Foilseofar eagrán 10 (2024) de COMHARTaighde i mí na Samhna, le cúig alt scolártha úra agus seacht léirmheas breise ar ábhar foilsithe nua i Léann na Gaeilge.
Foilseofar eagrán 10 de COMHARTaighde go luath.
Foilseofar eagrán 10 (2024) de COMHARTaighde i mí na Samhna, le cúig alt scolártha úra agus seacht léirmheas breise ar ábhar foilsithe nua i Léann na Gaeilge.
Tugtar cuireadh do gach duine a bheith i láthair nuair a sheolfaidh an Dr Deirdre Nic Mhathúna CT #10 Déardaoin 28 Samhain ar a 4:30pm i gColáiste na Naomh Uile, DCU, agus nuair a fhógróidh Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach COMHAR, duaisbhuaitheoir ‘Duais an Chomhchaidrimh 2024’, maoinithe ag Gael Linn.
Tá an ghairm ar ailt fógartha d’eagrán 11 de CT, agus glacfar le hábhar ailt go dtí 1 Feabhra 2025 – tá tuilleadh sonraí ag comhartaighde.ie/gairm.
Anuas air seo, fógraítear freisin faisnéis faoi ‘Duais an Chomhchaidrimh 2025, maoinithe ag Gael Linn’ – don alt is fearr a tháinig i dtreo COMHARTaighde in aon bhliain ó scoláire ar bith a réitigh dochtúireacht i léann na Gaeilge le tamall anuas.