Languages of the Night: Minor Languages and the Literary Imagination in Twentieth-Century Ireland and Europe

Barry McCrea

Yale University Press (2015) | 177 lch | ISBN: 978-0-300-18515-7 | $40

1 In alt ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge a foilsíodh mar léirmheas ar an aonú heagrán déag den iris filíochta Innti sa bhliain 1988, tharraing Máire Mhac an tSaoi (1922- ) aird ar mhistéir an fheiniméin a bhí faoi scrúdú, bláthú na filíochta i dteanga nárbh í mórtheanga na timpeallachta í:

The writing of verse in modern Irish is by any reckoning a mysterious phenomenon: a living literature in a fast-dying minority language, a literature with almost no spoken linguistic hinterland to draw on, which has not even the cultural and cultic status of Hebrew or Latin: by all the rules it should not happen, and yet it has. Poetry in Irish today is recognisably vital and valid, elegant and economical in expression, contemporarily relevant, and yet all the criteria by which it can be judged are established from beyond the grave. It is a startling and disconcerting manifestation of the tenacity of ancestor-worship, the pious conviction that the dead generations suffer if their children consign them to silence. Having lived myself in the single-minded grip of this belief for more than sixty years, I am now content that the observance will continue, the word will survive the shipwreck of the way of life from which it sprung, the graves will not be left untended. There is no way that all this passion can perish from the face of the earth (1988: 33).

2 Is é an t-ábhar iontais sin gur ann do nualitríocht na Gaeilge ar chor ar bith is bonn leis an snáithe leanúnach féinbhreathnaitheach a shníonn tríd an litríocht sin, arb é an sampla is gléine de na saothair sin — saothair chruthaitheacha, nótaí nó aistí beathaisnéiseacha agus saothair chritice — ina bpléitear gaol an scríbhneora lena mheán liteartha agus ina ndírítear go háirithe ar stádas leochaileach na Gaeilge mar theanga mhionlaithe. Ba rogha chomhfhiosach fiú amháin ag cainteoirí dúchais Gaeilge í a dteanga mháthartha a shaothrú mar mheán liteartha, rud a léirigh an scríbhneoir Conallach Seosamh Mac Grianna (1900-1990) nuair a nocht sé gur i mBéarla a bhí sé féin ag scríobh — agus ‘Ba é an chuma a bhí orm gur i mBéarla a bhí sé i ndán dom scríobh’ (1936/1969: 4) — go dtí gur casadh An Chéad Chloch (1914) le Pádraic Ó Conaire (1882-1928) air, leabhar a chuir i dtuiscint dó ‘go mb’fhéidir litríocht uasal fhiliúnta a scríobh i nGaeilge’ (1936/1969: 4). Breis agus leathchéad bliain ina dhiaidh sin, ba i mBéarla a thosaigh an file Conallach Cathal Ó Searcaigh (1956- ) ag scríobh freisin, agus, mar atá áitithe ag Pádraig de Paor, b’fhéidir gur leis an teanga sin a chloífeadh sé murach an spreagadh a fuair sé ón bhfile ó Luimneach, Gabriel Rosenstock (1949- ):

Is é Rosenstock a thaispeáin a chéaduair don tSearcach, chan amháin go bhféadfaí filíocht de shaghas ar bith a chumadh sa Ghaeilge ar ábhar ar bith ar domhan thoir nó thiar, ach fosta thaispeáin sé gurb í an Ghaeilge, seachas an Béarla, an meán is fearr ag an Éireannach le héalú ó pharóisteachas cúng a thíre féin, gur sa Ghaeilge is fearr is féidir a bheith iltíreach agus iolraíoch (de Paor 2005: 11).

3 An mórúdar Gaeltachta Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) féin, a n-aithnítear a úrscéal Cré na Cille (1949) mar chlasaic nua-aoiseach, bhraith sé gur ghá dó a ghaol scríbhneora leis an teanga agus le pobal a labhartha a mhíniú, rud a rinne sé i saothair éagsúla, ach go mór mór sa léacht cháiliúil ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’ (1969) ina léirítear imní ointeolaíoch faoi inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail. Tugann sé aitheantas do bhunéirim an nua-aoiseachais liteartha sa léacht seo nuair a deir sé gur ‘dual don scríbhneoir a bheith in a dhíseartach arb iad ballaí a dhísirt an comhthionól dar díobh é’ (Ó Cadhain 1969: 23), ach dearbhaíonn sé freisin gurbh í an teanga a d’fhoghlaim sé i measc an chomhthionóil sin bundamhna a shamhlaíochta, gur mheán nua agus críonna in éineacht í, gurbh í meán a chuid mianta agus a chuid brionglóidí í, agus thar aon ní eile, gur leis féin mar mheán í:

Is meán — medium — nua más cúng féin í an Ghaeilge agus is dúshlán fúm í. Is liom féin í, rud nach féidir liom a rá faoi mheán ar bith eile. In uaigneas mo chroí chuala mé — cloisim i gcónaí:

scaltarnach loin Leitreach Laoigh

agus an ceol a bhí ag an Dord Fiann.

Tá aois na Caillí Béara agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí (Ó Cadhain 1969: 41).

4 Más gá don scríbhneoir Gaeltachta a sheasamh ealaíontóra a fhógairt go drámatúil ar an gcaoi seo, ní hiontas ar bith é go mbeadh gaol an scríbhneora lena rogha meán ina thróp leanúnach i saothar scríbhneoirí arb í an Ghaeilge an dara teanga acu.

5 Is éard atá sa leabhar seo le Barry McCrea ná toradh staidéir ar cheist sin an tsaothraithe liteartha i gcás scríbhneoirí a bheartaíonn dul i mbun cumadóireachta i dteanga nach í a dteanga dhúchais ná mórtheanga a dtimpeallachta í. Pléitear an feiniméan i gcomhthéacs thóir an scríbhneora nua-aoisigh ar theanga phríobháideach, agus is í an téis radacach atá á cur chun cinn i gcás na Gaeilge sa leabhar ná go bhfuil gaol láidir idir mianach cruthaitheach na teanga mar mheán féinléirithe agus a stádas leochaileach mar theanga phobail:

As Irish was found less and less ‘in the wild,’ this book will argue, it acquired unusual potential for the poetic imagination, as a dream of another, lost, more perfect language hidden beneath the surface of English-speaking Ireland (9).

6 Pléann réamhrá an leabhair, ‘The Great Silence in Carrowliam Beg,’ le scéal an athraithe teanga i dteaghlach agus i gceantar dúchais mhuintir an údair i gCeathrú Liam Bheag in oirthear Chontae Mhaigh Eo ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fhichiú haois, agus ríomhtar mar a rinneadh teanga fholaithe, teanga phríobháideach nó teanga na hoíche, den Ghaeilge le linn an phróisis. Tá an stair phearsanta seo an-éifeachtach mar chúlra don phlé ar théacsanna liteartha sna caibidlí eile sa leabhar, mar gné shuaithinseach den chur chuige critice atá á chleachtadh tríd síos sa leabhar seo is ea an tuiscint nach féidir beatha agus saothar an údair a dhealú óna chéile nuair is í an rogha teanga agus a himpleachtaí don chruthaitheacht liteartha atá á scrúdú. Cuirtear coincheap meánaoiseach an mhairtíreachais bháin chun cinn sa réamhrá (‘Is é an bán-martra do dhuine, an tan scaras, ar son Dé, re gach rud a charas’) mar mheafar don íobairt a dhéanann an scríbhneoir a thugann cúl lena mháthairtheanga d’fhonn dul ar deoraíocht go toildeonach i bhfearann uaigneach na mionteanga:

We might think of the decision by poets to write in a minor language that was never their mother tongue, forsaking the comfort, familiarity, and indeed readership of their native major language to do so, as a form of literary white martyrdom (18).

7 Is meafar cumhachtach é seo agus tacaíonn sé le cuid de na mórléirithe liteartha ar bhail an Ghaeilgeora a mhaireann faoi scáth na himní, mar choimhthíoch ina thír féin (féach Nic Eoin 2005: 92-121). Sílim go bhfuil blas ródhiúltach nó rófhulangach air mar mheafar le hilghnéitheacht an fheiniméin atá faoi scrúdú a thuiscint, áfach. Is éard a bhí i gceist leis an mairtíreachas bán san eaglais luath-Éireannach ná ‘the daily martyrdom of ascetic life’ (Stancliffe 1982: 44), áit a raibh tábhacht ar leith le diantréanas agus le geanmnaíocht. Ní dóigh liom go gcuimsíonn an meafar manachúil inspreagadh ná dúthracht na scríbhneoirí uile a chuir a ndóchas ar snámh i mbáidín na teanga, téama a bhfillfear air thíos. Ar ndóigh, ní fhéachtar le scéal mór na nualitríochta sa Ghaeilge a ríomh sa leabhar seo le Barry McCrea. Ina ionad sin, is sampla den chritic chomparáideach é bunaithe ar shaothar mórscríbhneoirí nua-aoiseacha áirithe a bhí ag saothrú san Iodáil, in Éirinn agus sa Fhrainc. Agus saothair liteartha ar leith faoi dhianscrúdú, díríonn McCrea ar chumhacht shamhlaíoch na teanga díláithrithe. San áit a bhfaca an teangeolaí Eilbhéiseach Heinrich Wagner meath, caillteanas agus bás sna hiarsmaí teanga — ‘the ruins of a language’ — a casadh air agus é ag bailiú ábhair Ghaeilge dá Atlas canúineolaíoch sna blianta 1949-1953 (Wagner 1958: x), is é áiteamh an leabhair seo ná go raibh mianach cruthaitheach sna hiarsmaí céanna don chumadóireacht liteartha nua-aoiseach:

This book is about the very different imaginative possibilities offered to the literary imagination by these ruins, possibilities that flourishing, widely spoken languages cannot offer, a privileged glimpse into the limits and failures of language, but also into the nature of the utopian hopes we nonetheless place in it (19).

8 Féachann an leabhar le hionad litríocht na Gaeilge agus litríocht mionteangacha eile a lonnú i mórscéal idirnáisiúnta an nua-aoiseachais. Déantar é seo trí cheist na teanga a scrúdú i dtéacsanna liteartha ar leith, ag tosú, sa chaibidil ‘Language of the Dead: The Irish Language in the Twentieth Century,’ le léamh máistriúil ar an ngearrscéal iomráiteach le James Joyce (1882-1941), ‘The Dead’ (1914). Tá an scéal seo suite i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1904, agus feictear na paisin is tréine á múscailt sa scéal ag an bhfear óg ón iarthar Michael Furey, atá marbh ach a mhaireann beo i samhlaíocht a iarleannáin Gretta, agus ag an mBaile Átha Cliathach mná Miss Ivors, a bhfuil a cuid fuinnimh uile dírithe ar athbheochan na Gaeilge agus ar chaomhnú chultúr an iarthair:

Individuals are as cut off from one other, the story suggests, as the living are from the dead. Gabriel is as divided from Gretta as much as Gretta is from the deceased Michael Furey. These bleak meditations are woven through with questions of language revivalism: the Gaelic League is a presence in ‘The Dead’ neither because Joyce wished to mock it nor because he thought its prescriptions offered a solution to a nation in search of a destiny, but rather because he senses that within the passions of Irish language revivalism, in its grieving for a lost, doomed tongue in which it was imagined the soul might have found a true means of expression, there lay hidden dreams and energies that had nothing to do with patriotism or nationalism but with deeper, unspoken longings about language itself, the very same ones that were a major impulse for mainstream European modernism, the sense that all language is foreign, that our souls and minds are always cast adrift in a language that is alien to them (19).

9 Is argóint í seo atá i dtiúin le léargas Uí Chadhain ar an scríbhneoireacht nua-aoiseach, agus leanann an chaibidil ar aghaidh le plé ar thábhacht athbheatha liteartha na teanga, amhail is gurb é an bláthú liteartha sin an deachma a d’íoc na mairbh leis an mbeo:

Ever since it could no longer be taken for granted as a generally used language of everyday life, Irish has had a dramatic second life, or, we might say, afterlife, as a linguistic ideal, the focus of an enormous amount of projections, hopes, fears, and disappointments, the object of mysterious yearnings and the carrier of obscure dreams which have dressed themselves in the guise of politics and nationalism but which are really part of a wider set of responses to the cultural challenges of modernity (32).

10 Cé gur léamh áititheach é seo, ní dóigh liom go bhfuil iomlán an scéil ann, go háirithe má aithnítear nárbh ionann mionlú teanga agus a bás. Tagann cinntí teanga chun cinn i mbeatha scríbhneoirí uile na Gaeilge, ach ní léir i gcónaí gur i dtéarmaí athbheatha is fearr déantús liteartha an scríbhneora sa teanga mhionlaithe a mheas. Ón bhfianaise atá ar fáil i saothair liteartha agus i gcuntais dírbheathaisnéise, is féidir raon leathan mothúchán a aithint mar bhunús agus mar bhonn leanúnach dílseachta ag scríbhneoirí dara teanga don Ghaeilge mar mheán: dearfacht agus muinín chultúrtha bunaithe ar spreagadh a fuair siad óna dtaithí oideachais, agus ó dhea-thionchar múinteoirí nó meantóirí ar leith; feasacht theangeolaíoch agus chultúrtha a d’eascair as cúlra pearsanta an scríbhneora, bíodh sé ina chúlra aonteangach iar-Ghaeltachta, ina chúlra idirtheangach breac-Ghaeltachta nó ina chúlra measctha (tuismitheoir Sasanach i gcás Michael Davitt (1950-2005), mar shampla); bíogadh féiniúlachta nuair a bhí an Ghaeilge ina gné bhisiúil de chultúr is de chruthaitheacht na n-óg, ceangailte go minic le múscailt na mianta agus le saoirse ghnéasúil; seasamh freasúrach frithchultúrtha frithábharaíoch agus criticiúlacht maidir le gnéithe tábhachtacha den saol comhaimseartha; meas ar an éagsúlacht; tionchar pholaitíocht na gceart sibhialta, in Éirinn agus thar lear; feasacht áitiúil, spéis i gcanúintí agus i réigiúin ar leith agus fiosracht maidir le fréamhacha pearsanta agus maidir le dúshraith Ghaelach na gceantar iar-Ghaeltachta (féach de Paor 2005; Dorgan 2011; Ní Dhuibhne 2004; Nic Eoin 2011; Ó Dúshláine 2011; Ó Gairbhí 2009; Ó Muirthile 2008; Rosenstock 2004). Díol spéise an bhéim a leagann Pádraig de Paor ar an spraíúlacht a bhain le filíocht na Gaeilge do lucht dara teanga sna 1960idí, agus an Ghaeilgeoireacht féin á samhlú mar rogha stíl bheatha nó mar thaibhealaín:

Gabriel is a chomrádaithe ag roghnú na Gaeilge, á foghlaim is á cleachtadh, b’ionann is ealaín acu é; b’ionann é is ról a imirt; b’ionann is cluiche acu é. Cuid den spraoi, ar ndóigh, ná an íomhá steiréitipiciúil den Ghaeilgeoir righin mar a bhí ag an am, a thiontú bunoscionn. Stíl bheatha fhéin-chomhfhiosach ealaíonta a bhí sa tsaol racanról trí mheán na Gaeilge ar éirigh le Gabriel, Michael Davitt is Liam Ó Muirthile a chaitheamh i gCathair Chorcaí (de Paor 2005: 245).

11 Is cinnte nach buíon aontréitheach aonchineálach iad nuascríbhneoirí na Gaeilge — go deimhin is féidir móréagsúlachtaí idé-eolaíochta, creidimh agus luachanna saoil a aithint go héasca — ach is éard atá i gcoitinne acu lena chéile ná an tuiscint go bhfuil roghnú agus úsáid liteartha na teanga mar chuid de sheasamh polaitiúil agus cultúrtha níos leithne, de thionscnamh freasúrach frithchultúrtha a fhágann ar imeall shaol liteartha agus cultúrtha na tíre go minic iad. Meabhraíonn an leabhar seo dúinn gurbh fhiú mionscagadh a dhéanamh ar ghluaiseacht na nualitríochta trí chéile mar ghluaiseacht shóisialta, agus na gnéithe síceolaíochta agus beathaisnéise — an cumasc de mhianta polaitiúla agus de chúinsí pearsanta saoil, agus an gaol idir dílseacht teanga agus fonn féinléirithe — a phlé i gcomhthéacs pholaitíocht na teanga trí chéile. Is cinnte nach gcuimsíonn coincheap an mhairtíreachais bháin an feiniméan ina iomláine, go háirithe nuair ba mheán fuascailteach an teanga do ghrúpaí a bhí imeallaithe ar bhealaí eile. Níl sampla is fearr de sin ná cás na scríbhneoirí aeracha a chuaigh le Gaeilge mar mheán liteartha.

12 Tugann caibidil a dó sa leabhar seo, ‘The Queer Linguistic Utopia of Pier Paulo Pasolini,’ aghaidh ar an ngaol idir teanga neamhdhúchasach agus ceist an dúchais ghnéasúil. I gcás Pasolini (1922-1975), is amhlaidh a mhúnlaigh sé meán cumhachtach liteartha as canúint réigiúnach, canúint cheantar Friuli in oirthuaisceart na hIodáile, ag tréimhse i stair theangeolaíoch na hIodáile — na 1940idí — a raibh cúl á thabhairt le canúintí réigiúnacha. Lean scríbhneoirí eile a shampla agus tháinig gluaiseacht liteartha chun cinn bunaithe ar chaint na ndaoine agus ar chanúintí réigiúnacha. Is í an ghné pharadacsach den scéal — litríocht bheo i dteanga a bhí ag imeacht as mar theanga phobail — is ábhar spéise agus is ábhar comparáide le cás na Gaeilge. Is éard atá á áiteamh sa chaibidil seo ná gur mheán fuascailteach féinléirithe a bhí sa chanúint do Pasolini, teanga a bhí dlúthcheangailte leis an gcolainn agus leis an mbéalaireacht, agus a chuir ar chumas an fhile friotal a chur ar a stádas neamhdhúchasach mar fhear aerach i sochaí heitreanormatach. Ní ag filleadh ar theanga a óige ná a mhuintire a bhí Pasolini ach ag briseadh leo: ‘He was inspired to write in dialect not because he possessed a dialect but because he felt he had lost it’ (60). Díol suime an tuiscint a bhí ag Pasolini gur lingua grigua (teanga liath) a bhí san Iodáilis chaighdeánach ar tógadh leis í, tuairim a mheabhródh an seasamh a nocht Eoghan Ó Tuairisc (1919-1982) maidir leis an mBéarla mar mheán liteartha ina alt ‘The Psychic Partition,’ inar luaigh sé ‘the decay of English’ agus inar mhaígh sé go scríobhfadh sé as Gaeilge as sin amach mar ‘Irish is a vital force in a devitalised society’ (Ó Tuairisc 1975). Mheabhródh sé freisin dearcadh Nuala Ní Dhomhnaill (1952- ) ar an nGaeilge mar mheán a bhí i dtiúin leis an gcolainn agus a raibh cáilíochtaí cruthaitheacha aici nach raibh ag an mBéarla comhaimseartha: ‘Níl an teanga fós, mar mheán nó uirlis fileata “intellectualized out of all experience” mar a bhítear ag cur i leith na teanga Béarla go minic’ (1986: 174). Is i dtéarmaí fisiciúla, atá inchomparáide le héifeacht na canúna réigiúnaí ar Pasolini, a mhíníonn Ní Dhomhnaill na geasa a chuireann an teanga uirthi:

Tá leibhéal inti ná tuigim fhéin agus gur baolach nach dtuigfead go brách mar gur leibhéal diamhair draíochta atá i gceist. Tuigtear dom go bhfuil sé faoi mar a bheadh códanna fuaime áirithe stóráilte istigh inár gcoirp ó dhúchas leis na mílte bliain agus nuair a chloisimid fuaimeanna áirithe filíochta go ndúisítear na códanna cuimhne sin (1986: 177).

13 Má d’aithin Ní Dhomhnaill mianach cruthaitheach baineann sa Ghaeilge, ‘teanga na Máthar par excellence’ (1986: 168), is éard atá á áiteamh ag McCrea ná go raibh an mealladh céanna sa chanúint do Pasolini mar fhear aerach mar ‘it offered a means for expressing and investigating this predicament, this other way in which he was not “native” to the world’ (62). Pléitear mealltacht na Gaeilge don scríbhneoir dátheangach Éireannach Breandán Ó Beacháin (1923-1964) sna téarmaí céanna agus aithnítear comhthreomhaireacht agus gaol croineolaíoch idir homai-earótaic Uí Bheacháin agus a dhúil sa Ghaeilge mar theanga agus sa Ghaeltacht mar phobal imeallach agus imeallaithe. Músclaíonn gné na homaighnéasachta den scéal ceisteanna faoin ngaol a bhí ag scríbhneoirí aeracha ó chúlraí éagsúla cultúir agus teanga leis an nGaeilge mar mheán ealaíne, leithéidí Mhichíl Mhic Liammóir (1899-1978), Sheáin Hutton (1940- ) agus Alex Hijmans (1975- ), mar shampla. Is cinnte i gcás Mhic Liammóir gur chuid dá bhréagriocht Éireannach í an Ghaeilge, ceann de na haghaidheanna fidil a chaith sé mar ealaíontóir i gcaitheamh a shaoil, ach níor mhór a chumas agus a chruthaitheacht liteartha sa teanga a phlé freisin i gcomhthéacs a róil i gcomhluadar agus i gcleachtas ealaíne a bhí iltíreach, ilteangach agus ilmheánach.

14 Is í an chaibidil ar fhilíocht Uí Ríordáin (1916-1977), ‘Seán Ó Ríordáin’s Private Language,’ an chaibidil is faide sa leabhar agus déantar athléamh radacach inti ar an díospóireacht faoi theanga an Ríordánaigh a lean foilsiú Eireaball Spideoige (1952). Tá alt Uí Ríordáin, ‘Teangacha príobháideacha,’ lárnach sa phlé agus ní haon chomhtharlú é go luann Ó Ríordáin san alt sin scríbhneoirí a ndúradh fúthu go raibh blas ‘neamhdhúchasach’ ar an teanga a chleacht siad:

Dúradh mar gheall ar Mhallarmé gur scríobh sé an Fhraincis fé mar ba theanga iasachta aige í. Ach dúradh thar n-ais mar fhreagra air sin nárbh é Mallarmé ach a chuid léitheoirí a bhí iasachta i gceantar aigne Mhallarmé. Deir T.S. Eliot go ndeir na Francaigh go bhfuil Fraincis Mhallarmé chomh hait sin ná tuigfeadh aoinne í ach duine iasachta. Dúirt Marcel Proust gur sórt teanga iasachta is ea teanga na hardlitríochta. Tá sé ráite go bhfuil Béarla Milton neamhdhúchasach. Ní haon ionadh mar sin go gcloisfí daoine ag gearán ar scríbhneoirí na Gaeilge i láthair na huaire (Ó Ríordáin 1963 [1979]: 19).

15 Is é argóint lárnach McCrea maidir leis an Ríordánach ná gur thug sé cúl lena fhíordhúchas ar mhaithe le fearann teangeolaíoch a aimsiú ina bhfeadfadh sé bláthú mar ealaíontóir nua-aoiseach. Trí léamh úrnua a dhéanamh ar an dán ‘Adhlacadh mo Mháthar,’ áitítear go raibh an mháthairtheanga, chomh maith lena mháthair féin, á hadhlacadh ag an bhfile sa dán sin agus go raibh a dhílseacht don Ghaeilge mar mheán bunaithe ar mhian an-láidir teacht ar theanga neamhdhúchasach na healaíne. I nglanchodarsnacht leis an léamh coitianta ar Ó Ríordáin mar dhuine a bhí ag filleadh ar a dhúchas nuair a bheartaigh sé cloí le Gaeilge mar mheán liteartha (mar a deir Frank Sewell, ‘A divided man, Ó Ríordáin desperately wanted to come home to Irish’ (1998: 50)), maíonn McCrea gurbh éard a bhí i saothrú na Gaeilge don Ríordánach cinneadh comhfhiosach an scríbhneora nua-aoisigh teanga agus ionad faire an ‘neamhdhúchasaigh’ a roghnú.

16 Tá impleachtaí móra ag an léamh seo ar Ó Ríordáin do chritic liteartha na Gaeilge. Is argóint shofaisticiúil shíocanailíseach í argóint McCrea a chuimsíonn an gaol casta idir an scríbhneoir, teanga na litríochta, agus teanga na ndlúthchaidreamh agus na mórthimpeallachtaí sóisialta. Ba chás ar leith é an Ríordánach sa mhéid gur chinntigh an galar a dhealaigh go minic ón slua é gurbh fhusa dó (nó go deimhin gurbh éigean dó ar feadh tréimhsí fada dá shaol) an phearsa liteartha a chothú neamhspleách ar a ghaol le daoine muinteartha ná le comhghleacaithe oibre ar cainteoirí Béarla iad. Sin é an fáth go raibh tábhacht shiombalach thar an ngnách ag baint le bás an athar (ar Gaeilgeoir é ach a cailleadh nuair nach raibh Seán ach deich mbliana d’aois) agus bás na máthar (a d’fhág leis féin gan teagmháil laethúil lena mháthairtheanga é) i gcás an Ríordánaigh. Tá an chomparáid a dhéantar le scéal an Direánaigh (1910-1988) suimiúil, go háirithe an argóint gur theanga gan baile, gan fearann cinnte ar a cúl, í teanga na filíochta ag Ó Ríordáin (‘a radically deterritorialized form of language and expression, which has no logically conceivable audience, and no concrete “home” in the real world, no relationship to living speakers of the language, a language within which he is a stranger’ (93)), i gcomparáid le teanga an Direánaigh a bhí fréamhaithe in áit agus i bpobal ar leith (‘a wholly, profoundly territorialized language, tied to the rocks and people of Aran’ (93)). Mar sin féin, braithim nach slán go hiomlán an chodarsnacht a dhéantar anseo idir conairí cruthaitheacha na beirte agus a ngaol le baile agus le dúchas. Maidir le gaol Uí Ríordáin leis an nGaeltacht, mar shampla, deirtear: ‘The language was not a way of going home, as it was for Ó Direáin, but of leaving it, abandoning the condition, the possibility, of home itself’ (93). D’fhéadfaí a mhaíomh gur fearann samhlaíoch a bhí sa teanga don Direánach freisin, agus go bhfuil an tuiscint chéanna sin — nach ann don fhíorbhaile, gurb í an stoiteacht dán an duine nua-aoisigh — fite fuaite trína shaothar ó thús deireadh. In ainneoin éagsúlacht a gcúlra teaghlaigh agus teanga, bhí an deighilt chéanna i gceist i saol pearsanta na beirte idir saol agus teanga na filíochta agus saol agus teanga na hoibre agus an dlúthchaidrimh. Maidir lena ngaol le pobal, is fíor gurbh é pobal na Gaeilge, dá laghad agus dá scáinte scaipthe thaibhsiúla é mar phobal, a thug aitheantas agus spreagadh don bheirt fhilí.

17 Pléann an chaibidil dheireanach sa leabhar, ‘The Great Silence in Combray: Proust and Patois,’ an chaoi ar láimhsigh Marcel Proust (1871-1922) ceisteanna canúna agus réimeanna teanga ina mhórshaothar nua-aoiseach, À La Recherche du Temps Perdu, agus go háirithe an chaoi ar fheidhmigh canúint áitiúil — canúint tuaithe an tsearbhónta Françoise — mar nasc diamhair le ré eile theanga agus chultúir. Tá beocht agus barántúlacht ag baint le caint chanúnach Françoise, ach thar aon rud eile, is léiriú í ar shruthanna teanga agus ar mhodhanna seachadta cultúir a mhaireann neamhspleách ar fhórsaí caighdeánaithe na sochaí meánaicmí ar bhain Proust léi agus ar bhunaigh sé a úrscéal uirthi. Is san oíche is mó a thiontaítear ar an teanga seo a labhairt in áit na Fraincise caighdeánaí, agus is ansin is mó a aithnítear a gaol le teanga liteartha na meánaoise:

The genius of Françoise’s speech, as the narrator sees it, is attributable not to her, as an individual, or to her own learning or conscious effort, but to something older, bigger, and deeper than any one person; something outside time. The archaeological strata of language and literature that the narrator apprehends in Françoise’s speech point to an alternative, oral, ‘folk’ model of culture, in opposition to the acquired, refined, literate culture of Proust’s own background, the culture that is so characteristic of the whole of the Recherche (126).

When she employs usages characteristic of Mme de Sévigné or La Bruyère, Françoise is, for the narrator, a cultural vessel for a heritage far older, wider, and deeper than the conscious mind of any individual (127).

18 Iarsma atá inti den chanúint mheánaoiseach a mhair ar bhéal na huasaicme anuas go dtí aimsir na Réabhlóide, ach feidhmíonn sí anois mar theanga phríobháideach, díonta ó fhórsaí comhaimseartha, ‘a language that can exclude the outside world, remain apart from it, and offer a mental universe protected from it’ (131), ‘a contrasting model of stability and continuity, an ideal of an immutable and ageless form of language’ (136), ‘an idealized form of language that is wholly cut off and preserved from the corrosions and corruptions of time, and its twin, society’ (138). Ní hí an searbhónta amháin a labhraíonn an teanga idéalaithe seo san úrscéal, mar tá léiriú eile le fáil i gcaint thíriúil na mná uaisle, ‘la duchesse de Guermantes,’ atá fréamhaithe i gceantar ar leith agus atá níos gaire, dá bharr sin, do chanúint na cosmhuintire ná do theanga oilte na meánaicme. Aithnítear ábhar comparáide idir Proust, Pasolini agus Ó Ríordáin:

At these moments, the narrator perceives in her pronunciations and phrasings something of what Pasolini saw in unwritten Friulian dialects, or Ó Ríordáin in the Irish of Dún Chaoin: an immemorial meanma of people, culture, and landscape fused together and wholly immune to time, a form of language that resists the accumulations and distortions of passing time and thus appears to offer a portal of immediate access to historically distant moments, and an example of an immanent connection between culture and nature (142).

For Proust, as for Pasolini and Ó Ríordáin, it is the unrealizable promise of an escape from the fallen world that is the key creative property of the dying languages of the countryside (146).

19 Tá múnla agus bunús teoiriciúil curtha ar fáil sa leabhar seo do staidéar cuimsitheach ar fheiniméan an scríbhneora dara teanga sa Ghaeilge agus tá ceisteanna fíorspéisiúla á dtógáil ann faoin ngaol idir beatha agus saothar údar. Dá mbeadh an cur chuige á chleachtadh le saothar raon scríbhneoirí Gaeilge, ba ghá gnéithe beathaisnéise a chur san áireamh nár tháinig i gceist i gcás Pasolini, an Ríordánaigh ná Proust — seachadadh na mionteanga ar an gcéad ghlúin eile, mar shampla, nó rannpháirtíocht an scríbhneora i ngluaiseachtaí nó i bhfeachtais teanga. Is cinnte nach cúrsaí aeistéitice amháin a bhíonn i gceist riamh i roghnú ná i saothrú na mionteanga, mar ba léir ón bhfreagra láidir a thug an file Biddy Jenkinson (1949- ) ar an alt le Máire Mhac an tSaoi a luaitear thuas, freagra inar dhearbhaigh Jenkinson gur mheán beo agus gur ghné dá saol laethúil a bhí sa Ghaeilge di: ‘I am not aware of writing in a “fast dying minority language”. I write in my own language, the language of my household. I write in a living language for living friends’ (1989: 80). Tá ceist chearta an duine agus an dearcadh domhanda éicitheangeolaíoch tagtha chun cinn in áit an náisiúnachais chultúir le blianta beaga anuas nuair atá polaitíocht na teanga á plé, ach is cinnte nach lú an paisean ná an ghníomhaíocht chultúrtha a ghineann nó a éilíonn na seasaimh sin.

20 Gné eile den scéal a spreagfadh léitheoirí chun machnaimh is ea an gaol idir gníomh na cruthaitheachta sa mhionteanga agus an imirce nó an díláithriú fisiciúil. Tá sé suimiúil gur mhaígh an file Máire Mhac an tSaoi gur le linn di a bheith ina cónaí sa Spáinn is ea a chrom sí ar dtús ‘ar an nGaeilge a shaothrú de rogha ar an mBéarla’ (1990: 14). Bhain an rogha sin leis an tuiscint a bhí aici nach raibh guth sainiúil aici sa Bhéarla, tuiscint a daingníodh nuair a léigh sí Romancero Gitano Lorca agus nuair a d’aithin sí ‘gurbh é seo mo shaghas-sa filíochta agus nárbh fhéidir a leithéid a scríobh im shaghas-sa Béarla’ (1990: 15). Fearacht go leor scríbhneoirí Gaeilge eile, tá gaol le haithint idir a dílseacht don teanga mar mheán cruthaitheach agus a cumas mar aistritheoir ilteangach. Mar a áitíonn Eiléan Ní Chuilleanáin, tagann ‘an t-aistriúchán, an Ghaeilge agus téamaí na saoirse agus an neamhspleáchais go léir le chéile i saothar Mháire Mhac an tSaoi’ (2014: 98). Bhí tionchar mór ag an seal a chaith sí sa Tuirc ar rogha teanga Nuala Ní Dhomhnaill, de réir a tuairisce féin:

The five years I spent in Turkey contributed greatly to my ending up as a poet writing in Irish. Strangely enough, losing myself in the delights of my new environment — in the carpets and kilns, in the handcrafts of all kinds, in Turkish classical music and calligraphy — I came to appreciate my own language more acutely (Ní Dhomhnaill 2005: 198).

21 Ba le linn dó a bheith ar imirce san Astráil is ea a cuireadh ar a shúile do Louis de Paor (1961- ) gur bhain roghanna teanga le ceart slí agus cead siúil agus ní le teideal oidhreachtúil:

Bhíos san Astráil nuair a tuigeadh dom nár cheart go mbeadh aon chuid de chultúr sinseartha na hÉireann, i nGaeilge ná i mBéarla, ná beadh ceart slí agus cead siúil agam tríd, fiú is gur le daoine eile teideal oidhreachtúil na talún ar a rabhas ag siúl (de Paor 2008: 62).

22 Is ag móradh pointe féachana an mhionlaigh atá Gabriel Rosenstock agus a rogha teanga á shamhlú mar sheasamh frith-Iartharach aige:

...I am much more at home in Isaac Bashevis Singer’s descriptions of Jewish Poland than I am in Ó Cadhain’s Conamara. I’m not sure if I could live in the Gaeltacht, for instance, or be fully integrated in any Western society. I’m nowhere happier, indeed, than in Kerala, India. [...] Had we an Ireland today that was 90 per cent Irish-speaking, I would probably join the other 10 per cent — whatever that might be, Anglo-Irish, Hiberno-French... anything you wish to imagine. I like minorities (2004: 89).

23 Tá impleachtaí ag leabhar Barry McCrea freisin dár dtuiscintí ar litríocht Bhéarla na hÉireann — an spéis leanúnach sa teanga a díláithríodh atá léirithe ag scríbhneoirí Béarla ó Joyce go dtí Joseph O’Connor, ó Yeats agus Lady Gregory go dtí Paul Muldoon agus Medbh McGuckian. Tagann ceist an ghaoil idir an tsoghluaisteacht, an caidreamh idirchultúrtha, an t-ilteangachas agus an fhéiniulacht aerach isteach sa scéal i saothar Sheáin Hutton, Pearse Hutchinson (1927-2012), Chathail Uí Shearcaigh agus Alex Hijmans. Maidir le scríbhneoirí a bhíonn ag saothrú go dátheangach nó go trítheangach, músclaíonn an cineál anailíse a dhéantar sa leabhar seo ceisteanna bunúsacha faoin ngaol idir an cumas dátheangach agus an chruthaitheacht dhátheangach.

24 Is leabhar ceannródaíoch critice é Languages of the Night: Minor Languages and the Literary Imagination in Twentieth-Century Ireland and Europe a thugann tús áite d’fheidhmiú na teanga agus na litríochta i suíomh ina bhfuil éagothroime stádais idir teangacha i gceist. Níl aon ábhar dóchais sa leabhar seo do na sochtheangeolaithe sin a fhéachann ar ruaigeadh na mionteanga go dtí fearainn agus feidhmeanna aeistéitiúla an chultúir agus na hoidhreachta mar chuid de phróiseas leanúnach imeallaithe. Is fíor, áfach, go saorann an plé sa leabhar an teanga ó dhioscúrsa an athraithe teanga agus nochtann mianach radacach na teanga mionlaithe mar mheán ealaíne. Cé go n-aithnítear an comhthéacs polaitiúil ba bhun leis an éagothroime sin san Iodáil, in Éirinn agus sa Fhrainc, cinntíonn an cur chuige comparáideach go dtugtar tús áite do na himpleachtaí aeistéitice a bhaineann léi. D’fhéadfaí an argóint lárnach a chur i bhfeidhm ar an gcritic liteartha i gcoitinne sa Ghaeilge nó in aon chomhthéacs mionteangach, agus níl amhras ar bith ach go saibhreoidh an plé ann ár dtuiscintí ar ionad mionteangacha i ngluaiseacht iltíreach an nua-aoiseachais. Is é mórbhua an leabhair i gcomhthéacs chritic liteartha na Gaeilge de ná go scarann sé ceist mhionlú na Gaeilge ó chomhthéacs polaitiúil an náisiúnachais chultúrtha agus na critice soch-chultúrtha in Éirinn, agus go lonnaíonn i gcomhthéacs leathan an nua-aoiseachais Eorpaigh í.

Máirín Nic Eoin

Coláiste Phádraig, Droim Conrach/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

de Paor, L. (2008) ‘Léacht Phoiblí Duilleoga Éireannacha 2008: “Cupáin, fochupáin agus tionlacan na n-óinseach” ’. In: Irish Pages 5 (1): 51-68.

de Paor, P. (2005) Na Buachaillí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Dorgan, T. (2011) ‘ “Rud éigin ag tarlú ach ní fios duit cad é” – Bob Dylan agus an Nua-Ghaeltacht’. In: Ó Dúshláine, T. agus Ní Chléirchín, C. Léachtaí Cholm Cille 41: Filí INNTI go hiontach. Maigh Nuad: An Sagart: 7-20.

Mac Grianna, S. (1936/1969) ‘Pádraic Ó Conaire’. In: Pádraic Ó Conaire agus aistí eile. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair: 3-51.

Mhac an tSaoi, M. (1988) ‘The Clerisy and the Folk: a Review of present-day verse in the Irish language on the occasion of the publication of Innti 11’. In: Poetry Ireland Review 24 (Winter): 33-35.

Mhac an tSaoi, M. (1990) ‘Dhá arm aigne’. In: Innti 13: 14-15.

Ní Chuilleanáin, E. (2014) ‘ “A present from the moon”: Pádraig de Brún agus tionchar na hiasachta ar Mháire Mhac an tSaoi’. In: de Paor, L. Míorúilt an Pharóiste: Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 97-108.

Ní Dhomhnaill, N. (1986) ‘Filíocht á Cumadh: Ceardlann Filíochta’. In: Léachtaí Cholm Cille 17: 147-179.

Ní Dhomhnaill, N. (2005) ‘Seal sa Domhan Thoir: Sojourn in the Eastern World’. In: Frawley, O. Nuala Ní Dhomhnaill: Selected Essays. Dublin: New Island: 185-201.

Ní Dhuibhne, É. (2004) ‘Why Would Anyone Write in Irish?’. In: Ciarán Mac Murchaidh, ‘Who Needs Irish?’: Reflections on the Importance of the Irish Language Today. Dublin: Veritas Publications: 70-82.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Nic Eoin, M. (2011) ‘Cultúr na Gaeilge nó Pobal na Gaeilge? The Irish Language and Identity from Douglas Hyde to Des Bishop’. In: Ó Duibhir, P., McDaid, R. agus O’Shea, A. All changed? Culture and Identity in Contemporary Ireland/Cultúr agus Féiniúlacht in Éirinn an Lae Inniu. Dublin: Duras: 105-144.

Ó Cadhain, M. (1969) ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Dúshláine, T. (2011) Anois Tacht an Eala: Filí Chorcaí INNTI agus an Réabhlóid Chultúrtha. An Daingean: An Sagart.

Ó Gairbhí, S. T. (2009) ‘Réamhrá: The Dutch guy who speaks Irish’. In: Hijmans, A. Favela: Ar thóir an tsonais i mbruachbhaile bocht. Baile Átha Cliath: Cois Life: vii-xi.

Ó Muirthile, L. (2008) ‘Offshore on Land: Poetry in Irish Now’. In: Nic Pháidín, C. agus Ó Cearnaigh, S. A New View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: Cois Life: 140-151.

Ó Ríordáin, S. (1963 [1979]) ‘Teangacha príobháideacha’. In: Scríobh 4: 13-22.

Ó Tuairisc, E. (1975) ‘The Psychic Partition’. In: Ireland Today 13 Samhain.

Rosenstock, G. (2004) ‘How I Discovered Irish or How Irish Discovered Me?’. In: Mac Murchaidh, C. ‘Who Needs Irish?’: Reflections on the Importance of the Irish Language Today. Dublin: Veritas Publications: 83-93.

Sewell, F. (1998) ‘Seán Ó Ríordáin: Joycery-Corkery-Sorcery’. In: The Irish Review 25: 42-61. DOI: http://dx.doi.org/10.2307/29735913

Stancliffe, C. (1982) ‘Red, white and blue martyrdom’. In: Whitelock, D., McKitterick, R., Dumville, D. In: Ireland in Early Mediaeval Europe: Studies in memory of Kathleen Hughes. Cambridge: Cambridge University Press: 21-46.

Wagner, Heinrich. (1958) Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects Vol. 1. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626