Nuacht COMHARTaighde

Bronnadh Duais an Chomhchaidrimh 2024

Bronnadh an chéad leagan de Dhuais an Chomhchaidrimh, maoinithe ag Gael Linn, ar an Dr Peter Weakliam (TCD) ag seoladh COMHARTaighde 10. Bronntar an duais ar an aiste is fearr ó scoláire luathghairme san eagrán.

    

Seoladh COMHARTaighde Eagrán 10

Rinneadh seoladh breá ar eagrán 10 de COMHARTaighde Déardaoin 27 Samhain 2024. Le cúig alt scolártha, agus seacht gcinn de léirmheasamnna acadúla, tá lón breá machnaimh san eagrán reatha a sheol an Dr Deirdre Nic Mhathúna mar chuid de mhórsheoladh Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Deirdre Nic Mhathúna

Cuireadh chun seolta: Eagrán 10 de CT, agus Duais an Chomhchaidrimh maoinithe ag Gael Linn

Foilseofar eagrán 10 (2024) de COMHARTaighde  i mí na Samhna, le cúig alt scolártha úra agus seacht léirmheas breise ar ábhar foilsithe nua i Léann na Gaeilge.

Foilseofar eagrán 10 de COMHARTaighde go luath.

Foilseofar eagrán 10 (2024) de COMHARTaighde  i mí na Samhna, le cúig alt scolártha úra agus seacht léirmheas breise ar ábhar foilsithe nua i Léann na Gaeilge.

Tugtar cuireadh do gach duine a bheith i láthair nuair a sheolfaidh an Dr Deirdre Nic Mhathúna CT #10 Déardaoin 28 Samhain ar a 4:30pm i gColáiste na Naomh Uile, DCU, agus nuair a fhógróidh Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach COMHAR, duaisbhuaitheoir ‘Duais an Chomhchaidrimh 2024’, maoinithe ag Gael Linn.

an ghairm ar ailt fógartha d’eagrán 11 de CT, agus glacfar le hábhar ailt go dtí 1 Feabhra 2025 – tá tuilleadh sonraí ag comhartaighde.ie/gairm.

Anuas air seo, fógraítear freisin faisnéis faoi ‘Duais an Chomhchaidrimh 2025, maoinithe ag Gael Linn’ – don alt is fearr a tháinig i dtreo COMHARTaighde in aon bhliain ó scoláire ar bith a réitigh dochtúireacht i léann na Gaeilge le tamall anuas.

Duais an Chomhchaidrimh

Fógraítear Duais úr, urraithe ag Gael Linn, don saothar is fearr san iris COMHARTaighde a fhoilsítear ó scoláire luathghairme

Cuireann COMHARTaighde fáilte ar leith roimh ailt scolártha den chéad scoth ó thaighdeoirí luathghairme.

Bronnfar ‘Duais an Chomhchaidrimh’ de €750, agus buanghradam, maoinithe ag Gael Linn, ar an alt is fearr a scríobh taighdeoir luathghairme agus a fhoilseofar sa deichiú heagrán de COMHARTaighde. Iris phiarmheasta í COMHARTaighde agus déanfar gach iarratas cuí a phiarmheasúnú de réir ghnáthnósanna na hirise. Ainmnítear an duais seo i gcuimhne ar an gcumann idir-ollscoile as ar shíolraigh COMHAR agus Gael Linn.

Tá gach eolas maidir le Duais an Chaidchaidrimh ar fáil anseo.

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.