Caithréim Conghail Cláiringhnigh: Reassessments
Ken Ó Donnchú (eag.)
Irish Texts Society (2024) | viii + 139 lch | ISBN: 978-1-916930-03-2 | €25
Is scéal Rúraíochta é Caithréim Conghail Cláiringhnigh (CCC) ina leantar saol agus gairm mhíleata an phríomhcharachtair, Conghal Cláiringhneach (Mac Ruidhrí), a eachtraí in Éirinn agus thar sáile, agus conas a tharla dó ina rí ar Éirinn. Ba é an scoláire, léachtóir agus sagart Patrick MacSweeney (1873–1935) a chuir an scéal seo in eagar agus d’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge an t-eagrán in 1904 mar imleabhar a cúig den phríomhshraith. In ainneoin gur foilsíodh an t-eagrán sin, níor tugadh mórán airde ar CCC le blianta fada anuas. Is cúis áthais mar sin go bhfuil an leabhar nua seo foilsithe a dhíríonn ar CCC ó thaobh cúrsaí staire, teanga agus litríochta, chomh maith le súil a dhíriú ar shaol agus ar shaothar MacSweeney. Tá an leabhar bunaithe ar pháipéir a tugadh ag an gcúigiú seimineár bliantúil is fiche i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i mí na Samhna 2023. Is éard atá sa chnuasach ná cúig aiste i mBéarla, le réamhrá, leabharliosta agus innéacs san áireamh. Sa léirmheas a leanas, tugtar achoimre lom ar ábhar na n-aistí san ord inar foilsíodh iad.
Cuntas den scoth is ea an chéad aiste ‘Patrick Morgan MacSweeney (1873–1935)’ (1–33) le Meidhbhín Ní Úrdail ar shaol agus ar shaothar MacSweeney, ‘Paddy Mac’ nó ‘Father Mac’ mar a glaodh air go cairdiúil (níor úsáid sé Pádraig Mac Suibhne riamh). Tá an aiste seo roinnte i gcodanna éagsúla a bhaineann le cúlra teaghlaigh MacSweeney, lena bhlianta tosaigh, lena chuid oideachais agus lena shaol agus a shaothar acadúil. Shíolraigh MacSweeney ó theaghlach léannta na Longánach (ba é Seosamh Ó Longáin a sheanathair ar thaobh a mháthar). Is cinnte go raibh tionchar láidir ag a oidhreacht air agus spreag a shinsir a shuim sa Ghaeilge, sa Léann Ceilteach agus i dtraidisiún na lámhscríbhinní Gaeilge. Bhain sé céim amach in 1894, le céadonóracha sa Léann Ceilteach agus dara onóracha sa Bhéarla. An bhliain dár gcionn, bronnadh Máistreacht air sa Bhéarla. Bhí roinnt postanna léachtóireachta éagsúla ag MacSweeney i rith a shaoil agus tugann Ní Úrdail tuairisc ar na postanna seo dúinn (4–5). Faoin mbliain 1904, bhí MacSweeney ina ollamh le Nualitríocht i gColáiste na Croise Naofa, Cluain Life, Baile Átha Cliath. Nuair a bhí sé i mbun teagaisc ann, chuaigh sé leis an tsagartóireacht chomh maith agus oirníodh ina shagart é in 1907. Sa bhliain 1911, fuair sé post léachtóireachta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, áit a raibh sé ina ollamh le Béarla ó 1912 ar aghaidh. Bhí lánpháirt aige i saol na hollscoile, ag glacadh páirt i gcoistí éagsúla agus ag déanamh iarracht faoi leith an Ghaeilge a chothú (7–10). Bhí MacSweeney ina bhall de Chuallacht Colm Chille, Maigh Nuad, agus Craobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge. Luann Ní Úrdail go raibh MacSweeney ina bhall gníomhach den ‘Maynooth Manuscripts Publications Committee’ in 1912, agus an bhliain dár gcionn chuir sé ord agus eagar ar bhailiúcháin lámhscríbhinní Uí Chomhraí sular ceanglaíodh le chéile iad. Tugann Ní Úrdail cuntais phearsanta ó dhaoine a raibh aithne acu ar MacSweeney, cuntais faoin gcur chuige oideolaíoch a ghlac sé chuige féin mar mhúinteoir (5–6). Léiríonn na cuntais seo gur mhúinteoir spreagúil é MacSweeney agus go raibh ardmheas ag a iar-mhic léinn air.
Sa chuid eile, a chuimsíonn dhá thrian den aiste iomlán, díríonn Ní Úrdail ar shaothair fhoilsithe MacSweeney (13–31). Déanann Ní Úrdail tagairt ghearr do roinnt foilseachán ar ábhair éagsúla nach bhfuil cur amach rómhaith ag daoine orthu ach a léiríonn raon spéiseanna scolártha MacSweeney (13–19). Pléann Ní Úrdail cúlra agus stair eagrán CCC, an obair a rinne MacSweeney agus an Cumann agus conas a glacadh leis an eagrán. Is cúis spéise é nach raibh sé i gceist ag MacSweeney CCC a chur in eagar ar chor ar bith i dtús báire; bhí rún aige plé le filíocht an ochtú haois déag, go háirithe ‘the poems of O’Connell’s’, is cosúil. Ba leabhar suntasach eile é A Group of Nation-Builders: O’Donovan – O’Curry – Petrie (1913) a d’fhoilsigh MacSweeney agus déanann Ní Úrdail cur síos ar ábhar agus fiúntas an leabhair. Is léir ón leabhar seo an tsuim ar leith a bhí ag MacSweeney i scoláirí an Léinn Cheiltigh agus san obair a bhí ar bun acu. Tugann Ní Úrdail chun solais an chosaint láidir a rinne MacSweeney ar obair chartlannaíochta Eoghain Uí Chomhraí agus obair scríbhneoireachta a sheanathar, Seosamh Ó Longáin, agus an bheirt acu lonnaithe i Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann (29–31). Tá taighde mór déanta ag Ní Úrdail san aiste seo, ag tochailt trí chartlanna agus leabharlanna ar thóir príomhfhoinsí chun iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar MacSweeney.
San alt ‘Caithréim Conghail Cláiringhnigh: History, Toponomy and Genealogy’ (34–64) le Nollaig Ó Muraíle, déanann an t-údar cur síos ar chomhthéacs stairiúil CCC, ar stair na scoláireachta a bhaineann leis an scéal agus ar na logainmneacha a luaitear sa scéal féin. Is scéal fada é CCC agus, mar gheall air sin, roinn MacSweeney an scéal i dtrí mhórchuid ghaolmhara. Cuireann Ó Muraíle na codanna seo i láthair agus tugann sé achoimre ghairid ar na himeachtaí i ngach páirt (37–41). Leanann Ó Muraíle le léargas ginearálta ar na logainmneacha, ainmneacha pearsanta agus teaghlaigh a luaitear sa scéal. Tarlaíonn imeachtaí áirithe sa scéal ar Reachrainn, amach ó chósta thuaidh Aontroma. Cheap Mac Sweeney (1904: xxi), agus é faoi thionchar ráitis a rinne O’Laverty (1887: 384) agus Hill (1873: 151), go raibh cónaí ar údar an scéil ar an oileán. Ach caitheann Ó Muraíle (45–6), agus Ó hUiginn (120), amhras ar an tuairim seo. Ní aimsíonn Ó Muraíle aon fhianaise, ó thaobh logainmneacha de ar aon nós, a thacaíonn le tuairim MacSweeney. Ag deireadh na haiste, tugann Ó Muraíle liosta sloinnte agus logainmneacha, le suíomhanna agus aistriúcháin. Measann Ó Muraíle go bhfuil thart ar nócha logainm sa scéal, le caoga díobh ceaptha don scéal amháin. Atáirgeann Ó Muraíle (49–59; féach Ní Úrdail 27 freisin) léirmheas cuíosach géar le Edward Gwynn a foilsíodh in Hermathena. Sa léirmheas sin, díríonn Gwynn aird ar an easpa aistriúcháin agus ar mhíthuiscintí MacSweeney. Ba cheart go mbeadh an léirmheas seo in aice láimhe ag an té a bheadh ag plé le CCC. I ndeireadh na dála, is léir go bhfuil eagrán nua de CCC ag teastáil.
Sa chéad alt eile, ‘Caithréim Conghail Cláiringhnigh: A Literary Analysis’ (65–85), téann Lára Ní Mhaoláin i mbun anailíse ar théamaí na ríogachta, an ghrá, an phósta agus an bhróin sa scéal. Díríonn sí ar thrí eachtra ar leith, eachtraí a thiteann amach ag tús, lár agus deireadh an scéil, faoi seach. Míníonn Ní Mhaoláin go gceanglaíonn na heachtraí seo an scéal le chéile de bharr triúr ban láidir, mar atá Fionnabhair, Taoise Taoibhgheal agus Beiuda. Tá tionchar ag an triúr seo ar ghníomhartha na bhfear ó thús deireadh CCC. Sa chéad eachtra, ag tús an scéil, is faoi Lughaidh Luaighne, ardrí na hÉireann, atá sé rogha a dhéanamh idir beirt le bheith ina rí ar Chúige Uladh, sin iad Conghal Cláiringhneach agus Fergus mac Leide. Ní bhíonn muintir Uladh sásta leis seo agus pioctar an duine is óige idir an bheirt mar rí. Is léir gur drochrogha é, rud atá soléir ó ráiteas Lughaidh nuair a deir sé ‘“Dortadh flaithesa, a óga,” ar Ri Éireann, “.i. Righe do’n t-sosar roimh an tsinnsior”’ (MacSweeney 1904: 22–23). Feictear an nós seo sna hannálacha (mar shampla in AC 1228) agus sna seandlíthe (Jaski 2000: 124–137), mar a léiríonn an sampla a leanas, ón Senchas Már:
Focrenar aes lā, acht nip aes digraidh; arin da aire do comcinel bes cutruma feidb, is inti be[s] sine as e dofet.
‘Age is rewarded in Irish law, save that age is not disgraced; for when there are two lords of equal kindred who are of equal dignity, it is he who is older who takes precedence’. (Jaski 2000: 125).
Maíonn Ní Mhaoláin go raibh Lughaidh faoi thionchar a iníne áille, Fionnabhair, agus an rogha seo á dhéanamh aige. Suíonn Fionnabhair ar chathaoir chriostail, íomhá a mheabhródh dom an spéirbhean atá luaite in Baile in Scáil (Murray 2004: 34). Déanann Fionnabhair cur síos ar dhealbh fíorálainn Chongail agus Fheargusa, rud a thugann le fios go bhfuil an bheirt oiriúnach don ríogacht (tá samplaí de lútáil na mban ar ríthe agus laochra le fáil ar fud litríocht na Luath-Ghaeilge agus i bhFilíocht na mBard, féach McManus 2004). Ach is le Fergus a thiteann Fionnabhair i ngrá agus tugann sí cúpla deoch dó. Is é seo móitíf an ‘lover’s cup’, de réir Ní Mhaoláin, agus tagraíonn sí do staidéar a rinne Gearóid Ó Murchadha ar shamplaí atá cosúil leis an gceann seo i dtraidisiún liteartha na Mór-Roinne sa luath-thréimhse (ach b’fhéidir gur macalla é seo de ‘dheoch na bhflaitheas’ i dtraidisiún liteartha na hÉireann, faoi mar a fhaightear in Baile in Scáil a luadh cheana). Bhí Fionnabhair cráite le himní maidir le cé acu a bhí le roghnú le bheith ina rí ar Chúige Uladh agus áitíonn sí ar a hathair Fergus a phiocadh mar rí agus mar fhear céile di. De ghnáth, is ar an bhfear a bhíonn an ‘grá n-écmaise’ agus déanann Ní Mhaoláin trácht ar Scéla Ailill ocus Étaíne mar shampla de théacs ina bhfuil an mhóitíf seo le fáil. Dála an scéil, is é seo an teideal a thug Müller (1876–78) ar an téacs. Mar sin féin, is é atá sa téacs sin ná an dara cuid de Tochmarc Étaíne (Bergin agus Best 1938) atá curtha le tús athleagan III de Togail Bruidne Da Derga i Leabharlann na Breataine, LS Egerton 1782, fol. 106ra–108vb. Pé scéal é ina thaobh sin, ní minic a luaitear mná atá tinn leis an ngrá i litríocht na Luath-Ghaeilge, ach i Longes mac nUislenn, mhaígh Derdriu nach mbeadh sí slán gan an fear a theastaigh uaithi (Hull 1949: 45). Is alt spéisiúil é alt Ní Mhaoláin, ina dtarraingíonn an t-údar ar an stór mór eolais atá aici ar thraidisiún liteartha na Gaeilge, ag tagairt do Aislinge Óenguso, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Táin Bó Fliodhaise, mar shampla. Léiríonn Ní Mhaoláin go soiléir trí anailís liteartha mhionchúiseach conas a chuireann saibhreas na gcarachtar baineann in CCC leis an scéal. Mar fhocal scoir, tugann an t-alt seo blaiseadh dúinn ar an méid taighde atá fós le déanamh ar an scéal seo ó thaobh téamaí liteartha de.
Bhain MacSweeney úsáid as na cóipeanna de CCC atá caomhnaithe in ARÉ 23 H 20 (H) agus ARÉ 23 K 28 (K), dhá lámhscríbhinn pháipéir, agus an t-eagrán idir lámha aige. Ach ní raibh a fhios aige ag an am sin faoi chóip amháin eile atá le fáil i lámhscríbhinn mheamraim mar atá NLS Adv. 72.1.31. San aiste ‘The textual tradition of Caithréim Conghail Cláiringhnigh’ (86–101), tugann Nioclás Mac Cathmhaoil tús áite don ábharthacht agus do dhéantús na lámhscríbhinní. Níl ach bifolium amháin in NLS Adv. 72.1.31 (‘A’) agus úsáideadh mar chlúdach leabhair é ag am éigin. Déanann Mac Cathmhaoil mionstaidéar ar an mblúirín seo agus tugann sé athchruthú ar an gcnuasach as ar tháinig an bifolium. Ceapann sé gur úsáid an scríbhneoir an bifolium seo i lár an chnuasaigh mar ní píosa meamraim den scoth é. Ina theannta sin, déantar comparáid phailéagrafach idir ‘A’ agus lámhscríbhinn amháin eile, NLS Adv. 72.1.40 (de réir Ronald Black is lámhscríbhinn chumaisc é seo agus is iad lgh 13–28 an dara cuid). Dar le Black, bhí an lámh atá le fáil i 72.1.40 cosúil leis an gceann in ‘A’. Leagann Mac Cathmhaoil amach tréithe suntasacha an dá lámh, á gcur i gcomparáid lena chéile. Tarraingítear aird ar a chosúla is atá lámh ‘A’ le lámh Cithruad Mag Findgaill, Oileán Thoraí, a scríobh an chéad chuid de Leabhar Chlainne Suibhne do Mháire Ní Mháille in 1514. Tuairimíonn Mac Cathmhaoil nárbh é Mag Findgaill a bhreac ‘A’, ach go bhfuil seans ann, dar leis, gur eascair an bheirt scríobhaithe as an scoil chéanna.
Maidir le ‘H’, bhí MacSweeney agus Ó Comhraí den tuairim gur grafadh an lámhscríbhinn in 1650. Ach léiríonn Mac Cathmhaoil trí staidéar a dhéanamh ar mhéid an pháipéir (‘French Jésus’, 91) agus ar an gcomhartha uisce (‘Martinaud IHS’, 92) atá le fáil in dá cháipéis chúirte ó 1667 agus 1668, gur scríobhadh ‘H’ ag deireadh na 1660idí. Áitítear gur cóip é ‘H’ de ‘A’ ó thaobh poncaíochta agus leagan amach de (93; ach féach ‘H must either be a copy of A, or in the same line of transmission from it’ (94)). Dheimhneodh botún in ‘A’ a bhí in ‘H’ freisin gur ó ‘A’ a cóipeáladh ‘H’. Déanann Mac Cathmhaoil staidéar ar an teanga atá in ‘A’ agus ‘H’ faoi seach, á cur i gcomparáid. Is cóip nua-aoisithe é ‘H’ ina malartaíonn an scríobhaí foirmeacha briathra agus ainmfhocail dhífheidhmeacha atá fós le feiceáil in ‘A’. Tá an litriú níos coimeádaí in ‘A’ chomh maith agus socraíonn Mac Cathmhaoil go gcoimeádann ‘A’ meascán d’fhoirmeacha déanacha Meán-Ghaeilge agus foirmeacha de chuid na Nua-Ghaeilge Clasaicí. Is alt iontach é seo a bhaineann úsáid as modhanna nuálacha agus ina dtugann Mac Cathmhaoil mórán eolais nua dúinn faoi lámhscríbhinní agus téacs CCC.
In ‘Caithréim Conghail Cláiringhnigh and the Ulster Cycle of tales’ (102–121), an t-alt deireanach sa leabhar, lonnaíonn Ruairí Ó hUiginn an scéal i dtraidisiún liteartha na Rúraíochta. I dtús báire, déanann Ó hUiginn cur síos suntasach ar fheidhmeanna agus ar sheachadadh na Rúraíochta (103–111). De réir Uí Uiginn, agus i gcodarsnacht le Mac Cathmhaoil (féach, mar shampla, Mac Cathmhaoil 98 i gcomparáid le Ó hUiginn 120), is saothar nua é CCC a cumadh i ré na Nua-Ghaeilge Moiche. Úsáidtear foirmeacha ársa nó liteartha ó thaobh stíle de sa téacs (111–112). Ina theannta sin, níor luadh ‘caithréim’ mar chatagóir sna liostaí scéalta Luath-Ghaeilge. Bhain údar an scéil úsáid as réimse foinsí éagsúla ar nós liostaí ríoga, ginealaigh agus filíocht cosúil le Ériu ard inis na ríg mar ábhar agus chun ainmneacha na gcarachtar agus na logainmneacha a aimsiú le húsáid in CCC. I gcásanna áirithe, bhain an t-údar ainmneacha pearsanta as logainmneacha, ar nós an charachtair Boirche, ainm a baineadh as Benn (m)Boirche nó Na Beanna Boirche (118) agus Lathairne a thagann ó Latharna, Contae Aontroma (119). Léiríonn Ó hUiginn go bhfuil líon maith logainmneacha in CCC a thagraíonn do shuíomhanna i dTuaisceart agus in Oirthear Uladh (119–21). Ach thairis sin, luann an t-údar Oileáin Íle agus Mhuile amach ó chósta na hAlban. D’fhan Clann Domhnaill i gcumhacht ar an dá thaobh de Shruth na Maoile sa chúigiú agus sa séú haois déag. In ionad breathnú ar an aonú haois déag nó an dara haois déag chun comhthéacs a bhunú do CCC, molann Ó hUiginn gurbh fhearr machnamh a dhéanamh ar chinniúint Chlann Dhomhnaill agus iad ag iarraidh iad féin a bhunú in Ulaidh.
Is cnuasach spreagúil comhtháite é seo. Roinneann na húdair a saineolas féin i dtaobh CCC ar an léitheoir agus leagann siad amach bealaí nua taighde. Is cinnte go bhfuil sleamhnú pinn anseo agus ansiúd sna haistí, ach ina ainneoin sin, tá an t-imleabhar féin snasta agus tá moladh ag dul don eagarthóir, Ken Ó Donnchú, as foilsiú tráthúil an imleabhair.
Chantal Kobel
Roinn na Sean-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
Giorrúcháin
AC Freeman, Martin A. (1944)
ARÉ Acadamh Ríoga na hÉireann
NLS National Library of Scotland
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Bergin, O. agus Best, R.I. (1938) ‘Tochmarc Étaíne’. In: Ériu 12: 142–193.
Freeman, Martin A. (1944) Annála Connacht: the Annals of Connacht (A.D. 1224–1544). Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
Hill, Rev. G. (1873) An Historical Account of the MacDonnells of Antrim. Belfast: Archer.
Hull, V. (1949) Longes mac nUislenn. The Exile of the Sons of Uisliu. New York agus London: The Modern Language Association of America.
Jaski, B. (2000) Early Irish Kingship and Succession. Dublin: Four Courts Press.
MacSweeney, P.M. (1904) Caithréim Conghail Cláiringhnigh. Martial Career of Conghal Cláiringhneach. London: Irish Texts Society.
McManus, D. (2009) ‘Good-looking and irresistible: the hero from early Irish saga to Classical poetry’. In: Ériu 59: 57–109.
Murray, K. (2004) Baile in Scáil: The Phantom’s Frenzy. London: Irish Texts Society.
Müller, E. (1876–78) ‘Two Irish Tales’. In: Revue Celtique 3: 342–360.
O’Laverty, J. (1878) An Historical Account of the Diocese of Down and Connor, Ancient and Modern, imleabhar 4. Dublin: James Duffy.