Tuismitheoirí ina ngníomhairí in earnáil an Ghaeloideachais

Gabrielle Nig Uidhir, Seán Ó Cathalláin agus Pádraig Ó Duibhir

Réamhrá

1 Tá réimse leathan litríochta ann a léiríonn an dlúthcheangal idir gnóthachtáil oideachasúil daltaí agus tacaíocht a dtuismitheoirí. Aithnítear go forleathan, mar shampla, go mbíonn tionchar dearfach ag rannpháirtíocht tuismitheoirí, nó ‘RT’ mar a thabharfar ar an gcoincheap san alt seo, ar ghnóthachtáil acadúil daltaí (Gelfer 1991; Miedel agus Reynolds 1999; Fan agus Chen 2001; Sénéchal agus LeFevre 2002; Hill agus Taylor 2004; Hannon, Morgan agus Nutbrown 2006), agus ar inspreagadh daltaí (m.sh. Grolnick agus Slowiaczek 1994; Gonzalez-DeHass, Willems, agus Doan Holbein 2005). Tuairiscíonn Jordan, Orozco, agus Averett (2001) go mbíonn tionchar dearfach ag RT ar phobal na scoile agus léiríonn Peña (2000) go dtéann a leithéid de rannpháirtíocht in oideachas a gcuid páistí chun leasa na dtuismitheoirí féin chomh maith. Luaitear inspreagadh agus RT mar fhachtóirí a chuireann le rath clár tumoideachais (Baker 2011). I gcomhthéacs na Gaelscolaíochta, aithníonn Strickland agus Hickey (2016) gur gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh chun timpeallacht baile a spreagann forbairt litearthachta páistí a chothú. D’ainneoin borradh a bheith faoin taighde a imscrúdaíonn gnéithe éagsúla den chomhoibriú idir tuismitheoirí agus scoileanna, aithníonn taighdeoirí nach mór ról tuismitheoirí in oideachas a bpáistí a shoiléiriú do mhúinteoirí (Greenwood agus Hickman 1991; Peña 2000; Tedick agus Wesley 2015) chun míthuiscint ar an ról sin a sheachaint.

2 Is mian le húdair an tsaothair seo cur leis an tuiscint atá ag an phobal oideachais ar an ghaol idir tuismitheoirí agus scoileanna i gcomhthéacsanna an tumoideachais in Éirinn. Tá an t-alt bunaithe ar thaighde a rinne na húdair, coimisiúnaithe ag an Choiste Seasta Thuaidh Theas, ar mhúnlaí soláthair an Ghaeloideachais (Ó Duibhir, Nig Uidhir, Ó Cathalláin, Ní Thuairisg agus Cosgrove 2015). Bhí an dá limistéar i gceist sa taighde, Poblacht na hÉireann (PÉ) agus Tuaisceart Éireann (TÉ), agus an dá leibhéal scoile, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Baineadh úsáid as ceistneoirí, agallaimh aonair agus fócasghrúpa, agus bailíodh sonraí ó dhaltaí, ó thuismitheoirí agus ó phríomhoidí scoile. Rinneadh anailís ar shé mhórcheist taighde ar fad sa tionscadal, ceisteanna a thug léargas ar na láidreachtaí agus ar na constaicí a bhain le dhá chineál éagsúla soláthraí: Gaelscoileanna saorsheasaimh agus na haonaid lán-Ghaeilge a fheidhmíonn laistigh de scoileanna Béarla. Dírítear san alt seo ar cheist amháin a bhaineann go sonrach le RT sa chóras scolaíochta lán-Ghaeilge: de réir mar a fhorbraíonn earnáil na Gaelscolaíochta, an aithnítear athruithe sna toscaí a imríonn tionchar ar RT? Chuige sin, fiosraítear na foghnéithe seo leanas den cheist sin: i) próifíl socheacnamaíochta na dtuismitheoirí agus fás na scoileanna; ii) roghnú na múnlaí scoile; iii) cúlra teanga na dtuismitheoirí; iv) athruithe i RT ó bhunscoil go hiar-bhunscoil; agus v) an scoil mar ghníomhaí sa phobal.

3 Baineadh úsáid as modhanna measctha (Mertens 2010) chun peirspictíochtaí na bpríomhpháirtithe in oideachas daltaí lán-Ghaeilge a iniúchadh. Cé go bpléitear gnéithe de thaighde cainníochtúil a thugann léargas ar shonraí uimhriúla, is mó a dhíríonn na húdair san alt seo ar na torthaí a fuarthas ó thaighde cáilíochtúil.

4 Pléann Yin sainiúlacht an taighde cháilíochtúil a chuireann ar chumas an taighdeora staidéar a dhéanamh ar thuairimí agus ar mheonta daoine, maidir lena n-iompar agus maidir leis na roghanna a dhéanann siad (Yin 2015: 7). Meastar go gcuireann na torthaí cáilíochtúla a fuarthas sa saothar seo leis an léargas atá againn ar an RT mar fheiniméan i suímh oideachais na nGaelscoileanna. Cé go ndéantar tuairisc ar thorthaí cainníochtúla sa chéad chéim den staidéar, measann na húdair gurb é an plé a rinneadh sna freagraí oscailte ar cheistneoirí agus an tuairimíocht a nochtadh i rith fócasghrúpa agus agallamh is mó a thugann léargas tábhachtach ar cheisteanna a bhaineann le RT. Pléitear thíos an fráma coincheapúil don anailís ar RT, ag tosú le plé ar na múnlaí teoiriciúla is coitianta a threoraíonn taighde ar an bhfeiniméan. Cuirtear na treoirlínte ginearálta a thugtar i gcáipéisí na n-údarás oideachais faoi chaibidil agus breathnaítear ar chomhthéacs an tumoideachais in Éirinn ina dhiaidh sin. Déantar achoimre ar an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm sa taighde seo agus cuirtear na torthaí i láthair, ag díriú ar na cúig ghné thuasluaite.

1. Samhlacha RT in oideachas a gcuid páistí

5 Is iad na príomhchomhthéacsanna a imríonn tionchar ar fhorbairt agus ar fhoghlaim an pháiste ná an teaghlach, an scoil agus an pobal. Tá sé tábhachtach go mbeadh páirtíocht idir an scoil, na tuismitheoirí agus an pobal le cinntiú go mbeadh na comhthéacsanna seo ag idirghníomhú i gcomhpháirt lena chéile agus neamhspleách ar a chéile. Déanaimid tagairt do shamhlacha Epstein (1992) agus Hoover-Dempsey agus Sandler (1997) sa chuid seo den alt chun RT i nGaelscoileanna a chur i gcomhthéacs.

6 Pléann Epstein (1992) príomhfhachtóirí atá tábhachtach chun páirtíocht a chothú idir scoileanna agus tuismitheoirí. Is iad siúd:

  1. dualgais an teaghlaigh i leith shláinte, shábháilteacht agus oideachas an pháiste;
  2. dualgais na scoile chun an teaghlach a choimeád ar an eolas faoi dhul chun cinn an pháiste;
  3. obair dheonach tuismitheoirí sa scoil;
  4. tacaíocht ó thuismitheoirí leis an fhoghlaim sa bhaile;
  5. RT i bpróiseas na cinnteoireachta i gcomhpháirt leis an scoil; agus
  6. comhoibriú idir an scoil agus an pobal.

7 Tá formhór mór na ndaltaí i scoileanna tumoideachais in Éirinn ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga. Léiríonn taighde eile atá déanta ag na húdair seo (Ó Cathalláin 2011; Ó Duibhir et al. 2015) go gcuireann daltaí a fhaigheann a gcuid oideachais i suíomh tumoideachais in Éirinn luach ar an teagmháil a bhíonn acu le cainteoirí Gaeilge eile sa phobal áitiúil agus sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá tábhacht nach beag le ról an phobail, agus é ag tacú leis an teaghlach agus leis an scoil, chun an spreagadh atá riachtanach don fhoghlaim rathúil teanga a chur ar fáil do dhaltaí Gaelscoile (Ó Baoill 1999).

8 Dar leis an tSamhail um Phróiseas Rannpháirtíochta Tuismitheoirí (Hoover-Dempsey agus Sandler 1997), imríonn trí fhachtóir tionchar ar chinntí tuismitheoirí ról a ghlacadh in oideachas a gcuid páistí. Is iad sin:

  1. forléiriú an tuismitheora ar ról an tuismitheora i saol an pháiste;
  2. mothú pearsanta éifeachtúlachta an tuismitheora chun cúnamh a thabhairt don pháiste dul chun cinn a dhéanamh ar scoil;
  3. cuirí, deiseanna agus éilimh ar rannpháirtíocht ó na páistí agus ón scoil.

9 Tá an dá shamhail seo oiriúnach i gcomhthéacs an tumoideachais in Éirinn, mar a léiríonn taighde Kavanagh agus Hickey (2012), a sholáthraíonn fianaise faoin tábhacht a bhaineann le léargas cuimsitheach a fháil ar na saincheisteanna a imríonn tionchar ar RT. Tugann an dá shamhail treoir do thaighdeoirí ar suim leo na riachtanais shainiúla a nochtann tuismitheoirí maidir lena léamh ar a ról sa tumoideachas. Cuireann siad lenár dtuiscint ar an tábhacht a ghabhann le leas a bhaint as buanna tuismitheoirí chun RT a éascú go héifeachtach. San alt seo, cuireann na samhlacha seo fráma teoiriciúil ar fáil don anailís a dhéantar ar RT atá rí-úsáideach i gcomhthéacs ceist taighde a fhiosraíonn RT in earnáil atá ag forbairt agus ag fás go tapaidh. Léiríonn an taighde seo dlúthnaisc idir an dá shamhail féin agus a bhfuil i gceist lena gcur i bhfeidhm. Nuair a phléitear cúlra teanga na dtuismitheoirí sa saothar seo, is í an tuiscint atá acu ar a n-éifeachúltacht féin chun cuidiú a thabhairt dá bpáistí le hobair scoile, chomh maith lena dtuiscint ar a ról mar thuismitheoirí tumoideachais, a thugann fráma don phlé sin. Nuair a dhéanfar anailís ar an tionchar a imríonn fachtóirí socheacnamaíochta ar RT i gceantair faoi mhíbhuntáiste go háirithe san alt seo, tacaíonn an tuiscint ar dheiseanna do RT sa scoil a léirítear sa dá shamhail go mór leis an anailís sin.

10 Dírítear go príomha ar na torthaí ó cheistneoir na dtuismitheoirí ach déantar nasc nuair is cuí, chomh maith, le sonraí a bailíodh ó pháistí agus ó phríomhoidí agus ó cheannairí aonad sa mhórstaidéar (Ó Duibhir et al. 2015), cur chuige atá ag teacht leis an chur chuige éiceolaíoch atá molta ag Epstein (1992) agus ag Kavanagh (2014).

2. Polasaithe agus treoir faoi RT

11 Ó foilsíodh Tuarascáil Plowden (1967), tá méadú tagtha ar an bhéim a chuirtear ar RT i ndréachtú polasaithe oideachais agus i gcomhthéacs an taighde acadúil. Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i Sasana an mórshaothar sin agus fócas ann ar ghnéithe éagsúla den bhunscolaíocht agus ar an aistriú go dtí an córas iar-bhunscolaíochta. D’imir an Tuarascáil tionchar suntasach ar an phleanáil um fhorbairt an bhunoideachais suas go dtí an lá inniu. I gCaibidil 4 di, ag tarraingt ar chonclúid sa phlé ar ról tuismitheoirí, deir Plowden, ‘It has long been recognised that education is concerned with the whole man; henceforth it must be concerned with the whole family,’ agus tugann sí liosta moltaí a thacódh le RT (1967: 48).

12 Tá an fhianaise faoin tábhacht a bhaineann le RT, a cuireadh san áireamh i dTuarascáil Plowden, ábhartha anseo agus imríonn sé tionchar ar pholasaithe sa dá dhlínse in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas. Mar shampla, i gcáipéisí de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), Primary school curriculum: your child’s learning — guidelines for parents (CNCM 1999), agus i gcáipéisí de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS), An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga (ROS 2011), aithnítear an tionchar dearfach a bhíonn ag RT ar ghnóthachtáil acadúil an pháiste, forbairt teanga, forbairt litearthachta agus scileanna uimhearthachta san áireamh. Sonraíonn cáipéis straitéiseach de chuid na Roinne Oideachais (RO) i dTuaisceart Éireann, Gach Scoil ina Scoil Mhaith, saintréithe scoileanna éifeachtacha agus pléitear comharthaí éagsúla a bhaineann le RT, mar shampla, meas a bheith ag tuismitheoirí ar na múinteoirí agus tacaíocht ghníomhach ó thuismitheoirí d’imeachtaí scoile (RO 2009: 16).

13 Sa taighde a rinne údair an ailt seo, is minic a mhol rannpháirtithe i dTÉ Clár na Seirbhísí Breise i Scoileanna (CSBS), clár a cuireadh i bhfeidhm chun nasc le tuismitheoirí agus an pobal máguaird a threisiú. I Meán Fómhair 2012, sheol an Roinn Oideachais i dTÉ feachtas fógraíochta ‘Education Works Better When You Get Involved’ chun tacú leis an pholasaí oifigiúil CSBS a chur i bhfeidhm agus chun teaghlaigh a spreagadh le páirt a ghlacadh in oideachas a gcuid páistí. Ar cheann de spriocanna an fheachtais, bhí méadú ar RT i bhfoghlaim agus i bhforbairt oideachasúil a gcuid páistí. Tugtar tosaíocht do cheantair faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta agus d’fhadhb na tearcghnóthachtála i bpleanáil na gclár sin.

14 Moltar do scoileanna i bPoblacht na hÉireann nasc fónta a chothú le tuismitheoirí mar chuid den Phlean Feabhsúcháin Scoile agus soláthar cuí a chothú do RT ar mhaithe le litearthacht agus uimhearthacht na ndaltaí a chur chun cinn (ROS 2011: 20). Tugann CNCM (1999) moltaí praiticiúla do thuismitheoirí faoi conas tacú le foghlaim a gcuid páistí, foghlaim na Gaeilge san áireamh, agus spreagann Cumann Múinteoirí Éireann ról gníomhach tuismitheoirí in oiliúint a gcuid páistí chun tacú le hobair na scoile (CMÉ 2015).

15 Tá na moltaí thuas bunaithe ar fhianaise ón taighde a bailíodh thar 50 bliain, taighde a shainaithníonn na buntáistí a bhaineann le ról gníomhach a bheith ag tuismitheoirí mar phríomhpháirtithe in oideachas a gcuid páistí. Mar sin féin, is cóir a bheith airdeallach faoin chleachtas reatha agus tógann Hornby agus Lafaele (2011) agus Epstein (2001) ceist faoin bhearna idir reitric agus réadúlacht nuair a tharlaíonn easaontú idir tuairimí na múinteoirí agus tuairimí na dtuismitheoirí mar gheall ar RT. Mar shampla, i gcomhthéacs na hÉireann, ní i gcónaí a bhíonn tuiscint oideachasóirí ar ról na dtuismitheoirí (ról a bhaineann le cabhair a thabhairt le feidhmiú na scoile, dar leis na hoideachasóirí), ag teacht leis an tuiscint a bhíonn ag tuismitheoirí ar a ról féin mar chomhoideachasóirí (Kavanagh agus Hickey 2012; Kavanagh 2014).

3. Cúlra coincheapúil do RT sa chóras tumoideachais in Éirinn

16 Is próiseas fadtéarmach í forbairt na teanga i measc an phobail agus cuirtear riachtanais tuismitheoirí san áireamh sna mórstraitéisí pleanála don Ghaeilge thuaidh agus theas, go háirithe i gcomhthéacs sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin. Sa Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint, 2015-2035 (An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta 2015), leagtar síos cuspóirí chun tacú le tuismitheoirí Gaeilge a labhairt lena bpáistí, mar a rinneadh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Rialtas na hÉireann 2010), a foilsíodh cúig bliana roimhe sin. Fáiltíodh roimh an Straitéis i bPÉ mar iarracht ar an Ghaeilge a chaomhnú sna ceantair Ghaeltachta agus ar í a chur chun cinn lasmuigh de na ceantair sin. Moltar raon beart praiticiúil chun tacú leis an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin sa teaghlach chomh maith le hoideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar.

17 Go dtí tríocha bliain ó shin, bhí pleanáil don earnáil Ghaeloideachais ag brath go príomha ar thaighde idirnáisiúnta agus ar léirmhíniú thorthaí an taighde sin i gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge. Cé gur acmhainn luachmhar é an taighde idirnáisiúnta, is comhartha dearfach é an bláthú atá tagtha ar thaighde náisiúnta agus ar ghéarú an fhócais anailísigh ar an Ghaeloideachas féin. Is amhlaidh atá an scéal le taighde ar RT sna scoileanna lán-Ghaeilge. Fiosraíodh inspreagadh na dtuismitheoirí agus tugadh léargas ar an dearcadh i leith na rogha lán-Ghaeilge i dTÉ i saothar Maguire (1986: 1991). Tugadh le fios gur fáthanna oideachasúla agus cultúrtha a spreag suim tuismitheoirí sa chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste agus fiosraíodh na dúshláin a cuireadh roimh thuismitheoirí i gcomhthéacs an tionscnaimh stairiúil, cheannródaíoch sin i dTÉ. Mar shampla, rinneadh anailís ar na constaicí a chuir teorainn le foghlaim agus le húsáid na Gaeilge i measc na dtuismitheoirí. Pléadh na hathruithe a tháinig ar ról na dtuismitheoirí i saol na scoile i ndiaidh dhúshláin na mblianta tosaigh nuair a mhair an scoil de bharr dhíograis na dtuismitheoirí gan aitheantas oifigiúil ná maoiniú a fháil ón Roinn Oideachais. Míníonn Maguire (1991: 138) gur aithin tuismitheoirí idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí leis na freagrachtaí a bhí orthu mar thuismitheoirí sa togra lán-Ghaeilge.

18 I bPÉ, bhí fianaise á bailiú a chuir go mór le tuiscint ar chúlra teangeolaíoch, oideachasúil agus socheacnamaíoch na dteaghlach lán-Ghaeilge. Aithníodh athruithe i bpróifílí na dtuismitheoirí de réir mar a d’fhás an pobal scolaíochta agus léiríodh gnéithe tábhachtacha de ról na dtuismitheoirí san earnáil (Ó Riagáin agus Ó Gliasáin 1979; Hickey 1998; Coady agus Ó Laoire 2002; Harris agus Ó Laoire 2006; Kavanagh agus Hickey 2012). I gcás-staidéar a chuimsíonn pobal naíscoile, bunscoile agus iar-bhunscoile, díríonn Nic Íomhair (2015) aird ar riachtanais na dtuismitheoirí agus ar an tacaíocht atá de dhíth orthu mar ghníomhairí ag leibhéil éagsúla i bpróiseas oideachais a gcuid páistí agus i bpróiseas tógála pobal teanga. Cuireann an saothar sin leis an eolas ar an ghaol ar leith a bhíonn idir scoileanna lán-Ghaeilge agus an pobal máguaird. Ar ndóigh, bíonn tacaíocht de dhíth ar thuismitheoirí mar fhoghlaimeoirí teanga fosta. Pléann Nic Íomhair an nasc idir cumas Gaeilge na dtuismitheoirí agus gníomhaíochtaí mar léamh scéalta i nGaeilge lena bpáistí agus fuarthas amach go raibh nasc suntasach idir an dá rud sin (2015: 87). Taispeánann an taighde a rinne Ó Duibhir et al. (2015) go bhfuil tionchar ag na leibhéil chumais i nGaeilge a bhíonn ag tuismitheoirí ar ghnéithe áirithe de RT. Míníonn céatadán de thuismitheoirí iar-bhunscoile i dTÉ a bhí páirteach sa taighde sin gur de dheasca easpa Gaeilge a bhíonn drogall orthu cuidiú a thairiscint don scoil. Is cuí tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi luach na gcineálacha éagsúla rannpháirtíochta agus faoin dóigh a n-imríonn siad tionchar ar dhearcadh na ndaltaí i leith na foghlama (Grolnick agus Slowiaczek 1994: 65, 239).

19 Bíonn roinnt tuismitheoirí bunscoile níos gníomhaí i saol na scoile agus bíonn RT níos treise le linn na luathbhlianta ná mar a bhíonn sé ag leibhéal iar-bhunscoile, mar a tuairiscíodh i dtaighde a rinne O’Hanlon, McLeod agus Paterson (2010: 66-68). Molann Andrews (2006) polasaithe agus cleachtais i suímh naíscoile a ardaíonn feasacht ar an tábhacht a bhaineann le RT agus ar an nasc idir é sin agus foghlaim na bpáistí sa tumchlár. Tacaíonn curaclam na bunscoile leis an chur chuige sin, go háirithe i gcomhthéacs na luathbhlianta. Ní hamháin go bhfuil bonn taighde le RT go ginearálta ach aithnítear go bhfuil diminsean breise le ról tuismitheoirí tumoideachais agus go bhfuil tacaíocht de dhíth chun freagrachtaí a chur i gcrích. Tugtar léargas ar ról tuismitheoirí sa phróiseas measúnaithe sna luathbhlianta i scoileanna lán-Ghaeilge i saothar Mhic Aoidh (2012: 119). Moltar grinnbhreathnóireacht ranga sa bhonnchéim i gCuraclam TÉ le ‘gur féidir eolas a roinnt le tuismitheoirí agus gur féidir cuidiú le tuismitheoirí tacú le sealbhú Gaeilge a gcuid páistí sa bhaile’ (An Roinn Oideachais 2009: 12).

20 Tá feidhm le taighde a thabharfadh treoir do thuismitheoirí faoi na himpleachtaí dá bpáistí a bhaineann lena ndearcadh i leith na Gaeilge agus lena n-oilteacht teanga féin. Is í easpa Gaeilge na dtuismitheoirí an chonstaic is mó ar RT, de réir freagróirí i staidéar Kavanagh agus Hickey (2012: 7-8), agus is é a gcumas féin sa sprioctheanga an dúshlán is mó a shamhlaíonn tuismitheoirí le roghnú an oideachais lán-Ghaeilge dá gclann, dar le saothar Maguire (1991: 121-131). Pléann Baker (2000) ceisteanna coitianta a bhíonn ag tuismitheoirí, mar shampla, faoin dóigh ar féidir leo cuidiú le forbairt litearthachta na bpáistí. Tá sé tábhachtach do thuismitheoirí ar bheagán Gaeilge go gcuirtear in iúl dóibh a luachmhaire atá a dtacaíocht maidir le Béarla a gcuid páistí a fhorbairt (RO 2009; Kavanagh agus Hickey 2012; Strickland agus Hickey 2016) chomh maith lena ndearcadh dearfach i leith na Gaeilge (Harris agus Murtagh 1999; Kavanagh agus Hickey 2012).

21 Tá fianaise ar fáil i réimse tuarascálacha ar an nasc idir oilteacht teanga, úsáid na teanga agus dearcadh i leith na teanga i measc an phobail (CILAR 1975; Harris agus Murtagh 1999). Pléann Murtagh (2007) an tionchar dearfach a imríonn comhthéacs feidhmiúil ar fhoghlaim teanga agus ar inspreagadh ionstraimeach agus comhtháite an fhoghlaimeora. Dar leis na ceannairí scoileanna, idir phríomhoidí agus chomhordaitheoirí aonad, a bhí faoi agallamh sa mhórstaidéar a rinne Ó Duibhir et al. (2015), tá baint idir úsáid fheidhmiúil na teanga agus dul chun cinn na ndaltaí, agus aithníodh buntáistí sna luathbhlianta nuair a bhí an Ghaeilge á labhairt sa bhaile. Féachfar anois ar mhodheolaíocht an taighde a mbeidh cuid de na torthaí uaidh á tuairisciú anseo.

4. Modheolaíocht

22 Bhí dhá chéim sa tionscadal a bhfuil an t-alt seo ag tarraingt air. I gCéim a hAon, seoladh ceistneoirí chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i bPÉ agus i dTÉ araon, lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus fuarthas 113 ceistneoir ar ais (53%). D’fhreagair 90 bunscoil agus 23 iar-bhunscoil na ceistneoirí ar an iomlán agus déantar tagairt san alt seo do chuid de na sonraí a bailíodh, go háirithe san áit a gcaitheann siad solas ar ról na dtuismitheoirí. Mar shampla, fiosraíodh cén tacaíocht a thugann scoileanna do thuismitheoirí na ndaltaí Gaelscolaíochta ó thaobh na Gaeilge de. Fiosraíodh na bealaí a soláthraíonn scoileanna tacaíocht leis an teanga do theaghlaigh nach bhfuil Gaeilge acu. Fiosraíodh, chomh maith, an méid Gaeilge a úsáideann scoileanna agus iad i mbun cumarsáide le tuismitheoirí, agus an ról a imríonn an scoil i bhforbairt na Gaeilge sa phobal áitiúil.

23 Is í Céim a Dó den taighde is mó a sholáthraíonn faisnéis a thugann léargas ar chroícheisteanna an ailt seo. Tugadh cuireadh do rannpháirtithe i gCéim a hAon páirt a ghlacadh i gcás-staidéir. Roghnaíodh 20 scoil ar fad, 10 gcinn i dTÉ agus 10 gcinn i bPÉ, faoi mar a fheictear i dTábla 1. Rinneadh agallaimh agus fócasghrúpa le príomhoidí na nGaelscoileanna agus comhordaitheoirí na n-aonad sin.

Tábla 1. Scoileanna na gcás-staidéar

Poblacht na hÉireann Rang PÉ Tuaisceart Éireann Rang TÉ
Bunscoileanna saorsheasaimh 5 Rang 5 4 Rang 7
Aonaid bhunscoile Neamhbhainteach (N/bh) N/bh 3 Rang 7
Iar-bhunscoileanna saorsheasaimh 2 Bliain 4 1 Bliain 12
Aonaid iar-bhunscoile 3 Bliain 4 2 Bliain 12
Iomlán 10 10

24 Cuireadh ceistneoirí ar dhaltaí sna scoileanna sin agus ar a dtuismitheoirí. Baineadh úsáid as Cnuasach Trialach Dearcadh/Inspreagadh (CTDI) (Gardner 1985) le heolas a bhailiú faoi iompar teanga na ndaltaí Gaelscoile agus na gnéithe a imríonn tionchar ar úsáid na Gaeilge ina measc. Tá a lán uirlisí measúnaithe ar fáil chun spriocanna teangeolaíocha a bhaineann le foghlaim an dara teanga a mheas. Forbraíodh an CTDI chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe neamhtheangeolaíocha a bhaineann le foghlaim an dara teanga, toil an fhoghlaimeora leanúint den staidéar ar an sprioctheanga, mar shampla. Sa saothar seo, is daltaí sna haoisghrúpaí 10-11 bliain agus 14-16 bliain a bhí i gceist. D’fhreagair 373 dalta ceistneoir (ráta freagartha 60%), mar a fheictear i dTábla 2. Cuireadh ceistneoir chuig tuismitheoirí na ndaltaí agus líon 342 tuismitheoir ar fad an ceistneoir isteach (ráta freagartha 55%). Baineadh feidhm as cóid chun tuismitheoirí a mheaitseáil lena bpáistí. Feictear i dTábla 2 go raibh sonraí againn do 288 dalta agus a dtuismitheoirí.

Tábla 2. Líon na ndaltaí a chomhlánaigh an CTDI de réir scoile agus réigiúin

Cineál scoile/Réigiún Líon iomlán na ndaltaí Líon iomlán na dtuismitheoirí Líon na ndaltaí le sonraí dá dtuismitheoirí
Bunscoil (PÉ) 128 139 119
Bunscoil (TÉ) 71 54 41
Iar-bhunscoil (PÉ) 100 102 91
Iar-bhunscoil (TÉ) 74 47 37
Iomlán 373 342 288

25 Bhí 37 ceist ar fad i gceistneoir na dtuismitheoirí atá ar fáil in Aguisín A. Bhain na ceisteanna le trí rannóg éagsúla: cúlra an tuismitheora (9 gceist); an páiste agus an Ghaeilge (7 gceist); an scoil agus oideachas lán-Ghaeilge (21 ceist). Bhí meascán ceisteanna sa cheistneoir: ceisteanna dúnta, ceisteanna ilroghnacha, ceisteanna i bhfoirm scála cúig phointe Likert ó ‘easaontaím go mór’ go ‘aontaím go mór,’ agus ceisteanna oscailte chun deis a thabhairt do thuismitheoirí a dtuairimí a nochtadh. Iarradh ar thuismitheoirí sonraí breise a thabhairt freisin le ceisteanna ilroghnacha ar mhaithe le cruinneas. Bhí roinnt de na ceisteanna bunaithe ar an cheistneoir do thuismitheoirí a d’úsáid Harris agus Murtagh (1999) sa staidéar a rinne siad ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge sa bhunscoil.

26 Baineadh úsáid as Cronbach’s Alpha, tomhas a fhiosraíonn an gaol idir míreanna i ngrúpa, chun leanúnachas inmheánach agus iontaofacht míreanna sna ceisteanna a chinntiú. Rinneadh na ceistneoirí a phíolótú agus leasaíodh iad, dá réir. Rinneadh ábhar cáilíochtúil sna hagallaimh a thras-scríobh go dílis agus rinne beirt taighdeoirí anailís théamach (Cohen et al. 2011) ar an ábhar. Aithníodh gur ghá na torthaí a bhain le múnlaí éagsúla Gaelscoile a léirmhíniú go cúramach, chomh maith le líon na scoileanna éagsúla sa dá limistéar a chur san áireamh. Mar shampla, níl aon aonad bunscoile i bPÉ agus tá líon beag aonad iar-bhunscoile (5) i dTÉ, áit a raibh an earnáil iar-bhunscoile ag luathphointe forbartha le linn thréimhse an taighde.

5. Torthaí taighde

27 Go ginearálta, fuarthas amach go raibh tuismitheoirí sásta leis an rogha scolaíochta a rinne siad dá gcuid páistí, toradh atá ag teacht le Kavanagh (2014), agus go bhfuil a ndearcadh dearfach i leith an tsoláthair inchurtha le freagrachtaí tuismitheoirí i gcórais tumoideachais eile, amhail chóras na scoileanna Gàidhlig in Albain (MacNeil 1997: 101-110). Nuair a rinneadh anailís dhomhain ar na freagraí, áfach, aithníodh patrúin a chuir dúshláin roimh na scoileanna agus na tuismitheoirí araon.

5.1 Próifíl socheacnamaíochta na dtuismitheoirí agus fás na scoileanna

28 Taispeánann torthaí an taighde go bhfuil difear le sonrú i stádas socheacnamaíochta na nGaelscoileanna i dTÉ agus i bPÉ. Baintear feidhm as líon daltaí atá i dteideal béilí saora mar chomhartha ar stádas socheacnamaíoch níos ísle do scoileanna i dTÉ agus úsáidtear aitheantas mar scoil DEIS mar chomhartha air do scoileanna i bPÉ. Léirigh an taighde seo próifíl dhifriúil socheacnamaíochta sa dá dhlínse. Sonraíodh go raibh 46% de dhaltaí bunscoile lán-Ghaeilge TÉ i dteideal béilí saora ar an mheán agus ba é 34% an meánchéatadán de dhaltaí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge TÉ. Tá sin níos airde ná staitisticí na Roinne Oideachais do scoileanna i dTÉ (27% ag leibhéal bunscoile agus 16% ag leibhéal iar-bhunscoile in 2012-13). I dtaca le scoileanna lán-Ghaeilge i bPÉ, bhí meánchéatadán na scoileanna lán-Ghaeilge a raibh stádas DEIS acu níos ísle ná an meán do scoileanna uile PÉ. Sa taighde seo, ní raibh stádas DEIS ach ag 10% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge agus ag 0% de na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhí san áireamh. Pléann Harris agus Ó Laoire (2006), Kavanagh agus Hickey (2012), agus Strickland agus Hickey (2016) an réimse éagsúlachta atá le sonrú i measc tuismitheoirí tumoideachais ó thaobh cúlra oideachais agus stádais shocheacnamaíoch agus ó thaobh inniúlachta sa Ghaeilge de. Tagraíonn Harris agus Ó Laoire (2006) do líon na dtuismitheoirí ar bheagán Gaeilge agus tógtar ceist faoin tionchar a imreofar ar ghnóthachtáil na ndaltaí sa Ghaeilge dá bharr.

29 Le linn an phlé a rinneadh le príomhoidí agus comhordaitheoirí scoileanna sa taighde seo, tagraíodh do roinnt impleachtaí oideachasúla a bhaineann le hathruithe socheacnamaíochta i gceantar na scoile, impleachtaí a éiríonn níos casta de réir mar a mhéadaíonn pobal na scoile. De réir mar a fhásann na scoileanna, eascraíonn dúshláin bhreise agus baineann ceann acu seo le RT. Pléadh dúshláin dhifriúla a chruthaítear i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus thug na príomhoidí réimse leathan de shamplaí a léiríonn straitéisí cruthaitheacha a d’úsáid na scoileanna chun freagairt dóibh. Déanann Mac Corraidh (2013) plé ar na buntáistí saoil a bhaineann leis an dátheangachas a chuireann na scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil i gceantair faoi mhíbhuntáiste.

30 Is é an t-athrú is suntasaí a thuairiscigh príomhoidí sa taighde reatha seo ná méadú ar líon na dtuismitheoirí a roghnaigh an scoil de thairbhe gurbh í an ceann ba chóngáraí agus ab áisiúla í agus gan an oiread céanna suime acu sa chóras Gaelscolaíochta. Le linn luathbhlianta fáis na scoileanna sin, is cúinsí a bhain le cultúr agus le hardchaighdeán oideachais a d’imir tionchar ar chinneadh na dtuismitheoirí. Mar sin de, de réir mar a mhéadaíonn pobal na scoile gintear dúshláin nua, mar shampla, tuismitheoirí gan a bheith ag déanamh cumarsáide leis an scoil nó gan a bheith ag freastal ar imeachtaí a thugann treoir agus comhairle faoi RT. Tá fadhbanna sóisialta casta á bhfulaingt i gcuid de na ceantair sin agus mhínigh príomhoide amháin tionscadail chruthaitheacha a thacaigh leis na tuismitheoirí agus a spreag rannpháirtíocht in oideachas na ndaltaí a bhí in easnamh, dar leis, roimhe sin. Sa scoil sin, atá suite ar imeall cathrach i dTÉ, d’aithin an príomhoide athrú ar an dearcadh a bhí ag cuid de na tuismitheoirí nua ar ghnóthachtáil na bpáistí agus ar shealbhú teanga an tumchláir. Bhain an t-athrú le hinspreagadh na dtuismitheoirí i gceantar faoi mhíbhuntáiste. De réir mar a d’athraigh próifíl an phobail chónaithe in abhantrach na scoile, bhí ní ba mhó tuismitheoirí ag roghnú na naíscoile agus na bunscoile ar son áisiúlachta, gan an oiread céanna suime acu in éiteas na scoile ná sa tsaintréith lán-Ghaeilge. Sa chás sin, bhí pleanáil straitéiseach shamhlaíoch de dhíth chun RT a mhéadú agus suim a mhúscailt sna tuismitheoirí. Cuireadh plean i bhfeidhm chun tuismitheoirí a mhealladh chuig cruinnithe aonair leis an mhúinteoir ranga, i suíomh neamhfhoirmeálta. Thug sé sin deis do na múinteoirí aithne a chur ar thuismitheoirí, iad a chur ar a suaimhneas, feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le RT agus smaointe a roinnt faoi bhealaí leis sin a chur i gcrích. Gné eile den phlean ba ea seisiúin súgartha a reáchtáil sa scoil agus cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí teacht agus páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí súgartha a rinne daltaí sa rang. Léiríonn an t-eispéireas seo an tábhacht a bhaineann le cuirí ón scoil do thuismitheoirí, mar atá aitheanta ag Hoover-Dempsey agus Sandler (1997). Thuairiscigh an príomhoide go ndearna na daltaí dul chun cinn san fhoghlaim dá thairbhe. Pléann Grolnick agus Slowiaczek (1994) taighde a aithníonn an ról gníomhach atá ag RT agus éifeacht saintréithe chúlra na dtuismitheoirí, mar shampla, a gcúlra oideachais, ar an dul chun cinn acadúil a dhéanann na páistí ar scoil. Dhearbhaigh an cás-staidéar thuas go gcuidíonn cuirí ón scoil leis na tuismitheoirí a chumasú mar pháirtithe. Taispeánann sé gur fiú smaoineamh ar an RT ó pheirspictíocht an tuismitheora agus bheith oscailte do dhóigheanna cruthaitheacha a éascaíonn RT agus a thacaíonn le tuismitheoirí coincheap na rannpháirtíochta i gcomhthéacs tumoideachais a thuiscint agus a chur i bhfeidhm.

5.2 Roghnú na múnlaí scoile

31 Chomh maith le héagsúlú i bpróifílí na dteaghlach, tá athrú tagtha ar an speictream múnlaí scoileanna atá ar fáil i dTÉ go háirithe, áit a bhfuil go leor aonad ann. Ar ndóigh, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil rogha níos leithne ag tuismitheoirí faoin mhúnla scoile mar is minic nach mbíonn ach aon suíomh lán-Ghaeilge amháin sa cheantar. Shíl roinnt comhordaitheoirí aonaid gur túisce a roghnaíonn tuismitheoirí an tumoideachas más aonad Gaeilge i scoil Bhéarla atá i gceist, seachas Gaelscoil shaorsheasaimh. Is é an míniú a thug siad ná gur lú an baol go dteipfeadh ar aonad suite i scoil Bhéarla atá ar bun le tamall ná tionscnamh nua lán-Ghaeilge a bheadh neamhspleách, dar leis na tuismitheoirí sin. Níor aontaigh ceannairí na scoileanna saorsheasaimh leis an bharúil seo (Ó Duibhir et al. 2015) mar shíl gach príomhoide go raibh scoileanna saorsheasaimh níos láidre ó thaobh sholáthar an tumoideachais de.

32 Bhí fáthanna comónta ann a mheall tuismitheoirí chuig an tumoideachas seachas chuig múnla eile scolaíochta. Léirigh roinnt tuismitheoirí gur roghnaigh siad scoil lán-Ghaeilge toisc go raibh meas acu ar an teanga agus ar an chultúr agus go raibh sé tábhachtach dóibh go mbeadh Gaeilge líofa ag a bpáistí. Tuairiscíodh an dá inspreagadh mór sin a bhaineann le buntáistí cultúrtha agus buntáistí oideachasúla atá pléite i saothair eile (Maguire 1991; O’Hanlon, McLeod agus Paterson 2010). Mhol tuismitheoirí an caighdeán ard oideachais a bhí ar fáil sa chóras lán-Ghaeilge agus d’aithin siad go raibh buntáistí cognaíocha, cultúrtha agus sóisialta ann do pháistí dátheangacha, buntáistí a d’aithin tuismitheoirí sa taighde a rinne Whiting agus Feinauer (2011) ar chlár dátheangach sna Stáit Aontaithe. D’imir taithí na dtuismitheoirí ar fhoghlaim na Gaeilge tionchar orthu, idir dhearfach agus diúltach. Bhí gnéithe mothálacha ag baint leis an chinneadh a bhain le forbairt iomlánaíoch na leanaí. Phléigh roinnt tuismitheoirí buntáistí a bhain le héiteas na scoile lán-Ghaeilge agus is minic a rinneadh tagairt don timpeallacht fháiltiúil. D’imir eispéiris gaolta agus tuairimíocht iar-dhaltaí tionchar ar an rogha a rinne tuismitheoirí. Mar shampla, mhaígh tuismitheoir amháin an méid seo, agus í ag tagairt do bhunscoil i dTÉ: ‘Her cousins had attended the same school and enjoyed the atmosphere and friendly approach and received a great knowledge of Irish.’ Léirigh tuismitheoirí eile dóchas as forbairt féiniúlachta san earnáil lán-Ghaeilge agus luadh meas ar an teanga Ghaeilge mar ghné thábhachtach dá n-oidhreacht chultúrtha, mar atá pléite ag Harris agus Murtagh (1999) agus Murtagh (2007). Mhínigh tuismitheoirí réimse buntáistí leis an oideachas lán-Ghaeilge sna freagraí oscailte a thug siad. Is iad na cuspóirí ionstraimeacha is mó a luadh ná feabhsú deiseanna fostaíochta, torthaí scrúduithe san iar-bhunscoil, agus foghlaim teangacha breise. Agus, ar ndóigh, luaigh tuismitheoirí cúiseanna pragmatacha eile nach mbaineann go díreach le saintréithe na scoileanna lán-Ghaeilge, ina measc gaireacht na scoile, an cóimheas daltaí le múinteoirí, ranganna beaga agus cáil na scoile, fachtóirí a thuairiscigh tuismitheoirí i staidéar Kavanagh (2014) chomh maith.

5.3 Cúlra teanga na dtuismitheoirí

33 Fiosraíodh cúlra teanga na dtuismitheoirí agus iad ag fás aníos. Níl fianaise ann do sheachadadh teanga ó ghlúin go glúin go fóill agus is gá a chur san áireamh nach dócha go raibh scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil do chuid mhaith den phobal tuismitheoirí le linn a laethanta scolaíochta. D’fhreastail 9.6% de thuismitheoirí an taighde seo ar scoil lán-Ghaeilge. Cuireadh ceist ar na tuismitheoirí faoin teanga a labhraítí sa bhaile agus iad ag fás aníos (Ceist 5, Aguisín A). Feictear i dTábla 3 gur Béarla amháin nó Béarla den chuid is mó a labhraítí i mbreis agus 95% dá dteaghlaigh agus iad ag fás aníos.

Tábla 3: Nuair a bhí tusa ag fás aníos cén teanga(cha) a labhraítí sa bhaile?

Catagóir scoile/suíomh % Béarla amháin % Béarla den chuid is mó % Meascán cothrom de Ghaeilge agus Béarla % Gaeilge den chuid is mó % Gaeilge amháin
Bunscoileanna saorsheasaimh PÉ (n=119) 71.8 23.1 1.7 1.7 0.0
Bunscoileanna saorsheasaimh TÉ (n=23) 87.0 4.3 4.3 0.0 4.3
Aonad bunscoile TÉ (n=18) 77.8 22.2 0.0 0.0 0.0
Iar-bhunscoileanna saorsheasaimh PÉ (n=56) 74.5 23.6 1.8 0.0 0.0
Iar-bhunscoil shaorsheasaimh TÉ (n=28) 82.1 17.9 0.0 0.0 0.0
Aonad Iar-bhunscoile PÉ agus TÉ (n=44) 76.7 16.3 2.3 0.0 0.0

34 Bhaineamar úsáid as trialacha staitistiúla ANOVA agus Bonferroni le fáil amach an raibh comhcheangail idir iompar teanga na dtuismitheoirí anois agus (i) an teanga a labhraítí agus iad ag fás aníos; (ii) freastal ar bhunscoil nó iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Bhí comhcheangail réasúnta láidir, atá suntasach ó thaobh staitistice de, idir an teanga a labhair na tuismitheoirí agus iad ag fás aníos agus a mhinice is a labhraíonn siad Béarla, Gaeilge nó teanga eile lena bpáistí féin (chí-cearnach=173.8, df=25, p < .001). Ní raibh aon chomhcheangail ann, áfach, idir freastal na dtuismitheoirí ar scoil lán-Ghaeilge agus an teanga a labhraíonn siadsan lena bpáistí féin (chí-cearnach=12.8, df=10, p = .237). Ní mór cuimhneamh arís gur grúpa beag go leor de 32 tuismitheoir sa taighde seo a d’fhreastail ar bhunscoil nó ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ach ní léir ón fhianaise sa taighde seo go raibh tionchar láidir aige seo ar a n-iompar teanga lena bpáistí féin.

35 Taispeánann na torthaí sin go bhfuil tábhacht mhór le nósanna teanga sa bhaile agus gur chóir aird a dhíriú ar straitéisí a thacaíonn le seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin mar thosaíocht i bpleanáil straitéiseach don Ghaeilge. Tugann Strickland agus Hickey (2014: 7) forbhreathnú ar an chorpas taighde a léiríonn an tábhacht a bhaineann le forbairt na Gaeilge sa bhaile agus sa phobal, ina measc King agus Fogle (2013), a phléann an phleanáil teanga a tharlaíonn ag leibhéal an teaghlaigh.

36 Ba léir go raibh tionchar nach beag ag cúlra teanga na ndaltaí ar a dtoilteanas i leith úsáid na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den scoil. Chuir roinnt daltaí in iúl gur spreag tuismitheoirí, siblíní agus gaolta eile iad chun Gaeilge a labhairt, rud atá ag teacht le torthaí taighde Dörnyei (1998) faoi fhoghlaim an dara teanga ag páistí. Tá gaol idir dearcadh dearfach foghlaimeoirí i leith na sprioctheanga agus inspreagadh chun an teanga a fhoghlaim (Ó Duibhir 2009). Is léir ó thorthaí an taighde reatha seo go gcothaíonn tuismitheoirí inspreagadh intreach agus eisintreach a imríonn tionchar ar thoilteanas na ndaltaí Gaeilge a labhairt ar scoil agus taobh amuigh den scoil. Bhain na páistí sásamh as cuidiú a thabhairt do ghaolta, do chairde agus do dhaoine eile ar bheagán Gaeilge. Thaitin sé leo Gaeilge a labhairt le cairde ar scoil agus taobh amuigh den scoil. Nuair a phléigh daltaí na hathróga a spreag úsáid na Gaeilge, ba mhinic a sonraíodh tionchar an teaghlaigh (28.6%).

Tábla 4: Conas a chuirfeá síos ar do chumas Gaeilge a labhairt?

Catagóir scoile/suímh % Gan Ghaeilge % Cúpla focal % Cúpla abairt simplí % Míreanna de chomhráite % Formhór comhráite % Cumas cainteoir dúchais Meán (1-5)
Bunscoileanna saorsheasaimh PÉ (n=119) 0.8 8.5 31.4 36.4 18.6 4.2 3.76
Bunscoileanna saorsheasaimh TÉ (n=23) 4.3 34.8 39.1 17.4 0.0 4.3 2.87
Aonaid bhunscoile TÉ (n=18) 5.6 16.7 27.8 44.4 0.0 5.6 3.33
Iar-bhunscoileanna saorsheasaimh PÉ (n=56) 7.3 20.0 40.0 29.1 1.8 1.8 3.04
Iar-bhunscoileanna shaorsheasaimh TÉ (n=28) 7.1 35.7 42.9 7.1 0.0 7.1 2.79
Aonaid Iar-bhunscoile PÉ agus TÉ (n=44) 14.0 11.6 25.6 30.2 14.0 4.7 3.33

37 Iarradh ar na tuismitheoirí féinmheasúnú a dhéanamh ar a gcumas labhartha sa Ghaeilge faoi mar a fheictear i dTábla 4. Mheas an chuid is mó acu go raibh siad ábalta focail shimplí, abairtí simplí nó míreanna de chomhrá a láimhseáil. Léirigh na trialacha staitistiúla (ANOVA agus Bonferroni) gur ag tuismitheoirí na ndaltaí i mbunscoileanna i bPÉ a bhí an meánscór ab airde (3.76). B’amhlaidh an scéal maidir le patrúin úsáidte teanga idir tuismitheoirí agus páistí. B’airde an céatadán de thuismitheoirí i mbunscoileanna PÉ (14%) a labhair Gaeilge go han-mhinic lena bpáistí ná tuismitheoirí i scoileanna eile. Sa phobal tuismitheoirí uile, dar le 10% acu go raibh cumas ard Gaeilge labhartha acu. Bhí líon na dtuismitheoirí a thuairiscigh go raibh a gcuid Gaeilge ag caighdeán cainteoir dúchais beagán níos ísle ná an céatadán 5.8% a tuairiscíodh i saothar Harris agus Ó Laoire (2006). Ar an taobh eile de, ní dúirt ach 6% de thuismitheoirí nach raibh Gaeilge ar bith acu. Bhí formhór na dtuismitheoirí sna catagóirí idir ‘cúpla focal’ agus ‘míreanna de chomhráite,’ mar sin de, tá iarracht déanta acu roinnt Gaeilge a fhoghlaim ach tá tairseachleibhéal bainte amach acu atá faoi bhun ardleibhéal líofachta.

38 Thuairiscigh céatadáin arda de thuismitheoirí sna cineálacha éagsúla scoileanna gur Béarla amháin (44%) nó Béarla den chuid is mó (48%) a labhair siad lena bpáistí. Fuarthas an patrún céanna i saothar Nic Íomhair (2015: 51). Ar ndóigh, léiríonn sin go bhfuil roinnt mhaith tuismitheoirí a úsáideann roinnt Gaeilge, de réir a gcumais, agus iad i mbun cumarsáide lena bpáistí. Tá pleanáil straitéiseach de dhíth chun tacú le tuismitheoirí leibhéal níos fearr a bhaint amach agus iad a chur ar an eolas faoin nasc suntasach idir úsáid na Gaeilge ag an tuismitheoir agus dearcadh dearfach an pháiste i leith fhoghlaim agus úsáid na Gaeilge. Scrúdaíomar sonraí na ndaltaí maidir lena n-iompar teanga sa bhaile chun féachaint an raibh aon chomhcheangal idir inspreagadh an ndaltaí agus an méid Gaeilge a labhraíodh sa bhaile. Léirigh trialacha comparáideacha Bonferroni grúpa ar ghrúpa iar-hoc go raibh meánscór na ndaltaí a labhair ‘Béarla amháin’ sa bhaile níos ísle ná na daltaí sna catagóirí ‘Béarla den chuid is mó’ agus ‘meascán cothrom de Ghaeilge agus Béarla’ nuair a fiosraíodh dearcthaí na ndaltaí i leith athróga áirithe. I gcás na dteaghlach a labhraíonn Béarla amháin sa bhaile, thuairiscigh na daltaí scóir níos ísle do spreagadh ó thuismitheoirí agus dá gcumas féin sa Ghaeilge ná mar a thuairiscigh daltaí eile (féach na meánscóir i dTábla 5).

Tábla 5. An teanga labhartha sa bhaile agus meándearcthaí na bpáistí

Catagóir Fonn foghlama na Gaeilge (6 mír) Dearcadh i leith fhoghlaim na Gaeilge (7 mír) Spreagadh ó thuismitheoirí Gaeilge a fhoghlaim (5 mír) Féin-tuiscint ar chumas sa Ghaeilge (6 mír) Úsáid na Gaeilge (13 mír)
Béarla amháin 3.42 3.89 3.23 3.42 2.73
Béarla den chuid is mó 3.85 4.16 3.62 3.69 3.09
Meascán cothrom de Ghaeilge agus Béarla 3.98 4.28 3.79 3.72 3.53
Teanga eile 3.79 4.06 3.78 3.76 3.28
Iomlán 3.74 4.09 3.54 3.62 3.06

39 Mheas 23% de thuismitheoirí go raibh a bpáistí sásta Gaeilge a labhairt leo. Mheas 69% de na tuismitheoirí, áfach, go raibh a gcuid páistí drogallach nó thar a bheith drogallach Gaeilge a labhairt leo. Tagann an toradh seo le taithí roinnt tuismitheoirí a ghlac páirt i dtaighde Kavanagh agus Hickey (2012) agus a thug le fios gur leasc lena bpáistí Gaeilge a labhairt leo. Thuairiscigh roinnt tuismitheoirí gur easpa muiníne as a gcuid Gaeilge a chuireann bac orthu cuidiú sa scoil, toradh a tháinig chun solais i dtaighde Kavanagh freisin (Kavanagh agus Hickey 2012, 2013; Kavanagh 2014). Bhí fáthanna eile leis an ghné sin den RT a bhí praiticiúil, easpa ama agus cúraimí clainne ina measc. Bhí an céatadán (20%) de thuismitheoirí i mbunscoileanna TÉ a luaigh easpa muiníne as an Ghaeilge ní b’airde ná an céatadán (5%) de thuismitheoirí i mbunscoileanna PÉ. Is léir go gcuireann easpa Gaeilge na dtuismitheoirí isteach ar an RT, go háirithe ag leibhéal iar-bhunscoile i dTÉ. Tá na fachtóirí seo le sonrú sa chatagóir ‘fachtóirí indibhidiúla’ san anailís atá déanta ag Hornby agus Lafaele ar RT (2011).

5.4 Athruithe i RT ó bhunscoil go hiar-bhunscoil

40 Léirigh torthaí an taighde athrú suntasach sa chaidreamh a bhíonn ag tuismitheoirí leis an scoil agus le himeachtaí Gaeilge i ndiaidh na mblianta bunscolaíochta. Bhí idir 10.8% (PÉ) agus 14.9% (TÉ) de thuismitheoirí bunscoile sa taighde seo ag foghlaim na Gaeilge ach thit sé sin go 4.3% i gcás tuismitheoirí iar-bhunscoile i bPÉ. Fiafraíodh de na scoileanna faoin tacaíocht a sholáthraíonn siad do theaghlaigh ó thaobh na Gaeilge de agus léiríodh go bhfuil réimse níos leithne de sheirbhísí á sholáthar ag bunscoileanna.

41 Fiosraíodh toilteanas tuismitheoirí bunscoile a bpáistí a chur chuig iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Chuir os cionn 80% de thuismitheoirí bunscoile in iúl go molfaidís an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge dá bpáistí. Luaigh tuismitheoirí a raibh drogall orthu a bpáistí a chur chuig iar-bhunscoil lán-Ghaeilge cúiseanna éagsúla leis an dearcadh sin, mar shampla: easpa tacaíochta do pháistí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta orthu; teorainn le rogha ábhar, téacsleabhair, earcaíocht múinteoirí agus cúlra eitneach na ndaltaí eile sna hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bheith teoranta i gcomparáid le hiar-bhunscoileanna lán-Bhéarla; cumas a leanaí dul i ngleic le foclóir sainábhar; na torthaí a gheobhaidís sna scrúduithe stáit. Nocht tuismitheoirí sa Bhreatain Bheag (Llywodraeth Cymru 2008) agus in Albain (O’Hanlon et al. 2010) na hábhair bhuartha chéanna. Ar an taobh eile, bhí díomá ar roinnt tuismitheoirí bunscoile nach raibh iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó aonad lán-Ghaeilge sa cheantar. Sa mhórstaidéar (Ó Duibhir et al. 2015) tháinig sé chun solais go raibh an ráta aistrithe ón bhunscoil lán-Ghaeilge go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge íseal go leor. D’aistrigh níos lú ná leath de dhaltaí rang 6 i 65% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge i bPÉ agus níos lú ná leath de dhaltaí rang 7 i 53% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge i dTÉ chuig iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. I bhfianaise na n-ábhar buartha a thuairiscigh tuismitheoirí, tá ábhar machnaimh anseo do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge le gur féidir leo tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas faoi leanúint ar aghaidh go dtí an iar-bhunscolaíocht agus fanacht sa chóras tumoideachais.

5.5 An scoil ina gníomhaí sa phobal

42 Is ríshuimiúil an taighde a chaitheann súil siar thar na blianta agus a dhéanann anailís mhachnamhach ar fhorbairt na Gaelscolaíochta. Déanann McAdory agus Janmaat (2015) anailís chomparáideach idir stair an Ghaeloideachais i dTÉ agus i bPÉ, iad ag díriú airde ar athruithe a thagann ar ról tuismitheoirí de réir mar a thagann fás ar líon na scoileanna. Tugtar neart fianaise a thacaíonn leis an tuairim ‘that the initiative for heritage language instruction has shifted from the state and other “official” agents to grass-roots agents such as parents’ (2015: 538). Léiríonn an taighde reatha seo réimse tuairimíochta faoin cheist seo. I ráiteas i bhfoirm scála Likert iarradh ar thuismitheoirí aontú nó easaontú leis an ráiteas: ‘Imríonn an scoil ról gníomhach i bhforbairt pobal Gaeilge sa cheantar máguaird’. Easaontaíonn 8.25% de thuismitheoirí leis an ráiteas seo ar an mheán, ráta atá sláintiúil go leor, is dócha. Is fiú a lua nach raibh aon tuismitheoir san iar-bhunscoil shaorsheasaimh i dTÉ a d’easaontaigh leis an ráiteas seo. Ceann de na rudaí ba shuntasaí, áfach, ná go raibh leibhéal ard tuismitheoirí i mbunscoileanna i bPÉ (38.2%), in iar-bhunscoileanna saorsheasaimh i bPÉ (50.9%) agus in aonaid iar-bhunscoileanna i bPÉ agus i dTÉ (48.8%) a roghnaigh ‘Níl a fhios agam’ mar fhreagra. Léirigh trialacha ANOVA go raibh an éagsúlacht sna freagraí sa cheist seo suntasach ó thaobh staitistice de (chí-cearnach = 46.204, df = 20, p < .001). Ardaíonn sé seo an cheist: an bhfuil polasaí cinnte ag cuid de na scoileanna seo faoina ról i bhforbairt pobal Gaeilge?

43 Thuairiscigh príomhoidí na scoileanna gur cuid dá ról é an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal, go háirithe lucht na scoileanna i dTÉ. D’aontaigh 59% de bhunscoileanna PÉ agus 48% d’iar-bhunscoileanna PÉ leis an chur chuige sin. Fiosraíodh ar eagraigh na scoileanna imeachtaí Gaeilge a bhí dírithe ar phobal an cheantair agus léirigh 55% de bhunscoileanna agus 67% de sholáthróirí iar-bhunscoile i dTÉ gur eagraigh siad imeachtaí don phobal. Arís, tá an céatadán níos lú do scoileanna PÉ (40% bunscoileanna agus 26% iar-bhunscoileanna).

44 I gceistneoirí na dtuismitheoirí, cuireadh ceist oscailte a d’fhiosraigh ról na scoile i bhforbairt pobal Gaeilge sa cheantar máguaird agus chuir na tuismitheoirí in iúl go raibh tábhacht le húsáid na Gaeilge mar mhodh cumarsáide sa phobal agus gur mór leo an caidreamh leis an phobal. Cé gur mheas roinnt tuismitheoirí go raibh neart á dhéanamh ag an scoil cheana féin chun pobal Gaeilge a fhorbairt, nochtadh tuairimí eile a mhol gur chóir don scoil bheith ní ba ghníomhaí agus rinne tuismitheoirí éagsúla réimse leathan moltaí a threiseodh leis an Ghaeilge mar theanga phobail. Sampla de na tuairimí seó ná naisc shóisialta ní ba láidre a bhunú le heagrais chultúrtha; áitreabh scoile a chur ar fáil mar ionad cultúrtha sa tráthnóna; imeachtaí sóisialta seachtainiúla maraon le ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ar láthair na scoile, cúrsaí ríomhaireachta, cócaireachta agus a leithéid trí mheán na Gaeilge sa tráthnóna. Thug tuismitheoirí le fios go gcuirfidís fáilte roimh níos mó imeachtaí a bheadh eagraithe ag an scoil do na teaghlaigh. Cheap tuismitheoirí go mbeadh sé ina chuidiú do na daltaí iar-bhunscoile dá bhféadfaidís a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sna siopaí áitiúla ag am lóin agus mhol siad go gcothódh na scoileanna naisc ní ba láidre leis na meáin chumarsáide áitiúla. Moladh go mbeadh lá oscailte don phobal ag scoileanna nuair a thabharfaí cuireadh chuig taispeántas dráma nó ócáid shóisialta don phobal. Moladh imeachtaí idirscoileanna (le rannpháirtíocht ó scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna lán-Bhéarla) a chur ar siúl agus béim faoi leith ar eolaíocht agus ar ealaín iontu, agus moladh campa samhraidh Gaeilge a reáchtáil. Luadh féidearthachtaí eile, ina measc Aifreann as Gaeilge, fógraí Gaeilge deartha ag na daltaí a chur in airde sna siopaí áitiúla agus cuireadh a thabhairt d’iar-dhaltaí agus tuismitheoirí bheith rannpháirteach in imeachtaí sóisialta chun pobal níos leithne a chothú. I measc na mbac a aithníodh, luadh droch-chóiríocht scoile, easpa aitheantais don aonad lán-Ghaeilge sa phobal áitiúil agus cúrsaí tíreolaíochta nuair nach mbíonn cónaí ar go leor teaghlach in abhantrach na scoile.

Conclúid

45 Léirigh tuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí sa taighde seo go bhfuil réimse constaicí a imríonn tionchar ar RT san oideachas lán-Ghaeilge. Mar atá luaite thuas, mhúnlaigh Hornby agus Lafaele (2011) fráma constaicí, a chuimsíonn na fachtóirí a tháinig chun solais sa taighde seo. Is tábhachtach feasacht ar na constaicí a ardú sa phobal oideachais. Cuireann Peña (2000) béim ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh tuiscint ag múinteoirí ar na constaicí, i gcomhthéacs tuismitheoirí mionteanga in Texas, agus tá an moladh sin chomh bailí céanna i gcomhthéacs an tumoideachais in Éirinn. Cé go bhfuil tábhacht le fás phobal na scoile mar chomhartha inmharthanachta, tugadh léargas san alt seo ar na dúshláin nua don tumoideachas a chruthaítear de réir mar a théann scoil i méid, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Mar chuid den anailís cháilíochtúil, rinneadh cur síos ar straitéisí dearfacha a chuir bunscoil chathrach i bhfeidhm chun tacú le tuismitheoirí rannpháirtíocht éifeachtach a bheith acu in oideachas a gcuid páistí, i bpáirtíocht leis an scoil, d’ainneoin fadhbanna a bhain le comhthéacs socheacnamaíochta an cheantair, dar leis an phríomhoide.

46 Is léir go bhfuil an chuid is mó de na tuismitheoirí an-sásta leis an soláthar lán-Ghaeilge dá gcuid páistí. Mar sin féin, bíonn tacaíocht de dhíth orthu de thoradh an Ghaeilge a bheith teoranta ag cuid mhaith díobh. Dá bhrí sin is cóir do scoileanna béim a chur ar chleachtais pháirtíochta a thacaíonn le gach teaghlach chomh maith le cleachtais a thugann aitheantas do riachtanais éagsúla teaghlach ar leith. Chabhródh breis taighde le scoileanna chun na cleachtais ab oiriúnaí do thuismitheoirí a gcuid daltaí a aithint agus a chur i bhfeidhm. Níl sé soiléir an dtuigeann tuismitheoirí an tionchar atá ag an teanga a labhraítear sa bhaile ar iompar a gcuid páistí maidir le húsáid na Gaeilge, ar fhéintuiscint na bpáistí maidir lena gcumas sa Ghaeilge agus ar dhearcadh na bpáistí i dtaobh na Gaeilge.

47 Cé go bhfuil taighde luachmhar déanta cheana féin ar RT sa chóras tumoideachais in Éirinn (mar shampla, Maguire 1986, 1991; Kavanagh agus Hickey 2012, 2013; Kavanagh 2014; Nic Íomhair 2015), is beag taighde atá déanta ar ról an phobail mar thacaíocht do dhaltaí tumoideachais. Mar atá aitheanta ag Epstein (1992), imríonn an teaghlach, an scoil agus an pobal tionchar ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an pháiste, i dtaca lena chéile agus neamhspleách ar a chéile. Bunaithe ar mholtaí na dtuismitheoirí a nochtadh san alt seo agus ar mholtaí na ndaltaí atá pléite sa mhórstaidéar (Ó Duibhir et al. 2015), chabhródh breis taighde le scoileanna naisc ní ba láidre a chothú leis an phobal agus leas a bhaint as acmhainní teanga luachmhara sa phobal ar mhaithe le forbairt teanga na bpáistí.

48 Meabhraíonn an taighde gur ghá saintreoracha a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do scoileanna maidir leis na cineálacha éagsúla rannpháirtíochta a éascaíonn dul chun cinn oideachasúil na ndaltaí i gcomhthéacsanna tumoideachais. Chuideodh a leithéid de shaintreoir go mór leis na bearnaí idir reitric agus réadúlacht a sheachaint nó a dhruidim ar fad.

Aguisín A: Ceistneoir do Thuismitheoirí

Cliceáil anseo chun an t-aguisín a íoslódáil (comhad PDF).

Saothair a ceadaíodh

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. (1999) Primary school curriculum: your child’s learning — guidelines for parents. Baile Átha Cliath: CNCM/ROS.

Andrews, A. (2006) Two windows on the world. Language immersion education: a training manual for early years. Belfast: Iontaobhas Ultach.

An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. (2015) Straitéis le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint, 2015–2035. Béal Feirste: An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.

An Roinn Oideachais. (2009) Gach scoil ina scoil mhaith. Beannchar: An Roinn Oideachais.

An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2005) Saoráidí na scoile a roinnt leis an bpobal. Ciorcalán P.P. m18/05 agus Prim 16/05. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

An Roinn Oideachais agus Scileanna. (2011) Litearthacht agus uimhearthacht don fhoghlaim agus don saol: An straitéis náisiúnta chun an litearthacht agus an uimhearthacht a fheabhsú i measc leanaí agus daoine óga, 2011–2020. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Baker, C. (2000) A parents’ and teachers’ guide to bilingualism. Clevedon: Multilingual Matters.

Baker, C. (2011) Foundations of Bilingual Education and Bilingualism. An cúigiú heagrán. Clevedon: Multilingual Matters.

CILAR (Committee on Irish Language Attitude Research). (1975) Report. Dublin: Stationery Office.

Coady, M. agus Ó Laoire, M. (2002) ‘Mismatches in language policy and practice in education: The case of Gaelscoileanna in the Republic of Ireland’. In: Language Policy 1 (2): 143–158.

Cohen, L., Manion, L. agus Morrison, K. (2011) Research Methods in Education. An seachtú heagrán. London: Routledge.

Cumann Múinteoirí Éireann. (2015) Your child in the primary school: tips for parents. Baile Átha Cliath: Cumann Múinteoirí Éireann.

Cummins, J. (1976) ‘The influence of bilingualism on cognitive growth: A synthesis of research findings and explanatory hypotheses’. In: Working Papers on Bilingualism 9: 1–43.

Department of Education and Science. (1967) Children and their primary schools. The Plowden Report. London: HMSO.

Dörnyei, Z. (1998) ‘Motivation in second and foreign language learning’. In: Language Teaching 31: 117–135. DOI: http://dx.doi.org/10.1017/s026144480001315x.

Epstein, J. L. (1992) ‘School and family partnerships’. In Alkin, M. (eag.) Encyclopedia of Educational Research. An séú heagrán. New York: Macmillan: 1139–1151.

Epstein, J. L. (2001) School, family and community partnerships. Boulder, CO: Westview Press.

Fan, X. agus Chen, M. (2001) ‘Parental involvement and students’ achievement: A meta-analysis’. In: Educational Psychology Review 13 (1): 1–22. DOI: http://dx.doi.org/10.1023/A:1009048817385.

Gardner, R. C. (1985) The attitude/motivation test battery: Technical report. Ontario: University of Western Ontario.

Gelfer, J. (1991) ‘Teacher-parent partnerships, enhancing communication’. In: Childhood Education 67 (3): 164–167. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/00094056.1991.10521602.

Gonzalez-DeHass, A. R., Willems, P. P. agus Doan Holbein, M. F. (2005) ‘Examining the relationship between parental involvement and student motivation’. In: Educational Psychology Review 17 (2): 99–123. DOI: http://dx.doi.org/10.1007/s10648-005-3949-7.

Greenwood, G. agus Hickman, C. (1991) ‘Research and Practice in Parent Involvement: Implications for Teacher Education’. In: The Elementary School Journal 91 (3): 279–288. DOI: http://dx.doi.org/10.1086/461655.

Grolnick, W. agus Slowiaczek, M. (1994) ‘Parents’ involvement in children’s schooling: a multidimensional conceptualization and motivational model’. In: Child Development 65 (1): 237–252.

Hannon, P., Morgan, A. agus Nutbrown, C. (2006) ‘Parents’ experiences of a family literacy programme’. In: Journal of Early Childhood Research 4 (1): 19–44.

Harris, J. agus Murtagh, L. (1999) Teaching and learning Irish in primary school: A Review of Research and Development. Dublin: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Harris, J. agus Ó Laoire, M. (2006) Language and literacy in Irish-medium primary schools: A review of the literature. Dublin: NCCA.

Hickey, T. (1998) ‘Early immersion in Ireland: The naíonra experience’. In Regan, V. (eag.) Contemporary approaches to second language acquisition in social context. Dublin: University College Dublin: 46–61.

Hill, N. E. agus Taylor, L. C. (2004) ‘Parental involvement and children’s academic achievement: pragmatics and issues’. In: Current Directions in Psychological Science 13 (4): 161–164.

Hoover-Dempsey, K. V. agus Sandler, H. M. (1997) ‘Why Do Parents Become Involved in Their Children’s Education?’ In: Review of Educational Research 67 (1): 3–42.

Hornby, G. agus Lafaele, R. (2011) ‘Barriers to parental involvement in education: an explanatory model’. In: Educational Review 63 (1): 37–52. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/00131911.2010.488049.

Howard, E., Sugarman, J., agus Christian, D. (2003) Trends in two-way immersion education: A review of the research. Report 63. Baltimore: Center for Research on the Education of Students.

Jordan, C., Orozco, E. agus Averett, A. (2001) Emerging issues in school, family and community communications. Austin, TX: Southwest Educational Development Laboratory.

Kavanagh, L. (2014) ‘Exploring parental involvement and home-school relations in Irish immersion education’. In: Journal of Immersion and Content-Based Language Education 2 (1): 119–136. DOI: http://dx.doi.org/10.1075/jicb.2.1.06kav.

Kavanagh, L. agus Hickey, T. M. (2012) ‘“You’re looking at this different language and it freezes you out straight away”: identifying challenges to parental involvement among immersion parents’. In: Language and Education 27 (5): 432–450.

Kavanagh, L. agus Hickey, T. (2013) ‘An exploration of parents’ experiences of involvement in immersion schooling: Identifying barriers to successful involvement’. In Farr, F. agus Moriarty, M. (eag.) Language, Learning and Teaching: Irish Research Perspectives. Oxford: Peter Lang.

King, K. A. agus Wright Fogle, L. (2013) ‘Family language policy and bilingual parenting’. In: Language Teaching 46 (2): 172–194. DOI: http://dx.doi.org/10.1017/s0261444812000493.

Llywodraeth Cymru (2008). Evaluation of the immersion agus intensive language teaching pilot projects — final evaluation report. Cardiff: Welsh Government.

Mac Corraidh, S. (2013) ‘Sealbhú agus Foghlaim na Gaeilge san Oideachas Lán-Ghaeilge’. In de Brún, F. agus Mac Mathúna, S. (eag.) An Ghaeilge i gCóras Scolaíochta na hÉireann. Berlin: Curach Bhán Publications: 51–62.

MacNeil, M. M. (1997) ‘Immersion Programs Employed in Gaelic-Medium Units in Scotland’. In: European Education 29 (2): 101–110. DOI: http://dx.doi.org/10.2753/eue1056-49342902101.

Maguire, G. (1986) A Study of an urban neo-Gaeltacht community: linguistic and sociolinguistic perspectives. Tráchtas Ph.D., Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (neamhfhoilsithe).

Maguire, G. (1991) Our own language: An Irish initiative. Clevedon: Multilingual Matters.

McAdory, S agus Janmaat, J. (2015) ‘Trends in Irish-medium education in the Republic of Ireland and Northern Ireland since 1920: shifting agents and explanations’. In: Journal of Multilingual and Multicultural Development 36 (5): 538–543. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/01434632.2014.969273.

Mertens, D. M. (2010) Research and Evaluation in Education and Psychology: Integrating Diversity with Quantitative, Qualitative, and Mixed Methods. An tríú heagrán. Thousand Oaks, CA: Sage.

Mhic Aoidh, E. (2012) Teachers’ classroom assessment practices in Irish-medium early years foundation stage settings: a socio-cultural analysis. Tráchtas Ed.D., Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (neamhfhoilsithe).

Miedel, W. T. agus Reynolds, A. J. (1999) ‘Parent involvement in early intervention for disadvantaged children: Does it matter?’ In: Journal of School Psychology 37 (4): 379–402. DOI: http://dx.doi.org/10.1016/s0022-4405(99)00023-0.

Murtagh, L. (2007) ‘Out-of-school use of Irish, motivation and proficiency in immersion and subject-only post-primary programmes’. In: International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 10 (4): 428–453. DOI: http://dx.doi.org/10.2167/beb453.0.

Nic Íomhair, A. (2015) Ról na dtuismitheoirí san oideachas lán-Ghaeilge. Miontráchtas M.A., Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste (neamhfhoilsithe).

Ó Baoill, D. P. (1999) ‘Social cultural distance, integrational orientation and the learning of Irish’. In: Chambers, A. agus Ó Baoill, D. P. (eag.) Intercultural Communication and Language Learning. Dublin: The Irish Association for Applied Linguistics in association with the Royal Irish Academy: 189–200.

Ó Cathalláin, S. (2011) Early Literacy in all-Irish Immersion Primary Schools: A microethnographic case study of storybook reading events in Irish and English. Tráchtas Ph.D., University of Stirling (neamhfhoilsithe).

Ó Duibhir, P. (2009) The spoken Irish of sixth-class pupils in Irish immersion schools. Tráchtas Ph.D., Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath (neamhfhoilsithe).

Ó Duibhir, P., Nig Uidhir, G., Ó Cathalláin, S., Ní Thuairisg, L. agus Cosgrove, J. (2015) Anailís ar mhúnlaí soláthair Gaelscolaíochta (Tuairisc Taighde). Béal Feirste: An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas.

O’Hanlon, F., McLeod, W. agus Paterson, L. (2010) Gaelic-medium education in Scotland: choice and attainment at the primary and early secondary school stages. Inverness: Bord na Gàidhlig.

Ó Riagáin, P. agus Ó Gliasáin, M. (1979) All-Irish schools in the Dublin area. Dublin: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Peña, D. (2000) ‘Parent involvement: influencing factors and implications’. In: The Journal of Educational Research 94 (1): 42–54. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/00220670009598741.

Rialtas na hÉireann. (2010) Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010–2030. Baile Átha Cliath: Rialtas na hÉireann.

Sénéchal, M. agus LeFevre, J. (2002) ‘Parental involvement in the development of children’s reading skill: A five-year longitudinal study’. In: Child Development 73: 445–460.

Strickland, K. agus Hickey, T. (2016) ‘Using a national dataset to explore sub-groups in Irish immersion education’. In: Journal of Immersion and Content-Based Education 4 (1): 3–32. DOI: http://dx.doi.org/10.1075/jicb.4.1.01str.

Tedick, D. agus Wesley, P.M. (2015) ‘A review of research on content-based foreign/second language education in US K-12 contexts’. In: Language, Culture and Curriculum 28 (1): 25–40. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/07908318.2014.1000923.

Whiting, E. F. agus Feinauer, E. (2011) ‘Reasons for enrollment at a Spanish-English two-way immersion charter school among highly motivated parents from a diverse community’. In: International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 14 (6): 631–651. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/13670050.2011.560931.

Yin, R. (2015) Qualitative Research from Start to Finish. An dara heagrán. London: Guilford Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626