Gaeil i ngéibheann: Frongoch, an Ghaeilge agus Y Fro Gymraeg

Ó Torna, Caitríona

The Irish in captivity: Frongoch, the Irish language and the Welsh Heartland

Abstract

After the Easter Rising, more than 1,800 Irishmen were sent to a concentration camp in an old distillery in Frongoch, north Wales. The internees were held there for a number of months; the last of the internees were sent back to Ireland during Christmas week, 1916. It is said that this period of time in Frongoch gave the Republicans an opportunity to structure themselves as an effective military group and develop tactics, expertise and contacts that would play an invaluable part in the War of Independence. Part of the education they underwent in Frongoch included Irish-language classes which were held by and for internees in the camp; Irish-language lessons and events were among their activities seven days a week.

This article examines the daily activities of the camp, along with the role of the Irish language in camp life, the availability of teaching materials, and the teachers involved. The impact of the Welsh language and the siting of the camp in a predominantly Welsh-speaking area, and the effect of this on the internees’ attitude to their own language and culture, will also be studied. Did the location of Frongoch inspire them to think anew about the Irish language as a medium of communication once freedom would be achieved? The relationship between the internees and local people will also be examined. Were the rebels welcomed, these Celtic cousins who had just fought in an uprising against the old enemy? Or would the impact of events surrounding the First World War take precedence for the people of Frongoch?

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
19/10/2017

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
foghlaimeoirí teanga, campa géibhinn, Frongoch, an Bhreatnais, An Bhreatain Bheag, Stair na Gaeilge san fhichiú haois

DOI:
10.18669/ct.2017.06

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Tar éis Éirí Amach na Cásca, seoladh breis agus 1,800 Éireannach go campa géibhinn in iardhrioglann Frongoch i dtuaisceart na Breataine Bige. Is ann a coinníodh na cimí go ceann roinnt mhaith míonna; seoladh na cimí deireanacha ar ais go hÉirinn seachtain na Nollag 1916. Maítear gur thug an tréimhse sin i gcampa Frongoch deis do na Poblachtánaigh ord, eagar agus oiliúint a chur orthu féin mar bhuíon saighdiúirí, ar dhlúthchuid é den chur chuige a úsáideadh i gCogadh na Saoirse dá éis sin. Cuid den oiliúint sin in Frongoch ab ea na ranganna Gaeilge a reáchtáladh sa champa; bhí ceachtanna agus ócáidí Gaeilge i measc imeachtaí na gcimí seacht lá in aghaidh na seachtaine.

San alt seo, breathnófar ar imeachtaí laethúla an champa, ar ról na Gaeilge i saol an champa, ar an ábhar teagaisc a bhí ar fáil agus ar na múinteoirí a chuaigh i mbun teagaisc. Cíorfar freisin tionchar na Breatnaise agus suíomh an champa i gceartlár cheantar Breatnaise ar dhearcadh na gcimí ar a dteanga agus a gcultúr féin. Ar spreag láthair Frongoch iad chun smaoineamh as an nua ar an nGaeilge mar mheán cumarsáide nuair a bhainfí saoirse amach? Scrúdófar an caidreamh a bhí ann idir na cimí agus muintir an cheantair féin chomh maith. Ar cuireadh fáilte roimh na reibiliúnaigh, na colceathracha Ceilteacha seo a bhí tar éis éirí amach i gcoinne an tsean-namhad? Nó ar mhó an tionchar a bhí ag imeachtaí an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar dhearcadh mhuintir Frongoch?

© Caitríona Ó Torna, 2017

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ó Torna, Caitríona

Teagmháil:

cotorna@gmail.com

Beathaisnéis:

Tar éis do Chaitríona BA sa Léann Ceilteach a bhaint amach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chaith sí cúig bliana sa Bhreatain Bheag ag obair i réimse na mionteangacha agus i gcur chun cinn na Breatnaise. D’fhill sí ar OÉ Gaillimh ina dhiaidh sin agus bronnadh scoláireacht IRCHSS uirthi chun tabhairt faoi dhochtúireacht sa Nua-Ghaeilge. Foilsíodh toradh an tsaothair sin i bhfoirm an leabhair Cruthú na Gaeltachta 1892-1922: Samhlú agus buanú chonstráid na Gaeltachta i rith na hAthbheochana (Cois Life, 2005). Ó 2002 i leith, tá sí ag obair mar aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.