Poetics and Polemics: Reading Seventeenth-Century Irish Political Verse

Peadar Mac Cuillinn

Poetics and Polemics: Reading Seventeenth-Century Irish Political Verse.

Michelle O Riordan

Cork University Press (2021) | 732 lch | ISBN: 9781782054436 | €49 clúdach crua.

 

Táimid go mór faoi chomaoin ag Michelle O Riordan, nó seo an chéad leabhar riamh a bhfuil na ‘five seventeenth-century political poems’, ar chuir Cecile O’Rahilly eagar orthu in 1952, mar bhuntéama aige. Gan amhras, tá plé níos ginearálta déanta orthu mar chuid de staidéir níos leithne ar litríocht na Gaeilge ag údair faoi leith. Léann Breandán Ó Buachalla (1996) agus Tadhg Ó Dúshláine (1987) araon na dánta seo mar chaointe a dhéanann cur síos ar anchás na hÉireann sa tréimhse c.1640-59. Áitíonn Joep Leerssen (1986) go bhfuil faobhar úr frithPhrotastúnach le brath orthu, teist  ar fhorfhás an Chaitliceachais mar chritéir lárnach den fhéiniúlacht Éireannach faoi lár an seachtú céad déag. Na cosúlachtaí a fheiceann Ó Dúshláine idir na dánta seo agus filíocht pholaitiúil na linne sa Fhraincis, síolraíonn siad cuid mhór ón Bhíobla a bheith mar chomhfhoinse acu araon.

Sna hanailísí leitheadacha  seo, cuirtear béim ar na tréithe atá i bpáirt ag na cúig dhán, an cur síos ar dhrochstaid na hÉireann agus na tróip a chuireann friotal air sin: fearg Dé lena phobal peacúil, meirdreachas na hÉireann agus stair an chine, mar shampla. Cuirtear ainm file le ceithre cinn de na cúig dhán, ach i ngach cás is geall le file gan ainm é nó ní féidir a aithint cé é féin nó mórán eile a rá fá dtaobh de. (Glactar leis gur ó Chorcaigh nó Ciarraí ceathrar díobh, ach gur Ultach, nach n-ainmnítear ar chor ar bith, a chum ‘An Síogaí Rómhánach’.) Is dócha gurb é seo a thug ar O’Rahilly (1977: viii) a áiteamh gur ‘by men of the people, and not by professional poets’ a cumadh iad; meadaracht neamhchas an chaointe a úsáidtear iontu ar fad, seachas an dán díreach. Níl freagra deimhnitheach ar an cheist.  Is dócha gurb é a fheicimid anseo, an ‘popular mind’, sa dóigh a n-úsáideann Vincent Morley an nathán sin (2017), ag teacht chun cinn i litríocht na Gaeilge cheana féin sa seachtú céad déag i measc na n-aicmí sóisialta sin nár den uasaicme ná den íosaicme iad, a dtugtar i mBéarla ‘the middle sort’ orthu. Thacódh líon agus dáileadh na lámhscríbhinní leis an bhreithiúnas sin (‘Tuireamh na hÉireann’ ach go háirithe, féach Morley 2011), nó is léir uathu go gcuimsíonn siad leagan de stair na hÉireann a tháinig i dtreis i measc an phobail sin dár cumadh iad.

Is é a chuireann O Riordan roimpi sa leabhar seo, cur leis an phlé a rinneadh go dtí seo ar na dánta trí ghrinnléitheoireacht a dhéanamh ar gach dán acu ina gceann agus ina gceann. Éiríonn go geal léi éagsúlacht na ndánta lena chéile a léiriú, le hais na gcosúlachtaí. Gan amhras, i léirmheas gearr, ní féidir a ceart a thabhairt do gach gné den ábhar a chlúdaíonn leabhar chomh fada leis an cheann seo, ach seo a leanas na pointí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin.

Tosaíonn an leabhar le ceithre chaibidil a fheidhmíonn mar chúlra stairiúil don ghrinnléitheoireacht sin. Fágfaidh mé an mhionchritic ar na caibidlí seo ag na staraithe, seachas cúpla rud thall is abhus a lua anseo. Ar an chéad dul síos, tá na caibidlí seo an-fhada; cuireann an claonadh atá iontu sleachtanna fada próis a thabhairt as bunfhoinsí Béarla na haimsire ach go háirithe go mór leis an fhad. Ba mhaith an gar dáiríre coimriú a chur ag tús gach caibidle mar threoir don léitheoir.  Pléitear cúpla téama achrannacha a bhain do Chaitlicigh na hÉireann: ar thaobh amháin, ceist na géillsineachta don údarás eaglasta agus don údarás eiriciúil tuata araon; ar an taobh eile, uaillmhian an rialtais go ndéanfaí aon phobal Protastúnach amháin de na trí ríocht (in Éirinn trí fheidhmiú éagórach dlí Shasana cuid mhaith) agus an eagla a bhí ar na Caitlicigh gurbh é a bhí i gceist go ndíbreofaí as a dtailte agus go scriosfaí iad, ba chuma ar Ghaeil nó Sean-Ghaill iad. Léiriú cumasach gonta ar an suaitheadh seo an réamhrá Béarla a chuir Michael Kearney ó Thiobraid Árann leis an aistriú a rinne sé ar Foras Feasa ar Éirinn sa bhliain 1635 (ARÉ LS 24G16; féach Bernadette Cunningham 2008). Téacs suntasach an réamhrá seo mar léiriú ar ‘the continuity of disaffection’ (don nathán, féach Vincent Morley 2007) idir dearcadh na gCaitliceach sular bhris an cogadh amach in 1641 agus an dearcadh a nochtar sna dánta seo le linn ‘Anfhórluinn Éireann a n-aimsir Chromuil’.

Sa chomhthéacs áirithe seo, déantar léamh réaduchtach sa leabhar, is dóigh liom, ar thábhacht Foras Feasa Chéitinn. Cuir an t-áiteamh anseo (54) gurbh é ‘replacing Cambrensis as the historian of pre-Norman Ireland, at least among the Irish’ a phríomhchúram  i gcomórtas leis an léamh níos iolchuimsithí ag Brendan Bradshaw (2008: 2) a mheasann é mar ‘the first account of Irish history to be constructed within a genuinely national framework’. Fágann sin nach dtugtar a cheart  don fhocal Éireannach ach oiread. Maítear anseo nach bhfuil i gceist leis an fhocal ach ainm cineálach ar mhuintir na Éireann a shamhlaítear le comhthéacsanna reiligiúnda ach go háirithe. Dar leis an údar, ‘scéal thairis’ (nó ‘red herring’ mar a deir sí) atá sa bhrí pholaitiúil phrótanáisiúnach – téarma a chuimsíonn pobal Caitliceach na hÉireann idir Ghaeil agus Shean-Ghaill –  a bhaineann scoláirí eile as sa tréimhse seo. Ach cad é atá sa mhíniú a thugann an t-údar ach croílár séimeantach na forbartha a dhéanann leithéidí Chéitinn air sa seachtú céad déag? Athraíonn ciall focal ar bith nuair a athraíonn an cúlra coincheapúil trína dtuigtear é; sa chás seo, cúlra prótanáisiúnach atá ann, bunaithe ar dhénárthacht chomhaimseartha Eorpach an fhrithshuímh, Caitliceach versus Protastúnach, i gcomhthéacs na hÉireann. Dar le Céitinn, is ball de ‘pobal imshníomhach Éireann’ é ‘gach Catoilce Éireannach’; dar le Mac Aingil, ‘náision Catoilce’ atá sna hÉireannaigh. Ní dóigh liom gur féidir an cúlra sin a leagan amach níos soiléire ná mar a dhéanann an bheirt acu sin é. Agus an méid sin ráite, ní miste ar chor ar bith cur ar ár súile dúinn chomh scoilte a bhí tuairimí daoine ar shaol na polaitíochta san aois sin. Ach ní gá go bhfágfaí léamha níos iolchuimsithí ar lár mar gheall air sin. Mar a áitíonn an t-údar sa chaibidil deiridh (580 ar lean), bhí go leor ‘fo-chatagóirí” ag baint leis na catagóirí ‘Éireannach’, ‘Caitliceach’ agus ‘Protasúnach’; maith go leor, ach tugann an ‘fo-’ le tuiscint gurab ann do na  catagóirí iomlána iad féin agus ní chuireann an réimír ar neamhní iad sin.

Ach bíodh sin mar atá, is iad na cúig dhán croílár an leabhair agus, tríd is tríd, déantar léamha cuimsitheacha cumasacha orthu a chuireann go mór lenár dtuiscint orthu. Bronntar caibidil faoi leith ar gach dán agus arís is caibidlí fada iad, 76 leathanach a meánfhad. Agus 125 leathanaigh inti, is geall le monagraf gearr inti féin an chaibidil ar ‘Tuireamh na hÉireann’. Is léamha saibhre iad seo, a bhfuil solamar agus samhlaíocht iontu. Leantar an t-ord a chuir O’Rahilly orthu agus is é an dán a leagtar ar Dhonnchadh Mac an Chaoilfhiaclaigh, ‘Do fríth, monuar, an uain si ar Éirinn’, an chéad cheann mar sin. Thart fán bhliain 1640 a cumadh é.

Ceanglaítear cúlra an dáin le haiste eile filíochta a bhfuil daorbhroid na hÉireann mar bhuntéama aici agus ar follas an macalla briathartha idir í agus an dán seo againne: ‘Fríoth an uainsi ar Inis Fáil’ a cumadh c.1608 i ndiaidh Imeacht na nIarlaí. Pléitear fosta téacs comhaimseartha sa Laidin, Threnodia Hiberno-Catholica (1659) leis an Phroinsiasach Maurice Conry a rinne cur síos ar leatrom na n-eachtrannach ar Éirinn, agus a foilsíodh in Innsbruck na hOstaire. Méadaíonn an gaol idir traidisiún liteartha na Gaeilge ar thaobh amháin, agus poileimic chomhaimseartha sa Laidin ar an taobh eile, ár dtuiscint ar iomlán an chomhthéacs as ar fáisceadh an dán seo againne. Thabharfadh teideal an tsaothair Laidine dán comhaimseartha eile sa Ghaeilge chun cuimhne a shamhlaítear leis na cúig dhán atá faoi chaibidil sa leabhar seo, an dán dar tús ‘Gan bhrígh faraor atá mo chéadfa’, a dtugtar ‘Deorchaoineadh na hÉireann’ de ghnáth mar theideal air. I bPrág a cumadh é; suimiúil go leor, bhí Conry ina bhall den choláiste Éireannach sa chathair chéanna sna 1650idí. Seo nasc eile, b’fhéidir, a d’fhéadfaí a dhéanamh le caoineadh Mhic an Chaoilfhiaclaigh.

Déantar ceangail níos dlúithe ná riamh b’fhéidir maidir leis na dánta seo idir ábhar poiléimiciúil comhaimseartha ar thaobh amháin, agus an traidisiún liteartha dúchais ar an taobh eile. Léiríonn an anailís go cumasach an léargas a thugann an file ar an dóigh a bhfuil an saol mór á chur as alt ag imeachtaí a linne mar a thugann struchtúr an dáin féin le fios. Cuirim i gcás an friotal a dhéantar ar aincheist na hÉireann a bheith mar mheirdreach mhínáireach agus íospartach an éignithe araon, an dá léamh fháthchiallacha a chuirtear i láthair sa dán (agus i ndánta eile de chuid na tréimhse céanna). Sa deireadh, áfach, easpa fiúntais na bhfear is cúis le náiriú na hÉireann mar bhean – na Gaeil chomhaimseartha a bheith tréithlag, ní hionann is Fionn, na Fianna agus na laochra cróga anallód, agus Éire ina Gort na bhFiann an uair sin.

Go tobann ansin, athraíonn an file a aird chuig ansmacht comhaimseartha na hÉireann, agus go sonrach, dlí éagóireach Shasana mar a cuireadh i bhfeidhm é faoin fhear ionaid Thomas Wentworth, a bhfágtar friotal an Bhéarla tríd an insint Ghaeilge air: na téarmaí Courts of Ward, fís (= ‘fees’) Exchéquer, King’s Bench sa teanga bhunaidh, an ‘Béarla sa Ghaeilge’, mar a thugann Liam Mac Mathúna (2007) air. Mar sin féin, titeann an téarmaíocht iasachta isteach go héasca le meadaracht dúchasach an chaointe.  Briseadh suntasach agus leanúnachas le chéile san insint agus sa fhriotal mar sin, ar níos mó ná leibhéal amháin, a thugann cíor thuathail na haimsire dúinn.

Tá bua na samhlaíochta le sonrú arís ar an léargas a thugtar ar an dán ‘An Síogaí Rómhánach’ a cumadh idir 1650 agus 1653 sa Róimh. Osclaíonn an dán agus an file ar ‘Órchnoc Céphas’, ‘Cnoc órga N. Peadar’, a ionad céasta sin agus ionad adhlactha na dtiarnaí Ultacha, Ó Néill agus Ó Domhnaill araon, in eaglais San Pietro Montorio. Taibhsítear síbhean dó agus tagann sí chuige mar bhean chaointe, í ag déanamh olagóin faoi dhrochbhail na hÉireann. Ceanglaíonn an t-údar an dán seo le haiste chlúiteach eile Gaeilge a cumadh sa chathair chéanna daichead éigin bliain roimhe sin, ‘A bhean fuair faill ar an bhfeart’ – Nuala Ní Dhomhnaill ag caoineadh a muintire a cuireadh faoi altóir na heaglaise sin. Sin compositio loci an dáin seo againne, an suíomh a fhóireann dá ábhar tromchúiseach agus léirítear go cumasach anseo é.

Cuntas an fhile ar an chogaíocht is leis na hUltaigh a bhaineann sé, le Mág Uidhir agus Mac Mathúna, leis na Niallaigh, Sir Féilim, ach go háirithe le hEoghan Rua, ar caoineadh air siúd dáiríre an dán ina iomláine. Cuid suntasach eile den chomhthéacs comhaimseartha sin an taispeánadh féin mar fheiniméin socheolaíoch, bunaithe ar fhianaise na dteistíochtaí a glacadh ó íospartaigh Phrotastúnacha Éirí Amach na bliana 1641, a threisíonn comhthéacs Ultach an dáin tríd is tríd. I rith chaithréim Eoghain Rua ar fud na hÉireann, tá tagairt drochmheasúil do Shean-Ghaill na Mí (‘an Mhidhe mhealltach Ghallda Ghaolach’); sa chéad dán thuas, agus sa dán seo féin, nochtar dearcadh patfhuar i leith na Stíobhartach chomh maith.

Agus fágann sé sin an ‘taibhse’, an síogaí í féin, agus an file mar idirghabhálaí idir í agus a phobal féin (bunús na haislinge polaitiúil san ochtú céad déag gan amhras). Measann an t-údar í mar a bheadh cumasc idir bandia an fhlaithiúnais,  bean chaointe agus badhbh chatha a ghearánann Dia faoi ansmacht na tíre. Cuirtear achainí an tsíogaí ar Dhia i gcomórtás le Pharsalia Lucan, an cuntas ar chogadh cathartha na Róimhe a aistríodh go Gaeilge sna meánaoiseanna (mar In Cath Catharda) agus a cháineann na déithe a rinne neamart i scriosadh na Róimhe. Caoineann an tsíbhean ‘peaca an tsinsir’ a tharla faoi dhó – an chéad cheann ag Ádhamh, an dara ceann tréigean na heaglaise ag Henrí VIII, ag Éilis, Séamus agus Séarlas (‘le cleasaibh ’s le bréagaibh’), a thugann deis don fhile a dhrochmheas ar na Stíobhartaigh a léiriú.

Thar aon cheann eile de na dánta, b’fhéidir, de dhéantús na litríochta an dán ar a dtugtar ‘Aiste Dháibhí Cundún’. Tráchtar ar an chodarsnacht idir ‘fíor flatha’ agus ‘gó fhlatha’ (cóir agus éagóir an rí faoi seach) mar chuid tábhachtach de chúlra an dáin seo; luaitear na téacsanna móra sa traidisiún a dhéanann forbairt ar na coincheapa seo, mar shampla, Audacht Morainn, agus go háirithe Togail Bruidne Da Derga. Measann an t-údar cúinsí lár an seachtú céad déag – an chíor thuathail sna trí ríocht i gcoitinne agus bású an Rí Séarlas féin go sonrach – a bheith ag teacht le hinsint na seanlitríochta. Réabadh agus léirscrios na tíre mar iarmhairt na ‘gó flatha’; samhlú anchaoi na hÉireann le Acheldema (gort na fola) an Bhíobla agus í ina ‘buaile phráisg’ ar fad. Anchaoi nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe í drochbhail na hÉireann, agus téann an file siar sa stair lena chruthú sin. Arís, thabharfadh an anailís íogair ghéarchúiseach anseo chun cuimhne an rud ar thug Ó Buachalla an ‘transhistorical paradigm’ air (1992) sa scagadh a rinne sé ar litríocht Seacaibíteach an ochtú céad déag – an múnla nó eiseamláir shíoraí don lucht comhaimsire nach n-imíonn le himeacht ama.

Is í ‘Aiste Sheáin Uí Chonaill’, ‘An uair smaoinim ar shaoithibh na hÉireann’, an dán is mó ar fad a chuir leagan ar stair na hÉireann a raibh glacadh leis ag Gaeilgeoirí agus a scaip ina measc (Morley 2011). Glacann O Riordan le háiteamh Morley gurbh é dearcadh Chéitinn in Foras Feasa ar ‘na seanGhaill tséimhe’ a chuir Ó Conaill chun cinn ina dhán. Tugann an file liodán de chlanna móra na Sean-Ghall sa Mhumhain agus cáineann an drochíde a thug na Sasanaigh (‘iad so do chríochnaig conquest Éireann’) dóibh, chomh maith le díbirt na gCárthach. Seo an dán i measc na gcúig cinn is mó a nochtann bá leis na Sean-Ghaill i gcoitinne.

Ach mar a chuireann an t-údar i gcuimhne dúinn, stop insint an Chéitinnigh le teacht na Normannach sa dóú haois déag – cé, nó cad é, a líon an bhearna cúig chéad bliain go dtí lár an seachtú céad déag don fhile? Labhraíonn an t-údar anseo ar ‘other (now) less well-known sources’, agus ‘other, untraced, sources’ (383). Téacs amháin a luadh cheana agus nár mhiste a chur i suim arís anseo ná an t-aistriú Béarla a rinne Michael Kearney ar Foras Feasa díreach i ndiaidh do Chéitinn é a chríochnú. Luaitear anseo i bhfonóta é, ach ní hé an t-aistriúchán per se is spéisiúla  ach an réamhrá dá chuid féin a chuir Kearney leis ina ndéanann sé díreach sin, an bhearna idir prós Chéitinn agus filíocht Uí Chonaill a líonadh agus Foras Feasa a chur i gcomhthéacs a linne suaite féin sa seachtú céad déag. Tá sampla an-bhreá ar 489-490. Tá líne sa dán a thagraíonn d’athlonnú éigeantach na nÉireannach go réigiún Mhuir Chairib sna 1650idí: ‘Transplant, transport go Jamaica. Tugtar sliocht próis leis an líne a chur ina chomhthéacs a ghlactar ó staraí de chuid an naoú haois déag, Sir John Gilbert; luaitear an lámhscríbhinn chuí mar fhoinse chomh maith (ARÉ LS 24G16). Ach níl an comhthéacs slán go fóill nó is ó réamhrá Kearney a fuair Gilbert é. Má leathnaíodh scóp na daorbhroide sna 1650idí, is léir go raibh Caitlicigh na hÉireann cleachtach leis an athlonnú éigeantach fiche éigin bliain roimhe sin. Tríd is tríd, is féidir cuid mhaith de réamhrá Kearney a léamh mar réamhspléachadh ar imeachtaí na 1640idí agus 1650idí.

Tá na fo-cheannteidil faoina bpléitear friotal Uí Chonaill ar an réimse staire a chlúdaíonn Foras Feasa suimiúil, nó tagann siad go maith leis an tréimhsiú a rinne Bradshaw (2008)  ar shaothar Chéitinn: gabháil na hÉireann ag na Gaeil (3500 AM), teacht na Críostaíochta go hÉirinn (432 AD), gabháil na hÉireann ag na Normannaigh (1171) a lean bulla an phápa Laudibiliter. Tríd is tríd, treisíonn léamh an údair ar an dán an dlúthcheangal idir é agus Foras Feasa an Chéitinnigh.

Osclaíonn dán Éamonn an Dúna le holagón – ‘Mo lá leóin go deó go n-éagad’ – faoi bhéim síos na nGael, ‘síol na saorfhlaith’ mar a thugtar orthu. Dán eile é seo a léiríonn bá faoi leith leis na Sean-Ghaill, ‘don Ghallfhuil Ghaeulaig’; faighimid liodán eile de theaghlaigh mhóra Shean-Ghaill na Mumhan. Pléitear go mór sa dán leis an ‘chogadh salach’ a lean imeacht Chromail as Éirinn:  sléachtanna, drochíde do phríosúnaigh, bású na cléire agus an dóigh a ndearna na buaiteoirí spior spear den dlí mar a d’fhóir dóibh, móide an t-athlonnú éigeantach go Connachta. Ag tarraingt ar dheireadh an dáin, déanann an file cur síos ar léirscrios fisiciúil na hÉireann (agus í ina bean chaillte: ‘beag an t-iongna tu thuitim a Éire’) i dtéarmaí truailliú nó maslú chorp duine aonair. Tugann an t-údar roinnt sleachtanna próis i mBéarla ó ‘unknown author’ (567) mar bhonn comparáide leis na línte filíochta. Ach ní údar anaithnid atá ann, ach (arís) Michael Kearney – léiriú eile, is dóigh liom, ar a shuimiúla is atá a réamhrá siúd mar nasc idir tionscnamh staireagrafaíocht an Chéitinnigh agus fírinne na géarchéime polaitíochta do Chaitlicigh na nÉireann sa seachtú céad déag.

Mar a dúirt mé ag tús an léirmheasa seo, tá comaoin curtha anseo ag Michelle O Riordan ar scoláirí Gaeilge ar cás leo an seachtú céad déag. Bainfidh siad solamar as na léamha a sholáthraíonn sí ar na dánta tábhachtacha seo. Bua eile ag an leabhar go gcuirtear aistriúchán Béarla ar gach dán díobh ar fáil mar aguisín ag deireadh an leabhair, cuidiú mór le mo leithéid féin a bhíonn ag teagasc an ábhair seo thar sáile.

Peadar Mac Cuillinn

University of Notre Dame

 

SAOTHAIR A CEADAÍODH

Bradshaw, B. (2008) ‘Reading Seathrún Céitinn’s Foras Feasa ar Éirinn’. In: Ó Riain, P. (eag.), Geoffrey Keating’s Foras Feasa ar Éirinn: Reassessments. London: Irish Texts Society: 1–18.

Cunningham, B. (2008) ‘Seventeenth-Century Readers of Foras Feasa ar Éirinn: Ó Cléirigh, Colgan and Kearney’. In: Ó Riain, P. (eag.), Geoffrey Keating’s Foras Feasa ar Éirinn: Reassessments. London: Irish Texts Society: 39–51.

Morley, V. (2007) ‘The continuity of disaffection in eighteenth-century Ireland’. In: Eighteenth-Century Ireland/Iris an Dá Chultúr 22: 189–205.

Morley, V.(2011) Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Morley, V. (2017) The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland. Cork: Cork University Press.

Leerssen, J. (1986) Mere Irish and Fíor-Ghael: Studies in the Idea of Irish Nationality, its Development and Literary Expression prior to the Nineteenth Century. Amsterdam: John Benjamins.

Mac Mathúna, L. (2007) Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge, 1600–1900. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Buachalla, B. (1992) ‘Irish Jacobite poetry’. In: Irish Review 12: 40–49.

Ó Buachalla, B. (1996) Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an t-Aos Léinn, 1603–1788. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Dúshláine, T. (1987) An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge, 1600–1650: Gnéithe den Bharócachas Eorpach i Litríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

O’Rahilly, C. (1977) Five Seventeenth-Century Political Poems. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

 

 

Údar:
Peadar Mac Cuillinn

Institiúid:
University of Notre Dame

Scaip an t-alt seo: