Feidhm na hamhránaíochta agus an damhsa i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain

Aingeal Ní Chualáin

1 Sa chéad leath den aois seo caite bhí dearcadh toirmeascach oifigiúil ar chúrsaí gnéis agus gnéasúlachta i réim in Éirinn (Ferriter 2009: 102). Le linn na tréimhse sin baineadh úsáid as an amhránaíocht agus as an damhsa mar bhealaí chun an t-áilíos a léiriú i mbealach inghlactha sa phobal, rud a tharraingíonn aird ar an mórthábhacht a bhain leis na cleachtais seo i gcúrsaí cúirtéireachta. Ba bhealaí inghlactha freisin iad na hamhráin agus an damhsa chun an dúil chollaí a léiriú i litríocht an ama agus is rud é seo ar bhain Máirtín Ó Cadhain earraíocht as ina shaothar. San alt seo breathnófar ar an léiriú a thugtar i luathshaothar Uí Chadhain ar dheasghnáth na cúirtéireachta mar chleachtas agus ar chur in iúl na dúile collaí sa phobal. Feictear go bhfuil áit lárnach, ní hamháin ag an amhrán grá, ach ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa i scéalta luatha an Chadhnaigh agus déantar iniúchadh ar an ngné seo de na scéalta i bhfianaise na dtuiscintí antraipeolaíochta nuálacha faoi na hamhráin agus an damhsa atá pléite ag Lillis Ó Laoire i gcomhthéacs Oileán Thoraí ina shaothar Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002). Tá borradh tagtha le blianta beaga anuas ar an gcritic ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus gnéithe síceolaíocha, socheolaíocha agus antraipeolaíocha den saothar cíortha ag scoláirí mar Ghearóid Denvir (1987, 2005, 2007), Louis de Paor (1991, 2008), Aisling Ní Dhonnchadha (1981, 2002), Mháire Ní Annracháin (1979, 1998, 2007) agus Alan Titley (1990, 1991). Chomh maith leis sin, tá suntas curtha ag criticeoirí i léiriú na n-amhrán i scéalta Uí Chadhain agus i saothair le scríbhneoirí Gaeltachta eile. Tá taighde leanúnach á dhéanamh ar fheidhm chultúrtha na hamhránaíochta ag Lillis Ó Laoire (2013); tá anailís úrnua déanta ag Máire Ní Annracháin (2014: 4-8; 2014a) ar mheafaracht na n-amhrán; tá úsáid chruthaitheach na n-amhrán i saothair éagsúla le scríbhneoirí Gaeltachta, ‘An Bhliain 1912’ le Máirtín Ó Cadhain ina measc, pléite ag Máirín Nic Eoin (2014); agus tá staidéar déanta ag an údar seo ar idirthéacsúlacht na n-amhrán i saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire (Ní Chualáin 2013: 74-100). Ag tógáil ar an méid sin a bheifear san aiste seo.

2 I saothar ceannródaíoch Lillis Uí Laoire tugtar faoi anailís theoiriciúil a dhéanamh ar chleachtas na n-amhrán in Éirinn. Díríonn taighde an údair ar fheidhmeanna cultúrtha na n-amhrán agus an damhsa ar Oileán Thoraí. Cuireann sé roimhe anailís a dhéanamh ar na nósmhaireachtaí ar leith a bhain le seachadadh agus láithriú na n-amhrán ar an oileán. Chuige sin tarraingíonn sé ar theoiricí na heirméineotaice mar atá siad curtha chun cinn ag Hans-Georg Gadamar agus Paul Ricoeur, áit a dtugtar tús áite don ointeolaíocht (mód beithe) thar an eipistéimeolaíocht (mód feasa) (2002: 15). Ina staidéar ar an amhránaíocht mar chleachtas i bpobal Thoraí, déantar iniúchadh ar an eagar a chuir na daoine ar an iompar sóisialta seo mar ‘mhiméis,’ is é sin, ‘aithris chruthaitheach ar eilimintí an tsaoil trí mheán na healaíne’ (Ó Laoire 2002: 14). Dar le hÓ Laoire, is cleachtas sofaisticiúil atá i gceist leis an amhránaíocht ar féidir leis ‘dioscúrsa ailtéarnach a chur ar fáil do lucht a chleachta agus a chuidíos leo deacrachtaí agus cruacheisteanna a saoil a chur i bhfrámaíocht soráite a mhaolaíos an strus a théas leo’ (2002: 14). Chomh maith leis an iniúchadh ar chleachtas na hamhránaíochta déanann Ó Laoire anailís ar thábhacht an damhsa mar dheasghnáth sóisialta ar an oileán. Díríonn sé ar an gcaoi a dtacaíonn an damhsa le láithriú na n-amhrán agus léiríonn sé an chaoi a bhfeidhmíonn an damhsa uaireanta mar ‘aithris shiombalach gan urlabhra’ a ligeann do mhothúcháin láidre a theacht chun tosaigh (2002: 143). Feictear go bhfuil na gnéithe seo de láithriú na n-amhrán agus an damhsa le sonrú freisin in úsáid na n-amhrán agus an damhsa i saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain.

3 ‘As an mbéaloideas a fáisceadh mé féin,’ a dúirt an Cadhnach i léacht ar an mbéaloideas a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí sa bhliain 1950 (1950: 9). Ní hionadh gur bhain sé úsáid as na hamhráin ina shaothar cruthaitheach nuair a chuirtear san áireamh a spéis sa bhéaloideas mar bheochleachtas agus a thaithí mar bhailitheoir béaloidis. Cé go n-aithnítear gur bhain sé leas as a shaibhreas béaloidis go ginearálta ina shaothar cruthaitheach (uí Ógáin 2007: 132-133), níl mórán suntais curtha in úsáid na n-amhrán ina shaothar, in ainneoin a dtábhachta don Chadhnach féin. Léiríonn Ríonach uí Ógáin an spéis faoi leith a chuir sé sa ghné seo den bhéaloideas:

Is léir as a ndearna an Cadhnach agus as tagairtí aige féin go raibh dúil iontach sa mbéaloideas aige agus má bhí dúil aige i ngné amháin ar bith de, is dóigh gur in amhráin na ndaoine a bhí an dúil sin (2007: 133).

4 Is léir óna raibh le rá aige ar an ócáid i 1950 gurbh í tuiscint Uí Chadhain go mbíonn an béaloideas á athnuachan féin de shíor, rud a chinntigh, dar leis, gur ‘rud buan é an béaloideas’ (1950: 10). Faoi mar a deir uí Ógáin, ‘chreid sé go raibh amhráin agus filíocht bhéil Chonamara ag síorathrú agus cheap sé go mba chomhartha dóchais é seo’ (2007: 150). Agus trácht á dhéanamh aici ar na hamhráin a bhailigh an Cadhnach, tarraingíonn uí Ógáin aird faoi leith ar an tábhacht a leag sé sa bhailiúchán ar chur síos a dhéanamh ar na hamhránaithe, ar na bailitheoirí agus ar scéal an amhráin féin. Dar léi, is ‘As na tagairtí do leaganacha eile a thuigtear go bhfuil a shaol féin agus a scéal féin ag gach uile amhrán agus amhránaí, ach san am céanna gur cuid de thraidisiún pobail gach aon cheann acu chomh maith’ (1999: 3). Tagann an tuiscint seo ar na hamhráin leis an tuairim a nochtann Lillis Ó Laoire ina dtaobh, go mbíonn ‘nós ag fonnadóirí amhráin a chur in oiriúint dá bpeirspictíochtaí féin ar an saol. Is dóigh liom gur thuig daoine gur bhain an chruinneshamhail a nochtar sna hamhráin do chúinsí a saoil féin’ (2012: 27). Tarraingítear aird arís ar ghné bheoga na n-amhrán ar féidir leo, i bhfocail Pheadair Uí Cheannabháin, a bheith mar ‘íocshláinte anama’ ach an láthair a bheith feiliúnach a chothódh ‘dáimh idir fonnadóir agus éisteoir’ agus a thabharfadh deis dóibh araon ‘síor-athnuachan’ a dhéanamh orthu ‘de réir a nádúir fhéin’ (g.d: 20-21). Feictear gur i suíomh traidisiúnta i gcroílár an phobail a dhéantar na hamhráin agus an damhsa a láithriú i scéalta Uí Chadhain agus iad ag freastal ar riachtanas an phobail ag am faoi leith.

5 Díríonn an dá scéal, ‘Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire’ agus ‘Gan Murcha gan Mánas’ sa chnuasach Idir Shúgradh agus Dáiríre, (1939 [1975], ISD) ar chúrsaí grá agus cúirtéireachta mar ábhar, agus níl an cleamhnas mar bhunús leis an gcaidreamh i gceachtar den dá scéal. Tá ábhar spéise faoi leith sa chéad scéal díobh mar gurb é an chéad scéal grá é a scríobh Ó Cadhain ach níl aon léiriú díreach ar an dúil sna scéalta in Idir Shúgradh agus Dáiríre trí chéile. Is trí dheasghnáth an damhsa agus tríd an amhrán a dhéantar mothúcháin a bhaineann leis an ngrá a chur in iúl sna scéalta atá luaite. Is é an damhsa a tharraingíonn meas agus urraim an phobail ar bheirt charachtar, nárbh aon díol suntais iad roimhe sin, is cosúil, sa scéal ‘Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire’ agus is é láthair an damhsa a thugann deis dóibh a gcuid mothúchán grá a chur in iúl dá chéile. Is mar ‘bhaothóg’ a shamhlaítear Peigín Mhicil, cailín ‘corr,’ ‘teiriúil cincíseach’ a bhí ag fulaingt ‘saighead léanmhar an ghrá’ ó d’iarr fear óg strainséartha as Clár an Bhealaigh teannaire rothair uirthi lá (ISD: 71). Cé go gcuirtear in iúl gur ghlac sí ‘col críochnaithe’ le fear an Chláir ina dhiaidh sin mar nár bheannaigh sé di agus gurbh í ‘an ghráin shíoraí dhíobhálach’ a bhí aici air nuair a lig sé cúl thairis lá an bháire, tuigtear don léitheoir gur thug Peigín fuath don té ar thug sí grá dó i ndáiríre agus go bhfuil sí splanctha ina dhiaidh go fóill (ISD: 72-73). Cuirtear olc ar Pheigín agus ar mhuintir Bhaile an Chaisleáin nuair a thagann sé ag súdaireacht agus ag cuardach achrainn, dar leo, oíche chuairt mhíosa Mhalaí Sheáin. Níor mhaolaigh ‘taghd na cuideachta’ (ISD: 74) go dtí gur cuireadh tús leis an damhsa. Cé gur mhúscail a chuid cainte náire agus cantal i bPeigín i dtosach, feictear go dtagann casadh i scéal na beirte nuair a iarrann sé go gcasfaí ‘An Lon Dubh’ dó agus é ag fógairt: ‘Lig mé an báire libh. Ní ligfidh mé an damhsa libh’ (ISD: 76). Is i riocht an damhsa a thugann fear an Chláir dúshlán mhuintir Bhaile an Chaisleáin agus dúshlán Pheigín ina theannta sin nuair a fhiafraíonn sé i nglór storrúil: ‘Bhfuil bean mo dhiongbhála sa gCaisleán’ (ISD: 76). Ba chailín í Péigín a thug ‘cos an phoirt ó bhroinn léi’ (ISD: 74) agus, cé gur sheachain sí an damhsa i rith na hoíche go dtí sin, ba ghearr go raibh a bealach déanta amach ar an urlár aici. Is suntasach an chaoi a n-éiríonn leis an mbeirt dul i gcion ar an slua agus iad ag baint ceoil as urlár an sciobóil:

Ach i nDomhnach is éard a bhí i ngob gach duine ‘mo chuach thú, a fhear an Chláir. Faoi do chois é,’ agus ní le fonóid anois é. Nuair a thug sé sa timpeall í ar an sean-nós, faoi dheireadh thiar, agus lámh istigh agus lámh amuigh acu ar a chéile, chuir sé an cogar ina cluais nár thug sí léi ach go maolscríbeach, ainneoin gur chuir a croí ar fáil na lúba ar lár a bhí ann (ISD: 77).

6 Ba é scil fhear an Chláir sa damhsa a d’ardaigh é i súile an phobail agus a thug stádas dó. Thuill sé meas agus deoch sa chás seo, rud a eitíodh dó roimhe sin, cé nach raibh fáil air nuair a thug Tom Sheáin anuas an buidéal chun ceann a thairiscint dó. Agus tábhacht na hamhránaíochta agus an damhsa mar dheasghnátha sóisialta ar oileán Thoraí faoi thrácht aige, tarraingíonn Ó Laoire aird ar an ngradam ard a bhí ag amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí (2002: 99). Go deimhin ba laoch, dar leis, duine ar bith a bhí in ann gaisce a dhéanamh mar scéalaí, sheanchaí, cheoltóir, amhránaí nó dhamhsóir sa phobal (Ó Laoire 2005: 75). Cé gur coimhthíos a bhí ag Peigín agus fear an Chláir lena chéile i dtosach sa scéal, feictear gur bhealach cumarsáide a bhí sa damhsa dóibh chun a gcuid mothúchán grá agus an dúil a bhí acu ina chéile a chur in iúl faoi thost nó i bhfearann sábháilte, rud nach raibh a gcuid urlabhra in acmhainn a chur in iúl ach go ‘maolscríbeach’ (ISD: 77).

7 Is beag scéal de chuid an Chadhnaigh atá chomh cumasach le ‘Críonadh na Slaite,’ a foilsíodh in An Braon Broghach (1948 [1968], BB), chun géarchúis, grinneas agus comhthuiscint an údair maidir le cúrsaí caidrimh agus cumainn a mheas. Ón gcéad líne is léir gur athchuairt ar eachtra óna óige atá á ríomh ag an reacaire agus mionchur síos á dhéanamh aige ar láthair an dráma atá le hathchruthú aige:

Cuimhním ar an oíche Dhomhnaigh sin chomh maith leis an oíche aréir. Áiléar áirgiúil an sciobóil fhada ... An dréimire sníofa ... An doras gan chomhla ag barr an dréimire. Na cláir ghíoscánacha, agus an poll ar chuir mé mo chos ann an chéad oíche in Éirinn dom ar an áiléar sin ... Na pleainceanna le balla sínte ar ghruáin chloiche ... An laimpín meata stáin fostaithe ar thairne ... An-airde ó thalamh sa mbinn thiar. An meathdhorchadas ag an mbinn thoir san áit a raibh seala girseach scoile cruinn agus sioscadh an tsaoil mhóir acu, tráth a mbíodh ceol nó amhrán ar siúl ... An bosca ceoil ag gleadhradh sa bhfíor-chúinne ... An suathadh a thagadh sa mbrú a bhí ag an doras agus duine eile a theacht de bhiseach orthu den dréimire ... Muiníl á ndíriú, agus súile á bhfeannadh i ngeamhsholas an áiléir, go bhfeictí cé a tháinig go deireanach (BB: 51).

8 Feictear lámh an cheardaí sna línte sin agus é ag cruthú ‘láthair na himeartha,’ mar a deir Ó Laoire (2002: 58), don mhír atá le teacht: gaisce agus díocas an ógánaigh seacht mbliana déag toisc é a bheith ‘sna fir’ agus gur éirigh leis Nóra, an bhean ab áille ar an mbaile, a thabhairt amach ag damhsa, cé gur eitíodh é ina chuid iarrachtaí í a thionlacan abhaile. Ba é seo ríocht na mothúchán, spleodar agus bisiúlacht na hóige agus an grá ina thús:

Céadracht an fhir a bhí ormsa. Céadracht an fhir a thug dom í a iarraidh ag damhsa. Agus tháinig sí liom! [...] Dá bhféadfainn an oiread den chluain a chur ar Nóra agus go ligfeadh sí dom í a thionlacan abhaile ... í a thionlacan abhaile, oíche amháin féin! Bheinn sna fir dairíre! Rachainn d’aon abhóg glanoscartha amháin [...] ó choimín crinnte an ghasúir go cluain fhásaigh an fhir (BB: 58).

9 Déantar mórthábhacht na heachtra sin i saol an fhir óig, Peadar, agus é ar thairseach idir staid na hanabaíochta agus an teacht in inmhe, a léiriú go paiseanta ach ar bhealach a bhfuil rian na háibhéile agus na híoróine le brath air. In ‘Críonadh na Slaite’ tá an damhsa lárnach sa chur síos a dhéantar ar dheasghnáth seo na beatha. Go deimhin, déanann Lillis Ó Laoire trácht ar thábhacht láthair an damhsa don aos óg mar léiriú ar chúrsaí cumhachta agus mar chomhthéacs chun a n-ionad féin a aimsiú i saol sóisialta an bhaile (2002: 162-163). Ba ‘dhíol bróid’ le Peadar go raibh sé chomh hábalta ag an ‘one step’ agus é ag iarraidh a ‘bhuanna’ agus a ‘dhéantús gaisce féin a chur os comhair an tsaoil’ (BB: 52). Bhí tábhacht ar leith le comhpháirtí an damhsóra ar ócáid mar seo: ‘Stócach ar bith a raibh meas fir aige air féin, an rud ba mheasa a d’fhéadfadh sé a dhéanamh aineolaí ar an damhsa a thabhairt amach’ (BB: 53). Bean a dhiongbhála a bhí i Nóra Mhór do Pheadar agus bhí deis dóibh beirt dá réir taispeántas a raibh a áilleacht féin ag baint leis a chur ar fáil:

Ach ar an imeacht a bhí fúithi ag tornáil timpeall sa damhsa sin, ba gheall le geoladh smiorúil ceoil a colainn féin ... Thugadh sí léi sa gcasadh timpeall mé chomh stáidiúil agus a thabharfadh gleoiteog a stiúir (BB: 55).

10 Deis freisin a bhí sa damhsa do Pheadar teagmháil fhisiciúil a dhéanamh le Nóra, a bhí ceithre bliana níos sine ná é, rud a mbeadh cosc leis ar aon bhealach eile:

M’éadan i bhfoisceacht iongan dá gríosghrua ghartha agus gal bhruite an tsaothair a bhí inti ag goineachan i mo chuid fola. Aireachtáil agam ar a hucht corrachruinn ag borradh agus ag traoitheadh le cuisle an cheoil (BB: 55).

11 Bhí fios maith ar a háilleacht agus a cumhacht mar bhean ag Nóra an oíche úd in Áiléar Stiofáin: ‘Go hiondúil ba shúil uaibhreach dhúshlánach í a thugadh lena inseacht go raibh fios a bua agus a tréathra aici agus nár ghar a dhul ag comórtas léi’ (BB: 55). Thuig Peadar nach é an grá ar fad a bhí á ghríosadh chun gnímh ach ‘fonn na caithréime’ freisin (BB: 58) chun an t-uabhar sin a chloí. Is i dtéarmaí comhraic a chuirtear an choimhlint i leith na cúirtéireachta inár láthair ach is eisean a fhágtar cloíte ag focail mharfacha Nóra ar iarraidh dó í a thionlacan abhaile:

‘Thusa...’
Lig sí amach d’aon iarraidh mé, agus tháinig scail chontúirteach sna súile spéiriúla. ‘Is sónta an mhaise dhuit é... grabairín de ghasúr!’ (BB: 59).

12 Cúig bliana déag ina dhiaidh sin ag an gcéilí tigh Tom Learaí bhí cumhacht Nóra spíonta mar spéirbhean bhuacach, agus spleodar an ógfhir i bPeadar caite freisin. Cé nach raibh aon leisce ar Nóra dul i gcomórtas le mná óga na háite ó thaobh na scéimhe de tar éis do Pheadar í a iarraidh ag damhsa, fós féin, thug sé faoi deara go raibh ‘an sotal spéiriúil sciúrtha as a súile go héag’ (BB: 66). Ós rud é nach raibh sí i mbláth na hóige a thuilleadh — ‘bhí sí ar an dé deiridh,’ ‘a coinneal caite’ — bhí sí faoi ráta anois ag láthair an damhsa, agus ní bhfaigheadh sí an té a ‘bhainfeadh gaisneas na haon oíche aisti’ (BB: 65). Tarraingíonn an ráiteas seo aird ar ghné na hinscne sa mhodh reacaireachta a úsáidtear ó thús deireadh an scéil. Is ‘thar ceann an phobail (phatrarcaigh), geall leis’ a dhéanann an reacaire trácht ar Nóra anseo, dar le hAisling Ní Dhonnchadha (2002: 68). Bhí baint ag an gcinniúint le casadh na beirte ar a chéile ach ba mar thoradh ar chinneadh agus ar chrógacht Pheadair ag an nóiméad deireanach a tháinig siad le chéile anois, ciall cheannaithe na mblianta anois acu agus iad beirt uaigneach.

13 Is léiriú cumasach é an scéal ‘An Bhliain 1912’ sa chnuasach An Braon Broghach ar ghné den fhulaingt phearsanta a bhain leis an imirce, fulaingt agus beophianadh na máthar sa chás seo agus í ag scaradh leis an iníon ba shine agus ab ansa léi agus í faoi réir le dul go Meiriceá. Dírítear go príomha ar raon mothúchán aimhréiteach na máthar sa scéal seachas tranglam mothúchán na hiníne a bhí, tar éis an tsaoil, ‘ar thairseach na Bruíne Draíochta’ dar léi féin (BB: 159). Ach bhain mothúcháin na máthar, ní hamháin le scarúint chinnte na himirce a bhí le teacht, ach freisin leis an gcinnteacht go raibh a leanbh bán ag fás suas agus gur gearr go mbeadh sí ina bean. Gluaiseann mothúcháin na máthar idir an brón agus an cumha, go dtí an fhearg agus an t-éad, go dtí nach bhfuil mothú ar bith fágtha inti ach í ag glacadh leis an imeacht mar a ghlacfaí leis an mbás. Cé nach raibh aon eolas ag an máthair faoin gcomhthuiscint a bhí idir a hiníon agus Pádraigín Pháidín ag an tús, ba le linn an damhsa idir an bheirt a fíoraíodh di go raibh a hiníon caillte aici cheana féin. Ba léir di gur lú tábhacht do Mháirín feasta an dlúthchaidreamh a bhí, go dtí sin, idir máthair agus iníon agus gur thábhachtaí di a bheadh a cumann leis an ógfhear. Tá tábhacht faoi leith sa scéal seo leis an damhsa agus le láithriú an amhráin ghrá i ndeasghnáth na cúirtéireachta. D’fhéadfaí a áiteamh go ndearnadh mothúcháin ghrá Phádraigín do Mháirín a dhrámatú trí mheán an damhsa agus gur bhealach cumarsáide a bhí ann chun a gcuid mothúchán ceilte dá chéile a chur in iúl, ní hamháin dá chéile, ach don phobal. Tagann na tuiscintí antraipeolaíochta atá pléite ag Ó Laoire faoin damhsa go mór leis an léiriú atá déanta air sa scéal ‘An Bhliain 1912’. Mar a mhíníonn sé:

ba láthair speisialta ar leith í láthair an damhsa ina bhféadfaí ceisteanna tromchúiseacha achrannacha na beatha agus na síce daonna a láithriú ar bhealach stílithe, drámaithe, a bhain cuid mhór den eagla agus den chontúirt astu agus a chuir ar chumas daoine déileáil leo ar bhealach a bhí ‘sábháilte’ agus iad a chur ina gcomhthéacs féin. Dá ainneoin sin, mhair eilimintí den chontúirt i gcónaí ann, rud a chuidigh lena chumhacht agus lena éifeacht a dhul i bhfeidhm ar dhaoine (2002: 175).

14 Is do Phádraigín a thug an mháthair suntas (BB: 160) agus thuig sí an chumhacht a bhain leis an damhsa agus an chaoi a ndeachaigh an taispeántas damhsa a thug Pádraigín i gcion ar a hiníon:

Bhí sí splanctha. Sin é an cuthach damhsa a bhí ar Phádraigín. An rud a bhí cinnte uirthi féin a rá lena teanga bhí seisean á rá as damhsa. Bhí a chosa agus a cholainn ag cumadh rídháin a raibh snafach agus síneadh, cumas agus cáilíocht ag teacht faoi i leaba a chéile, nó gur bhain lasc dá bhróg thairní aithinne ghreannta as leac an teallaigh ar aon bhuille le nóta deiridh an cheoil. Déarfadh daoine go mba shúgaíl óil é, ach bhí a fhios ag an máthair nárbh ea. Ba bhailchríoch dáiríre an aithinne sin: buille scoir dé ar chaithréim iomlán (BB: 161).

15 Tá anailís Uí Laoire maidir le tábhacht agus feidhm an damhsa fíorspéisiúil agus scéal seo an Chadhnaigh á iniúchadh. Dar leis, cruthaíonn an damhsa atmaisféar ar leith agus athraíonn sé staid chorportha an damhsóra, claochlú ‘ar sórt eacstaise’ ann féin é, ‘rud a bheir faill do mhothúcháin áirithe a theacht chun tosaigh’ (2002: 142, 190). Ba iad mothúcháin na dúile agus an ghrá a bhí á léiriú i gcás Phádraigín agus Mháirín, cumarsáid nár ghá aon urlabhra chun a raibh le rá acu a chur i dtuiscint dá chéile. D’aithin an mháthair éifeacht na cumarsáide sin, ise nár éirigh léi a cion ar a hiníon a chur in iúl go sásúil di i bhfocail, dar léi, agus í ag fágáil. Thuig sí go gcabhródh sé léi an t-ualach a bhaint dá croí, é ‘a chur amach ina shile cheoil’ dá mbeadh fonn aici mar a bhí ag Tom Neile (BB: 156), rud nach raibh. Mar atá feicthe cheana sa scéal ‘Críonadh na Slaite,’ bhain an damhsa le cúrsaí cumhachta sa phobal, ‘le teacht in inmhe na n-óg agus a gcomórtas leis na seanóirí’ (Ó Laoire 2002: 175). Ba dhúshlán d’údarás na máthar i leith a hiníne an ‘aithinne ghreannta’ a bhain bróga Phádraigín as leac an teallaigh ag deireadh an damhsa agus ba rud é a léirigh a ‘chaithréim iomlán’ di.

16 Is díol spéise é nár ‘fhan aon aird ag an máthair ar an iníon ach ag éisteacht leis’ (BB: 161) nuair a thosaigh Pádraigín ag gabháil fhoinn díreach tar éis an damhsa. Ba véarsa as an amhrán grá ‘Caisleán Uí Néill’ a chas sé, agus is léir ón gcomhthéacs gur bealach ar leith, dioscúrsa ann féin, atá anseo chun an mothúchán grá a bhí léirithe sa damhsa aige, a threisiú:

Tá’n gairdín seo in’ fhásach, a mhíle grá, agus mise liom féin,

Níl toradh ’bith ’fás ann, bláth na n-airní ná duilliúr na gcraobh,

Ní chluintear ar an tsráid seo guth cláirsí ná ceiliúr na n-éan,

Ó d’éalaigh mo ghrá uaim, craobh álainn, go Caisleán Uí Néill (BB: 161).

17 Gan amhras tá tábhacht faoi leith leis an amhrán grá ‘Caisleán Uí Néill’ sa traidisiún. Bhain tábhacht le siombalachas an amhráin i gcomhthéacs scéal pearsanta Thomáis Uí Chriomhthain mar atá sé ríofa in An tOileánach, mar shampla, ceist atá pléite ag scoláirí éagsúla (féach Ó Laoire 2002: 232-234, Nic Eoin 2000: 254). Agus an guth agus próiseas fisiciúil na hamhránaíochta faoi chaibidil ag Ó Laoire, maíonn sé gurb é corp an amhránaí an uirlis cheoil agus go mbíonn ‘tionchar nach mór fisiciúil aige ar an lucht éisteachta’ (2002: 250). Ar shlí, feidhmíonn focail an amhráin chun mothúcháin bhróin na máthar faoi scaradh lena hiníon a léiriú chomh maith, agus is sampla é seo den chaoi ar féidir ‘ilbhríonna úrnua a chur in amhráin ar nóiméad a láithrithe’ (Ó Laoire 2002: 229). Ba é fonn ceoil Phádraigín a chuidigh a chuid mianta i leith a hiníne a chur i dtuiscint don mháthair: ‘Gearrcach dé óig ag iarradh scolb a chur ar chrotal cruinne a bheadh á chuibhriú: b’in é a dhíocas foinn’ (BB: 161). Is í ‘an ghráin shíoraí’ a mhúsclaítear i gcroí na máthar dó, mar ‘neach mallaithe i gcionn a ciste chirt féin a bhí ann’ (BB: 161). Tá a héad mar mháthair le brath sa chur síos sin agus fios aici go raibh a hionad tógtha i saol a hiníne anois ag Pádraigín Pháidín. Tá macalla díreach de chás Phádraigín agus é leis féin, tar éis do Mháirín imeacht roimhe go Meiriceá, le fáil sa véarsa thuas. Samhlaítear a shaol dó á huireasa mar ghairdín atá gan fás, gan bhláth, gan ceol na n-éan. Admhaítear sa véarsa seo gurb í an bhean seo ‘a mhíle grá’ a thugann léi an chraobh ó thaobh áilleachta. Tríd an damhsa agus trí fhocail an amhráin ghrá ‘Caisleán Uí Néill,’ éiríonn le Pádraigín a chion do Mháirín a chur in iúl ar bhealach fíoréifeachtach, ní hamháin di féin, ach dá máthair agus don phobal i gcoitinne.

18 Cé nach bhfuil a n-ionad chomh lárnach is a bhí i scéalta luatha eile an Chadhnaigh, mar sin féin, tá an damhsa agus na hamhráin ina ngnéithe suntasacha de scéal Mhuiréide sa scéal ‘Ciumhais an Chriathraigh’ as an gcnuasach Cois Caoláire (1953 [2004], CC). Ba mar thoradh ar eachtra a tharla le linn ócáid cheiliúrtha bhainis a neachta, Neainín Sheáin, a dúisíodh feasacht ghnéasúil Mhuiréide i leith fir. Mheabhraigh eachtra chinniúnach na bainise, nuair a rinne ógánach teagmháil léi agus é ag déanamh iarrachta í a phógadh, go bhféadfadh ‘malairt cladaigh’ a bheith ar ‘linn mharbh’ a haigne (CC: 36-37). Tá a haonaránacht, cinniúint ‘a cheap sí di féin’ (Denvir 1987: 57) agus í ag maireachtáil ar an gcriathrach, scoite ó chomhluadar daonna le deich mbliana ó cailleadh gach ar bhain léi, ar an ngné is tromchúisí i saol pearsanta Mhuiréide. Is as an uaigneas, agus as an aistíl a chruthaigh sé sin ina pearsantacht, a eascraíonn ábhar an scéil: éifeacht iompar an ógfhir, oíche na bainise, ar a saol. Ba í teagmháil an ógánaigh, agus an chaoi ar iompaigh sé uaithi nuair a d’aithin sé gurbh í a bhí ann, a chuir iachall ar Mhuiréad a haonaránacht a cheistiú, agus a chuir ar a cumas aisling a chumadh di féin seachas a bheith ‘dhá biaú féin’ ar aislingí daoine eile (CC: 38).

19 Cé go raibh Muiréad dhá scór bliain d’aois, chuir iompar na mban óg, Neainín a bhí trí bliana is fiche d’aois agus Meaig a bhí beagnach fiche bliain, iontas uirthi. Phós ‘Neainín bhreá’ a saighdiúir agus níorbh aon náire do Mheaig a leanbh, a thabharfadh sí ‘i ngreim láimhe ó dhuine go duine’ (CC: 40, 42). Is trí aird a thabhairt ar iompar Neainín agus a fir ag an mbainis, agus a bheith ag faire ar iompar na mban agus na bhfear óg ag cóisir na bainise, a fhoghlaimíonn Muiréad faoi dheasghnáth na cúirtéireachta den chéad uair, shílfeá. Cé gur pheaca an uabhair a bhí ann di breathnú ar a cruth féin rómhinic sa scáthán mar a bhí ráite léi ag a máthair, thug Muiréad suntas don chuma neamhnáireach a bhí ar éadach agus iompar Neainín (CC: 42-43). Ba dhíol suntais do Mhuiréad freisin iompar na ngearrchailí agus is léiriú spéisiúil ann féin é an cur síos a dhéantar sa scéal ar an iompar deasghnách a bhain leis an gcúirtéireacht: na fir ag breith ‘abhus agus thall’ ar na cailíní, gach duine acu ag ligean síon bheag nuair a bhí siad i ngreim agus ansin ag gáire ar an bpointe arís. Ansin théadh siad ‘siar sna tomacha ar chúl na gcróithe agus síos an seanbhóithrín cúinneach’ (CC: 42). Bhí feidhm faoi leith ag na ceoltóirí an t-iompar seo a cheilt ar an gcomhluadar a bhí i dteach na bainise: ‘Phlúch bosca an cheoil i dteach na bainse síon agus gáire in éindigh ... B’ealaíon é sin freisin ... An dá cheoltóir tosaigh ag comhsheinnm’ (CC: 42-43). Ní raibh aon chleachtadh díreach ag Muiréad ar bhéarlagair na cúirtéireachta go dtí an oíche sin. Nuair a tháinig an t-ógánach ólta ina treo chun breith uirthi, mar a rinneadh leis na cailíní eile, ‘Níorbh í an tsíon a lig sí a chuir guaim air’ (CC: 43). Is nuair a d’aithin sé í is ea a ‘ghliondáil’ sé leis (CC: 43). I gcomparáid leis na mná eile, thuig Muiréad gur ‘síon diúltach’ a thug sí féin (CC: 43). Ní foláir gur eagla a chuir geáitsí an ógfhir uirthi ar dtús. Ina ainneoin sin, chuaigh an teagmháil a rinne an fear óg léi i gcion go mór uirthi: ‘thug sí suntas dá thréithe fisiciúla, a shúile lasta, a rosach buí agus an goirín ina ghrua. B’údar díomá di nár aithin sí é ach b’fheasach di an fáth: ‘Cheal gan a bheith ag dul amach ar fud na ndaoine’ (CC: 43).

20 De réir a chéile agus an t-eolas á chriathrú ina hintinn aici, rinne Muiréad na himeachtaí nua, ar chuid dá taithí féin anois iad, a chomhshamhlú. Chuidigh freagra an tsaighdiúra ar an gclamhsán a rinne sí faoin ógfhear le Neainín léi glacadh leis an eachtra mar ghnáthrud: ‘ “Dheamhan dochar a rinne fáscadh breá láidir d’aon bhean ariamh, a Mhuiréad......” Fáscadh breá láidir......’ (CC: 43-44). Ní raibh sí in ann cumann le fear a shamhlú di féin go dtí go ndearna fear teagmháil ghnéasach léi féin go díreach agus gur tháinig sé faoi raon a tuisceana go bhféadfadh a leithéid tarlú. Roimhe sin ní raibh uaithi ach ‘a sonas leithleasach féin’ (CC: 46) ach anois bhí deilbh fir i raon a samhlaíochta a raibh uirthi dul i ngleic leis. Agus a cuid blianta torthúla féin ag sciorradh uaithi, is léir go raibh Muiréad ag cur suntais níos grinne de réir a chéile i gcúrsaí giniúna agus ina hacmhainn bhaineann féin mar mháthair.

21 I dtreo dheireadh an scéil rinne Muiréad tom neantóg a ionsaí ach chuaigh sí ‘ar baosradh’ scaitheamh eile agus thosaigh ag pléascadh na méiríní dearga a bhí ag fás le claí (CC: 53), ‘gníomh siombalach,’ dar le Louis de Paor, a nocht ‘an fuinneamh gnéasúil’ a bhí ag borradh ina cuisle (1991: 166). D’fhill smaointe Mhuiréide ar an mbainis agus ar na damhsaí foirne nuair a chuir fuaim na méiríní ag pléascadh an smeach a rinne na buachaillí lena bpáirtithe le linn an damhsa i gcuimhne di. Meabhraítear a haonaránacht arís di mar nár iarradh ise ag damhsa an oíche sin. Feictear arís sa scéal seo cé chomh lárnach is a bhí láthair an damhsa i ndeasghnáth na cúirtéireachta agus dírítear aird ar an tábhacht a bhain le scil a bheith ag duine sa damhsa. Ba bheag damhsa a rinne Muiréad riamh agus í scoite ón bpobal mar go raibh ‘na tithe rófhada ó chéile ar an móinteán doicheallach’ (CC: 54). Rinne sí cleachtadh ar chúpla céim damhsa amuigh ar an gcriathrach, íomhá den fhonn a bhí uirthi gluaiseacht amach óna saol cúng, srianta i dtreo a comhdhaoine, agus níos suntasaí fós i gcás Mhuiréide, i dtreo caidrimh le fear. Toisc easpa taithí ar chomhluadar fir a bheith uirthi, is trí thaithí Neainín lena saighdiúir a dhéanann Muiréad caidreamh gnéasúil le hógánach na bainise a shamhlú. Cruthaíonn sí a scéal grá féin agus í ag samhlú cuairte ón ógfhear, áit a mbeadh ‘doras fáilteach roimhe’ (CC: 60). Is díol spéise go ndéanann Muiréad ceangal díreach sa chuid seo den scéal idir an grá collaí agus na hamhráin. Bealach a bheadh san amhrán chun go mbeadh cuimhne uirthi mar leannán seachas cuimhne a bheith ar a saothar amháin, mar a bhí santaithe aici roimhe sin (CC: 46):

Níodh daoine rud den tsórt sin..... Má b’fhíor do na hamhráin..... An oíche a chéasadh ag déanamh leanna chois tí a gcumainn..... Scannán forallais a bheith ar a aghaidh ar maidin..... Allas as bruth an ghrá..... Amhrán a dhéanamh ansin agus a hainm ann..... (CC: 60-61).

22 Trína cuid aislingíochta faoin ógfhear, tagann Muiréad ar an tuiscint go mbeadh glacadh aici leis dá mbeadh an deis aici:

Dá dtagadh...... A leathbhróg a bheith ar chéim an sconsa ag éirí di ar maidin, agus a fholt glas ó dhrúcht na hoíche...... Gháirfeadh sí leis...... Gáire a bhioródh cluasa an mhóinteáin agus a chumhródh a phutóga bréana...... Gáire na bainse...... Bangháire...... (CC: 61).

23 Gáire a raibh tuiscint aici féin anois air. Agus b’fhéidir gur leor é sin di mar glacann sí leis an dóchúlacht nach dtiocfadh an t-ógánach chuici i ndáiríre: ‘Ach ní thiocfadh [....] Níor fhág sí an linn mharbh inniu ach oiread le haon lá’ (CC: 61). Arís, dírítear ar an ngné chollaí de na hamhráin agus Muiréad ag áireamh fhiúntas a scéil féin, tar éis imeachtaí an lae: ‘Bhí sé ina údar chomh maith lena lán rud a ndéantaí amhráin díobh’ (CC: 62). Agus cérbh é an scéal sin ach: ‘Rós beag lúcháireach aníos as mórmhoing de bhrón agus de bhréanleann...... Glé alluaiceach mar uisce an tsruthláin, mar phort an dreoláin, nua órtha amhail ciabh an tuair cheatha’ (CC: 62). Léiríonn éirim na línte a chas Muiréad léi féin as an amhrán ‘Muileann gCearr’ a tuiscint gur mealladh í agus gur ghéill sí dá mianta baineanna i leith an ógfhir ach nach raibh aon chinnteacht ann go gcomhlíonfaí na mianta sin go fisiciúil i ndáiríre, le linn a saoil:

‘Níl mé críonna, a’s céad faraor nílim

Ach mealltar daoine a bhíos glic go leor ...

Sé críoch gach baoise —’ (CC: 62).

24 Díreach ina dhiaidh sin, cuirtear an cheist seo:

Cé an chríoch a bheadh ar a scéal féin......?
Críoch ar bith b’fhéidir … Críoch shimplí, críoch dhiamhair na hánála, b’fhéidir (CC: 62).

25 Ach bhí a scéal féin aici tar éis an lae. Mar thoradh ar fhorás braistinte Mhuiréide in imeacht an lae bhí sé ar a cumas a beatha féin, ar cuid de a nádúr gnéasúil, a shníomh ina haigne mar chuid de bheatha dhiamhair an domhain ina timpeall. De bharr a cuid tuisceana nua uirthi féin, d’éirigh léi míniú níos iomláine a fháil ar iompar agus ar nádúr a comhdhaoine agus ar an dúil bheo ina timpeall: ‘Ba chóir cead a thabhairt don chriathrach fás agus bláthú mar ba toil leis féin’ (CC: 60). Tharla sé sin mar thoradh díreach ar theagmháil an ógfhir léi a chuir iallach uirthi na buntuiscintí a bhí aici uirthi féin mar bhean agus a hionad sa phobal a athchruthú i mbealach níos bisiúla.

26 Agus úsáid an amhráin i ndeasghnáth na cúirtéireachta i saothar Uí Chadhain faoi chaibidil, is fiú trácht a dhéanamh ar an scéal ‘Beirt Eile’ ón saothar déanach An tSraith ar Lár (1967 [1986], SL) a foilsíodh sa bhliain 1967. Nuair a cuireadh bac ar mhianta nádúrtha collaí Mhicil mar thoradh ar chleamhnas mí-ámharach a d’fhág gan mhuirín é, dhírigh sé a aird dhúilmhear ar Mháirín, bean a bhí pósta agus a raibh scata páistí aici. Is suntasach gur ceathrú as amhrán an t-aon chló focal a chuir Micil ar a chuid mothúchán cosctha do Mháirín sa scéal iomlán, cé gur ‘faoin a anáil’ a tháinig na focail ‘Is trua nach mise fear Mháirín’ amach mar nach ‘bhfaigheadh sé ón a chlaonta a ghlór a ardú!’ (SL: 103-104).

27 Ar cheann de na gnéithe is suntasaí i saothar Mháirtín Uí Chadhain tá a lárnaí is atá cúrsaí caidrimh agus grá mar théamaí. Bhain Ó Cadhain earraíocht as an amhrán agus as an damhsa ina shaothar mar bhealaí inghlactha chun an t-áilíos a chur in iúl, díreach mar a bhí sa phobal inar tógadh é féin. Níorbh é Ó Cadhain an t-aon scríbhneoir Gaeltachta a shaothraigh téamaí na dúile, an ghrá agus an scartha, go deimhin, ná an t-aon scríbhneoir a d’úsáid na hamhráin thraidisiúnta agus an damhsa ina shaothar chun na téamaí sin a léiriú. Tá cur síos thar a bheith éifeachtach ar thórramh Meiriceánach ag an scríbhneoir Conallach Séamus Ó Grianna (‘Máire’) sa ghearrscéal ‘Beirt a bhí seal i nGrádha’ sa chnuasach An Teach nár Tógadh agus Scéalta eile a foilsíodh i 1948. Oíche an ‘chonbhóidh’ chruinnigh muintir an bhaile le chéile sula ndeachaigh an t-ógfhear, Mícheál, ar imirce go Meiriceá. Déantar cur síos air féin agus a ghrá, Nuala, ag damhsa le chéile den uair dheireanach sula mbíonn orthu scaradh óna chéile:

Thosaigh an damhsa agus thosaigh sé ar fónamh. Ó tháinig an oíche bhí an bheirt fá chumha agus fá bhrón. Bhí ualach trom ar an chroí acu agus gan a dhath le faoiseamh a thabhairt dóibh. Ní thiocfadh leo toiseacht ag caoineadh i lúb na cuideachta. Ní raibh gléas ar bith acu a racht a ligean amach gur thosaigh siad ag damhsa. Ba é seo a n-am le slán a fhágáil ag a chéile. B’fhéidir gur samhlaíodh dóibh araon gurbh é an cúrsa deireanach é. Chonacthas don mhuintir a bhí ina suí thart ag amharc orthu go raibh coraíocha agus céimeanna acu nach bhfacthas ariamh roimhe sin acu. Bhí siad mar rachadh an damhsa ina gceann dóibh. Nuair ba cheart dóibh a bheith ag éirí tuirseach, ní raibh siad ach ag teacht ’un béil. Fuair an fidléir é féin croí agus aigne. D’éirigh sé ina sheasamh. Bhí ceol á bhaint as an fhidil aige nár bhain sé riamh roimhe aisti. Bhí sé mar thuigfeadh sé go raibh dhá anam ag ceiliúradh dá chéile agus gurbh é a dhualgas a gcomóradh le ceol a mhairfeadh ina gcroí agus ina gcuimhne go gcasfaí ar a chéile iad i Ríocht na Glóire (Ó Grianna 1948: 86-87).

28 Dírítear aird an léitheora sa sliocht seo ar éifeacht ríchumhachtach an cheoil agus an damhsa ar an mbeirt óg, ar an gceoltóir féin agus ar an gcomhluadar a bhí i láthair. Tuigtear gurb é an damhsa an t-aon slí inghlactha a bhí ag an mbeirt chun a gcuid mothúchán a chur in iúl. Arís, tugtar léargas ar ionad lárnach an damhsa agus na n-amhrán ag an tórramh Meiriceánach i saothar eile de chuid Shéamuis Uí Ghrianna Rann na Feirste (g.d.). Feictear cumhacht thochtmhar na n-amhrán grá ar an ócáid thábhachtach seo i saol an phobail agus ar an bhfeidhm fhuascailteach ar leith a bhain leis an damhsa agus na hamhráin. Sa chás áirithe seo cuirtear béim ar an gcaidreamh idir athair agus mac agus iad ag scaradh óna chéile de bharr na himirce. Agus uair an mheán oíche caite tháinig scáil na himirce ar geall le scáil an bháis é anuas ar an gcuideachta. Ba ansin a d’iarr an t-athair Pádraig Dubh a mhac Niall amach chun cúrsa damhsa a dhéanamh leis:

D’éirigh Niall amach ar an urlár agus thosaigh sé féin agus an t-athair ag damhsa. Agus dhamhsaigh Pádraig Dubh an cúrsa sin mar a bheifí á aibhsiú dó gurbh é an cúrsa deireanach acu é. Agus nuair a shuigh siad ní raibh aon ghrua tirim sa teach. Bhí siad uilig ag sileadh na ndeor go fras. Deora ar choinnigh siad cúl orthu le tamall roimhe sin (g.d.: 148).

29 Ba é an cúrsa deireanach damhsa a cheadaigh don athair, don mhac, don mháthair agus don chomhluadar i gcoitinne a racht bróin a ligean amach. Is amhrán grá é an t-amhrán a chas Pádraig Dubh tar éis an damhsa ach tuigtear don chomhluadar gurb é a mhac atá á chaoineadh ag an athair trí mheán an amhráin, sampla eile, mar a léiríodh sa scéal ‘An Bhliain 1912,’ den ilbhrí is féidir a aithint in amhrán ar ócáid ar leith. Is faoin gcoigríoch atá an t-amhrán a dúirt Niall agus ina dhiaidh sin déantar comparáid dhíreach idir an imirce agus an bás agus an teach mar theach an tórraimh nuair a bheifí ag cur ‘an choirp i gcónair’ (g.d.: 150). Tá léargas spéisiúil tugtha ag an scríbhneoir Ciarraíoch Séamus Ó Dubhghaill ina shaothar Muinntear na Tuatha, a foilsíodh i 1910, ar an gcaoi ar féidir leis na hamhráin feidhmiú mar dhioscúrsa siombalach. An oíche sula ndeachaigh Seán Thaidhgín ar imirce go Meiriceá iarradh ar a athair Taidhgín an t-amhrán ‘Bean an Fhir Rua’ a rá. Thuig an comhluadar go mbeadh fuascailt éigin le fáil ón mbrón agus an t-amhrán á ghabháil. Deirtear gur ‘Thuig gach éinne nach ar “Bhean an Fhir Rua” ná ar éinne a bhain léi a bhí Taidhgín ag cuimhneamh, ach ar a mhac féin agus ar an bhfarraige a bheadh eatarthu i gceann seachtaine’ (1910: 117). Is léiriú atá sa ráiteas sin ar thuiscint na ndaoine féin ar fheidhm mheafarach na n-amhrán, mar atá pléite ag Ó Laoire (2002: 224-225).

30 D’fhéach an t-alt seo leis an gcur chuige ceannródaíoch antraipeolaíoch a chleacht Lillis Ó Laoire ina staidéar ar na hamhráin agus ar an damhsa ar oileán Thoraí a ghlacadh mar chur chuige teoiriciúil chun feidhm mheafarach na n-amhrán agus an damhsa i luathshaothar an Chadhnaigh a rianú. Léiríodh gurbh í a scil sa damhsa a thuill meas Pheigín agus meas an phobail ar fhear an Chláir sa scéal ‘Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire’ (ISD). Bealach a bhí sa damhsa freisin don ógfhear Peadar dul i gcion ar Nóra agus é réidh a ionad a ghlacadh i measc na bhfear oíche an damhsa sa scéal ‘Críonadh na Slaite’ (BB). Tagann an léargas a thugtar ar an ngné seo den chúirtéireacht leis na tuiscintí antraipeolaíochta ar an damhsa mar atá mínithe ag Ó Laoire. Dar leis, bhain tábhacht faoi léith le láthair an damhsa mar ionad léirithe ar chúrsaí cumhachta sa phobal (2002: 162-163, 175). In ‘An Bhliain 1912’ (BB) d’éirigh le Pádraigín Pháidín a mhothúcháin ghrá do Mháirín a láithriú agus a chur i dtuiscint tríd an damhsa i dtosach agus, ina dhiaidh sin, tríd an amhrán ‘Caisleán Uí Néill’ a chasadh. Feictear gur sampla é an t-amhrán ar an ócáid seo de na ‘[h]ilbhríonna úrnua is féidir a chur in amhrán ar nóiméad a láithrithe’ (Ó Laoire 2002: 229), agus guth á thabhairt freisin do mhothúcháin bhróin na máthar. Feictear go bhfuil áit lárnach ag láthair an damhsa i ndeasghnáth na cúirtéireachta i scéal Mhuiréide in ‘Ciumhais an Chriathraigh’ (CC) agus is suntasach gur trí mheán an amhráin a thugtar léargas ar a tuiscint ag deireadh an scéil gur mealladh í.

31 Sa chéad leath den fhichiú haois ba bhealaí inghlactha iad na hamhráin agus an damhsa chun an t-áilíos a léiriú ní hamháin sa phobal ach sa litríocht, rud ar bhain Máirtín Ó Cadhain earraíocht as ina shaothar i mbealach cumasach. Tá an tuiscint a bhí ag Ó Cadhain féin ar chomhthéacs sóisialta na n-amhrán le brath anois ar réimse critice agus ar ghort taighde ina bhfuil léann an bhéaloidis agus léann na litríochta ag teacht le chéile ar bhealach an-torthúil. Faoin am ar foilsíodh saothar deiridh Uí Chadhain bhí mórathruithe sóisialta ag tarlú in Éirinn a bhí le dearcadh an phobail i leith cúrsaí gnéis a athrú ó bhonn. Feictear go bhfuil léiriú níos oscailte tugtha ag Ó Cadhain ar chúrsaí gnéis ina shaothar deiridh, rud a mheabhraíonn tábhacht na litríochta, ní hamháin mar léiriú ar ghnáis thraidisiúnta an phobail, ach mar scáthán freisin ar na mórathruithe sóisialta iad féin.

Saothair a ceadaíodh

Saothar cruthaitheach le Máirtín Ó Cadhain

Ó Cadhain, M. (1939 [1975]) Idir Shúgradh agus Dáiríre. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Cadhain, M. (1948 [1968]) An Braon Broghach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Cadhain, M. (1953 [2004]) Cois Caoláire. Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh.

Ó Cadhain, M. (1967 [1986]) An tSraith ar Lár. Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh.

Saothair chritice

Denvir, G. (1987) Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Denvir, G. (2005) Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Denvir, G. (2007) ‘Cré na Cille: Béal Beo nó Béal Marbh?’ In: Léachtaí Cholm Cille 37: 38-75.

De Paor, L. (1991) Faoin mBlaoisc Bheag Sin. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

De Paor, L. (2008) ‘Introducing Máirtín Ó Cadhain’. In: Canadian Journal of Irish Studies 34 (1): 10-17.

Ferriter, D. (2009) Occasions of Sin: Sex and Society in Modern Ireland. London: Profile Books.

Ní Annracháin, M. (1979) ‘An Dá Mhicil’. In: Scríobh 4: 207-214.

Ní Annracháin, M. (1998) ‘Máirtín Ó Cadhain, Ceist na mBan agus Ceisteanna Ban’. In: Ó Háinle, C. (eag.) Criostalú. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 34-52.

Ní Annracháin, M. (2014) ‘Sneachta ar fud Éireann?’ In: Ní Úrdail, M. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin. An Daingean: An Sagart: 1-26.

Ní Annracháin, M. (2014a) ‘Teanga an ghrá in amhráin na Gaeilge’ (caint neamhfhoilsithe a tugadh ag ‘Léann na hÉigse’ sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 25 Meán Fómhair 2014).

Ní Chualáin, A. (2013) Siocracha Peaca: Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain. Tráchtas Ph.D., Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (neamhfhoilsithe).

Ní Dhonnchadha, A. (1981) An Gearrscéal sa Ghaeilge: 1898-1940. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ní Dhonnchadha, A. (2002) Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Nic Eoin, M. (2000) ‘ “Scéal ar an nGrá”: Na hAmhráin Ghrá agus an Smacht Sóisialta’. In: Riggs, P., Ó Conchúir, B., agus Ó Coileáin, S. (eag.) Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 233-259.

Nic Eoin, M. (2014) ‘Athbheatha na nAmhrán [The Second Life of Song]: Traditional Song in Modern Gaeltacht Prose Writing’. In: Markey, A., agus O’Connor, A. (eag.) Folklore and Modern Irish Writing. Dublin: Irish Academic Press: 151-171.

Ó Cadhain, M. (1950) ‘Béaloideas’. In: Feasta (Márta 1950): 9-25.

Ó Ceannabháin, P. (g.d.) ‘An Sean-Nós: Caithréim Chráite nó Íocshláinte Anama?’ In: Deile: Iris Mhuintir Chonamara i mBaile Átha Cliath. Baile Átha Cliath: Muintir Chonamara: 15-21.

Ó Dúbhghaill, S. (1910) Muinntear na Tuatha. Baile Átha Cliath: M. H. Gill & a Mhac

Ó Grianna, S. (g.d.) Rann na Feirste. Baile Átha Cliath: An Press Náisiúnta.

Ó Grianna, S. (1948) An Teach nár Tógadh agus Scéalta eile. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Laoire, L. (2002) Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh. Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Laoire, L. (2005) On a Rock in the Middle of the Ocean: Songs and Singers in Tory Island. Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Laoire, L. (2012) ‘Críocha an Chirt: Téacsúlacht, Taibhléiriú agus Tuiscint san Amhránaíocht’. In: Ó Cadhla, S. agus Ó Giolláin, D. (eag.) Léann an Dúchais: Aistí in Ómós do Ghearóid Ó Crualaoich. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí: 19-35.

Ó Laoire, L. (2013) ‘Amhráin na Gaeilge: jouissanceplaisir?’ (caint neamhfhoilsithe a tugadh ag ‘Léann na hÉigse’ sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 4 Deireadh Fómhair 2013).

Titley, A. (1990) ‘Cré na Cille, Ceol na nGiolcach agus an Dlúthphobal Tuaithe’. In: Feasta (Deireadh Fómhair 1990): 27-31.

Titley, A. (1991) An tÚrscéal Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

uí Ógáin, R. (2007) ‘Máirtín Ó Cadhain agus Saol an Bhéaloidis’. In: Léachtaí Cholm Cille 37: 131-156.

uí Ógáin, R. (eag.) (1999) [Buneagarthóireacht: Seosamh Ó Cadhain]. Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a Bhailigh Máirtín Ó Cadhain. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626