Ar bhuaicphointí théatar na hÉireann sa bhliain 2021 bhí Laethanta Sona le Samuel Beckett a léiríodh ar Inis Oírr i bhFómhar na bliana. Tá Inis Oírr sa Ghaeltacht, ar ndóigh, agus duine aitheanta i saol liteartha na Gaeilge atá i Micheál Ó Conghaile, an fear a d’aistrigh Happy Days. Ach i ngach slí eile, tháinig an léiriú sin salach ar na slata tomhais a úsáidtear go minic le staid is le sláinte dhrámaíocht na Gaeilge a mheas. Cinn is ea iad a thugann tús áite is stádas do bhundrámaí Gaeilge a stáitsíonn compántais bhunaithe in amharclanna foirmiúla, go háirithe sna cathracha is i mbailte móra. Ní hé amháin gur chuir an stiúrthóir, Sarah Jane Scaife agus Company SJ, duine agus compántas nach eol dom baint a bheith acu leis an drámaíocht Ghaeilge roimhe sin, an t‑aistriúchán ar siúl ar oileán beag atá chóir a bheith chomh fada siar ó Bhaile Átha Cliath agus is féidir a ghabháil, bhí an léiriú amuigh faoin spéir ar shuíomh creagach gan foscadh ar thírdhreach garbh an oileáin.

Ní miste cuimhneamh ar Laethanta Sona Inis Oírr agus muide ag léamh Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil. Faoi mar a lig cur chuige samhlaíoch don lucht féachana blaiseadh de shaothar Beckett ar dhóigh dhifriúil is do scoláirí Beckett teacht ar insint eile ar Happy Days, saothar is ea Ó Chleamairí go Ceamairí a thugann cuireadh dúinn breathnú ar dhrámaíocht na Gaeilge ar bhealach úr agus go leor de na réamhthuiscintí agus na seantuiscintí a cheistiú.

Ba sa chomhdháil ‘Ó Chleamairí go Ceamaraí: Comhdháil drámaíochta agus teilifíse’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i bhFeabhra 2017 a bhí bunús an leabhair seo. Ag an chomhdháil, tugadh le chéile an lucht acadúil agus cleachtóirí sa ghort. Teideal breá uamach is ea ‘Ó Chleamairí go Ceamaraí’ ar chloígh na heagarthóirí leis cé nach bhfuil caint ar an chleamaireacht sa leabhar agus gur mó trácht ar cheamaraí ríomhaire is ar YouTube ná ar cheamaraí teilifíse atá ann. Ach is é fotheideal an leabhair is glinne a léiríonn cad atá i gceist leis an leabhar. Pléifear drámaíocht na Gaeilge agus — is é seo an t‑eochairfhocal — na ‘Taibhealaíona’, téarma measartha nua sa Ghaeilge do choincheap nach bhfuil chomh nua sin is a chuimsíonn achan cineál léirithe ó dhrámaíocht an phobail, a raibh a fréamhacha sa bhéalaireacht nó i ndeasghnáthas creidimh, go cur i láthair drámata sna meáin dhigiteacha.

Míníonn Róisín Ní Ghairbhí agus Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ina réamhrá nár chuir an triúr eagarthóirí rompu ‘cuntas cuimsitheach’ a thabhairt ‘ar shnáitheanna uile scéal na drámaíochta Gaeilge – rud nach féidir agus aidhm nach slán’ (xix). Ach creideann siad go dtabharfaidh an leabhar ‘éachtaint do léitheoirí ar neomaití ealaíne, bídís cois tine, cois claí, i hallaí pobail, i seanmhonarchana nó in amharclanna, agus déanfar gnéithe éagsúla den mhórscéal a reic’ (xix). Tabharfar spléachadh fosta ‘ar an saibhriú a dhéanann na taibhealaíona ar shaol an phobail, agus go deimhin, i bpobail éagsúla: pobail Ghaeltachta, pobail Ghaeilge cathrach agus tuaithe, pobal ollscoile, an pobal aiteach, nó saoránaigh óga’ (xix). Leathabairt amháin ón réamhrá ar chuir mé sonrú inti ná an ceann seo: ‘Agus drámaíocht na Gaeilge agus Léann na drámaíochta Gaeilge araon fós ag bailiú nirt…’ (xxvi). Fág as an áireamh an tslí ina bhfuil an phaindéim i ndiaidh imeachtaí poiblí cultúrtha agus sóisialta a shrianadh bíodh sé sin go gearrthéarmach nó go fadtréimhseach, an cheist ba mhó a d’ardaigh an réamhrá ná an dtacódh an fhianaise sa leabhar sin leis an ráiteas dearfach thuas faoi dhrámaíocht na Gaeilge agus faoina réimse léinn.

Cinneadh amháin a bhíonn le déanamh ag eagarthóirí leabhair atá bunaithe ar imeachtaí comhdhála ná an cóir cloí le cainteanna a cuireadh i láthair na comhdhála nó aistí a choimisiúnú le hábhar eile a chlúdach. Deir Ní Ghairbhí is Ní Mhuircheartaigh faoi seo:

… beartaíodh deiseanna plé breise a chur ar fáil do chleachtóirí. Tá idir aistí agus agallaimh i gceist sa síneadh seo a cuireadh le raon an leabhair, agus is tábhachtach, dar linn, na guthanna breise seo ón ngort, a mbíonn malairt béime i gceist leo go minic, a bheith san áireamh. (xix)

Caithfear fáilte a fhearadh roimh na guthanna sin ach, mar a fheicfimid, is mór an trua nár tapaíodh an deis síneadh beag eile a chur le raon an leabhair.

Tá ceithre aiste dhéag agus sé ‘allagar’ (nó agallamh) i gcabhail an leabhair, agus iad roinnte i dtrí chuid: ‘Taighde agus tráchtaireacht’, ‘Compántais, cleachtóirí agus cleachtais’, agus ‘Spotsholas ar Thogra’. Sna haguisíní, tá liostaí de léirithe na bhFánaithe (1987–1993) mar aon le léirmheasanna, de léirithe Aisteoirí Bhréanainn (1970–2021) agus de léirithe Thaibhdhearc na Gaillimhe (2000–2020). Iarracht is ea na ranna thuas le hord de chineál a chur ar struchtúr an leabhair. Ach ní hannamh dul thar a chéile ó roinn go roinn: cuir i gcás, soiléiríonn agallamh le Darach Mac an Iomaire sa tríú cuid ábhar faoina shraitheanna teilifíse Corp + Anam sa chéad chuid. Is den saol, agus de shaol na drámaíochta féin, an siar is aniar ach seans go gcuirfeadh sin as do léitheoirí a mbeadh dúil acu i scéal agus i leabhar ina bhfuil tús, lár agus deireadh san ord sin.

Tá éagsúlacht mhaith in ábhar na seacht n‑alt in ‘Taighde agus tráchtaireacht’. Is cuí go dtugann an chéad aiste le hÉadaoin Ní Mhuircheartaigh aitheantas do dhuine is do dhréachtaí a bhí ina ndroichead idir ealaín na béalaireachta is an drámaíocht ardáin. Leabhar beag é Racaireacht ghrinn na tuaithe (1924) inar tiomsaíodh idir agallaimh bheirte is dhrámaí véarsaíochta leis an Chiarraíoch, Tadhg Ó Conchubhair (c. 1838–1925). D’fhéach lucht na hAthbheochana is leithéid Lady Gregory, a bhí i bhfách le drámaíocht dhúchasach a aithint is a fhorbairt, le hardán a chur ar fáil (go litriúil) ag feiseanna don seánra traidisiúnta sin, an t‑agallamh beirte. Díríonn Ní Mhuircheartaigh ar na drámaí véarsaíochta agus, tar éis di a thabhairt le fios gur dheacair do thráchtairí eile iad a rangú (14), tugann sí féin a breith chothrom thomhaiste ar dhréachtaí Uí Chonchubhair mar shaothar:

… a gineadh idir dhá thraidisiún agus idir dhá sheánra agus a léiríonn an cros-síolrú a bhí ag tarlú ag an am idir traidisiún na béalaireachta agus an ghluaiseacht nua drámaíochta. Is samplaí cruthanta iad de bhéal beo na Gaeltachta á chur in oiriúint do stáitse na hAthbheochana. (17)

Téacs aonair ó ré na hAthbheochana atá idir chamáin ag Liam Mac Mathúna. Dráma dátheangach bolscaireachta is ea Pleusgadh na Bulgóide; Or the Bursting of the Bubble (1903) le Dubhghlas de Híde a dhéanann aoir ar John Pentland Mahaffy agus Robert Atkinson, scoláirí mór le rá i gColáiste na Tríonóide a labhair i gcoinne stádas na Gaeilge sa chóras meánscolaíochta in 1898/1899. Tar éis dó achoimre a thabhairt ar an dráma agus a fhiosrú an raibh lámh ag Lady Gregory agus ag W.B. Yeats i scríobh an dráma, cuireann Mac Mathúna faobhar ar a scileanna bleachtaireachta féachaint cérbh é ‘G.G.’, an té a d’aistrigh an t‑ábhar Gaeilge sa dráma go Béarla is a scríobh na ‘Illustrative Notes’ a bhí ag gabháil leis an dráma foilsithe. Tá sé chomh dócha lena athrach gurbh ionann ‘G.G.’ agus ‘Géagán Glas’, ainm cleite eile a d’úsáid de Híde ‘mar sciath chosanta chun teacht idir a ról mar údar agus na dréachtaí ba mhó a bhí frith-Shasanach’, a deir Mac Mathúna (31).

Saibhríonn an saineolas scolártha atá ag Pádraig Ó Liatháin ar Dhonncha Rua Mac Conmara agus ar a chuid filíochta a anailís ghrinn ar dhá dhráma fhada faoin fhile leis an teideal céanna, Giolla an Amaráin, ceann le Séamus Ó hAodha agus an dara ceann le Gearóid Ó Sléibhín. Agus téann Gearóidín Uí Laighléis ag póirseáil i gcomhaid an Ghúim sa Chartlann Náisiúnta. Deir sí:

Is cúinne beag é an Gúm de scéal na drámaíochta nach gcluintear mórán ina thaobh, ach mar sin féin is é an Gúm a d’fhoilsigh an chuid is mó de na drámaí Gaeilge a foilsíodh sa chéad leath den 20ú haois agus is scéal é arbh fhiú a ríomh mar chuid de mhórscéal na drámaíochta Gaeilge. (35)

Déanann Uí Laighléis iniúchadh ar na critéir a d’úsáid an Gúm is a chomhairleoirí seachtracha le teacht ar chinneadh faoi dhráma a fhoilsiú nó gan é a fhoilsiú idir 1926, bliain bhunaithe an Ghúim, agus 1950. Ní mhíníonn an t‑údar cad chuige ar roghnaigh sí an dara dáta sin.

Baineann na ceithre aiste léannta seo leis an tréimhse roimh 1950, rud a aibhsíonn an obair atá le déanamh go fóill le drámaí agus drámadóirí ón ré sin a mheas. Tráthúil go leor, timpeall an ama ar foilsíodh Ó Chleamairí go Ceamaraí, eisíodh Setting the Stage: Transitional playwrights in Irish 1910–1950 (2021), an mórleabhar is déanaí le Philip O’Leary, agus leabhar ina bhfuil mionphlé ar shaothar stáitse le cúigear drámadóirí, Piaras BéaslaíGearóid Ó LochlainnLeon Ó Broin, Séamus de Bhilmot agus Bhaitéar Ó Maicín.

Tá blas níos comhaimseartha ar phéire aistí a phléann drámaíocht de chineálacha eile. Caitheann Liam Mac Amhlaigh solas ar amharcfhínéid — radhairc bheaga dhrámata — i bhfilíocht Michael Davitt is meabhraíonn dúinn gur mar láithreoir agus léiritheoir/stiúrthóir teilifíse a shaothraigh Davitt a chuid ar feadh na mblianta. Breacann Mac Amhlaigh samplaí de na hamharcfhínéid sin i ndánta de chuid an fhile is cíorann an t‑athrú a thagann ar ‘t[h]reo na n‑amharcfhínéad ó íomhánna pearsanta cruthaitheacha chuig radharcanna níos neamhphearsanta tromchúisí in imeacht bhlianta scríofa na ndánta’ (126). Ról gníomhach TG4 i gcoimisiúnú na drámaíochta teilifíse atá á scrúdú ag Seán Breathnach agus a aird ar na sraitheanna, Klondike (agus Dominion Creek, an leagan dubáilte den tsraith ar Netflix) agus Corp + Anam, agus ar an scannán, Foscadh. Alt eolgaiseach atá ann. An ghné is spéisiúla de, dar liom, ná an cíoradh ar an chodarsnacht in ionramháil chúrsaí teanga sna sraitheanna teilifíse agus ar na roghanna ealaíonta a bhíonn le déanamh ag údar nó ag stiúrthóir. ‘I mbaile Dominion Creek, cloistear Béarla, Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Chonamara, agus uaireanta Tlingit na Meiriceánach Dúchasach, iad uile ag meascadh le chéile ar an scáileán, iad uile ag maireachtáil sa spás scripte céanna’ (115). Ach tá ‘Domhan bréige’ cruthaithe ag Darach Mac an Iomaire in Corp + Anam (116), áit gurb ‘í an Ghaeilge gnáth-theanga na gcarachtar ar fad: is Gaeilge atá ag an mangaire drugaí, mar shampla, is Gaeilge atá ag na Gardaí, is Gaeilge atá ag na gasúir scoile fiú, cé go bhfuil roinnt béarlagair sa dialóg anois is arís’ (115).

‘Cad tá i gceist le drámaíocht na Gaeilge?’ a fhiafraíonn Róisín Ní Ghairbhí san aiste eile i gcuid a haon den leabhar (100). Alt critice den scoth is ea ‘Frámaí tagartha do dhrámaíocht na Gaeilge: tús machnaimh’ i gcomhthéacs chuspóir an leabhair an léitheoir a mhealladh i dtreo tuiscintí úra ar dhrámaíocht na Gaeilge. Don léitheoir seo, is fiú praghas an leabhair an t‑alt seo agus is eagal liom go ndéanfadh aon léirmheas simpliú ar na snáitheanna éagsúla i ngréasán smaointe Ní Ghairbhí ar an cheist. Le déanaí bhí deis agam léann théatar na Gaeilge a mheá (Ó Siadhail 2021). Ceann de na haidhmeanna a bhí taobh thiar de m’alt léirmheasa ná a thaispeáint do scoláirí óga go bhfuil réimse fiúntach léinn ann le rómhar is le saothrú go mbainfí an fómhar: is é sin, go scríobhfaí stair dhrámaíocht na Gaeilge as an nua. Bhí a raibh le rá agam bunaithe ar thuiscintí ar leith ar dhrámaíocht na Gaeilge den sórt a cheisteodh cad é mar a chuideodh Laethanta Sona Inis Oírr le drámaíocht institiúideach uirbeach na Gaeilge a neartú. Ach áitíonn Ní Ghairbhí go gcaithfidh ‘sainmhíniú leathan a bheith’ ar an drámaíocht Ghaeilge, ‘sainmhíniú nach mbeadh taobh le meán drámaí nó leis an drámaíocht scriptithe ghairmiúil nó leis an drámaíocht institiúideach’ (100). Cíorann Ní Ghairbhí achan rud ó théarmaíocht go dtí an lé atá ag scoláirí le téacsanna, beag beann ar an taibhléiriú agus ar na taibhealaíona. Ina theannta sin, cuireann Ní Ghairbhí inár láthair insint eile ar léann na drámaíochta Gaeilge, bunaithe ar thuiscintí úra ar an drámaíocht, ar na taibhealaíona agus a réimsí léinn go hidirnáisiúnta:

ina measc seo tá taighde agus foinsí a bhaineann le drámaíocht i dtréimhse na hAthbheochana, an taibhléiriú polaitiúil, scripteanna foilsithe, tionscnaimh chartlainne, amharclanna agus compántais ar leith, saothar critice faoi dhrámadóirí ar leith agus faoi chleachtóirí ar leith, drámaíocht don óige, an drámaíocht san oideachas, cleachtóirí dátheangacha, féilte, oiliúint, roghanna ealaíne, maoiniú, tionchar agus eagraíochtaí earnála. (95–96)

Ainneoin go ndeir an t‑údar i nóta go dtagraíonn sí ‘d’fhoilseacháin éagsúla mar léiriú ar fhrámaí tagartha agus critice ar leith, ní tuarascáil a bheidh anseo ar fhoilseacháin sa ghort’ (71, n.4), ní hé amháin go bhfuil lón fada machnaimh san alt seo, beidh na foinsí a cheadaítear ina gcuidiú mór d’aon té a thabharfadh faoi thaighde ar dhrámaíocht na Gaeilge sa chiall is leithne den téarma sin.

Tá cuid a dó den leabhar, ‘Compántais, cleachtóirí agus cleachtais’, agus cuid a trí, ‘Spotsholas ar Thogra’ chomh spreagúil scóipiúil lenar tháinig rompu. Tá sé aiste agus trí agallamh sa dara cuid agus ceithre agallamh sa roinn eile. Ar thaithí agus ar thuairimí lucht na n‑ealaíon féin atá an bhéim. I gcodarsnacht le cur chuige na n‑údar sna hailt acadúla, is minic blas pearsanta dírbheathaisnéise ar na dréachtaí. Ar na haistí a líonann bearnaí i scéal dhrámaíocht na Gaeilge, tá cuntas seolta le Diarmuid de Faoite, ball den chompántas, ar na Fánaithe (1987–1993) a bhí lonnaithe i nGaillimh; tá cur síos ag Marc Mac Lochlainn ar obair a chomhlachta, Branar, a dhíríonn ar an aos óg, nó ‘saoránaigh bheaga’ (162); tá Aisteoirí Bhréanainn faoi chaibidil ag duine den fhoireann, Bosco Ó Conchúir; achoimre atá san alt le Máirín Breathnach Uí Choileáin ar ábhar ina leabhar Aisteoirí an Spidéil (2015); agus caitheann Fidelma Ní Ghallchobhair, a d’oibrigh le hAodh Ó Domhnaill in Aisteoirí Bulfin, súil ar scríbhinní stáitse Uí Dhomhnaill. Bhí an Dálach, a fuair bás go hanabaí in 2018, chomh bisiúil sin gur ar éigean atá slí ag Ní Ghallchobhair níos mó ná cúpla focal a rá faoi aon dráma ar leith. Tá mórchíoradh criticiúil le déanamh go fóill ar stór leathan drámaí Uí Dhomhnaill atá gan foilsiú, ach ligeann sleachta as cuid acu atá mar eireaball ar an alt dúinn blaiseadh díobh. Níl a dhath in Ó Chleamairí go Ceamaraí faoi Aisteoirí is faoi Amharclann Ghaoth Dobhair ach is réidh don té fiosrach teacht ar an leabhar úr le Noel Ó Gallchóir, Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931–1981 (2021). Ach is é an feall nár choimisiúnaigh na heagarthóirí alt faoi Amharclann de hÍde, an compántas gairmiúil i mBaile Átha Cliath idir 1993 agus 2001 le duine a bhí páirteach ann. Níor scríobhadh cuntas cuimsitheach ar an fhiontar sin go fóill (agus seans nach scríobhfar ach oiread go mbeadh fáil ar chomhaid shean-Bhord na Gaeilge is na Comhairle Ealaíon). Ach tá leid in aiste de Faoite gur chuir an cinneadh fiontar úr Bhaile Átha Cliath a mhaoiniú drochmhisneach ar na Fánaithe i nGaillimh agus go raibh sé ar na cúiseanna gur scoir siad den obair (153).

Ní raibh sna Fánaithe ach ceann de na clocha ar phaidrín Aodha Uí Choileáin, mar a thugann sé le fios ina aiste ina roinneann sé linn a chuimhní cinn ar na blianta atá caite aige ‘i bhfearann na samhlaíochta’ (224). Ba le Siamsa Tíre a thosaigh sé an chéad lá riamh. Le déanaí, tá sé i ndiaidh a bheith ina chathaoireach ar Thaibhdhearc na Gaillimhe.

Dála an Choileánaigh ina aiste, labhraíonn Celia de Fréine, Máirín Mhic Lochlainn agus Bríd Ó Gallchóir ina n‑agallaimh faoin dóigh go ndeachaigh siad leis an drámaíocht an chéad lá riamh. Is fearr aithne ar de Fréine anois mar dhrámadóir agus mar fhile ach is mar dhearthóir a thosaigh sí gur iompaigh sí ar an scríbhneoireacht agus ar an léiritheoireacht. Meabhraíonn sí ar an am nuair a bhí sí ag léiriú a cuid drámaí féin. ‘Agus bhí mé in ann na cultacha a roghnú: go deimhin, bhí mé in ann iad a fhuáil!’ ar sise (213). Shealbhaigh Máirín Mhic Lochlainn an traidisiún óna hathair ar scéalaí é i gConamara ach bhí an t‑ádh uirthi fosta go raibh fáil aici ar thimpeallacht bheoga ealaíne, leithéidí Phléaráca Chonamara a thug deis di a mianach mar aisteoir is mar thaibhléiritheoir a fhorbairt. Aisteoir ba ea máthair Bhríd Uí Ghallchóir ach labhraíonn Stiúrthóir Ealaíne Aisling Ghéar i mBéal Feirste faoin bhliain a chaith sí féin i mbun staidéir i Moscó, faoina hoiliúint mar léiritheoir in Amharclann na Mainistreach is faoina cinneadh bogadh ó Bhaile Átha Cliath, mar a raibh sí ag obair le hAmharclann de hÍde, go Béal Feirste.

Cuirimid aithne ar na cleachtóirí seo, éistimid leo ag cur síos ina bhfocail féin ar a gcuid oibre agus ar a ndearcadh ar a saincheirdeanna. Mar shampla, ceanglaíonn Marc Mac Lochlainn an tuiscint atá aige ar an domhan is na scileanna a d’fhoghlaim sé mar mhac feirmeora lena ghairm agus lena chur chuige ag Branar. Is daoine tallannacha iad seo atá cruthaitheach agus praiticiúil. Ní cheileann siad na deacrachtaí a leanann a dtiomantas dá n‑ealaín is don Ghaeilge. Ní théann Bríd Ó Gallchóir ar chúl scéithe leis an dúshlán a bhaineann le drámaíocht na Gaeilge a shaothrú i mBéal Feirste, cuir i gcás. Agus é ag caint ar aisteoirí den scoth a earcú do léirithe beo, admhaíonn Darach Ó Tuairisg ón chomhlacht Fíbín agus é i mbun allagair in ‘Spotsholas ar Thogra’ gur minic é ‘in iomaíocht liom féin mar go bhfuil comhlacht teilifíse agam!’ (255).

Chruthaigh an phaindéim idir chonstaicí agus deiseanna, mar a mhíníonn Mac Lochlainn, de Fréine, Ó Gallchóir, Ó Tuairisg agus — san agallamh leis in ‘Spotsholas ar Thogra’ — Darach Mac an Iomaire. Bhí Fíbín ag obair ar thogra a bhí le bheith sa Taibhdhearc nuair a thosaigh COVID gur shocraigh siad ar ‘Drive-in Dráma’ a chur ar siúl faoin aer ag oifigí Fíbín i gConamara, rud a chloífeadh le rialacha faoin scaradh sóisialta. Ba as an smaoineamh sin a tháinig Fiach le Philip Doherty, dráma ilmheán faoi gharda sa tóir ar ghluaisteán éalaithe a léirigh Fíbín sa samhradh 2020. Ach níorbh é sin an chéaduair dóibh tabhairt faoi léiriú ar bhealach úr, mar a mhíníonn Ó Tuairisg: bhí dráma stáitsithe acu cheana i gcairéal i gCamus in 2013 agus, roimh an phaindéim, bhíodar ag forbairt seó taistil a rachadh ar thrálaer chuig pobail scoite timpeall chósta na Gaillimhe (253). Mar an gcéanna, trí na hagallaimh, is iomaí trácht atá ar an nua-theicneolaíocht mar áis le teacht ar lucht féachana. Deir Celia de Fréine:

Is uafásach nach bhfuil aon ionad i mBaile Átha Cliath ina bhfuil drámaí Gaeilge á léiriú go leanúnach ach, anois agus daoine tar éis glacadh leis an mbeoshruthú, seans go mbeidh níos mó saothar i nGaeilge a scríobhadh don stáitse á sruthú ar líne. (220)

Ar sheó ilmheán a raibh sé ina bhun atá an fócas sa chomhrá le Darach Mac an Iomaire. Is éard a bhí in Óró mórléiriú idirnáisiúnta ilteangach mar chuid de Ghaillimh 2020. Bhí an fhoireann i dtaobh leis an idirlíon le haghaidh cleachtaí ach d’éirigh leo Óró a stáitsiú faoi dheireadh — i seanmhonarcha ar an Cheathrú Rua san Fhómhar 2020. Clúdaíonn an t‑agallamh seo fosta na blianta a chaith Mac an Iomaire ag obair sa Taibhdhearc mar stiúrthóir ealaíne. Gné an-spéisiúil den agallamh is ea an cur síos ar an fhorbairt atá i ndiaidh teacht ar a thuiscintí ar an drámaíocht. Cuir i gcás, dearbhaíonn sé: ‘Bhrisfeá do chroí ag iarraidh na mothúcháin a bhogadh i nduine le focla, uaireanta, ach cúpla nóta ceoil agus tá an croí iomlán nochtaithe. Bheadh sé deacair orm a shamhlú, tabhairt faoi aon saothar amharclainne arís nach mbeadh ceol beo mar chuid de’ (281–282).

Dhá thogra ina bhfuil bheith istigh á héileamh ag lucht na n‑ealaíon atá faoi chaibidil sa dá agallamh eile in ‘Spotsholas ar Thogra’. Bhunaigh Marianne Kennedy Garraí an Ghiorria in 2016 mar ‘comharghrúpa ildisciplíneach Eorpach d’ealaíontóirí amharclannaíochta le Gaeilge atá ag obair in iarthar na hÉireann […] mar fhreagra ar an imeallú a bhí ar siúl, dar liom, ar thaibhealaíona na Gaeilge ag an am’ (285). Theastaigh ó Kennedy go mbeadh spás forbartha ar fáil dá leithéid a ligfeadh dóibh a bheith ag bualadh le chéile agus ag babhtáil le chéile. Ó shin, d’oibrigh an mheitheal ar an léiriú Téada, rópaí agus slabhraí: Glór na ndaoine ina dtost faoi Phiaras Feiritéar, saothar inar cinntíodh go raibh ‘guth na n‑ealaíontóirí go léir […] lárnach’ (292). Leantar le togra Gharraí an Ghiorria.

Comharghrúpa LADTA+ ealaíne is ea AerachAiteachGaelach a bunaíodh in 2020. Tá breis is trí scór ball aige, a deir Eoin McEvoy, ‘idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig, ealaíontóirí agus dhaoine a bhíonn ag plé leis an eagarthóireacht agus an taobh teicniúil de na healaíona freisin. Feidhmíonn an grúpa go hiomlán trí mheán na Gaeilge’ (261). Tugann McEvoy is Ciara Ní É, duine eile de na bunaitheoirí, éachtaint dúinn ar imeachtaí a bhfuil baill den ghrúpa ag dul dóibh. Is ar éigean a bhí AerachAiteachGaelach ar an fhód gur réab an phaindéim cúrsaí an tsaoil agus go raibh an grúpa i dtaobh leis an idirlíon. Ó shin, ar nós Gharraí an Ghiorria rompu, tá siad i ndiaidh leas a bhaint as Abbey 5X5, scéim mhaoinithe faoi choimirce Amharclann na Mainistreach, ach — mar phobal mionlaigh taobh istigh de phobal theanga mionlaigh — is tógáil croí é go bhfuil eagraíochtaí agus imeachtaí Gaeilge dála an Oireachtais, Chlub Chonradh na Gaeilge agus Sheachtain na Gaeilge i ndiaidh fáilte a chur roimh sheónna de chuid an chomharghrúpa. Togra measartha nua is ea AerachAiteachGaelach ach tá an-fhuinneamh ann agus an-ghealladh faoi.

Mar is léir ón scagadh seo ar an leabhar, is saothar téagartha é Ó Chleamairí go Ceamaraí ach ní ceann tur trom é. A mhalairt ar fad. Tá na haistí uilig soléite agus tá na hagallaimh beoga is léirsteanach (agus cuireann an greann atá i gcuid acu i gcuimhne dúinn go bhfuilimid ag plé le healaíontóirí a bhfuil cleachtadh acu ar scéalta a reic). Tá an leabhar tarraingteach seo maisithe le tréan léaráidí. Is luachmhar na foinsí uilig a luaitear, foinsí ar líne ina measc. Creidim go fóill go bhfuil stair institiúideach amharclannaíocht na Gaeilge le scríobh as an nua. Stair is ea í sin ina bhfuil áit lárnach ag Baile Átha Cliath, i gcodarsnacht leis an áit imeallach atá ag an phríomhchathair in Ó Chleamairí go Ceamaraí. Mar an gcéanna, caithfear amharclann a bheith ar fáil do dhrámaíocht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar bhonn leanúnach, bíodh compántas buan lonnaithe inti nó í á taobhú ag compántais nó ag ealaíontóirí ar cuairt. Ach oscailt súl is ea an leabhar seo faoi dhrámaíocht is faoi thaibhealaíona na Gaeilge i gcoitinne, leabhar a thugann go leor fianaise go bhfuil borradh áirithe faoi dhrámaíocht is faoi thaibhealaíona na Gaeilge is a chuireann go mór leis an dioscúrsa léinn. Tréaslaím a saothar leis na heagarthóirí agus leis na foilsitheoirí. Ní hé seo an focal scoir faoi dhrámaíocht is faoi thaibhealaíona na Gaeilge, ar ndóigh. Coinneoidh siad leo, thuas seal, thíos seal. Le déanaí, d’fhógair Tuairisc go bhfuil Aisling Ghéar tar éis a maoiniú a chailliúint agus go bhfuil an compántas i mbaol a dhruidte (Ní Eadhra 2022): ní léir go fóill cén toradh atá ar an achomharc a rinne Aisling Ghéar in aghaidh an chinnidh sin. Ciorruithe airgeadais, sin mír bheag den mhórdhráma a bhfuil lucht na n‑ealaíon cleachta leis, faraor.

Pádraig Ó Siadhail

Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax