walsh, J. (2022) One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022. Berlin: Peter Lang International Academic.
White, L.W. (2009) ‘Ó Broin, León.’ In: Dictionary of Irish Biography (ar líne). Ar fáil ag: https://www.dib.ie/index.php/biography/o-broin-leon-a6278 [faighte 8 Nollaig 2023].
White, L.W. agus McDonagh, P. (2009) ‘Andrews, Eamonn.’ In: Dictionary of Irish Biography (ar líne). Ar fáil ag: https://www.dib.ie/biography/andrews-eamonn-a0157 [faighte 8 Nollaig 2023].
Williams, J.L. (1967) Bilingualism Today. Baile Átha Cliath: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.