Essays in Memory of Eleanor Knott

Margo Griffin-Wilson

Essays in Memory of Eleanor Knott

Christina Cleary agus Chantal Kobel (eag.)

Léann na Tríonóide 3. Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (2023)

| v-viii + 264 lch | ISBN: 978-0-9546882-2-6 | €20

 

Cuirtear os ár gcomhair san imleabhar dátheangach Essays in Memory of Eleanor Knott, sé aiste atá foilsithe i gcuimhne ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge, Eleanor Knott (1886–1975). Is iad na haistí seo toradh na comhdhála dátheangaí ar Eleanor Knott a reáchtáladh i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, sa bhliain 2016. Tugann na haistí ómós do Knott, scoláire a thugann inspioráid do scoláirí fós trína hailt léannta, a heagráin agus a leabhair, The bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn (1922 &1926) ina measc. Léiriú atá san imleabhar ar an mionanailís a mhol Knott go minic agus a chleacht sí. Tugtar anseo achoimre ar ábhar na n-aistí. Tagraíonn na huimhreacha idir lúibíní thíos (seachas dátaí) d’uimhreacha na leathanach in Essays.

Tugann Eoin Mac Cárthaigh léargas ar a beatha, ar a saothar agus ar a tionchar ar léann na Gaeilge san aiste ‘Eleanor Knott (1886–1975)’ (1–14). Déantar mionscrúdú ar nuachtáin áitiúla agus litreacha pearsanta atá ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann. Léiríonn Mac Cárthaigh a hintleacht leathan, an bua teangacha a bhí inti agus an dúil a bhí aici i léann na Gaeilge. Níor bhain Knott bunchéim ná ardchéim amach riamh, ach thuill sí ardmheas na scoláirí móra mar eagarthóir agus mar dhuine. Labhair Daniel A. Binchy, mar shampla, ar ‘[her] absolute integrity in scholarship as in life’ (7).

Is fíorspéisiúil an litir atá curtha leis an aiste seo mar ‘Aguisín’ (‘A letter not sent’). Ba í Knott a scríobh (21.10.59) chuig ‘Lillian’ [Lil Ní Dhonnchadha] (1891–1984). Dhein Mac Cárthaigh scagadh ar an bhfianaise chun sonraí na litreach a dheimhniú. Is sa litir seo a mhíníonn Knott an chaoi ar tháinig sí chuig an ngluaiseacht le bonn eolaíoch a chur faoin staidéar ar an nGaeilge. Tháinig athrú mór ar a saol sa bhliain 1907, nuair a shocraigh Richard I. Best go bhféadfadh sí freastal ar ranganna an ‘School of Irish Learning’. Scríobh Knott sa litir, ‘That was the turning point of my career’ (12). Mar a deir Mac Cárthaigh, ‘is mar bhall den bhuíon seo [.i. Best, Bergin, O’Rahilly, agus Knott í féin] is fearr smaoineamh uirthi’ (9).

Baineann an chéad dá aiste eile le dánta óna mórshaothar eagarthóireachta, The bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn (Knott 1922 & 1926, TD feasta). San aiste ‘Aislingí Thaidhg Dhaill Uí Uiginn agus traidisiún na nAislingí Grá’ (15–65), scrúdaíonn Síle Ní Mhurchú gach aisling grá dá bhfuil againn ó na samplaí is luaithe go dtí deireadh an seachtú céad déag d’fhonn, mar a deir sí, ‘comhthéacs níos leithne ná mar a bhí ar fáil go dtí seo a sholáthar don dá aisling grá a chum Tadhg Dall Ó hUiginn (1550–1591)’ (15): Néall mná síthe aréir (TD 39) agus An tusa an bhean (TD 40). An bhuncheist atá scrúdaithe anseo ná an bhfuil siad eisceachtúil nó aircitíopúil? Chun an cheist sin a mheá, tugann Ní Mhurchú liosta de mhóitífeanna a fhaightear go coitianta sna haislingí grá, agus úsáidtear an liosta seo mar fhráma tagartha san anailís. Is léir ó na móitífeanna go raibh na filí ag tarrac ‘ar thobar coiteann coinbhinsiún agus tuiscintí agus iad i mbun cumadóireachta’ (16). Taispeántar sa phlé gur tobar domhain saibhir é an tobar sin, agus go raibh na filí a bhí ag tarraingt as cruthaitheach cumasach.

Áitíonn Ní Mhurchú gur aislingí grá iad na ceithre dhán grá (dánta uimhir 43, 44, 45 agus 48 in Ó Raithile 1926), agus cuireann sí síos ar na tréithe coitianta atá iontu: áilleacht na mná, an tuiscint gur galar é an grá agus fulaingt agus éadóchas an urlabhraí. Tá anailís déanta ar an meascán meadarachta, siollach agus aiceanta, san aisling ón seachtú céad déag, Fuaras fríth is misde mhe. Déantar an cur síos ar áilleacht na mná san aisling Néall mná síthe sunn aréir a chur i gcomparáid leis an tuairisc ar áilleacht Étaín sa scéal Togail Bruidne Da Derga, téacs a chuir Knott féin in eagar. Áitíonn Ní Mhurchú go bhfuil an dá aisling ‘fíor-shnasta’ (65) agus níos casta ná mórán de na haislingí grá eile, ach áitíonn sí go bhfuil an traidisiún fairsing agus seanbhunaithe, agus gur deacair a mhaíomh gur réamhtheachtairí iad aislingí Thaidhg Dhaill. Pointe tábhachtach a dhéanann Ní Mhurchú ná gurbh é Tadhg Dall Ó hUiginn ‘an t-aon fhile proifisiúnta amháin a bhfuil aislingí grá leagtha air agus seans go léiríonn na haislingí seo uaidh go raibh sé sásta tarrac ar sheánraí agus ar mhóitifeanna ná samhlófaí go tradisiúnta le filí na scol’ (65).

San aiste ‘Uilliam Ó Ceallaigh, Gairm na Nollag (1351) agus Stair Eacnamaíoch fhilíocht na Scol’ (67–130), lonnaíonn Mícheál Hoyne an dán cáiliúil Filidh Éireann go haointeach ina chomhthéacs stairiúil. Molann an file, Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an fhleá mhór d’fhilí na hÉireann sa bhliain 1351 sa dán. Is í Eleanor Knott a chuir in eagar agus a d’aistrigh go Béarla é in Ériu 5 (1911). Luann Hoyne gur deacair locht a fháil ar a heagrán. Ní dhéanann sé ach mioncheartúcháin agus molann sé léamh difriúil sa leathrann deiridh den dán (69 n. 3). Mar chuid den alt leis, cuireann sé dán neamhfhoilsithe a bhaineann leis an bpátrún céanna, Uilliam Ó Ceallaigh († 1381), in eagar: Táth aoinfhir ar iath Maineach (76 rann).

Pléitear an cuntas is cuimsithí ó Annála Chluain Mhic Nóis, ina bhfuil cur síos ar chuireadh do na filí, breithiúna agus cearbhaigh chuig tigh Uí Cheallaigh um Nollaig, agus ina bhfaightear tagairt díreach do Filidh Éireann go haointeach. Cuireann Hoyne ar ár súile go mbaineann tábhacht ar leith leis an dán seo sa mhéid is go raibh an file féin i láthair ag Gairm Scoile na bliana 1351. Tugtar aird ar mheafar fileata na láimhscríbhinne: tá sráideanna cosúil leis na línte i lámhscríbhinn; tá dún Uí Cheallaigh féin ina cheannlitir chloiche ós cionn na litreacha eile. Is sa cheathrú haois déag, áitíonn Hoyne, nuair a tháinig cúlú ar an eacnamaíocht ar fud na hEorpa agus in Éirinn, a eagraíodh Gairm na Nollag, agus ba é Uilliam Ó Ceallaigh a thapaigh an deis agus a bhuanaigh a chlú dá bharr.

Is mór an t-ómós do Knott an t-eagrán agus an t-aistriúchán soléite den dán Táth aoinfhir ar iath Maineach. Níl a fhios cé a chum é, ach measann Hoyne gur cumadh é timpeall na bliana 1345, nuair a bhain Uilliam lánríghe na tíre amach. Is cosúil, dar leis, nárbh eol do Knott an dán. Soláthraíonn Hoyne nótaí cruinne ar phointí gramadaí, ar an meadaracht ‘deibhidhe’ (dán díreach), agus ar ‘breacadh’, ornáidíocht meadarachta atá flúirseach sa dán. Baineann cuid mhaith den dán le ginealas Uilliam Uí Cheallaigh, agus tá béim sa dán ar tháthú tíre Uí Cheallaigh. Molann an file teach Uí Cheallaigh, agus is íomhá shuaithinseach sa dán ‘mná ar tuinn ag taobhshnámh gan tocht’ (‘women swimming sidestroke without pause on a wave’) (100. 21). Déantar tagairtí eile do ‘taobh snámh’ agus do chumas ban sa snámh sna nótaí (122. 21).

Tá clú ar Eleanor Knott mar scoláire sa Nua-Ghaeilge Chlasaiceach, ach is léir ó na trí haistí a leanas (scríofa as Béarla) gur saineolaí ab ea í sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge chomh maith. San aiste ‘Scéla Mongáin mac Fíachnai ocus Echdach Rígéicis: A reappraisal of text and language’ (131–156), déanann Chantal Kobel athscrúdú ar théacs a chuir Knott in eagar faoin teideal: ‘Why Mongán was deprived of noble issue’. Is scéal é a bhaineann le grúpa scéalta faoi Mhongán mac Fíachnai († 625), mac le Fíachnae mac Báetáin (†626) a bhí ina rí ar Dhál nAraidi. Baineann an scéal le seánra ina mbíonn an file lárnach: tá Echaid rígéices (‘rífhile’) na hÉireann ar dhuine de phríomhcharachtair eile an scéil, agus is sa scéal seo a dhéanann Echaid aoir (‘áinus’) ar Mhongán á rá nach síolróidh ach teach ‘bachlach’ gan meas gan oidhreacht ó Mhongán.

Is í príomhaidhm na haiste mionanailís a dhéanamh ar theanga an scéil chun an dáta a shocrú chomh cruinn agus is féidir. Mar a luann Kobel, níl anailís teangeolaíocha déanta ar an téacs ó foilsíodh sa bhliain 1916 é. Molann sí eagrán Knott, agus ní aimsíonn sí ach cúpla ‘minor inaccuracies’ (138). Déantar mionscrúdú ar an aon chóip amháin den scéal atá tagtha anuas chugainn, i Leabhar Buí Leacáin. Áitíonn Kobel, ón anailís atá déanta aici ar fhianaise na teanga, gur uair éigin le linn na tréimhse c. 850–950 a cumadh an scéal. Soláthraíonn sí téacs úr le haistriúchán Béarla agus nótaí cruinne ar an teanga. Tá cúpla líne nár aistrigh Knott aistrithe ag Kobel (144–145 §§5–6). Áit ar léigh Knott líne amháin mar phrós, áitíonn Kobel gur líne filíochta siollaí í agus go bhfuil nod ann a thagraíonn d’Echaid. Tabharfaidh an t-eagrán seo, in éineacht le ceann Knott, deis do scoláirí anailís liteartha níos doimhne a dhéanamh ar an scéal seo agus ar an tsraith scéalta faoi Mhongán.

San aiste ‘Verses in the “Iona Chronicle”? Textual and linguistic evidence’ (157–203)’, scrúdaíonn Fangzhe Qui stair théacsúil na véarsaí siollacha atá le fáil sna hiontrálacha annála ón mbliain 516 A.D. anuas go dtí 695 A.D. Is iad na véarsaí atá i gceist ná na cinn atá ar fáil in Annála Uladh agus na frithvéarsaí atá tagtha anuas chugainn i gceann amháin, ar a laghad, de na hannála a dtugtar ‘grúpa Chluain Mhic Nóis’ air — sin iad, Annála Tigernaigh agus Chronicon Scotorum. Cuireann na véarsaí seo síos ar imeachtaí a thit amach roimh an ochtú céad. Má tá na véarsaí seo comhaimseartha ó thaobh na fianaise teangeolaíochta de, dar le Qiu go bhfuil seans ann go mbaineann siad leis an tsraith is luaithe de na hannála Éireannacha ­– an buntéacs ar a dtugtar ‘Croinic Oileán Í’. Tuairim na coitiantachta i measc scoláirí is ea gur coimeádadh ‘Croinic Oileán Í’ ar an oileán Albanach go dtí timpeall na bliana 740.

Soláthraíonn Qiu téacsanna cruinne Gaeilge le haistriúcháin go Béarla. Tras-scríobhann sé na téacsanna ó íomhánna digiteacha de na lámhscríbhinní; déanann sé idirdhealú idir an príomhscríobhaí (H1) agus an idirshuiteoir (H2) i lámhscríbhinn H de Annála Uladh. Tugtar léargas ar an gcomhthéacs staire agus déantar iarracht an dáta cumadóireachta a bhunú, ceist atá deacair a réiteach. Taispeántar san anailís gurbh fhéidir go bhfuil cuid de na véarsaí sna téacsanna annála ag dul siar don am sarar scoilteadh an dá thraidisiún téacsúla, agus b’fhéidir chomh fada siar leis an seachtú aois. Is cosúil go mbaineann cúpla véarsa le tréimhse na Sean-Ghaeilge, mar shampla, ceann amháin ar dhúnmharú Fhearghuis mhic Colmáin Mhóir, rí Midhe (Annála Uladh 618.2) (185-187). Taispeántar gur briathra Sean-Ghaeilge iad na briathra go léir sa véarsa seo, agus is fianaise é an foirceann –o sa tuiseal ginideach (‘gono’, ‘Ferguso’, mar shampla) do dháta cumadóireachta níos luaithe i dtréimhse na Sean-Ghaeilge. Is staidéar forleathan saineolach é seo, agus tugann sé léargas iontach ar an stair, ar an teanga, ar na meadarachtaí agus ar an luach liteartha atá leis an versaíocht sna hannála.

Chuir Knott eagar ar Togail Bruidne Da Dergae (1936), agus is ar an scéal seo a fhilleann Christina Cleary san aiste ‘Comments on the remscéla to Togail Bruidne Da Dergae’ (205–229). Scrúdaíonn sí tagairt do ‘remscéla’ (‘réamhscéalta’) i gceann de shleachta Chín Dromma Snechtai atá ceangailte do Leagan II den scéal Togail Bruidne Da Dergae sa lámhscríbhinn Leabhar na hUidhre. Tá an sliocht seo tugtha isteach sa phríomhscéal de Leagan III de Togail Bruidne Da Dergae sa lámhscríbhinn LB Egerton 1782, f. 110vb (tá tagairt don tsliocht seo ag Knott (1936: 71). Luann Cleary nach bhfuil ach trí shampla den téarma ‘remscél’ ar eolas aici: is é an tagairt i sliocht in Cín Dromma Snechtai an ceann is luaithe, agus tá an téarma sa liosta de remscéla do Táin Bó Cúailnge, agus úsáidtear ‘rémscél’ sa dá chóip de In Cath Catharda, ach mar mhodh inste chun codanna den scéalaíocht a eagrú seachas mar ‘réamhscéalta’.

Soláthraítear eagrán criticiúil, aistriúchán Béarla agus anailís ar an ‘retoiric’ ón scéal Tochmarc Étaíne, scéal atá gaolmhar le Togail Bruidne Da Derga. Tá an ‘retoiric’ seo luaite le slua Mhidir, atá i ngrá le hÉtaín. Tá anailís ar úsáid an fhocail ‘tromdám’ sna téacsanna. Tugtar ‘tromdám’ ar shlua Mhidir sa ‘retoiric’ féin, mar shampla. Is tábhachtach an t-eagrán é, toisc nár aistrigh Best agus Bergin an ‘retoiric’. Cuireann Cleary eagrán agus aistriúchán Gearmáinise a d’fhoilsigh Wolfgang Meid (2020) san áireamh leis. Mar sin, is féidir an dá eagrán seo a léamh le chéile, taobh le léamha ón dá lámhscríbhinn (Leabhar na hUidhre agus Leabhar Buí Leacain). Tugann Clearly aird ar stíl agus ar struchtúr na ‘retoirice’, agus ar athrá agus ‘uaim’ ar fud an phíosa. Tá anailís déanta aici ar stíl frásaí ainmfhoclacha agus ar a gcomhréir fhileata.

Cnuasach ilchineálach aistí atá sa imleabhar seo, mar sin. Maidir leis an mbrollach (vii–viii), is deas go luann Cleary agus Kobel gur onóir gan súil leis go raibh Bobby Barden, comharsa ar gheall le mac é do Eleanor Knott, i láthair ar an gcomhdháil i 2016. Is mór an chreidiúint do na húdair ar fad gur leanadar ar aghaidh leis an obair ar feadh na paindéime agus gur tugadh an saothar inmholta seo chun críche. Cuirfidh lucht a léite spéis mhór sa taighde úr seo agus sa léargas ar théacsanna a raibh suim mhór ag Eleanor Knott iontu.

 

Margo Griffin-Wilson

University of Cambridge

 

 

SAOTHAIR A CEADAÍODH

Knott, E. (eag.) (1922 & 1926) The Bardic Poems of Tadhg Dall Ó hUiginn. London: Irish Texts Society.

Knott, E. (eag.) (1936) Togail Bruidne da Derga. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Meid, W. (eag.) (2020) Die Werbung um Étaín : eine altirische Sage = Tochmarc Étaíne restaurierter altirischer Text, mit Einleitung, Übersetzung, Kommentar und Glossar. Innsbruck: Institut für Sprachen und Literaturen der Universität Innsbruck.

Ó Rathile, T. (eag.) (1926) Dánta Grádha: An Anthology of Irish Love Poetry (A.D. 13501750). Dublin agus Cork: Cork University Press. An Dara Cóiriú.

 

Údar:
Margo Griffin-Wilson

Institiúid:
University of Cambridge

Scaip an t-alt seo: