Echoes of the Rebellion: The Year 1798 in Twentieth-Century Irish Fiction and Drama

Radvan Markus

Peter Lang (2015) | 247 lch | ISBN: 978-3-0343-1832-7 (leagan clóite); 978-3-0353-0696-5 (ríomhleabhar) | €50

1 Ba é ‘mar a cumadh stair na hÉireann’ an fotheideal a chuir Vincent Morley lena shaothar staireagrafaíochta Ó Chéitinn go Raiftearaí (2011), leabhar inar iniúch sé an tslí inar féidir (nó inar gá) don litríocht feidhmiú mar áis seachadta staire agus mar léiriú ar dhálaí sóisialta a linne féin. In Echoes of the Rebellion le Radvan Markus, d’fhéadfaí a rá go leanann an t‑údar rian Morley agus é ag díriú isteach freisin ar ‘chumadh’ sin stair na hÉireann freisin. Go deimhin, is é príomhthéama an tsaothair nua seo nach ann do leagan údarásach íonghlan amháin den stair agus, thairis sin, nach féidir deighilt ghlan a dhéanamh idir na cuntaisí a thugann staraithe uirthi agus an léiriú roghnach a dhéanann úrscéalaithe agus drámadóirí uirthi. Seachas corrthagairt, is leis an dá sheánra sin (an t‑úrscéal agus an dráma) a chloíonn Echoes of the Rebellion ar an ábhar, a deir an t‑údar, go dteastódh leabhar ar leith chun na dánta agus na bailéid a bhaineann le himeachtaí 1798 a scrúdú i gceart, agus go ndíríonn a staidéar seisean ar ‘the interpretation of history in narrative, which is at odds with the rather lyrical character of many of these poems’ (4). (Pléann sé suntas na liriciúlachta i dteanga an phróis ar ball.) Tá bonn daingean mionsonraithe teoirice faoi théiseanna an údair, a leagtar amach sa chéad chaibidil; pléann caibidil a dó le 1798 agus an staireagrafaíocht; féachann caibidlí a trí agus a ceathair ar théama 1798 sa litríocht ó 1900 go 1916 agus ó 1916 go 2000 faoi seach; agus is mar chúlbhrat comhthéacs atá an méid sin ar fad ag croí an leabhair do na caibidlí ar leith ina bpléitear na húrscéalta L’Attaque (1962) le hEoghan Ó Tuairisc (1919–1982) agus The Year of the French (1979) le Thomas Flanagan (1923–2002), agus dráma Stewart Parker (1941–1988), Northern Star (2000).

2 Is í an chéad phríomhobair chritice a roghnaíonn Markus mar chreat tagartha ná teoiric Hayden White (1928–) faoin ‘inevitable fictional element in any rendition of history … whose effective blurring of the borderline between history and fiction prepared a common denominator which could facilitate the comparison of historiographical and fictional interpretations of the event in question in a meaningful way’ (9), faoi mar a leagann White amach í sa leabhar Metahistory (1975) agus sa chnuasach aistí Tropics of Discourse (1990). Ní hí teoiric White amháin a chuirtear i bhfeidhm ar na saothair a phléitear, áfach; cuirtear san áireamh freisin cuid den fhreagairt a rinne tráchtairí eile ar roinnt lochtanna b’fhacthas dóibh a bheith ar chur chuige White, rud a chuireann síneadh le raon anailíse an leabhair. ‘White sees history essentially as fiction’ a deir Markus, mar is é a dhéanann an staraí ná ‘disparate facts’ áirithe a roghnú ó líne an ama agus cinn eile a fhágáil ar lár, chomh maith le bun agus barr a chur ar an léirmhíniú, ‘locating the beginning and the end of the narrative’ (11). Mar a mhíníonn Markus, bhí dearcadh seo White tionscantach ar dhá bhealach: dhírigh sé aird ar na cosúlachtaí idir an litríocht agus an staireagrafaíocht, agus bhain sé an bonn den cheannas b’fhacthas a bheith ag an dara catagóir acu sin ar an gcéad cheann (13). Mura bhfuil aon dul as ag an staraí, mar sin, ach leagan den stair a ríomh a bheidh ‘claonta’ ar bhealach éigin, an dlisteanach don staraí ‘to select whatever historical facts that suit his or her preferable mode of emplotment in the same way as an author of a historical novel or drama writes his or her story?’ (16). Chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh seo, tarraingíonn an t‑údar ar chuid de theoiricí Paul Ricoeur (1913–2005) agus Jacques Derrida (1930–2004). Murab ionann agus an ficsean, dar le Ricoeur, bíonn an stair ceangailte i gcónaí le lorg na haimsire caite, agus is gá í a shíorchoigeartú i gcaitheamh an ama le go mbeidh an insint is cruinne is féidir ann. Earra beo is ea traidisiún, rud a bhíonn ag athrú de shíor agus a bhíonn ag brath ar idirphlé an ‘innovation’ leis an ‘sedimentation’ (20). Síolraíonn scéal bearnach an duine as scéalta príobháideacha a cuireadh faoi chois agus nár insíodh, agus más amhlaidh don duine, is amhlaidh don mhionlach, don chine nó don náisiún. Baol a bhaineann leis an tuiscint seo is ea nach n‑inseofar scéalta nó cuimhní an dreama a mbuaitear orthu, ar cuid den insint iomlán iad agus nach mór iad a tharrtháil dá réir ar mhaithe le hiomláine an taifid, chomh fada agus is féidir — más féidir in aon chor. Deacracht a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an réiteach seo féin, feictear do Markus, is ea go leagtar an iomarca béime ar an am atá thart, más fíor gur don duine beo agus don am atá le teacht a scríobhtar an stair. Féachann Markus leis an bhfabht seo a thabhairt chun réire trí ghaisneas a bhaint as nóisean an ‘spectre,’ de réir mar a chuireann Jacques Derrida síos air ina leabhar The Spectres of Marx: The State of the Debt, The Work of Mourning and the New International (2006). Seo an dara teoiric is mó a dtagann an leabhar seo faoina hanáil agus ní miste breathnú ar achoimre léirmhínitheach an údair uirthi. Ar nós thaibhse athair Hamlet, deir sé, ‘the spectre of the past bears an injunction to act’:

What, then, would be Hamlet’s best course of action, or, in other words, how can we deal with complex legacies of the past? One solution would be simply to obey the ghost without questioning; a cursory look at many violent conflicts in the world fueled by past grievances is enough to convince us of the pernicious nature of such an approach. Yet Derrida warns also against the opposite solution, i.e. ‘conjuring’ the spectre away, banishing it. First of all, it is simply not possible, one cannot control the emergence or disappearance of something as elusive as a spectre or people’s memory. Secondly, getting rid of the spectre amounts to violence — Derrida quite convincingly argues that the fear of the spectre (of communism or of spectres within communism itself) contributed to the establishment of totalitarian regimes in Europe in the middle of the twentieth century. Instead, Derrida opts for a more balanced approach. This consists of recognising the spectre as irreducably plural and in linking it to the notion of inheritance, understood as a process of choice [….] one actively chooses what to inherit from the past. This requires a profound understanding of the same, which, after all, is what we expect of a good interpretation of history, be it in a historiographical treatise, a novel or a play (25–26).

3 San anailís a dhéantar ar L’Attaque, The Year of the French agus Northern Star, tá an t‑údar cáiréiseach — coinsiasach, fiú — chun na sraitheanna éagsúla seo thuas a chur i bhfeidhm go cothrom. Luann sé gur gá tuiscint dhomhain a bheith ag aon tráchtaire ar an tréimhse atá idir chamáin aige nó aici, agus cuireann sé ar shúile an léitheora go bhfuil an tuscint dhomhain sin aige féin: tá eolas leathan aige ar na díospóireachtaí teasaí faoi athscríobh na staire i dtreo dheireadh an chéid seo caite, gan trácht ar an ábhar teoirice agus ar na foinsí, idir Ghaeilge agus Bhéarla.

4 Roghnaíonn Markus an bhliain 1916 mar thairseach san amlíne aige mar go mb’fhacthas do chuid mhaith daoine gur réiteach áirithe a bhí in imeachtaí na bliana sin ar cheisteanna a ardaíodh i 1798 agus, thairis sin: ‘1916 has to a large degree replaced the earlier rebellion in its status of an iconic, and at the same time controversial, event’ (3). Rianaíonn sé an cur i láthair a rinneadh ar thuiscintí ar imeachtaí 1798 agus aimsíonn leanúnachas roimh agus i ndiaidh 1916 ag tosú leis an úrscéal The Rebel: A Tale of the Times le ‘A Lady,’ a foilsíodh sa bhliain 1799, bliain amháin i ndiaidh an Éirí Amach (59). Forbairt amháin atá le sonrú sa dá thréimhse sin, dar leis, is ea ‘a greater degree of inventiveness’ agus ‘a higher degree of self-reflexivity as regards their own medium’ (61) a bheith sna saothair sin a foilsíodh tar éis 1916 go háirithe, bíodh is nach bhfuil na luathshaothair dall ar fad ar a n‑acmhainn féin chun nuálaíochta. Is fiú go mór a mheabhrú go dtéann fréamhacha na nósmhaireachta seo níos faide siar ná tréimhsí an ard-nua-aoiseachais nó an iar-nua-aoiseachais. Foinse shuntasach sa mhéid seo is ea an traidisiún Protastúnach, an tslí ar spreag cuntas cuimhne Easpag Protastúnach Chill Ala, Joseph Stock, úrscéalta staire áirithe, The Year of the French ina measc. Croíshaothair eile de chuid na luath-thréimhse is ea Popular History of the Insurrection of 1798 (1870) le Patrick F. Kavanagh, a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine go forleathan, a raibh an-éileamh air agus a rinne iarracht ‘to reclaim the Rebellion for the Catholic Church by downplaying the role of the largely Protestant (and often dangerously secular) United Irishmen and stressing the role of local Wexford priest leaders’ (35). D’éirigh leis an saothar seo an tuiscint choitianta ar an Éirí Amach a dhaingniú go ceann ochtó bliain agus tá a rian le feiceáil chomh déanach leis na 1990idí déanacha, d’ainneoin idirghabháil athléamh na staireagrafaíochta idir an dá linn. Sampla ionadaíoch de chur chuige Markus is ea an ionramháil a dhéanann sé ar leabhar Kavanagh: éiríonn leis solas a chaitheamh, ní amháin ar shaothair den chineál seo agus an tslí a ndeachaigh siad i bhfeidhm ar údair eile ar de sheasaimh éagsúla idé-eolaíochta iad, ach ar thuairimí staraithe an fhichiú haois ina leith, lucht ‘athscríobh na staire,’ agus a lucht freasúra, Roy Foster, Kevin Whelan, Tom Dunne et al., go háirithe. (Arís eile, tá Markus cáiréiseach a bheith chomh tomhaiste agus is féidir leis: is ar éigean gurb ann don téarma ‘revisionism’ ina théacs gan uaschamóga na neodrachta thart air.)

5 An phríomhchúis stairiúil atá le hábharthacht imeachtaí 1798 sna saothair sin a foilsíodh ó 1916 i leith, a deir Markus, ná cor Thuaisceart Éireann, ar breathnaíodh air mar ghné d’oidhreacht 1798 a bhí fós gan réiteach don chuid is mó den fhichiú haois. Ar na gnéithe éagsúla den cheangal staire sin tá, gur i mBéal Feirste a bunaíodh gluaiseacht na nÉireannach Aontaithe, a thionscain an tÉirí Amach; agus mar a mhúscail an ceangal sin plé ar ról na bPreispitéireach i 1798 agus ar an ról a bhí ag cúrsaí aicme sa dá cheannairc (60). Ar na saothair a phléitear sa chomhthéacs sin tá an t‑úrscéal The Northern Iron (1907) le George A. Birmingham (James Owen Hannay) (1865–1950), ‘expressing an interesting version of non-militant and inclusive Presbyterian nationalism’ (63) agus ‘[which] strikingly resembles the post-revisionist interpretation of 1798, established in the 1990s’ (65), agus The Nabob (1911) le Andrew James (James Andrew Strahan) (1858–1930), ‘fascinating in its reference to various literary genres and conventions’ (63). I gconclúid chaibidil a trí tagann measúnú Markus leis an athmheas atá déanta ag roinnt scoláirí (Vincent Morley le déanaí go háirithe) ar lárnacht na litríochta i múnlú coinsiasach mheon an phobail i leith na staire mar chuid de dhioscúrsa poiblí (d’ainneoin cuid de na ‘fíricí’ stairiúla a bheith míchruinn ag an bpobal in amanna, fiú): ‘the ability of fictional works to contribute to the popular debate … is proof of their potential to lay innovative interpretations on historical events’ (87). Leantar ar an téad chéanna sa tréimhse idir 1916 agus 2000, bíodh is gur thráigh ar 1798 mar phointe tagartha, méid áirithe, i ndiaidh 1916 (ní nach ionadh), gur athraigh sé sin arís sna 1990idí.

6 Tá le sonrú i gcónaí freisin mar a théann saothair éagsúla i bhfeidhm ar a chéile, nó mar a fhreagraíonn siad dá chéile. Más beag thar ‘[a] delightful one-act, which parodies popular melodrama and satirises the incompetence of the original United Irishmen while paying tribute to their principles’ atá in Who Fears to Speak (1929) le Gerald McNamara, an chéad saothar a phléann le téama 1798 tar éis 1916 (90–91), mar sin féin ‘it finds an interesting echo in the first flashback scene of Stewart Parker’s Northern Star, which has the same setting … and features similar motifs’ (92). Ní amháin gurb é Men Withering (1939) le Francis McManus (1909–1965) an chéad saothar ‘with higher literary ambitions’ (92) a foilsíodh i ndiaidh 1916, ach ba é a thug ar Sam Hanna Bell (1909–1990) éitheach McManus, agus íomháineachas an tseargtha ina úrscéal seisean, a thabhairt i dteideal íorónta a úrscéil féin, A Man Flourishing (1973) (103–104). I measc bhuanna úrscéal McManus, tá go dtugann sé cuntas ar thaobh na cosmhuintire arb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga, go mbaineann sé leas as King Lear mar áis tagartha, agus ‘highly evocative and lyrical use of language, which succeeds splendidly in delivering the main themes of the novel […] and anticipates poetic uses of language’ ag Ó Tuairisc agus Flanagan (96). Ní i bhfách le lipéad leathan an Phrotastúnachais atá Markus agus gné an chreidimh de A Man Flourishing agus Northern Star á scagadh aige, nó deir sé gur sa Chailvíneachas Preispitéireach atá fréamhacha an úrscéil agus an dráma araon suite, ar mhaithe le codarsnacht a shonrú idir an úsáid a bhaineann an bheirt údar as fo-eilimintí den chreideamh sin:

Whereas Stewart Parker largely centres his play Northern Star around the concept of predestination, Sam Hanna Bell traces the development of Presbyterianism from the radical doctrine which had inspired the rebels of 1798 to fight for equal human rights to a master ideology used to legitimise the massive inequalities of developing capitalism (106).

7 Faraor nach aon scéal nua é an méid a deir Markus faoina laghad dua atá caite ag scoláirí ar ‘one of the most inspiring and innovative literary reflections’ (123), L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc, ach is cúiteamh ar an easpa sin caibidil a cúig de Echoes of the Rebellion. Is iad a shaibhreas suntasach stíle agus an tathag siombalach atá ann dhá phríomhbhua an úrscéil, murab ionann agus plota an scéil (124). In ionad an chur síos fhada, is fearr le hÓ Tuairisc ‘cleverly inserted details’ chun réaltacht carachtair agus fírinne suímh a theilgean, ‘as the more insightful critics have pointed out’ (127). Lonnaíonn sé L’Attaque Uí Thuairisc i gcomhluadar Joyce i ngeall ar an gcasadh íorónta, athbhríoch a bhaineann sé as ábhar miotaseolaíoch, a chaitheann amhras ar bhunluachanna an laochais phearsanta. Tá struchtúr déscartha ar an insint, nach raibh na criticeoirí ar aon fhocal faoina bhunús ná a thionchar ar an léitheoir ó thús, agus ina dhiaidh sin féin tá téacs an úrscéil roinnte ina thrí chuid — cíorann Markus cúlra agus tábhacht na geise, as a bhfuil an chéad chuid den úrscéal baiste, coincheap na tóraíochta (agus na Tóraíochta), agus ról na bó agus Táin Bó Cuailnge mar ábhar móitífe. Cuireann sé an t-úrscéal Gaeilge i gcomparáid le húrscéal Flanagan i dtaca le suarachas na trodaíochta de: in The Year of the French, ‘Teeling’s heroism is prominent,’ ach in L’Attaque ‘Lúcás’s action ... is presented as entirely futile and pointless’ (138). Rianaíonn Markus an tionchar a d’imir saothar Patrick F. Kavanagh ar údair éagsúla, ach dar leis gur eisceacht is ea L’Attaque ina thaobh seo, mar is leabhar é a bhfuil glór na cosmhuintire Gaelaí le cloisteáil ann, glór a raibh Kavanagh an-bháúil leis. Murab ionann agus Men Withering nó an mionsaothar Gaeilge, Pící Loch Garman (1964) le hAnnraoi Ó Liatháin (1917–1981), ‘there is room in the novel [i.e. L’Attaque] for the United Irishmen and their ideology, although no attempt is made to hide the fact that it became strangely distorted among the peasant population’ (139). Údar suime freisin is ea an macalla comhfhiosach a bhaintear in athuair as leanúnachas an traidisiúin. Ceanglaítear meon na cosmhuintire go dlúth le filíocht na Gaeilge fud fad an úrscéil, ní amháin i gcás sleachta as dánta a thugtar focal ar fhocal, ach i bhfoirm seanfhocal agus leaganacha cainte (141–142). De bhreis ar an méid sin, fiú amháin, úsáideann Ó Tuairisc roinnt tagairtí a mbaineann iomrall aimsire leo, ina measc ceann de na croíphointí tagartha ab ansa leis mar scríbhneoir, dán Phádraig Mhic Phiarais (1879–1916), ‘Fornocht do Chonac Thú’ (1912). Ta sé oiriúnach go leor, má chuimhnímid arís ar théis Morley maidir le feidhm na litríochta i gcomhthéacs na díospóireachta poiblí, gurb í an fhilíocht agus an amhránaíocht na foinsí as ar tharraing Ó Tuairisc na tagairtí seo. Ní fianaise ar shleamchúis iad na tagairtí seo do dhánta agus amhráin a bhí fós gan chumadh i 1798, a deir Markus, ach a mhalairt: ‘rather than results of carelessness, the anachronisms are a deliberate assertion of the continuity of the Gaelic tradition in which Ó Tuairisc placed himself’ (142). Réitíonn an tsúil chun cinn seo le nóisean an ‘spectre’ ag Derrida freisin, go deimhin. Tá ceangal gaoil idir saothar Uí Thuairisc agus Stewart Parker sa mhéid is go n‑úsáideann Parker an teicníc chéanna in Northern Star (189).

8 Tuiscint scolártha ar stair na hÉireann, formáid shuimiúil na bréagfhaisnéise, léirmhíniú dúshlánach ar 1798 agus tráchtaireacht láidir ar nádúr na staire féin na cáilíochtaí is mó is cúis le feabhas The Year of the French Flanagan, dar le Markus (157). Cé go bhfuil sé níos faide ná L’Attaque, is mó de léargas ón taobh amuigh seachas ón taobh istigh a fhaightear ann ar an gcultúr Gaelach –— toradh ar cheannasaíocht an dreama ghallda ar an láthair dhúchais, b’fhéidir (158–159). Seachnaíonn an t‑úrscéal aon mhórphrionsabal struchtúrach amháin d’aon ghnó (159) agus is é ‘probably the most thoroughly researched novel on 1798 ever written’ é (160). Ní amháin go soláthraíonn líonmhaireacht na reacairí san úrscéal dearcadh an-iltaobhach ar an Éirí Amach, ach ‘the individual narratives are often as if destabilised “within themselves,” revealing some conflict inside the character in question’ (163), gléas a fhágann blas níos daonna agus níos inchreidte ar na glórtha trína mblaiseann an léitheoir an insint. Más modh an ‘revisionist’ a ghlacann Flanagan chuige tríd is tríd, deir Markus gur saibhre an léargas a thugtar da réir: seachnaítear an ‘black-and-white nationalist narrative … [to] acquire a degree of empathy with the British side and thus, paradoxically, make highly subtle enquiries into the more sinister aspects of the British conduct’ (164). Sampla amháin den chaolchúis sin is ea lámhseáil na carachtarachta i gcás an Reverend Arthur Vincent Broome (carachtar a bhunaigh Flanagan ar an bpearsa staire, an tEaspag Stock, a luadh thuas), ‘a … subtle character, capable of profound change’ (164), nach bhfuil dall ar fhimíneacht na measúlachta: ‘His peace of mind ... is deeply shaken during encounters with respected members of English society’ (167). Cuimsíonn forbairt an charachtair athbhreithniú ar an bhfírinne a bhíonn faoi cheilt ag an téarmaíocht a úsáideann lucht an chinsil: ‘The trajectory of Broome’s transformation thus involves a careful deconstruction of the terms “civilised” and “barbarous” contained in traditional English attitudes towards Ireland’ (167). (Féach freisin Palmer (2014), ina scrúdaítear an coibhneasachas morálta agus teanga a bhain leis an dícheannadh sa nua-aois luath in Éirinn.) Anuas ar na leibhéil éagsúla insinte atá san úrscéal, tá gné shuntasach ar leith a fheidhmíonn faoi agus thar an bplota féin. Ní amháin gur úrscéal staire é The Year of the French ach is saothar é mar gheall ar an stair féin agus ar na staraithe. Dá bhrí sin is féidir é a aicmiú mar ‘the most progressive type of the historical novel, “historiographic metafiction,” which is distinguished by an explicit raising of questions related to historiography and the theory of history’ (168). I ndeireadh na feide dealraíonn sé gurb é an ceacht a bhíonn le foghlaim ag staraithe ficseanúla Flanagan ná ‘the ultimate impossibility of writing history, at least in the traditional sense’ (174). Éiríonn leis an saothar beart a mholadh chun an chonstaic áirithe sin a shárú, fiú, agus tríd an mheiteastair agus an nóta pearsanta a chumasc, ‘[it] transcends the dependence of the novel on the “revisionist” trend in Irish historiography and makes The Year of the French one of the most interesting and moving novels ever written about the 1798 Rebellion’ (177).

9 An chosúlacht is mó a fheictear do Markus idir Eoghan Ó Tuairisc agus Stewart Parker ná ‘[their] rejection of a straightforward, realistic rendering of the historical situation’ (183). Ar nós Uí Thuairisc, is é an cur chuige a chuirtear chun feidhme i ndráma Parker Northern Star, tagairtí a dhéanamh do shaothair liteartha eile chun struchtúr a bhualadh anuas ar an ábhar staire ‘and give it wider significance, while maintaining ironic distance’ (184). Saothar aisfhillteach meiteastaire is ea dráma Parker, ina ndéantar aithris ar stíleanna Richard Brinsley Sheridan (1751–1816), Dion Boucicault (1820-1890), Oscar Wilde (1854–1900), George Bernard Shaw (1856–1950), John Millington Synge (1871–1909) agus Seán O’Casey (1880–1964). Tragéide is ea é go príomha, bíodh is gur coiméidí nó greanntráigéidí ba mhó a chleacht na húdair sin, seift a ligeann do Parker ‘critical distance’ íorónta (188) a chur idir é agus imeachtaí na staire atá idir chamáin aige, arb é atá iontu iarracht chun an chosmhuintir Chaitliceach agus Phrotastúnach a aontú i gContae Aontrama aimsir an Éirí Amach. Teipeann ar an iarracht, ach níltear gan dóchas gur féidir teacht slán ó fháinne fí na cinniúna más acmhainn don chine daonna a aithint gur féidir an tsaoirse a roghnú seachas cloí leis na pátrúin a leagtar amach roimh ré agus a leantar go heireaball timpeall (194). Molann Markus an gaol atá ag an aimsir chaite leis an am i láthair a scrúdú trí iniúchadh a dhéanamh ar shiombalachas na dtaibhsí, móitíf atá lárnach in oeuvre Parker trí chéile idir na tagairtí díreacha a dhéanann sé dóibh agus na himpleachtaí atá ag gabháil leis an neamhláithreacht — pointe fillte eile ar theagasc Derrida (201).

10 Tá aithne ar Mharkus cheana mar gheall ar a spéis scolártha i saothar Eoghain Uí Thuairisc, i measc ábhair eile. Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil caibidil ar L’Attaque gar do chroílár an leabhair seo aige, ós rud é go dtagann a thiomantacht do chothrom na Féinne — an ‘more balanced approach’ sin, mar a thugann sé féin ar chuspóir Derrida i leith na staire (25) — lena thógtha a bhí Ó Tuairisc leis an socrú is gá a oibriú amach idir na gnéithe codarsnacha, nó comhlántacha, den saol agus den ealaín. Baineann dua agus priacal le haimsiú an tsocraithe sin uaireanta, agus ní amháin ag Ó Tuairisc. I mBéal Feirste sa bhliain 1969 atá an gearrscéal ‘Teas’ le Réaltán Ní Leannán suite, ‘[a]n bhliain gur bhris na Trioblóidí amach as an nua’ (70). Is é sin le rá, níor tharlú sui generis é cor na bliana sin ach cúinse a fágadh le hoidhreacht — spectre i dtéarmaí Derrida, agus taibhse de chuid 1798, i dtéarmaí Markus. Treisítear an bhraistint gur athbheochan ar chinniúint dho-éalaithe atá i gceist tríd an tsáinn ina gcuirtear príomhcharachtar an scéil, Caitlín, Bean Uí Losta. Chun a teaghlach a choinneáil slán ó chontúirt, níl an dara rogha aici ach a bealach a phiocadh idir dhá cheann na meá: ‘na leaids’ ar thaobh amháin, cuid dá pobal féin a iarrann uirthi earraí áirithe nach n‑ainmnítear a chur i bhfolach faoi chláir urláir a tí, agus arm na Breataine ar an taobh eile, a iarrann uirthi cúpla saighdiúir a ligean isteach sa teach mar fhaireoirí ar an bpobal áitiúil. Bogann struchtúr fillteach, athráiteach an scéil i leataobh ó ghnáthinsint réalaíoch é agus i dtreo saghas timthrialla atá níos cosúla le rann ramáis, nó teagasc an pharabail. Agus í ag diúltú d’iarratas an phoblachtánaigh, deir sí: ‘Ba bhreá liom ligint do na leaids an spás a úsáid’ (72). Ach amháin, mar a mhíníonn sí, go ndúirt duine de na comharsana léi:

‘... “A Bhean Uí Losta,” ar sí, “a Bhean Uí Losta, ní tharlaíonn faic na fríde i do theachsa nach gcluineann muidinne faoi. Insíonn Póilín [iníon le Bean Uí Losta] gach uile shórt dúinn [...]” Agus chomh cinnte is go bhfuil tú féin agus mé féin inár suí anseo, ní luaithe a bheadh an stuif curtha i dtaisce agat faoi na cláir sin ná bheadh sí ar shiúl síos fríd an tsráid, béalscaoilte, agus ní rún a bheadh ann níos mó’ (73).

11 Agus í ag diúltú don oifigeach airm, deir sí: ‘Ba bhreá liom comhoibriú leat air seo, a dhuine uasail,’ ach amháin go ndúirt comharsa léi:

‘...“A Bhean Uí Losta,” ar sí, “a Bhean Uí Losta, ní tharlaíonn faic na fríde i do theachsa nach gcluineann muidinne faoi. Insíonn Póilín gach uile shórt dúinn.” Agus chomh cinnte is go bhfuil tú féin agus mé féin inár suí anseo, ní luaithe a bheadh na saighdiúirí sin ar ceathrúin againn thuas ansin ná bheadh sí ar shiúl síos an tsráid, béalscaoilte, agus ní rún a bheadh ann níos mó’ (75).

12 Ní ar a gconlán féin a chuireann pobláchtánaigh an bhaile agus arm na Breataine Bean Uí Losta anonn is anall idir dhá thine Bhealtaine, cé nach ionann na dálaí a thug ann iad. Comhartha sóirt de chuid staid idir-eatarthu, neamhréitithe, iarchoilíneach na sochaí ina bhfuil na trí pháirtí sin, is ea an siar-is-aniar síorghluaisne, mar a bheadh radharc as téatar na héigéille ann.

13 Tagraíonn Markus go minic d’úrscéalta staire Sir Walter Scott (1771–1832) mar gurbh eisean a thionscain ‘the historical novel “proper”’ sna 1820idí (61). D’ainneoin na tionscnaíochta sin, áfach, cuirtear maoithneachas nó éadoimhneacht i leith Scott freisin, agus deir Markus gur mór idir a mhodh easnamhach, neamhréadúil, ‘the conciliatory model of Sir Walter Scott,’ agus an cur chuige níos oscailte a theastódh ó scríbhneoir chun dálaí stairiúla na hÉireann a léiriú, ‘noting the inappropriateness of Scott’s happy endings to the Irish historical experience’ (75). Is léir a leithne a scaip tionchar Scott ach cuimhneamh ar an mbád darb ainm ‘the Walter Scott’ (129) a scriostar agus a théann go tóin poill ar an Mississippi in The Adventures of Huckleberry Finn le Mark Twain (Samuel Clemens, 1835–1910), léiriú siombalach ar dhearcadh Twain féin. An chúis a bhí le drochmheas a bheith aige ar Scott, dar le Peter Coveney, an dochar a dhéanann an róbhéim a leagtar i gcuid d’úrscéalta Scott ar leagan rómánsúil den stair, ‘the corrupting power of romantic fiction, typified for him [Twain] in the “medieval” novels of Walter Scott’ (1983: 23). Deir Coveney gurbh é tuairim Twain go raibh Scott ciontach as stáit dheisceart Mheiriceá a bheith i ngrá le ‘dreams and phantoms,’ arbh iarmhairtí iad ar ‘monarchy and aristocracy [which] could only survive in a modern society by proliferating myth’ (24). Tá comhthreomhaireacht shuimiúil anseo le húsáid téarmaíocht Derrida in Echoes of the Rebellion, chomh maith leis an bplé ar áiteamh lucht athscríobh na staire go gcuireann an miotas (agus an béaloideas) bac ar thuiscint shoiléir ar imeachtaí na staire.

14 Is saothar fíorscolártha, leathanraonach, mionchúiseach é Echoes of the Rebellion. Mar mhaisiú ar a thábhacht mar phíosa taighde idirdhisciplíneach, tá mar a bheadh tréith uaisleachta os cionn an iomláin ann: bíonn an t‑údar scrupallach i gcónaí a gceart a thabhairt do na saothair féin nuair a bhíonn sé sin tuillte, cé nach leasc leis iad a cháineadh nuair a theastaíonn sé sin, agus is cás leis an t‑aitheantas cuí a thabhairt do chuid oibre a chomhscoláirí, bíodh sé ag aontú nó ag easaontú leo. Is beag laige atá ar an leabhar, seachas go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca den achoimre i gcaibidil dheireanach na gconclúidí in ionad sracfhéachaint chun cinn a bheith tugtha, abair, ar ghlacadh lucht léitheoireachta agus lucht freastail amharclainne leis na saothair éagsúla a phléitear, nó mar a mhúnlaigh siad smaointeoireacht an phobail sin, má mhúnlaigh.

15 Baineann aiteas áirithe eile leis an nasc a rianaíonn an t‑údar idir imeachtaí agus litríocht 1798 agus cor Thuaisceart Éireann san fhichiú haois. Luann sé cuid de na dreamanna éagsúla ar féidir breathnú orthu mar oidhrí 1798: ‘militant loyalism’ (202), ‘Unionist paramilitaries’ (120, nóta 62), ‘loyalist riots in 1997’ (117); ach ní ainmníonn sé oiread is eagraíocht amháin as measc an UDA, UVF, etc. Lena ais sin tagraítear go sonrach don IRA faoi dhó i mórán an chomhthéacs chéanna (41, 105). Sa dara sampla acu sin, déantar talamh slán den tslí a bhfreagróidh an léitheoir do ghníomh foréigin frithrialtais in A Man Flourishing le Sam Hanna Bell ar bhealach atá as alt le gnáthchothroime an leabhair trí chéile:

Together with other criminal methods not only proposed, but actually applied by this sinister character [Doctor Gannon, ceannasaí coirpeach i mBéal Feirste] throughout the course of the novel, it inevitably reminds the reader of terrorist acts perpetrated by the IRA (105).

16 Tá dhá cheist bhreise a mhúsclaíonn an leabhar. Ar an gcéad dul síos, más ionann i gcónaí, geall leis, mar a thaispeánann Markus, saothar liteartha ar théama Éirí Amach 1798 a bheith níos caolchúisí, níos cumasaí agus níos críochnúla, agus tuiscint a bheith ag údar an tsaothair sin ar nádúr casta, iltaobhach na n‑imeachtaí staire a bhaineann le hábhar, an dtugann sé sin le fios nó le tuiscint nach féidir le saothar atá níos dírí maidir le claonadh dílseachta a rangabháil mar ‘mhórshaothar,’ dá fheabhas a bheadh an saothar sin mar phíosa scríbhneoireachta?

17 An cheist a spreagtar ar an dara dul síos, d’fhéadfaí a rá gur meiteacheist í i ndáiríre, nó meiteacheist reitrice, b’fhéidir. Is é sin ceist an taighdeora atá ag plé le stair agus litríocht na hÉireann a bheith ábalta nó gan a bheith ábalta na foinsí Gaeilge, idir fhoinsí scríofa agus foinsí ó bhéal, a thuiscint agus a chur san áireamh. Is ceist í seo ar fhill Vincent Morley uirthi le déanaí, agus níor chuir sé fiacail ann:

It is a truism that the culture of any society will remain inaccessible to those who cannot understand its language or read the written sources it produced. Historical researchers cannot engage with popular culture if the speech of a community is unintelligible to them. […] Irrespective of an author’s subjective intentions, an exclusively anglophone methodology cannot fail to privilege the élite over the popular, the colonial over the native, the Protestant over the Catholic, the loyal over the disaffected, the urban over the rural, and the eastern seabord over the rest of the island (2017: 309–310).

18 Bíodh sin mar atá, a deir Morley, ‘grounds for cautious optimism exist at present’ (310). Ábhar dóchais is ea Echoes of the Rebellion, ní amháin mar go neartaíonn sé argóint Morley faoin nGaeilge a bheith éigeantach don taighdeoir iontaofa, ach thairis sin arís mar go ndéanann a údar talamh slán den mhéid a deir Morley. Is deacra go mór a bheidh sé cur in aghaidh na hargóna sin feasta i bhfianaise an leabhair seo, agus is chun leas na scoláireachta trí chéile é sin.

Ian Ó Caoimh

Saothair a ceadaíodh

Coveney, P. (1983) ‘Introduction’. In: Twain, M. (1884 [1983]) The Adventures of Huckleberry Finn. Harmondsworth: Penguin.

Hanley, B. agus Millar, S. (2009) The Lost Revolution: The Story of the Official IRA and the Workers’ Party. Dublin: Penguin.

Lucy, N. (2003) A Derrida Dictionary. Massachusetts: Blackwell.

Morley, V. (2011) Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Morley, V. (2017) The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland. Cork: Cork University Press.

Nic Eoin, M. (1988) Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ní Leannáin, R. (2015) Dílis. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Tuairisc, E. (1987) ‘Canúnachas’. In: Nic Eoin, M. (eag.) Religio Poetae agus Aistí Eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta: 21–26.

Palmer, P. (2014) The Severed Head and the Grafted Tongue: Literature, Translation and Violence in Early Modern Ireland. New York: Cambridge.

White, H. (1975) Metahistory. Baltimore: Johns Hopkins University Press.

White, H. (1990) Tropics of Discourse. Baltimore: Johns Hopkins University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626