Pádraig Ó Broin (1908–1967): ar thóir a oidhreachta Gaelaí i gCeanada

Pádraig Ó Siadhail

I stand before the Book of Ballymote

The Book of Leinster, the Leabhar Breac, and last,

The oldest, Leabhar nah [sic] Uidhre — tomes that hold

My people’s history in a thousand ranns:

I cannot read a word.

I do not know the tongue my fathers spoke,

I cannot sing the songs my fathers sang,

I cannot read the books my fathers wrote;

Treasure on treasure in my eager hands:

I cannot read a word.

The tables of my race are here: old lore

And tale; poems our bards were proud to chant

To chiefs …

How dare I name thee Irish poet?

Here is my heritage; and here I stand:

I cannot read a word (Byrne 1939b: 96).

1 Dán é ‘Disinherited’ a d’fhoilsigh J. Patrick Byrne sna 1930idí déanacha. Bhí toise dírbheathaisnéiseach ann. Fear é Byrne a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1908. Nuair a bhí sé timpeall cúig bliana d’aois, d’imigh an teaghlach go Ceanada gur chuir siad fúthu in Toronto. Ba chuma nó dífhréamhú as ithir a dhúchais an t‑aistriú sin don ghasúr. Más fíor don fhile, is mar seo a tharla móimint a eipeafáine pearsanta in Toronto: ‘The first time I was in the University Library stacks I took down from the shelves three huge tomes, facsimiles of Gaelic manuscripts, and leafed through them. At the time I couldn’t read a word of Gaelic and out of that bitterness came this poem’ (Yake et al. 1988: 677). In ionad ligean don tseirbhe sin a chroí a chreimeadh, áfach, chuir J. Patrick Byrne, nó Pádraig Ó Broin mar a thugadh sé air féin ina dhiaidh sin, roimhe a oidhreacht chultúrtha cheilte a athshealbhú i gCeanada tríd an Ghaeilge a fhoghlaim agus trí fhilíocht a scríobh is a fhoilsiú i nGaeilge. Lena chois sin, mhúscail an Ghaeilge spéis sna teangacha Ceilteacha i gcoitinne ann gur bhunaigh sé dhá iris Cheilteacha sna 1950idí, Irisleabhar Ceilteach agus Teangadóir.

2 In The Untold Story: The Irish in Canada, tá cuimhní cinn ar ‘P[h]ádraig Ó Broin: Poet, Publisher, Book Collector’ ag cairde is ag baill d’aos éigse Bhéarla Toronto (Yake et al. 1988: 677–687). Orthu bhí Al Purdy, file mór le rá de chuid na linne, agus Gwendolyn MacEwen, file agus úrscéalaí a raibh gealladh mór fúithi sna 1960idí luatha is a scríobh marbhna ar Ó Broin (1970: 26). Cibé meas a bhí ag a lucht aitheantais air mar fhile a raibh dánta Béarla leis in irisí ar fud an domhain agus a bhí sáite in imeachtaí liteartha a chomhfhilí sna blianta roimh a bhás, pearsa imeallach i stair fhilíocht Bhéarla Cheanada san fhichiú haois is ea an Branach. Níor eisigh aon fhoilsitheoir aitheanta Ceanadach leabhar leis. Nó níor foilsíodh dán leis in aon mhórdhíolaim dána Cheanadach lena linn nó ó shin. Is liosta le háireamh na cúiseanna leis an imeallú, b’fhéidir. Arbh ann don tuairim chriticiúil lasmuigh dá chiorcal gur mhionfhile é Ó Broin? Nó é a bheith róthraidisiúnta mar scríbhneoir do lucht na nuafhilíochta a bhí san fhaisean? Nó gur dhuine é nárbh fhurasta déileáil leis?: ‘He was volatile and capable of mood extremes,’ arsa Iain MacAoidh (Iain M. MacKay), duine de chomheagarthoirí Irisleabhar Ceilteach (Yake et al. 1988: 685). Is cinnte nár ‘Canpoet’ é an Branach óg, is é sin, file arbh iad Ceanada is cruthú fhéiniúlacht na tíre sin an chloch ba mhó ar a phaidrín. In ‘Warning,’ rann ag ceann a chnuasaigh Transmutation, d’fhógair sé ‘Should you set foot / On Canadian muck, / Poet, be mute / Or be labelled “Canuck!”’ (Byrne 1940). Gan dabht, dhealaigh an dúil a bhí sna teangacha Ceilteacha aige an Branach ó mhórshruthanna liteartha Cheanada i mBéarla is i bhFraincis. Ach, thar aon rud eile, go deireadh na 1950idí, d’amharcadh Pádraig Ó Broin air féin go neamhleithscéalach mar Éireannach is mar fhile Éireannach, murarbh ionann is Ceanadach nó Gael-Cheanadach féin. Ba iad an fód dúchais, gona chultúr, gona stair, agus dálaí an Bhranaigh féin mar dheoraí Éireannach ar an choigríoch, na téamaí is na pointí tagartha ab ansa is ba thábhachtaí leis. ‘I am of Éire’ a deir sé faoi dhó in ‘Entail’ sa chnuasach Consubstantial (1939a). Sa dán ‘Return’ sa chnuasach Alien, luaitear an leathlíne ‘When I go home’ faoi thrí (1941). In ‘Autumn Holiday’ in Consubstantial, tá an reacaire ar an uaigneas i dtuaisceart Ontario agus é ag smaoineamh ar a thuismitheoirí atá i ndiaidh filleadh ar Éirinn ar saoire. Ag críoch an dáin, dearbhaíonn sé: ‘Our ancient Gaelic oath I swear: by fire, / Wind, water, earth, I will not die abroad’ (1939a).

3 Ó dheireadh na 1930idí go lár na 1940idí, b’fhile bisiúil é an Branach a chuir roimhe agus ar ráinig leis dánta Béarla a fhoilsiú go rialta i bhfoilseacháin Éireannacha, agus Dublin Magazine, The Leader, Irish Weekly Independent, Cork Weekly Examiner, agus Hibernia orthu sin. Choimisiúnaigh Ó Broin The Cuala Press i mBaile Átha Cliath, foilsitheoir beag clúiteach a raibh baint mhór ag muintir Yeats leis, chun deich gcóip is fiche cóip faoi seach dá chnuasaigh luatha filíochta, The White Wild Flame (Uí Briúin [sic] 1937) agus Consubstantial (Byrne 1939a) a fhoilsiú go príobháideach dó. Ach ba faoina inphriontaí féin, Clontarf Press agus Cló Chluain Tairbh, ba mhinice a d’fhoilsíodh Ó Broin a chuid dánta Béarla i sraitheanna bileog agus paimfléad sna 1940idí luatha agus, in athbhiseach is in athbhláthú na 1960idí, sna leabhair, Than any Star (1962) agus No Casual Trespass (1967). D’úsáid sé inphrionta Chló Chluain Tairbh dá dhánta Gaeilge a foilsíodh i gCeanada fosta. Thug an cur chuige sin saoirse eagarthóireachta dó. Toradh eile a bhí air, áfach, ná gur file Béarla gan iomrá é Ó Broin i gCeanada. Agus bunús a shaoil caite aige i gCeanada agus é scartha amach ó dhomhan litríocht na hÉireann, i nGaeilge agus i mBéarla araon, tá sé gan iomrá in Éirinn freisin.

4 San aiste seo, tabharfar spléachadh ar bheatha an Bhranaigh, ar a dhánta Gaeilge, agus ar an dá iris Cheilteacha a bhunaigh sé. Is follas gur chreid Ó Broin tar éis dó tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim gur dhual dó scríobh sa teanga feasta is éirí as a bheith ag cumadh filíochta i mBéarla. Ba mhór an dua a chaith sé leis an Ghaeilge gur fhoilsigh sé glac dánta Gaeilge in Éirinn agus i gCeanada sna 1940idí. Tá an-chreidiúint ag dul dó, dá réir. Ach bhí a chuid Gaeilge easnamhach lochtach i gcónaí, cheal teacht aige ar oide nó ar phobal Gaeilge a chuideodh leis idir líofacht chainte is chruinneas gramadaí a bhaint amach. Ba í an tuiscint fhrithir sin nach mbeadh an Ghaeilge ar a thoil aige choíche faoi deara dó éirí as a bheith ag gabháil don fhilíocht Ghaeilge. Ach gan pobal Gaeilge aige in Toronto, chúitigh sé sin trí chairdeas a dhéanamh le daoine a raibh teangacha Ceilteacha eile acu nó spéis acu iontu agus trí dhul i bpáirt le cuid acu chun Irisleabhar Ceilteach a bhunú. An Branach amháin a bhí ina eagarthóir ar an dara hiris, Teangadóir. Bhain dúshlán nach beag le hábhar a aimsiú is a fhoilsiú sna teangacha Ceilteacha. In ainneoin dhícheall Uí Bhroin, níor éirigh ach go measartha leis na hirisí, sa dóigh chéanna nár chuir sé filíocht ardchaighdeáin i nGaeilge de. Ach ba chróga agus b’inspéise an dá iarracht féin. Ina theannta sin, is éard atá i mbeatha an Bhranaigh cuntas ar dhuine a raibh an chuma air go raibh sé imeasctha sa tír inar fhás sé suas agus inar chaith sé formhór a shaoil, ach nár tháinig chun réitigh riamh lena raibh caillte aige de dheasca na himirce.

Sciurdann éan as gach ealta

5 Ba as Iúir Chinn Trá i gContae an Dúin d’athair Uí Bhroin, Patrick Joseph Byrne; Baile Átha Cliathach ba ea a mháthair, Catherine G. Byrne (née Reilly) (Teangadóir 1953b: 17). Pósadh an lánúin sa séipéal Caitliceach i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1906 (Oifig an Ard-Chláraitheora 1906). Ba ina dteach cónaithe, ‘Strandvilla,’ ar Bhóthar Shruthán an Chuilinn i gCluain Tarbh ar an 28 Márta 1908 a saolaíodh James Patrick Joseph Byrne (Oifig an Ard-Chláraitheora 1908). De réir Dhaonáireamh na hÉireann 1911, bhí cónaí ar Patrick J. (31), ar Catherine (26), ar a gclann, James Patrick Joseph (3), Kathleen Marie (1), agus William Peter (faoi mhí amháin), agus ar shearbhónta tí, Esther Hynes, ag 59 Bóthar Bhruach an Chuilinn, Droim Conrach, Baile Átha Cliath (Daonáireamh na hÉireann 1911). Conraitheoir tógála ba ea an t‑athair. Níor den chosmhuintir teaghlach Uí Bhroin, de réir na fianaise thuas. Tá neamhchinnteacht áirithe faoin dáta ar bhog siad go Ceanada — i 1912 nó 1913 — agus faoi chúis a n‑imeachta. An chéad tagairt do Patrick J. Byrne in eolaire cathrach Toronto ná an bhliain 1915, agus é ina chléireach (Toronto City Directory 1915: 605). Rugadh John, duine clainne eile, do mhuintir Uí Bhroin i gCeanada (Daonáireamh Cheanada 1921). Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh an t‑athair ag obair leis an mhórchomhlacht Eaton’s mar línitheoir (Toronto City Directory 1917: 617). Ba leis a chaith sé an chuid eile dá ré oibre.

6 Sna 1960idí, chuimhnigh Pádraig Ó Broin siar ar an chathair inar tháinig sé in inmhe mar ‘once a bigoted small town’ (Teangadóir 1961: 1). Le linn a óige, ba ann go fóill don dath Oráisteach is don mheon frith-Chaitliceach a thabhaigh míchlú do Toronto mar ‘the Belfast of Canada’. Bhí greim ag an Ord Oráisteach ar rothaí stiúrtha na cumhachta polaitiúla (Smyth 2015: 209), agus ar phoist chathrach, sna póilíní is sa Bhriogáid Dóiteáin, mar shampla (Smyth 2015: 198–203). Má bhí athair Uí Bhroin buíoch de mhuintir Eaton’s as é a fhostú, seans nach mbíodh sé ar a shuaimhneas sa chomhlacht i gcónaí. Deir Smyth:

The Eaton Company had a reputation for hiring Protestants — especially Orangemen — and during the 1930s when the company employed some eleven thousand workers, more than 80 per cent of them were Protestants of British stock. Catholics represented 7.6 per cent of its workforce (2015: 206).

7 I ndán Béarla, ‘Your Anniversary,’ a scríobh an Branach timpeall an ama ar cailleadh Patrick J. Byrne sa bhliain 1938, mhol an reacaire a athair: ‘No little feat to stay unswerved through all / The strategems that bigotry could brew / To drive you from the post you held — good steel / Breaks not’ (1939a).

8 Mar sin, mhothaigh an Branach coimhthíos cultúrtha is polaitiúil le Toronto. Tearmann ba ea an Eaglais Chaitliceach. Ba theaghlach stóinseach Caitliceach é muintir Uí Bhroin. Chuaigh deartháireacha an Bhranaigh sna bráithre, cé gur tharraing William siar ní ba dhéanaí (Toronto Daily Star 1938: 30; Toronto Daily Star 1967: 26). Ach níor lig an córas scolaíochta Caitliceach in Ontario don Bhranach blaiseadh dá oidhreacht chultúrtha Éireannach. Lena chois sin, ní raibh Gaeilge ag a thuismitheoirí ná an t‑am acu le bheith gníomhach in imeachtaí Éireannacha in Toronto. Eisceacht ba ea cúrsaí claisceadail. Bhí cuimhne ag Ó Broin ar amhráin le Thomas Moore is ar leithéidí ‘The West’s Awake’ á rá sa bhaile (Teangadóir 1953b: 17–18).

9 Tar éis dó blianta na scolaíochta a chríochnú, thosaigh Ó Broin ag obair mar luathscríobhaí i lár na 1920idí (Toronto City Directory 1927: 190). Obair oifige is riaracháin an tslí bheatha a bhí aige ar feadh a shaoil, slí bheatha a mhúin scileanna ar leith dó a dhéanfadh a leas mar eagarthóir irise ina dhiaidh sin. Cheannaíodh sé is dhíoladh sé leabhair ar athláimh fosta. An tréimhse 1930 go 1944 an ré ba chorraithe is ba chinniúnaí i saol pearsanta Uí Bhroin. Bhí sé ina luathscríobhaí ag an Canadian National Railway nuair a phós sé Catherine Wigglesworth i séipéal Caitliceach St. Ann’s i Meán Fómhair 1930 (Toronto City Directory 1930: 262; Toronto Daily Star 1930: 29). Saolaíodh mac, Patrick J., don lánúin i mí Iúil 1931 (Toronto Daily Star 1931: 34). Ach dhealaigh Ó Broin is a bhean tamall sular rugadh a n‑iníon, Catherine, i Samhain 1932. Ba timpeall an ama chéanna a chuir sé spéis san fhilíocht, agus saothar W. B. Yeats uirthi, gur thosaigh sé ag scríobh is ag foilsiú dánta Béarla. Ansin tháinig sé trasna ar an Ghaeilge. Ba le Hazel Yake (1907–1991), bean ó theaghlach Baisteach in Stouffville, Ontario, a chrom Ó Broin ar Ghaeilge a fhoghlaim. Múinteoir ba ea Yake (Toronto City Directory 1934: 1636–1653). Ba ise páirtí Uí Bhroin ó na 1930idí go deireadh a shaoil. Dearbhaíodh colscaradh dleathúil na mBranach in Eanáir 1944 (Archives of Toronto 1944; Globe and Mail 1944: 15). Ba tharlú neamhghnách é a leithéid ag lánúin Chaitliceach san am. Is díol spéise é fosta gur imigh clann na lánúine sa chléir gur chaith a mbeatha beirte inti. In ainneoin iad a bheith in aontíos le chéile, níor pósadh Ó Broin is Hazel Yake riamh. Fíricí fuara loma iad seo uile a fhanann glan ar chíoradh ar na castaí is ar na caismirtí i mbeatha inmheánach an Bhranaigh.

Dánta Gaeilge Uí Bhroin

When I first met Gaelic and started to learn it, it so happened that the only three books I owned … were Part 1 of O’Growney’s Simple Lessons, Dinneen’s Dictionary, and — Eleanor Knott’s Irish Syllabic Poetry, dealing with the classical poetry of the period 1200–1600. As may be imagined, I did not get far in the beginning with that particular combination of tools (‘Feargus Rua’ 1957: 3).

10 Gaeilge na leabhar a bhí ag Pádraig Ó Broin. D’éirigh go sách maith leis de réir a chéile go raibh sé in ann í a léamh is a scríobh go leibhéal measartha ach ní raibh Gaeilge líofa aige riamh. ‘I taught myself to read Gaelic … I can’t speak it, really,’ a d’admhaigh sé do John Robert Colombo, scríbhneoir óg in Toronto sna 1960idí luatha (Yake et al. 1988: 683).

11 Ag deireadh 1943, d’eisigh Ó Broin faoi inphrionta Chló Chluain Tairbh leathchéad cóip dá leabhrán filíochta, Suibhne Geilt. Croí an chnuasaigh bhig sin sraith dánta i mBéarla bunaithe go scaoilte ar an téacs Buile Shuibhne faoin rí a d’imigh le craobhacha. Bhí teidil Ghaeilge ar na dánta, ‘Suibhne Geilt,’ ‘Máthair Shuibhne Gheilt,’ ‘Bean Shuibhne Gheilt,’ ‘Inghean Shuibhne Gheilt’ agus ‘Mac Shuibhne Gheilt,’ a thug insintí éagsúla ar scéal Shuibhne. Ba sa leabhrán seo fosta a d’fhoilsigh Ó Broin ‘An Chéad Dán,’ a chéad iarracht i nGaeilge de réir cosúlachta agus é lámhscríofa sa chló Gaelach, mar aon leis an leagan clóite Béarla, ‘First Poem’. Ábhar an dáin ná cinneadh an reacaire iompú ó scríobh i mBéarla go Gaeilge:

Mise ar díbirt

I gcéin ó Éire

Scríobhas mo chuid

Dánta i mBéarla.

Chromas ar Ghaedhilg

d’fhoghluim — ach dubhairt

Gaedheal nár bh’fhéidir

liom-sa í usáid.

Nár b’fhéidir

liom-sa bheith

Im fhile Ghaedhealach

Riamh. Ar seisean:

‘Seo do chuid oibre

I dtaobh Éireann:

Scríobhadh chun ’chuile

Gall i Saics-Bhéarla.’

‘B’fhéidir gur fíor dhuit,’

Ar mise, ‘Nach féidir

liom-sa do sheinnt

Dom chine féin;

‘Ach, i gcéin ó bhaile

Imeasg barbaraigh,

Dar Críost ní chainnteóchadh

I mBéarla Sacsan.

‘B’fheárr dom seo:

Dul thar sáile

Go hAifric is doirche

’S fá Dhia do láileadh;

‘Ag déanamh dánta

I dteangain ngarbh —

Is ag bronnadh gach dáin

Ar ghoirillibh alltaibh’ (Ó Broin 1943).

12 Lena chois sin, d’fhoilsigh an iris Comhar i mBaile Átha Cliath dhá dhán leis an Bhranach: ‘Dí-C[h]uimhnigheann Feargus Rua Bé’ i mí Iúil 1945 (1945a: 7) agus — bhí dán ag Máirtín Ó Direáin sa chúinne céanna éigse (1946: 6) — ‘Faoistin’ in Aibreán 1946 (Ó Broin 1946: 6). Agus arís faoi inphrionta Chló Chluain Tairbh sa bhliain 1945 d’fhoilsigh Ó Broin Tús, paimfléad ina raibh ceithre dhán Gaeilge, mar atá, ‘Díchuimhnigheann Feargus Rua Bé,’ ‘Cuairt,’ ‘Scaradh’ (mar aon leis an leagan Béarla, ‘Severance’), agus ‘“File Mise Ag Iarraidh Grás”’.

13 An cumann gan rath is cás le ‘Díchuimhnigheann Feargus Rua Bé’ ina bhféachann an reacaire le leannán a ligean i ndearmad agus a chuid cuimhní uirthi ‘An oíche úd’ a ruaigeadh as a aigne, mar ‘Bean fhir eile í / An oíche seo’ (Ó Broin 1945b). Dréacht is ea ‘Cuairt’ faoin díothú tobann a dhéanann eitleáin bhuamála ar bhaile beag ar nós Guernica aimsir chogaidh: ‘Is nuair a bheidh siadsan imthighthe, ’na ndiaidh / Ní bheidh tusa id bheithse arís, / A bhaile bhig, a choiche’ [sic] (1945b). Bás athar is réabadh an naisc leis an aimsir atá thart atá i gceist in ‘Scaradh’: ‘Thóg seisean leis a chuimhneacha, / Is táimse le sruth im’ aonar / Gan cheangal ar bith le mo shinnsear’ (1945b). Ach d’fhill Ó Broin ar théama ‘An Chéad Dán’ in ‘Faoistin’ agus in ‘“File Mise ag Iarraidh Grás”’. Tar éis dó a anam a dhéanamh is smál an pheaca a ghlanadh in ‘Faoistin,’ guíonn an reacaire: ‘Cúl cois’ is láimhe / Ar an dteangain nGallda. / M’fhíor-ghrá ’s mo shaol / Teanga an Ghaedhil’ (1945b). An dáimh le haos dána is le traidisiún na Gaeilge tar éis don reacaire Leabhar Branach — an t‑eagrán a d’fhoilsigh Seán Mac Airt sa bhliain 1944, níorbh fholáir — a léamh is ábhar do ‘“File Mise Ag Iarraidh Grás,”’ an dán Gaeilge is faide le hÓ Broin. Agus a oidhreacht chultúrtha aimsithe aige, impíonn an reacaire ar Bhrian Mac Giolla Phádraig, sagart is file a gcuirtear Leabhar Branach ina leith, ‘cabhair chugam / Go scríobhfad go maith i dteangain an G[h]aedhil’ (1945b).

14 I léirmheas ar Tús in Comhar, d’fhear ‘B.M.gCh.’ fáilte roimh Ó Broin isteach in aos dána na Gaeilge agus mhol na dánta: ‘Níl aon aimhreas ach go bhfuil úire bhunúsach ins na píosaí uile. Táid saor ón gcliché agus ón t‑samhlaoid shean-chaite’ (1946: 10). Ach leag sé a mhéar ar bhundeacracht a bhíonn le sárú ag aon fhéinfhoghlaimeoir, mar atá, aistíl teanga agus botúin ghramadaí: ‘An locht choitian atá orra [na dánta] nach bhfuil an teanga éascaí ná réidh go leor — tá “boladh an lampa” ar chuid mhaith de na habairtí. Thairis sin tá tuaiplisí gramadaí anseo agus ansiúd,’ gan trácht ar bhotúin chló (1946: 10). Feictear in ‘An Chéad Dán’ meancóg (‘in Éire’) nach maithfí do dhalta scoile in Éirinn. Ba thógáil croí don Bhranach a shaothar a fheiceáil ar aon leathanach le dán leis an Direánach in Comhar. Ach déarfainn gur chuir sé lagmhisneach air fosta. Agus é i dtaobh leis an fhéinteagasc, ní bheadh a chuid Gaeilge thar mholadh beirte choíche. Sa dán Béarla ‘Striapachas’ in Suibhne Geilt, dhearbhaigh an reacaire go drámata: ‘Until I win to partner / Gaelic in fruitful marriage, / English must be my harlot’ (Ó Broin 1943). Níor fhoilsigh an Branach mórán dánta i mBéarla ó lár na 1940idí go tús na 1960idí. Ní comhtharlú é ach oiread nár fhoilsigh sé mórán dánta Gaeilge dá chuid féin tar éis dó na sé cinn thuas a fhoilsiú sna 1940idí. Ní raibh sé in ann chuige.

Irisleabhar Ceilteach

15 De ló sna 1940idí is sna 1950idí, fostaí oifige de chuid International Fibre Board & Plywood Sales a bhí sa Bhranach (Toronto City Directory 1948: 223; Toronto City Directory 1957: 203). D’oíche, dhéanadh sé cúram dá imeachtaí liteartha is cultúrtha. Faoin am sin, bhí aithne aige ar Iain MacAoidh ó North Bay, Ontario, a bhíodh i rang Gàidhlig leis in Toronto agus shocraigh siadsan is fear eile darbh ainm Iain MacGhilleMhaoil ar iris a bhunú ‘to develop intercommunication among the Celtic peoples’ (Yake et al. 1988: 684). Seoladh Irisleabhar Ceilteach i nDeireadh Fómhair 1952. Cuid suntais is ea an chéad leathanach den chéad uimhir sin: litreacha dea-mhéine i nGaeilge agus i nGàidhlig faoi seach ón Taoiseach, Éamon de Valera, agus ó Angus L. Macdonald, Príomhaire na hAlban Nua; ainmneacha na sé thír Cheilteacha ina dteangacha ar leith, a thug le fios go gcuirfeadh an iris fáilte roimh ábhar faoi na teangacha agus sna teangacha sin; agus, tar éis na poimpéise uile, dearadh dearóil is leagan amach ainnis na hirise, ar ghaire do mhíméagraf clóscríofa ná d’iris shnasta chlóbhuailte í.

16 Iris liteartha ba ea an fiontar a bhí á reáchtáil ag díograiseoirí féinoilte, níorbh ionann is iris acadúil a raibh eagarthóirí scolártha ina bun. Ó Broin ba mhó a dhéanadh an obair is a chlóscríobhadh an iris. ‘It was his enthusiasm and drive which supplied the fuel which intensified the flame,’ arsa MacAoidh (Yake et al. 1988: 684). Ba ghnách leis an Bhranach cóipeanna saor in aisce a sheoladh amach sa phost chuig leabharlanna sa seans go gcuirfeadh ceann acu go leor spéise san iris le síntiús a cheannach. Ní raibh an Branach ag féachaint le brabach a dhéanamh. Ní léir gur íocadh aon scríbhneoir as ábhar a chur ar fáil ach oiread.

17 Fiontar é Irisleabhar Ceilteach a d’eascair as cás pearsanta Uí Bhroin in Toronto agus as an dúspéis a bhí aige is ag comrádaithe leis sna teangacha Ceilteacha. Ó thaobh stair na n‑irisí is na nuachtán sna teangacha Ceilteacha i Meiriceá Thuaidh de, níorbh earra úr amach is amach é. Ba é Y Cyfaill o’r Hen Wlad (1838–1933), iris in Nua-Eabhrac, an sampla ba mharthanaí de na nuachtáin Bhreatnaise i Meiriceá Thuaidh (Williams 2013: 270-282); d’fhoilsíodh Mícheál Ó Lócháin An Gaodhal, a iris mhíosúil dhátheangach Ghaeilge agus Bhéarla in Brooklyn i Nua-Eabhrac ó 1881 go 1898 (Uí Fhlannagáin 1990); agus nuachtán Gàidhlig ba ea Mac-Talla in Sydney na hAlban Nua sna blianta 1892–1904 (Mac-Talla). Ach mar iris Cheilteach ilteangach, ní miste breathnú ar fhiontar an Bhranaigh i gcomhthéacs a raibh ar siúl ag an ghluaiseacht Phan-Cheilteach san am. B’fheiniméan é an Pan-Cheilteachas a raibh a chuid fréamhacha aige sa naoú haois déag i dtuiscintí faoin dáimh theangeolaíoch is chultúrtha a bhí ag lucht labhartha na dteangacha Ceilteacha lena chéile agus a chuir roimhe na naisc idir na limistéir Cheilteacha agus a bpobail a neartú (‘MBL’ 2006: 1415–1416). Ach diaidh ar ndiaidh, ó dheireadh na haoise sin i leith, bhí an ghné pholaitiúil i ndiaidh teacht chun tosaigh agus baill áirithe den ghluaiseacht Phan-Cheilteach i mbun stocaireachta ar son ‘political independence for the Celtic peoples and … a Pan Celtic federation of self-governing states’ (Berresford Ellis 2002: 112–113). An uirlis phoiblíochta a bhí ag príomheagraíocht an Phan-Cheilteachais, an Chomhdháil Cheilteach, faoi lár an fichiú haois ná an nuachtán míosúil An Aimsir Cheilteach (‘The Celtic Time. Monthly Paper of the Celtic Peoples’) a tháinig amach den chéad uair i gCorcaigh in Iúil 1947. Ach faoi dheireadh 1952, nuair a d’fháiltigh sí roimh Irisleabhar Ceilteach agus nuair a thagair don Bhranach mar ‘an old subscriber to “An Aimsir”’ (‘An Aimsir’ 1952: 4), bhí An Aimsir Cheilteach ag loiceadh cé go bhfoilsítí ó am go chéile go dtí 1954 í. Níor fhéach Ó Broin ar Irisleabhar Ceilteach mar fhoilseachán a bhí in iomaíocht leis An Aimsir Cheilteach nó a bheadh ina comharba. Níorbh acmhainn don Bhranach cuntas cothrom le dáta a thabhairt ar imeachtaí san Eoraip. Ina theannta sin, d’fhan Irisleabhar Ceilteach glan ar chlár oibre polaitiúil An Aimsir Cheilteach. Ina n‑ionad sin, dhíreodh sí ar chultúir is ar litríochtaí na dteangacha Ceilteacha. Ba cheist íogair í sin tharla go raibh Gàidhlig beo i gCeanada, in Albain Nua go háirithe. ‘Gaels of Ireland and of Scotland, we must not forget our Gaeltacht of Nova Scotia!’ a mhaígh aiste in An Aimsir Cheilteach in Aibreán 1948 (4). Ach ba é fírinne an scéil gur scáinte an plé ar chúrsaí Gàidhlig i gCeanada in An Aimsir Cheilteach riamh. Thiocfadh leis an iris Cheanadach cúram a dhéanamh den obair sin. Ach thar aon rud eile, d’fhéachfadh sí le bunfhabht in An Aimsir Cheilteach a réiteach — ganntanas alt sna teangacha Ceilteacha, agus Béarla a bheith ina lingua franca aici.

18 Ach chaithfeadh Irisleabhar Ceilteach dul i ngleic leis na dúshláin chéanna a bhí ag An Aimsir Cheilteach. Níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de gur shuim leis an té a raibh teanga Cheilteach amháin aige na cinn eile. Fiú sa chás gurbh ann don spéis sin, ba bheag duine a bheadh in ann nó toilteanach tabhairt faoi lón léitheoireachta i níos mó ná teanga Cheilteach amháin: sin ba chionsiocair le Béarla a bheith mar lingua franca ag an ghluaiseacht Phan-Cheilteach is Béarla a bheith ina orlaí trí An Aimsir Cheilteach. Gan dabht, bhí spéis ag go leor daoine i gcúinsí na dteangacha Ceilteacha, iad báúil leo, agus fonn orthu cur lena n‑eolas orthu. Ach níor chiallaigh sin nach mbeadh duine in amhras faoi fhís pholaitiúil ghluaiseacht an Phan-Cheilteachais nó naimhdeach féin léi, go háirithe dá mbainfeadh sé den iarracht is den fhuinneamh an teanga Cheilteach ina limistéar féin a chaomhnú. Ba go gonta a chuir Earnán de Blaghd friotal ar an tuairim sin nuair a thug ‘Beann Mhadagáin’ ‘Pleidhcíocht Bhaolach’ ar an Phan-Cheilteachas in Inniu (1950: 2).

19 Ráitheachán ba ea Irisleabhar Ceilteach. Tháinig ocht n‑uimhir amach idir Deireadh Fómhair 1952 is an Fómhar 1954. Bhí 32 leathanach an ceann sa chéad phéire acu; agus bhí 24 leathanach i ngach ceann eile. An léitheoir idéalach a bheadh ag Irisleabhar Ceilteach ná an té a raibh léamh na dteangacha Ceilteacha is an Bhéarla aige. Is tearc duine dá leithéid a bhí ann. Ní raibh aon duine de na heagarthóirí féin in ann na sé theanga a léamh, gan trácht ar mhioneagarthóireacht nó dianphrofáil a dhéanamh ar an ábhar ilteangach a tháinig isteach chucu. Diomaite den Bhéarla, is iad an Ghàidhlig is an Ghaeilge an dá theanga is coitianta san iris. Bhí an bhéim ar an litríocht, ar an bhéaloideas, is ar stair na dteangacha Ceilteacha. Mar shampla, sa chéad uimhir, bhí aistí ag beirt scoláirí mór le rá: ‘The Spanish Galleon in Tobermory Harbour,’ scéal Gàidhlig agus tráchtaireacht Bhéarla air le Kenneth Jackson (1952: 16–19); agus ‘Check-List of Scottish Gaelic Writings in North America,’ a d’ullmhaigh Charles W. Dunn, údar Highland Settler. A Portrait of the Scottish Gael in Nova Scotia (1952: 23–29). Ón tús, d’fhoilsíodh Ó Broin a chuid aistriúchán Béarla ar litríocht na Gaeilge: mar shampla, sa chéad uimhir sin, tá ‘An Bunnán [sic] Buí’ le Cathal Buí Mac Giolla Gunna (1952: 6–7), mar aon le leagan Béarla Uí Bhroin (1952a: 7–8).

20 Ba thábhachtach leis an Bhranach tréan Gaeilge a bheith san iris. Ach mar a léiríonn nóta leis sa dara huimhir, níorbh eisean an té ba chumasaí chun an bhearna a líonadh:

Ní ró-mhaith an rud é ár bprímh-uimhir, agus tá fíor-fhios air againn go deimhin. Ach, lá eile rud eile agus tá súil — co maith agus an rún daingean — againn-ne, uimhreacha níos fearr a chur amach ó am amach. Ní don abhras an chéad shnáth.

Ba mhaith linn araon anois ‘Go raibh míle maith agaibh’ a rá chun ar gcáirdibh go léir. Thug cuid bheag acu airgead dúinn; rinne cuid eile acu obair do gach sort dúinn. Táimid an-bhuíoch díobh uile (Ó Broin 1953: 15).

21 Mheall Ó Broin idir dhánta Gaeilge is phrós ón scoláire óg, Breandán S. Mac Aodha i mBéal Feirste. Sholáthair Máirtín Ó Direáin trí dhán, ‘Mo Thruagh An Ghlac’ (1953e: 76), ‘An Bhuaile Bheag’ (1953a: 110), agus ‘Caoin Tú Féin A Bhean’ (1953b: 24) mar aon le trí ‘Litir Ó Éirinn’ (1953c: 106–107; 1953d: 3; 1954: 65–66). Cuid suntais is ea na difríochtaí idir ‘Mo Thruagh an Ghlac,’ ina bhfuil dhá véarsa, is an leagan críochnaithe trí véarsa, ‘Mo Mhairg an Ghlac,’ i gcnuasach an Direánaigh, Ó Mórna agus Dánta Eile (1957: 70). Mar sin, dréacht luath de dhán a bhí idir lámha aige is ea ‘Mo Thruagh an Ghlac’.

22 Ba é dúshlán leanúnach na n‑eagarthóirí é a n‑iris a choinneáil ag imeacht ar phinginí beaga, ábhar ilteangach cuí a aimsiú, agus freastal ar lucht léitheoireachta a bhí éagsúil — agus teoranta: ní raibh ach corradh le céad síntiúsóir ag Irisleabhar Ceilteach riamh (Ó Broin 1954: 74). I ndáiríre, níor chúis ionaidh í gur fhógair na heagarthóirí i mBealtaine 1954 go scoirfidís d’fhoilsiú Irisleabhar Ceilteach san Fhómhar (‘P. Ó B.’ 1954: 49). Tugadh le fios gur dhoiligh dóibh leanúint leis an obair de dheasca cúram eile: dochtúir le leigheas ba ea MacAoidh, cuirim i gcás, agus bhí an tríú fear, Iain MacGhilleMhaoil, i ndiaidh tarraingt siar ón obair gur tháinig Ioan Prŷs ap Siencyn isteach ina ionad. B’iomaí cúis chiallmhar a bhí ann le scor den obair. Ach de réir na fianaise, bhí MacAoidh féin ag iarraidh leanúint leis an iris. Ba é an Branach ba mhó a bhí meáite ar éirí aisti. Agus ní gan fáth, murar luaigh na heagarthoirí é — bhí seisean tar éis a iris féin, Teangadóir, a sheoladh i Lúnasa 1953.

Teangadóir

23 An meirge a bhí ag an iris nua ná ‘Focal i dtaobh litríochta — TEANGADÓIR — ó am go h-am’. Sa chéad uimhir, scríobh Ó Broin:

Nuair a bhíos níos óige, blianta ó shoin, ba mhian liom iris dem chuid féin bheith faoi mo stiúradh. Seo í anois. Maith liom í, ní nach iongadh, agus tá súil agam go mba taitneamhach í le roinnt léitheoiríbh freisin. Má sea, is maith. Mura maith, is cuma. Tá Teangadóir ann ar aon chor (Teangadóir 1953a: 1).

24 Ní raibh scóip Teangadóir chomh leathan le Irisleabhar Ceilteach. Ach bhí sí uaillmhianach go fóill. Chuir sí béim ar na Gaeilgí — an Ghaeilge, an Ghàidhlig, agus an Mhanainnis — agus ar ábhar fúithi sna teangacha sin agus i mBéarla. Mhair an iris ar feadh deich mbliana ach tá dhá ré ar leith i scéal Teangadóir. I sraith a haon, ó Lúnasa 1953 go 1960, tá 36 uimhir (eagráin dhúbailte iad sa dá bhliain dheireanacha); tá 16 leathanach sna huimhreacha luatha; 24 leathanach sna huimhreacha ina dhiaidh sin; agus 40 leathanach atá sna cinn dhúbailte. Is í an tsraith sin is cás linne mar tháinig claochlú as cuimse ar mhisean Teangadóir nuair a seoladh sraith a dó sa bhliain 1961 — ba í litríocht Bhéarla Cheanada a príomhchúram sin. Ba go neamhrialta a foilsíodh na cúig uimhir sa tsraith gur tháinig deireadh le Teangadóir i 1963.

25 Bhí na táthchodanna céanna is na dúshláin chéanna a bhíodh ag an tseaniris ag Teangadóir. Ní fios cá mhéad síntiúsóir a bhí aici riamh ach bhí an Branach sásta síntiús a mhalartú ar dhán, aiste, nó scéal le haghaidh na hirise nó ar leabhar i dteanga Cheilteach (Teangadóir 1954: 11). D’éirigh leis lón foilsitheoireachta a fháil ó scoláirí acadúla a thacaigh lena chuid oibre. Sholáthair John V. Kelleher, ollamh i Roinn na dTeangacha is na Litríochtaí Ceilteacha in Ollscoil Harvard, dornán dréachtaí faoin leagan Gaeilge dá ainm, Seán Ó Céileachair. Dréachtaí iad a bhfuil teacht orthu ó shin in dhá chnuasach de shaothar Kelleher, in ainneoin nach n‑admhaítear cár foilsíodh i dtosach iad (Kelleher 1979; Kelleher 2002). Agus sheoladh Charles W. Dunn ó Ollscoil Toronto blúirí chuig an Bhranach. Ach níor scoláirí gairmiúla na scríbhneoirí ba bhisiúla a bhí aige: Eoin MacComas (John Comish), Donnchadh MacDhunlèibhe (Duncan Livingstone), agus Tomás Mac Neacail. Triúr iad a raibh saothar in Irisleabhar Ceilteach acu i dtosach agus in Teangadóir ina dhiaidh sin.

26 Ba as Oileán Mhanann ó dhúchas do MhacComas (1887–1965), ‘who considered himself a semi-speaker of Manx’ (Nilsen: 92). Ba mhairnéalach trádála é a chuir faoi in Kirkland Lake in oirthuaisceart Ontario. Cainteoir Gàidhlig ón chliabhán ó Mhuile sna hOileáin Thiar ba ea MacDhunlèibhe (1877–1964), a raibh leathchéad bliain caite aige in Pretoria na hAfraice Theas (MacThòmais 1982: 257–258). Fear de bhunadh na hAlban a saolaíodh in Cumberland Shasana ba ea Mac Neacail (1891–1956). D’fhoghlaim sé Gaeilge i Sasana gur bhog sé go hÉirinn agus é ina fhear óg gur cheap Conradh na Gaeilge ina thimire é i gContae Shligigh. Ach ghread Mac Neacail leis ar ais go Sasana nuair a chreid sé nár théigh muintir na háite leis riamh mar gheall ar a chúlra. Níorbh ionann is an bheirt eile, bhí Mac Neacail sáite sa ghluaiseacht Phan-Cheilteach. Chaith an fear ildánach sin, a raibh glac teangacha Ceilteacha aige, seal ina eagarthóir ar An Aimsir Cheilteach (Berresford Ellis 2002: 129).

27 Dánta Gàidhlig ba mhó a chuir MacDhunlèibhe ar fáil do Teangadóir. Ábhar próis i Manainnis a bhí ag MacComas. Agus lón léitheoireachta, idir fhilíocht is phrós i nGaeilge agus i nGàidhlig, a sholáthair Mac Neacail. Diomaite den Bhranach is dá pháirtí, Hazel Yake (‘An Taibhse Rua’ a thugadh seisean uirthi go discréideach), ba iadsan triúr a choimeád Teangadóir ar siúl chomh fada sin trí aistí is trí dhréachtaí a choinneáil leis an iris. D’fhás cairdeas ó chian idir na fir sin nach raibh aithne phearsanta acu ar a chéile. An t‑aon duine acu ar bhuail Ó Broin leis riamh ná MacComas tar éis dó tarraingt ar Kirkland Lake le hábhar Manainnise a thaifeadeadh ón Mhanannach i mí Lúnasa 1959 (‘P. Ó B.’ 1960: 240).

28 Bhí corrdhán gairid Gaeilge dá chuid féin ag Ó Broin in Teangadóir: ‘Nike’ (‘Feargus Rua’ 1953b: 18) mar aon leis an leagan Béarla (‘Feargus Rua’ 1953a: 18) ina ndéanann áilleacht agus fuinneamh an bhandé Ghréagaigh staic den fhear, ‘carr-mhadra / Ag tafann in aghaidh na gealaí’ (18); agus ‘Thar Lear,’ liric bheag faoin tslí ina dtéann titim sneachta i gcion ar an reacaire (‘Feargus Rua’ 1953a: 19). Agus é ag úsáid persona ‘Feargus Rua’ óna dhán luath Gaeilge, chrom an Branach ar mhíreanna a fhoilsiú as ‘Feargus Rua Cecinit,’ mórthionscnamh liteartha leis ina raibh dánta Gaeilge ón traidisiún mar aon le haistriúcháin Bhéarla is le tráchtaireacht chriticiúil Uí Bhroin. Ba léitheoir díograiseach cáiréiseach é an Branach i gcónaí. Gné luachmhar dá chuid scríbhneoireachta in Teangadóir is ea a phlé léirthuisceanach ar litríocht na Gaeilge. Tar éis do ‘Feargus Rua’ léirmheas a scríobh ar Early Irish Lyrics (1956) le Gerard Murphy (1956: 235–240), chuir Murphy véarsa beag Gaeilge chuige mar chomhartha buíochais gur fhoilsigh Ó Broin é (Ó Murchadha 1957: 23). Bhí an Branach féin an-tógtha le filíocht Mháire Mhac an tSaoi agus d’fhoilsigh sé aiste Bhéarla faoi Margadh na Saoire (1956), aiste ina raibh a chuid aistriúchán féin ar dhánta áirithe (Ó Broin 1958: 153–159). An bhreith thomhaiste a thug sé ar an chéad chnuasach seo le Mhac an tSaoi ná: ‘Margadh na Saoire is so good that, perhaps unreasonably, one looks for it to be even better than it is …. Given such a beginning, what may she yet produce?’ (159).

29 Bhí saoirse iomlán ag Ó Broin a rogha rud a fhoilsiú. In uimhir amháin sa bhliain 1957, d’fhógair sé: ‘This number of Teangadóir is purely for my own delight — … it is a tiny anthology of Gaelic lyric poetry, old and new, that has pleased of late (Teangadóir 1957: 257). Ach ar nós Irisleabhar Ceilteach roimpi, ba chrá croí an easpa slachta is gairmiúlachta cheal eagarthóir lánoilte a leagfadh amach bunchritéir is a d’éileodh bunchaighdeán i dtaca le cruinneas teanga is le cur i láthair scolártha. Mar shampla fánach, nuair a d’fhoilsigh Teangadóir ‘An Tráigh Bhán,’ scéal béaloidis ón seanchaí clúiteach Conallach, Micí Sheáin Néill Ó Baoill, faoi shagart óg a dhíbríonn an t‑ainspiorad, b’ann don nóta seo ón Bhranach:

B’é Liam Ó Diamáin a scríobh síos an scéal seo dom amach annso i gCeanaide, díreach mar a chuimhnigh sé é ó bhéal-innsint Mhicky Sheáin Uí Bhaoghail, Rann-na-Feirsde. Níor athruigheas an litriú ach beagan — séimhniú, &rl. Léigh Liam féin chugam an scéal, agus creidim gur do réir a rogha féin roinnt a litriú. Pé ar bith, más olc é is liom-sa an mí-cheart (Ó Baoill 1955: 36).

30 Tá a bhfuil thuas ina eiseamláir ghlinn ar a dheacra is atá sé mianach agus fiúntas irisí an Bhranaigh a mheas go cothrom, ní hamháin mar gheall ar an ábhar ilteangach atá iontu, ach mar gheall ar an dua mór a bhaineann leis an ghrán a scaradh ón lóchán.

Tnúthán an dúchais

31 In Aibreán 1958, d’fhill an Branach ar Éirinn den chéad uair ó d’fhág sé í timpeall 45 bliain roimhe sin. ‘But I am home now,’ a scríobh sé (Teangadóir 1958a: 105). Ba í an chuairt sin ar an seanfhód an príomhábhar in Teangadóir an tsamhraidh sin. Ag tús na hirise, bhí téacs an agallaimh Ghaeilge a rinne an Branach le Conchubhar Ó Coileáin ar Radió Éireann (‘C. Ó C.’ 1958: 97–99). Agallamh gearr é a chlúdaigh cúlra Uí Bhroin, a dhúil sa Ghaeilge, agus a shaothar liteartha. Ní raibh a dhath suntasach ag roinnt leis an agallamh ó thaobh ábhair nó teanga de. Croí na huimhreach féin ba ea ‘Scraps from a Diary,’ píosa 26 leathanach i mBéarla gan síniú inar thug an Branach cuntas ar an chuairt (Teangadóir 1958a: 105–131). Mar shampla, foghlaimímid a thuilleadh faoin agallamh:

Conchubhar Ó Coileáin is trying to get out of me enough to make a few minutes’ taped interview and I can’t express what’s in my mind and heart. Some of the things I’ve told him, part of which he’s putting into Gaelic for me to read (120).

32 Tharla nach raibh sé sách compordach le labhairt i nGaeilge as a stuaim féin, bhí an Coileánach i ndiaidh freagraí scríofa a ullmhú don Bhranach.

33 Breac atá an chín lae le tráchtaireacht ar a chuid taistil timpeall na tíre, agus ceantair Ghaeltachta ina mbaineadh Ó Broin triail as a chuid Gaeilge is dúiche a athar i ndeisceart an Dúin mar ar bhuail sé le gaolta leis san áireamh. I mBaile Átha Cliath, theagmhaigh sé le Donnchadh Ó Súilleabháin, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus le foireann an nuachtáin Inniu (117–118, 121). Casadh Frank Aiken, Aire Gnóthaí Eachtracha, air, agus an Branach ar lorg maoinithe ó Chomhar Cultúra Éireann dá thionscnamh liteartha, ‘Feargus Rua Cecinit’. Is ann do bhlúiríní faisnéise den chineál seo: ‘[Aiken] … sent me back to Iveagh House to meet a Dr. Conor Cruise O’Brien …. In Dr. O’Brien’s office I also met Máire Mhac an tSaoi …. She took Feargus home with her’ (118). D’fhéach Mhac an tSaoi le socrú go mbuailfeadh an Branach le Gerard Murphy, ‘whom of all I most want to meet’ (118), i gColáiste na hOllscoile agus le Myles Dillon in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Tháinig an scéala ar ais ó Mháire Mhac an tSaoi go raibh Murphy tinn (fuair sé bás an bhliain dár gcionn). ‘Myles Dillon is not at all interested in Feargus or me. I feel she has done everything she could for me,’ a bhreac Ó Broin (119). Ní bhfuair sé an maoiniú is níor foilsíodh ‘Feargus Rua Cecinit’ ina iomlán riamh. Ní fios cad a tharla don scríbhinn agus gan fáil uirthi i measc pháipéir an Bhranaigh (Ó Broin 1939–1964). Ach tharraing Ó Broin ar ‘Feargus Rua Cecinit’ dá aiste, ‘The Early Lyric in Gaelic,’ a foilsíodh in The American Scholar (1961–62: 70–88).

34 Gné iontach de chín lae Uí Bhroin ná an cíoradh macánta ar a intinn shuaite féin de réir mar a shiúil sé ó cheann ceann na hÉireann. Thuas seal gliondrach thíos seal dubhach a bhíodh sé ó lá go lá, agus ó áit go háit. Is follas go raibh sé ag smaoineamh ar theacht ar ais go hÉirinn ar feadh bliana nó, b’fhéidir, go seasta. Ach d’admhaigh sé: ‘In cold truth, I feel I am twentyfive years too late’ (Teangadóir 1958a: 108). Agus a chuid mothúchán ar fud an bhaill, ní raibh coimhthíos aige leis an tír, ar seisean. Ach ansin: ‘Ireland herself has not accepted me as one of her own. As though I had come to her bed after long wooing, and found me impotent’ (130). Íomhá chumhachtach í seo a mheabhraíonn an véarsa as an dán ‘Striapachas’ dúinn: ‘Until I win to partner / Gaelic in fruitful marriage, / English must be my harlot’ (Ó Broin 1943). Faoin am ar thabhaigh Ó Broin céile a dhiongbhála, ní raibh sé i gcumas an cumann a chur i gcrích. Ní hé sin amháin ach d’athraigh na cúinsí úra sin a dtarlódh as sin amach.

35 D’fhág an Branach Éire gan choinne gur imigh ar ais go Ceanada go luath. Gheall sé go bhfillfeadh sé ar Éirinn ‘sometime, somehow’ (Teangadóir 1958a: 131). Níor fhill. Níor tháinig maolú ar a fhéiniúlacht mar Éireannach ná ar a dhúil sa Ghaeilge. B’fhéidir go raibh ré Teangadóir ag druidim chun deiridh cheana. Bhí Tomás Mac Neacail i ndiaidh bás a fháil sa bhliain 1956. Scothaosta a bhí MacComas is MacDhunlèibhe araon. Uimhreacha dúbailte den iris a bhí ag teacht amach faoin am sin, amhail is gur dhoiligh don Bhranach cloí leis an seansceideal. Ach thug a chinneadh críoch a chur le Teangadóir mar fhóram Gaelach sa bhliain 1960 is, tar éis sosa, é a athlainseáil mar mheán do litríocht Cheanada, thug sé le fios go raibh tuiscint nua faoi rian a shaoil aige. Ba chuma nó an dara heipeafáine phearsanta í (Lyall 1962: 134–135). Sa chéad uimhir den dara sraith, scríobh Ó Broin: ‘Teangadóir — interpreter. Perhaps, before the slowing clock calls halt, this re-issue of it … will help me interpret to myself — even come to terms with — this suddenly, unexpectedly complex and living land’ (‘P. Ó B.’ 1961: 6). Ceanada a bhí i gceist aige. Den chéad uair ó lár na 1940idí, chrom sé ar a chuid filíochta Béarla a fhoilsiú go rialta athuair gur eisigh sé rogha dánta leis in Than any Star agus dréachtaí, idir shean agus úr, in No Casual Trespass gur chuir sé aithne ar leithéidí Al Purdy agus Gwendolyn MacEwen agus gur fhéach lena áit a aimsiú i dtimpeallacht liteartha Cheanada a linne.

36 Níorbh é sin le rá go raibh an Branach i ndiaidh braistint an díláithrithe a chur de ar fad. Fear é ar fhág cinneadh a mhuintire imeacht ar imirce comhartha air lena shaol. ‘Gaedheal Mise. Ar druim [sic] an domhain is beag cuis [sic] bróid atá agam lasmuigh de sin,’ a d’fhógair Ó Broin sa chéad uimhir de Irisleabhar Ceilteach (Ó Broin 1952a: 2). In Teangadóir athsheolta sa bhliain 1961, thagair sé dá stádas soiléir ‘as Irish writer and established past argument my boast Saoranach [sic] na hÉireann mé(Teangadóir 1961: 1). ‘He always felt that he was living in a foreign land,’ a dúirt Iain MacAoidh (Yake et al. 1988: 685). Taom croí a thug bás Phádraig Uí Bhroin in Ottawa ar an 9 Meán Fómhair 1967. Adhlacadh i reilig Chaitliceach Mount Hope in Toronto é. Tá Hazel Yake, a cailleadh i mí Feabhra 1991, curtha in uaigh eile go díreach os comhair an Bhranaigh.

Aguisín: Irisleabhar Ceilteach 1952–1954 agus Teangadóir 1953–1960 — innéacs

Cliceáil anseo chun an t-innéacs a íoslódáil i bhformáid PDF

37 Rangaíonn an t-innéacs seo a chuimsíonn 44 uimhir den dá iris, Irisleabhar Ceilteach agus Teangadóir, an t-ábhar iontu i dtrí chatagóir: na daoine, idir údair, eagarthóirí, aistritheoirí, shealbhóirí is bhailitheoirí béaloidis, is indibhidí eile a luaitear; céadlínte na ndánta, na n-amhrán is na rann; agus na hailt gan síniú. Cur chuige sin a shoiléiríonn an réimse leathan ábhar, an litríocht, an béaloideas, agus an stair go háirithe, a bhí sna hirisí agus a aithníonn na húdair ba bhisiúla a bhí acu. Beidh an t-innéacs seo le haghaidh an dá iris sin atá gan iomrá ina áis thairbheach nua do lucht léinn na dteangacha Ceilteacha.

Nóta buíochais

38 Tá mé faoi chomaoin mhór ag na daoine seo a leanas a chuidigh liom agus mé i mbun taighde ar bheatha is ar shaothar Phádraig Uí Bhroin: Susan Cameron, Special Collections Librarian san Angus L. Macdonald Library, St. Francis Xavier University, Antigonish; Kevin Dooley, Ottawa; Sjef Frenken, Ottawa; Michael Linkletter, Roinn na Ceiltis, Oilthigh Naomh Fransaidh Xavier, Antigonish; agus Jean Talman, Celtic Studies, University of St. Michael’s College, University of Toronto, a bhronn Irisleabhar Ceilteach orm.

Saothair a ceadaíodh

Saothar le Pádraig Ó Broin

Byrne, J. P. (1939a) Consubstantial. Dublin: The Cuala Press.

Byrne, J. P. (1939b) ‘Disinherited’. In: The Virginia Quarterly Review. A National Journal of Literature & Discussion 15 (1): 96.

Byrne, J. P. (1940) Transmutation. Clontarf Press.

Byrne, J. P. (1941) Alien. Clontarf Press.

‘Feargus Rua’. (1953a) ‘Nike’. In: Teangadóir 1 (2): 18.

‘Feargus Rua’. (1953b) ‘Nike’. In: Teangadóir 1 (2): 18.

‘Feargus Rua’. (1954) ‘Thar Lear’. In: Teangadóir 2 (1): 19.

‘Feargus Rua’. (1956) ‘For Whom the Cuckoo Calls’. In: Teangadóir 3 (11): 235–240.

‘Feargus Rua’. (1957) ‘An Éire Bhí Anallód ann (14*)’. In: Teangadóir 4 (1): 3–14.

Ó Broin, P. (1943) Suibhne Geilt. Baile Átha Cliath: Cló Chluain Tairbh.

Ó Broin, P. (1945a) ‘Dí-Cuimhnigheann Feargus Rua Bé’. In: Comhar 4 (7): 7.

Ó Broin, P. (1945b) Tús. Baile Átha Cliath: Cló Chluain Tairbh.

Ó Broin, P. (1946) ‘Faoistin’. In: Comhar 5 (4): 6.

Ó Broin, P. (1952a) ‘Ó’n Eagarthóir’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (1): 2–3.

Ó Broin, P. (1952b) ‘The Yellow Bittern’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (1): 7–8.

Ó Broin, P. (1953) ‘Sinne’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (2): 15.

Ó Broin, P. (1954) ‘Sinne’. In: Irisleabhar Ceilteach 2 (4): 74–75.

Ó Broin, P. (1958) ‘Torches Ablaze’. In: Teangadóir 4 (7-8): 153–159.

Ó Broin, P. (1961-62) ‘The Early Lyric in Gaelic’. In: The American Scholar 31 (1): 70–88.

Ó Broin, P. (1962) Than any Star. Selected Poems. Toronto: Cló Chluain Tairbh.

Ó Broin, P. (1967) No Casual Trespass. [Toronto]: Cló Chluain Tairbh.

‘P. Ó B.’ (1954) ‘Sinne’. In: Teangadóir 2 (3): 49.

‘P. Ó B.’ (1960) ‘Eoin Mac Comas (1887—)’. In: Teangadóir 4 (11–12): 240.

‘P. Ó B.’ (1961) Gan teideal. In: Teangadóir 5 (1): 6.

Uí Briúin [sic] na hÉireann. (1937) The White Wild Flame. Dublin: The Cuala Press.

Ábhar Cartlainne — Baile Átha Cliath

Oifig an Ard-Chláraitheora. (1906) ‘Teastas pósta Patrick Joseph Byrne agus Catherine Reilly, 1 Deireadh Fómhair 1906’. In: Innéacs na bPóstaí (Baile Átha Cliath Theas) 4 (2): 653. In: Oifig an Ard-Chláraitheora, Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2.

Oifig an Ard-Chláraitheora. (1908) ‘Teastas beireatais James Patrick Joseph Byrne, 28 Márta 1908’. In: Innéacs na mBreitheanna (Baile Átha Cliath Thuaidh) 2 (2): 427. In: Oifig an Ard-Chláraitheora, Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2.

Ábhar Cartlainne — Toronto

Archives of Toronto. (1944) ‘Divorce File #2038/42: J. Patrick Byrne vs Catherine Byrne, RG 22-5800’. In: AO/Off-site/Barcode B13929, Archives of Toronto, Ontario, Ceanada.

Ó Broin, P. (1939–1964) Ó Broin (Pádraig) Papers. Manuscript Collection 247. In: Thomas Fisher Rare Book Library, University of Toronto, Toronto, Ontario, Ceanada.

Foinsí ar líne

An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ar fáil ag: http://www.ainm.ie [faighte 7 Nollaig 2016].

Daonáireamh Cheanada 1921. Ar fáil ag: https://www.ancestry.ca/ [faighte 8 Nollaig 2016].

Daonáireamh na hÉireann 1911. Ar fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000038203/ [faighte 8 Nollaig 2016].

Mac-Talla [1892–1904]. Ar fáil ag: http://www.smo.uhi.ac.uk/en/rannsachadh/leabharlann/cruinneachadh-didseatach-old/mac-talla/ [faighte 2 Bealtaine 2017].

Foinsí foilsithe

‘An Aimsir,’ ‘Welcome to Irisleabhar Ceilteach’. (1952) In: An Aimsir Cheilteach (Samhain–Nollaig 1952): 4.

An Aimsir Cheilteach. (1948) ‘Scottish Gaelic in Canada’. In: An Aimsir Cheilteach (Aibreán 1948): 4.

‘B.M.gC.’ (1946) ‘Cheithre Dánta’. In: Comhar 5 (4): 10.

‘Beann Mhadagáin’. (1950) ‘Cur is Cuiteamh. Pleidhciocht Bhaolach An Pan-Cheilteachas’. In: Inniu, 14 Aibreán 1950: 2.

Berresford Ellis, P. (2002) Celtic Dawn. The Dream of Celtic Unity. Revised and expanded edition. Talybont, Ceredigion: Y Lolfa Cyf.

‘C. Ó C.’ [Conchubhar Ó Coileáin] (1958) ‘Agallamh le Pádraig, as Ceanada’. In: Teangadóir 4 (5–6): 97–99.

Dunn, C.W. (1952) ‘Check-List of Scottish Gaelic Writings in North America’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (1): 23–29.

Globe and Mail. (1944) ‘Osgoode Hall. Weekly Court’. In: Globe and Mail, 13 Eanáir 1944: 15.

Jackson, K. (1952) ‘The Spanish Galleon in Tobermory Harbour’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (1): 16–19.

Kelleher, J. V. (1979) Too Small For Stove Wood Too Big For Kindling: Collected Verse and Translations. Dublin: The Dolmen Press.

Kelleher, J. V. (2002) Selected Writings of John V. Kelleher on Ireland and Irish America. Arna chur in eagar ag Fanning, C. Carbondale and Edwardsville: Southern Illinois University Press.

Lyall, N. (1962) ‘“A Green, A Growing”’ [Léirmheas ar Than Any Star. Selected Poems by P. Ó Broin]. In: Teangadóir 5 (4) [Sraith II, 1 (4)]: 134–145.

MacEwen, G. (1970) ‘Reviresco: In Memory of Padraig O’Broin’. In: The Shadow-Maker. Toronto: Macmillan of Canada: 26.

Mac Giolla Gunna, C. B. (1952) ‘An Bunnán Buí’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (1): 6–7.

MacThòmais, R. (1982) ‘Donnachadh MacDhunleibhe’. In: Gairm 119: 257–268.

‘MBL’ [Marion Löffler]. (2006) ‘Pan-Celticism’. In Koch, J. T. (eag.) Celtic Culture. A Historical Encyclopedia. Volume IV. Santa Barbara, California: ABC-CLIO: 1415–1419.

Nilsen, K. (gan dáta) ‘Living Celtic Speech: Celtic Sound Archives in North America’. In: Sutcliffe, R. F. E., agus Ó Néill, G. (eag.) 6th Annual Conference of the North American Association for Celtic Language Teachers. The Information Age, Celtic Languages and the new Millenium [sic]. University of Limerick: North American Association for Celtic Language Teachers: 89–94. Ar fáil ag: http://www.csis.ul.ie/staff/Richard.Sutcliffe/final_proceedings.pdf [faighte 8 Nollaig 2016].

Ó Baoill, M. S. N. (1955) ‘An Tráigh Bhán’. In: Teangadóir 3 (2): 36–40.

Ó Direáin M. (1946) ‘Ceárta Mo Chroí’. In: Comhar 5 (4): 6.

Ó Direáin, M. (1953a) ‘An Bhuaile Bheag’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (4): 110.

Ó Direáin, M. (1953b) ‘Caoin Tú Féin A Bhean’. In: Irisleabhar Ceilteach 2 (1): 24.

Ó Direáin, M. (1953c) ‘Litir Ó Éirinn’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (4): 106-107.

Ó Direáin, M. (1953d) ‘Litir Ó Éirinn’. In: Irisleabhar Ceilteach 2 (1): 3

Ó Direáin, M. (1953e) ‘Mo Thruagh an Ghlac (Do Éamon Ó Faoláin)’. In: Irisleabhar Ceilteach 1 (3): 76.

Ó Direáin, M. (1954) ‘Litir Ó Éirinn’. In: Irisleabhar Ceilteach 2 (3): 65–66.

Ó Direáin, M. (1957) Ó Mórna agus Dánta Eile. Baile Átha Cliath: Cló Morainn.

Ó Murchadha, G. (1957) ‘Táim buidheach díot, a Phádraig’. In: Teangadóir 4 (1): 23.

Smyth, W. J. (2015) Toronto, the Belfast of Canada. The Orange Order and the Shaping of Municipal Culture. Toronto, Buffalo, London: University of Toronto Press.

Teangadóir. (1953a) ‘Mé Féin’. In: Teangadóir 1 (1): 1.

Teangadóir. (1953b) ‘Mé Féin’. In: Teangadóir 1 (2): 17–18.

Teangadóir. (1954) ‘Fógra’. In: Teangadóir 2 (1): 11.

Teangadóir. (1957) ‘Duanaire’. In: Teangadóir 3 (12): 257–279.

Teangadóir. (1958a) ‘Scraps from a Diary’. In: Teangadóir 4 (5–6): 105–131.

Teangadóir. (1961) ‘Phoenix — i’. In: Teangadóir 5 (1): 1–5.

Toronto City Directory [1915–1963]. Toronto: Might Directories, Limited.

Toronto Daily Star. (1930) ‘Births-Marriages-Death. Marriages. Byrne-Wigglesworth’. In: Toronto Daily Star, 15 Meán Fómhair 1930: 29.

Toronto Daily Star. (1931) ‘Births-Marriages-Deaths’. In: Toronto Daily Star, 16 Iúil 1931: 34.

Toronto Daily Star. (1938) ‘Deaths. Byrne, Patrick J.’. In: Toronto Daily Star, 29 Deireadh Fómhair 1938: 30.

Toronto Daily Star. (1967) ‘Deaths. O Broin, Padraig’. In: Toronto Daily Star, 12 Meán Fómhair 1967: 26.

Uí Fhlannagáin, F. (1990) Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Williams, R. H. (2013) ‘Whose Friend from the Old Country? The Welsh-Language American Press and National Identity in the 19th Century’. In: Newton, M. (eag.) Celts in the Americas. Sydney, Nova Scotia: Cape Breton University Press: 270–282.

Yake, H., MacEwan [sic], G., Ball, H., Purdy, A., Colombo, J. R. agus MacKay, I. (1988) ‘Pádraig Ó Broin: Poet, Publisher, Book Collector’. In: O’Driscoll, R. agus Reynolds, L. (eag.) The Untold Story: The Irish in Canada. Imleabhar II. Toronto: Celtic Arts of Canada: 677–687.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626