Is beag teaghlach in Éirinn — go háirithe in iarthar na hÉireann — nach bhfuil gaolta dá chuid i Meiriceá. D’imigh na sluaite gan áireamh trasna an Atlantaigh, go háirithe sna blianta i ndiaidh an Drochshaoil (.i. an Gorta Mór). Ina measc siúd, bhí cuid mhór cainteoirí Gaeilge, ach is beag aird a tugadh orthusan go dtí tamall gearr de bhlianta ó shin. Tuigeadh do na heisimircigh seo go gcaithfidís an Béarla a fhoghlaim, ós í sin an teanga a bhí á labhairt ina dtimpeall — go háirithe ag lucht an údaráis i Meiriceá. (Agus níorbh iad na húdaráis pholaitiúla amháin iad siúd, ach na húdaráis eaglasta chomh maith). Gan amhras, thug a lán daoine cúl leis an teanga dhúchais, agus bhí go leor eile sásta an teanga a labhairt eatarthu féin ach gan í a sheachadadh don chéad ghlún eile. Ach bhí eisceachtaí ann agus, de bharr taighde atá déanta ag údair éagsúla, is eol dúinn go ndearna daoine áirithe iarrachtaí suimiúla le gnéithe den oidhreacht chultúrtha a thugadar trasna na farraige leo a chaomhnú do na glúine a bhí le teacht.
Duine de na daoine a rinne a leithéid sin ab ea Mícheál Ó Lócháin (1836–99) ó Bhaile an Mhuilinn i dtuaisceart na Gaillimhe a bhunaigh páipéar míosúil dátheangach, An Gaodhal, in Brooklyn, Nua-Eabhrac, sa bhliain 1881. Tá cáil ar leith ar an Lóchánach toisc gur sa pháipéar sin a foilsíodh an dán gearr úd ‘Mise Raiftearaí’ sa bhliain 1882. Leagadh an dán ar an bhfile dall as oirthear Mhaigh Eo, Antaine Raiftearaí, agus ghlac An Craoibhín, Dubhghlas de Híde, leis agus d’fhoilsigh é ina leabhar Abhráin atá Leagtha ar an Reachtabhrach (1903).
Breis is tríocha bliain ó shin foilsíodh leabhar suimiúil dar teideal Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal le húdar an tsaothair atá faoi chamáin anseo, Fionnuala Uí Fhlannagáin (An Clóchomhar, 1990). Agus í ag treabhadh trí chóipeanna de An Gaodhal, tháinig Uí Fhlannagáin ar ainmneacha seisir as a contae dúchais, Maigh Eo, a rinne obair fhiúntach ar son na Gaeilge sa tír inar chuireadar fúthu, agus is é a scéal siúd is bun leis an leabhar seo, Nár Fhág Ariamh Mo Chuimhne. Ba iad an seisear ‘caomhnóirí Gaeilge [sin] as Contae Mhaigh Eo’, Anthony Lally agus Dillon J. McCormick, ó iarthuaisceart an chontae, Patrick A. Dougher ó chomharsanacht Bhéal an Átha, John F. Lavelle agus Martin P. Ward as iarthar an chontae, agus Martin J. Henehan ón deisceart.
Sa réamhrá luaitear ‘triúr daoine aithnidiúla as Maigh Eo a léirigh spéis sa Ghaeilge’ — Seán Mac Héil (1791–1881), Uileog de Búrca (1829–87) agus Séamas Ó hArgadáin (1782–1855). Ach is le daoine a chuaigh ar imirce thar farraige siar a phléitear sa leabhar seo. Cuirtear in iúl gur ghnáthdhaoine — ‘síolraithe ó fheirmeoirí tionóntacha’ — ab ea an seisear atá i gceist, ach go raibh bunoideachas maith acu go léir, agus líofacht sa Bhéarla. Filí ab ea beirt acu, Lally agus Dougher; ‘scríbhneoir litreacha Gaeilge a phléigh cúrsaí a linne’ ab ea McCormick; fear a raibh lear amhrán aige le filí as Maigh Eo ab ea Ward; daoine a d’eagraigh cumainn Ghaeilge ab ea an bheirt eile — bhunaigh Lavelle an chéad chumann Gaeilge in Montréal, Ceanada, in 1899, agus bhunaigh Henehan cumainn in Rhode Island, Connecticut, Nua-Eabhrac agus Massachusetts, agus mhol sé go mbunófaí Conradh Gaeilge Mheiriceá ag deireadh 1898.
Ní heol dúinn go raibh teagmháil ar bith ag aon duine den seisear le duine ar bith eile den dream. Fágann sé sin gur geall le sé mhionbheathaisnéis neamhspleách atá sa leabhar; mar sin, pléifear leis an seisear ina nduine agus ina nduine.
1. Anthony Lally (1840–1902) ón tSraith, in aice le Bun na hAbhna, laisteas de Bhéal an Mhuirthead: chuaigh sé go Meiriceá in 1863 agus chuir faoi in West Virginia, áit ar phós sé agus ar thóg sé clann. Bhí sé gníomhach i gcumainn le cearta na n‑oibrithe a chosaint — i bPáirtí Aontaithe an Lucht Oibre, agus ina dhiaidh sin sa Pháirtí Poblachtánach (.i. páirtí Abraham Lincoln). Bhí suim mhór aige ina raibh ag tarlú in Éirinn, agus thacaigh sé le Conradh na Talún. Bhí spéis ar leith aige in An Gaodhal — foilsíodh ocht gcinn déag de dhánta Gaeilge leis san iris. Ar na hábhair a pléadh sna dánta sin bhí an dúlra ina chontae dúchais, cúrsaí polaitíochta i Meiriceá agus i dtíortha eile (m.sh. Veiniséala, an Rúis, an Airméin), agus cúrsaí rítheaghlach Shasana, agus gan aon róchion á léiriú aige ar bhaill an teaghlaigh chéanna. Tugtar aird ar leith ar dhán fada (115 líne) dar teideal ‘Tá obair romhat le déanamh’, a chuaigh i gcion go mór ar Mhícheál Ó Lócháin; chuir seisean i gcomparáid é le dán cáiliúil Oliver Goldsmith, ‘The Deserted Village’.
2. Dillon J. McCormick (1832–1913) ó Dhuibhis, sa chuid theas de leithinis an Mhuirthead in Iorras: bíodh is nach raibh ach gabháltas beag ag a athair, fuair Dillon oideachas maith — b’fhéidir i scoil náisiúnta áitiúil. Bhí cumas maith scríbhneoireachta aige, i mBéarla agus i nGaeilge, agus eolas ar fhilíocht Ghaeilge a cumadh i Maigh Eo. In 1852 sheol sé go Meiriceá agus chuaigh ag obair i muileann iarainn in Virginia, mar a raibh baint aige le haontas saothair darbh ainm ‘The Sons of Vulcan’. Tar éis chogadh cathartha Mheiriceá, bhí sé gníomhach sa Pháirtí Daonlathach, agus bhí sé bainteach freisin le hOrd Ársa na nIbeirneach agus le cumainn Chaitliceacha éagsúla. Bhí ardmheas ag Micheál Ó Lócháin ar na sleachta Gaeilge a sheoladh McCormick chuig An Gaodhal — idir spéisiúlacht an ábhair agus ardchaighdeán na teanga. I measc an ábhair sin bhí cur síos ar Bhrian Rua Ó Cearbháin agus a chuid tairngreachtaí, amhráin aorúla as Iorras, agus scéalta faoi Inis Gluaire agus faoi Chlann Lir. Ní moladh as cuimse, áfach, a thugtar ar Dillon McCormick; deirtear go raibh sé ‘teasaí agus clamprach go maith’ — thit sé amach lena iníon ba shine, Ellen, agus níor fhág aici ina uacht ach cúig dollar (le hais an tsaibhris a roinn sé ar an gcuid eile den chlann).
3. Patrick A. Dougher (1846–1907) ó pharóiste Chrois Mhaoilíona, cé gur bhog an chlann agus Patrick ina bhuachaill óg go dtí an Baile Beag i bparóiste Bhaile na hEaglaise, laisteas de Bhéal an Átha: sa bhliain 1868 chuaigh sé go Meiriceá, agus chaith tamall ina shaighdiúir le slua muirí Mheiriceá. Phós sé Ann Catherine Galligher in 1878 agus bhí ceathrar clainne acu. D’oibrigh Patrick mar mháistir poist i mbaile beag Greenfield i stát Nua-Eabhrac idir 1889 agus 1893 agus arís ag deireadh na 1890idí; luaitear freisin go raibh sé ina gharraíodóir agus ina fheirmeoir sna blianta sular cailleadh go hobann é in 1907. Thosaigh Dougher ag tacú go láidir le An Gaodhal timpeall na bliana 1890 agus chuaigh caighdeán a chuid Gaeilge scríofa i bhfeidhm ar Mhícheál Ó Lócháin. Idir 1891 agus 1898 foilsíodh sé dhán déag Gaeilge leis san iris — ina measc aistriú Gaeilge ar an mbailéad cáiliúil ‘Revenge for Skibbereen’. Sna dánta sin, léirítear bá leis na Fíníní, le Diarmuid Ó Donnabháin Rosa agus leis an bhfeachtas dinimíte i Sasana. Ina dteannta sin, chum Dougher roinnt dánta Béarla.
4. John F. Lavelle (1859–1928) ó Dhumha Acha in Acaill: tar éis dó cúpla bliain a chaitheamh mar mhúinteoir in aice an bhaile, chuaigh sé go Cleveland, Ohio, in 1879 agus d’oibrigh mar mhúinteoir ansin ar feadh tamaill. Níorbh fhada go raibh sé sáite sa pholaitíocht, ag tacú leis na Daonlathaigh. Bhí sé gníomhach freisin i gConradh na Talún ar bunaíodh craobh de in Cleveland in 1880, agus eisean mar rúnaí airgeadais air. Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh Talún na mBan in 1882, thacaigh sé leis sin agus labhair go misniúil i gcoinne easpag Cleveland nuair a cháin seisean ‘these silly women’. Sa bhliain 1884, scar Lavelle leis na Daonlathaigh agus chuaigh leis na Poblachtánaigh. Go gearr tar éis dó teacht go Meiriceá, fuair sé post le comhlacht foilsitheoireachta Collier agus níorbh fhada gurbh é bainisteoir an chomhlachta in Cleveland é. Thart faoi 1895 bhog sé féin agus a bhean nuaphósta go Ceanada ar feadh roinnt blianta. Le linn dó bheith ansin bhí sé ina bhall gníomhach d’Ord Ársa na nIbeirneach, agus ón mbliain 1899 ar aghaidh d’éirigh sé an-díograiseach i leith na Gaeilge, ag múineadh ranganna agus ag iarraidh an teanga a chur chun cinn i measc na n‑inimirceach as Éirinn i gCeanada. Tar éis dó féin agus dá chlann filleadh ar Cleveland sa bhliain 1905, áfach, ní raibh baint ar bith níos mó aige le hOrd Ársa na nIbeirneach ná le cur chun cinn na Gaeilge, cé gur lean sé de bheith gníomhach i gcumainn Chaitliceacha agus náisiúnta eile. Ní léir cad ba chúis leis an athrú meoin seo.
5. Martin P. Ward (1846–1920) ó Dhoire an tSlabhra i bparóiste Oileán Éadaí, ar bhruach Chuan Mó: chuaigh sé go Meiriceá in 1870, agus chuaigh caol díreach go tuaisceart California, mar ar oibrigh sé ar feadh tamaill mar mhianadóir. Tar éis roinnt blianta in San Francisco, bhog sé soir go Nua-Eabhrac in 1880, mar ar fhan sé ar feadh sé bliana. Le linn dó a bheith ansin thosaigh sé ar spéis mhór a chur ina theanga dhúchais, ag freastal ar chruinnithe de chumainn Ghaeilge i Nua-Eabhrac agus ag soláthar amhrán a bhain le Contae Mhaigh Eo do An Gaodhal. Trí cinn déag de na hamhráin sin a cuireadh i gcló idir 1884 agus 1897, ag tosnú le bailéad cáiliúil Raiftearaí faoina áit dhúchais, dar tús: ‘Anois teacht an Earaigh ó tharla ’n lá síneadh’. In éineacht le téacs na ndánta dealraíonn sé go soláthraíodh Ward plé sách cuimsitheach ar a n‑údair agus ar a gcúlra. Ar na hamhráin cháiliúla eile a chuir sé ar fáil bhí ‘Saileog Rua’, ‘An Abhainn Mhór’, ‘Anbhás Aibhistín Mhic Giobúin’, ‘An Caiptín Ó Máille’ agus ‘Contae Mhaigh Eo’ (an ceann a thosaíonn ‘Is ar an loing seo Pháidín Loingsigh a bhímse ag déanamh bróin’), agus níos faide ar aghaidh sa chaibidil luaitear dánta eile a bhailigh sé ó dhaoine i Meiriceá, m.sh. ‘Coinleach Glas an Fhómhair’
Sa bhliain 1886, d’fhill Ward ar San Francisco agus lean sé leis an obair ar son na Gaeilge, ag tosnú le litir in An Gaodhal inar mhol sé California go hard na spéire mar ‘dhara parthas ar thalamh’. Críochnaíonn scéal Martin Ward ar nóta sách truamhéalach, áfach: scríobh sé chuig Dubhghlas de Híde i bhFeabhra 1906 á chur in iúl dó go raibh sé ar an ngannchuid de bharr a bheith dífhostaithe. Sula raibh toradh ar an litir, tharla an crith talún cáiliúil a rinne damáiste tubaisteach do San Francisco. Is beag eolas eile atá againn mar gheall ar Ward ina dhiaidh sin, ach amháin go raibh sé ag cur faoi i dteach déirce, nó teach fóirithinte, in Oakland faoin mbliain 1910 agus é fós ansin ag tús na bliana 1920, agus gur ann a cailleadh é ar 30 Márta na bliana sin.
6. Martin J. Henehan (1857–1934): ba as an Trian é, laisteas de Thuar Mhic Éadaigh i ndeisceart Mhaigh Eo. (Ar mhaithe le cruinneas, is ceart a lua gur i gContae na Gaillimhe a bhí An Trian nó gur aistríodh an baile fearainn sin go Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1898!) Chuaigh Martin J. go Meiriceá sa bliain 1876 agus d’fhreastail ar Ollscoil Notre Dame in Indiana ar feadh trí bliana — rud fíor-neamhghnách d’imirceach as Éirinn san am sin. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Texas, mar ar phós sé bean óg as Contae Ros Comáin sa bhliain 1881. Tar éis roinnt blianta a chaitheamh in Galveston, Texas, bhog Henehan, a bhean agus a gclann óg go Providence, Rhode Island, ansin go Nua-Eabhrac, agus tamall ina dhiaidh sin, go Seattle, Washington. Mar a luann Fionnuala Uí Fhlannagáin, ‘is léir nach raibh aon ghanntanas airgid ag cur as dóibh’. Bhí Martin J. thar a bheith gníomhach ag bunú cumann Gaeilge i stát Nua-Eabhrac agus ar fud New England. Thug sé cúnamh freisin do Mhícheál Ó Lócháin le scéim a chur ar bun agus a reáchtáil a chabhródh le lucht foghlamtha na Gaeilge. Luaitear freisin go gcuireadh sé cóipeanna de An Gaodhal abhaile chuig seanchairde dá chuid in Éirinn. Bhí dea-chaidreamh aige leis an Athair Ó Gramhnaigh, go háirithe tar éis d’Eoghan bogadh go Meiriceá ar mhaithe lena shláinte. Ina theannta sin, mhúineadh sé an Ghaeilge i scoil in Providence agus i scoileanna eile a bhunaigh sé, agus ba é faoi ndeara Conradh Gaeilge Mheiriceá a chur ar bun.
Thart faoin mbliain 1901 bhog Martin J. agus a theaghlach go Seattle, agus in 1910 thug a bhean agus an mac ab óige, Kevin, cuairt ar an Eoraip. Nuair a thángadar go hÉirinn, cláraíodh Kevin, a bhí dhá bhliain déag d’aois, ina mhac léinn i Scoil Éanna. Ach bhí uaigneas ar an mbuachaill agus thug a mháthair abhaile léi go Seattle é tar éis roinnt míonna — rud a chuir olc ar an ardmháistir, Pádraic Mac Piarais. Dealraíonn sé nach raibh Martin J. chomh gníomhach sin i múineadh na Gaeilge tar éis dó féin agus dá theaghlach bogadh go Seattle. Uaidh sin amach bhí sé gafa cuid mhaith le cúrsaí gnó: faoi 1913 bhí sé ina uachtarán ar thrí chomhlacht agus ina leasuachtarán ar bhanc tráchtála sa chathair. Mar sin féin, ní dhearna sé dearmad de chúrsaí na hÉireann. In 1905 chuir sé airgead abhaile chuig coláiste Gaeilge nuabhunaithe i dTuar Mhic Éadaigh .i. Coláiste Chonnacht. An bhliain dár gcionn d’eagraigh sé fáilte chroíúil go Seattle roimh An gCraoibhín, agus in 1913 rinne sé an gar céanna d’Fhionán Mac Coluim a bhí tagtha ag bailiú airgid do Chonradh na Gaeilge. In Eanáir 1921, agus Cogadh na Saoirse faoi lánseol in Éirinn, nuair a bunaíodh craobh den American Committee for Relief in Ireland in Seattle, bhí Henehan ina bhall den choiste. In 1924, agus iad ar cuairt san Eoraip, tháinig Martin agus a bhean go hÉirinn, mar ar fhreastail siad ar Aonach Tailteann; bhuaileadar freisin leis an sean-Fhíníneach John Devoy, a bhí in Éirinn ag an am. Deich mbliana ina dhiaidh sin cailleadh Henehan in Seattle.
I dteannta na gcuntas ar an ‘seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo’, tá sraith aguisíní úsáideacha ag gabháil leis an leabhar (lgh 154–224), mar atá, trí innéacs ina liostaítear na dánta a sholáthair Lally, Dougher and Ward do An Gaodhal; leabhair agus aistí foilsithe (81 díobh); irisí agus nuachtáin a ceadaíodh (56); lámhscríbhinní a ceadaíodh; focail bhuíochais; 470 nótaí, agus innéacs ginearálta.
Ní foláir a lua go bhfuil sciar mionbhotún litrithe agus gramadaí ar fud an leabhair, mar aon le dornán tuaiplisí eile thall is abhus: m.sh., lch. ix: dáta báis Shéamais Uí Argadáin: 1855 (seachas 1885); lch. 14: tagraítear do chuairt a thug Sár Nioclás II na Rúise, a bhean chéile agus duine dá n‑iníonacha, in 1896 ‘ar an mBanríon Victoria agus an Prionsa Albert’ (ach bhí Albert marbh ó 1861!). Ar lgh 110, 189 agus 198 tá sloinne an staraí Guy Beiner litrithe mar Bernier (cé go bhfuil sé i gceart sa leabharliosta ar lch. 160). Ar lch. 73: James Dillon, recte John Dillon; lch. 79: Patrick Carey, recte James Carey.
Ní mór dom a admháil gur bheag m’eolas ar dhuine ar bith den seisear a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo nó gur léigh mé saothar Fhionnuala Uí Fhlannagáin. Nuair a sheiceálas a leabhar ar Mhícheál Ó Lóchain, thugas faoi ndeara go bhfuil roinnt tagairtí san innéacs do Martin Henehan agus do Mháirtín Mac an Bháird — istigh sa téacs úsáidtear freisin na foirmeacha Máirtín Ó hAonacháin agus M.P. Ward faoi seach — agus luaitear P.A. Dougher sa téacs (lch. 28), cé nach bhfuil sé san innéacs. (Tagraítear do Mháirtín Ó hAonacháin freisin i leabhar eile le Fionnuala Uí Fhlannagáin — Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge, Coiscéim, 2008). Dúisíonn na leabhair sin an smaoineamh gur dócha go bhfuil go leor daoine eile de leithéidí an tseisir úd as Maigh Eo a bhfuil a n‑ainmneacha ligthe i ndearmad — nó fágtha i bhfolach i gcáipéisí nár scrúdaíodh i gceart go fóill. Duine den chineál sin, a bhfuil suim ar leith agam féin ann, ab ea Seoirse Mac Giolla an Chloig, nó George W. Bell (1816–96), ó Chlár Chlainne Mhuiris, a raibh An Craoibhín faoi chomaoin aige agus é i mbun a leabhair ar fhilíocht Raiftearaí. Ach más le daoine a chuaigh ar imirce atáimid ag cloí, is fiú tagairt a dhéanamh do shagart as Cill Mhic Thaidhg, Contae Shligigh (i ngar do theorainn Mhaigh Eo), An tAthair Domhnall Ó Morchadha (1858–1935), a rinne obair éachtach i gcathair Fhilideilfia agus sa dúiche mórthimpeall ag bailiú amhrán Gaeilge i measc na n‑imirceach. (Tá sárstaidéar déanta airsean ag Deirdre Ní Chonghaile — féach an tagairt sa leabhar seo, Nár Fhág Ariamh mo Chuimhne, lgh 188–89, n. 325).
Is breá liom, más ea, a bhfuil déanta ag Fionnuala Uí Fhlannagáin le solas a chaitheamh ar sheisear ‘gnáthdhaoine’ a mbeadh dearmad iomlán déanta orthu murach an saothar suimiúil seo.
Nollaig Ó Muraíle
Ollscoil na Gaillimhe
Saothair a ceadaíodh
Ní Chonghaile, D. (2015) ‘“Sagart gan Iomrádh”: An tAthair Domhnall Ó Morchadha (1858–1935) agus Amhráin Pennsylvania’. In: Nic Congáil, R. et al. (eag.), Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain: Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR: 191–214.
Uí Fhlannagáin, F. (1990) Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
Uí Fhlannagáin, F. (2008) Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Coiscéim.