In English writing we seldom speak of tradition, though we occasionally apply its name in deploring its absence. We cannot refer to ‘the tradition’ or to ‘a tradition’; at most we employ the adjective in saying that the poetry of So-and-so is ‘traditional’ or even ‘too traditional’.
– T.S. Eliot
Níl aon tradition liteartha agamsa, ach Dia idir sinn agus Cúl Aodha! Rinne an iomarca tradition, tradition saofa, gleann gealt d’intinn Shéamuis Mhic Grianna freisin!
– Máirtín Ó Cadhain
Leathchéad bliain a bhí idir aiste cháiliúil Eliot ó 1919, ‘Tradition and the Individual Talent’, agus léacht iomráiteach Uí Chadhain, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, ónar baineadh na sleachta athfhriotail seo faoi seach (Eliot 1932: 13; Ó Cadhain 1969: 15). Leathchéad bliain eile ina dhiaidh sin arís, a bheag nó a mhór, a foilsíodh an cnuasach aistí seo le duine de na criticeoirí is géarchúisí i saol na Gaeilge. Dar le hEliot nach raibh dóthain ómóis á thabhairt i gcultúr an Bhéarla lena linn don rud a thuig seisean leis an traidisiún liteartha – .i. canóin liteartha na hEorpa trí chéile ó Homer i leith – de dheasca béim as cuimse a bheith á cur ar an úire agus ar an indibhidiúlacht, a bhuí le tionchar leanúnach an Rómánsachais. Rud eile ar fad a bhí ag déanamh scime don Chadhnach, is cosúil. Ba é sin an paróisteachas cúngaigeanta a shamhlaigh sé siúd le niamhghlantóirí na hathbheochana, mar a thug sé orthu, mar aon le hurraim mhíchuibheasach a bheith á tabhairt don bhéaloideas mar fhoinse nó mar mhúnla liteartha.
Luann de Paor tuairimí seo Uí Chadhain sa réamhrá leis an gcnuasach seo agus soláthraíonn scagadh ceannródaíoch ar sciar dá ghearrscéalaíocht luath in aiste ann dar teideal ‘Maxim Gorky, Máirtín Ó Cadhain agus riastradh na scéalaíochta’ (166–178). Foilsíodh an aiste seo i gcéaduair sa bhliain 1990 go gairid roimh an monagraf Faoin mBlaoisc Bheag Sin, a d’fhoilsigh de Paor an bhliain dar gcionn. Mionanailís stíleolaíoch ar shaothar Uí Chadhain a bhí sa leabhar sin, ach is iad dearcadh polaitiúil agus coinsias sóisialta an Chadhnaigh atá i dtreis san aiste, faoi mar a léiríodh a leithéid sa saothar cruthaitheach aige seachas ina chuid scríbhinní agóidíocha.
D’admhaigh an Cadhnach tionchar eiseamláireach Gorki, gona scéalta faoi chosmhuintir a fhearainn dúchais, mar spreagadh dó féin tabhairt faoi scéalta a bhí lonnaithe i saol na Gaeltachta i gConamara faoi mar a bhí le linn a óige. Dar le de Paor gur féidir forás Uí Chadhain mar phrós-scríbhneoir cruthaitheach a shamhlú mar ‘iomrascáil’ le dhá mhúnla scéalaíochta, ‘múnla dúchais an bhéaloidis agus traidisiún iasachta an ghearrscéil agus an úrscéil Eorpaigh’, ach gur gá freisin aitheantas a thabhairt do rannpháirteach tábhachtach eile san iomrascáil, mar atá ‘mianach faoi léith a shamhlaíochta féin’ (16). Go deimhin, is féidir a áiteamh go raibh iarracht éigin ar chomhtháthú idir an iasacht agus an dúchas faoi scáth agus faoi bhrú ‘an tallainn aonair’ mar chomhartha sóirt ag scothshaothair uile nualitríocht na Gaeilge ó ré an Phiarsaigh agus Uí Chonaire i leith.
Naoi gcinn d’aistí tathagacha atá sa leabhar, gan an réamhrá a chur san áireamh. Admhaítear gur mar aistí aonair a scríobhadh iad thar na blianta agus tugann an t-údar le fios nár léir dó féin go raibh cúram (ní déarfainn téama) an traidisiúin mar shnáithe cheangail eatarthu nó go raibh sé i mbun a gcnuasaithe. Cúram lárnach de chuid na nualitríochta trí chéile é seo, dar leis, ní hamháin i measc scríbhneoirí a bhfuil clú an choimeádachais orthu ar bhealach amháin nó bealach eile (Mhac an tSaoi, Ó Direáin), ach freisin ina measc siúd a thug faoin traidisiún a cheistiú nó cur ina choinne (Ó Cadhain, Ó Ríordáin, Myles). Dúshlán an traidisiúin a luaitear i bhfotheideal an leabhair, tar éis an tsaoil, agus i dtuairim an Phaoraigh ní ‘ag scarúint leis an traidisiún a bhíodar [seo] ach ag cur leis, á chlaochlú mar a dheineann scríbhneoirí cumasacha i ngach teanga’ (12).
Mar sin féin, fiú má tá scríbhneoirí na Gaeilge inchomórtais sa mhéid seo lena gcomhghleacaithe i dteangacha eile – mórtheangacha na hEorpa mórthimpeall orthu, mar shampla – ní fhágann sé sin nach bhfuil dúshlán de chineál ar leith ann don té a thugann faoi theanga a shaothrú atá ag crapadh mar theanga phobail. Is ó scéilín de chuid an scríbhneora Seán Mac Mathúna a d’eascair teideal an leabhair seo, scéilín faoi sheanchaí Gaeilge a mhaígh gur éirigh sé as an scéalaíocht cois tine mar gur airigh sé ar deireadh gur ‘ag caint leis an simné’ a bhí sé. Is é an faitíos a bhí ar Mhac Mathúna go mba é a dhála céanna é ag cuid mhaith de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge cheal léitheoirí oilte a ndiongbhála. Is i gcomhthéacs an iarchoilíneachais a rianann de Paor an cruachás seo – cruachás a aithnítear le drogall áirithe, a déarfá, i bhfianaise na bhfrásaí sa chló iodálach (agamsa) sa sliocht a leanas:
Sa mhéid is gur ‘traidisiún scoilte’ é traidisiún na Gaeilge, cuid mhaith, is go bhfuil go leor dá cuid scríbhneoirí agus dá cuid léitheoirí scoite le traidisiún béil na Gaeltachta, agus leis an tseanlitríocht, a bheag nó a mhór, tá an cheist níos casta ná mar a bheadh i dteangacha nach bhfuil stair choilíneach laistiar díobh (8).
Is éard atá in aiste thosaigh an chnuasaigh grinnléamh ar ‘Do chor chúarta ar gcridhe’, dán a chum Eochaidh Ó hEoghusa aimsir Chath Chionn tSáile; agus críochnaíonn an leabhar le haiste uileghabhálach ar thraidisiún an aistriúcháin. Gníomh ómóis d’oide an Phaoraigh, Seán Ó Tuama, atá san aiste ar Ó hEoghusa, mar is léir. Chreid an Tuamach go raibh faillí déanta le fada ag scoláirí Gaeilge na filíochta réamhnua-aoisí i leith toisí aon dáin ar leith mar ‘struchtúr ealaíonta focal ar an gcéad dul síos’, mar a dúirt sé, a eascraíonn as ‘léargas claochlaitheach pearsanta an scríbhneora ar a théama’ (13–14). Is mó an tábhacht agus is lú an chonspóid a bhaineas leis an gcéad ná leis an dara cuid den áiteamh sin, dar liom féin; ach, pé scéal é, is iarracht fhónta í seo ar easnamh suntasach a chúiteamh.
Díríonn formhór na n-aistí eile ar shaothar aon duine amháin de mhórscríbhneoirí na nualitríochta: péire ar Flann O’Brien/Myles na gCopaleen/Brian Ó Nualláin, péire ar an Ríordánach, agus ceann an duine ar an gCadhnach, mar atá luaite cheana, ar an Direánach agus ar L.S. Gógan. Mura n-áirítear an Gógánach go hiondúil sa lá atá inniu ann i measc mórscríbhneoirí Gaeilge na haoise seo caite, déantar áiteamh cumasach thar a cheann anseo. Ar ndóigh, ní hé nach bhfuair sé moladh lena linn; mar shampla, i lár na ndaichidí ó Thomás Ó Floinn, an léirmheastóir ba ghéarchúisí ag an am. Luann de Paor an nascadh idir dúchas agus iasacht is léir ón luí a bhí Gógan le hamhráin tuaithe na Gaeilge agus leis an duanóg Eorpach araon (soinéad a bhí i gceist ag Gógan le ‘duanóg’, seachas iomann), bíodh gur chleacht sé an tsaorvéarsaíocht chomh maith. I dteannta a chuid nuaíochta mar fhile, luaitear a bheann ar fhoclóir an Duinnínigh, bíodh gur rud é sin a d’fhéadfaí a chur i leith scríbhneoirí Gaeilge eile de chuid a chomhaimsire.
Is éard atá i gceann amháin den dá aiste ar Myles tuairisc ar an rian a d’fhág a chuid staidéir dá thráchtas MA ar luathfhilíocht Ghaeilge an dúlra, móide an spéis a bhí aige in Buile Shuibhne (fearacht mórán scríbhneoirí agus ealaíontóirí eile roimhe agus ó shin), ar a úrscéal At Swim-Two-Birds. Ní bleachtaireacht foinsí amháin atá i gceist anseo ach léamh spéisiúil ar an úrscéal mar ‘aor ar uabhar na samhlaíochta is ar thréas na bhfocal nach bhfuil dílis don saol mar atá’ (70). Ar ndóigh, aithneoidh aon duine a bhain taitneamh as na sleachta is bladhmannaí den úrscéal sin go bhfuil íoróin áirithe ag baint le ‘breithiúnas’ Bhriain Uí Nualláin, qua scoláire iarchéime, ar fhilí na seanaimsire: ‘Níor chleachtuigh siad an cunntas fadálach…agus is le leathfhocal is mó a d’innis siad a scéal’ (47) – macalla léir ar nathán cáiliúil Kuno Meyer, ‘the half-said thing to them is dearest’.
Is éard atá san aiste eile ar Myles léamh ar An Béal Bocht mar shaothar frithchoilíneach ar lorg teoiriceoirí ar nós Edward Said agus, níos gaire do bhaile ó thaobh na Gaeilge de, Joep Leerssen. (Baineann aiste shonrach Homi Bhabha ‘Of mimicry and man’ le hábhar freisin, bíodh nach luaitear é.) Dar le de Paor is é an difríocht is suntasaí idir muintir Chorca Dhorcha agus muintir na Gaeltachta, faoi mar a léirítear iad siúd sna dírbheathaisnéisí ar a bhfuil saothar Myles múnlaithe, meon an non serviam a léiríonn carachtair áirithe in An Béal Bocht i leith a gcinniúna. Is é sin, fiú más in aisce a bhíonn a gcuid iarrachtaí éalú uaithi i ndeireadh na dála.
Údar suntais ar leith í an aiste ar ‘Cnámh na Seisce: Crapadh na fearúlachta i ndánta Mháirtín Uí Dhireáin’ (148–165) i bhfianaise an taighde spéisiúil atá idir lámha ag scoláirí níos óige ná an Paorach le tamall anuas ar leaganacha den bhfireannachas agus den bhfearúlacht i litríocht na Gaeilge. Luann sé rian dá leithéid chéanna de chrapadh agus de chruachás a bheith le sonrú i saothar Uí Chadhain agus Uí Ríordáin (an prós aige go sonrach) mar léiriú ar ghné faoi leith den ‘aistriú saoil’ a tharla in Éirinn i lár an chéid seo caite.
Is dócha gurb é Seán Ó Ríordáin an scríbhneoir is gaire do chroí an údair, ar file aithnidiúil é féin, ar ndóigh. ‘Tionlacan na n-óinseach’ an príomhtheideal ar aiste amháin den dá aiste ar an Ríordánach, aiste ina bpléitear a shaothar i gcomhthéacs ‘cros-síolrú an chultúir in Éirinn’ (112–114). Tagairt atá sa chéad nath díobh seo do ráiteas leis an bhfile féin a thugann an argóint ag Eliot lenar thosaíomar chun cuimhne arís. Go luath ina shaol mar scríbhneoir, a dúirt an Ríordánach, ba ghá dó tionchar múchtach an traidisiúin a chaitheamh ‘in ainm an diabhail’ ar mhaithe le cead cainte a bhaint amach dó féin. Ach is gearr ina dhiaidh sin
go dtáinig fonn orm éalú ón gcead cainte agus éalú uaim féin agus filleadh ar an traidisiún. Is mar sin a bhíonn an duine: anonn is anall ag leanúint a phearsantacht féin, scaitheamh, agus scaitheamh eile ag leanúint an traidisiúin. Pé ceann a leanann sé bíonn an ceann eile á thionlacan chomh maith. Sé tionlacan na n-óinseach é (114).
Má bhain ‘Adhlacadh mo Mháthar’, mar a mhaígh Seán Ó Tuama tráth, ‘geit’ as friotal liteartha na Gaeilge, ní mó ná sásta a bhí tráchtairí áirithe leis an toradh. Is cinnte gur deacair easaontú leis an tuairim a nochtar anseo gur in Eireaball Spideoige (1952) ‘is láidre a thug Ó Ríordáin cead cainte don gcuid sin dá shamhlaíocht nárbh fhéidir a thabhairt faoi chuing an traidisiúin’ (114) ach go bhfuil sé de bhua ag Brosna (1964) go bhfuil maolú déanta ar an ngliogar rithime agus tutaíl mheadarachta a bhí mar locht ar an gcéad chnuasach, na dánta fada ann go háirithe.
Ar deireadh thiar, ceann de na haistí is spreagúla ar fad anseo ná aiste léirsteanach ina gcíortar breithiúnais éagsúla Mháire Mhac na tSaoi in imeacht na mblianta ar fhilíocht Uí Ríordáin. Is mar ionsaí fíochmhar agus cáineadh as éadan a chuimhnítear go hiondúil ar a raibh le rá ag Mhac an tSaoi faoi shaothar a comhfhile. Léiríonn de Paor áfach go bhfuil an scéal níos casta ná sin. Cheal spáis ní féidir an fhianaise ar fad a athsholáthar anseo, ach is fiú éirim a phríomháitimh a thabhairt ina fhocail féin. Is é sin
go bhfuil léargas íogair ar shaothar an Ríordánaigh …sa mhéid atá scríofa [ag Máire Mhac an tSaoi] ina thaobh agus tuiscint neamhchoitianta ar na dúshláin is mó a bhaineann le scríobh i dteanga mhionlaithe. Is é an t-iontas is mó faoin gconspóid, b’fhéidir, ná a ghiorracht dá chéile a bhí an dá fhile sa léamh a dheineadar ar chás na Gaeilge agus ar fhreagracht an fhile ina leith. I gcroílár na conspóide, tá ceist bhunúsach faoi na léitheoirí a shamhlaítear agus a chuirtear i gcás i bhfilíocht na Gaeilge, ceist nach bhfuil freagra sásúil againn fós uirthi (128–9).
Mas léir go bhfuil mórán fós le déanamh ag criticeoirí na nualitríochta, is léir freisin gur áis luachmhar dúinn ar fad a bheidh sa leabhar seo agus muid i mbun oibre. Dar liom féin go bhfuil práinn faoi leith ag baint le tuilleadh taighde a dhéanamh ar fhriotal agus ar fhoirmeacha na nuafhilíochta faoi mar a mhúnlaigh filí cumasacha éagsúla a leithéid. É sin agus tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar na leaganacha den nua-aoiseachas a d’fhág a rian ar nualitríocht na Gaeilge trí chéile, go háirithe ó tharla athnuachan shuntasach a bheith le sonrú le scór bliain anuas ar ‘léann an nua-aoiseachais’ i gcomhthéacs domhanda.
Mar fhocal scoir, dá mbeinn le mionlocht amháin ar an gcnuasach breá seo a lua déarfainn gur trua nach dtugtar aon eolas don léitheoir faoi fhoinsí na n-aistí seo – dátaí agus sonraí eile a bhfoilsithe i gcéaduair – mar liosta as féin nó sa Leabharliosta i ndeireadh an leabhair.
Caoimhín Mac Giolla Léith
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Saothair a ceadaíodh
Eliot, T. S. (1932) Selected Essays. London: Faber and Faber.
Ó Cadhain, M. (1969) Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.