Bronnadh Duais an Chomhchaidrimh 2024

Bronnadh an chéad leagan de Dhuais an Chomhchaidrimh, maoinithe ag Gael Linn, ar an Dr Peter Weakliam (TCD) ag seoladh COMHARTaighde 10. Bronntar an duais ar an aiste is fearr ó scoláire luathghairme san eagrán.     

Seoladh COMHARTaighde Eagrán 10

Rinneadh seoladh breá ar eagrán 10 de COMHARTaighde Déardaoin 27 Samhain 2024. Le cúig alt scolártha, agus seacht gcinn de léirmheasamnna acadúla, tá lón breá machnaimh san eagrán reatha a sheol an Dr Deirdre Nic Mhathúna mar chuid de mhórsheoladh Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Duais an Chomhchaidrimh

Fógraítear Duais úr, urraithe ag Gael Linn, don saothar is fearr san iris COMHARTaighde a fhoilsítear ó scoláire luathghairme Cuireann COMHARTaighde fáilte ar leith roimh ailt scolártha den chéad scoth ó thaighdeoirí luathghairme. Bronnfar ‘Duais an Chomhchaidrimh’ de €750, agus buanghradam, maoinithe ag Gael Linn, ar an alt is fearr a scríobh taighdeoir luathghairme agus a fhoilseofar sa deichiú […]

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.