Cosc ar chluichí gallda: uirlis náisiúntachta ag Cumann Lúthchleas Gael (1885–1935)

Cathal Billings

1 Chuir Cumann Lúthchleas Gael (CLG) cosc ar a chuid ball páirt a ghlacadh in imeachtaí aon chumainn eile den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1885. Bhí feidhm phraiticiúil leis an gcosc seo ag an am: pobal imeartha dílis a chinntiú don chumann óg nach raibh ach cúpla mí ar an bhfód. Ní raibh tábhacht mhór pholaitiúil ná idé-eolaíoch leis an gcosc go fóill, rud ba léir nuair a fuarthas réidh leis i 1896 nuair a ceapadh go raibh sé ag déanamh dochair d’imirt na gcluichí. Nuair a tugadh feidhm dó arís i 1905, áfach, bhí an ghné pholaitiúil de i bhfad níos treise ann agus an cosc anois ina léiriú ar theacht chun cinn an náisiúnachais a spreag agus a chothaigh an athbheochan chultúrtha, a raibh CLG chun tosaigh inti. Thar na blianta corraitheacha ina dhiaidh sin, chlaochlaigh an cosc ina uirlis dogma agus bholscaireachta, é ina shiombail den scaradh deireanach idir Gael agus Gall agus coinníodh i bhfeidhm é go dtí 1971. De réir CLG, bhí an cosc ina straitéis chosanta riachtanach má bhíothas chun an tír a dhíshacsanú agus a chosaint ar thionchar an ghalldachais, a bhí á scaipeadh trí mheán cluichí gallda.

2 Ba é an traidisiún a samhlaíodh a bheith ag cluichí CLG a dhealaigh iad ó na cluichí gallda seo. Leag bunaitheoirí CLG béim ar an traidisiún a bhain lena gcluichí féin i gcomparáid le cluichí eile in Éirinn agus mhaígh siad go raibh dúchas agus ársaíocht ag baint leis an iomáint agus leis an bpeil Ghaelach, iad ina sainchluichí Éireannacha a bhí á n-athbheochan acu. Is cleachtadh comónta é seo i gcomhthéacs gluaiseachtaí rómánsacha náisiúnacha amhail CLG, mar atá pléite ag Eric Hobsbawm i gcomhthéacs an náisiúin: ‘Modern nations … generally claim to be the opposite of novel, namely rooted in the remotest antiquity, and the opposite of constructed, namely human communities so natural as to require no definition other than self-assertion’ (1983: 14). Agus traidisiúin á n-athbheochan, ba ghnách le hathbheochanóirí ar fud an domhain leanúnachas a dhearbhú le traidisiún nó le traidisiúin ar leith a bhí oiriúnach dá n-idéil agus dá bhfís féin, ach is minic na traidisiúin seo a bheith cumtha (Hobsbawm 1983: 1). Sa bhealach seo, baineadh leas straitéiseach as an traidisiún cumtha d’fhonn cuspóirí ar leith a bhaint amach:

Plenty of political institutions, ideological movements and groups — not least in nationalism — were so unprecedented that even historic continuity had to be invented, for example by creating an ancient past beyond effective historical continuity, either by semi-fiction or by forgery (Hobsbawm 1983: 7).

3 Tá sé seo le sonrú i gcomhthéacs thraidisiún cumtha na gcluichí Gaelacha, nuair a rinneadh dearmad den dúchas comónta atá ag cuid mhór de na cluichí liathróide mar chluichí traidisiúnta neamhrialaithe agus leagadh béim ar an ngalldachas a bheith bunúsach i gcluichí áirithe i gcomparáid le cluichí ársa CLG. Reáchtáil CLG, le tacaíocht ó eagraíochtaí náisiúnacha eile agus le tacaíocht an rialtais i ndiaidh bhunú an stáit, dianfheachtas bolscaireachta i gcoinne cluichí gallda in ainm chosaint na tíre. Níor cuireadh an cosc seo i bhfeidhm go leanúnach ar gach spórt gallda, áfach — ‘selective rejection’ nó eiteachas roghnaitheach a bhí ann, próiseas atá comónta i gcomhthéacs gluaiseachtaí náisiúnacha (Comerford 2003: 220).

4 San alt seo, pléifear idé-eolaíocht agus cur i bhfeidhm chosc CLG ar chluichí gallda i ndeireadh an naoú céad déag. Scrúdófar éabhlóid an choisc de réir mar a tháinig borradh faoin náisiúnachas cultúrtha i dtús an fichiú haois agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Pléifear an traidisiún cumtha, mar atá sé mínithe ag Hobsbawm, i gcomhthéacs na hathbheochana cultúrtha agus an leas a bhain CLG as an traidisiún sin le stádas ar leith a bhaint amach dá chluichí féin i saol na hÉireann, rud a chuidigh leo seasamh leis an mbeartas eisiach seo. Déanfar stair na gcluichí gallda in Éirinn a ríomh agus breathnófar ar na hiarrachtaí a rinneadh na cluichí sin a dhíbirt ón saol náisiúnta agus an cosc á chur i bhfeidhm mar uirlis chosanta ag an nGaelachas. Scrúdófar an reitric fhrith-Shasanach a bhí le feiceáil san fheachtas bolscaireachta a reáchtáladh i gcoinne na gcluichí gallda, go háirithe i nuachtán CLG agus Chonradh na Gaeilge, An Camán, sna 1930idí ina bhfeictear an tábhacht a ceanglaíodh leis an gcosc ar chluichí gallda mar líne chosanta idir Gael agus Gall. Tuigfear ón bhfianaise seo gur chun leas CLG a bhí an cosc, gur chuidigh sé leis an gcumann cur i gcoinne a chuid iomaitheoirí móra i ndomhan an spóirt chomh maith le ról lárnach a bhaint amach do na cluichí mar shiombail den náisiúntacht Éireannach i dtús an fichiú haois.

Cosc CLG ar chluichí gallda

5 Agus Cumann Lúthchleas Gael á bhunú aige i 1884, theastaigh ó Mhicheál Ciosóg cur i gcoinne shacsanú na tíre trí riaradh na lúthchleasaíochta in Éirinn a thabhairt faoi bhainistíocht dúchais, chomh maith leis na cluichí dúchasacha, an iomáint agus an pheil Ghaelach, a athbheochan. Sa litir a scríobh sé in United Ireland i nDeireadh Fómhair 1884, ‘A Word about Irish Athletics,’ a d’fheidhmigh mar chatalaíoch do bhunú CLG, chuir sé in iúl go raibh an lúthchleasaíocht in Éirinn faoi cheannas dreama a bhí dílis do nósanna spóirt Shasana agus nár thug cothrom na féinne do chosmhuintir na hÉireann:

A few years ago a so-called revival of athletics was inaugurated in Ireland. The new movement did not originate with those who have ever had any sympathy with Ireland or the Irish people. Accordingly labourers, tradesmen, artists and even policemen and soldiers were excluded from the few competitions which constituted the lame and halting programme of the promoters. Two years ago every man who did not make his living either wholly or partly by athletics was allowed to compete. But with this concession came a law which is as intolerable as its existence in Ireland is degrading. The law is, that all Athletic meetings shall be held under the rules of the Amateur Athletic Association of England and that any person competing at any meeting not held under those rules should be ineligible to compete anywhere. The management of nearly all the meetings held in Ireland since has been entrusted to persons hostile to all the dearest aspirations of the Irish people (Cusack 1884).

6 Go deimhin, ba nós coitianta é i gcumainn spóirt ar fud na Ríochta Aontaithe baic a bheith i bhfeidhm ar sciar faoi leith den phobal. Go hoifigiúil, bhí na baic seo bunaithe ar thuiscintí Victeoiriacha ar an amaitéarachas ach is éilíteachas agus aicmeachas a bhí i gceist go fírinneach, a d’fhéach leis an lucht oibre a choinneáil amach ó na leibhéil is airde de chomórtais agus de bhainistíocht na gcumann (Rouse 2015a: 141–143).

7 Freagra air seo ab ea an chéad chosc a chuir CLG i bhfeidhm ar Lá Fhéile Pádraig 1885: ‘Any athlete competing at meetings held under the laws other than those of the GAA shall be ineligible for competing at any meeting held under the auspices of the GAA’ (luaite in Mandle 1987: 22). Is fíor go raibh ceannairí an chumainn óig ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus na cumainn spóirt eile sa tír a bhí ‘gallda,’ ach bhí feidhm phraiticiúil leis an gcosc freisin nuair ba bhealach é le baill agus na táillí a ghabh leo a chinntiú i laethanta luatha an chumainn. Níl aon amhras ach go raibh tábhacht pholaitiúil leis an mbac a cuireadh ar bhaill den RIC a bheith páirteach in CLG i 1887, áfach, rud a léiríonn tionchar an IRB a bhí ag insíothlú isteach sa chumann de réir a chéile (Rouse 1993: 342).

8 Ba bheag nár scrios scoilteanna inmheánacha polaitiúla CLG sna 1880idí déanacha agus sna 1890idí luatha, áfach. Mar sin, bhog CLG amach ón bpolaitíocht náisiúnach agus cuireadh deireadh leis an gcosc ar chluichí gallda i 1896 de bharr gur bhraith ceannairí CLG go raibh sé ag teacht salach ar dhul chun cinn na gcluichí. Tháinig feabhsuithe móra ar riaradh agus ar imirt na gcluichí le linn na mblianta seo nuair a bhí an lucht ceannais dírithe ar an bhforbairt. Féachadh le deireadh a chur leis an mbrúidiúlacht sa pheil thraidisiúnta, rud a chuir as do Mhuiris Ó Dáimhín agus CLG á bhunú i 1884. Tugann Séamas Ó Caoimh cuntas ar an mbrúidiúlacht seo ina bheathaisnéis, An Sléibhteánach:

Ach tháinig meath mór ar an bpeil sa dúiche timpeall deire na haoise seo caite, pé cúis a bhí leis, cé gur cuimhin liom féin bheith ag cluiche i bPáirc an Chlampair sa bhliain 1896. […] Gleann na Faille agus Carraig na nGabhar a bhí ag imirt agus má bhí na cluichí go léir a dh’imríodh ann ar aon dul le hiomrascáil an lae sin níorbh aon leasainm é ‘Páirc an Chlampair’. […] Bhí ceithre ghaiscíoch déag is fiche smeartha le fuil tar éis fiche nóiméad. Bhíodar basctha, buailte, brúite (Ó Caoimh 1989: 154).

9 Theastaigh athdhearadh na rialacha i ndeireadh na 1890idí chun an cluiche a chaighdeánú agus a scaradh go soiléir ón rugbaí agus ón sacar, agus tugann Ó Caoimh cuntas ar thabhairt isteach rialacha CLG ‘do réir a chéile’ (Ó Caoimh 1989: 157); tharraing sé seo níos mó airde ar na cluichí mar shiamsaíocht agus mheall cluichí CLG sluaite ní ba mhó ina dhiaidh sin.

Fás an náisiúnachais chultúrtha agus cosc CLG

10 Tháinig an pholaitíocht chun cinn arís in CLG i mblianta luatha an fichiú haois, áfach. Spreag comóradh céad bliain Éirí Amach 1798 agus Cogadh na mBórach atmaisféar frith-Shasanach agus bhí sé seo le brath in CLG agus an IRB athaontaithe ag réiteach le ceannas a ghlacadh ar an gCumann an athuair. I 1901, ghlac CLG seasamh oscailte frith-Shasanach nuair a tugadh feidhm don chosc arís:

At this adjourned meeting O’Sullivan made an impassioned speech on behalf of a lengthy motion that called for a retention of the Ban. After a long discussion the association pledged itself to ‘resist by every means in their power, the extension of English pastimes to this country’; to empower county boards to disqualify those who ‘countenanced’ non-national sports; and to call upon ‘young men of Ireland not to identify themselves with Rugby of Association football, or any form of imported sport’. The association also resolved to use Gaelic lettering, commission medals of only Irish manufacture and to support actively the Irish language and industrial movements. Nowlan, elected president, began from the start to sign the minutes in the Irish form of his name (Mandle 1987: 123).

11 Cé gur fágadh faoi bhoird chontae éagsúla a gcinneadh féin a dhéanamh maidir leis an gcosc a fhorghníomhú, ba léiriú é ar an athrú meoin sa chumann agus sa tír i gcoitinne. Treisíodh agus daingníodh an cosc i 1905 nuair a cuireadh cosc iomlán ar bhaill CLG páirt a ghlacadh i gcluichí gallda nó a bheith i láthair acu: ‘That persons who play rugby, soccer, hockey, cricket or any imported games shall be suspended for two years from date of playing such games, and this rule to take effect from 1 February 1905’ (CLG 1905). Mhair an cosc seo go dtí 1971. Sa bhreis air sin, i 1906, coisceadh baill na bhfórsaí slándála in Éirinn ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí CLG: ‘That policemen, militiamen and soldiers on active service be prevented from playing hurling or football under GAA laws’ (CLG 1906). In ainneoin go bhféadfadh na rialacha seo baill nua a chur ó dhoras, léiríonn an seasamh idé-eolaíoch a glacadh an tionchar a bhí ag an náisiúnachas cultúrtha ar an gCumann.

12 Bhí a thionchar le sonrú chomh maith i gConradh na Gaeilge, a bhí ina chomhghuaillí idé-eolaíoch ag CLG mar chuid den athbheochan chultúrtha tar éis a bhunaithe i 1893 (Ó Conchubhair 2009: 21). Cumann neamhpholaitiúil neamhsheicteach a bhí ann de réir a bhunreachta, a raibh sé mar phríomhchuspóir aige an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge a chaomhnú agus a athbheochan. Aithníodh san am céanna an tábhacht shóisialta, pholaitiúil agus eacnamaíoch a bhain leis an mBéarla agus cuireadh idéal an dátheangachais chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs an oideachais. Le fás an náisiúnachais chultúrtha i dtús an fichiú haois tháinig idé-eolaíocht ní b’antoiscí chun cinn i measc Conraitheoirí áirithe, a d’éiligh díbirt an ghalldachais i ngach gné de shaol na hÉireann. Bhí sé seo le sonrú sa reitric a tháinig chun cinn in ailt in An Claidheamh Soluis, uirlis oifigiúil Chonradh na Gaeilge, mar a raibh idéal na hÉireann Éireannaí á chur chun cinn:

A very great deal remains still to be done before the ideal of a completely appointed Irish Ireland is realised. For it had better be remembered that our mission is to thoroughly Irishise every department of life in Ireland — public and private — educational, social, legal and political; yes, we shall never be satisfied till Irish is the language and Irish is the spirit of every school from the least important primary school in Baile i bhfad Siar right up to the National University and Trinity College; of every law court in the country from the pettiest Petty Sessions Court in Connemara or Cork to the Supreme Court of Judicature in Dublin; of every race meeting and fashionable gathering from the shabbiest ‘flapper’ affair right up to Punchestown or the Horse Show at Ballsbridge (An Claidheamh Soluis 1910: 7).

13 Tháinig borradh faoin gcomhoibriú idir CLG agus Conradh na Gaeilge i mblianta luatha an fichiú haois mar chuid de ghluaiseacht Éire Éireannach agus ba iad an dá chumann chultúrtha ba mhó sa tír iad, leis na céadta míle duine ina mbaill díobh (McGarry 2010: 25). Ghríosaigh siad a gcuid ball chun ballraíocht a ghlacadh in eagraíochtaí a chéile agus tháinig borradh faoi chúig faoi líon craobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na tíre idir 1900 agus 1905 (Ó hAilín 1969: 99). Tá tionchar Chonradh na Gaeilge ar CLG le feiceáil sa bheartas teanga a cuireadh i bhfeidhm in CLG ó thús an chéid ar aghaidh (Billings 2013: 32–53) agus sa seasamh a ghlac CLG maidir le cosc a chur ar bhaill a ghlac páirt i ndamhsaí gallda nó in imeachtaí sóisialta eagraíochtaí gallda (Rouse 2015b: 16). Ar aon dul leis sin, is iomaí club CLG a ghlac cúraimí teanga orthu féin agus chuir craobhacha den Chonradh cluichí Gaelacha chun cinn. Eiseamláir den chumann Éire Éireannach idéalach seo ab ea craobh Thír na nÓg den Chonradh i mBéal Feirste, a chuir tús leis an iomáint sa chathair i 1900:

In addition to teaching the Irish Language, the Tír na nÓg branch of the Gaelic League sought to revive traditional Irish Dances and games in Belfast. McCullough reported: ‘although none of us posed as athletes or disciples of the dance, we then struggled manfully to master the camán or grasp the mysteries of the Rince Fada’. […] The contribution of the Tír na nÓg branch of the Gaelic League to the revival of hurling in Belfast was echoed elsewhere in Ireland. After 1900 it became common for Gaelic League branches to establish their own hurling clubs and affiliate with the local GAA county board if one existed (Hay 2009: 26).

14 San aeráid pholaitiúil seo, reáchtáil CLG feachtas i gcoinne na gcluichí gallda, a bhí mar chuid d’fheachtas níos leithne chun cultúr na hÉireann a ghlanadh de thionchar na hiasachta tríd síos. Tagraíonn Castle don mheon seo mar ‘xenophobic nativism,’ a bhí ‘at times just as racist and intolerant as the colonialist disavowal of the native’ (2001: 238). Ba é an traidisiún a samhlaíodh leis na cluichí Gaelacha agus an dúchas ársa a luadh leo a chuir ar a chumas do CLG an beartas frith-Shasanach seo a cheapadh mar straitéis chosanta ag an gcultúr Gaelach ar an ngalldachas.

An ‘traidisiún cumtha’ agus athbheochan na gcluichí Gaelacha

15 Athbheochan chluichí dúchais na hÉireann, an iomáint agus an pheil Ghaelach, a bhí ar cheann de chuspóirí bhunaitheoirí CLG i 1884. Bunaíodh CLG sa tréimhse chéanna inar bunaíodh an-chuid cumann spóirt ar fud an domhain mar chuid d’fheiniméan idirnáisiúnta ag deireadh an naoú haois déag, ina raibh cluichí á gcódú agus á rialú faoi stiúir eagraíochtaí nua-aimseartha (Holt 2009). Dá bharr sin, bhí an-tábhacht ag baint leis an traidisiún agus an ársaíocht dhothomhaiste a samhlaíodh leis na cluichí Gaelacha seo a bhí á n‑athbheochan ag CLG. Dhealaigh sé seo iad ó chluichí eile a bhí in iomaíocht leo:

It was particularly important that hurling had so long and illustrious a past, a past that extended into legend and fantasy. Irish men seeking to maintain a national identity against the increasingly powerful and wide-ranging influence of England could find many of the values they sought in ‘the hurling’ (Mandle 1987: 14).

16 Leag Micheál Cíosóg agus an chéad phátrún ar CLG, an tArd-Easpag Cróc, béim ar thraidisiún na gcluichí Gaelacha agus CLG á bhunú i 1884. Ba chluichí iad seo a cheangail lena sinsir iad agus a chothaigh ‘the incomparable strength and physique of our race,’ de réir Chíosóig (Cusack 1884). Chuir Cróc i gcomparáid le cluichí gallda iad: ‘such foreign and fantastical field sports as lawn-tennis, polo, croquet, cricket, and the like,’ a bhí ag glacadh áit na gcluichí dúchais sa tír, dar leis féin (Croke 1884). Bhí athmhúscailt agus athneartú an chine Ghaelaigh i gceist leis an tionscnamh náisiúnta seo, a chuir an Gael traidisiúnta tuaithe i gcomparáid leis na ‘degenerate dandies’ a bhí á gcothú ag cluichí Sasanacha (Croke 1884). Chonacthas do Chíosóg gur slabhra órga a bhí san iomáint, a d’fheidhmigh mar cheangal leis na laochra miotaseolaíocha ó thréimhse réamhstaire, nuair a bhí Éire faoi cheannas Gael agus an cultúr Gaelach, mar a shamhlaigh sé féin é, in ard a réime. B’ionann seo agus an slabhra órga a shamhlaigh lucht Chonradh na Gaeilge leis an teanga, a cheangail iad lena sinsir Ghaelacha, le hÉirinn na mbard agus na ríthe: ‘that language which was a golden chain to connect the present with the past of their country, with the ages of Irish saints and heroes from the apostle St Patrick to the lionhearted and patriotic John McHale’ (luaite in Ó Conchubhair 2009: 21–22; féach freisin Comerford 2003: 225). Ba léir an nasc a shamhlaigh Cíosóg idir na cluichí agus dúchas na tíre agus é ag scríobh i 1888 faoi fheabhas agus iontas shibhialtacht ársa na hÉireann: ‘I thought that I could revive some of Banba’s olden glories, and I accordingly took up one of her husband’s ash wattles, and — louder than ever a Frenchman cried “to the barricades” I shouted “to the hurling field”’ (luaite in Rouse 2015a: 13). Ba é an traidisiún a shamhlaigh Micheál Cíosóg a bheith ag na cluichí Gaelacha a spreag é chun cúl a chasadh le cluichí gallda agus tabhairt faoi shainchluichí ársa Gaelacha a athbheochan (Ó Caithnia 1982: 159; Mandle 1987: 2). Chuaigh an trácht a bhí in Irisleabhar na Gaedhilge ar Fhionn agus na Fianna go mór i bhfeidhm air agus leag sé béim ar an nasc idir an iomáint agus na laochra Fiannaíochta:

The full strength of Fionn’s national guard in the fourth century was one hundred and five thousand men. When I look at a good hurling match I go back to the past, a film comes over my eyes, and through that film the scene is transformed. The forty-two players become three times one-hundred-and-five-thousand hurlers, sweeping across the country with the speed of a cloud shadow on a March day (Cusack 1888, luaite in Rouse 2015a: 174).

17 Bhí tionchar nach beag ag scéal Chú Chulainn ar an gCíosógach freisin. Cuireadh leagan nua-aimseartha de scéal Chú Chulainn ar fáil i leabhar Standish James O’Grady, Cuculain: An Epic, i 1882 agus chuir sé seo laoch eiseamláireach Gaelach ar fail le hidéalú agus aithris a dhéanamh air. Fuair scríbhneoirí Angla-Éireannacha inspioráid ón stair mhiotaseolaíoch chéanna agus bhain siad leas as na laochra céanna mar bhunús drámaí agus saothar litríochta (Tierney 1962: 453). D’aithin O’Grady féin an tábhacht a bhain leis an gcineál seo staire maidir le mórtas náisiúnta a chothú:

A nation’s history is made for it by circumstances, and the irresistible progress of events; but their legends, they make for themselves. [...] The legends represent the imagination of the country; they are that kind of history which a nation desires to possess. They betray the ambition and ideals of the people, and, in this respect, have a value far beyond the tale of actual events and duly recorded deeds, which are no more history than a skeleton is a man. Nay, too, they have their own reality. They fill the mind with an adequate and satisfying pleasure. They present a rhythmic completeness and a beauty not to be found in the fragmentary and ragged succession of events in time. Achilles and Troy appear somehow more real than Histioeus and Miletus; Cuculain and Emain Macha than Brian Boromh and Kincorah (1878: 22).

18 D’fheidhmigh na naisc seo le traidisiún ársa Gaelach mar ‘a principal source of cultural integrity and validity’ (O’Leary 1994: 30), a thug seasamh ní ba dhaingne do ghluaiseachtaí athbheochana na hÉireann.

Athshamhlú straitéiseach an traidisiúin agus an t‑eiteachas roghnaitheach in athbheochan na gcluichí Gaelacha

19 Mar a luadh thús, is fíor do phróiseas an athchoincheapaithe sa stair nuair a thagann an tAthbheochan chultúrtha in Éirinn i gceist, mar a deir Castle:

Yet despite the significant differences between and among revivalists and revivalist groups, there is plentiful evidence of a shared attitude toward the past, which takes the form typically of tactical revisions of historical narratives and the redeployment of rhetorical tropes and images in the service of redefining the Irish future (2011: 292).

20 Pléann Stewart athshamhlú straitéiseach an traidisiúin i gcomhthéacs gluaiseachtaí náisiúnacha athbheochana, amhail CLG, agus déanann sí cur síos air sin mar ‘an attempt to erase the actual past in order to create an imagined past which is available for consumption’ (1993: 143). Mar chuid den phróiseas seo, ní mór codanna áirithe den traidisiún nó den stair nach réitíonn le hidéil an athbheochanóra a eisiamh. Seo é an ‘selective rejection’ nó an t‑eiteachas roghnaitheach a luadh cheana: ‘Definition of the nation by selective rejection is one of the key ways in which nationalists contribute to nation invention’ (2003: 220). Aithníonn Tierney an t‑eiteachas roghnaitheach seo i ngluaiseachtaí réabhlóideacha amhail CLG:

The revolution is by definition a rejection of the past, a repudiation of tradition. Bits of tradition it will of course use, but it will fit them into a new pattern. Apart from what it selects for its own purposes, it dislikes and would destroy everything from the past that might divert men’s minds from its own preoccupations and ideals (1962: 461).

21 Bhí an t‑eiteachas roghnaitheach seo le feiceáil sna leaganacha de na cluichí Gaelacha a rinne CLG a athbheochan. Ba chluichí pobail neamhrialaithe iad an pheil agus an iomáint a bhí á n‑imirt faoi rialacha éagsúla ar fud na tíre roimh bhunú CLG, rud ba bhuairt do Mhuiris Ó Dáimhín ina litir chuig United Ireland i nDeireadh Fómhair 1884, mar fhreagra ar litir Chíosóig an tseachtain roimhe sin (Davin 1884). Nuair a bhí cluichí CLG á gcaighdeánú agus á rialú, rinneadh neamhaird de leaganacha eile den ‘iomáint’ a bhí á n‑imirt sa tír agus a bhí chomh dúchasach céanna i gceantair áirithe. Samhail Mhichíl Chíosóig agus Mhuiris Uí Dháimhín de na cluichí a bhí i gceist le cluichí rialaithe ‘nua-aimseartha’ CLG, rud a léiríonn an t‑eiteachas roghnaitheach go soiléir:

‘Rediscovery’ usually involves an invention of tradition, creating a packaged, homogenised and often false version of an idealised popular culture. The relationship of hurling and the newly established Gaelic Athletic Association in the 1880s shows this third phase with textbook clarity. Thus, when Michael Cusack set about reviving the game, he codified a synthetic version, principally modelled on the southern ‘iomáin’ version that he had known as a child in Clare. Not surprisingly, this new game never caught on in the old ‘commons’ area, with the Glens of Antrim being the only major exception (Whelan 1993: 30).

22 Bhí iomáint na Mumhan éagsúil le cluichí Dhún na nGall nó thuaisceart Aontroma, mar shampla, cluichí a bhí ní ba chosúla le camánacht na hAlban (Ó Maolfabhail et al. 2009: 62–78). Agus stair na hiomána á cíoradh agus á hinsint sna blianta i ndiaidh bhunú CLG, tugadh ‘hurling’ ar gach cluiche maide agus liathróide dúchasach, rud a threisigh an traidisiún a samhlaíodh a bheith ag iomáint CLG:

The atmosphere in which the texts were studied and translated necessarily prompted a heady blend of nostalgia and nationalism. With few exceptions, translations rendered otherwise simple and often unaccompanied terms for ball, stick, game, goal, or even hoop by the catch-all ‘hurling’. This has inevitably led historians and fans alike to grant the sport of hurling an unassailable antiquity (Gleason 2009: 5).

23 Tugann an cás seo léargas ar an teip a d’fhulaing CLG ó shin i leith maidir leis an iomáint a chur chun cinn i gceantair áirithe. Sa chaoi seo, baineadh leas straitéiseach criticiúil as an traidisiún agus ba é eisiamh leaganacha áirithe de na cluichí an toradh a bhí ar an bpróiseas athbheochana, fiú amháin i gcomhthéacs na gcluichí ‘dúchais’ féin.

An t‑eiteachas roghnaitheach i gcomhthéacs cluichí gallda in Éirinn

24 Is soiléire fós an t‑eiteachas roghnaitheach mar chuid den athbheochan i gcomhthéacs an choisc a chuir CLG i bhfeidhm ar chluichí gallda. Baineadh leas as an spórt agus as baic sa spórt le cultúr na hÉireann a aonrú agus a idirdhealú ó chultúr Shasana. Tá sé seo pléite ag Davis i gcomhthéacs an chruicéid in Éirinn agus san India, dhá náisiún a roghnaigh modhanna éagsúla chun an fhéiniúlacht náisiúnta a chur in iúl trí mheán an spóirt: ‘An ex-colonial country may seek national identity through competition on playing, rather than on battle, fields, against its former imperial ruler, or by boycotting the games of the latter while asserting an independent sporting tradition’ (1994: 77). Thug na cluichí Gaelacha deis d’fhir na hÉireann (agus do mhná na hÉireann ní ba dhéanaí le tús na camógaíochta i 1904) a bhféiniúlacht féin a chur in iúl trí mheán cluiche náisiúnta: ‘One of the most readily accessible manners of defying the British and celebrating ones “Irishness” was participation in Gaelic games’ (McDevitt 1997: 265).

25 Agus cluichí gallda á gcur faoi chois ag CLG, féachadh leis an stair a bhí ag na cluichí seo in Éirinn a scrios agus tugann Bracken ‘historical amnesia’ ar an bpróiseas i gcomhthéacs an chruicéid (Bracken 2004: 1); tá an téarma céanna oiriúnach i gcás na gcluichí ar fad a cuireadh faoi chois. Ba chluichí iad a bhí á n‑imirt go forleathan in Éirinn roimhe sin. Agus cluichí Gaelacha ag meath go mór le linn an naoú céad déag, líon cluichí eile an folús sin mar chluichí pobail agus bhí na cluichí inmhalartaithe lena chéile beag beann ar cheisteanna polaitiúla:

Up to a certain chronological point … sporting codes remained flexible enough for clubs to seamlessly switch allegiance without much in the way of social or cultural restraint — the GAA, at least prior to the turn of the twentieth century and perhaps slightly later, was no exception to this trend (O’Callaghan 2011: 147).

26 Is éard a bhí i gceist le spórt do na rannpháirtithe ná siamsaíocht, iomaíocht agus briseadh ó struchtúir shóisialta an lae oibre (Bracken 2004: 92). Ba chluichí pobail iad, amhail cluichí Gaelacha, a d’eascair as na fréamhacha céanna i roinnt cásanna agus a raibh an-tóir orthu. Léiríonn cosúlachtaí idir na cluichí uile, idir Ghaelach agus ghallda, tábhacht an traidisiúin a samhlaíodh le cluichí CLG a thug stádas eisceachtúil dóibh mar shainchluichí ársa Gaelacha.

Rugbaí

27 Tá na cosúlachtaí idir na cluichí liathróide éagsúla pléite go mion ag Liam Ó Caithnia ina shaothair staire ar an iomáint (Scéal na hIomána (1980)) agus ar an bpeil Ghaelach (Báirí Cos in Éirinn (1984)) in Éirinn roimh bhunú CLG. Míníonn sé a ghaire a bhí an pheil dhúchasach a d’imrítí in Éirinn don rugbaí mar a rialaíodh é i Sasana sna 1870idí luatha agus maíonn sé gur as na fréamhacha céanna a d’eascair siad (1984: 172). Tacaíonn O’Callaghan (2011: 14) agus Van Esbeck (1974: 12) leis an tuairim seo agus cuireann siad in iúl gurbh ionann caid na Mumhan agus rugbaí. D’fhág a ghaire a bhí an pheil Ghaelach don rugbaí agus don sacar gur thug uachtarán CLG Phort Láirge, W.J. Fisher, le fios i litir a chuir sé chuig an Freeman’s Journal i 1886 maidir le leasuithe ar rialacha peile CLG gur ‘a conglomeration of Rugby, association and Irish football, and foisted upon the country as a Gaelic Sport’ a bhí inti (in Corry 2009: 28). Ba é sabóideachas an rugbaí agus polaitíocht an lucht stiúrtha, seachas cineál an chluiche, ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar imreoirí na Mumhan maidir leis an leagan den ‘pheil’ a d’imir siad; d’imrítí cluichí CLG ar an Domhnach, rud a d’fhág go bhféadfadh an lucht oibre páirt a ghlacadh sna himeachtaí sin seachas in imeachtaí oifigiúla an chumainn rugbaí (Garnham 2004: 65–78). Bhunaigh fear CLG as Corcaigh, J.F. Murphy, an Munster National Football League i 1886 d’fhonn deis imeartha a thabhairt d’fhir ar an Domhnach, ach cuireadh Murphy ar fionraí ó CLG go gairid ina dhiaidh sin ar feadh dhá bhliain de bharr go raibh na rialacha imeartha díreach cosúil le rugbaí:

Surviving reports indicate that an exasperated Michael Cusack may have been right in dubbing the new code ‘the Murphy rugby association’. With the scoring method involving touching the ball over the opposition’s defensive line and kicking for goal, and a preponderance of heavy forward drives, it seems clear that J.F. Murphy and his cohorts wanted to play rugby but did not want to be associated with it (O’Callaghan 2011: 82).

28 Ba é an lucht bainistíochta, seachas an cluiche féin a bhí gallda, dar leis na himreoirí seo. D’fhág a ghaire a bhí na cluichí liathróide lena chéile go bhféadfadh na foirne aistriú idir an dá chód go héasca. Nuair a cuireadh deireadh leis an Munster National Football League d’fhill an fhoireann Nil Desperandum ar rialacha an rugbaí i 1887; thiontaigh siad ar rialacha CLG i 1889 agus bhuaigh siad craobh Chorcaí dhá bhliain as a chéile ina dhiaidh sin (O’Callaghan 2011: 145).

Sacar

29 Fuair an sacar ionad in Éirinn i mBéal Feirste i dtosach agus scaip sé ar fud bhailte agus chathracha na tíre ina dhiaidh sin, go háirithe i measc an lucht oibre; bhí 259 club cláraithe sa tír faoin mbliain 1900 (Rouse 2015a: 191–192). Ghlac an sacar áit lárnach i saol sóisialta Dhún na nGall, mar a raibh 30 club ar bun faoin mbliain 1893 (Curran 2010: 50). Bhí sé chun tosaigh ar chluichí CLG sa chontae sin ar feadh i bhfad go dtí gur féachadh lena ruaigeadh as an gcontae i ndiaidh bhunú an bhoird i 1905 (Cruise O’Brien 1960: 81; Curran 2010: 50). Dualgas a bhí in imirt na gcluichí Gaelacha, seachas an sacar, de réir lucht CLG sa chontae: ‘It is a great pity that while the other counties of Ireland have awakened to the fact that they are Irish… Donegal alone, one of the most Gaelic counties in Ireland, should not realise its duty’ (Curran 2010: 75). Aithníodh anseo gur chontae Gaelach a bhí i nDún na nGall, de bharr cúrsaí teanga, is dócha, ach is léir freisin an úsáid a baineadh as an spórt Gaelach mar shiombail den náisiúntacht Éireannach agus go raibh dualgas ar Ghaeil a bheith Gaelach i ngach gné dá saol. Ní hamháin go raibh scríbhneoir na litreach, Séamus McManus, i measc bunaitheoirí an bhoird sa chontae, ach ba é rúnaí Chonradh na Gaeilge i nDún na nGall freisin é, a léirigh dearcadh an Chonraitheora dhílis ar cheist an spóirt agus iad ag cur cluichí Gaelacha chun cinn. Níor ghéill imreoirí sacair go héasca dá leithéid de cháineadh agus throid siad an nóisean gur bhain an fhéiniúlacht náisiúnta le cluichí CLG amháin: ‘Many soccer players saw themselves as nationalists despite being challenged by McManus and did not feel a changeover was necessary to prove their Irish identity’ (Curran 2013: 84). Tugann sé seo fianaise dúinn nár glacadh leis an gcosc gan cheist; is minic a chuirtí ina choinne ag leibhéal áitiúil laistigh de CLG féin:

Across Ireland, there was a willingness to do business with those whom the GAA was supposed to oppose. […] Implementation of the ban rules was contentious. After all, their introduction did not enjoy unanimous support within the Association and there were almost annual attempts to have them weakened or removed (Rouse 2015b: 20–21).

30 In ainneoin go rabhthas ann dóibh in CLG nár thaitin an cosc leo, sheas ceannairí CLG an fód agus treisíodh an cosc de réir a chéile, go háirithe i ndiaidh an Éirí Amach agus bhunú an Stáit.

31 D’fhág a ghaire a bhí an pheil Ghaelach leis na leaganacha eile den pheil, sacar agus rugbaí, gur mhó le Gaeil dhílse an iomáint mar chluiche Gaelach go minic (Kinsella 2009: 16): ‘Is é an báire an cluiche gaisce is fearr agus is oireamhnaighe do Ghaedhealaibh’ (An Claidheamh Soluis 1907: 5). Mar sin féin, tá cosúlacht na hiomána leis an haca pléite ag Ó Caithnia chomh maith in Scéal na hIomána agus cuireann sé in iúl gurbh as an sinsear céanna a d’fhás ‘trí chluiche i ndeireadh thiar: iomáint, camanachd agus hacaí’ (Ó Caithnia 1980: 97) agus tacaíonn Dagg leis an dearcadh seo ina shaothar staire ar an haca in Éirinn (1944: 34).

Cruicéad

32 Ghlac an cruicéad áit lárnach i bpobail tuaithe in Éirinn le linn an dara leath den naoú haois déag. Ba é an cruicéad an cluiche páirce ba mhó in Éirinn roimh bhunú CLG agus suas go dtí deireadh an naoú haois déag (Hunt 2007: 113; Dwyer 2007: 44). Luaigh Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1783–1838) an cruicéad mar chluiche pobail ina Cín Lae, cuntas ar an saol i gCallainn, Cill Chainnigh, roimh an nGorta Mór:

Tá dhá ghné iomána ann, mar atá iomáint Ghaelach le camán agus liathróid noch a bhuailtear trés an machaire nó trés an mbáire .í. trés an lúbán ag ceann mhacaire na hiomána. Cricket .i. iomáint Ghallda le bata agus liathróid noch a chaitear le láimh tré gheaitín do leagan, más féidir é, ach cosantar an geata le fear an bhata (de Bhaldraithe 1970: 117).

33 D’aithin Ó Súilleabháin dúchas gallda an chruicéid anseo ach, mar sin féin, níor léirigh sé aon chlaontuairim i leith an chluiche ná i leith na n‑imreoirí féin. Ba chluiche pobail é a d’imir idir Ghaeil agus Ghaill:

In an age before the cultural revival, and the concomitant need for cultural purity, it was not tainted as a game with West-British connotations, and could happily be included as a game that was a common sight in rural and urban Ireland (Cronin agus Ó Conchubhair 2011: 496).

34 Níorbh aon smál é an cruicéad ar dhintiúir náisiúnacha na n‑imreoirí, a raibh bunaitheoir CLG Micheál Cíosóg agus an ceannaire polaitiúil náisiúnach Charles Stewart Parnell ina measc i ndeireadh an naoú haois déag (Davis 1994: 88). Go deimhin, chuir Cíosóg an cruicéad chun cinn mar chluiche a bheadh oiriúnach do Ghaeil óga fiú agus é ag scríobh sa Shamrock i 1882: ‘You may be certain that the boy who can play cricket well will not, in after years, lose his head and get flurried in the face of danger’ (luaite in Rouse 2015a: 168).

35 Sa taighde a rinne siad ar ionad an chruicéid i bhfoclóirí Gaeilge, léirigh Cronin agus Ó Conchubhair (2011: 495–518) gur chluiche normálaithe é an cruicéad i measc phobal na Gaeilge sa naoú haois déag agus dá bharr sin go bhfacthas tagairtí don chluiche i bhfoclóirí Gaeilge anuas go dtí tús an fichiú haois, nuair a féachadh le tagairtí don chluiche a dhíbirt den teanga:

The advent of the cultural revival obviously changed things, and the need to cleanse the lexicon of words and phrases that were not Irish killed off the game in the dictionaries in the same way that the Land War and the advent of the Gaelic Athletic Association prevented the game from entering the twentieth-century as a popular leisure time (Cronin agus Ó Conchubhair 2011: 496).

36 Ba mhacalla é seo de pháirceanna imeartha na tíre agus cosc á chur ar Ghaeil an cruicéad a imirt. Léiríonn an cás áirithe seo an dearcadh a glacadh maidir leis an ngalldachas a ghlanadh de gach réimse den saol Éireannach, idir fhisiciúil agus teangeolaíoch, agus b’uirlis agus ba mheán iad na foclóirí agus an teanga féin chun idéal náisiúnta ar leith a chur chun cinn, amhail cosc agus cluichí CLG.

An leadóg, an galf agus nádúr roghnaitheach an choisc

37 Díol spéise is ea na cluichí gallda a bhí á n‑imirt in Éirinn nár troideadh chomh tréan céanna ina gcoinne, rud a léiríonn gur uirlis a bhí sa chosc ar chluichí gallda a chuidigh le CLG a chluichí féin a chur chun cinn thar chluichí móra eile a raibh sé in iomaíocht leo. Luaigh an tArd-Easpag Cróc an leadóg go sonrach mar chluiche gallda sa litir a chuir sé chuig Micheál Cíosóg i Nollaig 1884 ach ní bhfuair an leadóg an aird chéanna mar chluiche gallda a bhí ina bhagairt don Ghaelachas ó thús an fichiú haois i leith, go háirithe i gcomparáid le rugbaí agus sacar. Ba léir é seo i mbunú an Enniscorthy Gaelic Athletic Tennis Club i 1914, a raibh gníomhaithe CLG ón mbaile céanna páirteach ann. Cé nár cláraíodh an cumann le CLG, níor cuireadh aon phionós ar na himreoirí seo as ucht cluichí gallda a imirt. Níorbh amhlaidh a bhí sé i gcás an rugbaí agus cuireadh ochtar fear ó Chumann Enniscorthy Volunteers ar fionraí ó CLG i 1913 de bharr gur fhreastail siad ar chluiche rugbaí (Rouse 2015b: 20–21). Aithníodh an éiginnteacht maidir le stádas na leadóige in ollscoil Chorcaí i 1919 nuair a scríobh fear rugbaí chuig an Cork Examiner maidir leis an bhfeachtas a bhí á reáchtáil i gcoinne cluichí áirithe:

To what class of game does tennis belong? Is it a thoroughly Irish game or does it come under the heading of foreign games? Some of the students of University college, who look upon rugby as being everything that is bad and upon rugby footballers as being ‘outside the pale,’ are doing their best to advance the game of tennis … I think tennis is as foreign as rugby (luaite in O’Callaghan 2011: 161).

38 Ba léir nach raibh an leadóg ina bagairt don Ghaelachas le bunú Keating’s Tennis Club i bPáirc an Fhionnuisce i 1923. Bhí na Céitinnigh chéanna an-tógtha leis an spórt Gaelach agus ba iad a bhí taobh thiar de bhunú an Chumann Camógaíochta i 1904. Tugann Mac Aonghusa le fios nach raibh aon chraobh eile den Chonradh chomh tógtha céanna leis an náisiúnachas ná leis an bpolaitíocht réabhlóideach (Mac Aonghusa 1993: 132). Má bhí siad seo sásta glacadh leis an leadóg, chaithfeadh sé nárbh aon bhagairt don Ghaelachas í in ainneoin gur chluiche gallda a bhí ann. Theastaigh uathu an leadóg a thabhairt isteach d’fhonn iománaithe agus peileadóirí a choinneáil amach ó na páirceanna camógaíochta nuair a bhí an séasúr thart: ‘It was seen as favourable to having hurlers and footballers play on them thence the goals were taken down and the tennis moved in’ (An Cumann Camógaíochta 1923).

39 Glacadh seasamh neamhchinnte i dtaobh an ghailf freisin. Níor bhagairt do chluichí CLG é an galf agus níor luadh é go sonrach san fhoclaíocht ar choscanna CLG mar chluiche gallda:

It is difficult to know precisely what Irish nationalists thought about the newly arrived game of golf. The Leader, which epitomised the Irish Ireland philosophy of that period and often fulminated against the Anglicising impact of cricket, soccer, rugby and hockey, rarely mentioned golf, despite the fact that British regiments had played a big part in bringing the game to Ireland (Mulhall 2006: 33).

40 Scríobhadh alt faoin gcluiche in An Claidheamh Soluis i 1909, a chuir in iúl gur chluiche Gaelach é fiú amháin, trína nascadh le Cú Chulainn agus le hAlbain (An Claidheamh Soluis 1909: 8). Rinneadh neamhaird de dhúchas an ghailf sa chás seo, a imríodh i measc na scothaicme in Albain i dtosach agus a tháinig isteach in Éirinn ansin trí phobail an gharastúin (Rouse 2015a: 151). Sa chás seo, bhí traidisiún á chumadh agus á athmhúnlú d’fhonn seasamh éiginnte neamhleanúnach a chosaint agus léiríonn sé go soiléir nádúr roghnaitheach an choisc ar chluichí gallda a úsáideadh le cur i gcoinne cluichí gallda faoi leith agus d’fhonn cluichí CLG a chur chun cinn.

Na cluichí Gaelacha mar shuaitheantas náisiúnta

41 Ba chonspóideach an leasú ar an gcosc ar glacadh leis i 1919, nuair a coisceadh státseirbhísigh a ghlac an mionn dílseachta ó bheith ina mbaill de CLG, rud a léiríonn forbairt an náisiúnachais i ndiaidh an Éirí Amach agus i rith na mblianta réabhlóideacha (Mandle 1987: 159). D’éirigh an spórt ní ba thábhachtaí mar shuaitheantas náisiúnta de réir mar a tháinig deacrachtaí maidir le hathbheochan na teanga chun solais freisin. Bhí ag teip ar Chonradh na Gaeilge an teanga a athbheochan mar theanga phobail ar bhonn náisiúnta; in ainneoin gur tháinig fás ar líon na gcainteoirí nua de réir Dhaonáireamh 1911, níor fhoghlaim an mhórchuid acu ach an cúpla focal agus tháinig meath ar líon na gcainteoirí Gaeltachta sna deich mbliana roimhe sin (Ó hÉallaithe 2004: 161). Ba mhinic a thugtaí tús áite don bholscaireacht náisiúnach, don tsiamsaíocht agus don spórt thar an teanga i gcraobhacha den Chonradh. Bhain sé seo de stádas na teanga mar phríomhchúram na heagraíochta, rud atá aitheanta ag McMahon mar ‘a sound Irish-Ireland stance that deemphasized the speaking of Irish and elevated participation through other means’ (2008: 132). Thug sé seo ardú stádais do na cluichí Gaelacha agus do CLG, a bhí in ann daoine a mhealladh chuige nár spéis leo an teanga ná an litríocht, ach a thapaigh an deis a bheith páirteach i ngluaiseacht náisiúnach a bhí sóisialta agus siamsúil: ‘[The games] became the most visible, viable and successful pillar of the Irish cultural renaissance’ (McDevitt 1997: 266). D’fhág sé seo ar fad go raibh cosc CLG ní ba thábhachtaí ná riamh leis an náisiúntacht a chosaint ar thionchar na hiasachta.

42 Ní raibh dílseoirí teanga sásta leis an easpa airde a tugadh don teanga ná leis an ról lárnach a ghnóthaigh na cluichí mar shuaitheantas náisiúntachta. Cháin Dubhghlas de hÍde CLG as easpa tiomantais don Ghaeilge chomh luath leis an mbliain 1908:

No Gaelic Leaguer that I ever knew of cared to lend his support to foreign games in preference of the native ones encouraged by the GAA. Have the members of the GAA reciprocated to anything like the same extent in aiding the ideals of the Gaelic League, and in running clear of foreign songs, dances, music and language? (Hyde 1908–9: 5).

43 Ba léir an mhíshástacht chéanna fiche bliain ina dhiaidh sin nuair a fiafraíodh ag cruinniú d’Ard-Chomhairle CLG, i bhfianaise easpa Gaeilge na n‑imreoirí, an bhféadfadh baill de Chonradh na Gaeilge cluichí Gallda a imirt (CLG 1928). An bhliain dár gcionn, ag Comhdháil Bhliantúil CLG, fiafraíodh ‘whether a man who played rugby and spoke Irish was a better Gael than the hurling player who could not speak Irish?’ (CLG 1929). Bhí meath tagtha ar Chonradh na Gaeilge faoin am seo, áfach:

The Gaelic League had fallen on bad times; the enthusiasm that had flamed so ardently for the restoration of the language in the first two decades of the century was missing; those at the top of the social pyramid — the wealthy and influential, people prominent in social, political and professional life — were conspicuously absent from Irish classes and those of them who knew Irish seldom used it; but it was made compulsory for school children. Teachers in primary schools were penalised if their pupils, often from under-privileged backgrounds, failed to reach certain standards of fluency. In the civil service and local government promotion depended less on superior qualifications and experience than on the candidates’ ability to converse in Irish. All these factors told against the Gaelic League and the language revival during the middle and late twenties, while the GAA increased in the numbers of its clubs and players as in the popularity of its games (Puirséal 1982: 196).

44 Bhí an Conradh ag brath ar thacaíocht airgeadais CLG faoin am seo ionas go mairfeadh sé mar chumann, fiú (féach CLG 1925 agus CLG Uladh 1928); d’fhág sé seo ar fad a rian ar idéil agus ar chuspóirí an Chonartha a ghlac le treoir CLG i gceisteanna forairdill. Chuaigh sé seo i bhfeidhm ar an gConradh mar chumann:

[Hyde] never contemplated a State in which the Gaelic language would have degenerated into a field for bans and boycotts, and in which the Gaelic League, with its proud charter, would be obsessed with the iniquity of attendance at Rugby football matches (The Irish Times 1935: 6).

Tacaíocht rialtais don chosc

45 Tar éis bhunú an Stáit sheas ceannaireacht CLG lena chosc ar chluichí gallda, cé go raibh dreamanna den phobal náisiúnach ina choinne ar an mbonn nach raibh gá leis anois agus neamhspleáchas polaitiúil bainte amach (Ó Tuathaigh 2015: 9). In ainneoin gur mhol boird chontae éagsúla deireadh a chur leis na coscanna i 1924, níor ghlac an Ard-Chomhairle leis an rún agus agus ba léir an drogall a bhí orthu na coscanna a chur ar ceal nuair a rialaigh siad nach ndéanfaí vótáil ina dtaobh ach gach trí bliana. Mhair baol an ghalldachais, fiú agus neamhspleáchas bainte amach ag an náisiún:

Although the English might have departed, their games, principally soccer and rugby, were still held to be a potent threat to Gaelic games: cultural imperialism had always been judged in GAA circles to be as great an evil as colonial rule (Mandle 1987: 204).

46 Fuair CLG stádas speisialta sa Saorstát agus ghnóthaigh sé ról speisialta do na cluichí mar ghné bhunúsach de chultúr náisiúnta na hÉireann (Fulton agus Bairner 2007: 61). Bhí an stádas seo soiléir i ndíospóireacht Dála i 1922 maidir le meastacháin do na heolaíochtaí agus na healaíona, ina raibh na cluichí náisiúnta i lár an aonaigh. Chuir Peter Hughes TD a mhíshástacht in iúl maidir leis na scoileanna nár chothaigh cluichí náisiúnta:

There is one portion of this Vote I must take exception to. It is under the heading of ‘Schools of Science and Art,’ and deals with grants for Day Secondary Schools. There is a Vote of £25,000 for these Day Secondary Schools. If this country is going to vote £25,000 to these schools, the least the schools might contribute in return would be to give the games of the country some kind of preference over the games of foreign countries. I believe that in a great many of these schools and colleges Irish games are altogether banned. If that is the case it is a National disgrace that such a thing should happen here in Ireland (Dáil Debates 1922a).

47 Thacaigh Daniel McCarthy TD le Hughes. Bhagair sé go gcuirfidís coláistí na tíre ‘in their right places’ maidir le cluichí náisiúnta (Dáil Debates 1922b). Chruthódh na coláistí a chothaigh cluichí gallda ‘a race of shoneens’ agus bhagair sé go mbeadh tionchar ag an tacaíocht do CLG ar na toghcháin a bhí le teacht:

I am speaking on behalf of the Gaelic Athletic Association, one of the oldest and strongest of our National organisations, and the members of it are determined to make themselves felt at the coming elections by discouraging the election of candidates who fail to give proper support to Irish games, and who fail to back us in the action we are taking here in this Dáil to make the colleges give a proper place to our native games (Dáil Debates 1922b).

48 Chuir an tOllamh W.M. Magennis in iúl gurbh iad na páirceanna imeartha a mhúnlaigh fir an todhchaí: ‘The spirit of the shoneen … is propagated largely through certain sports that are regarded as peculiarly the privilege of the wealthy classes and belong to a British tradition’ (Dáil Debates 1922c). Is spéisiúil mar sin féin an seasamh a ghlac Earnán de Blaghd maidir le ceist na gcluichí don náisiúntacht, a léiríonn míshástacht lucht na teanga leis an stádas seo a bhí á bhronnadh ar na cluichí agus an easpa spéise a bhí á cur sa teanga. Cé nach raibh aon mheas aige ar an rugbaí ná ar aon chluiche gallda, bhraith sé nach raibh aon tábhacht ag cluiche ar bith maidir le náisiúntacht na hÉireann:

’Sé rud a chloisinn daoine áirithe ag tabhairt ar an bpeil ná ‘leanbh tabhartha’. ‘Níl sí comh maith le Rugby mar cluiche’. Níor tháinig an cluiche — an pheil — ar an saoghal go dtí le deidheannaighe. Déarfainn nach mbeadh aon chiall le hairgead do choimeád ós na scoileanna ’na mbíonn Rugby nó a leithéid dá imirt. Dá gcaillfí an Ghaodhluinn, níor bhféidir í d’aithbheóchaint. Dá mba rud é na béadh aon chluiche Gaodhlach againn, d’féadfaimís iad do cheapadh. Agus, mar thuigeas an sgeul le fada, na daoine ná fogluimeochaidis an Ghaedhluinn, bídis ag déanamh na rinnci Gaodhlacha agus ag imirt na gcluicí Gaodhlacha seo, na’ raibh tabhachtach i n‑aon chor, i dtreó go mbeadh leith-sgeul aca toisc ná rabhadar ag gabhailt do’n Ghaodhluinn (Dáil Debates 1922d).

49 Réitíonn dearcadh de Blaghd leis an méid a deir O’Leary maidir le feet gaels a bheith chun cinn i measc náisiúnach cultúrtha, iad sin a d’imir cluichí agus a rinne damhsaí in ionad an teanga a fhoghlaim (O’Leary 1994: 48).

50 Ghlac an rialtas ról cosantach maidir leis an gcultúr agus bhronn siad stádas cánach speisialta ar CLG i 1927 agus i 1932 (Murphy 2017: 395). Rinne sé seo idirdhealú glan idir na cineálacha éagsúla cluichí agus threisigh sé stádas CLG. Throid teachtaithe éagsúla i gcoinne an stádais seo; chuir Stephen Jordan ó Fhianna Fáil, a bhí i gcumhacht ag an am, in iúl nár chluiche dúchasach í an pheil Ghaelach: ‘All the classes of football played here are not native to the soil’ (Dáil Debates 1932a); d’impigh J.J. Byrne ar an Aire MacEntee an cháin a chur ar ceal de bharr go raibh sé míchothrom:

The levy of this tax on Soccer football is (1) a vindictive levy, (2) a discriminatory levy, and (3) a levy on the healthy outdoor amusements of the people. I think this tax has been deliberately framed for one object, and one object only — to wipe out the playing of Soccer football in the Irish Free State (Dáil Debates 1932b).

51 Sheas teachtaithe eile an fód go láidir ar son CLG, áfach. Ba léir an tábhacht náisiúnach a samhlaíodh le CLG i gcaint Seán Gibbons TD sa díospóireacht chéanna:

I should try to convince [Deputy Dillon] that the GAA was really a national movement, an absolutely national organisation, and that consequently it was exempted from taxation by the minister of Finance. It was exempted on national and cultural grounds. [...] It must have been a great revelation to the soccer and rugby people who visited Croke Park on the occasion of the last All Ireland Final, when they saw revealed to them the heart of Ireland for the first time. They must have been delighted and I hope converted. The GAA is a national movement in as much as it promotes those games which preserve a continuing sense of integral national existence; and a cultural movement because it actually supports the language and the liberation of the Gael. It is really in terms of athleticism an expression of our distinctive nationality. […] The G.A.A. resisted attempted impositions of similar taxation in the days of the British regime and they were not enforced during the term of office of the last Government. Surely it is not expected that a Fianna Fáil Government is now going to tax the principle of Irish nationality that is embodied in the work of the G.A.A (Dáil Debates 1932c).

52 B’ionann seo agus comhlíonadh ceann de bhunaidhmeanna CLG, is é sin, go mbeadh an fhéiniúlacht náisiúnta á cur in iúl trí mheán cluichí dúchasacha:

This very voicing of national aspiration through the medium of a sporting event was a fulfilment of the GAA’s intention to utilise sport as a vehicle for the expression of nationality. Curious and even faintly amusing as some of the speeches may have been, the fact that ministers and senators were making them in the context of a sporting carnival exemplified what an important role the GAA stood for and had come to play in national life (Mandle 1987: 219).

Cogadh i gcoinne an ghalldachais: An Camán

53 Reáchtáil CLG dianfheachtas bolscaireachta i gcoinne na gcluichí gallda, a raibh an cosc mar bhonn idé-eolaíoch agus reachtúil faoi, mar a mhíníonn Liam O’Callaghan:

If cultural nationalism was the dominant founding rationale for the Gaelic Athletic Association, then negative campaigning in the form of unpatriotic or ‘anti-national’ characterisation of sports that originated in Britain was to become an important weapon in the organisation’s ideological armoury (2011: 141).

54 Bhí an feachtas seo le feiceáil go háirithe sa nuachtán An Camán, comhfhiontar de chuid CLG agus Chonradh na Gaeilge a ghlac ionad An Claidheamh Soluis/Fáinne an Lae i 1931. Ionannaíodh cuspóirí CLG agus cuspóirí Chonradh na Gaeilge sa nuachtán seo:

[An Camán] will represent all that the Gaelic League has stood for during a quarter of a century, the national language, Irish music and dancing; our literature and history and traditions; in a word, the outlook which must be the inspiration of our children if they are to be true to the soil and conscious of a great national inheritance. […] An Camán will be the organ of the GAA and the record of its achievements; it is high time for our games to have their own journal, with its regular chronicle of matches and events from Antrim to Kerry, for the spirit of the playing field is the key note of national feeling (An Camán 1931a: 1).

55 Ba é an spórt ba mhó a bhí i gceist sa nuachtán forairdill seo agus bhaintí leas as meafar an chogaidh agus féachadh le Gaeil a ghríosú chun troda i gcoinne an chultúir ghallda: ‘Tá cath romhainn, a Ghaodhala óga, cath i gcoinnibh an ghalldachais. […] Gach duine go mb’fhearr leis cluithchí is nósanna a thíre féin ná cluithchí na nGall is saighdiúir dílis d’arm-shluagh Chaitlín é’ (An Camán 1933a: 9). D’fhógair siad an cogadh: ‘It is Gaelachas that is fighting Galldachas here’ (An Camán 1932a: 1), agus samhlaíodh dóibh gur ollphéist a bhí sa ghalldachas ar theastaigh an Gaelachas lena bhualadh agus lena bhriseadh: ‘The Gaels of Ireland must and can crush him in his stronghold and in his outposts’ (An Camán 1931c: 5).

56 Bhí traidisiún cumtha na gcluichí an-tábhachtach san fheachtas seo arís, a rinne dearmad de stair na gcluichí gallda sa tír mar chluichí pobail agus den dúchas comónta a bhí ag na cluichí uile. Más le seanlaochra Gaelacha a ceanglaíodh cluichí Gaelacha, is leis an traidisiún gallda a ceanglaíodh cluichí eile agus baineadh leas straitéiseach as an stair sa chaoi seo le drochíomhá de na cluichí gallda a chur os comhair an léitheora: ‘An entire system of rhetoric had to be “invented” to negatively characterise rival “foreign” sports’ (O’Callaghan 2011: 144). Ba léir an seasamh cosantach seo go háirithe i gcomhthéacs an rugbaí a fuair aird ar leith mar chluiche a bhí ina bhagairt don Ghaelachas i ndiaidh bhunú an Stáit. Féachadh leis an gcluiche a ruaigeadh as scoileanna Caitliceacha don scothaicme, mar a mbíodh sé á imirt in ionad cluichí Gaelacha (Ó Tuathaigh 2015: 9); moladh sna tríochaidí luatha go mbainfí na teastais ó mhúinteoirí a chuirfeadh an cultúr gallda i bhfoirm rugbaí chun cinn sna scoileanna (An Camán 1933c: 9) agus cuireadh in iúl go raibh imirt an rugbaí ag dul i bhfeidhm go diúltach ar thorthaí na ndaltaí seo de bharr an truaillithe intinne a bhí ag tarlú sna scoileanna sin (An Camán 1934b: 3). D’fhág an bhinb seo i dtaobh an rugbaí gur fhan Éamon de Valera, a bhí an-tógtha leis an gcluiche, glan amach ón rugbaí ó 1913 i leith ar eagla go n‑eascródh easaontas nó scannal as sin (Dwyer 2013). Ba stuama an cinneadh sin nuair a chuimhnítear gur cuireadh Dubhghlas de hÍde amach as CLG i 1938 de thoisc gur fhreastail sé ar chluiche sacair agus é ina Uachtarán ar an tír (féach Moore 2012).

57 Ceanglaíodh traidisiún agus féiniúlacht ar leith leis na cluichí gallda. Ceanglaíodh an rugbaí le tiarnaí talún (An Camán 1932b: 5), le cultas Protastúnach (An Camán 1932c: 2) agus leis na Dúchrónaigh: ‘How soon we forget the Black-and-Tan days and the part played by the Lansdowne Road element’ (An Camán 1933b: 5). Ceanglaíodh an sacar le breabaireacht agus le hairgead agus cuireadh sin i gcomparáid le nádúr deonach chluichí CLG, a imríodh ar son paróiste, contae agus tíre (An Camán 1931e: 3). Féachadh leis na cluichí seo a cheangal le nósanna gallda eile nár réitigh le hidé-eolaíocht na hÉireann Éireannaí amhail snagcheol agus damhsaí gallda: ‘The set which plays rugby, hockey and cricket is the set which fills the jazz halls in the city and country’ (An Camán 1931b: 1). Léiriú is ea é seo ar an tacaíocht a thug CLG d’fheachtais Chonradh na Gaeilge i rith na 1920idí déanacha agus na 1930idí luatha i gcoinne an cheoil agus an damhsa ghallda, ar tugadh ‘jazz’ mar théarma ginearálta ar an iliomad foirmeacha éagsúla de. Ceapadh go raibh na nósanna gallda seo ag cur leis an mímhoráltacht phoiblí in Éirinn (Brennan 2011). An leigheas air seo ná filleadh ar cheol agus ar dhamhsaí dúchasacha traidisiúnta, de réir An Camán:

In this anti-jazz campaign, as well as in other boycott campaigns, the most effective measures more often than not are positive ones. One remedy for the jazz germ is the encouragement of Irish dancing. Organise Ceilidhthe and let the wholesome, lively dances of our forefathers be cultivated and enjoyed in an atmosphere redolent of true Gaelic recreation (An Camán 1934a: 3).

58 Ba léiriú é an seasamh a glacadh i dtaobh na gcluichí in An Camán ar cé chomh tábhachtach agus a bhí an spórt mar chuid den fhéiniúlacht náisiúnta Éireannach a bhí á cur chun cinn, rud a tháinig salach ar ionad na teanga mar chuid den náisiúntacht chéanna. Ba léir seo go háirithe in alt a scríobhadh faoi imirt an tsacair i nDún na nGall i 1931 agus cur síos á thabhairt ag an scríbhneoir ar na himreoirí a labhair Gaeilge le linn na himeartha ar fad. Ní raibh sé seo inghlactha, de bharr nach raibh teanga agus corp i dtiúin le chéile agus cluiche gallda á imirt ag Gaeil: ‘An mhuinntear a raibh seanteanga an náisiúin ar bharr a dteangtha acu mar bhí sí aca siúd agus cluiche de chuid Sheáin Bhuidhe dá imirt aca! Nach gcuirfeadh sé duine ar bith chun éadóchais’ (An Camán 1931d: 4). Níor leor an teanga le bheith Gaelach dá réir seo agus bhí ról lárnach ag an gcluiche a d’imir duine i sainmhíniú an Ghaelachais sin.

Conclúid

59 Ba mhó a bhí i gceist le bunú CLG ná riaradh lúthchleasaíochta amháin. Ba chumann cultúrtha é a bunaíodh d’fhonn an fhéiniúlacht náisiúnta a athmhúscailt agus a chur chun cinn trí mheán cluichí dúchasacha Gaelacha. Chuige seo, bhain an-tábhacht leis an traidisiún a ceanglaíodh leis na cluichí Gaelacha agus mhaígh CLG leanúnachas a bheith idir an pheil agus an iomáint agus na foirmeacha traidisiúnta de na cluichí liathróide a bhíodh á n‑imirt in Éirinn leis na mílte bliain roimhe sin. Bhí an fhianaise a thacaigh leis seo le fáil sa mhiotaseolaíocht náisiúnta, a cuireadh chun cinn i rith thréimhse na hathbheochana agus thug sé seo ársaíocht dhothomhaiste do na cluichí Gaelacha. Mar chuid den phróiseas seo, rinneadh dearmad den dúchas comónta a bhí ag na cluichí liathróide éagsúla agus ag cluichí eile a bhíodh á n‑imirt in Éirinn le fada mar chluichí pobail, i measc Gael agus Gall araon. Bhí cuid de na cluichí seo chomh dúchasach céanna leis na leaganacha den pheil agus den iomáint a chuir CLG chun cinn ó 1884 i leith.

60 Thug an traidisiún a samhlaíodh leis na cluichí Gaelacha stádas eisceachtúil do CLG mar chumann náisiúnach agus scar sé iad ó chluichí eile a bhí á n‑eagrú in Éirinn sa tréimhse chéanna inar cuireadh tús le CLG. Le fás an náisiúnachais chultúrtha i dtús an fichiú haois cuireadh béim níos mó fós ar na cluichí mar chuid den iarracht saol na hÉireann a Ghaelú ina iomláine agus chuir sé seo bonn faoi bheartas eisiach CLG, an cosc. Agus an cosc á úsáid mar straitéis chosanta, d’fhéach CLG le forlámhas a fháil ar a chuid iomaitheoirí i réimse an spóirt in Éirinn. Ba léiriú í an tacaíocht eisceachtúil a fuair CLG ón rialtas agus an feachtas a reáchtáladh in An Camán le linn na 1930idí luatha ar thábhacht an spóirt mar ghné lárnach den náisiúntacht, i gcomparáid leis an teanga a raibh meath ag teacht uirthi. In eagrán mhí Iúil 1932 de An Camán, d’impigh scríbhneoir ar a chomh-Ghaeil: ‘Mur dtig libh Gaedhilg a labhairt le nur dteangaibh, labhraighidh le camáin í’ (An Camán 1932d: 5). Ba léiriú é seo ar a mhéad a d’éirigh le CLG ról ar leith a bhaint amach dó féin sa saol náisiúnta agus na cluichí a chur i lár an aonaigh mar ghné lárnach den fhéiniúlacht náisiúnta.

Saothair a ceadaíodh

Foinsí cartlainne

An Cumann Camógaíochta. (1923) Camogie Association Central Council Minute Books 1911–1985, CAM/CC/01, 12 Meán Fómhair 1923. In: Cartlann CLG, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Cumann Lúthchleas Gael. (1905) Central Council / Annual Congress Minute Books, 1899–1986, GAA/CC/01, 8 Eanáir 1905. In: Cartlann CLG, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Cumann Lúthchleas Gael. (1906) Central Council / Annual Congress Minute Books, 1899–1986, GAA/CC/01, 27 Eanáir 1906. In: Cartlann CLG, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Cumann Lúthchleas Gael. (1925) Central Council / Annual Congress Minute Books, 1899–1986, GAA/CC/01, 13 Feabhra 1925. In: Cartlann CLG, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Cumann Lúthchleas Gael. (1928) Central Council / Annual Congress Minute Books, 1899–1986, GAA/CC/01, 8 Aibreán 1928. In: Cartlann CLG, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Cumann Lúthchleas Gael. (1929) Central Council / Annual Congress Minute Books, 1899–1986, GAA/CC/01, 21 Meán Fómhair 1929. In: Cartlann CLG, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Cumann Lúthchleas Gael Uladh. (1928) GAA Ulster Council Minute Books 1917–1975, 28 Eanáir 1928. In: Cartlann an Chairdinéil Uí Fhiaich, Ard Mhacha.

Dáil Debates. (1922a) ‘Estimates — Science and Arts’. In: Dáil Debates 22: 2142, 16 November 1922.

Dáil Debates. (1922b). ‘Estimates — Science and Arts’. In: Dáil Debates 22: 2142, 16 November 1922.

Dáil Debates. (1922c) ‘Estimates — Science and Arts’. In: Dáil Debates 22: 2142, 16 November 1922.

Dáil Debates. (1922d) ‘Estimates — Science and Arts’. In: Dáil Debates 22: 2142, 16 November 1922.

Dáil Debates. (1932a) ‘Finance Bill, 1932 — Committee (Resumed)’. In: Dáil Debates 32: 346, 7 July 1932.

Dáil Debates. (1932b) ‘Finance Bill, 1932 — Committee (Resumed)’. In: Dáil Debates 32: 347, 7 July 1932.

Dáil Debates. (1932c) ‘Finance Bill, 1932 — Committee (Resumed)’. In: Dáil Debates 32: 372, 7 July 1932.

Ailt nuachtán

An Camán. (1931a) ‘The Aim of An Camán’. In: An Camán, Meitheamh 1931: 1.

An Camán. (1931b) ‘Gaels and Irish Goods’. In: An Camán, Meitheamh 1931: 1.

An Camán. (1931c) ‘Now or Never’. In: An Camán, Meitheamh 1931: 5.

An Camán. (1931d) ‘Cluithchí Gaedhealacha agus Teanga Ghallda’. In: An Camán, Meán Fómhair 1931: 4.

An Camán. (1931e) ‘Do’n Chomh-Chumann Lúith-Chleas Gaedheal’. In: An Camán, Deireadh Fómhair 1931: 3.

An Camán. (1932a) ‘Our Position’. In: An Camán, Bealtaine 1932: 1.

An Camán. (1932b) ‘Playing Fields Needed’. In: An Camán, Bealtaine 1932: 5.

An Camán. (1932c) ‘The Rugby Cult’. In: An Camán, Meitheamh 1932: 2.

An Camán. (1932d) ‘An tAonach Mór’. In: An Camán, 16 Iúil 1932: 4.

An Camán. (1933a) ‘Éire Óg’. In: An Camán, 28 Eanáir 1933: 9.

An Camán. (1933b) ‘Ó Chúig Ardaibh na hÉireann’. In: An Camán, 8 Aibreán 1933: 5.

An Camán. (1933c) ‘The Rugby Menace to our National Pastimes’. In: An Camán, 13 Bealtaine 1933: 9.

An Camán. (1934a) ‘Editorial — a positive remedy’. In: An Camán, 6 Eanáir 1934: 3.

An Camán. (1934b) ‘Gaelic Ideals in Education’. In: An Camán, 17 Samhain 1934: 3.

An Claidheamh Soluis. (1907) ‘Ar Fhaitche na hImeartha’. In: An Claidheamh Soluis, 7 Nollaig 1907: 5.

An Claidheamh Soluis. (1909) ‘An Cluiche Gaelach “Golf?”’. In: An Claidheamh Soluis, 8 Bealtaine 1909: 8.

An Claidheamh Soluis. (1910) ‘Obstacles’. In: An Claidheamh Soluis, 27 Lúnasa 1910: 7.

Croke, T. W. (1884) ‘The Gaelic Athletic Association’. In: United Ireland, 27 Nollaig 1884.

Cusack, M. (1884) ‘A Word about Irish Athletics’. In United Ireland, 11 Deireadh Fómhair 1884.

Davin, M. (1884) ‘Irish Athletics’. In: United Ireland, 18 Deireadh Fómhair 1884.

Dwyer, R. (2013) ‘How Éamon de Valera’s GAA spat kicked off’. In: Irish Examiner, 13 Samhain 2013. Ar fáil ag http://www.irishexaminer.com/viewpoints/analysis/how-eamon-de-valeras-gaa-spat-kicked-off-249393.html [faighte 15 Lúnasa 2017].

Hyde, D. (1908–9) ‘Games and Nationality’. In: Gaelic Athletic Annual and County Directory 1908–9: 5.

The Irish Times. (1935) ‘An Craoibhín Aoibhinn’. In: The Irish Times, 14 Bealtaine 1935: 6.

Foinsí foilsithe eile

Billings, C. (2013) ‘The First Minutes: An Analysis of the Irish Language within the Official Structures of the Gaelic Athletic Association, 1884–1934’. In: Éire–Ireland 48 (1–2): 32–53.

Bracken, P. (2004) Foreign and Fantastic Field Sports: Cricket in County Tipperary. Thurles: Liskeveen Books.

Brennan, C. (2011) ‘The Anti-Jazz Campaign’. In: The Irish Story, 1 July 2011. Ar fáil ag: http://www.theirishstory.com/2011/07/01/the-anti-jazz-campaign/#.WTkv9Gjytdh [faighte 25 Bealtaine 2017].

Castle, G. (2001) Modernism and the Celtic Revival. Cambridge: Cambridge University Press.

Castle, G. (2011) ‘Irish Revivalism: Critical Trends and New Directions’. In: Literature Compass 8 (5): 291–303.

Comerford, R.V. (2003) Inventing the Nation: Ireland. London: Arnold.

Corry, E. (2009) The History of Gaelic Football. Dublin: Gill agus Macmillan.

Cronin, M. (1998) ‘Enshrined in Blood: The Naming of Gaelic Athletic Association Grounds and Clubs’. In: The Sports Historian 18 (1): 90–104.

Cronin, M. (2003) ‘Projecting the Nation through Sport and Culture: Ireland, Aonach Tailteann and the Irish Free State, 1924–1932’. In: Journal of Contemporary History 38 (3): 395–411.

Cronin, M. agus Ó Conchubhair, B. (2011) ‘Ní Cothrom na Féinne sin: Cricket, Lexicography and Cultural Purity in Ireland’. In: Journal of Historical Sociology 24 (4): 494–518.

Cruise O’Brien, C. (1960) The Shaping of Modern Ireland. London: Routledge agus Kegan Paul.

Curran, C. (2010) Sport in Donegal: A History. Dublin: History Press Ireland.

Curran, C. (2013) ‘Sport and Cultural Nationalism: The Conflict between Association and Gaelic Football in Donegal, 1905-34’. In: Éire–Ireland 48 (1–2): 79–94.

Dagg, T.S.C. (1944) Hockey in Ireland. Tralee: The Kerryman.

Davis, R. (1994) ‘Irish Cricket and Nationalism’. In: Sporting Traditions 10 (2): 77–96.

de Bhaldraithe, T. (eag.) (1970) Cín Lae Amhlaoibh. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Diffley, S. (1973) The Men in Green: The Story of Irish Rugby. London: Pelham.

Fulton, G. agus Bairner, A. (2007) ‘Sport, Space and National Identity in Ireland: The GAA, Croke Park and Rule 42’. In: Space and Polity 11 (1): 55–74.

Garnham, N. (2004) Association Football and Society in Pre-partition Ireland. Belfast: Ulster Historical Foundation.

Gleason, A.B. (2009) ‘Hurling in Medieval Ireland’. In: Cronin M., Murphy, W. agus Rouse, P. (eag.) The Gaelic Athletic Association 1884–2009. Dublin: Irish Academic Press: 1–13.

Griffin, P. (1990) The Politics of Irish Athletics 1850–1990. Leitrim: Marathon Publications.

Hay, M. (2009) Bulmer Hobson and the Nationalist Movement in 20th Century Ireland. Manchester: Manchester University Press.

Higgins, R. (2013) ‘The Hallmark of Pluperfect Respectability: The Early Development of Golf in Irish society’. In: Éire–Ireland 48 (1–2): 15–31.

Hobsbawm, E. (1983) ‘Introduction: Inventing Traditions’. In: Hobsbawm, E. agus Ranger, T. (eag.) The Invention of Tradition. Cambridge: Cambridge University Press: 1–14.

Holt, R. (2009) ‘Ireland and the Birth of Modern Sport’. In: Cronin M., Murphy, W. agus Rouse, P. (eag.) The Gaelic Athletic Association 1884–2009. Dublin: Irish Academic Press: 33–46.

Hunt, T. (2007) Sport and society in Victorian Ireland: The Case of Westmeath. Cork: Cork University Press.

Kinsella, E. (2009) ‘Riotous Proceedings and the Cricket of Savages: Football and Hurling in Early Modern Ireland’. In: Cronin, M., Murphy, W. agus Rouse, P. (eag.) The Gaelic Athletic Association 1884–2009. Dublin: Irish Academic Press: 15–32.

Mac Aonghusa, P. (1993) Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893–1993: Stair Sheanchais. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Mandle, W.F. (1987) The Gaelic Athletic Association and Irish Nationalist Politics. Dublin: Gill and Macmillan.

McDevitt, P. (1997) ‘Muscular Catholicism: Nationalism, Masculinity and Gaelic Team Sports, 1884–1916’. In: Gender and History 9 (2): 262–284.

McGarry, F. (2010) The Rising, Ireland: Easter 1916. Oxford: Oxford University Press.

McMahon, T. (2008) Grand Opportunity: The Gaelic Revival and Irish Society 1893–1910. Syracuse: Syracuse University Press.

Moore, C. (2012) The GAA v. Douglas Hyde: The Removal of Ireland’s First President as GAA Patron. Cork: The Collins Press.

Mulhall, D. (2006) ‘A Gift from Scotland: Golf’s Early Days in Ireland’. In: History Ireland 14 (5): 31–36.

Murphy, W. (2017) ‘Associational Life, Leisure and Identity since 1740’. In: Biagini, E. agus Daly, M. (eag.) The Cambridge Social History of Modern Ireland. Cambridge: Cambridge University Press: 383–402.

Ó Caithnia, L. (1980) Scéal na hIomána. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Caithnia, L. (1982) Micheál Cíosóg. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Caithnia, L. (1984) Báirí Cos in Éirinn. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Conchubhair, B. (2009) Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Indreabhán: An Clóchomhar Tta.

O’Callaghan, L. (2011) Rugby in Munster: A Social and Cultural History. Cork: Cork University Press.

O’Callaghan, L. (2013) ‘Rugby Football and Identity Politics in Free-State Ireland’. In: Éire–Ireland 48 (1–2): 148–167.

Ó Caoimh, S. (1989) An Sléibhteánach. Arna chur in eagar ag Ó Conchúir, É. Arna chóiriú don chló ag Ó Fiannachta, P. Má Nuad: An Sagart.

O’Grady, S. (1878) History of Ireland Volume 1. London: Sampson, Low, Searle, Marston agus Rivington.

Ó hAilín, T. (1969) ‘Irish Revival Moments’. In: Ó Cuív, B. (eag.) A View of the Irish Language. Dublin: Stationary Office: 91–100.

Ó hÉallaithe, D. (2004) ‘From Language Revival to Survival’. In: Mac Murchaidh, C. (eag.) Who Needs Irish: Reflections on the Importance of the Irish Language Today. Veritas: Dublin: 159–192.

O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881–1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Pennsylvania State University Press.

Ó Maolfabhail, A., Hegarty, R. agus McAnallen, D. (2009) ‘From Cú Chulainn to Cusack: Ball-playing, Camán, Shinny and Hurling in Ulster before the GAA’. In: McAnallen, D., Hassan, D. agus Hegarty, R. (eag.) The Evolution of the GAA. Ulaidh, Éire agus Eile. Belfast: Ulster Historical Foundation: 62–78.

Ó Tuathaigh, G. (2015) ‘Introduction’. In: Ó Tuathaigh, G. (eag.) The GAA & Revolution in Ireland. Cork: Collins Press: 1–14.

Puirséal, P. (1982) The GAA in its Time. Dublin: Purcell Family.

Rouse, P. (1993) ‘The Politics of Culture and Sport in Ireland: A History of the GAA Ban on Foreign Games 1884–1971’. In: The International Journal of the History of Sport 10 (3): 333–360.

Rouse, P. (2015a) Sport and Ireland: A History. Oxford: Oxford University Press.

Rouse, P. (2015b) ‘The Triumph of Play’. In: Ó Tuathaigh, G. (eag.) The GAA & Revolution in Ireland. Cork: Collins Press: 15–36.

Stewart, S. (1993) On Longing: Narratives of the Miniature, the Gigantic, the Souvenir, the Collection. London: Duke University Press.

Tierney, M. (1962) ‘Eugene O’Curry and Irish Tradition’. In: Studies: An Irish Quarterly Review 51 (204): 449–462.

Van Esbeck, E. (1974) One hundred years of Irish rugby: the official history of the Irish Rugby Football Union. Dublin: Gill and Macmillan.

Whelan, K. (1993) ‘The Geography of Hurling’. In: History Ireland 1: 27–31.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626