An Seanadóir Owen Sheehy Skeffington agus an tionchar a bhí aige ar dhíospóireachtaí faoin nGaeilge sna 1960idí

Rowland, Hugh

Senator Owen Sheehy Skeffington and his influence on Irish language debates in the 1960s

Abstract

Senator Owen Sheehy Skeffington (1909–1970) was an academic, activist and politician who championed many liberal causes during his lifetime. He campaigned against apartheid, corporal punishment and the destruction of Georgian Dublin. He also championed women’s rights and advocated separation of church and state. He was the only son of Frank and Hanna Sheehy Skeffington, both prominent nationalists and members of the suffrage movement in pre-independent Ireland. Owen Sheehy Skeffington was a lecturer in French in Trinity College Dublin. He served two terms as an independent Senator in Seanad Éireann as part of the University of Dublin panel. He died in 1970.

It is the aim of this article to investigate the latter years of Sheehy Skeffington’s public life and in particular his role as a patron of the Language Freedom Movement (LFM) in the 1960s. The LFM was an urban social movement established in 1965. Its main aim was to challenge two elements of the state’s language policy, namely, the compulsory Irish requirement in order to obtain a Leaving Certificate and the compulsory language requirement in order to secure employment in the civil service. Sheehy Skeffington became a patron and a member of the LFM in March 1966, a month prior to the fifty-year commemoration of the Easter Rising. This commemoration, coupled with a new focus on economic development since 1958, inspired a re-evaluation and re-appraisal of state policy and rhetoric in various spheres including the Irish language.

Within this context of debate and questioning of the state language policy, it is the aim of this article to examine Owen Sheehy Skeffington’s opinions regarding the Irish language and the broader language policy, as it pertained to the Gaeltacht, in the late 1960s. This analysis is based on his own writings and correspondence in the Sheehy Skeffington Papers in the National Library of Ireland and in the LFM Papers in NUI, Galway. Contemporary newspaper articles, ephemera and biographical studies will also be included in the analysis, the aim of which is to elicit Sheehy Skeffington’s viewpoints on Irish in the context of his involvement and advocacy of liberal causes throughout his lifetime.

This article posits that early 20th century political nationalism, as expressed by the Irish Parliamentary Party, influenced and informed later language debates in the 1960s. It is argued that the same rational utilitarian ideology towards language, as espoused by some political nationalists and elements of the Irish Parliamentary Party, also came to the fore in the 1960s. This article highlights how that ideology manifested itself in the writings of Owen Sheehy Skeffington and in the LFM’s published materials.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
05/11/2019

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Pairtí Parlaiminteach, an Ghaeilge éiginteach don státchóras, beartas teanga an Stáit, náisiúnachas polaitiúil, Owen Sheehy Sheffington, Language Freedom Movement

DOI:
10.18669/ct.2019.04

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Intleachtóir radacach liobrálach ba ea an Seanadóir Owen Sheehy Skeffington (1909–1970). Fear léinn, fear cúise agus polaiteoir ba ea é a raibh tuairimí go leor aige faoi cheist an cheartais, agus go deimhin, faoi na dúshláin éagsúla chultúir agus pholaitíochta a bhí le sárú ag an stát lena linn. Ba mhac é le Frank agus le Hanna Sheehy Skeffington, beirt a bhfuil a gcáil imithe i bhfad agus i ngearr mar gheall ar an bhfeachtas chun cearta vótála do mhná a bhaint amach ag tús an 20ú haois. Ba fhear ildánach é Sheehy Skeffington a bhí ina léachtóir le Fraincis i gColáiste na Tríonóide agus a toghadh faoi dhó ina Sheanadóir neamhspleách ar phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Fuair sé bás sa bhliain 1970.

San aiste seo, leagfar béim ar na blianta deireanacha dá shaol ag deireadh na 1960í, tráth ar nocht sé a thuairimí faoi cheist na Gaeilge éigeantaí. Ba sa bhliain 1966, agus comóradh leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca ar na bacáin, a ghlac sé ballraíocht sa Language Freedom Movement (LFM). Bunaíodh an LFM sa bhliain 1965 agus chuir an eagraíocht sin roimpi féin feachtas náisiúnta a chur ar bun chun fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach Ardteistiméireachta agus státchórais. Ba thréimhse ghuagach mhórathruithe í seo in Éirinn agus luachanna cultúrtha na tíre, agus an Ghaeilge ina measc, ag teacht faoi athbhreithniú ag an aos polaitiúil is léinn.

Laistigh den chomhthéacs athraitheach sin, déantar anailís san aiste seo ar na tuairimí agus ar na tuiscintí a bhí ag Owen Sheehy Skeffington i leith chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn, bíodh sin sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Chuige sin, tá an anailís a dhéantar bunaithe ar chartlann Sheehy Skeffington i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith le cartlann an LFM in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuirtear faisnéis chomhaimseartha nuachtáin mar aon le roinnt saothar beathaisnéiseach sa mheá freisin.

Agus tuairimí Sheehy Skeffington agus an LFM faoi thrácht, léirítear san aiste seo go raibh blaiseadh láidir de náisiúnachas polaitiúil thús an fichiú haois le tabhairt faoi deara sna meonta a nochtadh i leith na Gaeilge sna 1960idí. Dá bhíthin sin, áitítear go raibh oidhreacht Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, agus fealsúnacht an pháirtí sin i leith na Gaeilge, fós le sonrú sa dioscúrsa poiblí sna 1960idí. An toradh a bhí air seo ná gur mheon réasúnach fóntaíoch a bhí á chur in iúl ag Sheehy Skeffington agus ag an LFM chomh fada agus a bhain leis an nGaeilge.

© Hugh Rowland, 2019

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Rowland, Hugh

Teagmháil:

hugh.rowland@nuigalway.ie

Beathaisnéis:

Tá Hugh Rowland ina Fheidhmeannach Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi láthair. Rinne sé BA sa Ghaeilge agus in Eolaíocht an Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá LLB, MA sa Nua-Ghaeilge agus PhD sa Nua-Ghaeilge aige ón ollscoil chéanna. Ar na hábhair thaighde is spéis leis, tá an idé-eolaíocht teanga, an beartas teanga, an náisiúnachas agus ról na Gaeilge sa saol poiblí, go mór mór san fhichiú haois.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.