An Seanadóir Owen Sheehy Skeffington agus an tionchar a bhí aige ar dhíospóireachtaí faoin nGaeilge sna 1960idí

Hugh Rowland

Réamhrá

1 Fear léinn, fear cúise agus polaiteoir ba ea an Seanadóir Owen Sheehy Skeffington (1909–1970) a raibh tuairimí go leor aige faoi cheist an cheartais, agus go deimhin, faoi na dúshláin éagsúla chultúir agus pholaitíochta a bhí le sárú ag an Stát lena linn. Ba fhear ildánach é a bhí ina léachtóir le Fraincis i gColáiste na Tríonóide agus a toghadh faoi dhó ina Sheanadóir neamhspleách ar phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Ag cuimhneamh ar cheist an cheartais go háirithe, mac ba ea é le Frank agus le Hanna Sheehy Skeffington, beirt a bhfuil a gcáil imithe i bhfad agus i ngearr mar gheall ar an bhfeachtas chun cearta vótála do mhná a bhaint amach ag tús an fichiú haois. Fuair sé bás sa bhliain 1970 agus é bliain agus trí scór. Is mar seo a dhéanann Diarmuid Ferriter cur síos ar a shaol agus ar a shaothar:

A genuinely radical voice in Irish politics, Trinity College Dublin (TCD) academic Owen Sheehy Skeffington died in 1970; writer Seán O’Faoláin regarded him as ‘rich in moral courage’ and ‘a giant of honesty’. It was argued that he had used the Senate effectively to attack ‘the entrenched, arrogant religion, politics and outlook that kept Irishmen at each other’s throats and did it without a party or a book.’ He had also championed women’s rights, advocated the primacy of private conscience, railed against corporal punishment and violence, opposed apartheid and advocated separation of church and state and a national health plan (2012: 47).

2 Measann Tom Garvin go raibh cruinneshamhail liobrálach ag Sheehy Skeffington agus gurbh intleachtóir é a bhain go dlúth leis an gcultúr tuata in Éirinn lena linn (2005: 258). De réir Caldicott, in Dictionary of Irish Biography, chuir Sheehy Skeffington go mór agus go meáite leis an iliomad díospóireachtaí sóisialta agus cultúrtha sa tréimhse iarchogaidh in Éirinn. Ba dhíospóireachtaí teasaí lasánta iad sin ar fad a bhain leis an gcinsireacht, le cúrsaí oideachais, leis an bpionós corpartha, le caomhnú na hailtireachta Seoirsí i mBaile Átha Cliath agus le ról na hEaglaise sa tsochaí:

He not only brought his own university [TCD] into the liberal front line of Irish national debate, but he made a significant contribution to the liberalisation of postwar Ireland with his interventions on issues such as the role of the church; censorship; education; the reasoned recognition that at least four of the ‘occupied six counties’ had unionist majorities; and terrorism (Caldicott 2009).

3 San aiste seo, leagfar béim ar na blianta deireanacha de shaol Sheehy Sheffington sna 1960idí, tráth ar nocht sé a thuairimí faoi cheist na Gaeilge éigeantaí. Ba sa bhliain 1966, agus comóradh leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca ar na bacáin, a ghlac sé ballraíocht sa Language Freedom Movement (LFM). Bunaíodh an LFM sa bhliain 1965 agus chuir an eagraíocht sin roimpi féin feachtas náisiúnta a chur ar bun chun fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach mar ábhar Ardteistiméireachta agus leis an nGaeilge mar riachtanas cáilíochta do phoist sa Státchóras. Bhí sochaí na hÉireann ag athrú ar luas mire ag an am agus an bhéim á leagan ag an aos polaitiúil ar an bhforbairt gheilleagrach feasta, go mór mór ó foilsíodh tuarascáil T.K. Whitaker Economic Development i 1958. D’fhág sé sin go raibh sprioc athbheochan na Gaeilge á himeallú, rud ab fhollas do ghluaiseacht na Gaeilge, dar le Maolsheachlainn Ó Caollaí (2013: 17), nuair a foilsíodh an Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge i 1965. Sa pháipéar úd, fógraíodh beartas úr an Stáit i leith na Gaeilge agus tugadh le fios den chéad uair gurbh é an dátheangachas aidhm oifigiúil an Stáit feasta, bíodh is nár luadh an sprioc sin glan amach (Walsh 2012: 44). Ba thréimhse ghuagach mhórathruithe í seo in Éirinn agus luachanna cultúrtha na tíre, agus an Ghaeilge ina measc, ag teacht faoi athbhreithniú:

The 1960s were a period of change in Ireland. Political, economic and social thought was revised as a result of Vatican II, the arrival of television and the potential of EEC (European Economic Community) membership. That decade also marked the passing of the revolutionary generation from power (Meehan 2013: 1).

4 Is é an t-aighneas cultúrtha agus teanga a d’eascair as an tréimhse athraitheach sin in Éirinn a chíorfar san aiste seo. Sa chomhthéacs sin, pléifear an ról a bhí ag Owen Sheehy Skeffington agus a chuid tuiscintí féin i dtaobh na Gaeilge mar a chuir sé in iúl don phobal iad le linn dó a bheith ina phátrún de chuid an LFM sna 1960idí. Is í an ghné den scéal is mó a bheidh faoi scrúdú ná an chaoi ar fhág na coimhlintí idé-eolaíochta ag tús an fichiú haois a rian ar chaismirtí eile teanga a tharlódh níos faide anonn sna 1960idí, tráth a raibh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an allagair phoiblí agus tráth ar tháinig na seanchathanna idir an náisiúnachas cultúrtha agus polaitiúil chun cinn an athuair. Droichead ab ea an Seanadóir Owen Sheehy Skeffington idir an dá thréimhse chinniúnacha sin i stair na hÉireann san fhichiú haois, go mór mór agus ról na Gaeilge sa saol poiblí faoi thrácht. Léireofar san aiste go raibh blaiseadh láidir de náisiúnachas polaitiúil thús na haoise le tabhairt faoi deara sna meonta a nocht an LFM agus Sheehy Skeffington i leith na Gaeilge sna 1960idí. Taispeánann sé seo go raibh oidhreacht Pháirtí Pharlaiminteach na hÉireann, agus fealsúnacht an pháirtí sin i leith na Gaeilge go háirithe, fós le sonrú sa dioscúrsa poiblí sna 1960idí.

5 Chun an cuspóir seo a chur i gcrích, déanfar scagadh agus anailís ar chartlann Sheehy Skeffington i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith le cartlann an LFM (G44) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ina theannta sin, cuirfear faisnéis chomhaimseartha nuachtáin mar aon le fianaise bheathaisnéiseach sa mheá (Sheehy Skeffington 1991; Sheehy Skeffington 2018; Ward 1997; Akenson 1994; Cruise O’Brien 2003; Keating et al. 2017).

Comhthéacs stairiúil: tús an fichiú haois

6 Rugadh Owen Sheehy Skeffington ar an 19 Bealtaine 1909. Tréimhse chorraitheach ba ea í seo i stair na hÉireann agus coimhlintí éagsúla cultúir agus smaointeoireachta ar bun idir go leor grúpaí éagsúla. Bhí an náisiúnachas cultúrtha agus athbheochan na Gaeilge go mór sa treis ag an am agus tionchar agus cruinneshamhail Chonradh na Gaeilge ag bailiú nirt ó bunaíodh an eagraíocht sin sa bhliain 1893 (Denvir 1997: 341–2). Os a choinne sin, bhí an náisiúnachas polaitiúil agus ceist an rialtais dúchais ag dó na geirbe ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann agus iad ag dul go bog agus go crua ar an rialtas liobrálach i Westminster chun ceist na féinrialach in Éirinn a réiteach (Mulvagh 2016: 65).

7 Sampla fónta den aighneas cultúir agus smaointeoireachta sin is ea éileamh Chonradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge ina riachtanas máithreánach don Ollscoil Náisiúnta nuabhunaithe i 1908 (Denvir 1997: 347). Chuir John Dillon, a bhí ina bhall den Pháirtí Parlaiminteach, i gcoinne an éilimh sin toisc, a dúirt sé, go gcuirfeadh a leithéid isteach ar phríomhsprioc an Pháirtí Pharlaimintigh: ba í sin go mbunófaí parlaimint fhéinrialach i mBaile Átha Cliath an athuair (Hutchinson 1987: 185). Bhí an ‘Irish-Ireland lobby’ spréachta chuig Dillon dá bharr sin:

Of the Liberal ameliorative measures for Ireland, Dillon was most closely identified with the Irish universities act of 1908, although he incurred the wrath of the Irish-Ireland lobby by his firm and lucid, if unavailing, opposition at the national convention of February 1909 to the proposal to make Irish a compulsory subject for matriculation (Callanan 2009).

8 Deir Hutchinson gur chreid Dillon go bhféadfaí an náisiúntacht Ghaelach a chur in iúl trí rialtas féinrialach a bhunú in Éirinn arís:

For him [Dillon] the index of full nationality was national self-government, and he feared that an overzealous promotion of the Irish language would, by dividing Protestants and Catholics, Irish and English speakers, detract from a united political campaign to wrest this from the British government (Hutchinson 1987: 1).

9 Leagann Mulvagh amach céard ba bhrí leis an bhféinrialtas, dar leis an bPáirtí Parlaiminteach: ‘By Home Rule, the party meant an extensive provision of devolution rather than a demand for Irish independence’ (2018: 9).

10 Murab ionann agus Dillon, bhí Dubhghlas de hÍde agus Conradh na Gaeilge den tuairim gur ‘life-line’ ba ea an Ghaeilge a dhéanfadh nasc leis an tsibhialtacht Ghaelach ag dul siar agus gurbh é an nasc sin amháin a dhéanfadh dlisteanú ar náisiúntacht na hÉireann (Hutchinson 1987: 1). Theastaigh ó Chonradh na Gaeilge, mar sin, córas moráltachta dá chuid féin a chur chun cinn ina mbeadh an Ghaeilge agus an traidisiún Gaelach ar thús cadhnaíochta, mar a deir Fennell:

In the minds of its founders, and particularly of Douglas Hyde, the movement to restore Gaelic as the language of the Irish people was not an end in itself […] it was a means of turning Irish minds and emotions away from London and towards Ireland. This was to be done by using Gaelic to make Ireland intellectually interesting for the Irish (1983: 122).

11 D’fhéadfaí a rá, mar sin, gur neamhspleáchas cultúrtha chomh maith le neamhspleáchas na haigne ba chás leis an gConradh. Ba chineál neamhspleáchais é sin a bhí ní ba leithne agus ní ba chuimsithí ná an neamhspleáchas polaitiúil, gona bhéim ar an bhféinrialtas laistigh de Stát maorlathach bunreachtúil, a bhí á éileamh ag an bPáirtí Parlaiminteach (Hutchinson 1987: 13).

12 Díol suntais is ea é go raibh an lá ag Conradh na Gaeilge, sa deireadh, maidir leis an nGaeilge a bheith ina riachtanas máithreánach don Ollscoil Náisiúnta, in ainneoin achainíocha an Pháirtí Pharlaimintigh agus na hEaglaise Caitlicí araon (Hutchinson 1987: 185). Léiriú is ea é seo ar an gcoimhlint idir náisiúnaithe cultúrtha agus polaitiúla ag an am agus iad ag dul in adharca a chéile ar mhaithe lena bhfíseanna sóisialta féin a chur i láthair an phobail. I gcomhthéacs sin na coimhlinte idir an dá chineál náisiúnachais, is díol spéise é go ndearna John Redmond, a bhí ina cheannaire ar an bPáirtí Parlaiminteach ag an am, iarracht chun Dubhghlas de hÍde a mhealladh isteach sa pháirtí i 1904 (Mulvagh 2016: 68). Deir Jackson gur mhian le Redmond a chinntiú nach mbeadh aon aighneas idir an Páirtí Parlaiminteach agus Conradh na Gaeilge ar ball (2018: 84). Ba é an t‑údar a bhí leis an teannas leanúnach idir gnéithe cultúrtha agus gnéithe polaitiúla eile den náisiúnachas in Éirinn ná gurbh iad ‘the followers of Hyde rather than Dillon who constructed the modern nation state’ (Hutchinson 1987: 2).

Cúlra Sheehy Skeffington

13 Mar atá thuasluaite, mac ba ea Owen Sheehy Skeffington le Frank Skeffington agus le Hanna Sheehy, beirt a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu mar gheall ar an bhfeachtas chun cearta vótála do mhná a bhaint amach mar chuid den Bhille Rialtas Dúchais. Síochánaí, náisiúnaí agus iriseoir ba ea Frank, a dúnmharaíodh le linn Sheachtain na Cásca 1916, agus náisiúnaí agus sufraigéid ba ea Hanna. Deir Ferriter, agus é ag trácht go sonrach ar Hanna, go raibh muintir Sheehy Skeffington go mór chun tosaigh ar bhéascnaí a linne féin ó thaobh meoin agus smaointeoireachta de:

She and her radical husband Francis Skeffington (murdered as an innocent, pacifist bystander during the 1916 Rising by a British army captain) seemed, in pre-independent Ireland, to be sixty years ahead of their time: declaring agnosticism, refusing to baptise their child, taking each other’s surnames and insisting on the wife’s economic and political autonomy within marriage (2004: 176).

14 Duine de bhunaitheoirí Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná (Irish Women's Franchise League) ba ea Hanna. Bunaíodh an eagraíocht sin sa bhliain 1908 ar mhaithe le cearta vótála ban a bhaint amach mar chuid ní ba leithne den fheachtas ar son an rialtais dúchais. Deir bean chéile Owen, Andrée Sheehy Skeffington, gur ‘militant organization for women’s suffrage’ í an Léig (Sheehy Skeffington 1991: 3). Ba í Hanna an iníon ba shine le David Sheehy a chaith seal mar Theachta Parlaiminte i Westminster le Páirtí Parlaiminteach na hÉireann le linn ré Charles Stewart Parnell agus John Dillon. Bhí deirfiúr léi, Kathleen, pósta leis an iriseoir Francis Cruise O’Brien agus rugadh mac di, Conor, sa bhliain 1917. Ba í Kathleen an t‑aon duine de mhuintir Sheehy a bhí ina ball de Chonradh na Gaeilge agus deir Ward (1997: 13) go raibh sí ina múinteoir Gaeilge sa Scoil Tráchtála i Ráth Maonais níos faide anonn. Bhí deirfiúr eile le Hanna, Mary, pósta le Tom Kettle, fear eile a raibh baint aige leis an bPáirtí Parlaiminteach agus ar maraíodh é le linn Chath an Somme i 1916 (Ward 1997: 176).

15 Bhí muintir Sheehy sáite sa náisiúnachas polaitiúil agus tá leid sa mhéid sin maidir lena dtuairimí i leith na Gaeilge. Ar an gcaoi sin, deir Hutchinson go raibh náisiúnaithe polaitiúla na hÉireann den tuairim nár bhain sibhialtacht ar leith le hÉirinn agus nárbh í an Ghaeilge an chloch ba mhó ar a bpaidrín dá réir: ‘They [náisiúnaithe polaitiúla] had no sense […] of Ireland as a separate civilisation, but rather wished that an Ireland modelled on English liberal lines be given its proper status as a partner in the British Imperial mission’ (1987: 152).

16 Bhí Frank Sheehy Skeffington ina eagarthóir ar nuachtán Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná, The Irish Citizen. Ó tharla gur shíochánaí é, bhí sé an-oibrithe faoin gCéad Chogadh Domhanda agus bhí sé glan i gcoinne an choinscríofa dá bharr sin. Bhí an ghráin aige freisin ar aon chineál doirteadh fola ar mhaithe le sprioc pholaitiúil a chur chun cinn (Sheehy Skeffington 1991: 16). Bhí an-spéis aige riamh in obair Chonradh na Talún agus chuireadh a athair, Joseph Skeffington, ar an eolas é faoin éagóir agus faoin díshealbhú a bhíodh á bhfulaingt ag daoine ag an am. Chuir an méid sin abhaile ar Frank an géarghá a bhain le saoirse a bhaint amach ón mBreatain. Spéisiúil go leor, réitigh Frank beathaisnéis Mhichael Davitt sa bhliain 1908 (Sheehy Skeffington 2018: 72).

Ceist na Gaeilge

17 Deir Andrée Sheehy Skeffington (1991: 1) go raibh Frank agus Hanna beirt go mór ar son ‘the cultural revival’ ag tús an fichiú haois. Ach ina ainneoin sin, deir sí go raibh siad in amhras faoin mian go ndéanfaí athbheochan ar an nGaeilge. Bhí athair Frank, Joseph Skeffington, báúil le cúis athbheochan na teanga ach bhí Frank féin patuar i leith na Gaeilge agus cheap sé nach raibh inti ach dris chosáin (Sheehy Skeffington 1991: 9). Ar an gcaoi sin, cheap sé go raibh an Ghaeilge ag saothrú an bháis agus gur úsáidí go mór fada é Esperanto ná an Ghaeilge ag an am (Sheehy Skeffington 2018: 72). Bhí Hanna ar aon dul lena fear céile chomh fada agus a bhain leis an nGaeilge, mar a deir Ward:

Although in her youth it was fashionable for members of the student debating society to walk around with copies of O’Growney’s Simple Lessons in Irish peeping from their jacket pockets, Hanna’s attitude was similar to Tom Kettle’s quip: ‘Here we are, learning Irish on the threshold of becoming accomplished speakers of English’ (1997: 13).

18 Deir Ward sa bheathaisnéis a scríobh sí ar Hanna Sheehy Skeffington go raibh faitíos ar sciar den mheánaicme in Éirinn ag an am go mbeadh athbheochan na Gaeilge, gan trácht ar cheist an chreidimh, ina laincisí ar na saoirsí pearsanta ba mhian leo a bhaint amach nuair a thiocfadh an féinrialtas:

Suspicion of those who were trying to promote the Irish language was a common trait amongst many of Ireland’s educated middle-class at this period. It was part of their identification with progress, with sympathy for the radical and anti-clerical elements in European political life, combined with a fear that the revival of ancient traditions would hold back progress rather than stimulate it (Ward 1997: 13).

19 Tá an tuairim sin ag teacht cuid mhaith le saoldearcadh an náisiúnachais pholaitiúil agus leis an meon a bhí i réim sa Pháirtí Parlaiminteach ag an am: is é sin le rá gur ghluaiseacht chúlchéimnitheach chosantach é an náisiúnachas cultúrtha ar mhian léi tionchar an nua-aoiseachais, gan trácht ar bhéascnaí an tsaoil uirbigh, a chur ó dhoras (Hutchinson 1987: 32; Denvir 1997: 349). Ag tagairt dó do chlár reachtaíochta an Pháirtí Pharlaimintigh i 1906, deir Mulvagh gur cheist thánaisteach í ceist na Gaeilge don pháirtí, le fírinne, agus dá cheannaire John Dillon go háirithe:

In broad terms, it can be said that all members of the tetarchy [ceannaireacht an pháirtí] viewed the language favourably. However, none were by any means zealots or even personally committed enthusiasts on the subject. The inclusion of this [an Ghaeilge] on the party’s legislative programme arguably had more to do with grassroots pressure from party members active in the Gaelic League, with the classification of the language as a ‘minor’ issue probably reflecting its place in Dillon’s personal hierarchy of legislative demands (2016: 68).

20 B’fhiú a lua freisin nár ghrúpa aonchineálach é an Páirtí Parlaiminteach agus gurbh iomaí ball den pháirtí sin a bhí go mór ar son na Gaeilge, John Boland agus Tom O’Donnell, mar shampla, beirt a raibh baint acu le bunú na hOllscoile Náisiúnta i 1908 (Gaughan 2009). Taispeánann tuiscintí Dillon, ar láimh amháin, agus na dearcthaí a bhí ag leithéidí Boland agus O’Donnell, ar an láimh eile, go raibh éagsúlacht tuairimí faoin nGaeilge le sonrú i measc bhallraíocht an Pháirtí Pharlaimintigh. Léiríonn an méid sin a chasta is a bhí ceist na teanga ag an am agus nárbh fhurasta i gcónaí claí glan néata a thógáil idir an náisiúnachas cultúrtha agus an náisiúnachas polaitiúil.

21 Níor mhiste a rá go raibh Frank agus Hanna beirt ina mbaill de Léig na nÉireannach Aontaithe (an United Irish League) ar fhoghrúpa den Pháirtí Parlaiminteach é (Sheehy Skeffington 2018: 73). Áitítear, mar sin, go raibh muintir Sheehy Skeffington ar aon bhuille leis an bPáirtí Parlaiminteach chomh fada agus a bhain le ceist na Gaeilge. Bhí sé seo le sonrú, go háirithe, nuair a tháinig an lá chun Owen a chur ar scoil.

22 Bhunaigh Pádraig Mac Piarais Scoil Éanna sa bhliain 1908 agus bhí an scoil sin lonnaithe i Ráth Maonais i dtosach go dtí gur aistríodh í go Ráth Fearnáin i 1910. Deir Ó Háinle go raibh an-tóir ar an scoil ag an am de bharr a nua-aimseartha is a bhí an fhealsúnacht mar aon leis na modhanna teagaisc a chleachtaí inti:

Theastaigh [ón bPiarsach] ‘neamhspleáchas intleachtúil’ a chothú sa scoil: bheadh dearcadh Gaelach á chur chun tosaigh, teagasc dátheangach á chleachtadh, tírghrá á chothú, béim ar leith á cur ar an eolaíocht agus ar ábhair nua-aimseartha; agus bheadh carachtar na ndaltaí á mhúnlú agus bheadh baint ag na daltaí le ceapadh an churaclaim (Ó Háinle 2017: 3).

23 Dá fheabhas iad na modhanna teagaisc a d’úsáidtí i Scoil Éanna, socraíodh in aon turas gan Owen a chur ann, mar a mhíníonn Andrée Sheehy Skeffington:

Both parents were agreed on the choice of school although it was Frank who took the final step. They deliberately avoided Pearse’s school, St Enda’s, then in Rathmines, in spite of its new methods and nationalist atmosphere. For one thing, it specifically catered for Catholic boys. It also laid more stress on the Irish language than Owen’s parents favoured. They wanted as near a non-denominational school as could be found, preferably a co-educational one (Sheehy Skeffington 1991: 14).

24 D’fhreastail Owen ar Scoil Pháirc Sandford, scoil neamh-shainchreidmheach i Raghnallach. Díol spéise is ea é gur cuireadh oideachas ar Justin Keating i scoil Pháirc Sandford freisin. Bhí Keating ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus bhí sé ina Aire Tionscail agus Tráchtála sa chomhrialtas náisiúnta (1973–1977). Ba é an comhrialtas sin, a bhí comhdhéanta de Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre, a chinn deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach don Ardteistiméireacht i 1973 agus don Státchóras i 1974 (Ó hIfearnáin 2009: 575). Agus Scoil Pháirc Sandford faoi thrácht aige ina dhialann Nothing is written in stone, déanann Keating cur síos ar an ngean a bhí aige ar Sheehy Skeffington:

Sandford Park had some distinguished Left-liberal (in the American sense) former pupils. Among them was a man whom I knew a little when I was on the Trinity staff and admire enormously, Senator Owen Sheehy-Skeffington, a consistent and relentless defender of the liberal ethic, and his cousin Conor Cruise O’Brien, who was subsequently my colleague in government (Keating et al. 2017: 27).

25 Ina dhiaidh sin, cuireadh oideachas tríú leibhéal ar Sheehy Skeffington i gColáiste na Tríonóide, rud a d’fhág nár chuir coinníoll na Gaeilge san Ollscoil Náisiúnta isteach air beag ná mór. Dá bharr sin, ní fios dáiríre cé chomh maith is a bhí a chuid Gaeilge ach deir an t‑iriseoir John Horgan, in alt leis ar The Irish Times, go raibh Sheehy Skeffington in ann dreas cainte cúig nóiméad a dhéanamh i nGaeilge ag cruinniú de chuid an LFM i dTeach an Ardmhéara i 1967. San alt úd, leagann Horgan amach dintiúir Sheehy Skeffington chun a bheith ag caint ar an nGaeilge:

He went to some length to display his own qualifications to speak on the subject, ranging from early attendances at language classes in Ely Place in 1918, through courses under people like Maighréad Ní Ghráda and Mrs. MacEntee [Mairéad Bean Mhac an tSaoi] to a sojourn on Inishmaan in 1925 (Horgan 1967).

26 Léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ba ea Mairéad Bean Mhac an tSaoi agus is í an scríbhneoir agus an file clúiteach, Máire Mhac an tSaoi, a hiníon (Breathnach agus Ó Murchú 2002: 24). Chomh maith leis sin, ba chol ceathrar é Owen Sheehy Skeffington le Conor Cruise O’Brien, fear céile Mháire Mhac an tSaoi.

27 Bíodh is go n‑áitítear san alt seo go raibh cosúlachtaí idir meonta mhuintir Sheehy Skeffington i leith na Gaeilge agus meonta an Pháirtí Pharlaimintigh, níor mhiste a rá, áfach, go raibh míshuaimhneas le brath eatarthu mar gheall ar cheisteanna eile, agus ina measc sin bhí ceist na gceart do mhná. Ar an ábhar sin, measadh go raibh an Páirtí Parlaiminteach tar éis droim láimhe a thabhairt do cheist na vótala do mhná, mar a mhíníonn Micheline Sheehy Skeffington:

Hanna’s father was an Irish Party MP, but never showed signs of supporting her or the suffrage movement. Too many of them were afraid that adding the perceived complication of women’s suffrage would jeopardize the passing of the Home Rule Bill (2018: 75).

28 Cor eile sa scéal seo nár mhiste a chur sa mheá, agus cúlra Owen Sheehy Skeffington á phlé, is ea go ndeachaigh Hanna leis an bpoblachtachas nuair a dúnmharaíodh a fear céile, Frank, le linn Sheachtain na Cásca i 1916. Ina dhiaidh sin ghlac sí ballraíocht i Sinn Féin i 1918 (Ward 1997: 220) agus toghadh í ina comhlairleoir ar Bhardas Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir 1920 (Ward 1997: 234). Murab ionann agus muintir Sheehy, bhí Hanna naimhdeach gangaideach leis an gConradh Angla-Éireannach agus leis an Saorstát dá réir (Akenson 1994: 81). Ba sa chomhthéacs suaite sin a thapaigh Hanna an deis, den chéad uair riamh ina saol, tacú go poiblí le gluaiseacht na Gaeilge, mar a mhíníonn Ward: ‘The only period when promoters of the Irish language had her public support was in the very different circumstances of post-Treaty Ireland, when the issue became a convenient one with which to berate the Free State government’ (1997: 13).

29 Ní furasta adhmad a bhaint as na tionchair seo ar fad a chuaigh i bhfeidhm ar Owen Sheehy Skeffington le linn a óige. Ar aon dul leis an bPáirtí Parlaiminteach agus leis an náisiúnachas polaitiúil trí chéile, bhí a mhuintir fuarchúiseach go maith faoin nGaeilge. An cheist ba mhó a bhíodh ag déanamh tinnis do mhuintir Sheehy Skeffington, agus níor cheist bheag í gan amhras, ná ceist an cheartais agus cás na mban go háirithe. Is dóigh liom gurbh iad na dintiúir liobrálacha sin, gona mbéim ar shaorthoil an duine aonair, ba chúis le Sheehy Skeffington a spreagadh chun dul leis an LFM sna 1960idí, go mór mór ó tharla gurbh í aidhm dhearbhaithe na heagraíochta sin go ndéanfaí ábhar oideachais ‘roghnach’ den Ghaeilge feasta (LFM c.1965).

Language Freedom Movement (LFM)

30 Eagraíocht náisiúnta ba ea an LFM a bunaíodh sa bhliain 1965 chun dúshlán a thabhairt do dhá cheann de mhórbheartais an Stáit i leith na Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, theastaigh ón eagraíocht go gcuirfí deireadh leis an gcoinníoll éigeantach gur ghá pas a bhaint amach sa scrúdú Gaeilge chun go mbronnfaí Ardteistiméireacht ar dhalta. Ina áit sin, ba mhian leis an LFM go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach feasta: ‘LFM proposes the following specific educational reforms: (a) Irish shall be an optional rather than a compulsory subject in the Intermediate Certificate, Leaving Certificate, Matriculation and university degree examinations’ (LFM c.1966a). Ina theannta sin, bhí an LFM ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge éigeantach chun post a fháil sa Státchóras óir chonacthas don LFM gur bhain leatrom agus caimiléireacht leis na coinníollacha sin. Is mar seo a dhéantar cur síos ar chuspóirí na heagraíochta i mBunreacht an LFM: ‘The objects of the organisation shall be to promote a realistic approach towards the Gaelic language and to remove compulsion, discrimination and other objectionable practices from the State language policy’ (LFM c.1966b).

Córas pátrúnachta

31 Bhain an LFM leas as córas pátrúnachta chun a léiriú don ghnáthphobal gur thacaigh daoine aitheanta sa saol poiblí le haidhmeanna agus le cuspóirí na heagraíochta. Modh a bhí i gcóras seo na bpátrún chun aidhmeanna na heagraíochta a dhlisteanú i measc an phobail agus chun daoine a spreagadh chun tacú leis an ngluaiseacht, mar a dúirt uachtarán agus príomhbhunaitheoir an LFM, Christopher Morris:

[…] LFM hoped by publishing this list to encourage Irish people of all walks of life to stand up proudly and be counted. The patrons had various political affiliations — what united them was their concern for Ireland’s future and the damage being done to it by a minority whose view was that Gaelic should be and could become the Irish vernacular (The Irish Times 1966: 6).

32 Bhí roinnt pátrún mór le rá ag an LFM le linn don eagraíocht sin a bheith ar an bhfód sna 1960idí. Ina measc sin, bhí an scríbhneoir Gaeltachta Séamus Ó Grianna, an scríbhneoir agus an drámadóir John B. Keane, chomh maith leis an Seanadóir Owen Sheehy Skeffington féin. Tá cárta ballraíochta LFM, agus ainm Owen Sheehy Skeffington scríofa air, i measc na gcáipéisí iomadúla atá á gcoimeád i gcartlann Sheehy Skeffington sa Leabharlann Náisiúnta. Cuirtear in iúl ar an gcárta sin gur ghlac sé ballraíocht san eagraíocht ar an 31 Márta 1966 agus gurbh é ‘Hazelbrook Cottage, Terenure Road West, Dublin 6’ an seoladh a bhí aige (LFM 1966c).

33 Cáipéis spéisiúil luachmhar eile atá sa chartlann chéanna is ea litir a sheol Máire Mhac an tSaoi chuig Owen Sheehy Skeffington i 1967. Bhí Conor Cruise O’Brien agus Máire Mhac an tSaoi ina gcónaí i Nua-Eabhrac i lár na 1960idí (Cruise O’Brien 2003: 285–303), an tráth céanna ar tháinig an LFM ar an bhfód in Éirinn. Tar éis an scliúchais a thit amach ag cruinniú iomráiteach an LFM i dTeach an Ardmhéara i 1966 (Rowland 2012: 10–13), shocraigh an eagraíocht cruinniú poiblí eile a thionól san ionad céanna ar an 10 Márta 1967. Bhí an craoltóir Gay Byrne ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin agus bhí Owen Sheehy Skeffington ar dhuine de na cainteoirí, mar aon le John B. Keane. Ba sa chomhthéacs sin a sheol Máire Mhac an tSaoi litir chuig Sheehy Skeffington ar an 31 Márta 1967. Sa litir úd, chaith sí amhras ar an LFM mar ghrúpa ach, ina ainneoin sin, dúirt sí gur thuig sí go maith gur le hionracas agus le teann macántachta a bhí Sheehy Skeffington féin bainteach leo:

This is probably an entirely superfluous letter as I think you and I know and like each other too well for any misunderstanding to arise. Never the less, ex abundante cautela, I just want to put on record that I enjoyed your speech on Irish as reported recently in The Irish Times very much. I need hardly say I think your judgement at fault in your choice of auspices, but I have no doubts at all as to the honourable character of your motives. There! I got it said! (Mhac an tSaoi 1967).

34 Ag eascairt as an anailís ar cháipéisí, agus ar scríbhinní eile de chuid Sheehy Skeffington, tá dhá mhórthéama le tabhairt faoi deara, is iad sin (1) cur chun cinn na Gaeilge agus phobal na teanga sa Ghaeltacht agus (2) cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

1. Cur chun na Gaeilge agus phobal na teanga sa Ghaeltacht

35 Mar aon le ceist na Gaeilge éigeantaí, bhí ceist na ndeontas do na ceantair Ghaeltachta ina cnámh spairne ag roinnt de bhaill an LFM ar an mbonn go mba cheart, dar leo, na deontais sin a dháileadh bunaithe ar riachtanais eacnamaíochta na gceantar sin beag beann ar staid na teanga iontu: ‘Government grants should be made available on the basis of economic need rather than on the basis of the language of the area in which the grants are made’ (LFM c.1966). ‘Leatrom’ ba ea é seo, dar le Frank Crummey, a rinne ‘saoránaigh den dara grád’ díobh siúd nach raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht, mar a mhíníonn sé ina dhírbheathaisnéis:

Then there was the fact that government grants were available in Gaeltacht areas purely because they were Gaeltacht areas, not on the basis of economic need, when there were areas in counties like Leitrim that were destitute but had no such grants available because the county was not Irish-speaking (Crummey 2009: 72).

36 Bíodh is gur phátrún de chuid an LFM é Owen Sheehy Skeffington, níor tháinig sé go huile is go hiomlán le húdar gearáin an LFM faoi na deontais do na ceantair Ghaeltachta, mar a dúirt sé i litir a scríobh sé chuig Morris i 1967:

LFM is unanimous […] on the main lines of policy but on detail there is plenty of healthy shading of opinion. I am thinking, for instance, of the point about special aid for Gaeltacht areas; my own view is that special help for them is justified in the circumstances, but I can see that the other view can be strongly argued (Sheehy Skeffington 1967a).

37 Léiríonn an méid sin nach raibh baill agus pátrúin uile an LFM ar aon bhuille maidir le ceist na ndeontas, rud a thaispeánann nach féidir aonchineálú simplithe a dhéanamh ar shaoldearcadh na heagraíochta. Trí dhul i dtuilleamaí scríbhinní Sheehy Skeffington, is féidir a áiteamh gur mheas sé go mba cheart don Stát cúram speisialta a dhéanamh de na ceantair Ghaeltachta ó tharla gur sna ceantair sin a labhraítí an teanga i ‘suíomh nádúrtha’ agus go ‘toildeonach’. Chuir sé an bhá sin a bhí aige leis an nGaeltacht in iúl i litir a sheol sé chuig Morris i mí Mheán Fómhair 1966, cúpla lá tar éis mhórchruinniú cáiliúil an LFM i dTeach an Ardmhéara:

If we try to dilute Irish and spread it thinly in emasculated form over an unwilling population, we won’t succeed. A better system is of preserving the Gaeltacht where Irish is a natural growth. […] My own view is that Irish should be kept alive as long as possible where it is still naturally and willingly spoken (it might last another 100 years thus) but that to dilute so that it can be forcibly fed down unwilling throats is not only to injure the throats and annoy their owners but also to kill the language faster (Sheehy Skeffington 1966b).

38 Ar an gcaoi sin, is cosúil go bhfuil Sheehy Skeffington ag moladh go gcuirfí acmhainní Stáit i dtreo na Gaeltachta óir is fearr sin in áit an teanga a bheith á cur siar i gcraos an phobail, in aghaidh a thola, sa chuid eile den tír lasmuigh den Ghaeltacht:

[…] I am very strongly in favour of helping Irish by helping the people who speak it naturally to remain in the Gaeltacht and to earn their living with their heads up, not on charity and I would differ from some on this, but I would be prepared to urge the government to give special help there (Sheehy Skeffington 1966b).

39 Is dóigh liom go bhfuil caomhnú na Gaeltachta go mór i gceist i ndioscúrsa Sheehy Skeffington agus cruthúnas air sin is ea achainí an tSeanadóra i 1956, nuair a bhí Roinn na Gaeltachta á bunú ag an dara comhrialtas (1954–1957), go mbeadh an Roinn nua sin lonnaithe sa Ghaeltacht. Ba é an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956 a thug údarás reachtúil do bhunú Roinn na Gaeltachta. Agus díospóireacht Seanaid faoi lán seoil ar an 30 Bealtaine 1956, mhol Sheehy Skeffington go gcuirfí an leasú seo a leanas isteach sa bhille a bhí faoi chaibidil: ‘As soon as reasonably practicable the central office of the new Department of the Gaeltacht shall be established in the Gaeltacht area’ (Sheehy Skeffington 1956b: 5). Luífeadh sé le ciall, dar leis, go mbeadh an roinn nua lonnaithe ina ceantar feidhme féin. Bhí Risteárd Ó Maolchatha ina Aire Oideachais (1954–57) de chuid Fhine Gael ag an am agus dhiúltaigh sé scun scan do mholadh Sheehy Skeffington go mbeadh an roinn nua lonnaithe sa Ghaeltacht:

There is no other place in which I see that the Ministry can be set up, from the point of view of doing effective work in relation to the Gaeltacht or in relation to co-ordinating things, than Dublin at the moment. That is all I say, and nothing that we might put into a Bill will change or affect that situation radically (Ó Maolchatha 1956).

40 Ba dhuine é Ó Maolchatha a raibh cáil na Gaeilge air agus áiríonn Breathnach agus Ní Mhurchú (2008: 199) é i measc an ochtair airí rialtais, idir 1922 agus 1962, ba mhó a ndeachaigh soiscéal Chonradh na Gaeilge i bhfeidhm orthu. Is tráthúil, mar sin, gurbh é Ó Maolchatha an chéad duine a ceapadh riamh sa ról nua mar Aire Gaeltachta (1956–57) (Breathnach agus Ní Mhurchú 2008: 202).

41 Léiríonn an t‑allagar seo ar fad faoi Roinn na Gaeltachta, chomh maith lena chuid scríbhinní ó na 1960idí, go raibh bá ag Sheehy Skeffington leis an nGaeltacht agus go raibh tuiscint aige, beag beann ar sheasamh oifigiúil an LFM, go mba cheart don Stát cúram a dhéanamh den Ghaeltacht ó thaobh na forbartha agus an gheilleagair de. Ní miste a lua, áfach, nach raibh Sheehy Skeffington ina chadhan aonair maidir le ceisteanna a tharraingt anuas faoin mbail a bhí ar na ceantair Ghaeltachta sna 1960idí. Bhíodh an eagraíocht Misneach, agus Máirtín Ó Cadhain ina cheann feadhna uirthi, ag léirsiú faoi fhimíneacht agus faoi easpa gnímh an Stáit maidir le cur i bhfeidhm bheartas na hAthbheochana agus dúradh gurbh í an Ghaeltacht ba mhó a bhí buailte de dheasca na neamhshuime sin (Rowland 2016: 29). Maíonn Denvir (1997: 103), agus ‘smaointeachas polaitiúil agus cultúrtha’ Uí Chadhain faoi thrácht aige, gur ‘dhá thaobh an aon bhoinn’ iad ‘slánú na Gaeltachta agus slánú na Gaeilge.’ Bhí duine eile de phátrúin an LFM, Séamus Ó Grianna, meáite de go mba chóir do bheartas teanga an Stáit a bheith dírithe ar shlánú na Gaeltachta, mar a deir Mac Congáil: ‘Chreid sé i gcónaí go raibh slánú na Gaeilge ag brath ar an Ghaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta agus go raibh slánú na Gaeltachta ag brath ar mhuintir na Gaeltachta fanacht sa Ghaeltacht agus slí bheatha a bhaint amach ansin’ (2001: 12). Ar an gcaoi sin, mheas an Griannach nach raibh an Stát ag déanamh fabhair ar bith do mhuintir na Gaeltachta agus an léiriú ab fhollasaí air sin, dar le Mac Congáil (2001: 12), ná gurbh éigean dóibh ‘an tír a fhágáil le greim a mbéil a shaothrú mar a rinne siad sular baineadh saoirse amach.’ Ar mhaithe le solas a chaitheamh ar chás na Gaeltachta agus chun fuascailt a fháil ar scéal na himirce, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara sa bhliain 1969. Bhí an grúpa sin den tuairim go raibh beartas teanga an Stáit ag cur le ‘galldú’ na Gaeltachta (Mac Giolla Chríost 2008: 81) agus chuir an grúpa clár éileamh i dtoll a chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhí le sárú ag pobal na Gaeltachta (féach Ó hÉallaithe 2019: 5–9).

42 Bhí tuairimí Sheehy Skeffington fréamhaithe sa tuiscint gurbh í an Ghaeltacht an ‘suíomh nádúrtha’ ina labhraítí an teanga agus gur ‘natural growth’ í an Ghaeilge inti. D’fhéadfaí a áiteamh gur macalla é seo d’fhealsúnacht eisintiúil na hAthbheochana, is é sin an tuiscint go bhfanann an Ghaeltacht, agus pobal na teanga inti, ina stad agus nach dtagann claochlú uirthi in imeacht ama ar chor ar bith. Faoin tuiscint chéanna, deirtear gurb í an Ghaeltacht an áit a bhfeicfí an fhíor-fhréamhshamhail den chine Gaelach, rud a bhí ina eiseamláir do ghlúin na hAthbheochana, mar a mhíníonn Ó Torna:

Shamhlaítí na ceantair Ghaeltachta agus a gcuid oidhreachta leis an bhfíorthraidisiún, sa chaoi inar cruthaíodh constráid den Ghaeltacht mar ‘an fhíor-Éire.’ Ba nós le náisiúnaigh ón naoú haois déag ar aghaidh a áiteamh gur lean pobal na Gaeilge orthu ag labhairt na teanga ar chúiseanna a raibh baint acu le tírghrá agus le náisiúnachas. Ba é a d’fhás ón ráiteas agus ón tuiscint sin, dar leis na náisiúnaigh, gur chruthúnas doshéanta í an Ghaeltacht ar uathúlacht na hÉireann agus, dá réir sin, ar an teideal a bhí ag muintir na hÉireann chun féin-rialaithe […] Bhí ról lárnach ag na ceantair Ghaeltachta, mar sin, i gcruthú náisiún na hÉireann agus i bhforbairt thuiscint na nÉireannach orthu féin i rith bhlianta luatha an fichiú haois (2005: 167).

43 Ag éirí aníos do Sheehy Skeffington i mBaile Átha Cliath i ndéaga an fichiú haois is cinnte go raibh an fhealsúnacht chéanna go mór sa chúrsaíocht agus gur fhág sí a rian air.

2. Cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

44 Dá thiomanta é Sheehy Skeffington do chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, scéal eile ar fad ba ea úsáid na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go mór mór sa chóras oideachais. Tá an méid sin le sonrú sa litir sin a sheol sé chuig Morris i 1966 inar thrácht sé ar ‘Ghaeilge lagaithe’, nó ‘emasculated form’ mar a dúirt sé féin, a bheith á scaipeadh ar phobal nár mhian leo í. Ó tharla go nascann Sheehy Skeffington an urlabhra ardghradaim leis an nGaeltacht, tarraingíonn an méid sin ceisteanna anuas faoin údaracht, nó a malairt, a bhaineann leis an gcineál Gaeilge a labhraítear lasmuigh den Ghaeltacht. Cuireann sé in iúl gur Gaeilge ‘lagaithe’ atá á scaipeadh ar dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht dá mbuíochas. Tá blaiseadh d’idé-eolaíocht na barántúlachta nó na húdarachta, mar a mhíníonn Woolard i gcomhthéacs na Catalóine í, ag roinnt leis seo. Mar a deir Woolard:

The ideology of authenticity locates the value of a language in its relationship to a particular community. Within this logic, a speech variety must be perceived as deeply rooted in social and geographic territory in order to have value (2016: 22).

45 Bhíodh ceist sin na barántúlachta ag cur as go mór do dhuine eile de phátrúin an LFM ag an am, ba é sin Séamus Ó Grianna. Suanbhall ba ea Ó Grianna, den chuid ba mhó, cé is moite de chúig cinn de litreacha a scríobh sé chuig The Irish Times, faoin teideal ‘Compulsory Irish’, i 1966. I gceann amháin de na litreacha sin (1966: 12), thug sé fogha faoin ‘nGaeilge nua,’ nó an ‘civil service Irish’ mar a bhaist Ó Grianna uirthi, ar an mbonn, dar le Mac Congáil (2001: 12), ‘nach raibh aon dúchas ann, nach raibh máistreacht ag daoine uirthi ná goile acu di.’ D’fhéadfaí a áiteamh, mar sin, gur mhaolú í ‘an Ghaeilge nua’ ar údaracht agus ar shaibhreas na teanga dúchais. Ar an gcaoi chéanna, deir Breathnach agus Ní Mhurchú (1990: 111) go ndiúltaíodh ‘sé glan an litriú ná an ghramadach chaighdeánach a úsáid agus bhí sé in aghaidh an chló Rómhánaigh.’ Deir Nic Eoin, agus í ag trácht ar shaothar liteartha Uí Ghrianna, go mbíodh ‘leagan íonghlanta’ de Ghaeilge dhúchais a cheantair féin in úsáid aige ina chuid saothar: ‘Ba dhuine é Ó Grianna a d’fhéach d’aonchúis lena chanúint féin a shaothrú mar mheán liteartha, ach ba leagan íonghlanta den chanúint chéanna a chuir sé os comhair léitheoirí’ (2005: 59).

46 I mbeagán focal, mheas Sheehy Skeffington, ar aon dul le Séamus Ó Grianna, nár cheart an Ghaeilge, agus an Ghaeilge ‘lagaithe’ go háirithe, a bhrú ar éinne nár theastaigh sí uathu, agus ina áit sin, go ndéanfaí ábhar roghnach meánscoile di feasta. Dúirt Sheehy Skeffington freisin, gan aon fhianaise taighde a bheith á lua aige, go raibh ‘cinneadh’ déanta ag tromlach na tíre droim láimhe a thabhairt don Athbheochan: ‘In reality, the majority of our people have already voted against its restoration by omitting to speak it […] they have voted with their tongues against the revival’ (Sheehy Skeffington 1966a).

47 Measann sé gur ghin an Athbheochan, agus an Ghaeilge éigeantach go háirithe, patuaire agus fuath i measc an phobail don Ghaeilge agus gurbh é sin, dar leis, a chuir luas faoi bhás na teanga. Is é seo mar a labhair sé i litir a scríobh sé chuig an New Statesman, irisleabhar de chuid na heite clé, ar an 26 Meán Fómhair 1966:

My own opinion is that Irish is dying, and dying the faster due to the methods of its ‘friends’, and the quite unnecessary hostility built up against it by compulsory practices of those who wield it as a bludgeon. It was not, in fact, feasible in 1922 to make it once more a generally spoken tongue, but its death could and should certainly have been more effectively deferred. When it does ultimately die, we shall have lost something precious, but certainly doomed in the twentieth century as was Cornish in the eighteenth (Sheehy Skeffington 1966a).

48 Freagra ba ea an litir seo ar cholún a bhí scríofa roimhe sin ag an iriseoir agus an gníomhaí teanga, Prionsias Mac Aonghusa. Sa cholún úd, rinne Mac Aonghusa cur síos ar an LFM mar ‘naimhde na teanga’ agus thrácht sé freisin ar an ‘bhfeachtas frithGhaeilge’ a bhí curtha ar bun acu. Dúirt sé freisin gurbh í an Ghaeilge an t‑aon suaitheantas féiniúlachta, arbh fhiú trácht air, atá ag pobal na tíre agus go dteastaíonn athbheochan na Gaeilge chun pobal sainiúil a chothú (Sheehy Skeffington 1966a). Deir Breathnach agus Ó Murchú (2007: 42) go mbíodh Mac Aonghusa ag soláthar ábhair don New Statesman ar feadh achair deich mbliana idir na 1950idí agus na 1960idí.

49 Gné fhollasach agus leanúnach de chruinneshamhail an LFM ba ea an tuiscint go rachadh sé chun tairbhe do chlú na Gaeilge dá bhfaighfí réidh leis an nGaeilge éigeantach. Díol suntais is ea é go raibh an tuiscint chéanna le sonrú i mbeartas Gaeilge Fhine Gael ó 1959 i leith, go mór mór ó tháinig James Dillon i gcomharbacht ar Risteárd Ó Maolchatha mar cheannaire an pháirtí sin (Mac Aonghusa 1993: 330). Fearacht John Dillon, a chuir i gcoinne riachtanas na Gaeilge don mháithreánach san Ollscoil Náisiúnta i 1908, thosaigh mac leis, James Dillon, ag tarraingt ceisteanna anuas faoi bheartas na Gaeilge éigeantaí den chéad uair i 1959. Nuair a bhí clár Fhine Gael d’olltoghchán 1961 á sheoladh ag Dillon, dúirt sé go raibh ag teip ar na modhanna reatha chun an athbheochan a chur i gcrích, dar leis, agus gur ghá an beartas teanga a athrú go beo, rud a dhéanfadh ‘leas na Gaeilge,’ dar leis (The Irish Times 1961: 7).

50 Fógraíodh, faoi chlár Dillon, go mbeadh ‘mealladh’ agus ‘spreagadh’ ina gclocha coirnéil faoin mbeartas teanga feasta. Chuige sin, dúradh sa chlár go múinfí an Ghaeilge mar ábhar ‘riachtanach’ ach go mbronnfaí Ardteistiméireacht fiú sa chás ina bhfaighfí teip sa Ghaeilge. Ina theannta sin, ba mhian le Dillon deireadh a chur leis an nGaeilge mar mheán teagaisc do ranganna na naíonán sna Scoileanna Náisiúnta i gcásanna nárbh í an Ghaeilge an ghnáth-theanga a labhraítí sa bhaile. Maidir leis an nGaeilge éigeantach sa tseirbhís phoiblí, chuirfí deireadh leis an ‘stigma of jobbery’ a bhain le riachtanas na scrúduithe teanga do cheapacháin ghairmiúla agus theicniúla. Dúirt Dillon go mbeadh na beartais nua seo faoin nGaeilge á gcur i bhfeidhm ag aon rialtas a mbeadh sé ina Thaoiseach air (Political Correspondent 1961: 1). Níor thug Dillon na cosa leis san olltoghchán sin ach léiriú is ea an méid a dúirt sé gur mhair smaointeoireacht an Pháirtí Pharlaimintigh, chomh fada agus a bhain leis an nGaeilge, beo i gcónaí sna 1960idí, bíodh is go raibh an páirtí sin cniogtha ó bhí 1922 ann.

51 Leagann Sheehy Skeffington amach na buntáistí, dar leis, a bheadh i ndán do cháil na Gaeilge dá mba ábhar roghnach scoile í. Mar léachtóir le Fraincis, agus go deimhin, mar ‘theangeolaí’, aithníonn sé na buntáistí iomadúla a bhaineann le foghlaim an dara teanga, i gcás páistí óga go háirithe:

I feel that Irish children having crossed this barrier, this language barrier, of being able to throw themselves into a second language, have acquired a technique and conquered self-consciousness which would stand them in excellent stead when they come to learn a third or fourth language (Sheehy Skeffington 1967b).

52 Ina theannta sin, pléann sé an saibhreas a bhaineann le leaganacha cainte agus le cora cainte sa Ghaeilge, tréithe atá tar éis a rian a fhágáil ar an gcineál Béarla a labhraítear in Éirinn a linne féin, dar leis. An tríú pointe a luann sé ná gur chóir go mbeadh sé de rogha ag daoine, mar a bhí aige féin le linn a óige, tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun teacht i dtír ar an saibhreas cainte sin a luann sé:

[…] once a certain degree of proficiency is reached by somebody who has chosen the subject, it enables him to make contact with the people of the Gaeltacht, and to go not so much to talk to them but to listen to them, and I have never forgotten the dignity and the compelling personality [and] power of some of the people that I met on Inishmaan when I was a boy of 16 in 1925 (Sheehy Skeffington 1967b).

53 Díol suntais is ea an chaint seo ó Sheehy Skeffeington faoi bhuanna an dátheangachais ag an am óir foilsíodh an tuarascáil taighde, Bilingualism and Primary Education, leis an Athair John MacNamara i 1966. In ainneoin gurbh é an Béarla gnáth-theanga an teaghlaigh ag formhór na ndaltaí bunscoile in Éirinn, dúirt MacNamara go gcaití 42% den am teagaisc ag plé leis an nGaeilge i gcomórtas le 22% ag plé leis an mBéarla (1966: 135). Chomh maith leis sin, rinne MacNamara staidéar ar an gcumas Béarla a bhí ag sampla daltaí in Éirinn agus chuir sé an fhaisnéis sin i gcomparáid le sampla daltaí sa Bhreatain. Ba é an toradh a bhí ar an staidéar comparáideach sin ná go raibh an cohórt in Éirinn i bhfad chun deiridh. An t‑údar a bhí leis sin, dar le MacNamara, ná go gcaití ní ba lú ama ag plé leis an mBéarla in Éirinn mar gheall ar an mbeartas athbheochana, rud a d’fhág, dar leis, go raibh drochthionchar ag an Athbheochan ar chumas Béarla na bpáistí in Éirinn (MacNamara 1966: 137–8). In ainneoin gur cáineadh cur chuige MacNamara agus gur caitheadh amhras ar thorthaí taighde an tsaothair (Williams 1967; Lambert agus Tucker 1973; Cummins 1977), fós féin chuir an tuarascáil isteach go mór ar cháil an oideachais dhátheangaigh in Éirinn ag an am, rud a d’fhág nach raibh ach dornán beag scoileanna lán-Ghaeilge fanta lasmuigh den Ghaeltacht faoin mbliain 1973 (Ó hIfearnáin 2009: 565).

54 Ba nós leis an LFM tarraingt ar an saothar úd mar fhianaise go raibh an Ghaeilge, mar ábhar agus mar mheán teagaisc, ina bró mhuilinn anuas ar dhaltaí bunscoile na hÉireann. Chun an teachtaireacht sin a chur abhaile ar an bpobal, shocraigh an LFM duillíní eolais a scaipeadh le linn an fheachtais olltoghcháin i 1969. Is é seo blaiseadh den mhéid a dúradh ar an ábhar bolscaireachta sin, faoi mar atá sé leagtha amach ag Ó Riain:

More than one-third of Primary school time is monopolised by one subject — Irish. So a boy of 14, after 9 years in school, has spent a total of more than 3 of these precious years studying Irish, and nothing else. […] Your child spends less school time studying the language of his home than any other schoolboy in Europe. This must hinder his effects to express himself and to get full value from education (1994: 194).

55 Sna duillíní sin, chuir an LFM an locht ar Fhianna Fáil as an mbeartas seo a choinneáil i réim (LFM 1969). Ina ainneoin sin, ba bheag tionchar a bhí ag an LFM ar thoradh an olltoghcháin féin ó tharla gur toghadh Fianna Fáil an athuair le móramh de 75 suíochán.

56 Bíodh is nach luann Sheehy Skeffington an Ghaeilge mar mheán teagaisc go sonrach ina chuid scríbhinní, tá sé thar a bheith suntasach, mar sin féin, go luann sé na buntáistí a bhaineann le foghlaim an dara teanga, an Ghaeilge san áireamh. Léiríonn an méid sin go mbíodh sé sásta dul i dtuilleamaí a chuid saineolais féin, beag beann ar sheasamh oifigiúil na heagraíochta.

57 B’intleachtóir neamhspleách é Owen Sheehy Skeffington. Bíodh is gur bhall agus gur phátrún den LFM é níor tháinig sé go huile is go hiomlán le saoldearcadh na heagraíochta sin agus ba í sin an chúis a ndearna sé a chomhairle féin faoi na buntáistí a bhaineann le foghlaim an dara teanga. An chloch ba mhó ar a phaidrín, dáiríre, ná go mbeadh an Ghaeilge mar ‘rogha’ acu siúd nárbh as an nGaeltacht dóibh. I bhfianaise a chuid scríbhinní féin, is cinnte gurb í ceist an cheartais agus na cothroime an snáth is leanúnaí agus is mó suntas ina chuid smaointeoireachta, agus is léir gur tríd an lionsa sin a bhain sé meabhair as ceist na Gaeilge. Beag beann ar sheasamh poiblí an LFM, mar sin, threabh Sheehy Skeffington a iomaire féin chomh fada agus a bhain le cur chun cinn na Gaeltachta. Níl aon amhras faoi ach gur mheas sé, ach an oiread lena athair Frank, go raibh an Ghaeilge ag saothrú an bháis, ach ina ainneoin sin, chreid sé go mba cheart tacú leis an bpobal teanga sa Ghaeltacht a fhad is a mhairfeadh an teanga beo inti (Sheehy Skeffington 1967b). Bhí an tuairim sin fréamhaithe sa tuiscint gurb í an Ghaeltacht an áit ina labhraítear an teanga go nádúrtha. Mar mhalairt ghlan air sin, ba í an Ghaeilge ‘lagaithe’ a bhí á brú ar dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht, dar leis. Léiríonn na spallaí a bhíodh á gcaitheamh ag Séamus Ó Grianna leis an ‘nGaeilge nua’, gan trácht ar a dhearcadh diúltach faoin gCaighdeán Oifigiúil agus faoin gcló Rómhánach, go raibh bá aige siúd le tuairimí Sheehy Skeffington.

58 Dá mairfeadh Sheehy Skeffington níos faide ná 1970, bheadh sé spéisiúil a fheiceáil an dtiocfadh athrú intinne air maidir le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go mór mór ó tharla gur thosaigh Conradh na Gaeilge ag baint earraíochta as an gcineál friotail a bhí an-ghar dá chroí féin, is é sin friotal na gceart agus na cothroime. Bunaíodh na brúghrúpaí deonacha Gaelscoileanna agus Na Naíonraí Gaelacha i 1973 agus 1974 faoi seach, agus é mar aidhm acu pobal na teanga a spreagadh chun cearta oideachais a lorg agus a éileamh (Mac Aonghusa 1993: 362). An toradh a bhí ar dhíospóireachtaí na tréimhse seo ná gur chuir siad borradh faoin tuiscint gur go deonach amháin ab fhéidir an Ghaeilge a chur chun cinn feasta agus nárbh fhéidir a bheith ag brath ar an Stát ní ba mhó chun cúram a dhéanamh den teanga (Denvir 1997: 108). Chuir an méid sin lasair dhíograise faoi ghluaiseacht na Gaeilge, agus faoi phobal na teanga chomh maith, agus tosaíodh ar a bheith ag léirsiú agus ag stocaireacht ar mhaithe le leigheas a fháil ar theipeanna an Stáit i réimsí éagsúla teanga. D’fhág sé seo, dar le hÓ hIfearnáin, gur ghníomhaíochas pobail ón mbun aníos, murab ionann agus ceannaireacht ón Stát, ba chionsiocair le cuid mhór athruithe sa bheartas teanga a spreagadh ó na 1970idí i leith:

The policies pursued from the 1970s through the early 1990s can only be described as benign in that the state did not articulate a conscious opposition to the protection and promotion of Irish and continued to respond favourably to calls to action from those sections of the community that were able to get its attention. Essentially this means that the state reacted supportively to the minority who actively set up Irish-language schools and sought services and media in Irish rather than actually leading the way itself, as it would have done in the 1930s. For example, it responded to pressure from a challenge in 1969 by the Conamara-based Gaeltacht Civil Rights Movement by setting up Raidió na Gaeltachta as an RTÉ service in 1970, which started broadcasting in 1972 (2009: 575).

Conclúid

59 Léiríonn an aiste seo go bhfuil cosúlachtaí le tabhairt faoi deara idir fealsúnacht an Pháirtí Pharlaimintigh i leith na Gaeilge ag tús an fichiú haois agus fealsúnacht an LFM ina leith sna 1960idí. Sampla fónta is ea scéal Sheehy Skeffington den mhíshuaimhneas a bhí le brath idir an náisiúnachas cultúrtha agus an náisiúnachas polaitiúil le linn déaga an fichiú haois, go mór mór agus staid agus stádas na Gaeilge faoi thrácht. Fearacht sheasamh an Pháirtí Pharlaimintigh, ba cheist imeallach í ceist na Gaeilge do Sheehy Skeffington, go mór mór i gcomórtas leis na cúiseanna móra sóisialta eile ar chuir sé spéis iontu lena linn; an chinedheighilt, stádas na mban agus an pionós corpartha, mar shampla. Bhí Sheehy Skeffington ar aon fhocal leis an náisiúnachas polaitiúil sa mhéid is go raibh dearcadh praiticiúil, réasúnach, oibiachtúil agus fóntaíoch aige ar an nGaeilge, dearcadh nach raibh fréamhaithe sa mhaoithneachas beag ná mór. Léiríonn an aiste seo go raibh oidhreacht an Pháirtí Pharlaimintigh, agus smaointeachas an pháirtí sin i leith na Gaeilge go háirithe, fós le sonrú sa dioscúrsa poiblí faoi na 1960idí. Áitítear gur tháinig cuid de bhallraíocht an LFM faoi thionchar na cruinneshamhla céanna, is é sin gurbh fhéidir náisiúntacht na hÉireann a chur i láthair d’uireasa na Gaeilge mar theanga bheo agus nár chomhartha ‘riachtanach’ féiniúlachta í an Ghaeilge dá bharr sin. Chuir Sheehy Skeffington an tuairim chéanna in iúl san óráid a thug sé uaidh i dTeach an Ardmhéara i 1967, áit a ndúirt sé gur trí an mheán an Bhéarla a bhíonn cultúr na hÉireann ar thús cadhnaíochta i saol na freacnairce:

Well now, when we talk about ‘we Irish’ we are in fact a blend, a highly mixed up blend, and I think on the whole a blend we can be proud of, a better blend which is very like the other blends in the west of Europe, and there is a good deal of nonsense in fact that has been talked, in my opinion about the purity of the Irish race, and the Irishness involved. Another thing that we are, in so far as we are Irish, very Irish indeed, through English, and I would say furthermore that in so far as we cut out in literature, in culture, in the arts, in politics, it is through English and not through Irish (Sheehy Skeffington 1967b).

60 Ar mhalairt tuairime a bhí Conradh na Gaeilge, grúpa a bhreathnaigh ar an nGaeilge go hidé-eolaíoch mar aonad suibiachtúil, mothálach agus mothúchánach agus mar ghléas a chuir éagsúlacht, murab ionann agus aonchineálacht, na mionphobal chun cinn. Léiríonn sé seo gurb iad na dioscúrsaí céanna a thagann aníos arís agus arís eile agus ceist na teanga faoi thrácht agus is féidir a mbunáite sin a rianú siar go dtí an choimhlint idé-eolaíochta idir an náisiúnachas cultúrtha agus polaitiúil ag tús an fichiú haois.

Saothair a ceadaíodh

Foinsí foilsithe comhaimseartha

Horgan, J. (1967) ‘Radical words on language revival: Dialogue at LFM meeting’. In: The Irish Times, 11 Márta: 9.

Ó Grianna, S. (1966) ‘Compulsory Irish.’ In: The Irish Times, 21 Meitheamh: 12.

Ó Maolchatha, R. (1956) Ministers and Secretaries (Amendment) Bill, 1956- Committee and Final Stages. Seanad Éireann (Díospóireacht) — Dé Céadaoin, 30 Bealtaine 1956: https://www.oireachtas.ie/ga/debates/debate/seanad/1956-05-30/6/ [faighte 20 Meitheamh 2018].

Political Correspondent. (1961) ‘Softer Policy on Irish Revival: Fine Gael issues programme.’ In: The Irish Times, 14 Meán Fómhair: 1.

Rialtas na hÉireann. (1965) An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Sheehy Skeffington, O. (1956a) Ministers and Secretaries (Amendment) Bill, 1956- Committee and Final Stages. Seanad Éireann (Díospóireacht) — Dé Céadaoin, 30 Bealtaine 1956: https://www.oireachtas.ie/ga/debates/debate/seanad/1956-05-30/6/ [faighte 20 Meitheamh 2018].

Sheehy Skeffington, O. (1956b) ‘The Gaeltacht Ministry’. In: The Irish Times, 16 Iúil: 5.

The Irish Times. (1961) ‘Sense at last.’ In: The Irish Times, 14 Meán Fómhair: 7.

The Irish Times. (1966) ‘Initial Patrons of LFM Announced’. In: The Irish Times, 19 Lúnasa: 6.

Ábhar Cartlainne

LFM (c.1965) Language Freedom Movement: Stated aims [preaseisiúint]. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

LFM (c.1966a) Language Freedom Movement: Revised Statement of Policy. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

LFM (c.1966b) Constitution of the Language Freedom Movement. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

LFM (1966c) Membership card. In: Páipéir Sheehy Skeffington (82), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

LFM (1969) Members of Fianna Fáil! (duillín eolais). In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Mhac an tSaoi, M. (1967) Litir chuig Owen Sheehy Skeffington, 31 Márta. In: Páipéir Sheehy Skeffington (82), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Sheehy Skeffington, O. (1966a) ‘Restoring Irish’, litir chuig Eagarthóir New Statesman, 26 Meán Fómhair. In: Páipéir Sheehy Skeffington (82), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Sheehy Skeffington, O. (1966b) Litir chuig Christopher Morris, 24 Meán Fómhair. In: Páipéir Sheehy Skeffington (82), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Sheehy Skeffington, O. (1967a) Litir chuig Christopher Morris, 3 Márta. In: Páipéir Sheehy Skeffington (82), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Sheehy Skeffington, O. (1967b) An óráid a thug Owen Sheehy Skeffington ag cruinniú an LFM i dTeach an Ardmhéara, 10 Márta. In: Páipéir Sheehy Skeffington (82), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Leabhair agus Ailt

Akenson, D.H. (1994) Conor: A Biography of Conor Cruise O’Brien. Montreal: McGill-Queen’s University Press.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (1990) 1882–1982: Beathaisnéis a Dó. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2002) 1882–1982: Beathaisnéis a Ceathair. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2007) Beathaisnéis a Naoi: Forlíonadh agus Innéacsanna. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2008) 1882–1982: Beathaisnéis a Cúig. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Caldicott, C.E.J. (2009) ‘Skeffington, Owen Lancelot Sheehy-’. In: McGuire, J. agus Quinn, J. (eagí.) Dictionary of Irish Biography. Cambridge: United Kingdom: Cambridge University Press. Ar fáil ag: http://dib.cambridge.org/viewReadPage.do?articleId=a8108 [faighte 31 Iúil 2018].

Callanan, F. (2009) ‘Dillon, John’. In: McGuire, J. agus Quinn, J. (eagí.) Dictionary of Irish Biography. Cambridge: United Kingdom: Cambridge University Press. Ar fáil ag: http://dib.cambridge.org/viewReadPage.do?articleId=a2603 [faighte 29 Aibreán 2019].

Cruise O’Brien, M. (2003) The Same Age as the State. Dublin: O’Brien Press.

Crummey, F. (2009) Crummey v Ireland: A thorn in the side of the establishment. Dublin: Londubh Books.

Cummins, J. (1977) ‘Immersion education in Ireland: A critical review of Macnamara’s findings’. In: Working Papers on Bilingualism 13: 121–129.

Denvir, G. (1997) Litríocht agus Pobal. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Fennell, D. (1983) The State of the Nation: Ireland since the sixties. Dublin: Ward River Press.

Ferriter, D. (2004) The Transformation of Ireland 1900–2000. London: Profile Books.

Ferriter, D. (2012) Ambiguous Republic: Ireland in the 1970s. London: Profile Books.

Garvin, T. (2005) Preventing the future: Why was Ireland so poor for so long? Dublin: Gill & Macmillan.

Gaughan, A.J. (2009) ‘Boland, John Mary Pius’. In: McGuire, J. agus Quinn, J. (eag.) Dictionary of Irish Biography. Cambridge: Cambridge University Press. Ar fáil ag: http://dib.cambridge.org/viewReadPage.do?articleId=a0767 [faighte 26 Aibreán 2019].

Hutchinson, J. (1987) The Dynamics of Cultural Nationalism: The Gaelic Revival and the Creation of the Irish Nation State. London: Allen & Unwin.

Jackson, A. (2018) Judging Redmond and Carson: Comparative Irish lives. Dublin: Royal Irish Academy.

Keating, J., Kealy, A. agus Hussey, B. (2017) Nothing is written in stone: The notebooks of Justin Keating. Dublin: The Lilliput Press.

Lambert, W.E. agus Tucker, G.R. (1973) The Benefits of Bilingualism. Baile Átha Cliath: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1997, Stair Sheanchais. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Mac Congáil, N. (2001) ‘Máire agus an LFM.’ In: Feasta 54 (9): 11–13.

Mac Giolla Chríost, D. (2008) ‘Micro-Level Language Planning in Ireland’. In: Liddicoat, A. agus Baldauf, R. B. (eag.), Language Planning and Policy: Language Planning in Local contexts. Clevedon, UK / Buffalo, NY: Multilingual Matters: 75–95.

Macnamara, J. (1966) Bilingualism and Primary Education: A Study of Irish Experience. Edinburgh: Edinburgh University Press.

Meehan, C. (2013) A Just Society for Ireland. London: Palgrave Macmillan.

Mulvagh, C. (2016) The Irish Parliamentary Party at Westminster. Manchester: Manchester University Press.

Mulvagh, C. (2018) ‘The durable democrat’. In: The Irish Times, 24 Aibreán: 9.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Caollaí, M. (2013) Garret FitzGerald agus Paddy Hillery: Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Háinle, C. (2017). Léirmheas ar An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht le hÓ Tuathaigh, G. (eag.). In: COMHARTaighde 3 [Idirlíon]. DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2017.13 [faighte 31 Iúil 2018].

Ó hÉallaithe, D. (2019) ‘Níl Anseo ach Tús…’ In: Comhar 79 (3): 5–9.

Ó hIfearnáin, T. (2009) ‘Irish speaking society and the state’. In: Ball, M.J. agus Müller, N. (eag.) The Celtic languages (2nd ed., Routledge language family series). New York: Routledge: 539–586.

Ó Riain, S. (1994) Pleanáil Teanga in Éirinn 1919–1985. Baile Átha Cliath: Carbad / Bord na Gaeilge.

Ó Torna, C. (2005) Cruthú na Gaeltachta 1893–1922: Samhlú agus buanú chonstráid na Gaeltachta i rith na hAthbheochana. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Rowland, H. (2012) ‘Saoirse Teanga agus Cainte’. In: Comhar 72 (5): 10–13.

Rowland, H. (2016) ‘An choimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach’. In: COMHARTaighde 2. [Idirlíon]. DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2016.07 [faighte 2 Bealtaine 2019].

Sheehy Skeffington, A. (1991) Skeff: A Life of Owen Sheehy Skeffington 1909–1970. Dublin: The Lilliput Press.

Sheehy Skeffington, M. (2018) ‘The Sheehy Skeffington legacy and how it influences me today’. In: Boylan, C. Buckley, S.A. agus Dolan, P. (eag.). Family Histories of the Irish Revolution. Dublin: Four Courts Press: 69–83.

Walsh, J. (2012) Contests and Contexts: The Irish language and Ireland's Socio-Economic Development. Bern: Peter Lang.

Ward, M. (1997) Hanna Sheehy Skeffington: A Life. Cork: Attic Press.

Williams, J.L. (1967) Bilingualism Today. Baile Átha Cliath: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Woolard, K.A. (2016) Singular and Plural: Ideologies of Linguistic Authority in 21st Century Catalonia. New York: Oxford University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626