Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith
Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne (eag.)
Cló Iar-Chonnacht (2023) | 407 lch | ISBN 10: 178444264X / ISBN 13: 9781784442644 | €20
Ní tionscnamh gan dúshlán é stair Údarás na Gaeltachta a ríomh in aon leabhar amháin agus admhaíonn na heagarthóirí nár chuige sin an saothar seo. Ní hamhlaidh go bhfuil aon sruth aontaithe de thuairimí idir an dá chlúdach ach an oiread, faoi mar a thugtar le fios i réamhrá an tsaothair: ‘Ní leabhar buaileam sciath é an cnuasach seo, ná fós díolaim cháinteach’ (9). Gné dhearfach don léitheoir í go mbaineann cuid mhaith mhór de na hailt an réim fháilteach shaibhir teanga seo amach. Dar le heagarthóirí an tsaothair gur faoi thaighdeoirí eile a bheidh sé amach anseo anailís chríochnúil chuimsitheach a dhéanamh ar stair an eagrais agus a thionchar a mheas ach gur ghá go mbeadh teacht acu ar na cartlanna cuí de chuid an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta. Ainneoin seo éiríonn leis an gcnuasach seo spléachadh ilchineálach eolgaiseach a thabhairt ar stair agus ar thionchar Údarás na Gaeltachta.
Is éard atá i gceist leis an leabhar féin ná cúig alt is fiche, réamhrá leis na heagarthóirí, beathaisnéisí údar na n-alt, aguisín a liostálann ainmneacha chathaoirligh agus phríomhfheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é agus innéacs cuimsitheach. Tá idir thuairiscí tathagacha ó shaineolaithe i ngort na staire, na heacnamaíochta agus na pleanála teanga ann agus thuairiscí níos pearsanta ó pheirspictíocht an duine áitiúil ar a chomhthéacs logánta féin. Tugtar ‘taithí agus tuairisc’ ar na hailt ghearra seo a scríobh daoine a raibh baint acu leis an Údarás i slí amháin nó slí eile. Is geall le cás-staidéir phearsanta iad na hailt ghearra seo a roinneann taithí an duine aonair ar bheartais an Údaráis sa cheantar áitiúil. Cuireann an múnla áirithe seo d’ailt faoi leith go mór leis an saothar de bhrí gurb iad na pobail féin agus baill an phobail Ghaeltachta croí na heagraíochta, ach is léir go gcloíonn na hailt eile le nósmhaireacht an fhoilseacháin acadúil. Ní éireoidh liom ach aird a tharraingt ar roinnt de na péarlaí eolais agus peirspictíochtaí luachmhara atá idir an dá chlúdach. Ainneoin seo, tá súil agam go mbeidh spreagadh anseo don té a bhfuil fonn orthu tuilleadh a fhoghlaim maidir leis an tionchar ar an bpobal a bhí ag príomh-áisíneacht tacaíochta agus forbartha na Gaeltachta.
I measc na gceisteanna iomadúla a dtugtar fúthu sa saothar tá plé ar réamhstair Údarás na Gaeltachta, Gaeltarra Éireann, an fhiontraíocht, an fhorbairt pobail, an fhorbairt thionsclaíoch, an t-aistriúchán, an t-oideachas, cúrsaí polaitíochta, an tionscal closamhairc, tionscal na mara, an oiliúint, na meáin, agus an phleanáil teanga. Maidir le hábhar na n-alt ó bhaill phobal na Gaeltachta, tá ionadaíocht mhaith ann ó thaobh na gceantar a áirítear anseo. Déantar plé ar na Déise, Maigh Eo, Múscraí, Gaoth Dobhair, Corca Dhuibhne, Ráth Chairn agus Cois Fharraige. Ailt ar shárchaighdeán a bhfuil an-éagsúlacht iontu iad seo a insíonn scéalta tábhachtacha de chuid a bpobal féin, ina measc: an tábhacht a bhaineann le hionadaíocht a bheith ag ceantar Gaeltachta ar Bhord an Údaráis, cuimhní cinn ar an tionchar a d’fhág infheistíocht thosaigh an Údaráis ar cheantair agus an tionchar leanúnach a imrítear go fóill maraon le béim a leagadh ar na heasnaimh san fhreastal i gceantair áirithe.
Is é an chéad alt atá sa leabhar ná plé ar stair an Údaráis ó 1922 go 1957 ag Éamon Ó Ciosáin. Tugann sé léargas cuimsitheach dúinn ar chomhthéacs bhunú Choimisiún na Talún (a tháinig i gcomharbacht ar Bhord na gCeantar Cúng), agus ar bhunú limistéir na Gaeltachta sa bhliain 1926 tar éis Choimisiún na Gaeltachta. Pléitear tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus aithníonn Ó Ciosáin go ndearnadh moltaí sa tuarascáil sin nár réitíodh go slachtmhar fós in 2024. Ceann de na moltaí sin go labhródh feidhmeannaigh an rialtais an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus go gcinnteofaí go mbeadh Gaeilge ag na Gardaí. Pléitear chomh maith san alt seo cumainn agus páipéar nuachta don Ghaeltacht, géarchéim na himirce sa Ghaeltacht agus gluaiseachtaí agóide sna 1950idí. Cuireann Donncha Ó hÉallaithe le stair an Údaráis agus súil á caitheamh aige ar fheidhm Ghaeltarra Éireann ón uair a bunaíodh é in 1958 (i ndiaidh bhunú Roinn na Gaeltachta in 1956) agus ar na feidhmeanna sin a aistríodh scun scan go hÚdarás na Gaeltachta sa bhliain 1980, nuair a cuireadh tús le próiseas daonlathach thoghchán bhaill boird na heagraíochta nuabhunaithe i mí na Nollag 1979.
Ó thráth bunaithe Údarás na Gaeltachta b’amhlaidh nach raibh na feidhmeanna ná na cumhachtaí a bhí á n-éileamh ag feachtasóirí ag an eagraíocht. Tagann an téama seo chun cinn in ailt éagsúla sa leabhar seo. Dírítear chomh maith áfach ar leathnú fheidhmeanna an eagrais de réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh mar a d’éirigh leis an Údarás fairsingiú a dhéanamh ar raon a chuid oibre. Feictear é seo go háirithe sna hailt le Carmel Ní Bhriain, Pádraig Ó Ciardha agus Máirín Ní Ghadhra a chaitheann leis an tionscal closamhairc agus na meáin, cuir i gcás. Is fiú suntas a thabhairt don méid a deir eagarthóirí an leabhair sa réamhrá agus iad ag lua go bhfuil forbairt de shíor ag teacht ar raon oibre an Údaráis agus béim as an nua á leagadh ar an teicneolaíocht ó bhuail an phaindéim Covid-19 in 2020, chomh maith le ‘deiseanna nua [atá] á gcruthú agus á dtapú i réimsí na n-acmhainní nádúrtha agus na turasóireachta cultúrtha’ (14).
Plé suimiúil atá ag Proinnsias Breathnach ar na bundeacrachtaí a chruthaíonn a scaipthe is atá na ceantair Ghaeltachta maidir le cur chun cinn na teanga agus seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil. Luann sé gurb í an deacracht is mó ná nach bhfuil ‘mais chriticiúil’ daonra ar fáil in aon cheann de na ceantair Ghaeltachta. Fágann sé seo go bhfuil pobal na Gaeilge ina phobal mionlaigh i ngach ‘contae’ Gaeltachta. Deir Breathnach go dtéann sé deacair ar dhaoine an Ghaeilge a cheangal isteach ina saol oibre agus gurb iomaí duine a théann isteach sa mhargadh oibre agus an Béarla mar phríomh-mheán in go leor de na hionaid oibre. Agus cuntas á thabhairt ar chuid de mhórthionscadail fostaíochta Ghaeltarra Éireann (agus de chuid an Údaráis ó 1980 ar aghaidh) luann Breathnach na dúshláin chéanna maidir le hinniúlacht bhainisteoirí na monarchan iasachta a cuireadh ar bun, cuir i gcás, maraon leis na dúshláin eacnamaíochta a bhí roimh an tír sna hochtóidí agus an comhthéacs casta eacnamaíochta a lean imeacht an Tíogair Cheiltigh. Tharla le linn na tréimhse sin gurbh fhearr le hinfheisteoirí in Éirinn díriú ar a gcuid gnólachtaí a bhunú sna cathracha. Aithníonn Breathnach na deiseanna nua atá tagtha chun cinn le blianta anuas ó thaobh na cianoibre agus an claonadh dealraitheach atá i bhfiontraithe, b’fhéidir, a bheith ag tarraingt ar an tuath seachas ar an gcathair.
Tá na mionscéalta pearsanta a fhaightear sna hailt ‘taithí agus tuairisc’ fíorluachmhar agus cuireann siad diminsean daonnúil le cúlra agus tionchar an Údaráis ar na pobail as a bhfuil siad freagrach. Sampla seoigh de seo atá againn ó pheirspictíocht Mháire Seó Breathnach ina halt ‘Údarás na Gaeltachta agus Gaeltacht na nDéise’ agus í ag cur síos ar an gcéad uair ar chuala sí trácht ar an eagraíocht agus ar an easpa tuisceana a bhí aici ar an Údarás mar pháiste ag fás aníos sna Déise. Dar léi gur bheag rian den Údarás a bhí le feiceáil i nGaeltacht na nDéise sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Baineann Breathnach feidhm as ráiteas cumhachtach John Walsh chun easpa infheistíochta ina ceantar dúchais a léiriú. Is fiú é a athlua anseo leis:
The most striking aspect of the history of industrialisation in Na Déise in the second half of the twentieth century was its absence. From the late 1950s until the mid 1980s, there was virtually no investment by either Gaeltarra Éireann or its successor Údarás na Gaeltachta (after 1979) in Na Déise (Walsh 2012: 215).
Bhí taithí an fhostaí ag Breathnach chomh maith agus faighimid spléachadh ar a cuimhní cinn agus ar an tslí a ndeachaigh sí féin i ngleic lena céad ról san Údarás mar oifigeach caidreamh poiblí faoi oiliúint i ndiaidh di scoláireacht oiliúna a bhaint amach. Tá seoda de scéalta anseo maidir leis an tslí arbh éigean di féin dul i dtaithí ar na canúintí eile Gaeltachta agus dá comhghleacaithe dul i dtaithí ar Ghaeilge na nDéise leis. Aithníonn Breathnach go ndearna an tÚdarás tionscnaimh mhaithe fhiúntacha a chur chun cinn sna blianta a lean, lena n-áirítear forbairt an chomhlacht léirithe teilifíse Nemeton agus roinnt monarchana gnó, naíonra agus club óige. Níor chabhraigh an easpa ionadaíochta ó na Déise ar Bhord an Údaráis, dar léi, easpa a lean ar feadh i bhfad go dtí gur ceapadh Breathnach féin ar an mbord in 2017. Tugtar eolas breise anseo ar an luach a bhain leis sin agus is é breithiúnas deiridh an údair ar thionchar an Údaráis ar an gceantar gur thionchar dearfach tríd is tríd a bhí ag an eagraíocht ar phobal Ghaeltacht na nDéise.
Sampla eile de scéal pearsanta údar ‘taithí agus tuairisc’ ná an t-alt le Pádraig Firtéar ‘Corca Dhuibhne’ a phléann leis na tionscadail éagsúla forbartha pobail a raibh sé féin páirteach iontu agus lámh ag an Údarás in go leor acu. Feicimid an tionchar a bhí ag an Údarás ar an údar go pearsanta agus é ag tosú amach sna nóchaidí mar phríomhoide ar Mheánscoil na mBráithre sa Daingean tráth a fuair sé cuireadh ó Bhríd Ní Shírín, feidhmeannach oiliúna, freastal ar chúrsa oiliúna bainistíochta ‘The Psychology of Achievement’ in éineacht le bainisteoirí de chuid an Údaráis féin. Deir Firtéar go mbaineann sé úsáid as an méid a shealbhaigh sé sa chúrsa sin i gcónaí. Luann sé tionscadail éagsúla a chuir an tÚdarás chun cinn a chuaigh chun leas phobal Chorca Dhuibhne lena n-áirítear cúrsaí luatha teicneolaíochta ECDL sna nóchaidí, tacaíocht chun Gaeilge a chur ar chuid den chúrsa fisice don Ardteistiméireacht, tacaíocht airgid do chúrsaí FÁS, soláthar foirgintí do chúrsaí Gaeilge Choláistí Chorca Dhuibhne, agus maoiniú chun an lárionad forbartha Áras Bhréanainn a fhorbairt i gcomhar le Roinn na Gaeltachta.
Luaitear tréith na solúbthachta agus na forghníomhaíochta leis an Údarás san alt. D’aimsigh an tÚdarás slite fuinniúla cruthaitheacha chun tacú le tionscadail nár thit go hoifigiúil faoina gcuid cúraimí. Tugann Firtéar eolas faoi shampla ar leith:
Is sa bhliain 1980 a bhunaigh an Comharchumann Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun dul i ngleic le cúrsaí teanga agus oidhreachta na dúichí. Níor tháinig imeachtaí an chomhlachta seo le critéir tacaíochta an Údaráis ach ní rófhada gur thuig feidhmeannaigh an Údaráis an tábhacht agus an fiúntas a bhain léi agus chinneadar luach deich míle punt de phríomhscaireanna a chur isteach sa chomhlacht (222).
Ní hamháin sin ach pléann Firtéar a thaithí phearsanta mar bhall coiste ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1977 nuair a bhí dúshláin mhóra airgeadais rompu. Bhí an tÚdarás ar fáil in am an ghátair; thoiligh an tÚdaras maoin de chuid an chomharchumainn a cheannach agus a chur amach ar léas dóibh, rud a chuir ar chumas an chomharchumainn treabhadh ar aghaidh lena gcuid oibre. Tá teist a thaithí leis an Údarás ríshoiléir ó fhocail dheireanacha an údair:
Ba dhearfach i gcónaí mo thaithíse i ngach gné do mo dhéileáil leis an Údarás le daichead bliain anuas. Bead faoi chomaoin acu go deo (Firtéar 2023: 226).
Ceann de na hailt is tábhachtaí dar liom ná an plé sainiúil ag John Walsh ar ról na Gaeilge in obair Údarás na Gaeltachta. Croí na heagraíochta í an Ghaeilge agus na pobail Ghaeltachta. Ainneoin na tábhachta a bhaineann le forbairt na fiontraíochta agus na fostaíochta ar mhaithe le pobal a chothú tá níos mó ná sin i gceist le cothú an phobail teanga. Tá an plé seo á shuíomh nuair atá dúshlán nach beag ann maidir leis an bpleanáil teanga agus gan tacaíocht chuí mhaoinithe a bheith ar fáil don ‘tosaíocht’ Ghaeltachta, mar atá aitheanta ag Conchúr Ó Giollagáin:
Cuireann na forais Ghaeltachta, mar shampla, brú ciniciúil ar Choistí deonacha Pleanála Teanga cúram a dhéanamh d’inmharthanacht na Gaeilge sa phobal de cheal inniúlachta, straitéisí agus acmhainní cuí (Ó Giollagáin 2021: 9).
Aithníonn Walsh an comhthéacs seo agus an tionchar a bhí ag an gclaochlú a tháinig ar réimse freagrachtaí an Údaráis sa bhliain 2012 á phlé aige, tráth a leagadh mórfhreagracht chomhordaithe chur chun cinn na teanga ar an eagraíocht:
…claochlú sin an Údaráis ó áisíneacht forbartha tionsclaíche a raibh an Ghaeilge imeallach ina cuid oibre go heagraíocht hibrideach atá freagrach as geilleagar agus pleanáil teanga araon ach thíos go mór le díth acmhainní (354).
Cuireann Walsh tús leis an alt le plé ar theoiric an bheartais teanga agus an chlaochlaithe shóisialta atá tagtha ar an tír ar mhaithe le suíomhú ceart a dhéanamh ar a chuid tátal anseo. Tugann sé faoi léiriú a thabhairt ar na cúinsí stairiúla, ar bheartais neamhoifigiúla pleanála teanga iad seo, lena n-áirítear forbairt na Gaeltachta tráth bunaithe an stáit, ról na teanga in Gaeltarra Éireann agus luathbhlianta feidhmeachta Údarás na Gaeltachta suas go dtí an claochlú úd i ndiaidh Acht na Gaeltachta 2012. Ó shin i leith feictear an bhéim as an nua ar fhreagracht chomhordaithe an Údaráis ina gcuid polasaithe straitéiseacha maidir leis an bpróiseas pleanála teanga agus príomhról na heagraíochta ann (Údarás na Gaeltachta 2021). Déanann Walsh anailís ar straitéisí an Údaráis ina leith seo agus luaitear an mhórthábhacht a bhaineann le breis maoinithe a bheith ar fáil maraon le hathbhreithniú a dhéanamh ar rath an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht, rud nach ndearnadh go fóill agus breis is deich mbliana caite ó cuireadh tús leis.
Ó thaobh chlár an leabhair féin d’fhéadfaí locht a fháil ar a leagan amach. Agus mé ag dul i dtaithí ar an gcnuasach bhraith mé nach raibh an clár féin eagraithe go róshlachtmhar mar ní léir go ndéantar aon rangú soiléir ar na hábhair a phléitear ann. Cuir i gcás, ní léir ón gclár go bhfuil aon mhír ar leith ann a phléann le cúrsaí eacnamaíochta nó le cúrsaí forbartha pobail nó le haon mhórthéama eile. Ní dhéantar rangú ar na hailt ‘taithí agus tuairisc’ in aon mhír amháin ná ní léir sa chlár féin go bhfuil ailt áirithe ag teacht faoin lipéad seo. Go deimhin ní féidir é seo a dhéanamh amach go dtí go dtagtar ar an alt féin. Luífeadh sé le ciall iad seo ar fad a rangú in aon mhír amháin. Téitear i ngleic le raidhse ábhar ó pheirpictíochtaí éagsúla agus go minic is iomaí ábhar a bhíonn mar chuid d’aon alt amháin go háirithe sna míreanna ‘taithí agus tuairisc’. Fágann sin, áfach, go rachadh sé deacair ar dhuine rangú níos soiléire a dhéanamh, b’fhéidir. Seans gur aithin na heagarthóirí é seo agus gur staon siad ó leagan amach eile a chur i bhfeidhm ar chlár an leabhair, faoi mar a dhéantar de ghnáth i gcnuasach den chineál seo.
Saothar toirtiúil fiúntach é seo a cuireadh le chéile in aimsir na paindéime Covid-19 agus deir na heagarthóirí gurbh fhéidir leabhar ní ba chuimsithí fós a chur ar fáil ach go raibh ar go leor de na húdair a thoiligh alt a chur ar fáil tarraingt siar. Ainneoin sin, éiríonn leis an gcnuasach na bunspriocanna a leagtar amach sa réamhrá a bhaint amach, is é sin léargais a thabhairt ar na comhthéacsanna eacnamaíochta, polaitíochta, cultúrtha agus sóisialta a ndearna an tÚdarás forbairt orthu agus an tionchar a bhí ag an eagraíocht ar na pobail Ghaeltachta. Tá an méid sin agus tuilleadh ar fáil sa saothar fónta seo agus is cinnte go gcuireann sé acmhainn shnasta chuimsitheach ar fáil do scoláirí a bhfuil suim acu taighde a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta. Ábhar spéise atá ann d’aon duine a dteastaíonn uathu breis a fhoghlaim faoin eagraíocht thábhachtach stáit a bhfuil freagracht ollmhór uirthi maidir le todhchaí agus dán na Gaeltachta. Tá idir lón foghlama agus chomhairle ar fáil sna hailt a chuirfidh treoir ar fáil amach anseo don eagraíocht. Níos tábhachtaí fós, tá na dúshláin iomadúla atá roimh phobal na Gaeltachta sainaitheanta sa leabhar seo agus barántais thábhachtacha ann maidir le conas todhchaí gheal a chinntiú don bpobal agus don teanga.
Shane Grant
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Ó Giollagáin, C. (2021) ‘Neamhpholasaí agus Neamhghníomh’. In: Comhar 81.6: 7–9.
Údarás na Gaeltachta (2021) Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021–2025: Cumasú, Neartú, Inbhuanaitheacht. Ar fáil ag: https://udaras.ie/assets/uploads/2019/10/Plean-Straite%CC%81iseach-U%CC%81dara%CC%81s-na-Gaeltachta-2021-2025.pdf [faighte 23 Lúnasa 2024].
Walsh, J. (2012) Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-economic Development. Bern: Peter Lang.