Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós

Stiofán Ó Cadhla

Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós

Philip Fogarty, Tiber Falzett & Lillis Ó Laoire (eag.)

Cló Iar-Chonnacht (2022) | 404 lch | ISBN: 978-1-78444-237-8 20 | €20

 

Ní mar a chéile a bheith báite sa traidisiún agus a bheith báite ag an dtraidisiún.
– Josie Sheáin Jeaic.

 

Ar aghaidh an leabhair mhaisiúil seo tá saothar ealaíne le Meadhbh Ní Eidhin gur léargas ar an sean-nós ann féin é. Amhránaí atá ann agus é suas díreach, a lámha sáite i bpócaí a threabhsair síos agus a cheann caite siar ‘ag éirigh ar Òrain’ nó ‘air fonn’ (Watson), nó ag ‘gabháil fhoinn’, agus dealraíonn sé nach ar stáitse de chuid an Oireachtais ná TG4 atá sé. Is fada an sean-nós ina réalta ar stáitse scáiliúil an tSoilsithe, beo agus oiread eile ag leá agus ag feo ina thimpeall. Idir vox Dei agus vox populi tosnaíonn taobh fealsúnta an scéil le volkslieder Johann Gottfried Herder (1744–1803). Tá gaol ag an bhfocal leid le laoi nó lay, ortha nó oratio na Laidine. Idir 1778 agus 1779 cuireadh bonn machnamhach fé íomhá an náisiúin agus an dúchais, mar a dúirt Herder: ‘Song loves the masses, it loves to take shape from the common voice of the multitude: song commands the ear of the listener and the chorus of voices and souls’ (Herder agus Bohlman: 47–48). Le linn agus é ag éirí suas ní raibh fhios ag Josie Sheáin Jeaic, Seosamh Mac Donncha, go raibh a leithéid de théarma agus sean-nós ann agus deir sé ina thaobh: ‘Cruthaíonn sé an íomhá go gcaithfidh gach rud atá bainteach leis an sean-nós a bheith sean: caithfidh an t-amhrán a bheith sean, caithfidh an fonn a bheith sean, caithfidh an t-amhránaí a bheith sean, agus mura bhfuil tú sean, cabhraíonn sé má tá tú seanfhaiseanta’ (Mac Donnacha: 107).

 

Is le taobh an stáitse a bhaineann don gcuid is mó, le tórramh mór na seanreachta agus le fionnachtain shuaithinseach an ghnáthshaoil aimsir an fin de siècle, an cóngar á ghearradh ón amhránaíocht go dtí an sean-nós, seann-nòs in Albain agus in Albain Nua, Ceanada, tír ar theith cuid des na Gaeil ón ‘bhforbairt’ sa mbaile chuici idir 1773 agus 1850 (Watson, Falzett, Labhruidh). Luaitear foinsí agus fréamhacha éagsúla i gcéin is i gcóngar leis: 1784 i nGránard i gCo. Longfoirt (Ó Laoire); Mòd Náisiúnta Ríoga na hAlban in 1891 (Labhruidh); Baile Átha Cliath in 1897 (Costello); Oireachtas na Gaeilge nó na Feiseanna (Ní Mhuircheartaigh, Nic Dhonncha, Costello), nó arís c.1900–1905 nuair a baisteadh Modh Gaelach, old Irish style, ‘nós dúthchasach’, agus sean-nós, ar amhránaíocht Ghaelach an chéaduair. Tá cora eile leis sa scéal nach iad, bunú an Folk Song Society i Londain Shasana sa mbliain 1898 nó Cois Fharraige i gCo. na Gaillimhe sa mbliain 1974 (Costello 337; Mac Donnacha: 100); Ó Súilleabháin: 102; Nic Dhonncha 2004: 32, 80, nóta 14), jaquerie na Gaeltachta agus Saor-Raidió Chonamara (1970) agus réabhlóidiú an tsean-nóis agus na Gaeilge fé lánseol fé anáil an zeitgeist (Denvir: 4344).

 

Tugann na focail béal agus nós le tuiscint go bhfuil béaloideas, más folklore, agus sean-nós, más folk song (Harker), fite fuaite lena chéile i dtéarmaí glanscartha an traidisiúin agus na nua-aoiseachta atá snoite go dearbh ar stair na tíre anois. Tá ‘Brighid na nAmhrán’, gearrscéal Phádraic Mhic Phiarais c.1900, pléite ag triúr d’údair an chnuasaigh (Nic Dhonncha, Ní Mhuircheartaigh, agus Ó Laoire) agus is ábhar mór suime go bhfuil sean-nós agus béaloideas taobh taobh ann mar théarmaí, go bhfuil nuálaíocht na seanaimsearthachta ar thairseach an chéid i saothar de chuid duine d’ailtirí íocónacha íomhá an náisiúin (Ó Laoire: 304314). Más sainspéis an sean-nós a bhfuil eolaíocht an cheoil ag baint leis (Ó Cearbhaill), tá taobh na saíochta tré chéile ann chomh maith. Tá gach aon taobh fé chaibidil sna haistí léannta seo a chuireann go mór leis an ‘sublime study of Irish music’ mar a thug Risteard de Hindeberg (1863–1916) air (Henebry 1903: 14). Tá cúig cinn déag d’aistí ar fad ann mar thoradh ar chomhdháil a ritheadh sa mbliain 2015 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an leabhar tiomnaithe do Liam Mac an Iomaire (1938–2019) agus tugtar urraim do Sheumas Watson (1949–2018) agus do Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha (1943–2017) ón Aird Thiar, Carna, a bhuaigh Corn Chomhlacht an Oideachais sa mbliain 1971, agus Corn Uí Riada fé dhó, in 1978 agus arís in 1982 (Ó Con Cheanainn: 9).

 

‘European music is music’, a dúirt Joseph Needham, ‘all other music is anthropology’ agus tugann an ráiteas cuid mhaith de thoisí na ndíospóireachtaí i dtaobh an tsean-nóis isteach (Needham 1969: 14). An chéad rud ná a chéile a tharraingítear anuas ná ceist na dteangacha agus cuirtear an saol gan Ghaeilge ins an áireamh. Fiafraítear an le Béarla nó le Gaeilge a bhaineann, le teangacha an cheoil nó le tuineacha na n-uirlisí? Shíl cuid de cheoltóirí an Chláir nach amhrán ‘Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé Hí’ achuige ach fonn (Fogarty agus Ó Laoire: 12). Samhlaítear a leithéid mar ghné theoraíochtúil nó eatramhach, ceol in éagmais na teangan. Is Pied Piper an sean-nós a mheall an seanashaol ina dhiaidh agus leathshúil aige ar an nuashaol de réir mar a bhí an saol logánta á chailliúint agus saol neamhlogánta á bheathú as Gaelainn ag na meáin chumarsáide. I measc na dtuairimí uile cuirtear i gcás gur stíl nuálaíoch idir-réigiúnach é an sean-nós, náisiúnú ar chultúr fo-náisiúnta, ard-ealaín dhúchasach ag freagairt d’ard-ealaín neamhdhúchasach, agus go mb’fhéidir go bhfuil, ó thaobh idé-eolaíochta Marx pé ar domhan de, iarracht den cognitive dissonance, an díshondas cognaíoch, i gceist (Costello: 325).

 

Níl aon leisce ar na húdair misniúla aghaidh a thabhairt ar na cruacheisteanna, ceist an tseanmhínithe, na barántúlachta, na híonghlaineachta, an chaomhnaithe, an traidisiúin, agus na nuálaíochta (Denvir, Mac Donnacha, Nic Eoin, Blankenhorn). Tá an saol acadúil taoidithe ag téarmaí fén dtráth seo, is geall le monarchna téarmaíochta na hollscoileanna a tháirgíonn earraí úrnua in aghaidh an résholais. Is teasáras an leabhar de Ghaeilge theicniúil theoiriciúil, ‘trópanna’, ‘tráchtearrú’, ‘traidisiúnaí’, ‘íonaíoch’, ‘eacstais’, ‘dícheantrú’, ‘díshondas cognaíoch’, agus a thuilleadh nach iad. Ó thaobh uirlisí agus fonnadóireachta pléitear an tionchar a bhí ag múnla an ensemble ag Seán Ó Riada (Denvir). Má thug an ré úd uirlisí agus buíonta isteach chuir sé an vers libre amach leis, rud a d’fhág gurbh annamh a bhí amhráin nua ‘i stíl an tsean-nóis’ á gcumadh (Mac Donnacha). Aimsir an folk revival sna seachtóidí ba sheó dearg ‘Yank ag gabháil fhoinn ar an sean-nós’, tháinig oiriúnú stíliúil agus caighdeánú áirithe, tuiscintí ar bhinneas, ceisteanna a bhaineann le húinéireacht, le barántúlacht, agus le rianta an mhargaidh (Blankenhorn). Is ceisteanna iad a thugann plé an tsean-nóis chomh fada le Rúibicean éigin. Ar cheann des na heilifintí is mó ar an stáitse seans tá ceist an authenticité (Denvir, Nic Eoin, Ó Cearbhaill), agus rian Regina Bendix, agus na hiar-nua-aoiseachta, ar dhíspeagadh an choincheapa. Ní fheadar ná go bhfuil naisc níos suimiúla idir barántúlacht, sé sin garant na Fraincise, guaranteewarrant an Bhéarla, agus féindhéantúsaíocht nó authenticity. Mhol sí an téarma folklore a chaitheamh san aer ar fad, agus má dhein is beag a thaithin an téarma folk song le Harker ach oiread, ar chúiseanna éagsúla (Harker: xii, 153). Dealraíonn sé go bhfuil fabht ar argóintíocht na neamhbharántúlachta sa mhéid is gur léir gur athrach barántúlachta a bhíonn ann babhtaí, sé sin barántúlacht na hiarnua-aoiseachta a shamhlaíonn aon domhan aonchineálach, corparáideach, iarlogánta amháin.

 

Áirítear go mbíonn coincheapa seanabhunaithe, tuiscintí nó teoiricí neamhacadúla nó tíriúla ina measc go minic, ‘pobal’ mar shampla, á gcur as riocht ag ‘forlámhas na teicneolaíochta’ agus ag an ‘ilchultúrthacht’. Cuireann an sean-nós, a chuireann síos ar chuid de mhórimeachtaí an tsaoil, a chuid tuiscintí féin chun cinn agus cruthaíonn sé pobal. Meabhraítear go raibh croí Joe Éinniú in ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ beag beann ar údar an amhráin féin. Inniu samhlaítear an sean-nós ó am go ham mar chuid de líonra fíorúil, anaithnid, samhalta, príobháideach, frithshóisialta, de phobal díláithrithe gan aon bhonn eitneagrafaíochtúil futhu (Nic Dhonncha: 116, 118). Tá gannchúis anailíse fé láthair ar an dtoradh a bhíonn ar an mbogadh cinniúnach ó chóras tuisceana agus luachála atá daonna go dtí córas easfhuilteach allúrach, ar an aistriú mór ón mbitheolaíocht go dtí an teicneolaíocht agus IS (intleacht shaorga). I gcorplár na tráchtaireachta tá portráid sceirdiúil de dhaoine ar deoraíocht ‘am measg na cuideachd acu fhéin’ (Falzett: 192). Is gné sui generis snapadh na saíochta ó ghreim an duine agus normalú nó nádúrú na neamhdhaonnachta (Nic Dhonncha: 120). Tugtar le fios go bhfuil amhráin seachas a chéile a thuilleann clú agus cáil, ‘Amhrán Rinn Mhaoile’, ‘Dónal Óg’, nó ‘Caisleán Uí Néill’, bíonn siad ina n-ardáin do thuiscintí áirithe nó samhlaíonn lucht páirte nó scríbhneoirí údar nua leo. Agus áit an amhráin mar chleachtas sóisialta sa litríocht chomhaimseartha á ríomh tuigtear an aguisínteacht so i dtéarmaí faiseanta Lauri Honko, an tslí a n-áirítear ábhar traidisiúnta a bheith ‘á bhogadh ar bhealach comhfhiosach ón gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha as ar eascair sé agus inar fheidhmigh sé mar ealaín bhéil’ (Nic Eoin: 134). I dtreo eile moltar nár mhiste dul ‘ag triall ar thobar an dúchais’ arís d’fhonn aon athnuachan a dhéanamh bunúsach nó fódúil. Ní le TG4 ná le Raidió na Gaeltachta a thosnaigh an scéal agus dá chomhartha san, bunaithe ar chnuasach Wilhelm Doegen a conlaíodh idir 1928 agus 1931, déantar cíoradh teicniúil, mionchúiseach, neamhchoitianta ar ‘Chití na gCumann’ le Tomás Ó Corcráin (r. c.1846) ó Bhoth an Dúin, Co. Phort Láirge. I measc chomharthaí sóirt na stíle gur fiú ceann a thógaint díobh tá gannchúiseacht na hornáidíochta, cosc obann na hanála, agus na nótaí móra leabhaire a shamhlaítear mar bhuaic an ‘bhinnis thar meon’ (Ó Cearbhaill: 248).

 

Téarma sean-nósúil is ea illiteracy, focal atá ag rith le léann an bhéaloidis a shamhlaigh illitterati agus rustici fé leith, agus na Gaeil go minic mar bharrshamhail den bprimitíbheach nó den mbarbarach (Labhruidh: 252). Cuirtear a mhalairt ar fad i gcás dúinn sa saothar so, is amhlaidh go mbíonn tionchar réabhlóideach ag an mbéalaireacht nó ag an neamhlitearthacht ar an machnamh agus ról ag na healaíona béil i bhforbairt na smaointeoireachta féin. Fágann san gur uirlis smaointeoireachta an t-amhrán a mbíonn feidhm dheasghnáthúil aige. Cruthaíonn sé a chuid ama féin, am filiúil neamhstairiúil, spás imearthach siombalach nó ‘frith-struchtúr’ mar chuid de phróiseas ‘beo te daonna’ laistigh de ghéarchéim bhuan nua-aoiseach. Bochtaithe mar atá sé is amhlaidh go bhfuil an saol ‘i ngátar na n-amhrán’ agus an duine ‘fé chois ag fórsaí “seachtracha” na Nua-aoise’ (Ní Shíocháin: 56, 68, 74, 75). Pé acu an athrach comhthéacsa, díreach cuid de chaitheamh coitianta an tsaoil, nó milleadh comhthéacsa, cúinsí uirbeacha a bheith ag teacht salach ar dhálaí na tuaithe nó na daonnachta, dealraíonn sé gur ceist í atá lárnach sa léann rathúil so (Coomaraswamy 1911: 481). Fiafraíonn údar amháin an nglacfaí le hAntaine Ó Raiftearaí ag Corn Uí Riada, ar a shon gur thug amhráin dá chuid an svae leo ann? An ag an stair oifigiúil atá más ea, an stair a dháileann na haoiseanna rialta néata fé ribín orainn, nó ag an stair ‘nach féidir a fháil ar pháipéar’? Agus mara bhfuil aon ghlacadh le Raiftearaí an bhfuil sé in am comhthéacsanna níos sláintiúla a lorg (Ó Faracháin: 85). Tugtar tosach don gcur i láthair beo beathaíoch agus ‘an spás idir an t-amhránaí agus a lucht éisteachta’ a ghiorrú mar chuid de chothromú na barántúlachta (Mac Donnacha: 106; Nic Dhonncha: 128, 130).

 

Tá difríocht idir foclóireacht chaighdeánach na hathbheochana agus na hiar-athbheochana agus sanasaíocht eitneagrafaíochtúil na bhfocal. Is deacair a leithéid a phrobhadh in aon chor gan doimhniúchan éigin eitneagrafaíochtúil a dhéanamh chun teacht níos cóngaraí do ‘dòighean-smaoineachaidh’ nó ‘léirsinn’ na ndaoine. Ag leanúint dea-shampla duine dá chomheagarthóirí téann Falzett i muinín na gcatagóirí dúchais agus an phróisis a dtugtar ‘thogail’ air, malairt an ‘ionnsachaidh’. Is ionann san is a rá gur thugadar leo ‘eagnachd’, ‘beusan’ agus ‘cuideachd’ go nádurtha. Ag cur leis an liosta luann sé ‘ceart’, ‘ceàrr’, ‘moladh’ agus ‘càineadh’, ‘s(h)íos’, ‘s(h)uas’, ‘ùine’, ‘aithne’, ‘cumha’, ‘teas’, ‘fuachd’, agus ‘blas’, a bhfuil gaol aige le híocshláinte an bhídh ó thaobh maitheasa, mar ‘ghrunnd-intinn’ nó mar chuid de ‘choimhearsnachd shòisealta’. Is bunfhoclóir é a iompraíonn idir ceol agus focail, mar a deir sé ‘Cluinnear an dàimh bheò mar bhualadh cridhe ann an cléibh gach duine a chruinnicheas mun chléith-luaidh’ (Falzett: 190199, 208).

 

Tá gach aon chuma ar an scéal gur mar chuid de vóc leathuirbeach a ceapadh an téarma ‘sean-nós’, an stáitsiú, an lucht éisteachta nua, agus é á mheas ag daoine nár thuig an teanga. D’éirigh cleachtais mholtóireachta a bhí bunoscionn le cleachtais amhránaíochta, láthair agus am seachtrach, an clog agus an cloigín ag máistriú na healaíne mó sa mhó. Bhí amhránaithe agus moltóirí idir dhá stíl, idir dhá shaol, idir dhá theanga, idir dhá lucht éisteachta, agus idir dhá aigne seans. Ba nós nua anuas ar shean-nós é agus ‘séala oifigiúil na n-údarás’ air (Ní Mhuircheartaigh: 278, 284). Mar gheall ar an virulent obscurantism nó an ‘flood of false notions’ bhí an Gael i dteannta idir cultúr impiriúil na Breataine agus an dúchas go minic (Henebry 1903: 9). Tháinig ‘stoidhle ùr’ chun cinn, seánraí uirbeacha, ceoldrámaíocht, pianó, córanna, agus guthanna oilte. Bhí íomhá obscure agus unattractive ag teacht don ‘seann stoidhle’. Ba sméar mhullaigh ar fhiabhras na hathbheochana ‘anthem a’ Mhòid’, ‘Suas leis a’ Ghàidhlig’, a ndúirt MacPhàrlain ina thaobh ‘there is not a glimmer of Gaelic style in the versification: and the idiom itself is shady. The very name is a literal translation of English’ (luaite ag Labhruidh: 262263). Mar chuid de mhiotaseolaíocht na healaíona bhí sé seo á thuar ag gearrscéal an Phiarsaigh, fuair an sean-shean-nós bás nuair a bhain a mhóidín ‘Brighid na nAmhrán’  leacacha sleamhaine ardeaglais an chultúir i mBaile Átha Cliath amach (Ó Laoire: 310).

 

Tá an sean-nós ag bogadh ó ardán go hardán ón ochtó haois déag ach tá nasc nua fé leith aige leis an bhfichiú haois, le lucht craoltóireachta ó Shaor-Raidió Chonamara agus RTÉ Raidió na Gaeltachta (1972) i leith go dtí Conamara a 4 agus, dar ndóigh, foilsitheoirí an leabhair scóipiúil seo. Tá saol na bhfuíoll le tamall de bhlianta aige, taobh taobh le ceol indie agus ceol ailtéarnach, saol na saorgán, na ndlúthdhioscaí, na bhféiltí, na n-ócáidí, na gcláracha, agus na gclár-reachtairí, cuid acu a thug Corn Uí Riada leo nó a chuireann i láthair é (Ní Chéilleachair: 365). Féachann an aiste shuimiúil le Ní Chéilleachair ar roinnt de na gnéithe seo mar chuid den toradh a bhí ar thaighde bunúil, maille le léaráidí, atá déanta aici ar ról RnaG. Cuirtear meascán de thuairimí, idir mhaith is olc, i leith na tindeála a dheineann RTÉ ar dhámh an tsean-nóis, i láthair. Moltar an leathadh atá déanta ar an sean-nós le tamall de bhlianta ach ceistítear tiomantas na máthaireagraíochta ar an mbonn go mbraitear go mbíonn sean-nós á thachtadh ag tosca teicneolaíochtúla. Léirítear míshásamh leis an tslí ar craoladh rugbaí ar TG4 in áit Chorn Uí Riada mar shampla agus ina theannta san deintear amach go mbíonn ‘tionchar claochlaithe’ ag RnaG tríd is tríd, go ndeintear mar a bheadh naíondú ar a lán gnéithe agus éileamh ar anailís ná tógtar ceann de poinn (Ní Chéilleachair: 375, 367379).

 

Thug Séamus Ó Duilearga ‘Gaelic scholar’s studyar an airneán, láthair par excellence an eolais, an tseanchais, agus na n-amhrán le sinsearacht. Ar na léargais iomadúla atá sa leabhar iltréitheach so, tá go bhfuil an comhthéacs idir dhá cheann na meá, á chur as riocht nó á chur i riocht nua. Tá léann bunúil ar leithligh á chur féin i bhfáth go láidir in organán seo an tsean-nóis atá ag cur lenár n-eolas agus lenár dtuiscintí ar shlí atá athréimiúil agus céimiúil. Is léann é atá ag cur ann dúinn le tamall maith agus dúshlán na cinniúna agus na cúngrachta á thabhairt aige. Ón uair gur comhdhán don sean-nós agus don dteanga babhtaí is léann é atá níos leithne ná léann an amhráin. Tá sé ar cheann des na dámha is bisiúla agus is fiafraithí de léanna an dúchais bheo anois agus beidh sé mar chloch mhíle feasta ag lucht fiosrachta agus feasa.

 

Stiofán Ó Cadhla

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

 

SAOTHAIR A CEADAÍODH

Bohlman, P.V., agus Herder, J.H. (2017) Song Loves the Masses: Herder on Music and Nationalism. California: University of California Press.

Coomaraswamy, A.K. (1911) Art and Swadeshi. Madras: Ganesh & Co.

Harker, D. (1985) Fakesong: The Manufacture of British ‘Folksong’ 1700 to the Present Day. Milton Keynes: Open University.

Henebry, R. (1903) Irish Music. Baile Átha Cliath: An Cló-Chumann Teóranta.

Needham, J. (1969) Within the Four Seas: The Dialogue of East and West. London: George Allen & Unwin.

Nic Dhonncha, R. (2004) ‘An tOireachtas agus an Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Cruthú agus Sealbhú Traidisiúin’. In: Ó hUiginn, R. & Mac Cóil, L. (eag.) Bliainiris 2004. Ráth Cairn: Carbad: 28–84.

Ó Con Cheanainn, C. (2008) ‘Nótaí’. In: Corn Uí Riada: Buaiteoirí, 1972–2007. Cló Iar-Chonnachta & RTÉ Raidió na Gaeltachta. Indreabhán: CICD 177.

Ó Súilleabháin, D. (1984) Scéal an Oireachtais 1897–1924. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Williams, S., & Ó Laoire, L. (2011) Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man. Oxford: Oxford University Press.

Údar:
Stiofán Ó Cadhla

Institiúid:
Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.