‘An saol i scáthán an scéil’: léamh soch-chultúrtha ar scéal iontais a d’inis Mícheál Breathnach ón Mhám, Contae na Gaillimhe

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

Réamhrá

1 Bhí Mícheál Breathnach (1864–1943) an Mháma i measc na scéalaithe a bhain aitheantas amach ó Shéamus Ó Duilearga agus ó scoláirí béaloidis mór le rá eile an fichiú haois mar gheall ar a bhua mar ealaíontóir béil. Sa nóta eagarthóireachta a scríobh an Duileargach faoin scéal ‘Seán a’ Droma’ (SD — féach achoimre an scéil san Aguisín) arna fhoilsiú in Béaloideas sa bhliain 1934, thug sé le fios gurbh é Breathnach ‘one of the best storytellers in Connacht’ agus go raibh repertoire scéalta an-chuimsitheach aige (Ó Duilearga in Mac Giollarnáth 1934: 423). Is sampla den scoth é SD de mhúnla reacaireachta an scéil iontais (a aistrítear go minic mar märchen sa Ghearmáinis nó mar fairy tale sa Bhéarla) agus is féidir é a rangú faoin uimhir ATU 301 — The Three Stolen Princesses — in innéacs na scéalta béaloidis idirnáisiúnta (Uther 2004: 176–179). I dtraidisiún na hÉireann, tá ATU 301 mar bhunús leis an scéal a dtugtar ‘Eachtra Iollainn Airmdheirg’, ‘Tóraíocht Fhiacail Rí Gréag’, nó ‘Úcaire na Seachtaine’ mar theideal air go minic, a bhí an-choitianta sa traidisiún béil agus a bhfaightear roinnt leaganacha de i lámhscríbhinní déanacha (Christiansen 1938: 97–98). De réir fhianaise an innéacs The Types of the Irish Folktale, a chuir Séan Ó Súilleabháin agus Reidar Th. Christiansen in eagar sa bhliain 1963, tá 93 leagan de ATU 301 i bpríomhbhailiúchán lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann (Ó Súilleabháin agus Christiansen 1963: 62–63). Is léir ó scaipeadh tíreolaíoch na leaganacha seo go raibh an scéal an-choitianta i measc scéalaithe Chonnacht (50 leagan) agus go raibh tóir ar leith air i gContae na Gaillimhe go sonrach (42 leagan). Bhí an scéal coitianta go leor i gCúige Mumhan (27 leagan) ach ní raibh an t‑éileamh céanna air i gCúige Uladh (15 leagan, 14 díobh seo i dTír Chonaill) ná i gCúige Laighean (1 leagan).

2 Titeann príomheachtraí an scéil iontais amach i ndomhan osnádúrtha na fantaisíochta. Tá forbairt shóisialta an duine óig mar bhunús leis an chineál seo scéil agus déantar próiseas casta an teacht in inmhe a shimpliú trína léiriú mar thuras dúshlánach a dhéanann an laoch go dtí an Domhan Eile, mar a mhíníonn Linda Dégh:

The hero’s (or heroine’s) career starts, as everyone else’s, in the dull and miserable world of reality. Then, all of a sudden, the supernatural world involves him and challenges the mortal, who undertakes his long voyage to happiness. He enters the magic forest, guided by supernatural helpers, and defeats evil powers beyond the boundaries of man’s universe. Crossing several borders of the Beyond, performing impossible tasks, the hero is slandered, banished, tortured, trapped, betrayed. He suffers death by extreme cruelty but is always brought back to life again. Suffering turns him into a real hero: as often as he is devoured, cut up, swallowed, or turned into a beast, so does he become stronger and handsomer and more worthy of the prize he seeks. His ascent from rags to riches ends with the beautiful heroine’s hand, a kingdom, and marriage. The final act … brings the hero back to the human world; he metes out justice, punishes the evil, rewards the good (1972: 63).

3 Is ionann domhan an scéil iontais agus limistéar idéalach a chruthaíonn an scéalaí trí chruth aeistéitiúil a chur ar mhianta agus ar aislingí a lucht éisteachta agus is beag an t‑ionadh é, mar sin de, go raibh tóir ar leith ar na scéalta seo i measc daoine a bhí faoi chuing na daoirse agus na bochtaineachta (Holbek 1987: 201). Tugann na gníomhartha gaisciúla a chuireann an laoch i gcrích misneach don éisteoir gur féidir leis an té is mó atá buailte faoi chois éirí in airde agus biseach a chur ar chúinsí a shaoil i ndeireadh na dála. Is mar gheall air seo a bhaisteann Jack Zipes ‘survival stories with hope’ ar an scéal iontais agus is maith mar a mhíníonn an cur síos sin an tóir a bhí ag daoine air leis na cianta: ‘At the center of attraction is the survival of the protagonist under difficult conditions, and the tales evoke wonder and admiration for oppressed characters, no matter who they may be’ (2006: 27; 50). Agus anailís á déanamh againn ar scéalta iontais, áfach, ní mór aird ar leith a dhíriú ar lucht a n‑insinte agus ar an chomhthéacs bheo ónár tháinig taifead díobh anuas chugainn. Mar a léirigh Bengt Holbek ina staidéar cuimsitheach ar scéalta iontais a bailíodh sa Danmhairg sa naoú haois déag, bíonn dlúthcheangal idir ábhar na scéalta agus coinníollacha maireachtála na scéalaithe agus a lucht éisteachta i gcomhthéacs soch-chultúrtha ar leith (Holbek 1987: 408).

4 Nuair a tosaíodh ag bailiú an bhéaloidis ar bhonn córasach in Éirinn, faoi choimirce Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971) agus a réamhtheachtaí Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930–1935), bhí sé mar phríomhsprioc an stiúrthóra, Séamus Ó Duilearga ‘na sean-iarsmaí dúchais, i bhfuirm béaloideasa agus cuimhne sean-nós’ a tháinig anuas ó ghlúin go glúin a bhailiú, a fhoilsiú agus a chur ar buanchoimeád do na glúnta a bhí le teacht (1927: 3). Mar a mhíníonn Mícheál Briody, dhírigh foireann an Choimisiúin aird ar leith ar bhailiú na scéalta iontais nuair a tháinig an eagraíocht sin ar an fhód sa bhliain 1935 (2007: 59). Bhí tionchar nach beag ag scoláireacht an bhéaloidis san Eoraip agus ag an staidéar chomparáideach, go háirithe, a bhí faoi rath i measc scoláirí béaloidis sna Críocha Lochlannacha, ar an chlaonadh sin (Briody 2007: 58–60). Lena chois sin, chonacthas don Duileargach go raibh meath mór ag teacht ar an líon daoine a raibh ar a gcumas na scéalta fada, casta seo a insint: ‘the number of persons — usually men — who can tell the sean-sgéal (märchen) is gradually being reduced; and soon but few will remain to recount in traditional style this once popular type of folk-tale’ (Delargy 1945: 6). Sa léacht chlúiteach The Gaelic Storyteller, a thug an Duileargach in Acadamh Ríoga na Breataine sa bhliain 1945, mhaígh sé gur thréith riachtanach í an chuimhne ghrinn i sealbhú an scéil iontais agus d’áitigh sé go bhféadfadh an litearthacht a bheith mar bhac sa chomhthéacs sin:

… the often intricate wonder-tale requires considerable powers of memory on the part of the teller; in fact, most educated people would find it very difficult, if not impossible, to give an intelligent summary of the common hero-tale, not to mention retelling it as they had heard it. I have known many illiterate story-tellers who learned some of these twisted tales from a single telling (Delargy 1945: 34).

5 Tá dearcadh an Duileargaigh ag teacht leis an chlaonadh a bhí ag scoláirí béaloidis ó thús an naoú haois déag béim a leagan ar choimeádachas an traidisiúin bhéil, seachas ar an chruthaitheacht a léiríonn mórán de na scéalaithe is cumasaí agus iad i mbun a gceirde. Chonacthas don Duileargach gur chritéir lárnach é an coimeádachas i gcaomhnú an traidisiúin dhúchasaigh: ‘To the ultra-conservative character of the Irish countryman, aided by the peculiar circumstances of our historical and cultural development, we owe the preservation to our own day of tales, traditions, beliefs, and customs…’ (Delargy 1945: 35–36). Faoi scáth na smaointeoireachta seo, b’ionann an scéalaí agus ‘iompróir cultúir’ seachas ‘cruthaitheoir cultúir’ agus bhí an aithris dhílis mar sprioc inmhianaithe in insint an scéil. Is beag an t‑ionadh é, sa chomhthéacs sin, go ndeachaigh na bailitheoirí béaloidis sa tóir ar na daoine sin a raibh clú na scéalaíochta orthu ina gceantair dhúchais, ‘the remaining masters of their craft, whose narratives would be representative examples, for posterity, of the linguistic elegance and dexterity achieved by the “unlettered” storytellers of the past’ (Harvey 1992: 37).

An chartlann á cur i gcomhthéacs

6 Ó lár an fichiú haois, tá scoláirí béaloidis tar éis aird nach beag a dhíriú ar an dlúthcheangal atá idir an craiceann a chuirtear ar an scéal béaloidis agus an comhthéacs soch-chultúrtha ina maireann an scéalaí agus a phobal éisteachta. Gné thábhachtach den athrú béime seo is ea an suntas a thugtar do na cúinsí éagsúla a mbíonn tionchar acu ar an bhlas a chuireann an scéalaí, mar ealaíontóir béil coinsiasach, ar na scéalta iontais agus é / í á gcur in oiriúint don ócáid láithrithe. Mar a deir Lauri Honko: ‘The selections made by the narrator are not arbitrary, but determined by the circumstances to the point where finally the range of alternatives narrows down to one which begins to seem the only possible’ (2013: 162). Luíonn sé le réasún go mbeadh tionchar nach beag ag pearsantacht agus ag taithí saoil an scéalaí ar na scéalta a roghnaíonn sé agus ar an mhúnlú a dhéanann sé orthu le linn ócáid na hinsinte, ar ndóigh. Is ionann an scéalaí agus fíodóir focal, dar le E.C. Barksdale agus Daniel Popp, a n‑éiríonn leis nasc ealaíonta a chruthú idir a phearsantacht shainiúil féin agus uirlisí traidisiúnta a cheirde d’fhonn plota agus carachtair an scéil a chur i láthair ar bhealach dea-chumtha (1977: 249–250). Is maith mar a fhóireann meafar na fíodóireachta chun bua an scéalaí sa traidisiún Gaelach a chur in iúl, mar is léir ón chur síos a rinne Peadar Ó Ceannabháin ar an chumasc idir pearsantacht agus plota a bhíodh mar shainghné d’ealaín bhéil Éamoin a’ Búrc as Carna, Contae na Gaillimhe:

Nuair a insíonn sé scéal, go mór mór na scéalta fada gaisce, bíonn a phearsantacht féin brandáilte ar an scéal ón tús …. Éiríonn leis an mBúrcach, é féin agus an scéal, chomh maith leis an lucht éisteachta, a nascadh le chéile ar chomhfhuaim — tréith a chuireann ina luí orainn gur fíorcheardaí mothaitheach a bhí ann (1983: 17–18).

7 Tá an cló uathúil a fhágann an scéalaí ar na scéalta a tháinig anuas chuige le hoidhreacht le haithint fosta sa chur síos a dhéanann Cathal Póirtéir ar Mhicí Sheáin Néill as Rann na Feirste, Contae Thír Chonaill: bíodh is go raibh Micí ‘bródúil as a chuimhne’ agus ‘as a dhílseacht don traidisiún’ agus scéalta a mhuintire á n‑aithris aige, tugann Póirtéir le fios gur bhain stíl uathúil an scéalaí ‘lena phearsantacht agus lena thuiscint ar an traidisiún sin’ (1993: xviii). Is féidir a áiteamh, mar sin de, gur sainghné de cheird na scéalaíochta í an lorg uathúil a fhágann an scéalaí ar an insint, óir ‘cóirítear guth an scéalaí as stóras fairsing foirmlí agus téamaí nósúla a bhfágann sé / sí a c(h)ló féin air sa tslí go gcloistear guth comónta an traidisiúin agus guth an scéalaí ag labhairt as béal amháin i gcaitheamh an scéil’ (de Paor 1998: 12).

8 In Éirinn, tá borradh tagtha le blianta beaga anuas ar shaothair a mhéadaíonn ár dtuiscint ar phróiseas na scéalaíochta agus ar an anáil a fhágann an scéalaí sciliúil ar na scéalta béaloidis a bhí mar chuid lárnach de chultúr na ndaoine sa tír seo le fada an lá. Gan ach dhá shaothar a dhíríonn go sonrach ar an scéal iontais a lua, tugann léamh Joan Newton Radner ar insint Pheig Sayers ar an scéal iontais ‘Abhras Mhná Mhicí’ léargas den scoth dúinn ar an chraiceann a chuir sárscéalaí an Bhlascaoid ar scéal faoi bhean óg nuaphósta a raibh constaicí casta le sárú aici tar éis pósadh di (1989: 109–117). Trí insint Pheig ar ‘Abhras Mhná Mhicí’, a chur i gcomparáid le hinsint a mic, Maidhc File, léiríonn Radner cumas an ealaíontóra béil teachtaireachtaí a mbeadh tábhacht leo i saol na mban sa tsochaí thraidisiúnta a thabhairt chun cinn: ‘In Peig’s telling … enormous emphasis falls on the courage that it takes for women to stand by one another in a patriarchal world. Clearly Peig’s personal experience as a woman informed her telling of this tale’ (1989: 112). Tarraingíonn Stiofán Ó Cadhla ar thaighde Radner agus Susan S. Lanser ar straitéisí códaithe sa bhéaloideas agus an scéal iontais ‘Grásta na Foighne’, a d’inis Nóra Ní Chinnéide as Rinn Ó gCuanach, á mhionscrúdú aige. Tugann a anailís léargas ar inniúlacht an ealaíontóra béil teachtaireachtaí folaithe a shníomh isteach san insint d’fhonn aird an éisteora a dhíriú ar ghuth agus ar eispéireas na mná (Ó Cadhla 2011: 194). Is staidéir thábhachtacha iad ailt Radner agus Uí Chadhla a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an dlúthcheangal atá idir comhthéacs soch-chultúrtha an scéalaí agus fearann fantaiseach an scéil iontais. Ina theannta sin, meabhraíonn taighde den chineál seo nach saothar in aisce é an mionchíoradh ar chnuasaigh bhéaloidis, a fhad is go ndéantar anailís chriticiúil ar an phróiseas bailithe agus go ndéantar iarracht tuiscint a fhorbairt ar na bailitheoirí agus na scéalaithe a bhí páirteach ann (O’Connor 2010: 87). Mar a léiríonn Satu Apo ina saothar ceannródaíoch, The Narrative World of Finnish Fairy Tales (1995), is féidir an deighilt idir an scéal agus an saol inar mhair sé a laghdú tríd an scéal a thuiscint mar tháirge cultúrtha a tháinig ar an fhód i dtimpeallacht chultúrtha ar leith agus trí tharraingt ar an eolas atá againn faoi chúlra cultúrtha na scéalaithe agus a lucht éisteachta (1995: 149). Féachfar sa chuid eile den alt seo le nasc a tharraingt idir saol Mhíchíl Bhreathnaigh agus ceann de na scéalta iontais a bhí mar chuid dá repertoire fairsing. Déanfar é seo trínár n‑eolas faoi shaol an scéalaí a úsáid mar lionsa leis an scéal iontais ‘Seán a’ Droma’ a scagadh.

Oiliúint Mhíchíl Bhreathnaigh mar scéalaí agus a chaidreamh le bailitheoirí béaloidis

9 Mar a phléann Briody, is follas ón chur síos a rinne mórán scéalaithe ar an dóigh ar fhoghlaim siad a gceird gur ghné thábhachtach de shóisialú na scéalaithe í an teagmháil a bhí acu ina n‑óige leis an scéalaíocht mar chleachtas cultúrtha (2015: 68). Tugann Gearóidín Nic Cárthaigh suntas do ghné seo an tsóisialaithe ina staidéar eitneagrafaíoch ar an scéalaí Duibhneach Bab Feiritéar, áit a míníonn sí gur céimeanna tábhachtacha iad an tsíoréisteacht agus an aithris ar scéalaithe fásta i bpróiseas sealbhaithe na scéalta (2007: 38, 54–55). Agus é i mbun comhrá le Seán Mac Giollarnáth, d’aithin Mícheál Breathnach a thábhachtaí is a bhí deasghnáth na cuartaíochta i dteach a athar ar an Mhám dá oiliúint mar scéalaí, mar a mbíodh scéalta á n‑aithris ag scéalaithe cumasacha ar bhonn rialta: ‘Bhí teach mór fairsing ag m’athair, agus bhíodh daoine a’ teacht againn san oidhche a’ seanchas agus a’ sgéalaidheacht’ (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 105). Chuaigh daoine mar an scoláire bocht Pádraic Ó Nídh, a bhíodh ar cuairt ag teach na mBreathnach go minic, agus scéalaithe áitiúla mar Mhicheál Seoighe, Bhríd Ní Mhaolruaidh agus Chaitríona Nic Ceannraigh, i bhfeidhm go mór ar an scéalaí agus é ag fás aníos (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 105).

10 Faightear léargas ar na cineálacha scéalta a bhíodh á n‑insint ag Mícheál Breathnach dá lucht éisteachta agus do na bailitheoirí béaloidis a bhíodh ag triall air ó na 1930idí amach i Lámhscríbhinn 8 i gCartlann Ghaeltacht Chonamara, áit a bhfuil liostaí a bhreac Seán Mac Giollarnáth, breitheamh dúiche Chonamara idir 1925–1950 agus pearsa lárnach i mbailiú an bhéaloidis i gContae na Gaillimhe, de scéalta agus de mhíreanna seanchais a bhí ar eolas ag scéalaithe éagsúla, Breathnach ina measc (Mac Giollarnáth 1933). Tá 89 teideal ar fad sa liosta de mhíreanna béaloidis Bhreathnaigh a ndearna Mac Giollarnáth nóta díobh agus faightear spléachadh sna teidil seo ar a fhairsinge is a bhí repertoire an scéalaí. Tá scéalta cráifeacha (m.sh. ‘Naomh Peadar agus Mac Dé agus an duine bocht’), finscéalta osnádúrtha (m.sh. ‘Cnoc Meadha trí thine’), stairsheanchas (m.sh. faoi fhear a bhí i láthair ag Cill Ala nuair a tháinig na Francaigh i dtír), agus eolas ginearálta faoi shaol na ndaoine i nDúiche Sheoigheach (m.sh. ‘éadach na ndaoine’ agus ‘na mná ag sníomhachán’) san áireamh ar an liosta seo (1933: 35–40). Tá scéalta iontais agus scéalta a rangaíonn Ó Súilleabháin mar ‘Irish Hero-Tales’, is é sin scéalta gaisce dúchasacha nach n‑insíodh ach líon beag de na scéalaithe ab fhearr de bharr go mbíonn córacha catha casta iontu (1970: 599), san áireamh fosta. Is dócha go bhfeidhmeodh liosta den chineál seo mar chrann taca ag an bhreitheamh agus é ag filleadh ar Bhreathnach ina dhiaidh sin le hábhar a bhailiú uaidh — d’fhéadfaí na míreanna éagsúla a mharcáil de réir mar a bhí taifead déanta díobh — ach, ina theannta sin, is dearbhú é i dtéarmaí praiticiúla ar a oilte is a bhí an scéalaí sna réimsí éagsúla de thraidisiún béil a mhuintire.

11 Is sampla maith é an scéal SD den chineál scéil a rangaíonn Holbek mar ‘scéal iontais fireann’, is é sin scéal ina mbíonn ról gníomhach ag an laoch fhireann seachas ag an bhanlaoch (1987: 161). Cé gur modh úsáideach é rangú Holbek chun idirdhealú a dhéanamh idir na scéalta iontais ó thaobh inscne an phríomhcharachtair de, ní miste a nótáil gur aithin Holbek féin nach mbíonn an déscaradh seo an-soiléir i gcónaí, mar shampla sa tsraith scéalta ATU 313 — The Magic Flight — ina mbíonn an laoch fireann gníomhach ag tús an scéil, ach ina nglacann an ógbhean an ról ceannasach ar feadh thromlach na hinsinte (1987: 161). Bhíodh luí ar leith ag scéalaithe fireanna leis na ‘scéalta fireanna’ seachas le scéalta iontais ina bhfuil bean sa phríomhról (a dtugann Holbek ‘scéalta baineanna’ orthu), ach is beag an t‑ionadh é seo nuair a mheabhraítear go gcleachtaítí an scéalaíocht go minic i limistéir phoiblí ina mbíodh ceannasaíocht ag na fir (Ní Dhuibhne 2012: 19–20; Harvey 1992: 12). Tá scéalta iontais ina bhfuil fear óg mar phríomhcharachtar i bhfad níos líonmhaire sa bhailiúchán béaloidis a thiomsaigh Proinnsias de Búrca, bailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann, i nDúiche Sheoigheach sna 1930idí, mar shampla, ach bhí líon na bhfear a bhí mar fhaisnéiseoirí ag an Bhúrcach i bhfad níos airde ná líon na mban agus bhí cúiseanna éagsúla leis seo (Nic Giolla Chomhaill 2017: 43–47). Dhealródh sé go raibh luí ar leith ag Breathnach leis na ‘scéalta fireanna’, mar a bhí ag scéalaithe eile a cheantar dúchais: as na seacht scéal iontais dá chuid a bhfuil taifead díobh i mbailiúchán lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth, tá laoch fireann mar phríomhcharachtar i gcúig cinn agus tá bean sa phríomhról sa dá scéal eile (Mac Giollarnáth 1931–1933; Mac Giollarnáth 1933–1935). I measc na ‘scéalta baineanna’ a bhí ag Breathnach tá leagan dúchasach de ATU 510A — Cinderella — dar teideal ‘Máirín an Fhionnaidh’, ina bhfaigheann an bhean óg an ceann is fearr ar fhathach brúidiúil trí dhul i muinín an ghlicis agus an nirt fhisiciúil, gníomh gaisciúil a shamhlaítear go minic leis an tsraith scéalta ATU 300 — The Dragon Slayer — ar ‘scéal fireann’ é de ghnáth (Mac Giollarnáth 1931–1933).

12 Bhí bailitheoirí béaloidis éagsúla ag triall ar Mhícheál Breathnach sna 1930idí, ina measc Proinnsias de Búrca, agus an scoláire Gaeilge Éamonn Ó Tuathail (Nic Giolla Chomhaill 2017; Ó Tuathail agus Ó Duilearga 1937). Ba é Seán Mac Giollarnáth a thaifead formhór an bhéaloidis atá tagtha anuas chugainn ó Mhícheál Breathnach, mar sin féin (Mac Giollarnáth 1931–1933; Mac Giollarnáth 1933–1935). Ba sa bhliain 1933 a thosaigh Mac Giollarnáth ag bailiú scéalta agus seanchais ó Mhíchéal Breathnach, ‘do réir mar bhíodh deis [aige] teacht go dtí an Mám, nó fanacht ann tar éis cúirte, anuas go dtí 1939’ (Mac Giollarnáth 1943: 102). Is léir ón nóta a scríobh Mac Giollarnáth faoin scéalaí tar éis a bháis ar an 2 Márta 1943 go ndeachaigh pearsantacht, intleacht agus cumas urlabhra Bhreathnaigh i gcion go mór ar an bhreitheamh. Thapódh seisean an deis seal a chaitheamh i gcomhluadar Bhreathnaigh i dteach na cúirte ‘go mbíodh diúin agus deire lae ann, go ndíbrigheadh an clap-sholus muid’, i dteach an scéalaí féin, nó i dteach aíochta Uí Chatháin, mar a d’fhanadh siad go dtí ‘goirm na gcoileach’:

Is deacair comhluadar an ghnáth-dhuine a fhulaingt abhfad, mar ní spreacann sé t’inntinn féin, ní mheallann sé t’aigne, agus tuirsigheann sé thú. Níor ghnáth-dhuine Micheál Breathnach, agus tar éis dhuit dhá lá agus dhá oidhche a chaitheamh i n‑éinfheacht leis, ag éisteacht leis an t‑am ar fad, agus go mbeadh ort imtheacht le freastal ar an gcruadhóig, bheadh drugall ort a fhágáil, agus déarfá leat féin go dtiocfá arís. Is é mo léan nár tháinig mé níos minice chuige, agus nár éirigh liom a raibh ina cheann críonna a sgríobh do lucht na Gaedhilge. Beannacht Dé le n‑a anam! Ámén! (Mac Giollarnáth 1943: 102).

13 Tháinig Séamus Ó Duilearga ar cuairt go ceantar an Mháma i Meán Fómhair 1932 agus thaifead sé féin agus Seán Mac Giollarnáth an scéal fada gaisce ‘Mac Dobharnáin, mac Rí na Beinne Brice’ ó Mhícheál Breathnach ag teach Thomáis Uí Mháille i mBéal Átha na mBreac (Ó Duilearga 1936: 312). Ba chol ceathrar é an Máilleach seo, atá le feiceáil in éineacht le Mícheál Breathnach i bhFigiúr 1, le Tomás Ó Máille, a bhí ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ó 1909 go dtí 1938.

Figiúr

Figiúr 1

CBÉ M003.01.00177. Mícheál Breathnach agus Tommy Ó Máille, an Mám, Aibreán 1932. Grianghrafadóir: Séamus Ó Duilearga. Foilsithe le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

14 Is léir ón nóta eagarthóireachta a scríobh an Duileargach faoin leagan de ‘Mac Dobharnáin, mac Rí na Beinne Brice’ a foilsíodh in Béaloideas sa bhliain 1936 go raibh meas as cuimse aige ar an scéalaí agus go raibh dea-chaidreamh eatarthu:

The above intricate and elaborate tale was recorded by me on the Ediphone at Kilmilkin, Mám, Co. Galway, on 28 September, 1932, from the recital of my friend, Mícheál Breathnach (68), of Mam, one of the best storytellers I have ever met. I am indebted to the kindness of Seán Mac Giollarnáth of Galway and Tomás Ó Máille of Kilmilkin who made it possible for me to record this fine story (Ó Duilearga 1936: 312).

15 Ní hamháin gur bhain Mícheál Breathnach aitheantas amach mar shárscéalaí i measc scoláirí béaloidis na hÉireann, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór fosta ar an bhéaloideasóir Mheiriceánach Stith Thompson, a bhí mar Ollamh le Béarla agus le Béaloideas in Ollscoil Indiana ó 1921 go dtí 1953 agus a aithnítear mar dhuine de na pearsana is mó le rá i ndisciplín an bhéaloidis san fhichiú haois. Tháinig Thompson agus a bhean chéile Louise Faust go hÉirinn sa bhliain 1937 agus thug an Duileargach an lánúin timpeall na tíre chun scoth na scéalaithe a chur in aithne dóibh. In alt a scríobh Thompson faoin chamchuairt seo don iris Southern Folklore Quarterly an bhliain dar gcionn, rinne sé cur síos ar na scéalaithe agus ar na bailitheoirí béaloidis éagsúla a casadh air — bhí Éamon a’ Búrc, scéalaí clúiteach Charna, agus beirt de bhailitheoirí an Choimisiúin, Proinnsias de Búrca agus Liam Mac Coisdeala, ina measc — agus thug sé cuntas cuimsitheach ar stíl insinte Mhíchíl Bhreathnaigh, a d’inis scéal iontais dá chuairteoirí i mBéarla i dtosach, ansin i nGaeilge:

… we looked up Michal Walsh who said that he could tell tales in English as well as Irish. He drove with us to the next village and told me one long tale which lasted the entire journey there and back. This was a well-known fairy tale which appears in Grimm, but it was worked out with the greatest elaboration. Every situation was dramatized, conversations were given in full, and every character properly visualized. I was assured that the kind of tale he told in English was much the same as the Irish tales I heard. As a matter of fact, he told the same tale later to Seamus in Irish. The wonder that immediately strikes the hearer is the careful elaboration of the narrative (Thompson 1938: 55).

16 Rinne Thompson cur síos ar an ócáid chéanna beagnach fiche bliain níos déanaí ina dhírbheathaisnéis A Folklorist’s Progress: Reflections of a Scholar’s Life, atá bunaithe ar chuimhní cinn Thompson agus ar shleachta ó dhialanna a mhná céile, Louise (Thompson et al. 1996). Is díol suntais é go gcuirtear breis eolais ar fáil sa tsaothar seo faoi oilteacht Bhreathnaigh mar cheardaí focal:

On one occasion Séamus took me to see Michael Walsh (or, in Irish, Michael Bretnach). We drove over to the next town to do an errand for Séamus and on the way Michael began a long story. This was interrupted when we came to the town long enough for us to go in and have a round of Guinness, but it continued all the way back and later we sat on the ground and heard some more. Séamus then asked him to tell the same tale in Irish, and he proceeded to do so, though after a bit we cut him off. I found to my surprise that he and Séamus were playing a game on me. I had remarked how extraordinary it was to hear a tale so much like a German tale here in Ireland. I eventually learned that Michael had once been in London and had picked up a secondhand book of Grimm’s folktales and had learned some of them. We had heard one of the Grimm folktales which he had changed only a little bit. He was amused at how easily I was fooled (Thompson et al. 1996: 137–138).

17 Is cosúil go raibh Seán Mac Giollarnáth in éineacht le Breathnach agus a chuairteoirí measúla ar an lá áirithe seo, óir is eisean a ainmnítear mar an té a ghlac an grianghraf thíos (Figiúr 2) de Mhícheál Breathnach agus de Stith Thompson ina suí ar thaobh cnoic ar an Mhám. Faightear léargas den scoth i scríbhinní Thompson faoina chamchuairt ar Éirinn ar phearsantacht spraíúil Bhreathnaigh agus ar an dea-chaidreamh a bhí idir é féin agus Séamus Ó Duilearga: is furasta a shamhlú gur thug sé pléisiúr as cuimse dóibh beirt dallamullóg a chur ar mhórscoláire Mheiriceá le teann cleasaíochta!

Figiúr

Figiúr 2

CBÉ M013.01.00006. Mícheál Breathnach agus Stith Thompson ar an Mhám, 1937. Grianghrafadóir: Seán Mac Giollarnáth. Foilsithe le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

18 Dar le Dégh, ní gá go samhlódh an sárscéalaí an traidisiún béil mar rud buan, do-athraithe (1989: 87). Is furasta a mhaíomh go bhfuil solúbthacht an traidisiúin bhéil le sonrú go láidir sa chur síos a rinne Thompson ar insint Mhíchíl Bhreathnaigh ar an scéal iontais céanna i mBéarla agus i nGaeilge agus sainriachtanais na hócáide agus a lucht éisteachta mar threoir aige. Is cúis iontais é gur fhoghlaim Breathnach scéalta a raibh a mbunús i bhfoinsí liteartha Béarla agus go raibh sé ar a chompord á gcur i láthair i nGaeilge agus i mBéarla sa stíl shainiúil a thug sé chun foirfeachta i rith a shaoil. Bhí dhá scéal iontais a léigh Breathnach sa chnuasach Favourite Stories from Grimm (Shirley, gan dáta), i measc an ‘Trí Sean-Sgéalta ó Dhúthaigh Sheoigheach’ a chuir Éamonn Ó Tuathail in eagar in Béaloideas sa bhliain 1937 (Ó Tuathail agus Ó Duilearga 1937: 153–167). Scríobh Ó Tuathail na scéalta ‘Muilleóir a bhí i n‑Éirinn Fadó’ agus ‘Rí na hÉireann’ ó bhéalaithris Bhreathnaigh i Meán Fómhair 1937 agus thug an Duileargach le fios i nóta an eagarthóra gurbh éard a bhí iontu ná athinsint Bhreathnaigh ar Das Mädchen ohne Hände (an Mhaighdean gan Lámha) agus Sneewittchen (Plúirín Sneachta) na ndeartháireacha Grimm:

This edition of the Grimm tales Mícheál Breathnach has read, and he can now re-tell the stories in inimitable style, and in such excellent Irish that one hopes all these tales will be recorded from him and published. It would be of great interest to see what form the Grimm tales would take, re-told by a real Irish storyteller (Ó Tuathail agus Ó Duilearga 1937: 167).

19 Meabhraíonn cur síos Uí Dhuilearga an ‘tsní chultúrtha’ a dtugann Lillis Ó Laoire suntas di agus próiseas seachadta agus sealbhaithe na n‑amhrán ar Oileán Thoraí faoi chaibidil aige, mar a mbíonn ‘foirmeacha difriúla á dtabhairt isteach sa stór amhrán — foirmeacha nach mbaineann leis na tuiscintí ba mhaith linn bheith againn ar chultúr íonghlan “traidisiúnta”’ (2002: 91). Mar a phléann Walter Ong ina shaothar iomráiteach Orality and Literacy: The Technologizing of the Word, ní staid idéalach í an bhéalaireacht agus níorbh í riamh, óir cuireann an litearthacht féidearthachtaí nua ar fáil don fhocal agus don bheatha dhaonna nach bhféadfaí iad a shamhlú gan an scríbhneoireacht (2002: 171). I gcás Mhíchíl Bhreathnaigh, ní miste a nótáil go bhfuil féidearthachtaí na litearthachta fite fuaite le taithí an scéalaí ar eispéireas na himirce, mar a phléifear anois agus anailís á déanamh ar insint Bhreathnaigh ar an scéal ‘Seán a’ Droma’.

‘An Domhan Thíos’: fearann fantaiseach an scéil iontais

20 Mar a luadh thuas, céim lárnach is ea fágáil an bhaile i mbunstruchtúr an scéil iontais agus tá an gníomh seo fite fuaite le teacht in inmhe an ógánaigh: ‘Triail is ea an turas dainséarach a thugann [an laoch] air féin agus a chruthaíonn go bhfuil sé in inmhe fir’ (Ó Giolláin 2005: 54). I dtraidisiún béil na hÉireann, is minic a fhágann laoch an scéil iontais an baile le dul ag lorg aimsire, deasghnáth a mbeadh tuiscint mhaith ag mórán den lucht éisteachta uirthi, ar ndóigh. Seasann tús SD amach mar go liostálann Seán san arm tar éis dó an baile a fhágáil, cinneadh a chiallaíonn go bhfuil eachtraí an scéil á suíomh i limistéar a thugann an chontúirt agus an choimhlint chun cuimhne. Cuireann an scéalaí an caidreamh idir Seán agus a chomhghleacaithe — an sáirsint agus an t‑oifigeach — i láthair ar bhealach greannmhar tríd an struchtúr cumhachta a mbeifí ag súil leis idir na carachtair seo a thiontú bun os cionn. Feictear é seo, mar shampla, nuair a thréigeann Seán a phost ar mhaithe le dhá phionta leanna a ól cois na tine sa teach tábhairne:

‘Bí amuich, a Sheáin, tá an t‑oifigeach in t’áit agus im’ áit‑sa, agus tháinig mise ar do thóir’ [a deir an sáirsint].

‘Dar fiadh fhéin,’ adeir Seán, ‘ní ghabhfad. Tá fhios agam céard tá rómham, agus níl aon ghraithe agam ann. Suidh anuas agus bíodh pionta agat féin’ (SD 414).

21 Ní hamháin go gcuireann Seán iallach ar an sáirsint agus ar an oifigeach an t‑arm a thréigean in éineacht leis, ach goideann sé druma mór an airm agus é ar a theitheadh, gníomh atá mar bhunús lena leasainm, ‘Seán a’ Droma,’ agus a tharraingíonn aird an éisteora ar a cheannairceacht, ag an am chéanna. Tá an chontúirt agus an choimhlint chun cinn sa chur síos a dhéantar ar na trí lá agus oíche a chaitheann Seán a’ Droma agus a chomhghleacaithe sa chaisleán draíochtach: ní mór do gach duine acu ar a sheal dul in iomaíocht le fear beag a éiríonn amach as púirín na luatha; tugann fear na luatha bualadh uafásach don tsáirsint agus don oifigeach, ach diúltaíonn Seán géilleadh don chinniúint chéanna:

‘Go mba measa a bhéas tusa bliain ó indiu!’ adeir Seán. ‘Má bhuail tú an t‑oifigeach agus an sáirseant níl tú a’ gul do mo bhualadh‑sa.’

D’ionnsuigheadar féin a chéile. Rug Seán thall air agus bhuail sé faoi é. ‘Do chara agus do choimrighe, agus leig as seo mé!’ adeir an fear beag. ‘Is tú an fear is fearr a tháinig isteach i mo theach ariamh’ (SD 417).

22 Ón phointe seo amach, is iomaí dúshlán a chastar ar Sheán agus é i limistéar aduain an Domhain Thíos, ach éiríonn leis teacht slán ó gach contúirt trí dhul i muinín na dtréithe a léirigh sé le linn a sheala sa chaisleán draíochtach, mar atá an láidreacht colainne agus an daingne intinne.

23 Tarraingítear codarsnacht láidir idir Seán agus a chomhghleacaithe ó thaobh a n‑iompair de síos tríd an scéal agus is beag amhras a bhíonn orainn faoi dheireadh na hinsinte gurb é Seán an té a bhfuil gradam an laoich tuillte aige. San áit a léiríonn Seán crógacht as cuimse nuair a thoilíonn sé dul a fhad leis an Domhan Thíos, ní cheadaíonn an eagla don oifigeach ná don sáirsint dul a fhad leis an limistéar anaithnid seo (SD 418) agus, bíodh is gurb é Seán a tharrthálann triúr deirfiúracha fhear na luatha ó na fathaigh, déanann an bheirt fhear eile iarracht an ruaig a chur ar Sheán agus na hógmhná a thógáil dóibh féin (SD 420). Dearbhaítear stádas Sheáin mar ghaiscíoch fir ag deireadh an scéil sa mholadh a thugann fear na luatha dó agus sa luach saothair a fhaigheann sé uaidh:

‘Is tú an fear is fearr a tháinig isteach in mo theach ariamh,’ adeir an rí óg. ‘Gheobhfaidh tú do rogha ceann de mo thriúr dreithiúr le pósadh agus leath mo ríoghachta. Tig leat do rogha breith a thabhairt ar an oifigeach agus ar an sáirseant’ (SD 423).

24 Murab ionann is an t‑oifigeach agus an sáirsint, a léirítear mar mheatacháin mhímhacánta d’ainneoin gur pearsana ceannais iad, seasann Seán a’ Droma mar eiseamláir na fearúlachta agus an dea-iompair. Is féidir a mhaíomh go bhfaightear léargas den scoth i dtréithe agus in iompar na gcarachtar éagsúil seo, mar sin de, maidir le hiompar inmhianaithe an duine i bpobal éisteachta an scéil.

25 Sainghné den scéalaíocht ghaisciúil trí chéile is ea an friotal feanntach, fileata a dtarraingíonn an scéalaí air agus eachtraí an scéil á spíonadh amach. Sa phlé a dhéanann Síle de Cléir ar an scéal ‘Conall Gulban’ i dtraidisiún béil na hÉireann, míníonn sí go raibh ‘ardluach ag na scéalaithe … ar na scéalta a bhí á seachadadh acu, agus gur d’aon ghnó a thug siad leo na plotaí, na móitífeanna, an comhrá agus na gnéithe ornáideacha samhlaíocha eile a chuireann go mór leis na scéalta’ (2014: 21). Tá bua Mhíchíl Bhreathnaigh mar cheardaí focal le sonrú go tréan sa chur síos a dhéantar ar an chomhrac idir Seán agus fathach an Domhain Thíos, ina gcuireann caint bhearrtha an laoich craiceann ar a ghaisce fisiciúil:

Ní i bhfad a bhí [Seán] istigh nuair a d’airigh sé an fathach mór a’ teacht. Bhí an crann úr a’ lúbadh agus an crann críona a’ pléasgadh leis an deifir a bhí ar an bhfathach a’ tigheacht. Níor fhan sé le dul go dtí an dorus. D’éirigh sé de léim agus chuaidh sé isteach ar a’ bhfuinneóig.

‘Fú, fá féasóg,’ adeir sé, ‘fághaim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh! Is mór liom dhe ghreim thú agus is beag liom dhe dhá ghreim. Níl fhios a’am cé is fearr tú a chur de shéideóig san aér no le ingne mo chos sa talmhain.’

‘Go mba measa a bhéas tú bliain ó indiu, a fhathaigh bhréin, bhradaigh,’ adeir Seán. ‘Ní le cóir nó ceart a iarraidh ort a tháinig mise annseo ach le cóir agus ceart a bhaint díot.’

‘Cé’s fearr leat,’ adeir an fathach, ‘a ghul a’ coraidheacht ar leacracha glasa nó a ghul a’ sgeanaidheacht i mbárr easnacha a chéile?’

‘Is fearr liom a ghul a’ coraidheacht ar leacracha glasa,’ arsa Seán, ‘an áit a mbéidh do spága móra gránna a’ gul i n‑íochtar agus mo chosa míne geala a’ gul i n‑uachtar.’ …

Rug [an fathach] agus Seán ar a chéile. An chéad chor a thug Seán dó chuir sé go dtí n‑a dhá ghlúin é sa talmhain, an dara cor go dtí n‑a bhásta, an tríomhadh cor go dtí n‑a asgallaí.

‘Do chara agus do choimrigh,’ adeir an fathach, ‘is tú an gaisgidheach is fearr a chonnaic mé ariamh, agus leig as seo mé’ (SD 419).

26 Níorbh ionann teanga an scéil iontais agus an ghnáthchaint laethúil, ar ndóigh, agus is cinnte gur bhain an scéalaí agus an lucht éisteachta i gcoitinne sásamh as cuimse as radharcanna den chineál seo ina mbíodh gaisce an laoich agus gaisce an scéalaí ar aon dul lena chéile ó thaobh a n‑éifeachta de. Lena chois sin, ní miste a nótáil gurbh ealaín fhísiúil í an scéalaíocht agus go mbíodh an scéalaí mar a bheadh aisteoir sa phríomhról agus é ina shuí ar stáitse an teallaigh. Tugann Aisling Ní Churraighín léargas den scoth ar an gheáitsíocht a bhíodh ag an scéalaí Mícheál Ó hIghne as an Atharach, Teileann, agus scéalta á n‑insint aige, mar atá le sonrú go láidir i gcuntas faoin scéalaí a bhreac an bailitheoir béaloidis Seán Ó hEochaidh ina dhialann: ‘Cuireann sé i bhfad níos mó bríogh ina chuid seanchais le n‑a lámha agus a ghnúis nó a gnidh sé le n‑a ghlór cinn’ (2018: 33). Meabhraítear an cuntas a thug Tadhg Ó Murchadha ar scéalaí Ciarraíoch ar bhailigh seisean ábhar uaidh, cuntas a d’aistrigh an Duileargach go Béarla in The Gaelic Storyteller:

His piercing eyes are on my face, his limbs are trembling, as, immersed in his story, and forgetful of all else, he puts his very soul into the telling. Obviously much affected by his narrative, he uses a great deal of gesticulation, and by the movement of his body, hands, and head, tries to convey hate and anger, fear and humour, like an actor in a play (Delargy 1945: 16).

27 Cé go bhfuil anáil an rómánsachais le sonrú sa chur síos seo, tugann sé an-léiriú ar chumas an scéalaí sciliúil dul i bhfeidhm ar mhothúcháin an duine agus na céadfaí uile a mhúscailt le linn na hinsinte, bua atá pléite go críochnúil ag an fhealsamh Walter Benjamin in aiste iomráiteach leis dar teideal ‘The Storyteller’: ‘That old co-ordination of the soul, the eye, and the hand … is that of the artisan which we encounter whenever the art of storytelling is at home’ (Benjamin 1999: 107).

‘An Scéalaí i Sasana’: comhthéacs na himirce

28 Feictear don údar seo go dtugann eispéireas na himirce lionsa luachmhar dúinn chun tuiscint a fhorbairt ar insint Mhíchíl Bhreathnaigh ar SD. Bhí an imirce shéasúrach agus an imirce fhadtéarmach mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine i nDúiche Sheoigheach sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus ba dheacair don fheirmeoir sléibhe an bád bán a sheachaint, mar a mhínigh Breathnach féin: ‘Ní raibh aon tslighe thóigeál’ ag na daoine ach caoirigh is beithidhigh, ach is iondamhail go dtéighidís go Sasana nuair a nídís a gcuid cuir, mórán ’chuile fhear. Bhí saothrú dóf’ i Sasana’ (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 124). Phós Mícheál Úna Ní Loideáin sa bhliain 1889 agus bhí beirt clainne orthu faoin am ar chinn Mícheál dul ag saothrú in Jarrow, baile tionsclaíochta atá gar do Sunderland (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 106–107). D’fhill Mícheál ar an bhaile tar éis dhá bhliain, ach thit eachtra amach sa bhliain 1914 a thug ar ais go dtí an Bhreatain é:

Bhí mac agam timcheall seacht mbliana déag, agus d’éaluigh sé go hAlbain. Bhí faitchíos an domhain orm go dtóigfidhe i n‑arm Shasana é, mar bhí gráin agam ar a’ gcóta dearg, agus lean mé go hAlbain é. D’fhan mé i nAlbain sgathamh, mé féin agus an mac, ag obair i n‑éindigh. Ní raibh an páidhe ró-mhaith ann, agus d’imthigh an bheirt againn go Jarrow. Fuaramar obair i bhfuirnéis annsin. Bhí cúig phunt sa tseachtain dom féin; ach bhuail an flú an mac, agus cailleadh é in Jarrow. Beannacht Dé le n‑a anam! Shíl mé nach mbéinn beó ina dhiaidh. Tháinig mé abhaile. Le feilméaracht atá mé ó shoin (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 107).

29 Bhí clós loinge ollmhór ag an chomhlacht Palmers in Jarrow agus is dócha gur le comhlacht dá leithéid a chuaigh Breathnach agus a mhac ag obair san fhoirnéis. Ba i mbun na hoibre seo a chuaigh roinnt de na scéalaithe ar bhailigh Proinnsias de Búrca scéalta uathu i nDúiche Sheoigheach sna 1930idí (Nic Giolla Chomhaill 2017: xvi). Mar a mhíníonn Angela Bourke in alt tábhachtach léi faoi thaithí an imirceora Éireannaigh i Sasana mar a léirítear í san úrscéal Deoraíocht, le Pádraic Ó Conaire, agus san fhinscéal imirceach ‘Seoirse Lap agus Banríon na Bruíne’ (ML 5006 — The ride with the fairies), a d’inis Éamon a’ Búrc, ba iad na hÉireannaigh a rinne mórán den obair ba throime agus ba chontúirtí i dtógáil na gcanálacha agus na mbóithre iarainn i Sasana agus d’fhulaing mórán acu gortuithe suntasacha dá bharr (2003: 65). I gcás Éamoin a’ Búrc, is imirce go Meiriceá i dteannta a mhuintire a bhí i gceist agus é a ceathair nó a cúig de bhlianta d’aois. Chuireadar fúthu i St Paul, Minnesota, ach d’fhill a’ Búrc ar Éirinn tar éis do thimpiste traenach thall é a fhágáil ar leathchois agus gan é ach seacht mbliana déag d’aois (Ó Ceannabháin 1983: 11). Tugann Bourke suntas don chodarsnacht atá idir leaganacha luatha de ML 5006, ina léirítear an taisteal mar thaithí dhearfach a bhfuil an phribhléid mar bhunús leis agus a chuirtear in iúl trí na nithe galánta a thugtar ar ais ó dhomhan an rachmais agus leaganacha níos déanaí den fhinscéal chéanna:

Later stories, telling of travel to Dublin or London, are structurally similar, but represent a dramatic shift in attitude. This travel is initially heady and exhilarating, but quickly leads to disillusion, with isolation, alcoholism, criminalization, and a fantasy of grateful escape home — as recent studies of the Irish in Britain show was all too common in reality (2003: 65).

30 Níor mhór don imirceach Éireannach láidreacht agus buanseasmhacht as cuimse a léiriú agus é ag dul i ngleic le fathach na tionsclaíochta i dtír an namhad, mar a chonacthas dó féin í, níos minice ná a mhalairt. Mar is léir ó chur síos truamhéalach Bhreathnaigh ar bhás a mhic, áfach, bhí baol láidir ann go ndéanfadh an sclábhaíocht é a chloí luath nó mall.

31 Is díol suntais é go bhfuil macalla de cheannairceacht Sheáin a’ Droma le sonrú sa chur síos a rinne Breathnach féin ar a chuid ama i Sasana. Cé nach ndeachaigh sé go domhain isteach sa scéal seo, thug sé le fios go raibh sé féin agus a dheartháir Pádhraic sna Fíníní (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 108). Ní nach ionadh, níor roinn Breathnach eolas cuimsitheach faoin bhaint a bhí aige féin leis an bhuíon seo leis an bhreitheamh, ach is díol spéise é gur chinn Mac Giollarnáth rannóg iomlán (atá breis is leathanach ar fhad) a thabhairt san alt ‘Sliocht de Sheanchas Mhicheáil Bhreathnaigh’, a foilsíodh san iris Béaloideas, don chuntas a bhronn Mícheál air faoi fhear darbh ainm Tom Sandys, arbh as Cill Chainnigh ó dhúchas dó ach a bhí ag cur faoi in Sunderland, agus a bhí mar chaptaen ar an bhuíon sin:

Bhí sé sa gcath an oidhche a briseadh an van i Manchester, agus briseadh a dhá chois, agus leag a chomrádaithe isteach i sean-tornóig é dá chaoimhiúint. Dhá oidhche agus dhá lá chaith sé ann shul dár fhéadadar a thabhairt as. Tóigeadh as a’ tornóig é, agus cuireadh i n‑ospicéal é, agus deasuigheadh na cosa. Ní raibh faice bacghaile air ina dhiaidh sin ach go n‑aithneóchá go rabh céim bhacach i leath-chois leis. Níor gabhthas i n‑am ar bith é (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 107).

32 Is léir go ndeachaigh Sandys i bhfeidhm ar Bhreathnach le linn a chuid ama i Sasana agus níl amhras ach go n‑insíonn carachtracht dhearfach Sandys san eachtra thuas — agus sa scéal a leanann é, ina dtéann Sandys ar a theitheadh ó na hOrangemen — a scéal féin dúinn i dtaca le claonadh Bhreathnaigh i gcúrsaí polaitíochta. Agus críoch á cur aige lena sheanchas faoi Sandys, tharraing Breathnach ceangal idir an cineál scine a bhíodh ar iompar ag Fíníní Sunderland agus an uirlis a úsáideadh i ndúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce sa bhliain 1882: ‘Bhí sgian ag Sandys de’n chineál céadna ar marbhuigheadh [An Tiarna Frederick] Cavendish agus [Thomas Henry] Burke léithe i mBaile Átha Cliath. Bhíodh sgian fhada ag ’chuile fhear de’n dream i Sunderland’ (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 108).

33 Is féidir léiriú níos doimhne a fháil ar charachtracht na bhfear in SD, dar liom, nuair a chuirtear í i gcomhthéacs stairsheanchas Mhíchíl Bhreathnaigh. Is mac baintrí é an laoch, Seán a’ Droma, carachtar atá an-choitianta i dtraidisiún scéalaíochta na hÉireann agus a mbeadh bá ag an phobal éisteachta leis mar gur siombail den bhrú faoi chois agus den bhochtaineacht é, go minic (Nic Giolla Chomhaill 2017: 124). Is furasta róil an oifigigh agus an tsáirsint a shamhlú le hArm na Breataine, rud a mhéadaíonn an chumhacht a shamhlaítear le treascairt Sheáin orthu sa scéal. Sa chomhthéacs seo, is ionann an scéal iontais agus uirlis a cheadaíonn don scéalaí an éagóir a chur ina ceart trí mheán na hurlabhra agus ionadaíocht a dhéanamh ar an té atá brúite faoi chois i ndomhan aduain na himirce. Mar a phléann Jack Zipes, tá dlúthcheangal idir draíocht an scéil iontais agus féidearthacht an tuathánaigh cúinsí a shaoil a athrú agus is mar gheall air sin a chuirtear béim nach beag ar an dóchas agus ar an ghníomhaíocht (2002: 33). Tugann Henry Glassie suntas do ghné an dóchais i scéalta ar a dtugtar bid, a bhfuil bua an duine áitiúil ar an eachtrannach mar bhunús leo: ‘When bids pit a local person against an outsider, characters are subtly defined to embody the great world’s power relations. Wit overturns strength. The local person, weaker and poorer, the ceilier’s representative, proves intellectually superior and emerges victorious’ (1995: 48).

34 Is cuí a nótáil nach i dtéarmaí diúltacha ar fad a léirigh Breathnach na tréimhsí a chaith sé i Sasana ag tús an fichiú haois. D’ainneoin chruatan na hoibre tionsclaíche, dealraíonn sé gurbh fhear oibre cumasach é Mícheál mar gur ceapadh é mar cheannaire ar an lucht oibre ar na bóithre nuair a d’fhill sé ar an Mhám tar éis an chéad dá bhliain a chaith sé in Jarrow (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 107). Le linn dó a bheith ag stopadh i dteach lóistín in Jarrow, thapaigh sé an deis feabhas a chur ar a scileanna litearthachta sa Bhéarla:

Bhínn ag iarraidh an páipéar a léigheadh sa teach lóisdín, ach chinneadh go leór dhe na focla orm. Bhí duine eile sa teach lóisdín a léigheadh an páipéar os árd, agus na focla a bhíodh cinnte orm chloisinn iad dhá rádh ag a’ duine eile seo. Léighinn an páipéar annsin ar ais dom féin, agus bhíodh na focla cruadha agam. Cheannuigh mé copybook, agus bhíodh píosaí Béarla dhá sgríobh as a’ bpáipéar agam san oidhche, agus mé ag iarraidh Béarla fhóghluim (Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 107).

35 Ba í an scil nuashaothraithe seo a cheadaigh don scéalaí a repertoire a mhéadú trí scéalta iontais ón traidisiún idirnáisiúnta a shníomh isteach ann, ar ndóigh, bua a bhain clú amach dó sna blianta deireanacha dá shaol, mar a pléadh thuas. Faightear léargas anseo fosta, dar liom, ar an tionchar a bhí ag cultúr beo beathach na n‑imirceach Éireannach ar stór scéalta Bhreathnaigh agus ar an siar is aniar leanúnach atá mar shainghné den chultúr i gcoitinne. Cuirtear i gcuimhne dúinn gur ‘chothaigh daoine a bhí idir an tuaith agus an chathair, idir Éirinn agus an imirce, idir an talmhaíocht agus an tionsclaíocht, cultúr measctha a bhí ag freagairt don saol sin’ (Ó Giolláin 2005: 123). Tá fianaise den tsní chultúrtha le sonrú i gcás an scéalaí Micheál Ó hIghne as Teileann, chomh maith céanna: áitíonn Ní Churraighín go mb’fhéidir ‘gur shaibhrigh taithí na himirce a stór scéalta agus seanchais’ mar gur thug na hoícheanta airneáil deiseanna seachadta úrnua dó (2018: 29, 31).

36 Is ionann an bhainis agus buaicphointe an teacht in inmhe i saol an fhir óig sa scéal iontais agus is minic a bhíonn an sprioc seo ar intinn ag an scéalaí síos tríd an scéal (Holbek 1987: 411). D’ainneoin go bpósann Seán a’ Droma duine de na banphrionsaí a dtagraítear di i rangú idirnáisiúnta an scéil (.i. The Three Stolen Princesses), díríonn insint Mhíchíl Bhreathnaigh ar ghníomhartha gaisciúla an laoich seachas ar fhorbairt an chaidrimh ghrámhair idir Seán agus a bhrídeog. Is beag léargas a fhaigheann an t‑éisteoir ar charachtracht na mná sa leagan áirithe seo, mar sin de. Lena chois sin, tá an smacht patrarcach le sonrú go tréan sa nasc a tharraingítear idir an bhean agus maoin a hathar: ‘Tá aon inghean amháin agam, agus má phósann tú í tiubhra mé dhuit í agus leath mo ríoghachta’ (SD: 422). Pósann Seán an bhean is óige de dheirfiúracha fhear na luatha ag deireadh an scéil agus, cé go saothraíonn sé leath na ríochta in éineacht léi, filleann sé abhaile ar a mháthair bhocht. Is féidir macalla de shaol Bhreathnaigh féin a fheiceáil anseo, arís eile: bhí máthair an scéalaí, Anne Bhreathnach, ina cónaí in aon teach lena mac agus a theaghlach sna blianta 1901 agus 1911 (Daonáireamh na hÉireann). Bhí ochtar páistí ag Mícheál agus ag Úna (féach Figiúr 3, thíos) faoin bhliain 1911, ach cailleadh beirt acu ar a laghad sula ndeachaigh Mícheál ar shlí na fírinne (Mac Giollarnáth 1943: 102; Breathnach in Mac Giollarnáth 1943: 107). De réir fhianaise Mhic Giollarnáth, bhí cead ag an scéalaí an saol a thógáil go réidh nuair a casadh airsean é:

[ba] saothruidhe a bhí ann óna óige, agus [níor] chruinnigh sé mórán de shaidhbhreas an tsaoghail seo ariamh. San am ar chuir mé aithne air bhí ceathrar mac aige ina bhfearaibh lúthmhara, agus bhí cead aige staonadh ó’n obair agus an saoghal a ghlacadh go réidh (1943: 102).

Figiúr

Figiúr 3

CBÉ A015.01.00686. An Chistin i dTeach Mhíchíl Bhreathnaigh, an Mám, 1935. Grianghrafadóir: Åke Campbell. Foilsithe le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá seans maith ann gurb í an bhean sa ghrianghraf Úna Bhreathnach, cé nach n‑ainmnítear í sa taifead cartlainne.

Conclúid

37 Is léir ón chnuasach scéalta agus seanchais a bhailigh Seán Mac Giollarnáth agus bailitheoirí béaloidis eile ó Mhícheál Breathnach sna 1930idí gurbh ealaíontóir béil cumasach, coinsiasach é an scéalaí seo a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an té a bhí os a chomhair amach agus é i mbun reacaireachta. Is cinnte go dtuilleann scéalta agus seanchas Mhíchíl Bhreathnaigh breis taighde agus is cúis áthais í go bhfuil Cartlann Ghaeltacht Chonamara ar fáil go digiteach, mar go bhfuil saor-rochtain anois ar an stór luachmhar béaloidis a bhailigh Seán Mac Giollarnáth agus é ag cur faoi i gceantar Chonamara. Dar le Benjamin, ceardaí focal is ea an scéalaí a mbíonn ar a chumas an t‑eispéireas daonna a mhúnlú ar bhealach atá idir stuama, úsáideach agus uathúil (1999: 197). Is cinnte go seasann Breathnach mar eiseamláir den tsárscéalaí, ní hamháin ina cheantar dúchais féin ach ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, fiú, mar a tugadh chun solais san alt seo. Tá na scéalta iontais a d’inis sé fréamhaithe sa traidisiún cultúrtha ina bhfuair sé a oiliúint i gceird na scéalaíochta, ar ndóigh, ach ina dhiaidh sin féin ní féidir neamhaird a dhéanamh de chumas cruthaitheach an tsárscéalaí na carachtair, na plotaí agus na téamaí a shaothraigh sé le hoidhreacht a chur in oiriúint don chomhthéacs soch-chultúrtha inar mhair sé, agus do na ceisteanna sóisialta a bhíodh ag dó na geirbe ag a lucht éisteachta. Mar is léir ón anailís chriticiúil shoch-chultúrtha ar scéal iontais amháin dá chuid san alt seo, is féidir léamh as an nua a dhéanamh ar ghníomhartha gaisciúla an laoich agus ar an chineál iompair atá riachtanach chun na dúshláin a chastar air i ndomhan na hosnádúrthachta a shárú ach eolas beathaisnéiseach faoin scéalaí agus a chúinsí maireachtála a chur san áireamh. I gcás an scéil iontais SD go sonrach, is cinnte go dtugann taithí an scéalaí mar imirceach i Sasana ag tús an fichiú haois creatlach luachmhar dúinn chun brí níos doimhne a bhaint as eachtraí fantaiseacha an scéil agus as an mhúnlú a rinne Breathnach orthu. Is údar misnigh é go bhfuil aird nach beag á díriú ag scoláirí béaloidis in Éirinn ar an chraiceann uathúil a chuireann scéalaithe ar na scéalta iontais a bhí mar chuid thábhachtach de chultúr béil na tíre seo ón chianaois. Is obair fhiúntach í seo a mhéadaíonn ár dtuiscint ar phróiseas sealbhaithe agus seachadta na scéalta agus ar na sraitheanna éagsúla brí atá ar iompar sna hinsintí iontacha seo.

Aguisín

Achoimre ar insint Mhíchíl Bhreathnaigh ar an scéal iontais ‘Seán a’ Droma’

Saothair a ceadaíodh

Apo, S. (1995) The Narrative World of Finnish Fairy Tales: Structure, Agency and Evaluation in Southwest Finnish Folktales. Helsinki: Suomalainen Tiedeakatemia, Academia Scientiarum Fennica.

Barksdale, E.C. agus Popp, D. (1977) ‘The Teller With the Tale’. In: Fabula 18 (1): 249–255.

Benjamin, W. agus Arendt, H. (eag.) (1999) Illuminations. Aistrithe ag Harry Zohn. London: Pimlico.

Bourke, A. (2003) ‘Legless in London: Pádraic Ó Conaire and Éamon a’ Búrc’. In: Éire-Ireland 38 (3/4): 54–67.

Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission 1935–1970: History, Ideology, Methodology. Helsinki: Finnish Literature Society.

Briody, M. (2015) ‘The Socialisation of Storytellers and the Role of Women in the Irish Storytelling Tradition’. In: Béascna 9: 62–97.

Christiansen, R. T. (1938) ‘Towards a Printed List of Irish Fairytales II’. In: Béaloideas 8 (1): 97–105.

Daonáireamh na hÉireann (1901) (1911) Daonáireamh na hÉireann 1901 / 1911 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie/. [faighte 14 Lúnasa 2017].

de Cléir, S. (2014) ‘Gaisce, Greann agus Grá: Conall Gulban agus Féidearthachtaí na Scéalaíochta Gaisciúla’. In: Béaloideas 82: 1–23.

de Paor, L. (1998) ‘An Scéalaíocht’. In: Ní Annracháin, M. agus Nic Dhiarmada, B. (eag.) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí: 8–33.

Dégh, L. 1972. ‘Folk Narrative’. In: Dorson, R. (eag.) Folklore and Folklife. Chicago: University of Chicago Press: 53–83.

Dégh, L. 1989. Folktales and Society: Story-Telling in a Hungarian Peasant Community. Bloomington: Indiana University Press.

Delargy, J. H. (1945) The Gaelic Storyteller, with Some Notes on Gaelic Folk-Tales. London: Geoffrey Cumberlege. [The Sir John Rhys Memorial Lecture, British Academy, 1945. Athchlóite ó The Proceedings of the British Academy, Iml. 36].

Glassie, H. (1995) Passing the Time in Ballymenone: Culture and History of an Ulster Community. Bloomington: Indiana University Press.

Harvey, C. B. (1992) Contemporary Irish Traditional Narrative: The English-Language Tradition. Berkeley: University of California Press.

Holbek, B. (1987) Interpretation of Fairy Tales: Danish Folklore in a European Perspective. Helsinki: Suomalainen Tiedeakatemia.

Honko, L., Hakamies, P. agus Honko, A. (2013) Theoretical Milestones: Selected Writings of Lauri Honko. Helsinki: Suomalainen Tiedeakatemia, Academia Scientiarum Fennica.

Mac Giollarnáth, S. (1931–1933) ‘Lámhscríbhinn 1,’ Cartlann Ghaeltacht Chonamara [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://cartlann.ie/items/show/1722 [faighte 20 Bealtaine 2019].

Mac Giollarnáth, S. (1933). ‘Lámhscríbhinn 8,’ Cartlann Ghaeltacht Chonamara [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://cartlann.ie/items/show/1672 [faighte 24 Iúil 2019].

Mac Giollarnáth, S. (1933–1935). ‘Lámhscríbhinn 36,’ Cartlann Ghaeltacht Chonamara [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://cartlann.ie/items/show/1758 [faighte 20 Bealtaine 2019].

Mac Giollarnáth, S. (1934) ‘Seán A’ Droma’. In: Béaloideas 4 (4): 414–424.

Mac Giollarnáth, S. (1943) ‘Sliocht de Sheanchas Mhicheáil Bhreathnaigh’. In: Béaloideas 13 (1/2): 102–129.

Ní Churraighín, A. (2018) ‘Mórscéalaí Theilinn: Mícheál Ó hIghne, “Micí Phadaí Bháin” (c. 1872–1969) agus An Crochaire Tarnocht (ATU 300)’. In: Béaloideas 86: 25–44.

Ní Dhuibhne, É (2002) ‘International Folktales’. In: Bourke, A., Kilfeather, S., Luddy, M., Mac Curtain, M., Meaney, G., Nic Dhonnchadha, M., O’Dowd, M. agus Wills, C. (eag.) The Field Day Anthology of Irish Writing: Irish Women's Writing and Traditions. Cork: Cork University Press: 1214–1216.

Ní Dhuibhne, É. (2012) ‘The Name of the Helper: Kinder-und Hausmärchen and Ireland’. In: Béaloideas 80: 1–22.

Nic Cárthaigh, G. (2007) Scéalaí Duibhneach: Staidéar Eitneagrafaíoch i gComhar le Bab Feiritéar. Tráchtas PhD, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (neamhfhoilsithe).

Nic Giolla Chomhaill, A. (2017) ‘Solas i nDorchadas’: Staidéar Soch-Chultúrtha Ar Scéalta Draíochta As Dúiche Sheoigheach, Co. na Gaillimhe. Tráchtas PhD, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (neamhfhoilsithe).

Ó Cadhla, S. (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800–2000. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Ceannabháin, P. (eag.) (1983) Éamon a Búrc: Scéalta. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

O’Connor, A. (2010) ‘Deconstructing the Archive? A Reflection on Collection-Centred Ethnology in the Irish Context’. In: Béaloideas 78: 80–98.

Ó Duilearga, S. (1927) ‘Ón bhFear Eagair’. In: Béaloideas 1 (1): 3–6.

Ó Duilearga, S. (1936) ‘Mac Dobharnain, Mac Rí na Beinne Brice’. In: Béaloideas 6 (2): 298–312.

Ó Giolláin, D. (2005) An Dúchas agus an Domhan. Cork: Cork University Press.

Ó Laoire, L. (2002) Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Súilleabháin, S. agus Christiansen, R. Th. (1963) The Types of the Irish Folktale. FFC 188. Helsinki: Academia Scientiarum Fennica.

Ó Súilleabháin, S. (1970) A Handbook of Irish Folklore. Detroit: Singing Tree Press.

Ó Tuathail, É. agus Ó Duilearga, S. (1937) ‘Trí Sean-Sgéalta ó Dhúthaigh Sheoigheach’. In: Béaloideas 7 (2): 153–167.

Ong, W. J. (2002) Orality and Literacy: The Technologizing of the Word. 30th Anniversary Edition (with additional chapters by John Hartley). London / New York: Routledge.

Póirtéir, C. (1993) Micí Sheáin Néill: Scéalaí agus Scéalta. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Radner, J. N. (1989) ‘“The Woman Who Went to Hell”: Coded Values in Irish Folk Narrative’. In: Midwestern Folklore 15: 109–117.

Shirley, E. (gan dáta) Favourite Stories from Grimm. London / Edinburgh / New York: Thomas Nelson and Sons.

Thompson, S. (1938) ‘Folktale Collecting in Ireland’. In: Southern Folklore Quarterly 2 (2): 53–58.

Thompson, S., McDowell, J. H., Carpenter, I. G., Braid, D. agus Peterson-Veatch, E. (1996) A Folklorist’s Progress: Reflections of a Scholar’s life. Bloomington, Indiana: Special Publications of the Folklore Institute No. 5, Indiana University.

Uther, H.-J. (2004) The Types of International Folktales: a Classification and Bibliography, Based on the System of Antti Aarne and Stith Thompson. Iml. 284–286. Helsinki: Suomalainen Tiedeakatemia, Academia Scientiarum Fennica.

Zipes, J. (2002) Breaking the Magic Spell: Radical Theories of Folk and Fairy Tales (Revised and Expanded Edition). Lexington: The University Press of Kentucky.

Zipes, J. (2006) Why Fairy Tales Stick: The Evolution and Relevance of a Genre. New York: Routledge.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626