Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Róisín Adams, Claire Marie Dunne agus Caoimhe Nic Lochlainn (eag.)

LeabhairCOMHAR (2014) | 240 lch | ISBN: 978-0-9927313-2-8 | €18

So the sister took the slipper into her chamber, and since her foot was too large, she bit her lips and cut off a large part of her toes. […] The prince looked down and saw that the stockings of the bride were colored red and that her blood was streaming out of the slipper. So the prince brought her to her mother and said, ‘She, too, is not the right bride. But is there another daughter in your house?’

‘No,’ said the mother, ‘there’s just a nasty Cinderella. She sits below in the ashes. I’m sure the slipper won’t fit her’ (Zipes 2014: 76).

1 Cé againn a d’aithneodh an leagan fuilteach seo de ‘Cinderella’? Cé againn a chuala, agus muid inár ngasúir, gurb í máthair Snow White féin an bhanríon chruálach? Go mbíonn babhta pléisiúir ag Rapunzel leis an bprionsa sa túr agus go mbíonn sí ag iompar faoina dheireadh? Nach bpógtar an frog ríoga ach go gcaitear in aghaidh balla é? Ní go dtí anuraidh féin a foilsíodh, den chéad uair, aistriúchán Béarla ar na scéalta bunaidh a bhailigh na deartháireachta Grimm — roimhe sin, bhí an chuid is mó againn dall ar an bhforéigean agus ar an mbrúidiúlacht a bhain riamh anall leis na scéalta seo ‘don aos óg agus don teaghlach,’ mar a tugadh orthu. Le himeacht aimsire rinne na deartháireacha ‘forbairt,’ mar dhóigh de, ar na scéalta lena gcur in oiriúint do na prionsabail shóisialta a shíl siad a bheith feiliúnach dá lucht léitheoireachta. Fuarthas réidh le go leor den choimhlint mhuintire agus den chollaíocht; cuireadh cruinneshamhail níos soineanta isteach ina n-áit. Ar an uiscealach béaloidis sin a cothaíodh an chuid is mó againn, ar scáth is fiú a bheith á chásamh.

2 Níl a fhios agam an mór i gceist anois muintir Grimm ach luaim iad mar gur léiriú gléineach is ea a gcuid scéalta ar ghné bhunúsach de litríocht na n-óg: ní leis na hóga amháin a bhaineann sí. Is é sin, ní féidir aon mhachnamh fiúntach a dhéanamh ar scéalta do pháistí gan páirt na ndaoine fásta a chur san áireamh. Níos minice ná a mhalairt, is iad sin a scríobhann, a dhearann, a leasaíonn, a aistríonn, a dhíolann, a cheannaíonn, a léann na scéalta do pháistí. Aon duine a d’airigh scéalta Grimm nó a leithéid agus é ag fás aníos, is faoi cheannasaíocht na ndaoine fásta ar an saol a rinne siad amhlaidh agus is mar sin atá ó thosach aimsire. Ní haon nuacht é sin dúinn ach cruthaíonn sé, má theastaigh aon chruthúnas, gur lipéad ríshimplí is ea ‘litríocht na n-óg,’ téarma lom a cheileann an caidreamh casta cumhachta idir aosach agus páiste a bhíonn á shíorchoigeartú le gach saothar.

3 Is é an caidreamh achrannach seo an snáth smaointeoireachta is mó a cheanglaíonn le chéile na haistí in Thar an Tairseach, an cnuasach is deireanaí atá tagtha chugainn ó chomhdhálacha ar litríocht na n-óg i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus in Institiúid Oideachais Marino. Trí bhíthin saothair, údair, tréimhsí agus tréithe éagsúla de litríocht na n-óg a chíoradh, féachann na scríbhneoirí lena thaispeáint nach aon ribín réidh é tuiscint iomlán a fháil ar an bpróiseas ó scríobh go léamh i gcás leabhar do pháistí. Bíonn an dream fásta i gcónaí ag cur a ladair isteach sa scéal agus, má shíl muid riamh nach raibh i gceist le litríocht na n-óg ach beagán siamsa a chur ar fáil dóibh, is orainn a bhí dul amú. Ceisteanna tromchúiseacha atá idir chamáin anseo agus bunáite na n-údar ag breathnú ar an gcaoi a mbíonn daoine ag baint gaisneas as litríocht na n-óg chun a gcríche neamhliteartha féin. Trasnaíonn an cheist sin fairsinge ábhar: scríbhneoireacht, eagarthóireacht, aistriúchán, díolachán, foilsitheoireacht, léitheoireacht, teagasc. Pléitear iad uile in Thar an Tairseach sa chaoi is gur bolg soláthair é a thugann spléachadh ionadaíoch dúinn ar cheann de na réimsí is bisiúla i scoláireacht na Gaeilge faoi láthair.

4 Tá an leabhar roinnte ina chúig chuid agus aon aiste dhéag san iomlán ann. Sa chuid is fearr de na haistí sin, éiríonn leis na húdair an mhuinín, an tsamhlaíocht, an greann agus go deimhin an uaillmhian atá ag roinnt leis na saothair is spéisiúla d’aos óg na Gaeilge a chur abhaile orainn. An t-údar Gaeilge is fearr a léirigh na tréithe sin riamh, b’fhéidir, ná Cathal Ó Sándair agus tá dhá aiste mhaithe i lár an leabhair ar an ngaisce a rinne sé sin ar son lucht scoile na tíre. Sa chéad cheann acu, díríonn Róisín Ní Mhulláin ar scéalta Chluain Éanna le hÓ Sándair, sraith eachtraíochta a scríobh sé faoi dhaltaí meánscoile a mbíonn orthu comhchealga idirnáisiúnta a stopadh ar chúiseanna iontacha éagsúla. Ní hionann agus go leor úrscéalta eile atá lonnaithe i scoileanna, is ag ‘déileáil le heachtraí móra’ a bhíonn mic léinn Chluain Éanna: ‘gadaíocht, smuigleáil, fuadach, buamaí adamhacha agus bagairtí idirnáisiúnta ar shaoirse na hÉireann’ (123). Ach dá spraíúla na heachtraí sin is ar na luachanna sóisialta a chuir Ó Sándair chun cinn sna scéalta is mó a dhíríonn Ní Mhulláin: tá an náisiúnachas go rábach iontu, mar shampla, agus déanann sí idirdhealú géarchúiseach idir an léiriú ar leathmhaig a dhéantar ar mhná (iad géilliúil, umhal) agus ar fhir (iad dána, cróga) iontu. Ní mar shlat leis an údar a sciúrsáil a úsáideann Ní Mhulláin an anailís inscne seo, áfach, agus tugann sí aitheantas cuí dá fhorásaí is a bhí an Sándarach le hais scríbhneoirí Béarla sa tréimhse chéanna.

5 Ceist níos leithne a thógann Róisín Adams idir lámha agus í ag breathnú ar an tseanchnámh spairne úd, ‘ceist na cathrach’ i saothar Uí Shándair. Agus í ag tarraingt ar chomhfhreagras an údair, taispeánann sí gur thosaíocht mhór aige léitheoirí óga an bhaile mhóir a thabhairt leis agus domhan samhlaíoch a d’aithneodh siadsan a chur ar fáil dóibh. Tráth a mbíodh an chuid is mó de scéalta do pháistí, idir Ghaeilge agus Bhéarla, suite amuigh faoin tuath, d’fhéach seisean le tírdhreach litríocht na n-óg a athrú ó bhonn agus an phríomhchathair a chur ina lár. Áitíonn sí dá réir gur ‘i litríocht na n-óg a glacadh ar dtús leis an gcathair mar shuíomh dearfach oiriúnach do scéal i nGaeilge, seachas sa litríocht do dhaoine fásta’ (152). B’fhéidir go bhfuil neamhaird déanta sa mhéid sin de Tonn Tuile (1947) le Séamus Ó Néill — saothar cathrach mór le rá — ach tugann sí fianaise láidir go raibh Ó Sándair ar an scríbhneoir is mó lena linn a chuir an saol uirbeach Gaelach chun cinn san fhicsean.

6 Má bhí a rún féin ag Ó Sandair agus é ag scríobh faoi eachtraí móra i mBaile Átha Cliath ní taise do scríbhneoirí eile é, agus díríonn aistí eile sa chnuasach ar na haidhmeanna ‘folaigh,’ más ea, is féidir a shonrú ar shaothair mhóra don aos óg. Sa chéad aiste féin tugann Brian Mac Maghnuis cuntas cuimsitheach ar an leasú a rinneadh ar Jimín Mháire Thaidhg (1921) leis an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha) agus eagrán scoile den scéal á réiteach. Tá léamh grinn déanta ag Mac Maghnuis ar an dá leagan agus tarraingíonn sé aird go háirithe ar thagairtí don ól, don fhoréigean agus don chollaíocht a bheith bainte sa leabhar scoile. Cur chuige agus argóint den chineál céanna atá ag Máire Nic an Bhaird agus í ag breathnú ar na leaganacha éagsúla de Cumhacht na Cinneamhna (1936) le Tomás Bairéad, cnuasach gearrscéalta nach gcloistear mórán tráchta anois air ach a raibh an-éileamh air ar feadh tríocha bliain faoi lár an chéid seo caite (rinneadh eagrán scoile de sin chomh maith). An Gúm a d’fhoilsigh Cumhacht na Cinneamhna an chéad lá agus féachann Nic an Bhaird ar an eagarthóireacht a rinne siad ar an leabhar, idir roghnú na scéalta sa bhunleagan agus na hathruithe is mó sna heagráin dheireanacha. Díríonn sí go háirithe ar an scéal ‘Cáit an Mheadhoin Oídhche,’ a bhaineann le bean óg dhearóil atá amuigh déanach san oíche, agus an bhuairt a bhí ar an mBairéadach go gcuirfeadh a leithéid léitheoirí íogaire ó dhoras. D’iarr Bairéad ar an nGúm an scéal a bhaint den chnuasach agus, ach an oiread le Mac Maghnuis, is i dtéarmaí na cinsireachta a mhíníonn Nic an Bhaird an t-athrú sin.

7 Tá comparáid mhionsonraithe déanta ag an mbeirt ar na saothair faoina gcúram agus is mór an chomaoin a fhágann siad ar phéire de mhórthéacsanna an chórais oideachais. San am céanna, airím claonadh cáinteach sna haistí a thugann le fios gurb ionann glanadh den chineál seo ar shaothar agus fiaradh nó feall a dhéanamh ar a raison d’être. Má ghlacann muid leis dáiríre gur léiriú í litríocht na n-óg ar an idirghníomhaíocht idir páiste agus duine fásta, seachas ar mhianta aon dream faoi leith acu, ní haon ionadh go raibh na húdair ag iarraidh coigeartú a dhéanamh ar na téacsanna seo de réir mar a d’athraigh na spriocléitheoirí. Má bhí teilgean i dtreo na simplíochta morálta faoin Seabhac agus faoin mBairéadach, is fiú dúinn a chuimhneamh gur cuid dhílis de chultúr na n-óg í an teilgean chéanna agus gur minic nach dteastaíonn ó údar, ó pháiste ná ó thuismitheoir dul i ngleic le tranglam mearbhlach na beatha iarbhír sa léitheoireacht. Dá bhrí sin ní dóigh liom gur cothrom ar fad an bhreith gur ‘dearcadh cúngaigeanta i leith litríocht na n-óg’ a bhí ag an Seabhac (32), mar bhí sé féin faoi thionchar luachanna an phobail dar de é ach an oiread leis na páistí a léigh a shaothar. Ar an gcaoi chéanna, sílim gurb iomarcach Tomás Bairéad a lochtú toisc nár ‘throid sé i gcoinne na cinsireachta,’ á rá go raibh sé ‘ar aon intinn leis an nGúm agus le meon na hEaglaise Caitlicí’ (68). Ina chás seisean, mar a thaispeánann Nic an Bhaird féin go rímhaith, bhí sé beag beann ar fheabhas ealaíonta an chnuasaigh; níor theastaigh uaidh ach a mhéad cóipeanna ab fhéidir a dhíol agus bhí sé sásta cibé cén leasú ba ghá a dhéanamh chuige sin.

8 An cheist seo maidir le cé chomh simplí nó neamhurchóideach ba cheart do litríocht na n-óg a bheith, níl aon fhreagra uirthi. Má tá dearcadh áirithe ina leith le sonrú ar Thar an Tairseach trí chéile, áfach, is dearcadh é a mholann an chastacht sa scéalaíocht, an dúshlán léitheoireachta don pháiste. Ina haiste léannta sise ar athinsint ar Scéal an Chruthaithe sa Bhíobla, mar shampla, pléann Marie Whelton an simpliú atá déanta ar bhunleagan Gheineasas (atá fileata, scaoilte, mistéireach) ag Caitríona Hastings. Ach an oiread le Mac Maghnuis agus Ní Mhulláin, tugann Whelton go leor eolais faoin téacs atá á scrúdú aici agus is léir an cúram atá caite aici lena léamh comparáideach. Is cosúil gur mar ábhar diagachta is mó is cás léi an scéal agus tá sé le tuiscint uaithi dá réir sin gur cheart don athinsint a bheith chomh dílis do bhriathar Dé agus is féidir. Tá eisigéis ealaíonta déanta ag Whelton ar Gheineasas 1-2 agus, ina fianaise sin, molann sí athinsintí éagsúla de Scéal an Chruthaithe a léamh don aos óg le go ‘spreagfaí ceisteanna sna páistí maidir le héagsúlacht na n-athinsintí a dhéanann údair ar an mBíobla mar théacs a iompraíonn dea-scéala ilchisealach a bhfuil idir fhairsinge agus dhoimhneacht ag baint leis’ (49-50). Tá ciall leis sin, más chuige sin atá an tuismitheoir, agus déanann Whelton an pointe seo le fórsa. Ach ní thugtar mórán aitheantais san aiste don saol seicteach ina maireann muid ná don chaoi a múnlaíonn sé sin nósanna léitheoireachta na n-óg — má léitear Scéal an Chruthaithe do pháistí mórán ar chor ar bith inniu, ní shamhlófaí gur chun go n-aithneodh siad an mhíréir idir leaganacha difriúla de a dhéantar amhlaidh (go háirithe agus pictiúrleabhar ar nós Dea-Scéala Hastings i gceist).

9 Tá sé de bhua ag aiste Whelton go dtugann sí aitheantas do mhianta oideachasúla na dtuismitheoirí agus iad ag roghnú scéalta dá bpáistí. Ba shaonta an mhaise gan gné seo na foghlama a chur i lár báire agus is maith go dtugann scríbhneoirí eile sa leabhar aitheantas don litríocht mar áis teagaisc freisin. Breathnaíonn Claire Marie Dunne ar an léiriú a dhéantar ar chultúir eile i scéalta do pháistí agus í ag cuimhneamh ar an litríocht mar mheán a fhéadfaidh normalú (nó a mhalairt) a dhéanamh ar chiníocha éagsúla. Tarraingíonn sise aird ar na bearnaí atá le líonadh más mian le scríbhneoirí na Gaeilge litríocht a bheidh tuisceanach, cuimsitheach, ionadaíoch a chur ar fáil don aos óg. Tá teirce saothar ann a chuireann taithí saoil na nGiúdach agus an Lucht Siúil in iúl, mar shampla, agus ní líonmhar ach oiread na leabhair ina labhraíonn eachtrannaigh sa chéad phearsa. Tugann Dunne moladh do Strainséirí le Colmán Ó Raghallaigh, Hóng le hAnna Heussaff agus Gluaiseacht le hAlan Titley as an ‘bhfeasacht idirchultúrtha’ a chur chun cinn (168), agus tá comhairle fhiúntach aici do scríbhneoirí ar cás leo íochtaráin shóisialta a léiriú ina saothair. Ar an mórgóir, áfach, áitíonn sí go bhfuil ‘coimeádachas áirithe, go comhfhiosach nó go neamh-chomhfhiosach, á léiriú i rogha na gcarachtar, na gcanúintí agus na n-eachtraí i litríocht Ghaeilge na n-óg faoi láthair’ (173). D’fhéadfadh sé go bhfuil ábhar aici sa mhéid sin agus ní shéanaim gur fada ón uileghabhálacht chultúir í litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina dhiaidh sin, is í ‘dofheictheacht cultúr áirithe’ (158) an t-údar gearáin is mó atá aici agus is leasc liom saothar a cháineadh ar ábhair nach bhfuil ann, go háirithe agus gan a fhios againn cén sprioc a bhí roimh an údar. Is í an dúshraith ar a seasann argóint Dunne ná go bhfuil ‘dualgas ar údair aghaidh a thabhairt ar an réaltacht [ilchultúrtha] seo’ ina maireann muid (160) — ábhar maith díospóireachta — ach, mura sna téarmaí sin a thuigeann na húdair féin an cheird, féadfaidh a leithéid de chur chuige a bheith beagán ró-righin má táthar lena gceart a thabhairt do théacsanna aonair. Tá an righne sin san áitiú le tabhairt faoi deara in áiteanna, measaim, ach is éifeachtach an léargas a thugann sí dúinn ar na heasnaimh chultúrtha atá ar litríocht Ghaeilge na n-óg trí chéile.

10 Saothar Gaeilge amháin atá suntasach as aghaidh a thabhairt ar mhórcheisteanna sóisialta ar bhealach an-oscailte is ea Hurlamaboc le hÉilís Ní Dhuibhne. Is mar shaothar ‘déaglitríochta’ a léann Seán Mac Risteaird agus Ronan Doherty an leabhar agus iad ag breathnú ar an léiriú a dhéantar ar an homaighnéasacht ann. Tá cur chuige spéisiúil ag an mbeirt sa mhéid is nach bhfanann siad le cladach na spéacláireachta ach go ngluaiseann amach ar dhoimhneacht na modheolaíochtaí teagaisc. Is éard a chuireann siad rompu ná ‘idir chreat teoiriciúil anailíse agus chur chuige teagaisc a mholadh don téacs chun ceisteanna a spreagadh faoi fhéiniúlachtaí áirithe’ (182), agus is i gcomhthéacs aidhmeanna shiollabas na hArdteiste a fhéachann siad chuige sin. Ní mór a bheith beacht, córasach leis an gcuspóir sin a bhaint amach agus tugann Mac Risteaird agus Doherty achoimre shoiléir ar phlota an scéil agus ar sciar de theoiric na haiteachta, ar a dtógann siad a gcuid ceachtanna léitheoireachta. Leagann siad béim cuíosach mór ar na mic léinn a spreagadh leis an téacs a léamh i bhfianaise a dtaithí saoil féin, an plé a leathnú amach le ceisteanna ar nós: ‘An síleann tú go bhfuil an homafóbachas ag dul i méid nó ag dul i laghad sa lá atá inniu ann?’ (195). Ní ghlacfaidh gach teagascóir leis an mbéim sin as siocair go bhféadfadh sí beag is fiú a dhéanamh den téacs agus den ghrinnléamh, ach tá moltaí na n-údar stuama, praiticiúil. Tharla gur téacs é Hurlamaboc atá ar neart curaclam freisin, d’fhéadfadh aiste Mhic Risteaird agus Doherty fónamh do líon mór múinteoirí agus scoláirí ach iad a bheith ar an eolas fúithi.

11 Ní litríocht go litearthacht agus is é an cumas tuisceana sin atá á iniúchadh ag Conchúr Ó Brolcháin sa chnuasach. Tá taighde déanta aige ar mhúineadh na litearthachta i scoileanna Gaeltachta agus is é an sciar tosaigh dá chuid torthaí a thugann sé dúinn ina aiste. Amach anseo is é an aidhm mhór a bheidh aige ná ‘moltaí dea-chleachtais a fhorbairt ina mbeidh príomhoidí agus múinteoirí in ann polasaí teanga a chur i bhfeidhm’ (216), polasaí a fhreastalóidh ar na riachtanais faoi leith a bhíonn ar dhaltaí na Gaeltachta i dtaca leis an dátheangachas a bhaint amach. Roimhe sin, áfach, ní mór dó na riachtanais foghlama sin a aithint agus a mhíniú, agus is chuige sin atá sé anseo. Agus meathlú na Gaeilge sa Ghaeltacht mar phointe imeachta aige, tarraingíonn Ó Brolcháin aird ar chuid de na cleachtais mhúinteoireachta atá i réim i scoileanna na Gaeltachta. Cé go mbíonn an dátheangachas ina sprioc ag na scoileanna sin uile, bíonn foghlaim an Bhéarla ag baint an bhoinn d’fhoghlaim na Gaeilge ina mbunáite, fiú agus cainteoirí óga an-chumasach i gceist. Tráchtann Ó Brolcháin ar an éagsúlacht mhór líofachta a bhíonn ag daltaí Gaeltachta agus comhairlíonn sé ábhar níos dúshlánaí a thabhairt do na daoine is cumasaí, mar a dhéanfaí le hábhar ar bith eile. Déantar plé tuisceanach, stuama ar an staid reatha san aiste agus neart taighde, idir chainníochtúil agus cháilíochtúil, mar thaca leis.

12 B’fhéidir gur san aistriúchán liteartha a fheiceann muid na torthaí is áille ar an dátheangachas agus is ar bheirt mháistrí ar an gceird sin a thugann Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Caoimhe Nic Lochlainn a n-aghaidh: Tórna (Tadhg Ó Donnchadha) agus Nioclás Tóibín faoi seach. Duine d’fhathaigh na Nua-Ghaeilge is ea Tórna agus ríomhann Ní Ghearbhuigh cuntas spéisiúil ar fhear ildánach a raibh lámh aige ina liacht sin tograí teanga agus litríochta. Is ar a chuid aistriúchán ar shaothair Fhraincise a thráchtann sí go príomha agus, faoi mar a dhéanann saothair Mhic Mhaghnuis, Nic an Bhaird agus Ní Mhulláin, meabhraíonn an aiste dúinn an saibhreas iontach scéalaíochta atá cruinnithe ag údair na Gaeilge dúinn (ach fáil a bheith ar na saothair). Déanann Ní Ghearbhuigh cúram anseo de na seifteanna aistriúcháin a bhí ag Tórna, é ag dul leis an eachtrannú agus leis an dúchasú ar a seal, sa chaoi is go soilsíonn sí an hibridiú nó an bhrice is d’inneach an aistriúcháin trí chéile.

13 Fear mór seifteanna ba ea Nioclás Tóibín freisin, duine de na haistritheoirí is bisiúla a d’oibrigh faoi scéim an Ghúim. Insíonn Nic Lochlainn scéal a shaoil is a shaothair agus, trí bhíthin leabhair, lámhscríbhinní neamhfhoilsithe agus comhfhreagras an údair a cheadú, rianaíonn sí na dúshláin a bhí le sárú aige agus é ag dul i ngleic le The Adventures of Huckleberry Finn, Little Women agus leabhair eile mór le rá. Bhí canúintí agus béarlagair Mheiriceá go háirithe ina bhfadhb aige agus tugann Nic Lochlainn neart samplaí de shaothar an Tóibínigh a léiríonn go binn an ardscil teanga a bhí aige, chomh maith leis na tuaiplisí aisteacha a dhéanadh sé agus a chuireadh an oiread sin cantail ar na heagarthóirí. Go deimhin, duine achrannach ba ea an Tóibíneach (dar le foireann an Ghúim, ar aon chaoi) agus bhíodh Príomhoifigeach Foillseacháin na Roinne Oideachais cráite aige lena chuid achainíocha ar a thuilleadh leabhar le haistriú. Tá sé ráite ag Nic Lochlainn maidir le Eachtraí Hucailbeirí Finn, a chríochnaigh sé i 1941 ach nár foilsíodh riamh, nach bhfuil ‘fianaise ar bith ann a léiríonn nach raibh an Gúm sásta le hiarrachtaí an Tóibínigh’ (96). Níl a fhios agam an fíor é sin maidir leis an leabhar áirithe sin nó, go deimhin, leabhair eile a d’aistrigh sé. Ón uair a thosaigh sé ag obair leis an nGúm i 1930 bhí na heagarthóirí anuas air de dheasca botún teanga agus, faoi Bhealtaine 1939, bhí cúig leabhar bunaidh leis diúltaithe ar roinnt cúiseanna: ‘unsuitable material, defective Irish, & in one case plagiarism’ (Comhad G222). Tá fianaise sa Chartlann Náisiúnta nár theastaigh uathu Huckleberry Finn a thabhairt dó ach gur chuir an tAire Oideachais Tomás Ó Deirg brú orthu (ar iarratas Thóibín, gan amhras) obair a chur ar fáil dó. Ní róshásta a bhí Seán Mac Maoláin, an t-eagarthóir, leis an aistriúchán (‘Béidh leasú trom go leór ag teastáil ó’n aistriuchán seo chun creat réasúnta maith a chur air,’ a scríobh sé i nóta inmheánach (Comhad A0446)) agus b’fhéidir gur cinneadh sa deireadh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Ach scríbhneoir craosach ba ea Nioclás Tóibín agus tá cíoradh críonna déanta anseo ar na teicnící éagsúla a d’úsáideadh sé le teacht timpeall ar fhadhbanna síoraí an aistriúcháin.

14 Mar a mbeifí ag súil leis ina leithéid de leabhar, is i gcomhthéacs acadúil a phléann na húdair thuas a gcuid ábhar. Bristear an múnla sin san aiste dheireanach ina dtugann Biddy Jenkinson, duine de na scríbhneoirí cruthaitheacha is fearr dá bhfuil againn, a cuid tuairimí faoi litríocht na n-óg. Aiste bharrúil bheoga í ina léiríonn sí, ar bhealach an-fhileata, teorainn na hanailíse fuarchúisí nach bhféadfaidh, dá fheabhas í, cur síos a dhéanamh ar an speach sin a thugann ardsaothar samhlaíochta dúinn. Is ón taobh istigh a thaiscéalann Jenkinson litríocht na n-óg, í ag breathnú amach ar chathair ghríobháin na hacadúlachta a chuirfeadh mearbhall ar aon údar, ní áirím páiste. Radharc eile ar fad a thugann a leithéid de chur chuige dúinn ar an ábhar — mar a deir sí féin, bíonn an t-údar mar a bheadh ‘leathóg ar ghrinneall loch sáile ag glinniúint suas tríd an uisce ar chathair [acadúil] na Veinéise atá tógtha os a chionn ar chuaillí fearna’ (231). Ach an oiread leis na húdair eile, áfach, is é an caidreamh casta idir an duine fásta agus an páiste is cás le Jenkinson — caidreamh áiféiseach mar gur coincheapa bacacha iad an dá rud:

Cuimhnigh nach bhfuil a leithéid de rud agus leanbh ann i ndáiríre, cé go mbítear ag caint ar ‘scéalta do leanaí’ agus go gcreideann foilsitheoirí agus lucht eagraithe comórtais iontu. Bíonn tuistí (nach ann dóibh ach oiread) ag súil le báibín. […] Ach leanbh a scríobhann do leanaí. Seanleanbh le taithí áirithe ar an saol, is fíor, ach leanbh mar sin féin (225-226).

15 An t-eispéireas léitheoireachta sin ina scuabtar chun siúil muid le neart samhlaíochta, ina gcuireann muid claochlú intinne i gcrích (dár mbuíochas, go minic), is é sin eithne na litríochta, dar le Jenkinson. Is soiscéal liteartha é seo, gan amhras, bunalt creidimh a admhófar nó nach n-admhófar. Ach nuair a shamhlaíonn sí údar na Tána agus é a dhul ‘búiríl a chleachtadh sa chith, tairbh a bhreacadh i leabhair nótaí,’ éiríonn léi an ghné fheiniméaneolaíoch seo den scríbhneoireacht, ní hamháin a chur abhaile orainn, ach a mhúscailt ionainn (223).

16 Cá bhfágann sé sin na deartháireacha Grimm, Tórna, an Seabhac agus an iliomad eile a thuig litríocht na n-óg mar chleachtas cliarlathach, an duine mór ag freastal ar an duine beag? Is maith an teist go gcuireann Thar an Tairseach ag iomrascáil leis an gceist seo muid, mar is uaithi mar cheist a eascraíonn go leor den saothar is fearr, idir acadúil agus chruthaitheach, a bhaineann le páistí. Agus cé go bhféadfaidh ‘leanbhú’ Jenkinson a bheith ina idéal againn, ní dóigh liom gur féidir an bhearna idir an scríbhneoir (fásta) agus an léitheoir (óg) a dhúnadh go hiomlán choíche, ná gurbh fhiú. Luaitear i réamhrá an leabhair téis (rí-áibhéalach) Jacqueline Rose go bhfuil litríocht na n-óg ‘impossible,’ is é sin, ‘it hangs on an impossibility [....] That is the impossible relation between adult and child’ (13). Ba chruinne a mhalairt ar fad a rá: is as an mbearna sin go díreach idir óg agus aosach a fháisctear litríocht na n-óg. Níorbh ann di dá huireasa. Tá neart fianaise in Thar an Tairseach go mbíonn údair ag teacht i dtír ar scéalta don aos óg ar mhaithe lena gcuid luachanna féin a mhóradh, rud a mheabhraíonn ceist an-bhunúsach dúinn: nach shin é a chuireann gach údar roimhe? Cá bhfuil an scríbhneoir, bíodh sé ag cumadh don seanduine nó don spágadán, nach bhféachann le cluain a chur ar an léitheoir ar bhealach éigin? Go deimhin, is ar an gcuntar sin go díreach a airím tábhacht a bheith, ní hamháin le Thar an Tairseach, ach leis na cnuasaigh ar fad sa tsraith seo. Léiríonn siad dúinn nach bhfuil aon éalú ó chruinneshamhail chlaonta an scríbhneora, bíodh muid liath, leanbaí nó eile. Ní tátal deiridh é sin, gan amhras, ach pointe tosaigh: cuireadh chun tuilleadh taighde agus allagair.

Máirtín Coilféir

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

‘Huckleberry Finn’. Comhad A0446. In: Bailiúcháin an Ghúim, An Chartlann Náisiúnta.

‘Nioclás Tóibín’. Comhad G222. In: Bailiúcháin an Ghúim, An Chartlann Náisiúnta.

Zipes, J. (eag.) (2014) The Original Folk and Fairy Tales of the Brothers Grimm: The Complete First Edition. Princeton: Princeton University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626