Inside Innti: A new wave in Irish poetry
Ailbhe Ní Ghearbhuigh & Tristan Rosenstock (eag.)
Cork University Press (2023) | 211 lch | ISBN: 978-1-78205-568-6 | €49
The poets instinctively resisted …[the] “New York School” label. It was a misnomer on several counts. If schools are “static and classical” while movements are “dynamic and romantic”, the poets surely constituted a movement. (Lehman 25)
It was the story of three pals … who met at Harvard and wrote poetry, and each differed from the others, but all were united in feeling that “modern French poetry, modern music, and modern painting” seemed “much more congenial to us than the American and English poetry we knew”. Later they came to New York … and there they met other poets … (Lehman 27)
Bhí lipéadú den sórt seo coitianta i gcúrsaí filíochta i lár an chéid seo caite. Baintear leas i gcónaí as ‘Scoil Nua-Eabhrac’ le trácht ar shaothar John Ashbery, Kenneth Koch agus Frank O’Hara (móide Barbara Guest agus James Schuyler, nár fhreastail ar Harvard) a tháinig chun cinn sna 1950idí. Tamall roimhe sin, níos gaire do bhaile, cumadh an t-acranaim íoróineach ‘MacSpaunday’ le tagairt do cheathrar comhbhádóirí – MacNeice, Spender, Auden agus Day-Lewis – a bhí ar na filí Sasanacha ab iomráití le linn na 1930idí agus a raibh na claontaí polaitiúla, intleachtúla agus aéistéitiúla céanna acu, a bheag nó a mhór. I gcás bhaicle Nua Eabhrac, is iad na gnéithe comónta is minice a luaitear lena saothar an íoróin, an neamhfhoirmeáltacht, friotal comhráitiúil agus lé le saol nua-aoiseach na mórchathrach.
Sa tréimhsiú a dhéantar go hiondúil ar fhilíocht Ghaeilge na haoise seo caite, aithnítear dealú áirithe idir ar foilsíodh ó thús na hathbheochana go dtí an dara cogadh domhanda agus gach a lean. Mar sin féin, murab ionann is na samplaí thuasluaite ó stair nuafhilíocht an Bhéarla, ba dheacair oeuvres níos éagsúla ó chéile a shamhlú ná saothar an triúir nuafhilí Gaeilge ba thábhachtaí a bhí i mbun pinn idir deireadh na dtríochaidí agus deireadh na seascaidí. San áit nach annamh a bhíodh filí Scoil Nua Eabhrac, mar shampla, ag obair as lámha a chéile, go háirithe sna blianta luatha, ba léir gur ag treabhadh a ngoirt dhílis féin ón tús a bhí Máirtín Ó Direáin, Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi. Ní raibh trácht ar scoil ná gluaiseacht nuafhilíochta i ndán don Ghaeilge go ceann breis is tríocha bliain ó foilsódh an chéad dán leis an Direánach i 1938. D’athraigh sé sin nuair a tháinig an iris Innti ar an bhfód. Mórbhileog a bhí in Innti 1, a foilsíodh sa mbliain 1970, ach d’éirigh an iris níos téagartha ina dhiaidh sin.
Is éard atá sa chnuasach seo tuairisc ilchineálach ar shaothar an cheathrair is mó a shamhlaítear leis an iris i gcónaí, bídís sásta ó shin le ‘filí Innti’ mar lipéad nó ná bíodh, agus ar na fórsaí sóisialta agus na foinsí cultúrtha a d’imigh i gcion orthu. Ainneoin an teidil Bhéarla, is i nGaeilge atá formhór an ábhair, seacht gcinn de phríomhaistí an leabhair le hais trí cinn as Béarla. Is é croílár an chnusaigh ceithre aiste le criticeoirí éagsúla tiomnaithe do shaothar aon duine amháin den cheathrar canónach seo: Gearóid Denvir ar Mhichael Davitt, Peter Sirr ar Liam Ó Muirthile, Pádraig de Paor ar Gabriel Rosenstock agus Rióna Ní Fhrighil ar Nuala Ní Dhomhnaill. Bhí na filí seo ar fad ina bhfochéimithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh do bhlianta tosaigh na hirise, agus is le flosc agus fuinneamh soch-chultúrtha na ‘seasacaidí fada’, mar a déarfá, a shamhlaítear miotas agus éiteas Innti inniu féin.
Ina fhianaise seo, ní beag an cúnamh an comhthéacsú stairiúil a sholáthraíonn Gearóid Ó Tuathaigh in aiste dar teideal ‘New Turns: A perspective on intergenerational shifts in independent Ireland, 1958–1973’ ina dtráchtar ar athruithe suntasacha i saol na tíre a bhí ag titim amach agus na filí seo ar an meánscoil: an borradh san eacnamaíocht agus sa daonra araon, bunú agus tionchar RTÉ, tionscnamh an tsaoroideachais, agóidíocht ar son Cearta Sibhialta, réamhullmhúchán don Chomhphobal Eorpach agus eile. Mar a luann Gearóid Denvir in aiste fhóinteach leis siúd ina gcíortar na tagairtí iomadúla i ndánta Davitt d’imeachtaí polaitiúla in Éirinn agus thar lear, ba ‘[le] linn na haimsire seo a tharla na hathruithe ba shuntasaí agus ba sciobtha, b’fhéidir, dar tharla riamh in achar gearr in Éirinn’ (47). Ina measc seo bhí athruithe sa chultúr coiteann a bhain ní amháin le faisin, stíleanna agus foirmeacha cultúir thar tír isteach, ach le claochlú ar luachanna agus nósanna iompair a d’fhág idirdhealú idir an ghlúin filí seo agus a sinsear. Sa réamhrá a chuir an Direánach, mar shampla, lena mhórdhán ‘Ár Ré Dhearoíl’ i 1959, cháin sé an ‘claochló ar bhéasa gnáis is iompair a raibh faomhadh na mblianta laistiar díobh; go mór mór chomh fada is a bhaineas le cúrsaí teagmhála idir fir is mná’ (2010: 326). Ní raibh a fhios aige ag an am nach raibh ansin ach a thús.
In aiste dar teideal ‘Sex, Drugs and Rock ‘n’ Roll: An chollaíocht i saothar Innti’ pléann Caitríona Ní Chléirchín an oscailteacht nua i léiriú na gnéasúlachta ba léir i bhfilíocht na nInntirí, mar a thug an Ríordánach orthu i dtuairisc luath, an chollaíocht bhaineann agus mianta agus pléisiúr na mná, go sonrach, i gcás saothar Ní Dhomhnaill. Scrúdaítear na bealaí ina léirítear an jouissance (‘súnás’ an téarma Gaeilge aici), baineann agus fireann, in anailís a thógann ar léargais Kristeva, Cixous agus Irigary ar lúcháir theanga na colainne. Bíodh gur sícé dhéghnéasach a labhrann i saothar na ‘bhfearfhilí’, dar le Ní Chléirchín ar deireadh, ní thagann a saothar siúd slán ó chraos an amhairc fhirinn, mar sin féin. In aiste Rióna Ní Fhrighil, ‘An Domhan Thoir agus Filíocht Nuala Ní Dhomhnaill’, pléitear athshaothrú an dúchais ina saothar chomh maith le tábhacht na n-athleaganacha Béarla don cháil fhorleathan a bhain sí amach. Luaitear an claonadh ag duine dá príomhaistritheoirí, Paul Muldoon, tús áite a thabhairt d’ábhar ‘dúchasach’ agus faillí a dhéanamh sna gnéithe idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta dá saothar. Spreagann sé seo, dar le Ní Fhrighil, míléamh ní hamháin ar mhianach fhilíocht Ní Dhomhnaill ach ar mhianach na filíochta comhaimseartha as Gaeilge trí chéile. Fadhb choitianta í seo, ar ndóigh, le meon na gcultúr ceannais i leith foirmeacha ealaíne de chineálacha éagsúla faoi mar a chleachtaítear iad i gcultúir ‘imeallacha’. Cuirtear spéis sa bhlas aduain áitiúil, réigiúnach agus meastar faoina luach aon saothar a bhfuil blas iltíreach air, mar dhea nach mbíonn ina leithéid riamh ach aithris athláimhe.
Is é Pádraig de Paor an tráchtaire is géarchúisí agus is báúla dá ndeachaigh i ngleic go dtí seo le saothar Rosenstock (de Paor 2006). Léamh Jungach atá ina aiste, ‘Gabriel Rosenstock, Cleasaí’, ina n-áitítear gur gné den ‘Scáil’ i dtéarmaí Jung atá sa chleasaí. Neach tairseachúil, ainmhíoch, neamhshaolta atá i gceist anseo, idirghabhálaí a luascann idir molanna contráilte, ‘idir an toise tarchéimitheach agus pleidhcíocht an pháiste, idir an bhraistint mhistiúil agus spraoi na seafóide’ (104). ‘From Leath to Leath: Liam Ó Muirthile’s embrace of uncertainty’ is teideal d’aiste Peter Sirr, ina dtugtar tuairisc íogair ar thóir an fhile ar bhuanbhaile nó ‘duthaigh anama’. Ach nach dúil i gcinnteacht áirithe a léiríonn a leithéid? Samhlaíonn Sirr, mar shampla, ‘a kind of throwaway inconclusiveness’ (67) le deireadh an dáin ‘Eolchaire’ agus athrá an fhrása ‘níl fhios agam’ ag páiste deorach an reacaire, rud nach dtugann iomlán a chirt, dar liom féin, do choimhthíos agus crá croí an athar. Ní mé ach oiread gurb éard atá againn sa dán ‘Cad é?’, ar bhás dheartháir an fhile, ‘the poet yielding wholeheartedly to the uncertainties and confusions of experience’ (82). Ar deireadh thiar, is lú den ‘ragham amú’ Ríordánúil atá le sonrú i bhfilíocht Uí Mhuirthile trí chéile ná i saothar Davitt, abair.
Tá sé feiliúnach go maith go bhfaightear tuairisc anseo freisin ón mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí ó chathair Chorcaí a tháinig mar oidhrí ar na ceannródaithe seo deich mbliana nó mar sin ina ndiaidh. Foinse áisiúil eolais í an aiste ag Colm Breathnach, ‘Dílis don bhFís’, ina bhfuil cuntas ar na ceardlanna filíochta a eagraíodh i gCorcaigh faoi stiúir Sheáin Uí Thuama, cuntas atá breac le léargais luachmhara bunaithe ar chaidreamh an Bhreathnaigh lena ‘shinsir’. Eolas nua é domsa, mar shampla, go mba fhoinse thábhachtach ag Davitt Seanfhocail na Mumhan leis an Seabhac (soláthraítear fianaise théacsúil). Tuairisc de chineál eile ‘ón taobh istigh’ atá in aiste Phádraig Uí Chíobháin ar thadhall fhilí Innti le hIarthar Duibhneach sa mhéid is gur comhaimsireach dá gcuid é féin, ach de bhunadh na Gráige, a ghlac go fonnmhar, is cosúil, lena ról mar ‘bhuachaillín Gaeltachta cabanta ag teallaireacht agus ag scaothaireacht dóibh’ (98). Cuimhnímis anseo ar bhreithiúnas luath an Ríordánaigh go mba gheall le téipthaifeadáin na hInntirí óga san aithris chruinn a rinne siad ar chanúint an cheantair.
Ó nathán i ndán scigiúil luath le Davitt, a léiríonn easurraim cheanúil dá oidí, a thagann teideal an ailt ag Louis de Paor, ‘“Máistir Maith Maolshásta”: Seán Ó Tuama agus filí Innti’. Cuirtear trí chéile anseo tionchar an té a bhí ina ollamh le Nua-Ghaeilge i gCorcaigh agus na filí óga seo i mbun na céime, chomh maith le bheith ina cheannródaí i gcritic na filíochta sa teanga agus ina fhile aitheanta. Leagtar béim ar an daonnachas liobrálach a léirítear i gcredo an Tuamaigh go mba é príomhaidhm na nuafhilíochta i dteanga ar bith ‘a chuid mothúcháin bunaidh a athnuachaint sa duine daonna ar eagla go gcaillfeadh sé a ghradam’ (41). Ceist na hibrideachta faoi scáth an iarchoilíneachais is cás le Clíona Ní Ríordáin ina haiste sise, ‘A Munster Beat’, ina bpléítear an caidreamh agus an chomhthreomhaireacht logánta idir céadghlúin Innti agus a gcomhaimsirigh i measc fhilí Béarla Chorcaí.
San agallamh bríomhar Béarla le Gabriel Rosenstock i dtreo dheireadh an chnuasaigh (chuir na heagarthóirí agallamh freisin, as Gaeilge, ar Ní Dhomhnaill) is léir gur beag an meas atá aige siúd ar aon lipéadú néata ar ‘fhilí Innti’, ní áirím caint ar scoil ná gluaiseacht. Luann sé éagsúlacht an ábhair a foilsíodh san iris ón gcéad lá:
I don’t think Innti 1 made a clean break with the past: perhaps that’s not even possible. So, you had avant-garde poems by Tomás Mac Síomóin (impenetrable to traditionalists) rubbing shoulders with a lament for Seán Ó Riada written by An Gabha Gaelach (168).
Meon an chontrárthóra a léirítear tríd síos, rud nach miste, in agallamh atá lán le griogadh den chineál seo a leanas, a thagann salach ar an ngaois choitianta faoi ómós fhilí Innti d’fhearann beannaithe Ghaeltacht Chiarraí: ‘I have a very poor sense of direction. I didn’t know where the townlands of Corca Dhuibhne were in relation to each other … I felt a bit lost in Corca Dhuibhne, to be honest’. Nó in áit eile: ‘I didn’t like Ó Ríordáin’s mind, or his diction. That’s a fact. Never warmed to him.’ Murab ionann is an mórfhile Eorpach dar thug an Muirthileach ómós, d’fhéach Rosenstock ar an Ríordánach, adeir sé, mar fhile Breac-Ghaeltachta agus náisiúnaí cultúrtha nach léirítear ina shaothar aon chuid de thaipéis chultúrtha na hEorpa (171).
Is é Rosenstock, a d’fhoilsigh níos mó leabhar le leathchéad bliain anuas ná an triúr eile as a chéile, an t-aon duine den cheathrar atá go rábach i mbun pinn i gcónaí. Faraor, ní raibh Davitt ach sna caogaidí nuair a cailleadh é agus Ó Muirthile sna seascaidí, agus níor fhoilsigh Ní Dhomhnaill cnuasach úr bundánta ó chasadh na mílaoise. Ainneoin comhghuaillíocht áirithe thar na blianta, i measc na bhfear ar chaoi ar bith, ní rómhaith a fheileann ‘scoil’ ná ‘gluaiseacht’ mar lipéad ar deireadh, má bhreithnítear go grinn éabhlóid a saothair file ar fhile. Ní fada a mhair céadbhláthú bladhmannach Innti, agus rinneadh rómánsú air nach mór láithreach, faoi mar a chloisinn féin trácht maoithneach ar ‘UCD’s gentle revolution’ agus mé i mo fhochéimí ansin sna seachtóidí déanacha. Ní raibh dánta ag Ó Muirthile ná Ní Dhomhnaill in Innti 1, bíodh go raibh siad i lár na cuilithe ina dhiaidh sin agus bhí bearna shuntasach ann tar éis Innti 3, a foilsíodh i 1973. Faoin am ar foilsíodh Innti 4 i 1980 ní raibh duine ar bith den cheathrar lárnach fanta i gCorcaigh ach iad ag lonnú de réir a chéile i mBaile Átha Cliath. I bhfriotal sui generis Alan Titley ón réamhrá spleodrach Béarla a scríobh sé don chnuasach seo: ‘The comradeship of a movement waned and they were each left on their owny-o in a big braw world of many-coloured poets who had been energised by their example’ (xvi). Níor bheag sin.
Caoimhín Mac Giolla Léith,
An Coláiste Ollscoile, Baile Atha Cliath
Saothair a ceadaíodh
De Paor, P. (2006) Na Buachaillí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus Ról Comhaimseartha an Fhile sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Ó Direáin, M. (2010) Máirtín Ó Direáin. Na Dánta. Ó hAnluain, E. (eag.) Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Lehman, D. (1998) The Last Avant-Garde: The Making of the New York School of Poets. New York, London, Toronto, Sydney, Aukland: Doubleday.