Gaeil i ngéibheann: Frongoch, an Ghaeilge agus Y Fro Gymraeg

Caitríona Ó Torna

1 Tar éis Éirí Amach 1916, chuaigh ceannairí na Breataine in Éirinn i scaoll. Ghabh siad poblachtánaigh agus daoine easaontacha ó gach cearn den tír, ina measc líon mór daoine nach raibh baint dá laghad acu leis an Éirí Amach. Ghlac isteach is amach le 1,650 duine páirt in imeachtaí an Éirí Amach, ach gabhadh breis agus 3,000 duine i gcaitheamh na seachtainí dá éis (O Mahony 1987: 17). Seoladh a bhformhór díobh sin chuig príosúin i Sasana agus in Albain i dtús báire. Ansin, tar éis 650 duine díobh a chur ar ais go hÉirinn, cuireadh an chuid eile, breis agus 1,850 fear, ar aghaidh chuig campa géibhinn Frongoch, baile beag taobh le Bala i dtuaisceart na Breataine Bige (O Mahony 1987: 17–37). Osclaíodh an campa sin do chimí an Éirí Amach i dtús mhí an Mheithimh 1916 agus dúnadh arís é seacht mí dár gcionn, nuair a seoladh na cimí ar ais go hÉirinn in am don Nollaig. Tharla sé sin tar éis do David Lloyd George, Príomh-Aire nuacheaptha na Breataine Móire agus cainteoir dúchais Breatnaise ó Llanystumdwy, 34 míle siar ó Frongoch, a chinneadh nár mhór deireadh a chur le ceist achrannach na gcimí má bhíothas chun aghaidh cheart a thabhairt ar chúrsaí an Chogaidh Mhóir.

2 I gcaitheamh na míonna a chaith siad i gcampa Frongoch, bhí deis ag na cimí dlúthaithne a chur ar a chéile, agus oiliúint agus eagar a chur orthu féin mar bhuíon saighdiúirí. Cuid lárnach den oiliúint sin ab ea teagasc na Gaeilge, agus is éard a dhéanfar san alt seo ná an réimse áirithe sin de shaol na gcimí in Frongoch a chíoradh. Tabharfar aghaidh ar thionchar na Breatnaise chomh maith agus ar thábhacht láthair an champa i gceartlár cheantar lucht labhartha na Breatnaise: Y Fro Gymraeg. Beifear ag tarraingt ar raon leathan foinsí chun na réimsí seo de shaol an champa ghéibhinn a rianú, idir chuimhní cinn na gcimí, bheathaisnéisí, cháipéisí i mBiúró na Staire Míleata 1913–1921, cháipéisí ón gcampa féin agus nuachtáin agus irisí comhaimseartha in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus i Meiriceá.

Feasacht na gcimí ar chás na Breatnaise

3 Sula bpléifear cúrsaí an champa féin, níor mhór cé chomh heolach is a bhí na cimí ar chás na Breatnaise agus na Breataine Bige a scrúdú, ós go ceantar Breatnaise féin a seoladh iad. Is féidir a áiteamh go gcaithfidh go raibh cur amach ag líon áirithe cimí ar chúrsaí na Breataine Bige, cúrsaí teanga go speisialta, sular cuireadh go Frongoch iad. Aon duine de chimí Frongoch a mbíodh baint aige le gluaiseacht na Gaeilge agus a léadh irisí agus nuachtáin na gluaiseachta sin, ba dheacair a shamhlú nach mbeadh cur amach áirithe aige ar chás na Breatnaise agus na Breataine Bige roimh ré. Sna blianta roimh an Éirí Amach, bhíodh ailt á bhfoilsiú i dtréimhseacháin éagsúla faoi eiseamláir na Breatnaise i gcúrsaí oideachais agus sa saol poiblí agus polaitiúil. Luann De Barra The Anglo-Celt, Kildare Observer, Westmeath Examiner, Connaught Telegraph, The Freeman’s Journal, The Southern Star, The Tuam Herald agus The Nation i measc na bhfoilseachán ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fichiú haois ina ndéantaí comparáid idir staid na Gaeilge agus staid na Breatnaise, chun a thabhairt ar a gcuid léitheoirí eiseamláir na tíre sin a ghlacadh chucu féin (2014: 59). Ní hionann é sin is a rá, ar ndóigh, gurbh ann do chaidreamh domhain idir-Cheilteach idir an dá thír, ach tugann sé le fios go raibh leibhéal áirithe feasachta ag muintir na hÉireann ar chás na mBreatnach.

4 Bhíodh trácht in Irisleabhar na Gaedhilge chomh fada siar leis na 1880idí ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag gluaiseachtaí teanga sna tíortha Ceilteacha eile (O’Leary 1994: 375–376); agus nuair a bhí Conradh na Gaeilge ag tabhairt faoi Oireachtas na Gaeilge a bhunú i 1897, is Eisteddfod na Breataine Bige a sheas mar eiseamláir dó, rud ar tugadh cur síos air san Irisleabhar chomh maith (O’Leary 1994: 377).

5 Ba chaismirt chultúrtha i ndáiríre an t-easaontas maidir le cúrsaí Pan-Cheilteacha a thit amach i ngluaiseacht na teanga i dtreo dheireadh an naoú haois déag. Coimhlint aicme a bhí i gceist, agus easaontas faoi chur chuige, seachas léiriú drochmheasa ar chultúir Cheilteacha eile. Chuir baill áirithe de Chonradh na Gaeilge go tréan i gcoinne iarrachtaí a bhí ar siúl chun comhthionól Ceilteach a bhunú agus fuinneamh a dhíriú ar chothú an chaidrimh sin. Bhí claonadh ag baill na gluaiseachta Pan-Cheiltí díriú ar ársaíocht chultúr na gCeilteach agus ar shiombalachas agus ar mhórócáidí cultúrtha, agus ba de bhunadh Angla-Éireannach formhór na mball ba mhó le rá sa ghluaiseacht. Ba é seasamh oifigiúil an Chonartha nár bhain aidhmeanna na gluaiseachta Pan-Cheiltí le réimse oibre an Chonartha féin. Ach nuair a reáchtáladh an Comhthionól Pan-Cheilteach faoi dheireadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1901, ghuigh lucht an Chonartha rath ar na himeachtaí (féach O’Leary 1986: 101–130 agus 1994: 377–384, áit a ndéantar mionchíoradh ar na heachtraí seo).

6 Cé nár theastaigh ó lucht Chonradh na Gaeilge páirt a bheith acu sa ghluaiseacht sin, ar an mbonn gur mhó tábhacht a bhain le cur chun cinn na Gaeilge sa bhaile, aithníodh go bhféadfadh cás na Breatnaise agus, go pointe, cás Ghàidhlig na hAlban, ceachtanna a mhúineadh do phobal na Gaeilge agus iad ag iarraidh a gcearta teanga a bhaint amach i réimse an oideachais agus sa saol poiblí. Bhí Pádraig Mac Piarais tar éis freastal ar Eisteddfod na bliana 1899 agus bhí cur amach aige ar staid na Breatnaise, agus spéis ar leith aige, ar ndóigh, san oideachas dátheangach (féach na hailt a bhí i gcló aige in An Claidheamh Soluis i 1905 agus 1908; Ó Buachalla 1980: 83–85, 194). Cuireadh go mór le líon na n-alt faoi staid na dteangacha Ceilteacha in An Claidheamh Soluis tar éis don Phiarsach dul i mbun eagarthóireachta ar an nuachtán sa bhliain 1903 agus arís nuair a tháinig Seán Mac Giollarnáth i gcomharbacht air i 1909 (O’Leary 1994: 385).

7 Is ó pheann Thaidhg Uí Dhonnchadha (‘Torna’), a raibh Breatnais ar a thoil aige, a tháinig formhór na n-alt in An Claidheamh Soluis maidir le cúrsaí litríochta sa Bhreatnais sna blianta roimh an Éirí Amach, leithéidí ‘Dráma sa Bhreatain’ (1913: 11), ‘Láimhealadhna sa Bhreatain’ (1914a: 2), agus ‘Filidheacht sa Bhreatnais’ (1914c: 11). Tar éis dó sraith alt a fhoilsiú sa nuachtán ar shaothar filíochta Dafydd ap Gwilym, thug sé an méid seo mar mhíniú ar an rún a bhí aige díriú anois ar shaothar file Bhreatnaigh eile, Siôn Cent:

Isé fáth go scríobhaimse an oiread san ar chúrsaí na teangan dúthchais sa Bhreatain ná a lán a bheith le foghluim againne ó mhuinntir na tíre sin — chomh fada agus a théigheann dílseacht don teangain dúthchais, agus an dúil dochlaoidhte a thagann dá dhruim chun na teangan do chur go daingean ar a bonnaibh. Is mór is ionmholta na tréithe sin ionnta súd; agus ba rómhaith an lá d’Éirinn agus don Ghaedhilg é dá ndéanfaidís Gaedhil aithris ar a mbráithribh gaoil ar an dtaobh thall de Mhuir Mheann, agus anam na tíre seo a choimeád gan truailliú ón iasacht mar a dhéinid siadsan é (1915: 1).

8 D’fheictí ailt ar ábhair eile a bhain le saol na Breatnaise sa nuachtán freisin, agus iad ag díriú go minic ar a fhlúirsí agus a bhí deiseanna ag pobal na Breatnaise chun a dteanga a úsáid sa saol poiblí. In alt dar teideal ‘Politicians and Nationality in Ireland and Wales’ sa cholún ‘Gleo na gCath’ bhí cur síos ar Lloyd George a bheith i mbun cumarsáide trí mheán na Breatnaise, agus ar chúrsaí reiligiúnda a bheith á seoladh trí Bhreatnais: ‘The Nonconformist clergy of Wales look upon the preservation of the national language as next in importance to that of religion itself. They preach and teach in Welsh, and technical classes are conducted in Welsh in connection with their churches’ (1910: 7). Foilsíodh litir ó Phádraig Ua Seaghdha cúpla seachtain ina dhiaidh sin inar chuir sé leis an méid a bhí á áiteamh faoi chúrsaí Breatnaise san eaglais:

You said in your editorial notes that the Non-conformist ministers of Wales preach and teach in Welsh. This hardly conveys an accurate idea of the matter to Irish Catholics. Their religious services are WHOLLY in the Welsh language. And not only that, but in districts where the Welsh language prevails, the services of the Church of England — which is a distinctively national Church and whose mission is to the English people — are held in Welsh (1910: 9).

9 Ní hamháin gur bhain an Bhreatnais le saol na litríochta agus le cúrsaí creidimh, ach bhí an teanga in úsáid sa saol gnó chomh maith. Foilsíodh alt i 1912 faoi chonspóid inar éiligh an comhlacht Caernarvonshire Insurance Company go reáchtálfaí a gcuid gnó ar fad trí mheán na Breatnaise, in ainneoin go raibh líon beag Béarlóirí sa cheantar ag cur ina choinne sin. Luadh an méid seo a leanas faoin seasamh a ghlac lucht na Breatnaise:

This new departure, with regards to the use of the Welsh language, has naturally aroused comment. Keen controversy rages in the daily press. It is pointed out that it will reduce to a farce the presence at these Committees of such of the Welsh Commissioners who do not understand Welsh. The reply to this objection indicates the present temper of Wales. It is put thus:- ‘Do Wales and Welsh Insurance Committees exist for the benefit and convenience of the Commissioners, or are the Commissioners and their officials appointed for the service and the benefit of Wales and its people?’ English visitors to Welsh watering places have no conception of the extent to which the native tongue is to-day the language of the home, of the market, and of the sanctuary. It is taught systematically in the majority of schools, elementary, secondary, and higher; Welsh places of worship outnumber by three to one those in which the services are conducted in English. With a population of, say 2½ millions, Wales issues some two dozen newspapers and an equal number of monthly and quarterly magazines printed exclusively in Welsh (1912: 13).

10 Tagraíodh in alt dar teideal ‘Practical Welshmen’ i 1913 don bhorradh a bhí faoin mBreatnais le blianta beaga, agus thug an t‑údar míniú ar an mborradh céanna:

The Welsh-speaking population of Wales increased by some 58,000 in the last decade. The following are some of the reasons of the increase: The councils and public bodies use the language in business; public servants are compelled to know and use Welsh; ministers of religion of all creeds use Welsh in religious services. The Press caters for Welsh readers (1913: 9).

11 Agus bhí an méid seo mar mholadh agus mar ghríosú ag ‘Torna’ in Aibreán na bliana 1914 do léitheoirí An Claidheamh Soluis:

Níl aonlá dá ngabhann tharainn ná feicimíd níos soiléire, ó obair na mBreatnach, a fhaid slighe atá romhainn féin fós i gcúrsaí na Gaedhilge. Diaidh ar ndiaidh tá an Bhreatnais dá húsáid mar theanga mhúinteoireachta agus léighinn, go háirithe insna hárdscoileanaibh. Isé sin a leas agus a léas ar an saoghal seo. Daoine tuisceannacha iseadh muinntir na Breatan, agus do buaileadh isteach ina n‑aigne ná mairfeadh an teanga mara mbainfidhe feidhm aisti i gcúrsaí gnótha na tíre. Agus cadé an gnó, dar leó, is dlúithe bhaineann lena saoghal ná gnó oideachais a gcloinne? Ar an adhbharsan táid ag cromadh ar gach brainse léighinn a mhúineadh sa Bhreatnais. Tá soin socair aca. Agus nuair a bheidh an socrú soin ag obair go hoireamhnach, féadfar slán a thabhairt fén dteangain iasachta.

Má táimídne dáríribh i dtaobh teangan na hÉireann a chur ar a bonnaibh arís caithfimíd an cleas céanna soin do dhéanamh. Caithfimíd feidhm a bhaint as an nGaedhilg chun rudaí eile a mhúineadh (1914b: 11).

12 Is iad seo na hailt a bheadh léite, is dócha, ag líon áirithe de chimí Frongoch sular bhain siad an campa amach, cé gur beag an baol go mbeadh taithí phearsanta ag mórán díobh ar an tír féin sular seoladh go dtí an Bhreatain Bheag iad i Meitheamh na bliana 1916. Ar bhaint Frongoch amach dóibh, dar le Séamas Ó Maoileoin gur shíl siad go raibh an ceantar cosúil le Conamara, ach d’áitigh sé mar sin féin go raibh sé ‘cinnte nach bhfuil aon áit i gConamara chomh hiargúlta, chomh huaigneach, chomh fuar, chomh duairc, gruama leis’ (1958: 63). Agus is é seo an cuntas a thug Brennan-Whitmore ar an turas traenach as Knutsford Shasana go Frongoch:

When we crossed the border our hearts warmed to Wales. ‘It’s so like Ireland!’ one of my comrades pathetically remarked. We seldom sang at the Welsh stations [sin mar chomhartha ómóis]. We greeted the people in a friendly tone; and invariably received a cheery reply (1917: 11).

13 Agus chuir Brennan-Whitmore blúirín breise leis an tuairisc sin i litir a scríobh sé i 1971 chuig Lyn Ebenezer, iriseoir Breatnach agus údar Fron-Goch and the Birth of the IRA:

And we found all the Welsh people we came into contact [with] cheery. I heard one comrade remark as we pulled out of a wayside station: ‘They’re so different to the English, who look at you in the way a cow looks over a hedge. And I’m not flattering’ (1998).

14 Duine de cheannairí na gcimí sa champa ab ea é Brennan-Whitmore agus is é a scríobh an chéad chuntas cuimsitheach i 1917 ar shaol na gcimí, With the Irish in Frongoch.

An teagasc sa champa

15 A luaithe a bhain na cimí campa Frongoch amach, thug siad láithreach faoin mbuíon a eagrú chun oideachas agus traenáil mhíleata a chur ar an gcomhluadar. Is mar seo a mhínigh Brennan-Whitmore smaointeoireacht na gcimí maidir leis seo:

the British Government had swept up the cream of the Irish Volunteers, and dumped them all down in a huge training camp in North Wales. We had carte blanche in the matter of drilling and military lectures. At this time we were all convinced that we would be kept in internment until after the war. To say that we were hugely delighted, was to lightly describe our feelings. We were certain that by the time we would be released the nucleus of a magnificent military machine would be presented to Ireland. That was the objective we had mostly in mind when we decided to assume responsibility for the control of the camp (1917: 30–1; féach freisin O Mahony 1987: 58–72 agus Coogan 1990: 49–57).

16 Ach fiú sular bhain said Frongoch féin amach, bhí na cimí á n‑eagrú féin agus i mbun ranganna Gaeilge a reáchtáil dá gcomh-chimí. Luadh thuas gur coinníodh na cimí i bpríosúin ar fud Shasana agus in Albain i dtús báire, agus is i bpríosúin Wakefield, Knutsford, Stafford agus Wandsworth a bhí a bhformhór díobh (O Mahony 1987: 21). Is é seo an cur síos seo a tugadh in An Claidheamh Soluis ar ranganna Gaeilge a bheith á reáchtáil ag na cimí sin i bpríosúin Shasana:

Bhí sgoil Ghaedhilge curtha ar bun in Wandsworth sul ar sgapadh an campa soin. Ag so giota de theachtaireacht a chuir Seán T. Ó Ceallaigh chugainn:- ‘Annso in Wandsworth tá timcheall dá chéad againn ann agus bíonn an Choróin Mhuire againn as Gaedhilge san ngáirdín gach tráthnóna, indé — lá Fhéile Coluimchille — chuireamar buidheanta Gaedhilge ar bun. Tá Micheál Ó Droighneáin, Gearóid Ó Súilleabháin, Liam Ó Briain, Cathal Ó Seanáin, agus mé féin mar mhúinteoirí againn. Is iongantach an spiorad atá ins na buachaillí go léir.’ Is clos dúinn go bhfuil sgoil Ghaedhilge curtha ar bun i Stafford freisin (1916a: 2).

17 Luaigh Séamas Ó Dubhghaill (Beirt Fhear) na cimí a bhí i ngéibheann i bpríosúin na hAlban agus Shasana i litir dá chuid a foilsíodh ar an leathanach céanna den nuachtán. Cé go raibh na cimí á n‑aistriú go campa Frongoch faoi thráth foilsithe na litreach, agus gur bheag an seans go léifeadh aon duine díobh a chuid focal, tá sé suimiúil gur ar chúrsaí oideachais sna campaí géibhinn atá aird Uí Dhubhghaill:

Tá fhios ag an saoghal go bhfuil a lán do cháirdibh na Gaedhilge i bpónaibh agus i bpríosúnaibh thall i Sasana agus i nAlbain anois. [… N]íor bhfearr agus níor thairbhighe gnó a bheadh aca ná Sgoil Ghaedhealach a chur ar bun istigh ’sa phóna. Ní fuláir nó tá duine nó beirt i ngach póna aca thall a dhéanfadh obair an mhúinteóra go cliste; agus ní dócha go mbeadh aon easba leabhar ortha. Machtníghídh ar an sgéal a Ghaedheala féachaint a bhféadfaimís an mhaith abhaint as an olc (1916a: 2).

18 Is ar an 9 Meitheamh a osclaíodh campa Frongoch do na cimí Éireannacha. Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle Ghinearálta na gCimí dhá lá dár gcionn agus coinníodh miontuairiscí chruinnithe na Comhairle seo sa leabhrán Frongoch Internment Camp: Irish Prisoners of War Minute Book (1916). Dar leis na nótaí sin, bronnadh cúram na ranganna Gaeilge ag an gcéad chruinniú sin ar an gCorcaíoch Tomás Mac Curtain. Ar an 22 Meitheamh, agus méadú mór tagtha ar líon na gcimí sa champa idir an dá linn, tionóladh cruinniú eile den Chomhairle agus, an iarraidh seo, ceapadh deichniúr ina múinteoirí Gaeilge. Orthu sin bhí Corcaíoch eile i dteannta Thomáis Mhic Curtain, Micheál Ó Cuill; bhí Risteárd Ó Maolchatha as Port Láirge; Séamas Ó Maoileoin as Contae na hIarmhí; Cathal Ó Seanáin as Contae Aontroma; Augustine Hayes agus Henry Gannon, Baile Átha Cliathaigh; agus Mícheál Ó Maoláin as Árainn (1916d: 20). Beartaíodh ranganna Gaeilge a reáchtáil sa champa tráthnóna Luain, Céadaoin agus Aoine ar 6.30pm, agus díospóireacht as Gaeilge tráthnóna Dé Domhnaigh.

19 Faoi cheann cúpla seachtain, bhí an scéal ag An Claidheamh Soluis maidir le ranganna Gaeilge a bheith faoi lán seoil i gcampa Frongoch. Is é seo an tuairisc a tugadh sa cholún nuachta ‘Dúbhairt sé, Dabhairt sé’: ‘Go dtáinig sgéala ó Chathal Ua Seanáin go bhfuil ceithre ranganna Gaedhilge agus cumann díospóireachta faoi sheol i bhFrongach’ (1916d: 9).

20 Is é seo a leanas an cuntas a thug W.J. Brennan-Whitmore ar na ranganna Gaeilge:

In the civilian studies the major portion of our time was devoted to the Irish language, which was only as it should be. The classes in Frongoch were ideal, inasmuch as we had a large number of highly qualified teachers, and a considerable number of native speakers. At first ‘Buckshot’ [an ceannfort campa, an Coirnéal F.A. Heygate Lambert] was opposed to the study of the Irish language; but we ignored him and went our way. However, he would not tolerate the names of the workshops and dormitories to be posted up in Irish. When we pointed out that the Germans were allowed to post them up in German, he replied that he understood German, but did not understand Irish (1917: 40).

21 Thug Batt O’Connor, Ciarraíoch, an tuairisc seo a leanas ina chuimhní cinn seisean, With Michael Collins in the Fight for Independence, ar na ranganna céanna:

We spent a great part of our time in the Irish language classes which were kept going constantly in Frongoch. […] In the camp with us were thousands of young men from all parts of Ireland. Some of them had rather hazy ideas of Irish nationality, and had not what we would have thought in Dublin to be a thorough Irish-Ireland outlook. Frongoch was a splendid school for such young men. The language classes and the example of our zeal and enthusiasm soon rectified this defect in their education. They could not have come to a better school. They were thrown entirely in the company of men to whom national freedom and the old Irish traditions were the highest things in life. Each day closed with patriotic songs and recitations in which these country fellows loved to join. They were listening all the time to talk and plans about the continuance of the war as soon as we got home. Many a Galway lad who came to Frongoch a harmless gossoon left it with the seeds of Fenianism planted deep in his heart (1929: 89–90).

22 Thug Séamas Ó Maoileoin ardmholadh do chóras oideachais na gcimí in Frongoch chomh maith agus ar an gcaoi inar tugadh faoin nGaeilge a mhúineadh, go háirithe. Mhúin sé féin trí rang Gaeilge in aghaidh an lae in Frongoch agus, fiú agus an t‑ualach oibre sin air, d’éirigh leis freastal ar ranganna matamaitice agus Laidine:

Bhí cúrsaí oideachais ann do gach sórt scoláire agus is beag duine nár bhain tairbhe astu. Chuir idir mhúinteoirí agus scoláirí a gcroí san obair. Ní fhaca mé aon scoil ó shin i leith ina raibh córas múinte chomh ciallmhar is a bhí i bhFrongoch. Dá múintí an teanga lasmuigh mar a múineadh sa champa í agus dá ndéantaí an teanga agus stair na tíre a chomhcheangal lena chéile mar a deineadh thall, bheadh an Ghaeilge sábháilte againn faoi seo (1958: 69).

23 Ba mhaith an té é Séamas Ó Maoileoin chun an bhreith sin a thabhairt i 1958 ó bhí a shaol oibre caite aige i mbun an teagaisc le Conradh na Gaeilge agus mar mhúinteoir scoile. Bhí tuiscint fhorleathan ann i measc na gcimí gur bhain luach as cuimse leis an tréimhse ama a bhí le cur isteach acu sa champa. Is mar seo a mhínigh duine eile de mhúinteoirí an champa, Michael Lynch, an scéal sa chuntas a thug sé féin ar Frongoch atá ar fáil sa Bhiúró um Stair Mhíleata:

We aimed at gradually transforming Frongoch into a university school. We felt we had a golden opportunity of keeping the men’s minds occupied by teaching them some subject or another. We had, of course, established Irish, English, French and Shorthand classes. Luckily, we had professors for all those subjects in our ranks. I looked after the musical side (1951: 26).

24 An tábhacht a bhain leis an teagasc seo go léir, na hábhair léinn, na hábhair phraiticiúla, an druil mhíleata, bhain sé le haidhmeanna polaitiúla na gcimí agus an tsúil a bhí acu ar an todhchaí neamhspleách a shamhlaigh siad a bheith rompu. Is é seo an cur síos a thug Thomas Leahy, Baile Átha Cliathach, ar an scéal:

Classes were formed on every subject in every day life that would be expected of us under the law under the Republic. We hoped to confirm at the first chance after release all departments of government business, and instructions to fit men capable to take over these departments when required (1952: 26).

25 Bhain struchtúr docht le saol an champa, ach thugtaí cuid mhór saoirse do na cimí um thráthnóna tar éis dóibh a ndualgais oibre sa champa a chur i gcrích. Má bhítí i mbun aclaíochta sa pháirc, ba iad an pheil Ghaelach, an dornálaíocht, an iomrascáil, an liathróid láimhe, agus caitheamh na meáchan a bhíodh ar siúl (O Mahony 1987: 99–103).

26 Tar éis dinnéir sa champa ag meán lae, thosaíodh obair na ranganna. Ba iad Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Laidin, stair na hÉireann, matamaitic, leabharchoimeád, gearrscríobh agus teileagrafaíocht na hábhair léinn. Anuas orthu sin, bhíodh drámaíocht, ceol, céilithe, cluichí fichille agus táiplise, cártaí, cór, rince agus díospóireacht as Béarla agus as Gaeilge á rith (O Mahony 1987: 73). Ba é Pádraig Ó Máille ó Ghaillimh an fear a bhíodh i gceannas ar na hócáidí díospóireachta a eagrú. Ar 9.30pm deirtí an paidrín trí Ghaeilge i ngach suanlios roimh am luí (Ó Maoileoin 1958: 70).

Ábhar léitheoireachta agus teagaisc

27 Chun dul i mbun teagaisc, ar ndóigh, bheadh ábhar teagaisc de dhíth. Níor cuireadh srian sa champa leis an líon litreacha nó beart a bhí ag teacht isteach agus tháinig neart ábhar isteach chucu ó lucht tacaíochta na gcimí sa bhaile. Is mar seo a leanas a mhínigh Joseph Lawless, cime ó Shord, Contae Bhaile Átha Cliath, an córas litreacha agus beart sa champa:

since we reached Frongoch, we had constant communications with home and friends. There was now no unreasonable limit to the number of letters we could send and receive, though of course they had to pass the scrutiny of the censor each way. We were also receiving parcels of foodstuffs, clothing and the like, regularly from home, so that there was really little to complain of except the loss of personal liberty (1954: 191).

28 Chuaigh litreacha na gcimí faoi scrúdú an chinsire ach tháinig bearta isteach gan scrúdú, dar le Brennan-Whitmore: ‘Our parcels were delivered direct to the camp, but our letters were first delivered to the office of the Chief Postal Censor in London’ (1917: 46). Ach i gcás na mbeart sin a raibh leabhair Ghaeilge i gceist leo, chuaigh siad siúd faoi chinsireacht agus faoi dhianscrúdú chomh maith:

Books in Irish had to go on to London also. This gentleman certainly held very queer views on the cream of Irish literatures; a ‘queerness’ which was only equalled by his gross carelessness. Many valuable Irish books sent to him, were never again heard of, and some of them were afterwards found on second-hand bookstalls in the East-end of London (1917: 48).

29 Go deimhin, rinneadh gearán in An Claidheamh Soluis faoi leabhair Ghaeilge a bhí dírithe ar Frongoch a bheith ag dul ar iarraidh. Tuairisc is ea í seo ón 7 Deireadh Fómhair 1916:

The Coiste has received many complaints regarding the refusal of prison authorities in England to provide Irish books for readers of Irish, or allow prisoners to receive books in Irish from their friends. Scores of books sent through the post have never reached those for whom they were intended. The active Secretary was directed to complain of this harsh treatment to Mr. Lloyd George and other Ministers. An Claidheamh Soluis is not allowed into Reading or Frongoch. Other papers reach the prisoners, but the Irish column is invariably cut out (1916c: 8).

30 Tugadh cuntas san eagrán céanna de An Claidheamh Soluis ar leabhar a aimsíodh i seilbh díoltóra leabhar:

A copy of ‘An Tiomna Nua’ was found some days ago on a book hawker’s barrow in London. It bore the inscription ‘Brian na Banban’. How did Brian’s ‘Tiomna’ get into the hands of the London hawker? Brian is interned in Frongoch, and has not, it appears, received this copy of ‘An Tiomna Nua’ which was sent to him from Ireland. Our friend who discovered Brian’s ‘Tiomna’ discovered on the barrows many other books which had been sent through the post to Frongoch, but which got into the hands of hawkers in some way that remains to be explained (1916b: 7).

31 Ba é Brian na Banban an file Brian Ó hUiginn as Contae na Mí, agus níorbh é a leabhar seisean amháin a chuaigh ar iarraidh. Chuir Michael Staines, ceannaire na gcimí sa champa, litir chuig an bhFeisire Alfie Byrne cúpla lá ina dhiaidh sin inar thug sé liosta fada de na leabhair Ghaeilge nár bhain an campa amach in aon chor (O Mahony 1987: 106–9). D’ardaigh an Feisire Laurence Ginnell an cheist seo sa Pharlaimint, mar chuid dá ghearán i dtaobh na droch-chaoi ina rabhthas ag caitheamh le cimí Frongoch (House of Commons 1916). Bhíodh achrann ann idir na cimí agus údaráis an champa ar iliomad cúiseanna: coinníollacha maireachtála agus sláintíochta an champa, an obair laethúil agus an ráta pá, stádas na gcimí mar chimí cogaidh, na cimí a bheith ag diúltú a n‑ainmneacha a dheimhniú; agus cuireadh breis agus 100 cime faoi phionós san fhómhar tar éis dóibh diúltú luaithreach a ghlanadh ó cheathrúna na ngardaí (O Mahony 1987: 117–130). In imeacht an ama seo ar fad, d’éiríodh leis na cimí a scéal a chur amach chuig na nuachtáin agus chuig polaiteoirí báúla.

32 Ba mhinic na feisirí Ginnell agus Byrne ag ardú ceisteanna faoi chás na gcimí sa Pharlaimint in Westminster. Labhair Ginnell faoin gcampa i dTeach na dTeachtaí 33 uair fad a bhí cimí faoi choinneáil sa champla, agus labhair Byrne 55 uair faoi chás na gcimí le linn na tréimhse céanna. Bhíodh an Feisire Timothy Healy i mbun ceisteanna chomh maith. Tharraing an aird seo a bhíodh á díriú go poiblí ar chás agus ar ghearáin na gcimí, mar aon leis na litreacha a bhíodh á bhfoilsiú sna meáin ó na cimí féin agus óna lucht tacaíochta, drochphoiblíocht ar an mBreatain Mhór sa bhaile agus thar sáile fad a bhí an Rialtas ag iarraidh díriú ar chúrsaí an Chogaidh Mhóir.

33 Ach, go fiú nuair a cuireadh srian leis an bpost sa champa tar éis don aighneas seo teacht chun cinn idir na cimí agus na hoifigigh, bhí bealaí ag na cimí chun déileáil le cúrsaí cumarsáide. Bhí straitéisí ar leith acu chun a gcás a chur amach chuig a lucht tacaíochta, de réir an chur síos a thug Lawless:

Although we were now deprived of letters, parcels and all such privileges, the system of communication previously used between the prisoners in the two camps was again brought into service and improved upon. The priest’s vestment box, the ration parties and other working parties, all helped to keep us supplied, to some extent at any rate, with cigarettes and tobacco, newspapers and occasionally a little butter. We could, therefore, learn something of the propaganda in operation outside on our behalf, both at home, in England, and even in America, and we could shape our attitude accordingly (1954: 205).

Craobh na Sróine Deirge

34 Is minic, nuair a luaitear an Ghaeilge i gcampa Frongoch, go dtagraítear do chraobh de Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa champa, Craobh na Sróine Deirge (cuir i gcás O Mahony 1987: 74; Breathnach agus Ní Mhurchú 1990: 89; Birtill 2001, 2002, 2004; Ó Croidheáin 2006: 156; Mac Conmara 2017). Is dealraithe go bhfuil tuiscint sheanbhunaithe anois ann gurbh ann do chraobh ghníomhach den Chonradh sa champa ach, ar fhoilseacháin an Chonartha féin a chíoradh, níl tagairt don chraobh seo le fáil.

35 Síolraíonn an tuiscint sin gurbh ann do chraobh oifigiúil den Chonradh i gcampa Frongoch ón gcur síos seo a leanas ag Florence O’Donoghue ina bheathaisnéis ar Thomás Mac Curtain:

During the month which Tomás spent as a prisoner in Frongoch, he took a leading part in the organisation of the men into companies; the creation of Irish language classes, of groups for the study of various subjects, and in the provision of facilities for exercise and recreation. He was elected a member of the camp executive committee, and his old interests in the language, the violin, the old songs, gathered a fresh impetus from association with kindred spirits. In his diary he refers frequently to these things. ‘We had a meeting of Irish speakers at two. Nothing but Irish was spoken. We will begin the classes tonight. Miceal O’Cuill is secretary. We have called the branch “Craobh an Sroine Deirge,” because Liam O’Briain says Frongoch means “red nose”! We agreed that everyone who could do so would show some sign that he understood Irish, and would speak nothing but Irish’ (1958: 120).

36 Ach fiú más fíor don scéilín thuas, bhí dul amú ar an mBrianach maidir le míniú an logainm. Ní hionann ‘fron goch’ agus ‘srón dhearg’. Brollach dearg (agus, dá réir sin, fána dhearg i gcomhthéacs logainm) an t‑aistriúchán cruinn. Earráid a bhí san aistriúchán fánach seo, b’fhéidir? ‘Srón’ na Gaeilge a bheith cosúil le ‘fron’ na Breatnaise? Nó ar shíl an Brianach gurbh ionann ‘fron’ agus ‘ffroen’ na Breatnaise, is é sin, ‘polláire’ na Gaeilge? Nó arbh amhlaidh gur síleadh nach mbeadh sé feiliúnach an t‑aistriúchán cruinn a thabhairt? Cá bhfios? Níl míniú le fáil ar an míthuiscint a luaitear leis an mBrianach. Ba shaineolaí i réimse na dteangacha é féin. Bhí sé ina chúntóir i Roinn na Fraincise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, roimh an Éirí Amach agus ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ó 1917 amach. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na Taibhdheirce chomh maith. Ní thugann a chuimhní cinn aon léargas dúinn ar cheist Chraobh na Sróine Deirge ach oiread. Nuair a bhain sé tréimhse Frongoch amach ina leabhar Cuimhní Cinn, ní raibh le rá aige i dtaobh an champa ach an méid seo: ‘Cuirfead críoch ansin lem chuimhní féin ar bhliain a 1916. Maidir lenár saol i gCampa Frongoch go dtí Nollaig na bliana sin, tá sé inste i leabhar W.J. Brennan-Whitmore: With the Irish in Frongoch(1951: 189).

37 Theip ar an údar seo teacht ar aon fhianaise eile ar an gcraobh seo den Chonradh, cé is moite den tagairt sin thuas ó dhialann Mhic Curtain, agus tá gach seans nach raibh sa bhlúirín beag eolais sin i ndialann Mhic Curtain ach ábhar grinn, cur síos ar chaint san aer tráthnóna éigin sa champa. Ach tá an tagairt sin luaite go mion minic in ailt agus i leabhair faoi champa Frongoch ó shin, gurbh ann do chraobh ghníomhach den Chonradh i gcampa Frongoch, gurbh é Liam Ó Briain a bhaist an t‑ainm uirthi, agus gurbh é Micheál Ó Cuill rúnaí na craoibhe. Mar sin féin, go fiú mura raibh an chraobh cláraithe leis an gConradh, is cinnte go mbíodh neart gníomhaíochtaí ar bun trí Ghaeilge sa champa, idir ranganna, óráidí ag ócáidí sóisialta, dhíospóireachtaí agus eile (O Mahony 1987: 74–76).

Caidreamh na gcimí le gardaí an champa

38 Bealach eile ina raibh an Ghaeilge in úsáid in Frongoch agus inar bhain na cimí leas agus spraoi as an teanga ná chun bob a bhualadh ar ghardaí an champa. Is cur síos é seo ó Brennan-Whitmore ar an gcaoi ina dtugadh na cimí a bhí i mbun oibre sa champa ábhar cosctha isteach sa champa:

The task of the working party consisted of re-felting the roofs, glazing the windows, etc. […] The members sang lustily in Irish as they hammered the felt on the roofs, or plastered putty on the window grooves. And the subjects of their ditties were these: ‘Oh, Mickey Murphy, when we are gone, go down to hut 14, and you’ll get a roll of tobacco on the chimney,’ or ‘Jack Reilly behind the cistern in No. 4 latrine you’ll find a bundle of newspapers’. Every morning and evening that working party smuggled tobacco, cigarettes, newspapers, and tinned food into the North Camp, watched their opportunity to conceal them; and in Irish told their comrades where they were to be found (1917: 77).

39 Foireann an champa féin, ba de bhunadh arm na Breataine iad, agus ba Shasanaigh a bhformhór. Ba bhuíon saighdiúirí iad gardaí Frongoch a bhí róshean nó ró-éagumasaithe chun tabhairt faoi dhualgas sna línte tosaigh sa Chéad Chogadh Domhanda. Fear de bhunadh na Breataine Bige é maorsháirsint an champa, áfach, dar le Séamas Ó Maoileoin, agus bhí bá aige siúd le cás na gcimí:

B’as an mBreatain Bheag don Sergeant-Major [Newstead] agus bhí sé go macánta réchúiseach. Bhí sé garbh, mustarach, droch-chainteach, maslaitheach, gan aon amhras, ach nuair a chuir tú aithne cheart air ní raibh aon locht air. D’éirigh comhbháidh idir é agus na príosúnaigh agus dheineadh sé a dhícheall i gcónaí ar an saol a dhéanamh níos fearr dúinn. Bhí grá aige dá thírín féin agus thuig sé gur dhein Seán Buí feall uirthi mar a dhein sé ar Éirinn. Bhí argóint fhíochmhar agam leis an chéad lá nuair a dhiúltaigh mé m’ainm is mo shloinne a thabhairt dó i mBéarla. Nuair a cheap mé go raibh sé i riocht tachtuithe le fearg labhair sé fána anáil liom. ‘Molaim do mhisneach, a bhuachaill,’ ar seisean. ‘Ní raibh mé ach ag cur díom ó bhí na daoine móra ag éisteacht’ (1958: 67–68).

An Bhreatnais sa champa

40 Sasanaigh ab ea formhór na foirne sa champa, ach thagadh daoine ó cheantar Frongoch féin isteach chun obair a dhéanamh sa champa. Thug Batt O’Connor an cur síos seo a leanas ar an oscailt súl a tugadh do na cimí ar thuiscint dóibh gurbh í an Bhreatnais an gnáthmheán cumarsáide a bhí ag muintir an cheantair:

One thing at Frongoch greatly impressed us. All the workmen who came to carry out any plumbing or repairs at the camp spoke the Welsh language. This was a great surprise for most of us. We marvelled at the fine national spirit of these men, and their love for their native tongue, that they should have been able to preserve it, and they living alongside the English without even a bay between. It gave us a feeling of wholesome humility beside those Welsh fellows to hear them chatting away to each other without a word of English, while we were laboriously re-learning the language of our fathers. The lesson was not lost on us, and we studied harder than ever in the classes (1929: 91).

41 Agus d’éirigh go maith, de réir cosúlachta, idir na cimí agus Johnnie Roberts, cainteoir dúchais Breatnaise in aois a chúig bliana déag a bhíodh ag obair i siopa an champa. Thug sé féin fianaise i ndeireadh a shaoil ar chlár faisnéise leis an gcomhlacht teilifíse Ffilmiau’r Nant sa Bhreatain Bheag faoin gcuimhne a bhí aige ar chimí an champa i rith laethanta a óige. Dar le Lyn Ebenezer gur chuidigh Johnnie Roberts leis na cimí agus iad ag iarraidh an Bhreatnais a fhoghlaim sa champa. Tugann Tim Pat Coogan an cur síos seo a leanas ar an gcaoi inar thug Michael Collins ar an bhfear óg cuidiú leis ina iarrachtaí an teanga a fhoghlaim:

Roberts was a classic example of the person in a seemingly lowly, but in fact highly useful position, whom Collins was later to win over in great numbers and use to such devastating effect. He decided that he wanted to study Welsh, and persuaded Roberts, on his day off from the camp, to get hold of some dictionaries and elementary alphabet cards, leaflets and some chalk (1990: 51).

42 Dar le Ebenezer gur áitigh Roberts gurbh é an tAthair Laurence Stafford, séiplíneach an champa, a mhúin an Bhreatnais do na cimí, ó bhí cur amach éigin aige ar an teanga (2006: 121). Éireannach ab ea Stafford a raibh na cimí in amhras faoi i dtús báire toisc é a bheith ina bhall d’arm na Breataine. Ach mhínigh Joseph Lawless gur éirigh na cimí ceanúil air le himeacht aimsire:

The poor man failed entirely at first to appreciate our dislike to his appearance amongst us, dressed as he was in the full regalia of an officer of the enemy forces. […] Certainly, as time went on he was admitted to more friendly terms, and he in turn discarded the khaki for a cassock as much as possible, so that, before we left the camp finally, he was accepted as quite a decent, kindly old fellow who did his job well, but could not be expected to view the prospect of Irish Nationalism through our eyes (1954: 179–81).

43 Thug M.J. O’Connor trácht ar na ranganna Breatnaise seo a bheith á reáchtáil do na cimí chomh maith: ‘For a time classes were conducted in Irish, Irish Dancing, Shorthand (Pitman, Sloan, Duployan, Script), Physical Culture, Spanish, Telegraphy, Choral, Debating and Welsh’ (1966: 64), cé nár thug sé aon eolas breise i dtaobh na ranganna úd, ná i dtaobh na húsáide a bhaintí as an mBreatnais a bhí á foghlaim acu.

Cimí Frongoch agus muintir an cheantair

44 Cé is moite de na fir oibre a thagadh isteach sa champa géibhinn, is beag teagmháil a bhí ag na cimí le muintir an cheantair. Luaigh Séamas Ó Maoileoin nach bhfeictí ‘duine ná deoraí ag dul thar bráid ach go fíorannamh’ (1958: 63). An t‑aon bhealach eile inar tharla idirghabháil idir an dá ghrúpa ná nuair a théadh na cimí ag máirseáil thart faoin gceantar in éineacht le foireann an champa, nó nuair a bhíodh na cimí á gcur ar an traein go Londain chun dul faoi cheistiú ag na húdaráis.

45 D’airigh na cimí cairdeas agus comhbhá ó dhaoine áirithe de mhuintir an cheantair agus drochmheas ó dhaoine eile, de réir na bhfoinsí atá ar fáil dúinn anois. Bhí roinnt de mhuintir Frongoch fáilteach agus báúil leis na cimí. Níor ghá go dtacóidís lena raibh déanta ag na cimí, ach bhí trua ag cuid acu dóibh agus bhí siad imníoch faoin drochbhail a bhí orthu. Dúirt Morris Roberts sa chlár faisnéise ar Frongoch a craoladh i 1988 (Ffilmiau’r Nant 1988) gur nós lena thuismitheoirí plúr a dhoirteadh isteach i gcaipíní na gcimí fad a bhí siad ag mairseáil thar mhuileann an teaghlaigh. Dar leis gur shíl a athair go raibh na húdaráis ag caitheamh go hainnis leis na cimí agus go raibh cuma an ocrais orthu (Ebenezer 2006: 148-149). Tagraíonn Ebenezer freisin don chlú a bhíodh ar bhean chéile Bob Roberts, feirmeoir agus amhránaí cáiliúil sa cheantar, mar thugadh sí builíní aráin amach do na cimí agus iad ag dul thar bráid (2006: 117).

46 Ach ní fáilte a bhraith Frank Hardiman, cime ó chathair na Gaillimhe, ach naimhdeas:

During one of the early marches we noticed a woman standing at the door of her house and shaking her fist at us. We were rather surprised at this sign of hostility, and to show there was no ill-feeling between the Welsh people and ourselves, I suggested to a few of those near me to strike up the Welsh National Anthem. Soon we were all whistling it, and in all our marches afterwards we included it with all our own patriotic tunes (1950: 21).

47 Is mar seo ba chuimhin le Michael O’Flanagan, Baile Átha Cliathach, an lá a d’fhill sé ar Frongoch tar éis dó roinnt laethanta a chaitheamh i bpríosún Wandsworth i Londain:

We arrived in Frongoch sometime about 8 o’clock in the evening and returned to our huts. When we arrived at Balla [sic] station which was the point at which we left the train for Frongoch we got a very friendly reception from the Welsh people who had assembled in large numbers on the platform. They were particularly anxious to obtain souvenirs from us and sought diligently such personal belongings as Rosary Beads and other religious emblems (1953: 45).

48 Thug Séamas Ó Maoileoin an cur síos seo a leanas ar an lá deireanach a chaith sé féin sa Bhreatain Bheag, seachtain na Nollag 1916:

An fhaid a bhí muid ag fanacht le traen bhí cead againn siúl timpeall agus labhairt le muintir na háite. Ba dhóigh leat orthu go raibh eagla orthu labhairt linn. Eagla roimh lucht an airm b’fhéidir. Thug mé fá deara a dhílse is a bhí siad dá dteanga. Fiú lucht na siopaí, Breathnais a labhraídís eatarthu féin cé nár thuig na custaiméirí focal. A mhalairt de scéal atá in Éirinn (1958: 79).

Dearcadh na mBreatnach ar chás na bpoblachtánach

49 Ní mór an dearcadh ar imeachtaí Éirí Amach 1916 a bhí forleathan i measc mhuintir na Breataine Bige a mheabhrú ag an bpointe seo. Bhíodh dlúthnasc idir lucht na gceardchumann sa dá thír sna blianta beaga roimhe sin, go háirithe i rith stailceanna na bliana 1913. Chuaigh 30,000 Breatnach amach ar stailc sa Bhreatain Bheag an bhliain sin, mar shampla, mar thaca do bheirt tiománaithe traenach ó Llanelli, fir a briseadh as a bpoist toisc gur dhiúltaigh siad déileáil le hearraí a tháinig isteach ó Bhaile Átha Cliath fad a bhí an stailc mhór ar siúl ansin. Agus bhí tóir mhór ar James Larkin nuair a thaistil sé ar fud na Breataine Móire ag lorg tacaíochta dá fheachtas sóisialach in Éirinn. Ba ghá daoine a chur ó dhoras in Abertawe (Swansea) nuair a chuaigh sé i mbun óráide ansin toisc na céadta duine a bheith i láthair, dar leis an tuairisc a foilsíodh in The Cambria Daily Leader, nuachtán laethúil Béarla do dheisceart agus iarthar na Breataine Bige. Dar leis an tuairisc, ó údar gan ainm, gur moladh rún ag deireadh an chruinnithe sin in Abertawe:

Mr. Matt Giles moved a resolution ‘That this mass meeting strongly protests against the imprisonment of men and women in Dublin, whose only crime has been to fight for the right to industrially organise, and calls upon the Government to immediately release them.; (Cheers).

Mr. Jonah Charles seconded, and the resolution was carried unanimously. Mr. C. Clark (of the Transport Federation), moved ‘That whatever the consequences may be, if the call comes after the 9th, the workers of Swansea down tools in support of Dublin whether their officials were with them or not.; This also was carried.

The Takings. The amount taken for the use of seats at the Empire totalled £ 98 19s. 9d. This is exclusive of the collections which were not handled by the management. The above sum will be handed over to the Dublin Distress Fund (1913: 8).

50 Thit eachtraí Éirí Amach 1916 amach, áfach, i gcomhthéacs an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus bhí tionchar aige sin ar an bhfreagairt a tugadh air sa Bhreatain. Dála mhuintir na Breataine i gcoitinne, is beag comhbhá a bhí ag pobal na Breataine Bige le cás na reibiliúnach, seachas guth fánach anseo is ansiúd (Parry 2004: 147–48; Ebenezer 2006: 18–31). Ba é an dearcadh coitianta gur thréas agus baois a bhí san Éirí Amach, fad a bhí an Bhreatain Mhór i mbun cogaidh.

Trácht ar chás na gcimí sna meáin áitiúla

51 Fad a bhí na cimí á gcoimeád sa champa, is annamh a luadh a gcás i nuachtáin na Breataine Bige, i gceachtar den dá theanga. Tugadh an blúirín seo i nuachtán áitiúil seachtainiúil, Yr Adsain, an 13 Meitheamh: ‘Several batches of Irish Rebels were conveyed by train from Wakefield to Frongoch Camp, Bala, under armed guards during the weekend’ (1916a: 6). Níor cuireadh tuilleadh leis an scéal, áfach. Thug scríbhneoir faoin ainm ‘J.M.H.’ an cur síos gairid seo ar an gcampa sa nuachtán The Cambrian News and Meirionethshire Standard an mhí dar gcionn, in alt faoi thuras thart ar limistéar Bala:

Frongoch Camp, the old whisky distillery in which a thousand Germans were interned (whom I saw there twelve months ago) was now occupied by 1,700 Irish rebels. To look at 1,700 civilians — men and boys from the villages and hillsides of Ireland dubbed and treated as rebels and caged within barbed wire entanglements, would be calculated to embitter one’s thoughts. It should not be possible (1916: 5).

52 Agus luadh an méid seo sa nuachtán Meiriceánach Y Drych an tráth céanna: ‘Mae canoedd o’r Sinn Feiners wedi cyraedd o’r Werddon i Frongoch ger y Bala. Golwg digon diraen sydd ar lawer ohonynt’ [Tá na céadta de lucht Shinn Féin tar éis teacht as Éirinn go Frongoch, gar do Bala. Droch-chuma ar chuid mhór díobh] (1916: 5).

53 Luadh scéala báis oifigeach liachta an champa i roinnt mhaith foilseachán, áfach, mar shampla, Yr Adsain (1916b: 2); Y Goleuad (1916: 13), Baner ac Amserau Cymru (1916: 6), The North Wales Chronicle and Advertiser for the Principality (1916: 7). Dochtúir áitiúil ab ea an Dr David Peters agus bhí cúram liachta an champa air féin agus ar a nia, an Dr R.J. Roberts. I dtreo dheireadh na bliana 1916, thug údaráis an champa ordú do na dochtúirí seo gan scrúdú leighis a chur ar aon chime nach raibh sásta a ainm agus a uimhir a thabhairt dóibh. Bhí an t‑eolas seo á cheilt ag na cimí ar na húdaráis chun cosaint a thabhairt don chuid sin den slua a bhí cáilithe lena gcoinscríobh in arm na Breataine. D’fhág an t‑ordú sin na dochtúirí le rogha an dá dhíogha — orduithe na n‑údarás a chomhlíonadh agus diúltú seirbhís liachta a sholáthar do chimí a raibh cúram leighis de dhíth orthu, nó dul in aghaidh orduithe a tháinig uathu siúd a bhí os a gcionn. Anuas air sin, bhí ualach mór oibre ar na dochtúirí i ngeall ar easláinte na gcimí agus iad ina gcónaí faoi dhroch-choinníollacha sláintíochta. Sheol na cimí litreacha cáinteacha amach ón gcampa ag iarraidh aird a tharraingt ar na cúinsí seo go léir. Go gairid ina dhiaidh sin, ar an 14 Nollaig 1916, bádh an Dr Peters in abhainn na Tryweryn. Chuir Ceannfort an Champa an milleán ar na cimí féin, á rá gurbh iad na líomhaintí tromchúiseacha a bhí curtha acu i leith an dochtúra ba chúis lena bhás, ach chuir na cimí ina aghaidh sin go tréan. Is é seo an míniú a thug Brennan-Whitmore ar an scéal tubaisteach:

We had always regarded Doctor Peters as a kindly, inoffensive man, who had always done his best. The greatest friendliness and good-will had existed between the prisoners and the medical staff, until ‘Buckshot’ had ordered them not to treat us unless we gave our names and numbers. If the Camp affairs were in anyway connected with the doctor’s sad and untimely death, and there was a considerable element of doubt about it, the fault certainly did not lie with the prisoners (1917: 187).

54 Is léir an cion a bhí ag M.J. O’Connor ar an dochtúir céanna: ‘the fact that Dr Pieters [sic] saw scores of men suffering through no fault of their own, and that he was not allowed to attend to them, preyed to a great extent on his mind and worried him, kind, considerate man that he was’ (1966: 78).

55 Bhí an náisiúnachas Briotanach in ard a réime, ar ndóigh, agus cinsireacht i bhfeidhm tráth an chogaidh chomh maith. Bhí saighdiúirí óga Breatnacha i mbun seirbhíse an tráth céanna sin sa 38th (Welsh) Division, sna Royal Welsh Fusilliers, sa Welsh Regiment, sa Glamorgan Yeomanry agus sna Welsh Guards i measc reisimintí eile. Anuas air sin, maraíodh beirt saighdiúirí de bhunadh na Breataine Bige, ar a laghad, in Éirí Amach 1916, agus gortaíodh ceathrar eile (Ebenezer 2006: 30). Ní cúis mhór iontais é mar sin nach raibh muintir na Breataine Bige le feiceáil ag tacú go forleathan le gníomhartha na reibiliúnach Éireannach.

Oidhreacht Frongoch

56 Ar an gcéad lá dó ina Phríomh-Aire ar Pharlaimint na Breataine, chinn David Lloyd George nár mhór campa Frongoch a dhúnadh láithreach agus na cimí a sheoladh abhaile. Bhí an iomarca drochphoiblíochta ag baint le Frongoch; bhí aird á tarraingt go mion minic ag feisirí Éireannacha sa Pharlaimint ar chás na gcimí, ar choinníollacha maireachtála an champa, ar an achrann idir na cimí agus na hoifigigh, agus ar na cimí a bheith á gcoimeád gan chúiseamh in Frongoch. Tosaíocht an Phríomh-Aire nua ab ea straitéis mhíleata an Chogaidh Mhóir agus, chuige sin, níor mhór dó dea-thoil na Meiriceánach a chothú. Mar sin, tháinig scéala gan choinne chuig cimí Frongoch go raibh siad le seoladh ar ais go hÉirinn in am don Nollaig (O Mahony 1987: 165).

57 Is mar seo a leanas a tuairiscíodh an nuacht sin i nuachtán áitiúil de chuid an cheantair, an Llangollen Advertiser ar an 29 Nollaig:

The amnesty granted to the Irish rebellion prisoners on the eve of Christmas is of special local interest to North Wales, because for many months they have been interned in the wilds of Merioneth, above Bala. As they have looked out, from behind the barbed-wire walls of their cage at the billowing moors of the Arenig they must often have been vividly reminded of the bleak peat-lands of their own western country, whose worst enemies they proved during that dramatic Easter week-end. Possibly in their long hours of confinement in the rare air of our Celtic upland this has gradually been borne in upon them. At any rate, they can render little more serious harm either to Erin or to England, and, if their release is a necessary prelude to the ending of Ireland’s political estrangement from Great Britain, Welsh nationalists will rejoice that almost the first act of their distinguished fellow-countryman’s Administration has been one of courageous clemency to a misguided group of men who have ignorantly imagined that ‘nationalism’ in Ireland could only successfully assert its claims by the use of hideous and clumsy revolutionary weapons (1916: 4).

58 Ach fearadh fáilte roimh na cimí ar ais go hÉirinn ina laochra. Cúis faoisimh ab ea a scaoileadh saor dóibh féin agus dá gclanna, ar ndóigh, ach faoiseamh ab ea é freisin do ghluaiseacht na Gaeilge a bhí gann ar mhúinteoirí agus ar cheannairí le linn do chuid mhór díobh bheith i ngéibheann in Frongoch. Tuigeadh freisin go bhféadfaí tógáil ar an dul chun cinn a bhí déanta i measc na gcimí ó thaobh na Gaeilge de. In An Claidheamh Soluis ar an 6 Eanáir 1917, bhí an méid seo a leanas ag Pádraic Ó Conaire: ‘Thosuigh a lán aca ar fhoghluim na Gaedhilge thall agus tá súil againn go leanfaidh siad di feasta. Tá a gcabhair uainn i gConnradh na Gaedhilge, agus má bhíonn cabhair uatha-san gheobhaidh uainn í’ (1917: 1). Agus cuireadh fáilte mhór roimh mhúinteoirí Gaeilge Frongoch:

Sean O Cellaigh, our Ardrunaire, Peader O hAnnrachain, Ardthimthire na Mumhan, Liam O Rinn and Eoin O’Briain, are back again in Ireland, and all of them will soon be at work in the Gaelic League. Their internment in exile has not materially impaired their health, and it in no way weakened their spirits (1917: 1).

59 Is cinnte gur thug an seal seacht mí i gcampa Frongoch deis do na cimí iad féin a eagrú maidir le cúrsaí polaitíochta agus míleata. Agus an Ghaeilge ina hábhar léinn agus ina meán cumarsáide ag na cimí, tugadh deis dóibh an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh ar bhealach nach dtarlódh murach an seal sin in Frongoch. An cion a bhí ag díograiseoirí teanga i measc na gcimí, d’éirigh leo é sin a leathadh i measc an tslua. Ba léir gur mhair a gcion ar an nGaeilge ar feadh a saoil ar fad i gcás roinnt mhaith d’iar-chimí Frongoch. Ina measc siúd bhí na cimí a chuaigh le polaitíocht sna blianta tar éis dóibh Frongoch a fhágáil: Seán T. Ó Ceallaigh, Risteárd Ó Maolchatha, Pádraic Ó Máille, George Nicholls, Pádraig Ó Caoimh, Domhnall Ó Buachalla, agus Tomás Mac Curtain; agus iad siúd a lean orthu ag saothrú i saol na Gaeilge: Séamas Ó Tallamháin (Oireachtas na Gaeilge), Colm Ó Murchú (Rannóg an Aistriúcháin); Liam Gógan, Brian Ó hUiginn, Micheál Ó Droighneáin, Micheál Ó Cuill, Mícheál Ó Maoláin, Cathal Ó Seanáin, Séamas Ó Maoileoin, Liam Ó Briain, Liam Ó Rinn.

60 Bhí tionchar ag láthair Frongoch féin ar na cimí mar chonacthas dóibh go bhféadfaí mionteanga Cheilteach a úsáid mar ghnáthmheán cumarsáide ar bhonn laethúil. Cé go raibh méid áirithe teagmhála idir na cimí agus muintir Frongoch féin, i ndáiríre ba sna blianta ina dhiaidh sin a cruthaíodh íomhá idéalaithe na gcol ceathracha Ceilteacha i gcomhthéacs Frongoch. Is amhlaidh gur luachmhar leis na cimí an tréimhse a chaith siad in Frongoch: an dlúthchairdeas a rinne siad le chéile, an féinsmacht a chothaigh siad, an traenáil mhíleata a fuair siad agus an oiliúint a cuireadh orthu, go háirithe sa Ghaeilge. Bhí tionchar aige seo go léir ar chúrsaí polaitiúla in Éirinn sna blianta tar éis do na cimí teacht abhaile, seachtain na Nollag 1916, agus sna blianta tar éis bhunú an tSaorstáit.

Saothair a ceadaíodh

Foinsí foilsithe

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (1990) 1882–1982 Beathaisnéis a Dó. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Brennan-Whitmore, W.J. (1917) With the Irish in Frongoch. Dublin: Talbot Press.

Coogan, T.P. (1990) Michael Collins: A Biography. London: Hutchinson.

Ebenezer, L. (2006) Fron-Goch and the Birth of the IRA. Llanrwst: Gwasg Carreg Gwalch.

Hart, P. (2005) Mick: The Real Michael Collins. London: Macmillan.

Ó Briain, L. (1951) Cuimhní Cinn Cuid I: Cuimhní an Éirí Amach. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Buachalla, S. (eag.) (1980) A Significant Irish Educationalist: The Educational Writings of P.H. Pearse. Dublin: Mercier Press.

O’Connor, B. (1929) With Michael Collins in the Fight for Independence. London: Peter Davies Ltd.

O’Connor, M.J. (1966) ‘Stone Walls…’ An Irish Volunteer’s Experiences in Prison and Internment in England and Wales after the 1916 Rising. Dublin: Dublin Press.

Ó Croidheáin, C. (2006) Language from Below: The Irish Language, Ideology and Power in 20th-Century Ireland. Oxford: Peter Lang.

O’Donoghue, F. (1958) Tomás MacCurtain. Tralee: The Kerryman Limited.

O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881–1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press.

O Mahony, S. (1987) Frongoch: University of Revolution. Dublin: FDR Teoranta.

Ó Maoileoin, S. (1958) B’fhiú an Braon Fola…. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Parry, J. (2004) ‘“The Black Hand”: 1916 and Irish Republican Prisoners in North Wales’. In: O’Leary, P. (eag.) Irish Migrants in Modern Wales. Liverpool: Liverpool University Press: 139–155.

Uí Chollatáin, R. (2004) An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ailt i nuachtáin agus in irisí

An Claidheamh Soluis. (1910) ‘Politicians and Nationality in Ireland and Wales’. In: An Claidheamh Soluis, 29 Eanáir 1910: 7.

An Claidheamh Soluis. (1912) ‘The use of Welsh in Insurance work’. In: An Claidheamh Soluis, 17 Lúnasa 1912: 13.

An Claidheamh Soluis. (1913) ‘Practical Welshmen’. In: An Claidheamh Soluis, 18 Deireadh Fómhair 1913: 9.

An Claidheamh Soluis. (1916a) ‘Cúrsaí an tSaoghail’. In: An Claidheamh Soluis, 24 Meitheamh 1916: 2.

An Claidheamh Soluis. (1916b) ‘Tiomna Bhriain’. In: An Claidheamh Soluis, 7 Deireadh Fómhair 1916: 7.

An Claidheamh Soluis. (1916c) ‘An Coiste Gnótha’. In: An Claidheamh Soluis, 7 Deireadh Fómhair 1916: 8.

An Claidheamh Soluis. (1916d) ‘“Dúbhairt sé, Dabhairt sé”’. In: An Claidheamh Soluis, 22 Iúil 1916: 9.

Baner ac Amserau Cymru. (1916) ‘Corwen a’r Cylch’. In: Baner ac Amserau Cymru, 23 Nollaig 1916: 6.

‘Beirt Fhear’. (1916) ‘An Mhaith a bhaint as an Olc’. In: An Claidheamh Soluis, 24 Meitheamh 1916: 2.

Birtill, T. (2001) ‘Comóradh le déanamh sa deireadh ar chimí Frongoch’. In: Beo 7. Ar fáil ag: www.beo.ie/alt-comoradh-le-deanamh-sa-deireadh-ar-chimi-frongoch.aspx [faighte 9 Meán Fómhair 2017].

Birtill, T. (2002) ‘Frongoch: Ollscoil na Réabhlóide’. In: Beo 14. Ar fáil ag: www.beo.ie/alt-frongoch-ollscoil-na-reabhloide.aspx [faighte 9 Meán Fómhair 2017].

Birtill, T. (2004) ‘Siúlóid Glyndwr ’04’. In: Beo 36. Ar fáil ag: www.beo.ie/alt-siuloid-glyndwr-04.aspx [faighte 9 Meán Fómhair 2017].

De Barra, C. (2014) ‘“A gallant little ‘tírín’”. In: Irish Historical Studies 39 (153): 58–75.

Ebenezer, L. (1998) ‘Irish links with Frongoch’. In: The Green Dragon 6, Earrach 1998. Ar fáil ag: www.ballinagree.freeservers.com/linksfrongoch.html [faighte 27 Eanáir 2017].

Edwards, E. (1997) ‘Y Prifardd Elwyn Edwards yn sôn am waith wisgi ac ymweliad Michael Collins â’r Bala’. In: Y Casglwr 60 (Samhradh): 13–14. Ar fáil ag: www.casglwr.org/pdf/Rhifyn%2060/13.pdf [faighte 27 Eanáir 2017].

‘J.M.H.’ (1916) ‘Notes from Aberayron: Another Day at Bala’. In: The Cambrian News and Merionethshire Standard, 28 Iúil 1916: 5

Llangollen Advertiser. (1916) ‘The Frongoch prisoners’. In: Llangollen Advertiser, 29 Nollaig 1916: 4

Mac Conmara, T. (2017) ‘Patrick Brennan’s Autograph Book’. In: The Clare Champion: Living, 20 Eanáir 2017: 1

Ó Conaire, P. (1917) ‘Cúrsaí an tSaoghail’. In: An Claidheamh Soluis, 6 Eanáir 1917: 1

O’Leary, P. (1986) ‘“Children of the Same Mother”: Gaelic Relations with the Other Celtic Revival Movements 1882-1916’. In: Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 6: 101–130.

The Cambria Daily Leader. (1913) ‘Mr. Larkin’s Visit. Two Meetings. Dublin Labour Leader’s Appeal to Swansea’. In: The Cambria Daily Leader, 24 November 1913: 8.

The North Wales Chronicle and Advertiser for the Principality. (1916) ‘Tragedy at Welsh Prisoners’ Camp’. In: The North Wales Chronicle and Advertiser for the Principality, 22 Nollaig 1916: 7.

‘Torna’ (1913) ‘Dráma sa Bhreatain’. In: An Claidheamh Soluis, 15 Samhain 1913: 11.

‘Torna’. (1914a) ‘Láimhealadhna sa Bhreatain’. In: An Claidheamh Soluis, 7 Márta 1914: 2.

‘Torna’. (1914b) ‘Saothrú na Breatnaise’. In: An Claidheamh Soluis, 25 Aibreán 1914: 11.

‘Torna’. (1914c) ‘Filidheacht sa Bhreatnais’. In: An Claidheamh Soluis, 7 Meitheamh 1914: 11.

‘Torna’. (1915) ‘Seónn Ceannt.-1’. In: An Claidheamh Soluis, 5 Meitheamh 1915: 1.

Ua Seaghdha, P. (1910) ‘The Church of England and the use of the Welsh language’. In: An Claidheamh Soluis, 12 Feabhra 1910: 9.

Yr Adsain. (1916a) ‘Corwen and District Notes’. In: Yr Adsain, 13 Meitheamh 1916: 6.

Yr Adsain. (1916b) ‘Bala doctor’s tragic death: worried by conduct of Irish rebels’. In: Yr Adsain, 19 Nollaig 1916: 2.

Y Drych. (1916) ‘Allan o’r papyrau Cymreig’. In: Y Drych, 6 Iúil 1916: 5. Ar fáil ag: http://newspapers.library.wales/view/3776582/3776587/39/ [faighte 27 Eanáir 2017].

Y Goleuad. (1916) ‘Trist’. In: Y Goleuad, 22 Nollaig 1916: 13.

Ábhar Cartlainne

Conradh na Gaeilge. (1916) Conradh na Gaeilge: Cunntas na hArdfheise 1916. Baile Átha Cliath: Muinntir Chatháil.

House of Commons. (1916) Historic Hansard: 1803–2005. ‘Literature taken from prisoners,’ Volume 86, Collection 1280–1. Ar fáil ag: http://hansard.millbanksystems.com/commons/1916/oct/26/literature-taken-from-prisoners [faighte 29 Eanáir 2017].

LS. (1916) Frongoch Internment Camp: Irish Prisoners of War Minute Book, June 11-July 10 1916. LS n.2736, p.1638. In: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Cáipéisí ó Bhiúró na Staire Míleata 1913–1921

Óglaigh na hÉireann. (1950) ‘Statement by Witness: Document No. W.S. 406’. In: Biúró na Staire Míleata, 1913–21. An Chartlann Mhíleata.

Óglaigh na hÉireann. (1951) ‘Statement by Witness: Document No. W.S. 511’. In: Biúró na Staire Míleata, 1913–21. An Chartlann Mhíleata.

Óglaigh na hÉireann. (1952) ‘Statement by Witness: Document No. W.S. 660’. In: Biúró na Staire Míleata, 1913–21. An Chartlann Mhíleata.

Óglaigh na hÉireann. (1953) ‘Statement by Witness: Document No. W.S. 800’. In: Biúró na Staire Míleata, 1913–21. An Chartlann Mhíleata.

Óglaigh na hÉireann. (1954) ‘Statement by Witness: Document No. W.S. 1043’. In: Biúró na Staire Míleata, 1913–21. An Chartlann Mhíleata.

Clár faisnéise

Ffilmiau’r Nant. (1988) Frongoch. S4C, 22 Lúnasa 1988.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626