Leabhar téagartha dea-scríofa atá in An Óige agus an Athbheochan a chaitheann solas ar thréimhse na hAthbheochana agus an ról a ceapadh don ghlúin óg lena linn sin. Tarraingítear ar réimse leathan foinsí – dlíthe agus reachtaíocht, litríocht na n-óg, na meáin chlóite don aos óg, agus grianghraif – chun scéal níos iomláine a insint. Cé gur minic a shamhlaítear iarrachtaí an Stáit ó thaobh na Gaeilge de le teagasc agus foghlaim na Gaeilge ar scoil, féachann an leabhar seo ar an tréimhse ó na 1880idí go dtí 1922, sular aistríodh cultúr na n-óg isteach i gcóras oideachais an tSaorstáit. Tá sé de bhua ag an leabhar go ndírítear isteach ar fhéiniúlacht níos iomláine na glúine óige, seachas labhairt ar ‘dhaltaí’ agus ar ‘scoláirí’ amháin mar a dhéantar go minic agus daoine ag trácht ar chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Tugann an taighde seo lionsa nua dúinn chun an cultúr Gaelach a thuiscint trí stair na hóige agus coincheap na hóige a iniúchadh. Mar chúlbhrat don tréimhse atá faoi chaibidil tá cur síos ar shaol an aosa óig chomh maith leis na cúraimí ar fad a bhí orthu, cúraimí nár fhág mórán ama don tsiamsaíocht ná don spraoi. Tuigtear mar sin an t-athrú suntasach i gcultúr na n-óg agus na hiarrachtaí a bhain leis na cumainn a cuireadh ar bun dóibh. Tá gluaiseacht réidh ó chaibidil go chéile agus ceanglaítear le chéile na hiarrachtaí ar fad a rinneadh chun ardán a thabhairt don Ghaeilge i bhféiniúlacht an aosa óig.

Tá plé déanta in áiteanna eile ar dhifríochtaí meoin idir grúpaí a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, cuir i gcás dearcadh Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge i dtaobh an cineál teanga a chuirfí chun cinn (Ó Conchubhair 2009). Ar bhealach caolchúiseach, léiríonn staidéar seo Nic Congáil na cosúlachtaí agus an leanúnachas a bhain le hiarrachtaí na nAthbheochanóirí, agus an bealach a raibh siad ag obair as lámha a chéile. Agus í ag trácht ar luathiarrachtaí na n-eagraíochtaí éagsúla (mar shampla, an Irish Fireside Club), chomh maith leis na himeachtaí cultúrtha a cuireadh ar siúl neamhspleách ar an gcóras oideachais, luann Nic Congáil (210) gur ‘chuir siad síolta i dtaobh chultúr na n-óg de, síolta a tháinig faoi bhláth sna 1920í agus sna 1930í’. Ag teacht leis an bpointe atá déanta ag Philip O’Leary (2021) faoi na ‘transitional playwrights’ nó gníomhairí a d’ullmhaigh an t-ardán don dream a tháinig ina ndiaidh, tugtar chun solais an chaoi ar chabhraigh an obair sna luathchumainn le bláthú na n-ealaíon Gaeilge níos deireanaí. Fianaise shoiléir air sin ná gur thosaigh scríbhneoirí amhail Máire Ní ChinnéideSearlot Ní Dhúnlaing agus Sinéad de Valera ag tacú le drámaíocht Ghaeilge na n-óg in athuair nuair a bunaíodh córas oideachais an Stáit agus nuair a tháinig Cumann Drámaíochta na Scol ar an bhfód (216). Ba mhaisitheoir cumasach í Beatrice Elvery a rinne léaráidí do leabhar an Phiarsaigh ag casadh an chéid; bhí deis aici cur le téacsleabhair Ghaeilge ina dhiaidh sin sa Saorstát. Léirítear an chruthaitheacht agus an cumas a bhí ag na hAthbheochanóirí foghlaim ó ghrúpaí eile freisin. I gcruthú an Irish Fireside Club, mar shampla, tharraing siad ar na gnéithe ba rathúla de Young IrelandConradh na Talún agus an Southwark Club. Taispeántar an nasc a bhí idir fís Cumann Talún na Leanaí agus Inghinidhe na hÉireann. Ghlac roinnt ball de Cumann Talún na Leanaí, mar shampla, páirt in Inghinidhe na hÉireann nuair a bhí siad in aois mná. Ar dhuine den dream sin bhí Jennie Wyse Power, mar shampla. Ní i gcónaí a spreagadh comhoibriú, áfach. Nuair a bhí litríocht le cumadh don aos óg mhol Máire Ní Chinnéide in alt dar teideal ‘Leabhra don Aos Óg: Ceist Mhór le Socrú’ go mbeadh dreamanna ag obair as lámha a chéile chun na bearnaí a líonadh ach níor tugadh mórán airde ar an moladh sin (91).

Is ceannródaí í Nic Congáil ar an scoláireacht ar litríocht Ghaeilge na n-óg. Cabhraíonn an saothar nua óna peann go mór leis an ngnáthléitheoir tuiscint a fháil ar an tréimhse staire seo agus ról tábhachtach na hóige lena linn. I gCaibidil 4 den leabhar scagann sí an ról a bhí ag an gcultúr cló in athneartú na Gaeilge agus i bhforbairt an duine óig. Léiríonn an t-údar na forbairtí a tháinig ar litríocht na n-óg ó scéalta ar mhaithe leis an mBéarla a mhúineadh, nó teacht in inmhe na mbuachaillí a iniúchadh, go dtí saothair a chuir páistí ag machnamh. Tugann sí léargas gléineach ar na teachtaireachtaí cumhachtacha a bhí sna scéalta seo chun páistí a chur ag smaoineamh faoi cheisteanna móra, mar shampla ceisteanna cumhachta in Sidheoga ag Obair agus an pionós corpartha in Poll an Phíobaire. Scagann sí an stíl thurgnamhach a fhaightear sna drámaí todhchaíocha mar bhealach chun an fhís a bhí ag na hAthbheochanóirí don aos óg a thaispeáint. In ainneoin go mbaineann go leor den phlé le gníomhaíochtaí taobh amuigh den scoil, tá an-anailís i gCaibidil 9 ar an gceangal a bhí ann idir forbairtí móra oideachais, An Clár Dátheangach 1904 ina measc, agus an deis a bhí ag páistí iad féin a chur in iúl sna meáin chlóite. Is tréimhse faoi leith atá á clúdach sa leabhar seo i bhforbairt na féiniúlachta Gaelaí óir bhí litearthacht Ghaeilge á tabhairt don aos óg as an nua. Is pointe suimiúil é nár léigh cuid mhaith de scríbhneoirí na hAthbheochana leabhar Gaeilge agus iad ag fás aníos ach gur droichead a bhí sa scríbhneoireacht d’aos óg na glúine seo chun an saol poiblí a bhaint amach. Tá plé cúramach i gCaibidil 9 ar na deiseanna agus na castachtaí a chruthaigh an scil nua scríbhneoireachta i measc na glúine óige agus an chaoi a raibh siad in ann cur síos a dhéanamh ar a dtaithí sna nuachtáin. Tá gort nua á threabhadh sa leabhar seo maidir leis an tráchtaireacht shóisialta a bhí ann ar shaol an aosa óig. Tá an-anailís déanta ar cholúin i bhfoilseacháin amhail An Claidheamh Soluis agus An Lóchrann. Tá plé faoi leith sa leabhar ar an gcaoi ar aimsigh cainteoirí dúchais a nglór sna meáin chlóite, agus gur réamhtheachtaithe iad ar sheánra na dírbheathaisnéise a tháinig amach ó na ceantair Ghaeltachta ina dhiaidh sin.

Tá ceist na hinscne i gcroílár an phlé ar chultúr na n-óg agus na daoine a d’imir tionchar air. Bhí fís ag Conradh na Gaeilge go ligfí na mná isteach ar comhchéim leis na fir agus cuireann an leabhar béim ar an ról a bhí ag mná maidir le himeachtaí cultúrtha a eagrú agus ábhar léitheoireachta a chumadh. Tá plé suimiúil anseo ar na deiseanna cruthaitheacha a bhí ann go háirithe do mhná nach raibh cúram clainne orthu, cuir i gcás i scríobh drámaí don óige (216). In ainneoin obair mhór na mban, tá a n-ainmneacha in easnamh go minic ó na tuairiscí i nuachtáin na hAthbheochana. Tá sé de bhua ag an leabhar seo, áfach, go luaitear díograiseoirí ban go follasach sa chuimhne chultúrtha. Tá plé léargasach meáite ar cheisteanna casta idé-eolaíochta agus aicme a bhain le hAthbheochan na Gaeilge. Bhí Conradh na Gaeilge oscailte ar lámh amháin don chothromaíocht inscne agus chuir siad fáilte roimh mhná agus fir sna craobhacha. Ar an lámh eile, shamhlaigh siad ról na mban mar chaomhnóirí agus tacadóirí teanga sa saol príobháideach (32). Ceistítear an fhreagracht a cuireadh ar mhná as an seachadadh teanga idirghlúine, rud a bhí ag teacht leis an mbéim ar an mbean mar mháthair mhaith sa dara leath den naoú haois déag, agus an locht a cuireadh ar mhná murar chomhlíon siad an dualgas céanna. Tá anailís mhaith déanta ar a raibh i gceist le pobal na Gaeilge féin, go háirithe na spásanna ina raibh fáilte roimh chainteoirí dúchais agus nua-chainteoirí na Gaeilge. Feictear an deighilt aicme sna dreamanna a chuir spéis i ngnéithe den chultúr Gaelach. Mar shampla, féachadh ar an gcamógaíocht mar spórt meánaicmeach sna cathracha agus ní raibh an spéis chéanna ag daoine ar bheagán de mhaoin an tsaoil san fheisteas úr Gaelach. Ceann de bhuaicphointí an leabhair ná an plé ar an íomhá den ‘Irish-speaking child’ i gCaibidil 8. Déantar an pointe go soiléir gur caitheadh níos mó airgid ar chainteoirí Gaeilge a dhéanamh de pháistí a raibh Béarla ó dhúchas acu seachas aghaidh a thabhairt ar riachtanais an chainteora dhúchais. Lena chois sin, pléitear an séanadh a rinneadh ar chruachás pháistí na Gaeltachta in An Claidheamh Soluis.

Tá sé curtha in iúl ag an aos óg i scoileanna lán-Bhéarla le déanaí go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is lú a thaitníonn leo (Kiely et al. 2022). Tá tábhacht ar leith ag baint le súil a chaitheamh siar ar na modhanna cruthaitheacha ceannródaíocha a bhí in úsáid chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chothú lasmuigh de gheataí na scoile in aimsir na hAthbheochana. Scagann Nic Congáil an fhorbairt a tháinig ar na cumainn a eagraíodh do pháistí agus ar na gnéithe cultúrtha, spóirt agus stairiúla a bhain leo chomh maith. Baineadh an-leas as na healaíona, an drámaíocht, go háirithe, chun fíorchomhthéacsanna cumarsáide a chruthú chomh maith leis na tableaux vivants. Thuig na hAthbheochanóirí an tábhacht a bhain le spreagadh na bpáistí agus tá cur síos ag Nic Congáil i gCaibidil 6, mar shampla, ar na comórtais agus na duaiseanna a bhain leo chun páistí a spreagadh le páirt a ghlacadh iontu. Ghlac na Conraitheoirí an ról seo chucu féin go fonnmhar nuair a bhí Gaeilge á múineadh i bhfíorbheagán scoileanna. Taispeántar na bearnaí a d’aithin na cumainn freisin in oideachas an duine óig; mar shampla, d’fhéach Conradh Talún na Leanaí chuige go bhfoghlaimeodh páistí faoi chúrsaí staire chomh maith le ceachtanna teanga. Ní haon ionadh go raibh an cumas sin i measc an lucht eagraithe nuair a chuirtear san áireamh gur múinteoirí a bhí i gcuid mhór de na mná a ghlac páirt i gcur chun cinn na Gaeilge, e.g. Máire Ní Chinnéide agus Sinéad Ní Fhlannagáin (Bean de Valera mar a bheadh uirthi ar ball). Léiríonn Nic Congáil an chaoi ar tógadh ar mhúnlaí i gcomhthéacsanna mionteangacha eile mar Eisteddfod na Breataine Bige agus Mòd na hAlban.

Dírítear i gCaibidil 3 ar Chraobh Chonradh na Gaeilge i Londain mar chás-staidéar agus an tionchar a bhí ag an gcraobh seo ar imeachtaí in áiteanna eile, rud a chuireann leis an bplé idirnáisiúnta ar Athbheochan na Gaeilge. Tá iniúchadh ar na modhanna cruthaitheacha teagaisc a d’úsáid Conradh na Gaeilge agus an ceangal riachtanach a chothaigh siad le pobal na Gaeilge trí pháistí a chur chuig na coláistí samhraidh. Tá léargas maith i gCaibidil 3 ar na hiarrachtaí a rinneadh chun cultúr uathúil na n-óg a chothú le linn tréimhse nuair a bhí tionchar ag cultúr na Sasanach ar an gcultúr féin. Bhí an meon ‘hate but imitate’ i bhfocail de hÍde (1892) le brath go ceann i bhfad sa chóras oideachais. Is léir go raibh tábhacht leis an dá fhócas ar shiamsaíocht agus ar an teagasc sna cumainn, amhail Young Ireland. Tá luach faoi leith leis an mbéim sa leabhar ar an tsiamsaíocht don aos óg agus ról na Gaeilge inti.

Cuireann an monagraf taighde seo go mór leis an bplé atá déanta cheana féin ar obair na gConraitheoirí agus ar chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais ó bhunú an tSaorstáit ar aghaidh, agus tríd an saothar téagartha seo líonann Nic Congáil bearna shoiléir atá aitheanta sa scoláireacht. Déanann an leabhar seo grinnstaidéar ar ról na hóige san fhís nua a bhí á cruthú ag ceannairí an Stáit don tír, agus an Ghaeilge i gcroílár na n-iarrachtaí. Iniúchtar a bhfuil i gceist leis an óige, idir chainteoirí dúchais agus nua-chainteoirí, an t-aos óg i gceantair uirbeacha agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Thart ar 1900, bhí béim ar mhodhanna leanbhlárnacha ag teacht chun cinn sa chóras oideachais. Is gá a aithint gur chuir Conradh na Gaeilge an cur chuige leanbhlárnach seo chun cinn freisin tríd an tsiamsaíocht agus an spraoi a chothú, agus oideachas neamhfhoirmiúil ealaín-bhunaithe a chur ar fáil. Léiríonn taighde reatha dá mhéad teagmhála a bhíonn ag daoine óga leis an an teanga is ea is dearfaí a meon i leith fhoghlaim na Gaeilge (Kiely et al. 2022). Ach is tearc iad na deiseanna atá ag an aos óg sóisialú trí Ghaeilge (Ní Thuairisg & Ó Duibhir 2019). Is sa chomhthéacs sin a thuigtear tábhacht an leabhair seo, leabhar a dhéanann scagadh ar chur chun cinn an chultúir Ghaelaigh i gcomhthéacsanna neamhfhoirmiúla i dtréimhse thábhachtach de stair na teanga. Scagtar go cumasach gnéithe éagsúla de chultúr na hóige agus den chultúr Gaelach.

Tá cúram faoi leith déanta de roghnú na n-íomhánna sa leabhar seo. Ar chlúdach an leabhair feictear léaráid íocónach Beatrice Elvery d’Éirinn, rud a spreagann ceisteanna faoina raibh i gceist le ról an aosa óig san Éirinn nua a bhí á cruthú. Ní minic a fheictear an oiread sin grianghraf de mhná agus den óige nuair atá Athbheochan na Gaeilge á plé agus is ardán luachmhar é an leabhar dá bharr chun an pháirt a bhí ag go leor daoine éagsúla san Athbheochan a cheiliúradh. Treisítear gníomhaíocht na hóige trí na híomhánna díobh agus iad ag glacadh páirt sa saol cultúrtha agus tríd an nguth a thugtar do thaithí na hóige sa saothar scolártha seo.

Claire Dunne

Institiúid Oideachais Marino