Irish Speakers and Schooling in the Gaeltacht, 1900 to the Present

Tom O’Donoghue agus Teresa O’Doherty

Palgrave Macmillan (2019) | 265 lch | ISBN: 978-3-03-26020-0 | €74.89

1 Cuireann údair an taighde seo, Tom O’Donoghue agus Teresa O’Doherty, dúshlán mór rompu: scéal an oideachais sa Ghaeltacht le 120 bliain anuas a insint. Go dtí seo, níl saothar tagtha ar an bhfód a dhéanann cíoradh ar stair na scolaíochta sa Ghaeltacht trí chéile. Maíonn na húdair i mbrollach an leabhair ‘no full-length treatise has appeared to date on the history of various aspects of life in the Gaeltacht’ (x) agus déanann siad iarracht an bhearna seo a líonadh. Cé gur foilsíodh roinnt mhaith taighde ar an nGaeltacht roimhe seo, is cinnte go bhfuil bearnaí fós le líonadh.

2 I measc na saothar luachmhar a tháinig roimhe seo, is fiú alt Nollaig Uí Ghadhra a lua, foilsithe in 1988, a choimríonn meon lucht an státchórais i leith na teanga, agus i leith na Gaeltachta, thar thréimhse fhada (Ó Gadhra 1988). Lena ais sin, ag tús na 1990idí, d'fhoilsigh Institiúid Teangeolaíochta Éireann paimfléad Ghearóid Uí Thuathaigh, The development of the Gaeltacht as a bi-lingual entity (Ó Tuathaigh 1990). Ní ba dhéanaí, sa mbliain 2005, rinne Caitríona Ó Torna cíoradh ar fhorbairt choincheap na Gaeltachta i measc lucht na hathbheochana agus i réimse an stáit (Ó Torna 2005). Scrúdaigh saothair amhail Díchoimisiúnú Teanga le John Walsh (2002), a rianaigh stair Choimisiún na Gaeltachta 1926, agus tráchtas neamhfhoilsithe Suzanne Pegley (2007) ar Ghaeltacht Ráth Chairn, gnéithe áirithe de stair na Gaeltachta chomh maith. Luaitear an Ghaeltacht, nó na ceantair ar a raibh teorainn na Gaeltachta bunaithe, go minic i mórshaothair eile le staraithe ar nós Diarmaid Ferriter (2018), a rinne scrúdú ar stair na n‑oileán amach ó chósta na hÉireann, agus Ciara Breathnach (2005), a rinne iniúchadh ar stair Bhord na gCeantar Cúng idir 1891–1923. Mar sin féin, níl saothar, i bhfoirm leabhair, a thugann léargas ar stair pholaitiúil, shóisialta, eacnamaíoch, ná cultúrtha na Gaeltachta curtha i gcló go nuige seo.

3 Líonann Irish Speakers and Schooling in the Gaeltacht, 1900 to the Present bearna i dtaobh na scolaíochta Gaeltachta de, ach déantar anailís ar ghnéithe tábhachtacha eile de shochaí na Gaeltachta chomh maith. Is léir go dtuigeann na húdair nach bhfeidhmíonn an scoil áitiúil, ná an córas oideachais ina iomláine, i bhfolús sóisialta. Tarraingíonn siad ar réimse leathan foinsí chun freastal ar an dá thrá seo chun an nasc idir an scoil agus an tsochaí a léiriú. Áirítear anseo: miontuairiscí agus tuairiscí poiblí na gCoimisinéirí Oideachais Náisiúnta in Éirinn faoi réimeas na Breataine; páipéir phríobháideacha easpaig na hEaglaise Caitlicí; leabhair a bhaineann le scoileanna áitiúla; miontuairiscí de chuid Chonradh na Gaeilge; tuairiscí rialtais agus foilseacháin na Roinne Oideachais i ndiaidh bhunú stát na Sé Chontae is Fiche in 1922, mar aon le nuachtáin áitiúla agus náisiúnta. Is saothar idirdhisciplíneach é seo, i ndáiríre, a bhaineann leas ní hamháin as modheolaíocht na staire, ach a shnaidhmeann ábhar a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht agus an oideolaíocht tríd an anailís chomh maith.

4 I mbrollach an leabhair mínítear dúinn go bhfuil gaol láidir ag an mbeirt údar leis an nGaeltacht. Dealraíonn sé gurb é seo ceann de na cúiseanna atá acu le tabhairt faoin taighde seo i dtús báire. Tugtar spléachadh ansin don léitheoir ar chumadh agus ar chur chun cinn na Gaeltachta mar aonad tíreolaíoch. Ag tús an fichiú haois, b’ionann an téarma ‘Gaeltacht’ agus ‘lucht labhartha na Gaeilge’. D’athraigh sé sin, diaidh ar ndiaidh, nó gur tugadh stádas oifigiúil don téarma mar cheantar faoi leith in 1926 le foilsiú thuairisc Choimisiún na Gaeltachta. Pléann na húdair an stair seo, chomh maith leis na hathruithe atá tagtha ar theorainneacha na Gaeltachta le tuairim is céad bliain anuas. Ina dhiaidh sin, fiosraítear ceist an oideachais agus ceist na teanga sa longue durée. Baintear úsáid as véarsaí le file iomráiteach ón ochtú haois déag, Art Mac Cumhaigh, chun léiriú a thabhairt ar an bhféinghráin agus an diúltú teanga a d’eascair as próiseas an choilíneachais:

Tá mo chroí-se réabtha ina míle céad cuid
‘s gan balsam féin ann a d'fhoirfeadh dom fhían,
nuair a chluinim an Ghaeilge uilig á tréigbheáil
is caismirt Bhéarla i mbeól gach aoin (20).

5 Is meon é seo a thagann aníos go minic sa leabhar agus na deacrachtaí a bhain le scolaíocht Ghaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht, agus lasmuigh di, á bplé. Léiríonn na húdair gurb é an seicteachas a chuir múineadh na Gaeilge ó mhaith ar dtús. Ba i scoileanna Chumann Phlás Chill Dara, a mhair idir 1811 agus 1831, a múineadh an Ghaeilge i gcóras foirmiúil oideachais den chéad uair sa tréimhse nua-aimseartha tar éis bhriseadh an tseanchórais Ghaelaigh sa seachtú haois déag. Cuireadh deireadh leo, áfach, de bharr an aighnis a cruthaíodh nuair a tosaíodh ar leas a bhaint astu chun iompú creidimh a chur i bhfeidhm ar pháistí Caitliceacha. Míníonn na húdair gur tháinig córas na Scoileanna Náisiúnta i leaba an chórais seo. Bhí an stát teicnealathach caipitleach, ina ndéantaí an gnó uile trí Bhéarla, ag cur a ladar isteach go mór i saol laethúil na nGael faoin tráth seo. Sa chóras seo, deir O’Donoghue agus O’Doherty, ‘the National Board did not allow instruction in the medium of Irish in Irish-speaking districts’ (29). B’amhlaidh gurb í oideolaíocht na scoileanna seo, dá bhféadfaí sin a ghlaoch uirthi, ná an Béarla a bhrú ar na daltaí. Mar a mhaígh Micí Mac Gabhann, a d’fhreastail ar scoil náisiúnta Mhachaire Rabhartaigh in Iarthar Thír Chonaill sna 1870idí:

Cha raibh focal amháin Béarla agam féin ná ag aon duine den teaghlach ach cha raibh mé ábalta freagra a thabhairt ar an mháistir nuair a chuir sé ceist orm cárbh ainm dom. Ach mura raibh focal Béarla agamsa sílim nach raibh focal amháin Gaeilge ag an mháistir (33).

6 Ina dhiaidh sin féin, tacaíonn na húdair le teoiric Nicholas Wolf (2014) maidir le forbairt curaclam a bhí go hiomlán trí Bhéarla sa chóras suas go 1904. Dar le Wolf, a bhailigh neart sonraí staitistiúla ar an ábhar, go ndeachaigh líon beag na bpáistí le líofacht sa Ghaeilge sa chóras i bhfeidhm go mór ar smaointeoireacht iad siúd a chum an curaclam sa chéad dul síos. Shocraigh siad tumoideachas Béarla a chur i bhfeidhm mar gheall ar an oiread páistí le Béarla a bhí sa chóras.

7 Bíodh sin mar atá, is é tuairim na n‑údar gur ghlac tuismitheoirí na bpáistí céanna ról lárnach i gcur chun cinn an Bhéarla sna scoileanna. Tuigeadh go raibh an bhochtaineacht i ndán dóibh siúd nach raibh an Béarla acu. Sa naoú haois déag agus tús an fichiú haois ba iad na réigiúin ba láidre ina raibh an Ghaeilge á labhairt na ceantair ina raibh ‘a preponderance of cottier and tiny holdings, with fewer schools per capita than the average across the country, and with high levels of emigration’ (12). Bhí tionchar ag an gcomhthéacs socheacnamaíochta seo, mar aon leis an mbrú a bhí ar dhéagóirí ioncam a thuilleamh don teaghlach, ar a laghad dul chun cinn oideachasúil a rinneadh sa Ghaeltacht go lár na 1960idí. Dearbhaíonn O’Donoghue agus O’Doherty, go dtí ‘the introduction of the “free” second-level education scheme in 1967 … the great majority of students in many of the Gaeltacht districts never went beyond primary school’ (160). Mar a mhínigh Tómas Ó Munghaile, a d’fhreastail ar scoil náisiúnta i Ros Dubh, Contae Mhaigh Eo, sna 1920idí agus 1930idí, bhíodh ‘daoine a raibh airgead acu, lucht siopaí nó rudaí mar sin, ag dul ag coláiste ag íoc a mbealach. Ní raibh sé ró-dhaor, ach ní raibh aon fhocail air sin againne … aghaidh ar Shasana ag go leor [againn]’ (160). Theastaigh ó roinnt tuismitheoirí eile go rachadh a gcuid páistí chuig na coláistí ullmhúcháin a bhí ann do mhúinteoirí. Ina measc siúd, bhí máthair Mhaidhc Dhainín Uí Shé. Chuir sí ina luí air go mbeadh sé críochnaithe lena ‘chuid oibre ag a trí a chlog gach lá’, go mbeadh ‘léine bhán agus tie’ faoi, agus go raibh na múinteoirí tite chun ‘feola’ (158).

8 Chuir fonn na soghluaisteachta sóisialta brú ollmhór ar thuismitheoirí. Mar thoradh air seo léiríodh cur i gcoinne na scolaíochta trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Chuaigh lucht na hathbheochana in adharca leis an meon seo ag tús an fichiú haois agus iad ag feachtasaíocht ar son polasaí dátheangach sna scoileanna. D’éirigh leo bua mór a bhaint amach nuair a tugadh isteach an Bilingual Programme of Instruction in 1904. Bhí rath maith ar an bpolasaí seo sna ceantair Ghaeltachta ba láidre. Ach sna háiteanna ba laige, amhail Maigh Eo agus Oirthear na Gaillimhe, ‘there was strong opposition to the League’s policy … not only from the National Board, but also from clergy, teachers and from parents’ (63). Chreid go leor tuismitheoirí gur míbhuntáiste a bhí sa bhéim a cuireadh ar an nGaeilge sa pholasaí dátheangach, óir dhéanfaí dochar don ‘competency in English, which was a fundamental skill for those seeking to emigrate’ (69). Bhí lucht an Chonartha ag snámh in aghaidh easa — rud a bhí fós fíor nuair a chuaigh gníomhairí teanga isteach sa Ghaeltacht le linn ré Mháirtín Uí Dhireáin i lár an fichiú haois. D’áitigh an file Árannach, a bhí ina bhall de Chonradh na Gaeilge é féin, in ainneoin ‘their sincerity and good intentions, [they] wasted their time by sending organisers to the Gaeltacht districts to encourage locals not to abandon the speaking of Irish without giving any consideration to their material conditions’ (175).

9 Maítear, áfach, go raibh ag éirí leis an bpolasaí le tacaíocht na cléire agus na n‑easpag i roinnt mhaith ceantar Gaeltachta — i dTír Chonaill agus i gConamara, ach go háirithe. Dá fheabhas é, tugadh droim láimhe don pholasaí i ndiaidh bhunú an stáit ó dheas sa mbliain 1922. Seans maith gurb é seo an pointe is tábhachtaí a dhéantar sa leabhar. Áitítear gur theastaigh ón stát nua na scoileanna a úsáid ‘for nation building and to revive the Irish language amongst the dominant English-speaking population’. Díoladh an t‑asal leis an adhastar agus rinneadh neamhaird de ‘ideas on the possible value of continuing with the separate education policy for the Gaeltacht established under the previous administration’ (xiv). Ghlac sé breis is nócha bliain sular cuireadh an locht sin sa chóras ina cheart nuair a tugadh isteach arís polasaí faoi leith don Ghaeltacht sa bhliain 2016.

10 Cáineann na húdair polasaí Gaelaithe an stáit nuabhunaithe as ‘an aggressive policy of compulsory immersion Irish education in all schools’, polasaí a cuireadh i bhfeidhm ‘despite the fact that insufficient numbers of teachers were competent in the language, and fewer still were qualified to teach through the medium of Irish’ (92). B’íorónta an scéal é seo, óir tharla sé go raibh ‘the very institution identified for so long by the great majority of language revivalists as being responsible for the decline in the Irish language during the nineteenth century was now to be used by the Irish government to redress the situation’ (87). Dar leis na húdair gur chuir an Eaglais Chaitliceach i gcoinne tuilleadh Gaelaithe a dhéanamh ar an gcóras mar a bhí toisc go raibh faitíos orthu nach mbainfeadh na páistí leas iomlán as an teagasc creidimh muna mbeadh sé trí Bhéarla. Lena chois sin, in 1937, ‘they mounted immediate resistance … to government proposals aimed to intensify the language revival process through the redistribution of portions of time devoted to the teaching of English’ (105). Níos déanaí, sna 1950idí, nuair a bhí buntáistí an oideachais dara leibhéal á bplé, sheas an Roinn Oideachais i leataobh de bharr smacht na nEaglaisí. Mar a mhíníonn na húdair, ‘the Department of Education, seeking not to enter into a domain the churches saw as being their own preserve, preferred to leave the provision of secondary school education to private initiative for reasons of economy and convenience’ (137).

11 Tríd is tríd, is cosúil nach n‑aontaíonn O’Donoghue ná O’Doherty le polasaí na Gaeilge riachtanaí sa lá atá inniu ann ach oiread. Tá malairt tuairimí ann, dar ndóigh. Ach, i ndeireadh na dála, is ceist fhrithfhíorasach í ceist an oideachais dhátheangaigh sa Ghaeltacht ó thaobh na staire de. Is cosúil go bhfuil na húdair den tuairim gur buille marfach don teanga a bhí ann deireadh a chur leis an bpolasaí úd. Mar sin féin, cá bhfios an iad laigí an chórais scolaíochta nó na fadhbanna doimhne socheacnamaíochta a bhuail na buillí cinniúnacha ó thaobh an chúlaithe teanga de? Tá tuairim ag na húdair féin ar an gceist seo, áfach. Fiú sna 1960idí, deir siad, bhí dearcadh ann i measc lucht na cumhachta ‘that education policy for the people of the Gaeltacht, as for the population nationally, should be concerned with taking conservative steps to raise the social class levels of the lower classes to just a little above those into which they were born, rather than with seeking radical social transformation’ (189). Ar deireadh thiar thall, agus mar is léir ón saothar seo ainneoin nach maítear é go sonrach, tá ceist slánú na teanga fite fuaite le ceist slánú phobal na Gaeltachta. Is cinnte go mbeidh ról lárnach ag an scolaíocht in athréimniú teanga ar bith a tharlóidh amach anseo, ach is snámh in aghaidh easa a bheidh ann gan mórathruithe socheacnamaíochta a chur i bhfeidhm lasmuigh de gheataí na scoile.

12 Cé go bhfuil níos mó botún cló ann ná mar a bheifeá ag súil leis i leabhar acadúil, is saothar taighde tábhachtach é an leabhar seo. Díol suntais a bheas ann dóibh siúd gur spéis leo cás na scolaíochta Gaeltachta agus Gaeilge, cás na teanga trí chéile, agus, go deimhin, stair na hÉireann san fhichiú haois.

Kerron Ó Luain

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Breathnach, C. (2005) The Congested Districts Board, 1891–1923. Dublin: Four Courts Press.

Ferriter, D. (2018) On the edge: Ireland's off-shore islands: a modern history. London: Profile Books.

Ó Gadhra, N. (1988) ‘Irish government policy and political developments in the Gaeltacht’. In: Irish Educational Review, 1:3, 3–33.

Ó Tuathaigh, G. (1990) The development of the Gaeltacht as a bilingual entity. Dublin: The Linguistics Institute of Ireland.

Ó Torna, C. (2005) Cruthú na Gaeltachta 1893–1992. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Pegley, S. M. (2007) The development and consolidation of the Gaeltacht colony Ráth Cairn, Co. Meath 1935–1948. Tráchtas neamhfhoilsithe, M.Litt. Má Nuad: Ollscoil Mhá Nuad.

Walsh, J. (2002) Díchoimisiúnú teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Wolf, N. M. (2014) An Irish-speaking island: state, religion, community, and the linguistic landscape in Ireland, 1770–1870. Madison: The University of Wisconsin Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626