Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain

Ian Ó Caoimh

Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain

Radvan Markus

Leabhar Breac (2023) | 248 lch | ISBN: 978-1-913814-33-5 | €20

 

Foilsíodh an monagraf seo agus an cnuasach aistí Máirtín Ó Cadhain 2020, imeachtaí comhdhála ar líne a d’eagraigh Coláiste na Tríonóide, sa bhliain 2023. Mar a deir eagarthóirí an chnuasaigh sin (Mac Cárthaigh agus de Paor 2023: vii), níl an páipéar maidir le Cré na Cille agus cúrsaí ciclipéideachais a thug Radvan Markus ag an gcomhdháil as ar eascair an cnuasach san áireamh in Máirtín Ó Cadhain 2020 mar go raibh críoch eile i ndán dó. Is é an monagraf seo, Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain, an saothar a bhí i gceist leis sin.

I dteannta na hanailíse a dhéanann Markus ar úrscéal Uí Chadhain ó thaobh na hinsinte ciclipéidí de, is i gcomhthéacs Cré na Cille a bheith á aistriú go teangacha eile le blianta beaga anuas a fhéachann sé le húrscéal Uí Chadhain a scagadh de réir chur chuige teoiriciúil an charnabhalachais go príomha. Scrúdaíonn sé an t-úrscéal freisin mar shaothar de chuid litríocht an domhain, baineann sé leas as béaloideas, litríocht agus ceol na hÉireann mar áiseanna anailíse agus suíonn sé Cré na Cille i gcomhthéacs scríbhinní áirithe de chuid Uí Chadhain idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe.

Wolfgang von Goethe a chum an téarma Weltliteratur sa naoú haois déag agus deir Markus go bhfuil scoláirí ag díriú aird air arís le déanaí (13). Seachas tionchar líneach gan srian a bheith ag dul ó shaothar go saothar, míníonn Markus gur coincheap ciorclach a chuireann teoiric litríocht an domhain i gcás. Úsáideann sé An Dea-Shaighdiúir Švejk le Jaroslav Hašek agus an tsuim a chuir Breandán Ó hEithir san úrscéal sin mar phointe ceangail idir litríocht na Gaeilge agus litríocht na Seicise. Luann Markus go mba chuidiú dó féin na réimeanna teanga i leabhar Hašek nuair a bhí Cré na Cille á aistriú go Seicis aige. Chomh maith lena thaithí féin mar aistritheoir, cíorann Markus cuid dá bhfuil le rá ag aistritheoirí Cré na Cille go teangacha eile, in éineacht le tuairimí roinnt léirmheastóirí ar na haistriúcháin sin. An úire a bhaineann leis an ábhar eachtrach sin, treisíonn sí an bhraistint gur gnó domhanda leanúnach dáiríre atá á ghiniúint ag na haistriúcháin agus an tráchtaireacht sin. Sampla de seo is ea na tagairtí do Cré na Cille a rinne triúr a scríobh léirmheasanna ar an úrscéal Lincoln in the Bardo (2017) le George Saunders a bhfuil suíomh iarbháis ann ar nós Cré na Cille. Deir Markus go gcruthaíonn na tagairtí sin ‘go raibh méid áirithe feasachta faoi úrscéal an Chadhnaigh scaipthe i measc lucht litríochta i Meiriceá faoi 2018’, cé nach dócha go raibh Cré na Cille léite ag Saunders féin (30).

‘An Carnabhalachas i gcoinne na hEantrópachta: Saoldearcadh Cré na Cille’ is teideal do chaibidil a dó. Breathnaítear ar an toise threascrach in Cré na Cille sa mhéid is go ndiúltaítear ann do ghnáthleagan amach an tsaoil, don iompar atá measúil nó coinbhinsiúnach. Chomh maith leis an gcarnabhalachas, is iad an raibiléiseachas agus an anchúinseacht na huirlisí léirmhínithe atá i gceist sa chuid seo den anailís. Léiríonn Markus gur maith mar a oireann an raibiléiseachas dá argóint mar go raibh cur amach ag an gCadhnach ar Gargantua et Pantagruel le François Rabelais agus gur go comhfhiosach a bhain sé úsáid as ina chuid scríbhneoireachta. Luann Markus (40–41) an bhéim a leagann Wolfgang Kayser in The Grotesque in Art and Literature ar thaobh diúltach na hanchúinseachta, ach is mar fhórsa dearfach a chaitheann Markus le Cré na Cille trí lionsa na teoirice seo.

Ceanglaítear Cré na Cille leis an úrscéal Athnuachan (1995) agus le roinnt gearrscéalta leis an gCadhnach mar shaothair a thugann cúrsa timthriallach i gceist seachas gluaiseacht i dtreo an bháis, agus ar mó d’ábhar dóchais atá le sonrú iontu dá réir. Mar fhórsa i gcoinne na heantrópachta a léann Markus an claonadh seo, murab ionann agus an claonadh chun suíomh cille an úrscéil a thuiscint mar shiombalachas diúltach do chinniúint na Gaeilge. Sampla tionscantach den chur chuige seo is ea an léamh a dhéanann Markus ar ról Stoc na Cille, gné den úrscéal ar bhain mistéir áirithe léi ó thús. Is cosúil nach gcloiseann na corpáin glór an Stoic, agus is rud é seo a bhfuil mianach na brí agus an fhuinnimh inti, dar le Markus. Má sheasann an Stoc do phrionsabal an mheathlaithe, is féidir ‘caint thíriúil na gcorpán agus neamhchúis i leith ghlór an Stoic a thuiscint mar reibiliún i gcoinne údarás an Stoic … i gcruinne shamhlaíoch an téacs, is féidir le corpáin san úir, fiú, cur i gcoinne fhórsaí na dreochana trí chaint charnabhalach a tharraingt chucu’ (54).

Teoiric na hinsinte ciclipéidí de chuid Edward Mendelson an phríomhuirlis scagtha a chuireann Markus i bhfeidhm sa tríú caibidil. Is éard a bhíonn i gceist go hachomair, go gcuimsíonn an mórúdar ciclipéideach raon iomlán sóisialta agus teangeolaíoch an náisiúin, agus go mbunaítear ‘tionscadal fairsing acadúil chun a shaothar a léirmhíniú’ (68). Cíorann Markus na saothair eile i mBéarla, i nGaeilge agus i dteangacha eile atá mar chuid de dhéantús Cré na Cille de réir na rúibrice sin, ina measc maslaí agus mallachtaí na gcainteoirí, a dtugann sé ‘seánraí faoi leith’ orthu ‘i dteannta an tseanchais, an tsean-nóis agus an chaointe’ (70), cé nach mbíonn muinín ag an údar ciclipéideach as aon cheann ar leith de na seánraí a mbaintear leas astu, de réir Mendelson.

Leantar den anailís ar an úrscéal ar bhonn struchtúir i gcaibidil a ceathair. Cuireann Markus na príomhleaganacha drámatúla éagsúla a stáitsíodh nó a craoladh go dtí seo i gcomparáid le chéile. Ar na modhanna insinte éagsúla a fheictear dó a bheith ag feidhmiú i nglórtha ilfhiúsacha an téacs, tá an mhonalóg (a fhoroinneann sé mar a leanas: féinuiríll, óráidí, insint scéil agus racht); an comhrá beirte, a bhfuil dhá chineál ann, ‘oscailte’ agus ‘folaithe’; an cuntas ina ndéantar athfhriotal ar ráitis nó ar chomhrá duine eile (modh a sheasann idir an mhonalóg agus an dialóg); sleachta ar ‘bailiúcháin ráiteas neamhspleách’ iad, nuair a bhíonn níos mó ná beirt ag caint; modh eile ina seasann carachtar sa lár agus é nó í faoi ionsaí nó á c(h)eistiú ag carachtair eile; agus ‘comhdháil’, nuair nach mbítear dírithe ar charachtar amháin, ‘ach ar théama ar leith atá idir chamáin ag líon mór carachtar’ (102).

Má tá cuma na liostachta ar an achoimre sin, ní hamhlaidh atá, agus osclaíonn grinnléitheoireacht an údair conair nua trí fhearann an téacs. An dialóg fholaithe, mar shampla, ‘nach gcloistear inti ach glór amháin agus caithfear buille faoi thuairim a thabhairt faoi ráitis an dara glór’ (101), d’fhéadfaí smaoineamh uirthi i gcomhthéacs an úrscéil eipistiligh, fosheánra nár tháinig chun cinn sa Ghaeilge ach a bhfuil gaol ag Cré na Cille leis, inar gá don léitheoir rogha a dhéanamh idir iontaofacht dhá leagan den scéal céanna ó bheirt chomhfhreagraí. Ina theannta sin meabhraíonn aicmiú seo Markus an catagóiriú a rinne Ó Cadhain féin ar cheithre chineál cumadóireachta ‘bréige’ ina ‘Ábhar aiste réidhscríofa faoi chumadóireacht’, nár foilsíodh le linn a bheatha (Briody agus Nic Eoin 2020: 48, 50).

Is fada an ceol ina uirlis chomparáide le haghaidh na litríochta agus baineann Markus macalla tionscantach as i dtaca le struchtúrú Cré na Cille. Is iontach mar a oireann coincheap ar nós ‘suimfónachas’ chuige seo (112), téarma a phiocann Markus amach as plé a rinne Ó Cadhain ar chineálacha éagsúla úrscéil in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Mar chuid den athshamhlú comparáideach a dhéanann Markus tá: ‘cantáid Bharócach: tá scol an stoic ag tús na n-eadarlúidí mar ouverture, leanann áirianna aonair (.i. monalóga Chaitríona Pháidín), díséid (comhráite beirte), agus míreanna do ghrúpaí guthanna níos mó (na mairbh éagsúla ag labhairt le chéile nó thar a chéile)’ (114). Forbraíonn Markus a chomparáid agus áitíonn gurb é an ceol Gaelach ‘is fearr a oireann’ le haghaidh an ghnó seo (219). Athrá cáiliúil Cré na Cille, mar shampla, ‘ní athrá meicniúil é – athraítear an fonn gach uair a sheinntear é, trí úsáid an bhreachnaithe agus an mhaisithe’ (107). D’fhéadfaí breathnú ar chomhráite áirithe ‘mar phoirt … ní chuireann an t-athrá le brí an téacs, ach is féidir leis an léitheoir taitneamh a bhaint as rithim agus ceol na sleachta’ (110). Bíodh is nach féidir a chruthú an comhtharlú nó nach ea í an chomhuaineacht seo, mar a deir Markus, díol suime is ea an teideal a chuir Ó Cadhain ar bhlúire a d’aimsigh an t-údar i leabhar nótaí a bhí ag an gCadhnach i gcampa an Churraigh agus atá anois i measc a chuid páipéar i leabharlann Choláiste na Tríonóide; alt acadúil ar stair thaibhiú laoithe na Féinne ábhar an ailt agus ‘Gaelic opera’ an teideal a chuir Ó Cadhain ar an mblúire (113).

Is ‘téacs ar deacair a mhacasamhail a fháil i litríocht ar bith’ (120) é Cré na Cille a deir Markus i gcríoch chaibidil a ceathair agus téann an cúigiú caibidil i ngleic le contrárthacht a eascraíonn as an uathúlacht sin: gur úrscéal nuálach ach ‘thar a bheith dúchasach é’ freisin, ‘é lán le tagairtí do thraidisiún béil agus do litríocht na Gaeilge ón Meánaois ar aghaidh’ (121). Tá scrúdú ar idirthéacsúlacht an úrscéil lárnach sa chíoradh a leanann ina nochtar roinnt ceangal suaithinseach. Sampla amháin is ea scéal a luaitear le Cóilí ar leathanach 315 den úrscéal (eagrán 2009 Chló Iar-Chonnacht) mar gheall ar chailín aimsire a chuir cathú ar an bPápa, agus ar achoimre é ar scéal a bhailigh an Cadhnach óna uncail, Máirtín Beag Ó Cadhain agus a foilsíodh ar Béaloideas in 1933. Tagann éirim an scéil seanchais le téis an mhonagraif sa mhéid is go léiríonn sé easurraim charnabhalach i leith na hEaglaise (145). Téann Markus chomh fada le stíl iar-nua-aoiseach a chur i leith Chóilí mar sheanchaí: ‘is breá leis eilimintí ó fhoinsí éagsúla a mheascadh le chéile, scéalta “ailtéarnacha” a chumadh bunaithe ar an seanábhar, agus an greann agus an scigaithris a úsáid go flúirseach’ (146).

Sara bhfilleann Markus ar cheist na carachtrachta sa chaibidil dheireanach, breathnaíonn sé ar an gCadhnach mar nua-aoisí Éireannach i gcomhluadar Joyce, Beckett agus Bhriain Uí Nualláin. Deir Markus gur aithin Ó Cadhain mianach ‘Gaelach’ an tSeoighigh i bhfad roimh na criticeoirí mór le rá Vivian Mercier in The Irish Comic Tradition in 1962 agus Maria Tymoczko in The Irish Ulysses sa bhliain 1994 (155), gur féidir nasc a cheangal idir dearcadh diúltach Uí Chadhain agus Beckett i leith stádas oifigiúil na Gaeilge (168–9), agus gur beag difríocht atá idir an teangeolaí aineolach in An Béal Bocht a dhéanann taifeadadh aineolach ar ghnúsacht muice le teann díograis don chanúineolaíocht, agus meon an phíolóta Fhrancaigh in Cré na Cille a fhoghlaimíonn Gaeilge ach ar fearr leis ‘iarsmaí dothuigthe na seanaimsire’ ná caint na ndaoine (178). Úsáideann an Francach an frása aitheanta ‘ní bheidh a leithéid aríst ann’, fiú (179).

Sa chaibidil chlabhsúrach úd, ní amháin go ndéantar anailís bhreise ar chúrsaí carachtrachta, agus go bhforbraíonn Markus an cur is cúiteamh fadbhunaithe maidir le cibé acu an ‘carachtair’ agus/nó ‘típeanna’ iad pearsana Cré na Cille, ach déanann sé éacht a bheidh mar chabhair mhór do léitheoirí an úrscéil go ceann i bhfad. Is é sin liosta a thiomsú de na carachtair ar fad, iad siúd a labhraíonn go díreach agus iad siúd nach labhraíonn go díreach. Tá an liosta bunaithe ar liostaí eile a rinne scoláirí agus aistritheoirí roimhe seo, agus tar éis do Markus a chuid réasúnaíochta a mhíniú i gcomhthéacs an taighde sin – conas a dhéileáil sé le ráitis ‘nach féidir a cheangal le pearsa ar bith’ (199) agus conas teacht ar shainmhíniú gníomhach ar cad is carachtar ann sa chéad áit – tuairimíonn sé gur 143 carachtar atá san úrscéal. Sa liosta, sonraíonn sé carachtair dhí-ainm, déanann sé cur síos ar gach carachtar agus tugann abairtí nó nathanna a úsáideann siad níos mó ná uair amháin mar aon le tagairt do na codanna ábhartha de théacs an úrscéil nuair is féidir sin.

In Carnabhal na Marbh tarraingíonn Radvan Markus as raon leathan teoirice ach is léir go bhfuil cur amach thar a bheith mion aige ar Cré na Cille freisin. Tréith shuntasach a bhaineann lena chuid ionramhála ar na teoiricí liteartha sin ná nach nglacann sé scun scan le gach gné de gach teoiric: roghnaíonn sé gnéithe áirithe díobh chun a chuid argóintí féin a léiriú agus bíonn sé sásta critíc a dhéanamh ar na gnéithe eile atá easnamhach nó arbh fhiú iad a fhorbairt, dar leis. D’fhéadfaí cuid de thuairimíocht Pascale Casanova, duine de phríomhchriticeoirí na litríochta domhanda, mar shampla, ‘a chur i leataobh mar thuiscint lochtach bunaithe ar thaighde easnamhach, ach ar an taobh eile, bunús lena córas trí chéile’ (17). Maidir le liosta ionadaíoch Edward Mendelson d’úrscéalta ciclipéideacha, is ‘iomaí nasc is féidir a aimsiú idir solaoidí Mendelson agus údar Cré na Cille’, ach os a choinne sin tá an liosta ‘rótheoranta’ agus b’fhiú go mór ‘coincheap na hinsinte ciclipéidí a leathnú amach’ (71). Is chun leas an úrscéil agus na dteoiricí araon an t-athbhreithniú sin.

Scrúdaíonn an t-údar saothar cruthaíoch agus saothar dioscúrsach Uí Chadhain taobh le taobh i dtéarmaí an charnabhalachais de, go háirithe an ghné de theoiric Bakhtin a fhéachann le híseal a dhéanamh den uasal ionas go n-athnuafar an tsochaí ar bhonn timthriallach. Maidir leis an mbeocht a eascraíonn as na briatharchathanna i measc lucht na cille, tuairimíonn Markus go bhféadfaí ‘ceangal a dhéanamh idir an dearcadh seo ar an troid mar fhórsa i gcoinne na heantrópachta, agus cuid de straitéisí an Chadhnaigh agus é i mbun chosaint na Gaeilge’ (58). Mar chuid dá phlé ar shaothair shuntasacha de chuid Uí Chadhain, a léirmheas ar an iris An Treallán ar Comhar in 1952, an forógra ‘Do na Fíréin’ ar an iris chéanna in 1962 agus an t-úrscéal Barbed Wire, nár foilsíodh go dtí 2002 inar thug sé faoi roinnt de phearsana ghluaiseacht na Gaeilge, tugann Markus ‘círéib charnabhalach’ ar agóid a d’eagraigh Ó Cadhain ag Comóradh Pheadair Uí Dhoirnín i nDún Dealgan sa bhliain 1969 (49). Trí theoiric liteartha an charnabhalachais a chur i bhfeidhm ní amháin ar shaothar cruthaíoch agus ar shaothar ‘dioscúrsach’ Uí Chadhain (48), ach chomh maith leis sin ar chuid dá ghníomhartha poiblí, tá pearsantacht phoiblí an údair á cumasc níos gaire lena chuid scríbhneoireachta mar chomhábhar sa tionscadal teagascach, feachtasach céanna.

Tugann an cuimsiú seo ábhar eile i gceist i dtaca le ról Cré na Cille. Luann Markus a dhúshlánaí a bhíonn sé ag an léitheoir snáitheanna na scéalta agus na nglórtha a aithint thar a chéile d’fhonn iad a rianadh ar bhealach leanúnach, agus deir sé gur féidir leis ‘an éagsúlacht seo mearbhall nó fiú olc a chur ar an léitheoir’ (63). Tugann Markus mar shampla tuairim aistritheoir Ísiltírise Cré na Cille, Alex Hijmans, a bhraith go bhfuil cuid de na foscéalta fánach nó fadálach agus go gcuireann siad tuirse ar an léitheoir dá réir (65). Agus léirithe drámatúla an úrscéil á gcur suas síos lena chéile aige deir Markus gur dócha gurbh ar mhaithe le ‘compord an éisteora’ a rinne Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha ciorrú ar an téacs dá chóiriú raidió in 1973 (93). Nó arís (cé nach ionann é go díreach mar gur gné de dhéantús inmheánach na carachtrachta atá i gceist), go gcuireann ‘drochthréithe Chaitríona míshuaimhneas ar an léitheoir’ (219). ‘Tuiscint ar leith’, dar le Markus, ‘bunaithe ar thraidisiún úrscéalaíochta an naoú haois déag’ is bunús leis an mearbhall nó an t-olc seo, tuiscint nach dtugann dóthain airde ar an bhfairsinge agus an éagsúlacht ábhair a bhí mar chuid de sheánra an úrscéil ó tháinig ann dó.

Bíodh an míniú sin cothrom nó ná bíodh, spreagann sé ábhar machnaimh breise. Ní thógann sé rófhada ar an duine a osclaíonn Cré na Cille a thuiscint nach úrscéal traidisiúnta atá ann. Fiú más léir gur gá an tnúthán traidisiúnta ar thóir an leanúnachais a bhrú faoi chois, féadann an próiseas sin a bheith dúshlánach don léitheoir. Ní hé sin le rá nach bhfuil tairbhe le baint as an bpróiseas, gan amhras. An bhféadfadh sé gur bheartaigh Ó Cadhain go mbraithfeadh léitheoirí Cré na Cille míchompord nó mearbhall ar an gcaoi seo? Má bheartaigh, bheadh gaol ag Cré na Cille le canbhás bán na healaíne íostaí nó leis an scannán turgnamhach a sheasann i gcodarsnacht le scannánaíocht na scéalaíochta. I bhfianaise an bhealaigh ina mbogann Markus feachtasaíocht pholaitiúil Uí Chadhain, a chuid ‘straitéisí … agus é i mbun chosaint na Gaeilge’ (58), isteach faoi chumhdach an charnabhalachais, b’fhéidir gur ceart breathnú ar Cré na Cille mar ghléas eile a bhí i mbosca na n-uirlisí aige.

Nuair a d’fhoilsigh Guy Debord agus Asger Jorn an saothar Mémoires sa bhliain 1959 mar chuid de ghluaiseacht an tSuíomhachais, bhí sé i gceist go ndéanfadh clúdach an leabhair, a bhí déanta de pháipéar gainimh, dochar do leabhair eile taobh leis ar an tseilf. Murarbh é aidhm Uí Chadhain go scriosfadh Cré na Cille leabhair eile a theagmhaigh leis, seans mar sin féin gur shamhlaigh sé aidhm bhearránach áirithe lena théacs. Níl aon amhras ach go ndéanadh sé fear páipéir gainimh de féin nuair a d’oireadh sin dá chúis.

Tá scóip spreagúil Carnabhal na Marbh fairsing agus éagsúil ach tá fócas mionchalabraithe ann ag an am céanna. Is léir gur toradh ar léitheoireacht thánaisteach leathan é, agus ar léamh agus athléamh a bheith déanta ar an mbunsaothar féin. Is saibhride a bheidh ár dtuiscint ar Cré na Cille dá bharr, chomh maith lenár dtuiscint ar na teoiricí agus na teoiriceoirí a fhoirmíonn na háitimh a chuireann Markus i gcás. Nochtar gnéithe úra fíorluachmhara den úsáid a bhain Ó Cadhain as a chuid foinsí, ar bhealach atá an-chaolchúiseach nó geall le bheith folaithe, uaireanta. Rianaíonn Markus an tslí ina bpingeann tagairt don charachtar Cab an Dosáin (nó ‘Cab ar Dosán’ mar a scríobh Ó Cadhain an t-ainm) anonn is anall idir na laoithe Fiannaíochta, an béaloideas a d’fhoilsigh Ó Cadhain ar Béaloideas in 1933, Cré na Cille féin in 1949, a léacht ‘Béaloideas’ in 1950, ceann dá cholúin ‘Caiscín’ ar an Irish Times in 1953, ‘Fuíoll Fuine’ in 1970 agus na húrscéalta iarbháis Athnuachan (1995) agus Barbed Wire (2002) – agus é sin ar fad gan sonraí iomlána an scéil ghraosta a thabhairt uaidh ach nod anseo agus leid ansiúd. ‘Tá an chosúlacht air, dá bharr sin, go raibh Ó Cadhain ag imirt cluiche lena chuid léitheoirí’ an tátal a bhaineann Markus as ionramháil an amhábhair sin (134–135). I gcás eile, agus é ag tagairt don sásamh is féidir a bhaint as ceangal a nascadh idir ráitis ó charachtair éagsúla ach dul ar thóir cúlra comhthéacsúil na dtagairtí, ‘Obair phléisiúrtha bhleachtaireachta atá ann don léitheoir atá toilteanach dua a chaitheamh leis an téacs’ (129). Is mór an chomaoin a chuireann an saothar seo ar léitheoirí a leithéid seo d’obair bhleachtaireachta a bheith déanta ar ár son. Tá léargais léirmhínithe úra le fáil freisin ar cheangal Cré na Cille le dráma neamhfhoilsithe Uí Chadhain Typhus, le Páirlement Chloinne Tomáis agus le saothar John Millington Synge.

Cnámharlach beoga a bhfuil hata, masc agus ribíní de chuid fheisteas an charnabhail air agus a mheabhródh cleachtais Lá na Marbh i Meicsiceo atá ar chlúdach Carnabhal na Marbh, íomhá le Jan Augusta, an duine céanna a rinne ealaín clúdaigh Hřbitovní hlína (2017), aistriúchán Seicise Radvan Markus ar Cré na Cille. Tagraíonn Markus d’aiste le Micheál Mac Liammóir inar mhol sé creat nua do dhrámaíocht na Gaeilge ‘le súil is go n-imreodh nualitríocht na Gaeilge tionchar suntasach ar litríocht an domhain’ agus maíonn sé go gcomhlíonann Cré na Cille cuid de mhian sin Mhic Liammóir (222). Faoi mar atá páirt lárnach ag Hřbitovní hlína mar cheann de na haistriúcháin ar Cré na Cille san obair sin, is dlúthchuid den tionchar athghiniúnach sin freisin é Carnabhal na Marbh.

 

Ian Ó Caoimh

 

SAOTHAIR A CEADAÍODH

Briody, M. agus Nic Eoin, M. (eag.) (2020) Cumadóireacht Uí Chadhain. Indreabhán: Leabhar Breac.

Hijmans, A. (2017) ‘An Ísiltíris ar “A Bu Búna” – ag Aistriú Cré na Cille’. In: Comhar 77.10:19

Mac Cárthaigh, E. agus de Paor, P. (eag.) (2023) Máirtín Ó Cadhain 2020. Baile Átha Cliath: Cló Léann na Gaeilge.

Mendelson, E. (1976) ‘Encyclopedic Narrative: From Dante to Pynchon’. In: MLN 91.6: 1267–1275.

 

 

 

Údar:
Ian Ó Caoimh

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.