Cosc ar chluichí gallda: uirlis náisiúntachta ag Cumann Lúthchleas Gael (1885–1935)

Billings, Cathal

The ban on foreign games: an instrument of nationalism of the GAA (1885-1935)

Abstract

The Gaelic Athletic Association (GAA) first implemented the ban on its members from participating in the events of other sporting associations on St Patrick’s Day 1885. This initial ban had little political or ideological importance, however, and was instead a very practical measure that would ensure a loyal membership for the fledgling association. When the ban was enforced again in 1905 on a national level, subsequently remaining in force until 1971, the political aspect of it was far greater and it illustrated the increasingly nationalist atmosphere that sustained the cultural revival, in which the GAA was to the fore.

It was the traditional aspect of the GAA’s games that differentiated them from the banned foreign games. The founders of the GAA placed great emphasis on this tradition and claimed hurling and Gaelic football to have a distinct ancient heritage that was purely Gaelic. This achieved for them and the association a unique status in Irish national life at the end of the nineteenth and the beginning of the twentieth century. This same tradition allowed the GAA, with the help of other nationalist organisations and with the assistance of the government after the foundation of the state, to conduct a relentless propaganda campaign against foreign games, all in the name of national protection. This campaign revealed that some games were more foreign than others, however, and the ban was implemented inconsistently. This article will examine the ideology and evolution of the ban on foreign games during the period 1885–1935 as a cultural defence mechanism and will illustrate that this ban was of great advantage to the GAA in competing with its major rivals in Irish sporting life.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
19/10/2017

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Conradh na Gaeilge, stair chultúrtha, Cumann Lúthchleas Gael, spórt agus cluichí, Athbheochan na Gaeilge

DOI:
10.18669/ct.2017.01

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Chuir Cumann Lúthchleas Gael (CLG) cosc ar a chuid ball páirt a ghlacadh in imeachtaí aon chumainn spóirt eile den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1885. Ní raibh tábhacht mhór pholaitiúil ná idé-eolaíoch leis an gcosc seo go fóill, áfach, agus bhí feidhm phraiticiúil leis, a chinnteodh pobal imeartha dílis i laethanta luatha an chumainn. Nuair a tugadh feidhm don chosc ar bhonn náisiúnta arís i 1905, cosc a mhairfeadh go dtí 1971, bhí an ghné pholaitiúil de i bhfad níos treise ann agus é anois ina léiriú ar theacht chun cinn an náisiúnachais a spreag agus a chothaigh an athbheochan chultúrtha, a raibh CLG chun tosaigh inti.

Ba é an traidisiún a samhlaíodh a bheith ag cluichí CLG a dhealaigh iad ó na cluichí gallda a bhí faoi chosc. Leag bunaitheoirí CLG béim ar an traidisiún a bhain lena gcluichí féin i gcomparáid le cluichí eile in Éirinn agus mhaígh siad go raibh dúchas agus ársaíocht ag baint leis an iomáint agus leis an bpeil Ghaelach, iad ina sainchluichí íonghlana Gaelacha. Ghnóthaigh sé seo stádas eisceachtúil do na cluichí agus do CLG sa saol náisiúnta i ndeireadh an naoú haois déag agus i dtús an fichiú haois. Ba é an traidisiún céanna a lig do CLG, le tacaíocht ó eagraíochtaí náisiúnacha eile agus le tacaíocht an rialtais i ndiaidh bhunú an stáit, dianfheachtas bolscaireachta a reáchtáil i gcoinne na gcluichí gallda in ainm chosaint na tíre. Ba léir san fheachtas seo gur síleadh go raibh cluichí áirithe níos gallda ná a chéile agus cuireadh an cosc i bhfeidhm go neamhsheasmhach. Léireofar san alt seo, a dhéanfaidh idé-eolaíocht agus éabhlóid an choisc sa tréimhse 1885–1935 a ríomh mar uirlis chosanta Ghaelach, gur chun leas CLG a bhí an cosc seo agus é ag cur i gcoinne a chuid iomaitheoirí móra i saol spóirt na hÉireann.

© Cathal Billings, 2017

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Billings, Cathal

Teagmháil:

cathal.billings@ucd.ie

Beathaisnéis:

Is léachtóir le Gaeilge é Cathal Billings sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sé ina stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge. Fuair sé PhD ó COBÁC sa bhliain 2015 le tráchtas dar teideal ‘Athbheochan na Gaeilge agus an Spórt in Éirinn 1884-1934’. Díríonn a chuid taighde ar Athbheochan na Gaeilge, stair an spóirt, cúrsaí náisiúntachta agus teanga agus ar an aistriúchán.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.