Teanga don Tost: Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht
Seán Mac Risteaird
Arlen House (2024) | 400 lch | ISBN: 978-1-85132-323-4 | €25
Tá an monagraf nua seo le Seán Mac Risteaird ar an gcéad mhonagraf Gaeilge a chíorann litríocht na teanga trí lionsa na haiteachta. Tá an Dr Mac Risteaird ina ollamh cúnta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá an saothar téagartha seo bunaithe ar a thráchtas dochtúireachta. Is é seo an chéad leabhar taighde, leis, a dhéanann mionanailís ar shaothar duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge na linne, mar atá, Micheál Ó Conghaile. Beidh Teanga don Tost ina shaothar tábhachtach do scoláirí a bheidh ag dul i mbun taighde amach anseo ar an gConghaileach agus ar an Searcach, agus ina sheoid do léitheoirí díograiseacha na Gaeilge. Saothar mór tathagach é seo ina ndéanann Mac Risteaird anailís ar fhéidearthachtaí léann na haiteachta mar ‘f[h]earas critice’ don Ghaeilge (18) agus ina ndéanann sé mionscagadh ar shaothair Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh, idir phrós, fhilíocht agus dhrámaíocht. Déanann an t-údar anailís ar 13 théacs le hÓ Conghaile agus ar 21 téacs le hÓ Searcaigh, rud a chiallaíonn go bhfuil an monagraf, a rianaíonn saothair a cuireadh i gcló idir 1975 agus 2023, ar cheann de na monagraif Ghaeilge is uaillmhianaí ó foilsíodh Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge le Máirín Nic Eoin in 2005. Leagtar an leabhar amach ina thrí chuid agus tá sé mar chuid de théis Mhic Risteaird gur féidir litríocht Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh a léamh trí lionsa na haiteachta. Pléann an chéad chuid le comhthéacsanna stairiúla lena mbaineann an homaighnéasacht in Éirinn; déanann an dara cuid grinnléamh ar shaothair na beirte trí lionsa léann na haiteachta; agus cuimsíonn an tríú cuid den leabhar agallaimh fhada le hÓ Conghaile agus le hÓ Searcaigh ina bpléitear an scríbhneoireacht agus spreagadh cruthaitheach na n-údar. Is cur chuige cróga nuálaíoch atá sna hagallaimh idir scríbhneoirí agus criticeoir. Dar liom gur comhartha sóirt é an cleachtas seo de chur chuige nua critice i léann na Gaeilge ina ndéantar an cleachtas ealaíne a nascadh leis an gcritic liteartha. Léiríonn na hagallaimh leathstruchtúrtha gur féidir leis an dialóg idir scríbhneoir agus criticeoir a bheith lárnach don anailís chriticiúil mhachnamhach. Agus an ghrinnléitheoireacht ar bun aige, tá Mac Risteaird ag teacht sna sála ar scoláirí eile de chuid na Gaeilge, go háirithe iad siúd a bhí in Ollscoil Mhá Nuad mar ar bhain sé a dhintiúirí amach (féach Mag Shamhráin 1986; Ó Doibhlin 1973). Príomhchuspóir an tsaothair seo ná ‘buncheisteanna féiniúlachta agus collaíochta, féiniúlachtaí aiteacha go príomha’ a scagadh i gcomhthéacs Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh; agus ‘an aiteacht féin a cheistiú, a shintéisiú, agus a fhorbairt mar fhearas critice’ (17–18).
Is éard a dhéanann Teanga don Tost sa chéad áit ná go gceanglaítear téamaí homaighnéasacha sna saothair le léann na haiteachta; agus sa dara háit, go lonnaítear an plé faoin homaighnéasacht i bhfearas critice nach mbaineann leis an ngáirsiúlacht. Dearbhaíonn Mac Risteaird gur scríbhneoirí iad Ó Conghaile agus Ó Searcaigh atá tar éis ‘forbairt’ a dhéanamh ar ‘théamaí aiteacha … go hoscailte, go neamhbhalbh, go healaíonta agus go radacach’ (19). Tá an focal ‘radacach’ tábhachtach anseo: cuireann Mac Risteaird béim ón tús ar a dhúshlánaí agus a bhí sé d’Ó Conghaile agus d’Ó Searcaigh téamaí aiteacha a láimhseáil sna 1980idí agus sna 1990idí. Dar liom go bhfuil an ceart aige nuair a scríobhann sé gur réitigh Ó Conghaile agus Ó Searcaigh an bealach do scríbhneoirí eile na linne, mar shampla, Ciara Ní É, Sam Ó Fearraigh agus Eoin McEvoy, an aiteacht a cheiliúradh ina gcuid litríochta. Is téarma é ‘ceiliúradh’ a úsáideann Mac Risteaird go minic sa mhonagraf. D’fhéadfaí oiriúnacht an téarma don chomhthéacs critice a cheistiú, ach déanann uiríoll Mhic Risteaird ‘the school of suspicion’ a luaigh Ricoeur (1970: 356) leis an gcritic trí chéile, agus a dtagraíonn Felski (2011: 1) dó mar ‘the hermeneutics of suspicion’, a threascairt. I gcontrárthacht leis an gcur chuige a cháineann Ricoeur, feictear go bhfuil tuairimíocht atá cosúil lena bhfuil maíte ag Felski le brath ar mhonagraf Mhic Risteaird. Is é sin le rá, éiríonn leis an údar an chritic a shaoradh ó ‘the hermeneutics of suspicion’ i leith na litríochta. Cuireann Felski síos ar chur chuige den sórt seo mar ‘the freeing of literary studies to embrace a wider range of affective styles and modes of argument’ (2015: 3). Mar sin, sampla den chriticeoir a cheiliúrann an litríocht is ea Mac Risteaird, agus léiríonn sé sa leabhar seo gur cúis cheiliúrtha atá i saothair Uí Shearcaigh agus Uí Chonghaile. Is é ceann de na nithe is tábhachtaí atá bainte amach ag Teanga don Tost ná go léiríonn an cur chuige criticiúil dearfach gur féidir leis an gcriticeoir saothar a cheiliúradh agus grinnléamh géarchúiseach a dhéanamh ag an am céanna. De réir mar a fhorbraítear téis an leabhair, tagann an tuiscint chaolchúiseach chun cinn gur leithne léann na haiteachta ná saothair a chuimsíonn ábhar homaighnéasach agus tagairtí don homaighnéasacht; agus gur cuid d’fhealsúnacht an ghnéis é léann na haiteachta mar a scrúdaítear sa leabhar seo é. Bíodh is go bhfuil an teoiric nó an ‘cur chuige sintéiseach teoirice’ lárnach don anailís (20), leagtar béim ar an litríocht ó thús deireadh. Éiríonn go maith leis an gcur chuige comparáideach chomh maith, gné den saothar atá faoi chomaoin shaothair chomparáideacha ar nós Nic Eoin (2005) agus de Paor (2005). Fágann doimhneacht na hanailíse ar léann na haiteachta, áfach, nach ndírítear isteach chomh mór sin uaireanta ar chleasa liteartha Uí Chonghaile. Ina choinne sin, is díol suntais go léiríonn an anailís a dhéantar ar ‘shéimhiú na logainmneacha’ agus ‘f[h]uaimeanna na bhfocal’ i ndán Uí Shearcaigh ‘Níl aon Ní’ (1983) chomh maith le dánta eile dá chuid (143–145), go bhfuil an-tuiscint ag Mac Risteaird ar fheidhm na prosóide i bhfilíocht na Gaeilge.
Tá na gnéithe is suimiúla den leabhar, áfach, le fáil sa chardáil a dhéanann an t-údar ar choincheapa faoi leith agus an ghrinnléitheoireacht ar bun aige. Ní miste a rá go bhfuil fráma tagartha na haiteachta fréamhaithe ag Mac Risteaird i dtraidisiún na gcearta daonna, gné den saothar a thugann léargas ar acmhainn chritice leithéidí an togra The Republic of Conscience do litríocht na Gaeilge ina hiomláine (https://roc.nuigalway.ie/) Déanann Mac Risteaird (29; 39–40) trácht ar na ‘teoiricí fealsúnachta a d’eascair as cearta sibhialta na haiteachta’. Ach eascraíonn ceisteanna suimiúla as an ionramháil chumasach a dhéantar ar na teoiricí céanna, leis. Sa chéad áit, bíodh is nach bhfuil sé tugtha le fios go neamhbhalbh, léirítear sa chéad chuid den leabhar gurb é traidisiún an liobrálachais atá roghnaithe ag an údar mar bhonn dioscúrsach don saothar. Ach is díol suntais go bhféadfadh traidisiúin eile a bheith i dtreis a phléann leis an smaointeachas céanna i gcomhthéacs Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh: an poblachtánachas cathartha nó poiblí, an daonlathas radacach, an liobrálachas Meiriceánach, an pobalaíochas ina measc. Mar léargas ar dhioscúrsa an liobrálachais atá mar bhunús don mhonagraf, i measc na dtéarmaí fealsúnachta is tábhachtaí a luaitear tá an chumhacht, an smacht agus noirm. Feictear go bhfuil tábhacht faoi leith le brí na cumhachta don anailís nuair a chuireann Mac Risteaird an cheist ‘Céard a shamhlaítear le coincheap na cumhachta?’ (70). Éiríonn leis an údar an chumhacht a phlé ar shlí shuimiúil agus an dán ‘Cuireadh’ le hÓ Searcaigh (2007: 209–10) agus an gearrscéal ‘Comhaduimhreacha’ le hÓ Conghaile (1986: 217–219) á bplé aige. Bíodh is go dtagraítear do shaothar Foucault ní luaitear sa chuid seo den mhonagraf gur coincheapa a gceistítear a mbunús atá i gcoincheapa ar nós na cumhachta a áirím atá ar cheann de ‘essentially contested concepts’ de chuid Gallie (1956). Dar liom go gcuirfeadh sé leis an leabhar dá mbeadh beagán níos mó plé ar an gceistiú céanna sin agus ar bhunús gach coincheap. D’fhéadfaí a rá go n-eascraíonn ceisteanna eile as úsáid Foucault, Heidegger agus Derrida maidir leis na coincheapa atá faoi chaibidil, go háirithe i gcomhthéacs na haiteachta agus maidir le réimse na mianta a dtagraíonn Mac Risteaird dó. Is díol spéise é go ndearbhaíonn McIntrye (2018: 126), gur réamhaimsigh an t-iar-nua-aoiseachas idé-eolaíocht na heite deise agus an fearann iarfhírinne, nó ‘post-truth’, ‘[where] all knowledge claims are just an assertion of authority’. Bíodh is nach mbaineann an chonstaic intleachtúil sin mórán le saothar Mhic Risteaird, lón marana atá sa chuid sin den leabhar a phléann leis an gcumhacht sa chnuasach Súile Shuibhne (1983) le hÓ Searcaigh, agus is fiú go mór machnamh a dhéanamh ar thuiscintí eile i leith na cumhachta ó scoláirí comhaimseartha a thógann ar shaothar Foucault – agus nach ngéilleann do chuid dá fhealsúnacht pholaitiúil go minic. Cuimhním anseo ar an eolaí polaitiúil Steven Lukes a scrúdaíonn ilghnéitheacht na cumhachta agus a thóg a chuid taighde ar smaointeachas Foucault (Lukes 2021). Is féidir an toise ilghnéitheach den chumhacht a chur i gcomparáid leis an ‘heitreanormatacht’ a phléann Mac Risteaird (299) atá ag teacht a bheag nó a mhór le teoiricí Judith Butler, Michael Warner, Lauren Berlant agus Foucault féin. Ní miste a rá go bhfuil na difríochtaí beaga seo le moladh agus gurb é ceann de bhuanna an tsaothair ná go meallann sé an léitheoir isteach, agus síos leis nó léi nó leo bóithrín na fealsúnachta i dteannta na n-údar agus a gcuid litríochta.
Téama gaolmhar eile a eascraíonn as an anailís a dhéanann Mac Risteaird is ea brí agus míniú choincheap na cothromaíochta. Is é an neamhionannas polaitiúil seachas neamhionannas eacnamaíoch is sóisialta is mó atá faoi chaibidil ag Mac Risteáird, toise den idé a mhíníonn Daniel Dorling mar chomhartha sóirt den éagóir agus a phléann Dorling i dtéarmaí na lipéidí a chuirtear ar dhaoine mar ‘debarred, discarded, disenfranchised’ (Dorling 2015: 1–3). Mar shampla den neamhionannas céanna, tugann Mac Risteaird (2024: 33) léargas ar an smaointeachas heigeamaineach a shoilsíonn John Walsh nuair a mhaíonn sé ‘Queer people were among those erased from the dominant version of Irishness’ (Walsh 2019: 57). Snáithe eile atá thar a bheith tábhachtach sa leabhar ná an anailís a dhéanann Mac Risteaird ar an bpósadh i gcomhthéacs léann na haiteachta agus na faoistine. Tá tábhacht na hanailíse sin le feiceáil chomh maith sa chuid den saothar a phléann leis an gcrúsáil agus leis an raon poiblí. Léirítear go soiléir go bhfuil nasc nach beag idir gluaiseacht na haiteachta agus an feimineachas radacach, cé nach miste a rá go bhfuil feiminigh ann ar nós Chambers (2017) i measc feiminigh radacacha a fhéachann ar an bpósadh mar cheann de na cleachtais is mó as a síolraíonn an neamhionannas inscne. Tá scoláirí eile de chuid na haiteachta agus an fheimineachais ann, leis, ar nós Cooper agus Schulman, a mhaíonn gur fhág feachtas pósta lucht LADTA+ nár thapaigh an lucht aiteach an deis seasamh polaitiúil a thógáil leo siúd atá ar an imeall eacnamaíoch, mná ina measc. Taispeánann téis Mhic Risteaird go bhfuil sé láneolgaiseach faoi na hargóintí caolchúiseacha seo. Mar shampla, glacann sé leis, i bhfocail Weiss, go bhféadfadh ‘a form of Foucaulidan neoliberal governance’ a bheith i gceist leis an Reifreann Pósta in Éirinn (Mac Risteaird 2024: 44). Ag an am céanna, dearbhaíonn sé nach féidir cás Mheiriceá a ‘chur i gcomparáid le cás na hÉireann toisc go bhfuil ceisteanna ciníochais le feiceáil i ndíospóireachtaí Mheiriceá’ (44). Cé go mbeadh sé deacair a chruthú nach raibh aon chiníochas in Éirinn sa tréimhse faoi chaibidil, is é ceann de na nithe is suimiúla atá déanta ag Mac Risteaird ná ceangal dioscúrsach a shoilsiú idir léann na haiteachta, an feimineachas agus an Ghaeilge. Ar an gcuma chéanna, ceanglaíonn sé (83) an teanga Polari a gcuireann Paul Baker síos uirthi mar theanga rúnda a d’eascair ‘from the slang lexicons of stigmatized and itinerant groups’ (Baker 2002: 2), agus ‘Gayspeak’. Go deimhin, déanann Mac Risteaird cur síos máistriúil ar ‘Gayspeak’ san anailís a dhéanann sé ar ‘Cainteoir Dúchais’ le hÓ Searcaigh (1997) (163–166); agus ar Sna Fir le hÓ Conghaile (1999) (283–4).
Agus é ag déanamh anailíse ar shaothair a bhaineann earraíocht as raonta príobháideacha agus poiblí i saothair Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh, is díol spéise go ndealaíonn Mac Risteaird an dá raon go soiléir. Glacann Mac Risteaird (20) le sainmhíniú Peter Weakliam maidir le cad is raon ann .i. go ngluaiseann muid ‘trí[othú] agus muid ag dul ó áit amháin go háit eile’ (Weakliam 2022: 19). Dar liom go bhfuil roinnt dúshlán ag baint leis an tuiscint seo ar ‘raon’, go háirithe i gcomhthéacs téacsanna aiteacha atá osréalaíoch, neamhréalaíoch agus réalaíoch faoi seach. Ar an gcéad dul síos, tugann gluaiseacht fhisiceach an duine aonair a luaitear le ‘raon’ le fios go bhfuil a leithéid de dhuine ann agus ‘a unitary subject’ (Mouffe 1993: 20). D’fhéadfaí a rá, áfach, mar atá maíte ag Mouffe, go bhfuil saol na linne agus an ‘unitary subject’ róchasta agus ró-ilghnéitheach le bheith ceangailte le tuiscintí fisiceacha den láithriú agus den díláithriú. Sa dara háit, mar a mhaíonn Tally (2012) ina shaothar ceannródaíoch ar an spásúlacht, má ghlactar leis an idé go bhfuil ilphobail éagsúla ann, seachas pobal aontaithe amháin, baineann cuir síos ar nós poiblí agus príobháideach leis an mimesis go príomha, seachas leis an acmhainn samhlaíochta a luaitear de ghnáth leis an litríocht. Mar sin féin, más í an ghluaiseacht fhisiceach amháin atá mar bhunús leis an raon, is díol spéise go ndéanann an t-údar léamh cruthaitheach samhlaíoch ar thábhacht mheafarach an dorchadais don raon príobháideach sa dán ‘Piccadilly: Teacht na hOíche’ (1987) le hÓ Searcaigh .i. ‘go mbeidh an file ag breathnú agus ag déanamh plé ar an dorchadas atá mar shiombail den raon príobháideach’ (175). Is é sin le rá, léiríonn anailís théacsach Mhic Risteaird (138–140) ar an dán seo agus ar Sa Teach Seo Anocht le hÓ Conghaile (2020) go bhfuil cur chuige níos cruthaithí, níos leithne agus níos meafaraí ag an údar maidir le cad is raon ann ná mar a thugann a shainmhíniú le fios. Tá an cur chuige cruthaitheach céanna le feiceáil san anailís a dhéanann an t-údar ar Seachrán Jeaic Sheáin Johnny le hÓ Conghaile (2001), anailís a leagann béim ar an tsamhlaíocht is ar an bhfantaisíocht seachas ar an ngluaiseacht fhisiceach. A chontrárthacht sin, faightear léamh sách litriúil ar bhrí an raoin phríobháidigh sa ghearrscéal ‘Ar Pinsean sa Leithreas’ le hÓ Conghaile (1997), gearrscéal osréalaíoch is féidir a léamh mar homage do ‘An Eochair’ le hÓ Cadhain, dar liom. Mar chlabhsúr ar an leabhar, feictear lárnacht an phróisis chruthaithigh sna hagallaimh íogaire a rinneadh leis na húdair, agus iad mar aguisíní an tsaothair. Ina theannta sin, cuireann an t-údar gluais téarmaíochta ar fáil (391–392) ina bhfaightear friotal a bhaineann leis an aiteacht sa litríocht agus sa chultúr polaitiúil. Tá tábhacht na fealsúnachta polaitiúla don saothar le feiceáil sa ghluais, leis, agus cabhróidh sí seo le scoláirí eile dul i ngleic le ceisteanna casta cigilteacha ar nós cumarphointe, ansmacht, céimlathas/ordlathas. Dá bhrí sin, má léitear an ghluais agus na hagallaimh in éineacht, feidhmíonn siad mar shlata tomhais do chuid de na snáitheanna fealsúnachta is lárnaí sa leabhar agus mar phointí tosaithe do chur chuige sách nua i gcritic na Gaeilge a leagann béim ar chleachtas na scríbhneoireachta, agus a nascann sin leis na ngrinnléitheoireacht. Thar aon rud eile, léargas atá sa chuid dheireanach den leabhar ar phróisis chruthaitheacha Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh iad féin.
Saothar fial ceannródaíoch é an leabhar seo a léiríonn meon oscailte dearfach Mhic Risteaird i leith na litríochta agus a thaispeánann cumas an chriticeora an mionléamh téacsach a dhéanamh. Ní nach ionadh, bhuaigh an saothar gradam ACIS (American Conference for Irish Studies) sa bhliain 2024. Buanna an tsaothair ná go bhfuil léirithe ag Mac Risteaird go raibh, agus go bhfuil fós, tábhacht ag baint le saothair Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh do litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus do scríbhneoirí nua na teanga. Go deimhin, snáithe lárnach sa saothar is ea an bhéim a leagtar ar thábhacht Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh don ghlúin nua. Thar aon rud eile, áfach, seo an chéad mhonagraf Gaeilge a n-éiríonn leis an fhealsúnacht pholaitiúil, seachas an fhealsúnacht, a thabhairt chomh fada le critic na Gaeilge; agus bíodh is go bhfuil bearnaí beaga in áiteanna éagsúla mar a pléadh thuas, éiríonn go hiontach leis an leabhar ar an mórchóir. Cruthúnas, leis, atá ann gur féidir an litríocht chruthaitheach a iniúchadh trí lionsa na teoirice, agus nach gá do scoláirí nua aontú leis na máistrí a chuaigh rompu, agus gur rud sláintiúil do léann is do chritic na Gaeilge atá sa mhianach díospóireachta agus argóna. Go deimhin, léiríonn an tslí nach bhfuil leisce ar Mhac Risteaird easaontú le scoláirí ar nós Alan Titley go bhfuil tábhacht ag baint leis an éagsúlacht chéanna agus leis an díospóireacht sa chóras daonlathach. Baineann freagra Mhic Risteaird ar ‘An Cogadh in Aghaidh na Critice’ le Titley (1996) macallaí as a bhfuil maíte ag Mouffe in The Return of the Political nuair a dhearbhaíonn sí nach ceart go dtarlódh sé ‘[that] a specific configuration of practices and arrangements becomes naturalized and is put out of reach of critical inquiry’ (Mouffe 1993: 143). Ní hamháin sin, ach léiríonn Mac Risteaird, leis, go mbraitheann an t-acadamh ar an daonlathas céanna, gné de dhioscúrsa an liobrálachais a gcuireann Mouffe síos air mar ‘agonistic pluralism’ (Mouffe 1993: 4). Ciúnas leanúnach i gcritic na Gaeilge atá san easpa plé is taighde ar gach uile toise den neamhionannas, go háirithe an neamhionannnas eacnamaíoch is cultúrtha; agus ar cheisteanna ar nós an aicmeachais, an tuilleamhlathais agus na pribhléide nuair is iad pribhléidí Gaeilge atá i gceist. Ach má tá scoláire amuigh ansin a bhfuil sé de dhánacht ann nó inti an scéal sin a chur ina cheart, i bhfianaise an mhonagraif seo seans gurb é Seán Mac Risteaird an té chun na ceisteanna conspóideacha sin, agus ceisteanna eile nach iad, a tharraingt thar bealach isteach go léann na Gaeilge.
Sorcha de Brún
Ollscoil Luimnigh
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Baker, P. (2002) Polari: The Lost Language of Gay men. London agus New York: Routledge.
Chambers, C. (2017) Against Marriage: An Egalitarian Defence of the Marriage-Free State. Oxford: Oxford University Press.
Cooper, M. (2017) Family Values: Between neoliberalism and the new social conservatism. Cambridge, MA: Zone Books – The MIT Press.
de Paor, P. (2005) Na Buachaillí Dána: Gabriel Rosenstock, Cathal Ó Searcaigh agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.
Dorling, D. (2015) Injustice: Why Social Inequality Still Persists. Bristol: Bristol University Press, Policy Press.
Felski, R. (2011) ‘Critique and the Hermeneutics of Suspicion.’ In: M/C Journal 15 (1). https://doi.org/10.5204/mcj.431
Felski, R. (2015) The Limits of Critique. Chicago, IL: University of Chicago Press.
Foucault, M. (1978) The History of Sexuality: Volume 1. Aistrithe ag Robert Hurley. New York: Pantheon Books.
Gallie, W.B. (1956) ‘Essentially Contested Concepts’. In: Proceedings of the Aristotelian Society, New Series, 56 (1955–1956): 167–198. Oxford: Oxford University Press.
Lukes, S. (2021). Power: A Radical View. 3ú heagrán. London: Bloomsbury Publishing.
Mag Shamhráin, A. (1986) Litríocht, Léitheoireacht, Critic: príomhghnéithe na critice in Irisleabhar Mhá Nuad 1966–1978. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.
McIntyre, L. (2018) Post-Truth. Cambridge, MA: MIT Press.
Mouffe, C. (1993) The Return of the Political. London: Verso.
Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó Conghaile, M. (1986) Mac an tSagairt. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Conghaile, M. (1999) Sna Fir. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Conghaile, M. (2002) Seachrán Jeaic Sheáin Johnny. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Conghaile, M. (2020) Sa Teach Seo Anocht. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Doibhlin, B. (1973) Litríocht agus Léitheoireacht. Baile Átha Cliath: Oideas Mercier.
Ó Searcaigh, C. (1983) Súile Shuibhne. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó Searcaigh, C. (1987) Suibhne. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó Searcaigh, C. (2007) Gúrú i gClúidíní. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Searcaigh, C. agus Sewell, F. (1997) Out in the Open. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ricoeur, P. (1970) Freud and Philosophy: An Essay on Interpretation. New Haven: Yale University Press.
Schulman, S. (2013) The Gentrification of the Mind: Witness to a Lost Imagination. California: California University Press.
Tally, R. (2012) Spatiality. New York: Routledge.
Titley, A. (1996) ‘An Cogadh in Aghaidh na Critice,’ In: Chun Doirne: Rogha Aistí. Béal Feirste: Lagan Press: 1–32.
Walsh, J. (2019) ‘National identity and belonging among Gay ‘New Speakers’ of Irish’. In: Journal of Language and Sexuality 8 (1): 53–81.
Weakliam, P. (2022) ‘Áiteacha agus Spásanna i Saothar Phádraig Uí Chíobháin’. In: Irisleabhar Mhá Nuad 2022. Maigh Nuad: An Sagart: 18–32.