Tuismitheoirí ina ngníomhairí in earnáil an Ghaeloideachais

Gabrielle Nig Uidhir, Seán Ó Cathalláin agus Pádraig Ó Duibhir

Parents as agents in the Irish-medium educational sector

Abstract

Historically, parents have generated a demand for Irish-medium education and they have influenced the increasing number of Irish-medium schools. Therefore, it seems appropriate to investigate the motivating factors that impact on parents’ choice of the Irish-medium system for their children and also to consider the conditions that promote or undermine parental involvement. The topic of parental involvement in children’s education is one of the themes that was analysed in a larger research project that explored key issues from the perspective of various models of Irish-medium education (Ó Duibhir et al. 2015). Stemming from that research, this essay focuses on outcomes relevant to parental involvement specifically. It reports a general satisfaction expressed by parents with the educational choice for their children and conveys positive attitudes in regard to the support available to parents. The essay highlights the importance of parents being informed about some of the results that emerged with regard to the connection between parental involvement and children’s attitude to learning. In this study, a significant relationship was found between patterns of language use at home and children’s views about whether or not parents encouraged them to use Irish. In cases where parents spoke only English at home, the children gave lower scores for parental encouragement and also their own abilities in Irish. Gradually, the corpus of research on issues relating to Irish-medium education is becoming more extensive and is used to guide planning and progress. The authors of this essay hope to contribute to the understanding of parents’ role in their children’s Irish-medium education, analysing complexities in that process and identifying factors that can improve it. The expertise of a range of partners in the Irish-medium sector, including parents, has been consulted during this study and is acknowledged.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
07/10/2016

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
saintreoracha don phleanáil teanga, aonaid lán-Ghaeilge, Gaelscoileanna saorsheasaimh, múnlaí soláthair, samhlacha rannpháirtíocht tuismitheoirí, tumoideachas

DOI:
10.18669/ct.2016.06

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Le dhá scór bliain anuas, is tuismitheoirí a chruthaigh an t-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge agus a thiomáin borradh na scoileanna. Mar sin de, is fiú go mór aird an taighdeora a dhíriú ar na fachtóirí a spreagann an Ghaelscolaíocht mar rogha acu agus ar na tosca a mheallann a rannpháirtíocht nó a chuireann ina haghaidh. Sa mhórstaidéar as a n-eascraíonn an aiste taighde seo, tá rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas lán-Ghaeilge a gcuid páistí ar na ceisteanna a ndearnadh anailís orthu. Cé gur peirspictíocht na múnlaí difriúla soláthair atá lárnach sa mhórstaidéar (Ó Duibhir et al. 2015), dírítear aird ar cheisteanna a bhaineann le tuismitheoirí san earnáil lán-Ghaeilge go speisialta san aiste seo. Go ginearálta, léirigh tuismitheoirí sásamh leis an oideachas a fuair a gcuid páistí agus bhí dearcadh dearfach le sonrú i leith na tacaíochta a chuirtear ar fáil dóibh. Tá an baol ann nach dtuigtear go forleathan impleachtaí a bhaineann le rannpháirtíocht tuismitheoirí agus an nasc le dearcadh na ndaltaí ar an fhoghlaim. Sa taighde seo, mar shampla, fuarthas gaol idir patrúin teanga sa bhaile agus an tuairim a bhí ag daltaí ar an spreagadh a thug nó nár thug tuismitheoirí dóibh. Nuair a labhair tuismitheoirí Béarla amháin sa bhaile lena bpáistí, thuairiscigh na daltaí scóir ní b’ísle maidir le spreagadh ó thuismitheoirí agus maidir le féinchoincheap ó thaobh a gcumais sa Ghaeilge de. De réir a chéile, tá an corpas taighde ar ghnéithe den oideachas lán-Ghaeilge ag dul i méid agus ag soláthar fianaise a threoraíonn pleanáil agus dul chun cinn an tsoláthair. Is éard is mian le húdair an ailt seo ná cur leis an tuiscint atá ar fáil ar an ról a imríonn tuismitheoirí i scolaíocht lán-Ghaeilge a gcuid páistí, léargas a thabhairt ar roinnt castachtaí sa phróiseas agus ar dhea-chleachtas a threisíonn rannpháirtíocht tuismitheoirí.

© Gabrielle Nig Uidhir, Seán Ó Cathalláin agus Pádraig Ó Duibhir, 2016

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Gabrielle Nig Uidhir, Seán Ó Cathalláin agus Pádraig Ó Duibhir

Teagmháil:

g.maguire@smucb.ac.uk

Beathaisnéis:

Is Léachtóir san Oideachas é an Dr Seán Ó Cathalláin i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Roimhe sin bhí sé ina léachtóir i gColáiste Phádraig, Baile Átha Cliath agus d’oibrigh sé mar Oifigeach Tionscadail Taighde in Institiúid Teangeolaíochta Éireann freisin. Múineann sé cúrsaí ar Theagasc na Gaeilge, ar Theagasc trí Mheán na Gaeilge agus ar Mhodheolaíochtaí Taighde ag leibhéal céime agus ag leibhéal iarchéime. Chaith sé blianta fada ag múineadh bunscoile, roinnt blianta i scoil lán-Ghaeilge san áireamh. Rinne sé taighde ar fhorbairt na délitearthachta i scoileanna lán-Ghaeilge chun céim dochtúireachta a bhaint amach in Ollscoil Stirling sa bhliain 2012. Le déanaí chuir sé tionscnamh taighde uile-Éireann dar teideal Anailís ar mhúnlaí soláthair Gaelscolaíochta i gcrích le comhghleacaithe.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.