‘A Bhean lán de Stuaim’: Cúlra agus Cineál

Tadhg Ó Dúshláine

1 Ar cheann de mhórleabhair seanmóireachta na linne a bhí ar láimh ag Séathrún Céitinn (c.1580–c.1644), is cosúil (Ó Dúshláine 2006–2007), bhí an Fasciculus Morum (‘Leabhrán na mBéas’) a thiomsaigh an Doiminiceach Sasanach John Bromyard (ob. c.1352). Seo mar atá i gcuid den chur síos ar an gcollaíocht aige (De Luxuria):

Vix enim est aliquis popularis qui scit loqui aut tractare vel cantus insolentes componere nisi de illa materia carnali (Wenzel 1989: 690).

(Is ar éigean má bhíonn éinne i mbéal an phobail mura bhfuil ar a chumas labhairt, nó trácht, nó amhráin shalacha a chumadh ar an ábhar collaí seo).

2 Mheas na scoláirí, Dubhglas de hÍde (1860–1949) agus T.F. Ó Rathile (1882–1953), gurbh ón gcúlra teagaisc mhorálta chéanna faoi chúrsaí collaíochta a shíolraigh dán cáiliúil an Chéitinnigh: is é sin le rá, gur dán teagaisc cráifeach é, faoi mar a bheadh seanmóin i bhfoirm filíochta, seánra a bhí coitianta san aois bharócach (Cave 1969). Téann de hÍde chomh fada lena áiteamh fiú go bhfuil eachtra stairiúil laistiar de agus suíonn coinbhleacht idir aigne dhrabhlásach lucht coilíneachta agus aigne gheanmnaí an dúchais, faoi mar atá déanta ag an gCéitinneach go neamhbhalbh tríd síos in Foras Feasa ar Éirinn. Mar seo a deir Dubhglas de hÍde:

3 Má tá discréid na linne agus pearsa de hÍde féin le haithint ar an gcur síos sin i gcoitinne, ní mar sin sa tagairt don bhean mar ‘damsel’, téarma ábhairín tarcaisniúil, faoi mar a bheadh ‘femme fatale’ nó ‘formidable’, bean rófhoirtil, ró-aerach (do de hÍde ach go háirithe, mac ministéara). Ba leor an nod san don eolach T.F. Ó Rathile is cosúil, chun go gceadódh sé an dán seo i measc na ndánta frithchúirtéiseacha a chuir sé mar eireaball lena shaothar Dánta Grá (1926: 133–134), á chomharthú nach raibh sa ghrá corpartha ach gal soip, tine ghealáin, faoi mar a bhí ealaíontóirí na hEorpa i gcoitinne á fhógairt sa seachtú haois déag.

4 Is i dtuilleamaí eagrán an Athar Mac Giolla Eáin, ón mbliain 1900, a bhí Ó Rathile agus is ón ngluais leis an eagrán sin a shíolraíonn ‘wile’ mar aistriúchán ar ‘stuaim’ na Gaeilge, léamh a threisíonn leis an léamh frithbhaineann, frithchúirtéiseach. Léamh is ea é, mar sin féin, atá ag teacht leis an ndearcadh céanna a léirítear i ndán cráifeach eile leis an gCéitinneach, ‘Fáidhbhréagach an Saoghal So’ (Mac Giolla Eáin 1900: 31–37), dán atá lán den de ‘contemptu mundi’, den ‘mespris de la vie’ agus den díspeagadh céanna ar charachtar na mban a bhí lárnach don bhfrithghníomhú barócach a phréamhaíonn ón leasú creidimh, agus é ag cur in aghaidh shaoltacht an Renaissance. Déanann an léamh claonta sin ar ‘stuaim’ diabhal den bhean (cuma an pearsa stairiúil, shamhailteach nó allagóireach í) a agalltar sa dán agus seasann an éagóir sin fós i bhformhór na n‑aistriúchán ó aimsir an Phiarsaigh i leith (Mac Craith 1989: 92–100).

5 Is mór idir an focal ‘stuaim’ sa Ghaeilge agus ‘wile’, nó a leathchúpla ‘guile’ sa Bhéarla, ó thaobh sanasaíochta agus úsáide de. Go deimhin, is é a chontrárthacht ghlan a bhíonn i gceist leo, sa tslí is gur moladh agus admháil ar chumas agus acmhainn intleachtúil mná atá i gceist i ndán an Chéitinnigh, taobh le steiréitíopa an mhealltóra ghlic siar amach go hÉabha Leabhar Geineasas, a chomharthaíonn ‘guile’ agus ‘wile’. A mhalairt ar fad atá i gceist le stuama agus é luaite le pearsantú na heagna sa Bhíobla. In ‘Guí Sholaimh’ (Eagna 9: 4–5, 10, 11) impíonn an fáidh mar leanas:

tabhair dom an eagna sin

a bhíonn ina suí le hais do ríchathaoireach; …

is eol di d’oibreacha go léir; …

agus cosnóidh sí mé lena [cumhacht] (Ó Fiannachta 1981: 573).

6 Léitear in Betha Colaim Chille gur thaispeáin an eagna í féin mar bhean óg don naomh (Kelleher agus Schoepperle 1994: 50–52).

7 Iasacht dhéanach, is cosúil, is ea ‘stuaim’, ón bpréamh chéanna le ‘stua’, faoi mar atá sa chomhfhocal moltach ‘stuabhean’ (‘a graceful lady’). ‘Gliceas’, ‘cealg’, nó ‘feall’ atá mar Ghaeilge ar ‘guile’; agus ‘gliceas’, ‘beartaíocht’ agus ‘ealaín’ mar Ghaeilge ar ‘wiles’ in New English-Irish Dictionary (2013), agus is deacair a thuiscint conas is féidir fós sa lá atá inniu ann go gceadaítear an sampla frithbhaineann seo a leanas mar léiriú úsáide: ‘he can see through her wiles’ = ‘níl sé dall ar a cuid beartaíochta’.

8 Leantar de ‘wile’ nó ‘guile’ mar aistriúchán ar ‘stuaim’ síos tríd na hiarrachtaí aistriúcháin ar fad, ón bPiarsach (1917: 59, 61) go Frank O’Connor (1961: 60), go Ó Tuama agus Kinsella in An Duanaire (1981: 87, 89), go Seamus Deane in The Field Day Anthology (2002) go Maurice Riordan in The Penguin Book of Irish Poetry (Crotty 2010: 223), gan de bhunús leis, ach gur ag leanúint do ghluais Mhic Ghiolla Eáin sa chéad eagrán atáthar. Is é oighear an scéil é, nach bhfuil réamhshampla ar bith leis an léamh san ag Mac Giolla Eáin, ná ag éinne a lean é, mar ní haon characatúr a chomharthaíonn ‘stuama’, ach a mhalairt: ‘ingenious’, ‘clever’, ‘skilful (?)’, atá curtha síos dó i bhFoclóir an Acadaimh (DIL S 394.32), agus áirítear an tréith sin mar shuáilce ar ceann de thíolacthaí na heagna é. De bhreis air sin, tá ‘mental ability’, ‘prudence’, ‘genius’, ‘ingenuity’, 'dexterity’, ‘self-control’, ‘dignity’, ‘modesty’ ag an Duinníneach (Dinneen 1927: 1136), chomh maith leis an seanfhocal ‘is fearr stuaim ná neart’, mana atá mar bhonn le géarchúis fhadradharcach na mban, i gcodarsnacht le laochas buile na bhfear, faoi mar a léirítear iad i dtraidisiún na litríochta ó Ecclesiazusae Aristophenes go Párlaimint na mBan Dhomhnaill Uí Cholmáin (c.1645–c.1704).

9 Fós, is deacair a chreidiúint go bhféadfaí an míléamh sin ar ‘stuaim’ a mhíniú faoi mar a deineadh lenár linn féin in The Irish Literary Tradition, sa bhliain 1992:

Frank O’Connor … has followed the first editor of Céitinn’s verse (Eoin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin, Dánta Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn, Baile Átha Cliath, 1900, gluais: ‘stuaim’, ingenuity, wiles.) by taking the word ‘stuaim’ to mean ‘wile’. It has been suggested that the editor chose that meaning under the influence of the implication of the poem for the reader’s view of the life of the cleric-author (Williams agus Ford 1992: 186).

10 Admháil atá anseo againn gur ag géilleadh do léamh de hÍde ar an ‘damsel’ dhána Ghallda seo, a bhí ag iarraidh an sagart fíorGhaelach Séathrún Céitinn a chur dá bhuille ar son Dé agus na tíre (‘pro deo et pro patria’), a bhí an t‑eagarthóir Mac Giolla Eáin, mar gur oir san don leagan amach a bhí aige ar chúrsaí creidimh agus staire. Agus tharlódh gurb iad na macallaí giodamúla spraíúla a lean de ‘wile’ ó ‘L’Allegro’, dán cáiliúil John Milton (1608–1674) — ‘Haste thee nymph, and bring with thee, / Jest and youthful Jollity, / Quips and cranks, and wanton wiles, / Nods and becks, and wreathed smiles’ (Trent agus Erskine 1912: 124) — a bhí mar bhonn leis an léamh sin aige. Tar éis an tsaoil, tá dán an Chéitinnigh lán de ‘nods and becks’ chomh maith céanna.

11 Tá, le fírinne, trí shaghas aistriúcháin ar dhán dúshlánach seo an Chéitinnigh: 1) na hiarrachtaí sollúnta dílis do léamh claonta de hÍde agus an Phiarsaigh, mar atá ‘O woman full of wile’ (Pearse 1917: 59, 61), go dtí ‘O lady full of guile’ (Ó Tuama agus Kinsella 1981: 87, 89). Tá, chomh maith, cúngaigeantacht phatrarcach ag baint leis an aistriúchán ‘slender witch’ ar ‘a shíodh seang’ ag an bPiarsach (Pearse 1917: 59); agus is ar éigean ar aon fheabhas é ‘spirit slender’ (Ó Tuama agus Kinsella 1981: 89), nuair a chuimhnítear gur ag moladh ghrástúlacht na pearsan fisiciúla atá i gceist le ‘seang’ sa líne ghleoite sin ‘is a com seang singil álainn’ san amhrán grá ‘Bean Dubh an Ghleanna’; 2) iarrachtaí áibhéileacha lán de spraoi na collaíochta, mar atá, ‘Woman who’s playful’ ag Augustus Young agus ‘Woman hot with zeal’ ag David Marcus (Mac Craith 1989: 96, 98); agus 3) iarrachtaí débhríocha, arbh é leagan Frank O’Connor (1961: 60) is fearr acu, dar le léirmheastóirí áirithe.

12 Ní haon áibhéil ag Mac Craith é an chonclúid ag éirí as an anailís chuimsitheach aige ar na haistriúcháin seo ar fad anuas go hiarracht David Marcus:

Céard tá gnóthaithe againn de bharr an iniúchta seo ar na tiontuithe éagsúla ar ‘A bhean lán de stuaim’? Mar aon ní amháin, is teist é ar fhiúntas an dáin gurbh fhiú leis an oiread sin dár n‑aos dána tabhairt faoina aistriú. An scagadh a rinneadh ar na leaganacha difriúla, léirigh sé go cruinn na deacrachtaí a bhí le sárú ag na haistritheoirí agus d’éirigh na buanna faoi leith a bhain le ranna Chéitinn i bhfad níos soiléire dá bharr. Is ar éigean a thuill an file féin go dtaobhódh an dán an oiread sin clú. Agus is ar ró-éigean a thuig sé go gcuirfeadh an focal beag ‘stuaim’ idir scoláirí, thráchtairí agus aistritheoirí amú (Mac Craith 1989: 100).

13 Maidir le haistriúchán a deineadh ó shin, é sin sa Field Day Anthology IV (2002: 416–417), déanann an t‑eagarthóir scéal mór sa réamhnóta aici ag fógairt: ‘This new translation is by Seamus Deane’ (Ní Dhonnchadha 2002: 416). Ach ní aistriúchán mar a thuairisc é, óir níl puinn nua sa chéad líne ‘Woman full of guile’, ach ‘woman’ in ionad ‘lady’ ag Ó Tuama agus Kinsella, faoi mar nach bhfuil puinn nua ansin ó leagan an Phiarsaigh ach ‘guile’ in ionad ‘wile’. Agus d’fhéadfaí malairt chéille ar fad a bhaint as líne dheiridh an chéad véarsa: ‘But I must take my stand’ seachas mar atá i gceist sa bhunGhaeilge: ‘ní fear gníomha sinn’, mar nach ‘stand’ d’aon tsaghas atá i gceist, ach teitheadh ón dteagmháil. Ná ní maith a thugann an téarma neamhchoitianta ‘O sylph’ an Bhéarla, muintearas cúirtéiseach ‘a shíodh sheang’ na Gaeilge leis. Ach is sa chur síos ar an gceangal a théitear thar fóir ar fad sa réamhnóta:

14 Fágann na leaganacha Gaeilge an ceangal ar lár go minic chomh maith agus ní gach éinne a d’aontódh go ndéanann an mheadaracht aiceanta bréagnú ar dhiúltú an ghrá sna véarsaí siollacha. Agus más fíor gur íomhá den ghrá earótach í Véineas aimsir an Renaissance, ní fhéadfaí sin a mhaíomh fúithi le linn na haoise barócaí, nuair a claochlaíodh duinedhíolaim an ‘amour courtois’ chun díomuaine na beatha, faoi mar a fheictear sna dánta déanacha (Ó Rathile 1926: 131–132, 133–134, 136–137, 140–141). Nó dá mbeadh ról chomh bunúsach san aici sa dán ba dhóigh leat go mbeadh an ceangal ceadaithe in eagrán údarásach Uí Thuama agus Kinsella, rud nach bhfuil. Ar dhá véarsa an cheangail a léamh, táim in amhras go n‑aontódh mórán lena maítear sa réamhnóta thuas is gan ann ach manglam de dheilíní dhuinedhíolaim ‘amour courtois’ na Gaeilge, gan aon chasadh bunúil á bhaint astu.

A fhinnebhean tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc

na muirearfholt réidh raonfholtach fá a ndíol gcuach,

is iongnadh an ghné thaomannach fhásaíos uait;

gé doiligh an scéal, tréig mé agus táig dhíom suas.

Do-bheirimse fém bhréithir da mbáití an slua

san tuile do léig Vénus ’na táclaí anuas,

a bhurraiceach-bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaidh,

gur tusa mar aon chéidbhean do fágfaí im chuan.

(Fluent, fragrant, fascinating woman,

With your coils and ramparts of hair,

You disturb me deeply, intricately,

Release me from this painful snare.

But I swear if the whole world drowned

In those waves which Venus bestrode

That you, full-bosomed, delicate of hand,

Would find harbour here in my love’s abode) (Deane 2002: 417).

15 Eagrán Nua-Dhuanaire Cuid 1 (de Brún et al. 1986: 16), an téacs Gaeilge a ceadaíodh anseo: ‘a bhurraiceach-bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaidh’ (‘you, full-bosomed, delicate of hand,’), mar mhalairt ar ‘[a] mhuirearach-bhé mhéar-lag na mbáin-chíoch gcruaidh’ ag Mac Giolla Eáin (1900: 61). Mar ghluais le ‘burraiceach’ sa bhfoclóir in Nua-Dhuanaire Cuid 1 tá ‘of full figure’ curtha síos (de Brún et al. 1986: 140). Sna nótaí leis na línte seo ‘táig dhíom suas’, ‘fág id dhiaidh mé’ (de Brún et al. 1986: 99), is amhlaidh gur treisiú seachas diúltú é don iarratas sna véarsa tríd síos. Tá comhartha ceiste curtha leis an líne ‘an tuile do léig Vénus …’ sna nótaí céanna (de Brún et al. 1986: 99) á chur in iúl go dtéann de na heagarthóirí ciall a bhaint as. Nóta gramadaí seachas nóta mínithe atá leis an líne chlabhsúir: ‘gur tusa, mar bhean, an té ba rogha liom a bheith agam. (Níl an t‑alt roimh “céidbhean” de bhrí nach gá é in abairt chopaile nuair ata clásal coibhneasta i ndiaidh an ainmní.)’ (de Brún et al. 1986: 99).

16 Léamh eile ar fad a dhéanann Gearóid Ó Clérigh ar na línte seo:

Ní dul thar fóir a áiteamh gur féidir go raibh deis ag Seathrún earraí ón Meánmhuir agus ón Iodáil a fheiscint agus iontas a dhéanamh díobh, ina measc cóip nó macphictiúir de ‘Breith Véineas’ chlúiteach sin Botticelli.

Tá toradh ar an suaitheadh agus síolchur sa ré Bharócach i saothar Sheathrúin Chéitinn. In ‘A Bhean Lán de Stuaim’ ní haon dán grá ar sheandhéanamh Meánaoiseach atá againn, a mbíodh a phaisiún á chur ar aghaidh ag an bhfear taobh amuigh den phósadh. Tá an paisiún ann — agus ar an dá thaobh sa chás seo, mar go sceitheann an fear air féin agus é á shéanadh — ach ní ghéillfidh ‘persona’ an fhile don phaisiún ach amháin faoi chuing an phósta. Ba mhaith leis féin an tsearc-bhean a bheith ina ‘haon chéidbhean’ aige. Tá an téarma ‘céidbhean’ gaolmhar le ‘cét muinter’ na sean-dhlíthe, is é sin, an bhean chéile ab airde céim i mbéascna thraidisiúnta a bhféadfadh fear a bheith ar iolracht ban. Ach ‘“aon” chéidbhean’: ní bheadh ag an urlabhraí ach ise amháin agus é pósta léi. Moráltacht iar-Thriontach!

Ansin do b’ionadh leis an ‘ghné thaomach’ a d’fhásadh inti, amhail anfa ar fharraige. Fós, má b’íomhá Véineas í an bhean seo, bhí an bandia ar nós loinge — go fiú í ina long chomhaimsearach trí chumhacht chonsaeite Barócaí — agus í ag teacht i gcuan tar éis na stoirme tuile inar bádh slua mór mairnéalach.

Seo pictiúr ‘Aphrodite Anadyomene’ ina steillebheatha ach í Barócach: is long atá sa bhandia Véineas tar éis anfa, í gan seolta ná éadach fágtha in airde agus fiú táclaí a cuid gruaige anuas léi (2015: 216).

17 Dá fheabhas an cuntas san ar an gconsaeit mar mhíniú ar an dtéarmaíocht farraige, tharlódh go bhfuil sé ábhairín iomarcach mar léamh ar éirim an dáin ina iomláine ’cheal dóthain fianaise.

18 Maidir le corp an dáin féin, admhaíonn Caerwyn Williams agus Ford, dá ngéillfidís do bhunchiall ‘stuaim’ (mar atá ‘self-control, good sense, prudence’), go gcuirfeadh san a rogha léimh ar an dán as a riocht: ‘stuaim … thus translated would give the reader an entirely different impression of the addressed lady’s character’ (1992: 186). Ach, ag an am gcéanna, géilleann siad go n‑iarrann Mícheál Mac Craith: ‘to take a fresh look at the poem’ faoi mar a bheadh sé á léamh faoi léas a linne féin — ‘no doubt reflecting his age just as the editor reflected his’ (Williams agus Ford 1992: 186). Chun a cheart a thabhairt do léamh Mhic Chraith, áfach, ní faoi léas a linne féin a scagann sé an dán ach i gcomhthéacs comhaimseartha na ndánta déanacha frithchúirtéiseacha sin a fhaightear in Tottel’s Miscellany (1557), an chéad chnuasach d’fhilíocht Bhéarla a chuir Richard Tottel (ob. 1594) i gcló:

The equation of ‘stuaim’ with ‘wile’ seems to derive from an a priori condemnation of the lady addressed in the poem as a sort of woman who would dare seduce a priest. If, however, one abandons the interpretation of this priest warding off temptations to his celibacy, it becomes much less a poem of renunciation than one of regret. It can easily be fitted into the framework of ‘The Aged Lover Renounceth Love’ — a pattern apparently initiated by Lord Vaugh in Tottel’s Miscellany, and imitated by such famous poets as Raleigh, Campion, Sidney, and Donne (Mac Craith 1990: 65).

19 Ina leabhar ceannródaíoch, The Poetry of Meditation, taispeánann Louis Martz (1954: 135–144) gur ó chleachtadh na miúine ar théama an bháis agus na díomuaine, a leanann foirmlí liteartha an ‘memento mori’, an ‘sic transit gloria mundi’ agus an ‘ubi sunt’, ach go háirithe (Ó Dúshláine 1987: 19–81). Is intuigthe ó Foras Feasa ar Éirinn go raibh cur amach ag an gCéitinneach ar shaothar leithéidí Raleigh, Campion, agus Sidney; agus is léir ó Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Bergin 1931) go raibh téamaí agus foirmlí mhiúin an bháis ar a thoil aige.

20 Áitíonn Mac Craith gur mó de dhán aiféala ná de dhán aithrí atá i ndán Chéitinn:

Aifeála agus ní aithrí atá ag cur as dó, aiféala faoin acmhainn nach ann di feasta ainneoin an toil a bheith chomh láidir is a bhí riamh. Bíodh is gur faoi anáil thraidisiúin áirithe liteartha a chum Céitinn ní faoi smacht go hiomlán a bhí sé ag an traidisiún céanna, ach d’éirigh leis casadh cruthaitheach a bhaint as díreach mar a bhain filí an Bhéarla casadh nua as an dán traidisiúnta aithrí (1989: 89).

21 Is léir ó thíriúlacht chraicneach an fhriotail nach scrupaill choinsiasa ná teir mhorálta a chuireann srian le mian an chainteora ach sleabhac na seanaoise, malairt ‘carpe diem’ fhilí an ‘amour courtois’, mar nach mbíonn an tréan buan agus is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ní féidir, ar an ábhar sin, a chur as an áireamh nach ag magadh faoi ghal is faoi ghaisce na fearúlachta atá an file anseo agus gur láidre ar an bhfrustrachas ná ar an aiféala atá sé.

22 Sa phíosa critice is géarchúisí, is cuimsithí agus is tomhaiste ar an dán go dtí seo, b’fhéidir, faoin teideal ‘Soraidh slán leis an óige?’, fiafraíonn Breandán Ó Doibhlin, ‘An leor de mhíniú ar neamart an fhir spadántacht na seanaoise?’ (2007: 168–169). Tá freagra na ceiste sa phíosa critice aige féin:

Liric dhrámatúil atá ann a chuireann inár láthair coimhlint in anam fir idir caithis agus beartaíocht mná ar thaobh amháin, agus rún daingean diúltaithe an fhir ar an dtaobh eile. Déanta na fírinne, ní dán grá atá ann sa ghnáthchiall ach dán ag fágáil slán le grá, leis an ghrá céadfaíoch ar aon nós.

Tá doiléire ag roinnt leis an diúltú sin, mar nach ndeimhnítear aon cheannfháth soiléir leis. Ní luaitear aon cheannfháth morálta nó creidimh ach go háirithe, agus más dán aiféala go soiléir é, ní dán aithrí atá ann cé go bhféadfaí comharthaí na haoise sa dara rann a chur i gcosúlacht le traidisiún meánaoiseach an memento mori. Má ríomhtar díbliú na haoise, áfach, níl aon tagairt ann don bhás. Ina theannta sin, cé go bpléadálann an file nó an ‘persona’ spadántacht agus neamart na seanaoise, is léir gur fada é ó bheith dall ar tharraingteacht na mná, rud a léiríonn sé i dtéarmaí a bhaineann leis an ghrá cúirtéiseach. Fianaise é fós an diúltú agus an t‑athdhiúltú do bhuaine agus do dhéine an chathaithe air. Go fiú a airdeall réamhaireach ionas nach gcuire an ‘teas’ an ‘toil’ i mbaol a ghéillte, níl sé gan rian éigin de theagasc morálta na linne, siocracha an pheaca a sheachaint. Admhaíonn sé ina dhiaidh sin a cheanúlacht ar an bhean, ceanúlacht nach bhfuil ach aon teora amháin léi agus a fhágann aiféala air nach féidir dó a ‘tinneas’ a leigheas.

Déantús is ea é a bhfágann an diamhracht agus an débhríocht atá ann caidéis agus allabhracht ina dhiaidh a mhaireann go beo agus go buan sa léitheoir (Ó Doibhlin 2007: 168).

23 Ach dá fheabhas iad an dá léamh san ag Mac Craith agus an Doibhlineach is ó pheirspictíocht an ársaitheora amháin é, agus is ar éigean is féidir a mhaíomh go bhfuil ‘casadh cruthaitheach’, nó ‘bunúlacht’ ar bith ag roinnt le guth an fhir sa dán seo, nuair gur ó chúig chéim an ghrá (‘quinque lineae amoris’) a shíolraíonn corp an aithisc. Ó aimsir Ars Amatoria Óivid agus Horáit, ríomhtar céimeanna an ghrá mar leanas: ‘visu’, ‘adloquio’, ‘tactu’, ‘osculo’ agus ‘concubito’ — radharc, caint, tadhall, póg agus cumasc (Curtius agus Trask 1953: 512). D’úsáidtí na cúig chéim chéanna chun galar an ghrá a sheachaint, faoi mar a chomhairlíonn Óivid san Remedia Amoris: ‘Coisg tosach an uilc. Beidh an leigheas ródhéanach nuair a bheidh an t‑olc neartuighthe leis an ríghneas’ (Ua Laoghaire 1914: 22). Agus ar ócáidí na collaíochta (‘[d]e occasionibus luxurie’) san Fasciculus Morum, áirítear na cúig chéim mar ‘quinque occasionibus luxurie’, nó mar chúig ócáid na collaíochta (Wenzel 1989: 648). I dteannta na samplaí san, tá ceann eile i bhfoirm rainn tugtha ag Peter Dronke atá gar do chomhairle an fhir i ndán an Chéitinnigh:

Visus et alloquium, tactus, post oscula factum.

Ni fugias tactus, vix evitabitur actus:

Post visum, risum, post risum transit in usum,

Post usum tactus, post tactum transit in actus.

(Radharc, caint is tadhall, is tar éis póige an t‑iomlán.

Seachain an tadhall nó déanfaidh tú an t‑iomlán:

Leanann gáire an radharc, is cothaíonn an gáire taithí,

Druideann an taithí chun tadhaill, is éascaíonn an tadhall an gníomh) (1966: 488).

24 Thug an tEaspag John of Salisbury (ob. 1180) leagan níos iomláine fós den chomhairle chéanna (arb ionann é agus ‘Seon easpog Salisburie’ a chuir Anraí II go hÉirinn, le cead an Phápa, ‘go gceirteóchadh dobhéasa an phobail’, dar leis an gCéitinneach in Foras Feasa ar Éirinn (Dinneen 1908: 348):

Cum fabulationibus et conviviis se totis viribus immiscet Venus, cuius qui prima missilia libenter admittit, quin posterioribus gravius vulneretur vix evadit. Visus et alloquium, contactus et oscula, factum, sicut se praecedunt ordine, ita ex necessitate doloris inferunt partum. Voluptatis siquidem finis penitentia est (Dronke 1966: 488).

(Tugann Vénus í féin suas go huile is go hiomlán don chluiche agus do chóisir. An té a ghéilleann dá céad iarracht, is ar éigean a thugann sé na cosa leis ina dhiaidh sin. Radharc, caint, tadhall, póg, cumasc. Faoi mar a leanann na gníomhartha seo a chéile, ní foláir don dólás leanúint díobh. Ar aon chuma, is é toradh na bpeacaí an aithrí).

25 Áirítear an chollaíocht ar na seacht bpeacaí marfacha i dtraidisiún na cráifeachta agus maítear gurb é an ceann is deacra acu le cur faoi chois é. Léiríonn Connie Hopkins an réasúnaíocht thraidisiúnta atá laistiar de na céimeanna agus an chomhairle a ríomhtar i ndán an Chéitinnigh:

… sexuality has perhaps been over-emphasized in scholarship dealing with confessional literature. Nevertheless, there are sound reasons why the sin of lechery in such sources is a good place to look for ideas about human selfhood, including vulnerability and responsibility, subjectivity and agency. Lechery has arguably been considered the sin to which people are most vulnerable. The exernal threats are real and pervasive; the progression into sin almost inexplicable; and man has little hope of trusting his nature and intentions. Lechery is the only sin from which men are regularly encouraged to flee rather than fight (2009: 25).

26 Tá an ceart acu sin a shuíonn an dán seo i dtraidisiún na frithchúirtéise agus na seanmóireachta, ach ní fhágann san gur féidir é a phacáistiú in aon bhosca faoi leith acu. A mhalairt go deimhin: is i bportráid na mná atá bunúlacht radacach agus tarraingt dhiamhair an dáin seo le brath, mar a léirítear paraidím thraidisiúnta de ról an fhir agus na mná iompaithe bunoscionn. Is é an fear atá ag iarraidh teitheadh ón gcaidreamh agus is í an bhean atá ag iarraidh é a chur i gcrích — an bhean mhisniúil ag dul sa tseans agus an fear ina niúidí neáidí. Mar seo a deir an socheolaí Eva Illouz:

Historically, the question of who took a risk was culturally scripted. In pre-modern courtship, it was the man who played the cultural role of taking the risk, thus settling from the outset who would make himself or herself emotionally vulnerable, which in turn enabled the start of a process if incremental trust building (that risk came with the prerogative of initiating). To be sure, taking an emotional risk was part and parcel of patriarchy, a prerogative that derived directly from men’s power. With the disappearance of the ritualized courtship system organized in and by patriarchy, the question of who takes a risk is up for grabs and negotiated ad hoc rather than culturally scripted (2019: 177).

27 Tá an tuiscint sin ag teacht leis an eolaíocht is déanaí ar intinn an duine a léiríonn gur beag, má tá difear ar bith, idir intinn mhothúchánach na bhfear agus na mban (Landes 2013), tuiscint a bhréagnaíonn an seanmhiotas gurbh ó Véineas don mbean agus gurbh ó Mhars don bhfear (Gur agus Gur 2017). A rólanna stairiúla sóisialta is cúis le ceannasaíocht na bhfear ar pháirc an áir agus ceannasaíocht na mban i réimse na mothúchán, rólanna a bhfaightear portráidiú cruthanta orthu i saothar Mháirtín Uí Chadhain (1906–1970). Go deimhin, b’fhéidir a mhaíomh go bhfágann a taithí leathan mar fheighlí tí, páistí agus eile, an bhean níos inniúla is níos aibí chun caidreamh collaí a threorú (Thompson agus Walker 1989). Más cumasc neafaiseach atá mar aidhm ag an mbean seo, rud nach deacair a shamhailt ar loime thíriúil impí an fhir mar léiriú ar a mhíchompord sin, is comhartha neamhspléachais, cumhachta agus féinsásaimh ar thaobh na mná é, í beag beann, ba dhóigh leat, ar aon cheangal dílseachta, agus í ar chomhchéim leis an dearcadh traidisiúnta fireann i leith na collaíochta.

28 Agus an méid sin ráite, is ar éigean a shamhlaigh an Céitinneach athrú chomh radacach ar rólanna traidisiúnta fear agus ban, nó má dhein is faoi chulaith an ghrinn a chóirigh sé é, faoi mar a dhein sagart eile, Domhnall Ó Colmáin (a luadh thuas) sa seachtú haois déag, a raibh dochtúireacht ón Sorbonne aige lena thráchtas ar na suáilcí agus na duáilcí. Tharlódh gur iarracht neafaiseach seoigh é i dtraidisiún goiliardach, raibiléiseach na Meánaoise, dála na ranna seoigh agus rógaireachta sin a fhaightear mar cholafain agus nótaí imill sna téacsanna deabhóide ón Meánaois — mar shampla, an dán ‘A Chrínóc, Cubaid do Cheól’ (Carney 1967: 74–78) — agus a fhaightear sa rann seo a leanas ó cheann eile de mhórdhánta cráifeacha an Chéitinnigh, ‘Fáidhbhréagach an Saoghal So’ a luadh thuas:

Béarthar thú le céathrar ar ghuailníbh id róimh

Is gléasfaid duit féin leabaidh fhuar-chaoil dómhain

Adéaraid lucht th’éagnaigh ag cruadh-chaoi deor

‘Cuir cré uirthi; créad é a gnó thuas níos mó?’ (Mac Giolla Eáin 1900: 35).

29 Tá loime úr fhriseáilte dhána ag baint leis an dán ‘A Bhean lán de Stuaim’, gné a thug ar Frank O’Connor ‘démeublé’ a thabhairt air (1961: 60) agus is é a aistriúchán siúd is fearr, dar liom, a thugann an ghné dhiamhair sin leis.

Saothair a ceadaíodh

Bergin, O. (eag.) (1931) Trí Bior-Ghaoithe an Bháis. Seathrún Kéitinn do Sgríobh. The Three Shafts of Death by Geoffrey Keating. D.D. Dublin: Royal Irish Academy.

Carney, J. (1967) Medieval Irish Lyrics. Berkeley: University of California Press.

Cave, T.C. (1969) Devotional Poetry in France 1570–1613. Cambridge: Cambridge University Press.

Crotty, P. (eag.) (2010) The Penguin Book of Irish Poetry. London: Penguin Classics.

Curtius, E.R. agus Trask, W.R. (1953) European Literature and the Latin Middle Ages. New York: New York Pantheon Books.

Deane, S. (aistr.) (2002) ‘Séathrún Céitinn (Geoffrey Keating) (c. 1580–c. 1644)’. In: Ní Dhonnchadha, M. (eag.) The Field Day Anthology of Irish Writing. Volume IV: Irish Women’s Writing and Traditions. Cork: Cork University Press: 416–417.

de Brún, P. et al. (eag.) (1986) Nua-Dhuanaire Cuid 1. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

DIL = Acadamh Ríoga na hÉireann (1913–1976) Dictionary of the Irish Language. Based Mainly on Old and Middle Irish Materials. Dublin: Royal Irish Academy.

Dinneen, P.S. (eag.) (1908) Foras Feasa ar Éirinn le Séathrún Céitinn, D.D. An Treas Imleabhar i n‑a bhfuil and Dara Leabhar den Stair. The History of Ireland by Geoffrey Keating, D.D. Part III containing the Second Book of the History of Ireland. Irish Texts Society IX. London: The Irish Texts Society.

Dinneen, P.S. (1927) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. An Irish-English Dictionary. Dublin: The Irish Texts Society.

Dronke, P. (1966) Medieval Latin and the Rise of the European Love-Lyric II. Oxford: Clarendon Press.

Foras na Gaeilge. (2013) New English-Irish Dictionary. Ar fáil ag: https://www.focloir.ie/ [faighte 25 Márta 2021].

Gur, R.C. agus Gur, R.E. (2017) ‘Complementarity of Sex Differences in Brain and Behavior: From Laterality to Multimodal Neuroimnaging’. In: Journal of Neuroscience Research 95: 189–199.

Hopkins, C. (2009) All Roads lead to Lechery: Progressions into Sexual Sin in Some Late Medieval Manuals of Religious Instruction. Tráchtas PhD, Ollscoil Utrecht (neamhfhoilsithe).

Hyde, D. (1899) A Literary History of Ireland. London: T. Fisher Unwin.

Illouz, E. (2019) The End of Love. Oxford: Oxford University Press.

Landes, J.B. (2013) ‘The Public and the Private Sphere: A Feminist Reconsideration’. In Meehan, J. (eag.) Feminists Read Habermas: Gendering the Subject of Discourse. London: Routledge: 107–132.

Mac Craith, M. (1989) Lorg na hIasachta ar na Dánta Grá. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Mac Craith, M. (1990) ‘Ireland and the Renaissance’. In: Williams, G. agus Jones, R.O. (eag.) The Celts and the Renaissance: Tradition and Innovation. Proceedings of the Eighth International Congress of Celtic Studies, 1987. Cardiff: University of Wales Press: 57–89.

Mac Giolla Eáin, E.C. (eag.) (1900) Dánta Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn Dochtúir Diadhachta (1570–1650 A.D). Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge.

Martz, L. (1954) The Poetry of Meditation: A Study in English Religious Literature of the 17th Century. New Haven: Yale University Press.

Ní Dhonnchadha, M. (2002) ‘Courts and Coteries II: c. 1500–1800’. In: Bourke, A. et al. (eag.) The Field Day Anthology of Irish Writing. Volume IV: Irish Women’s Writing and Traditions. Cork: Cork University Press: 358–457.

O’Connor, F. (1961) Kings, Lords and Commons: An Anthology from the Irish. London: MacMillan & Co. Ltd.

Ó Doibhlin, B. (2007) Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil III An ‘Lá idir dhá Shíon’: 1616–1641. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Dúshláine, T. (1987) An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge 1600–1650. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Dúshláine, T. (2006–2007) ‘Fasciculus Morum: Foinse Chomónta de Phrós Cráifeach na Gaeilge sa 17ú hAois?’. In: Studia Hibernica 34: 111–122.

Ó Fiannachta, P. (eag.) (1981) An Bíobla Naofa arna Aistriú ón mBuntéacs faoi Threoir ó Easpaig na hÉireann maille le Réamhrá agus Brollaigh. Maigh Nuad: An Sagart.

Ó Clérigh, G. (2015) Barra Trá: Clocha Cainteacha agus Glac Feamainne Filíochta. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Kelleher, A. agus Schoepperle, G. (eag.) (1994): Betha Colaim Chille: Life of Columcille. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ó Rathile, T.F. (eag.) (1926) Dánta Grádha: An Anthology of Irish Love Poetry (A.D. 1350–1750). Cork: Cork University Press.

Ó Tuama, S. agus Kinsella, T. (eag.) (1981) An Duanaire 1600–1900: Poems of the Dispossessed. Dublin: Dolmen Press.

Pearse, P. (1917) Collected Works of Pádraic H. Pearse: Songs of the Irish Rebels and Specimans from an Irish Anthology Some Aspects of Irish Literature Three Lectures on Gaelic Topics. Dublin, Cork, Belfast: The Phoenix Publishing Co. Ltd.

Thompson, L. agus Walker, A.J. (1989) ‘Gender in Families: Women and Men in Marriage, Work and Parenthood’. In: Journal of Marriage and the Family: 845–871.

Trent, W.P. agus Erskine, J. (eag.) (1912) The Golden Treasury Selected from the Best Songs and Lyrical Poems in the English Language and Arranged with Notes by Francis T. Palgrave. Boston: Ginn and Company.

Ua Laoghaire, P. (1914) Aithris ar Chríost. Baile Átha Cliath: Muintir na Leabhar Gaedhilge.

Wenzel, S. (eag. & aistr.) (1989) Fasciculus Morum: A Fourteenth Century Preacher’s Handbook. Pennsylvania: Pennsylvania State University Press.

Williams, J.E. Caerwyn agus Ford, P.K. (eag.) (1992) The Irish Literary Tradition. Cardiff: University of Wales Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626