Pádraig Ó Broin (1908–1967): ar thóir a oidhreachta Gaelaí i gCeanada

Ó Siadhail, Pádraig

Pádraig Ó Broin (1908–1967): in search of his Gaelic heritage in Canada

Abstract

J. Patrick Byrne was a child when his family emigrated from Dublin to Toronto c. 1913. By the 1930s, Byrne was an emerging English-language poet in Canada when he encountered the Irish language and set about learning the language and reclaiming his lost Irish heritage. This transformation resulted in a handful of Irish-language poems that Byrne, using the Irish-language form of his name, Pádraig Ó Broin, published in Ireland and Canada in the 1940s. Both poet and poems deserve attention on account of Ó Broin’s choice to embrace Irish. But Ó Broin’s recognition that his command of Irish would be limited at best likely caused him to stop writing poetry in Irish. He continued to publish in English but his interest in Irish and its literature remained undimmed. And in the 1950s, Ó Broin launched and edited two literary journals in Toronto, Irisleabhar Ceilteach (1952–1954) and Teangadóir (1953–1960), journals that provided a forum for writing in the Celtic languages and about those languages and their cultures in English.

Pádraig Ó Broin, his Irish-language poetry, and his Celtic journals are little known. This essay surveys Ó Broin’s life, his poems in Irish, and the two journals, including their range of material and main contributors. A comprehensive index of both journals is provided as an appendix to this article.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
19/10/2017

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
filíocht, Irisleabhar Ceilteach, Teangadóir, J. Patrick Byrne, Pádraig Ó Broin

DOI:
10.18669/ct.2017.05

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Bhí J. Patrick Byrne ina ghasúr nuair a rinne sé féin is a mhuintir imirce ó Bhaile Átha Cliath go Toronto timpeall 1913. Faoi na 1930idí, bhí Byrne ag promhadh a phinn mar fhile Béarla i gCeanada nuair a tháinig sé trasna ar an Ghaeilge gur chuir sé roimhe an teanga a fhoghlaim is an chuid sin dá oidhreacht chultúrtha a bhí ceilte air i gCeanada a athshealbhú. An toradh a bhí ar an iarracht sin ná dornán dánta Gaeilge a d’fhoilsigh Byrne faoin leagan Gaeilge dá ainm, Pádraig Ó Broin, in Éirinn agus i gCeanada sna 1940idí. Bhí creidiúint ag dul don Bhranach as an dua a chaith sé leis an Ghaeilge a fhoghlaim thar lear agus leis na dánta féin. Ach is dealraitheach gurbh í an tuiscint nach mbeadh a chuid Gaeilge thar mholadh beirte choíche a thug air éirí as a bheith ag foilsiú filíochta sa teanga seo. Lean sé de bheith ag scríobh i mBéarla ach mhair an spéis a bhí aige sa Ghaeilge agus sa litríocht. Agus sna 1950idí luatha, d’imir Ó Broin ról lárnach i mbunú, i reáchtáil agus in eagarthóireacht Irisleabhar Ceilteach (1952–1954) agus Teangadóir (1953–1960), irisí liteartha in Toronto a bhí ina bhfóram d’ábhar sna teangacha Ceilteacha agus d’ábhar i mBéarla faoi na teangacha céanna.

Tá Pádraig Ó Broin féin, a chuid dánta Gaeilge, agus an dá iris Cheilteacha gan iomrá. San aiste seo, tugtar spléachadh ar bheatha an Bhranaigh, ar na dánta sin, ar na hirisí is ar a bhfuil iontu agus ar na húdair ba rialta a chuireadh ábhar ar fáil dóibh. Cuirtear innéacs cuimsitheach den dá iris ar fáil mar aguisín leis an alt seo.

© Pádraig Ó Siadhail, 2017

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ó Siadhail, Pádraig

Teagmháil:

padraig.osiadhail@smu.ca

Beathaisnéis:

Tá Pádraig Ó Siadhail ina ollamh comhlach le Léann na hÉireann in Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.