‘The future historian of Irish education will probably record that the most notable and significant educational event that took place in Ireland in the early twentieth century was the foundation of the Munster Training College at Ballingeary’ (An tAthair Pádraig Ó Duinnín, Irish Examiner, 31 Lúnasa 1909: 8)

Réamhrá

Sa bhliain 1904 a cuireadh an chéad choláiste samhraidh Gaeilge, Coláiste na Mumhan, ar bun i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. Tháinig borradh tapa faoi na coláistí samhraidh Gaeilge ar fud na tíre ina dhiaidh sin, le breis agus 30 coláiste Gaeilge curtha ar bun idir 1904 agus 1922 (Tábla 1). Ina theannta sin, cuireadh roinnt scoileanna samhraidh Gaeilge ar bun sa tréimhse chéanna (Tábla 2). Bhí na coláistí Gaeilge ag feidhmiú mar institiúidí oideachais lasmuigh de chóras oideachais náisiúnta ar chuir rialtas na Breataine tús leis in Éirinn in 1831. Ní hamháin sin, ach bhí na coláistí Gaeilge neamhspleách ar Chonradh na Gaeilge — agus neamhspleách ar a chéile, go deimhin — cé go raibh dlúthbhaint ag baill an Chonartha leo. Chuir na coláistí Gaeilge oideachas Gaeilge ar fáil do dhaltaí scoile agus do dhaoine fásta, in éineacht le hoiliúint múinteoirí, oiliúint ar thug an Bord Náisiúnta Oideachais aitheantas oifigiúil di sa bhliain 1907 agus a bhí ag teastáil go géar i bhfianaise a laghad múinteoirí a bhí cáilithe chun an Ghaeilge a theagasc. D’fhreastail na mílte ar na coláistí Gaeilge i rith na mblianta 1904–1922, agus iad sa tóir ar cháilíocht sa Ghaeilge a ligfeadh dóibh í a mhúineadh trí na modhanna múinte nua-aoiseacha a bhí á bhfógairt ag na coláistí. Cuireadh scoláireachtaí ar fáil do chainteoirí dúchais, ar an gcoinníoll go rachaidís le bunmhúinteoireacht. Faoi 1916, tuairiscíodh ag comhdháil na gcoláistí Gaeilge go raibh níos mó ná 13,000 mac léinn tar éis freastal ar chúrsaí Gaeilge ón mbliain 1904 (Mac Congáil 2005: 19–20). Faightear léargas breise ar líon na mac léinn i gcoláistí Gaeilge faoi leith roimh chruthú an tSaorstáit leis na figiúirí a d’eisigh Coláiste Laighean i mBaile Átha Cliath in 1922: d’fhreastail breis is 2,500 duine ar an gcoláiste sin idir na blianta 1906–1922 (Cunntas na Bliadhna 1921–1922).

San alt seo, breathnófar ar bhunú na gcoláistí Gaeilge i rith thréimhse na hAthbheochana chun léargas a thabhairt ar luach oideachasúil na gcoláistí i gcomhthéacs an ama. Sa dara leath den alt, pléifear modhanna múinte na Gaeilge sna coláistí chun tuiscint níos soiléire a fháil ar nua-aoiseachas na gcoláistí Gaeilge, ar an oiliúint mhúinteoireachta a bhí le fáil iontu agus ar an tionchar a bhí ag na coláistí Gaeilge ar mhodhanna teagaisc na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann ó 1922 ar aghaidh. Cé go bhfuil cuid mhaith leabhar scríofa ag scoláirí éagsúla ar ghnéithe de thréimhse na hAthbheochana le blianta beaga anuas (de Brún 2019Nic Congáil 20102022Ó Conchubhair 2009Uí Chollatáin 2004), níl ach dornán scoláirí i ndiaidh taighde a dhéanamh ar luathbhlianta na gcoláistí Gaeilge (Ó Coigligh 2014Petit Cahill 2020Mac Congáil 2005–2010McMahon 2003Ó Ríordáin 2000). Tá níos mó ná 47 coláiste Gaeilge ar an bhfód sa lá atá inniu ann agus seachas corr-eisceacht (mar shampla Coláiste na Mumhan, Coláiste Chonnacht, Coláiste Uladh, Coláiste na Rinne) tá scéal na gcoláistí féin fós le hinsint. Díríonn an t‑alt seo ar ghluaiseacht na gcoláistí Gaeilge, seachas ar aon choláiste ar leith, agus cuireann sé leis na tuiscintí atá againn ar na modhanna múinte Gaeilge a tháinig chun cinn breis is céad bliain ó shin.

Comhthéacs Idirnáisiúnta na gColáistí Gaeilge

Is gá aitheantas a thabhairt do choincheap ‘an scoil samhraidh’ féin ar dtús. D’fhéadfaí a áitiú go dtéann na scoileanna sin ar fad siar chuig coincheap na ndaonscoileanna sa Danmhairg a bhunaigh fear darbh ainm N. F. S. Grundtvig i lár an naoú haois déag. Ba shagart agus oideachasóir é Grundtvig a cháin córas oideachais na Danmhairge go tréan óir ní raibh ach ‘dead knowledge’ á mhúineadh ann dar leis, ar nós teangacha ársa agus staidéar an Bhíobla (Højskolerne 2019: 11). Dhírigh an ‘Folk High School’ (Danish Folk School) ar fhorbairt an duine aonair, agus b’institiúidí iad a chuir teanga agus gnáthshaol na Danmhairge chun cinn, mar a dhéanann go fóill inniu (Højskolerne 2019). Tá tionchar na gcoincheapa sin le sonrú ar thíortha ar nós na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige, áiteanna ar cuireadh scoileanna samhraidh ar bun iontu: scoileanna a bhí ag feidhmiú mar institiúidí cultúrtha agus iad ag iarraidh a dteangacha agus a gcultúir féin a chur chun cinn (Jones 1977: 274An Claidheamh Soluis (ACS feasta), 18 Meán Fómhair 1909: 4).

Cosúil le daonscoileanna Grundtvig, bhí foghlaim ó bhéal le fáil sna coláistí samhraidh Gaeilge, áit ar cuireadh béim ar indibhidiúlacht an fhoghlaimeora agus ar thurais amuigh faoin aer chun gnéithe spéisiúla den talamh agus den saol áitiúil a fheiceáil (ACS29 Lúnasa 1908: 722 Meán Fómhair 1917: 7). Tugadh léachtaí ar stair áitiúil cheantair na gcoláistí Gaeilge sa chomhthéacs sin go minic, agus músclaíodh suim na mac léinn i dtaobh an tírdhreacha agus na ndaoine áitiúla níos mó dá bharr (McMahon 2003: 137). Go deimhin in 1921, foilsíodh alt in Misneach a thug ardmholadh do scoileanna Grundtvig agus a thug suntas do na cosúlachtaí idir na náisiúin bheaga, Éire agus an Danmhairg (Misneach12 Márta 1921: 4–5).

Ní heol dúinn cé a bheartaigh na coláistí Gaeilge a chur ar bun in Éirinn: tá tuairim ann gur ar mholadh Fheisire Parlaiminte do Chiarraí a d’eascair coincheap na gcoláistí Gaeilge, fear a thug scoileanna samhraidh faoi deara i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1900 de réir tuairisce (Nic Congáil 2022: 59). Bhí scoileanna samhraidh do pháistí agus do dhaoine fásta ar siúl sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip ag deireadh an naoú haois déag, áiteanna ar cuireadh béim ar fhoghlaim neamh-acadúil (E.M.S 1876American 1898). Chuir go leor scoileanna samhraidh i Meiriceá cosc ar leabhair agus dhíríodar ar ábhair ar nós ‘nature study, drawing and painting from nature, music, gymnastics and games, sewing and manual training’ agus béim curtha i gcónaí ar ‘excursions’ chuig feirmeacha, chuig an bhfarraige agus chuig páirceanna áitiúla (Milliken 1898: 293–295Gold 2002: 28). Ach tá tuairim ann freisin go raibh na scoileanna samhraidh Breatnaise mar mhúnla ag lucht bunaithe na gcoláistí Gaeilge in 1904 (Mac Aonghusa 1993: 122–123). Tá go leor fianaise ann a léiríonn go raibh institiúidí samhraidh na tréimhse sin ar fad ag foghlaim óna chéile, go mór mór na scoileanna agus coláistí do theangacha mionlaigh a bunaíodh in Éirinn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag (Ó Coigligh 2014: 176Jones 1977: 274ACS29 Lúnasa 1908: 713 Feabhra 1909: 8).

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais agus Oiliúint na Múinteoirí

Tar éis do rialtas na Breataine córas bunscolaíochta a bhunú in Éirinn in 1831 bhí fáil ag Éireannaigh ar bhunscolaíocht de shaghas éigin, ach bhí an t‑oideachas sin ar fáil trí Bhéarla amháin (Walsh 2021: 4). Níor tháinig mórán athrú ar stádas na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta go dtí deireadh an naoú haois déag, nuair a tháinig athrú mar gheall ar fheachtais Chumann Bhuan Choimeádta na Gaeilge in 1878. D’éirigh leis an gCumann aitheantas a fháil don Ghaeilge, nó ‘Celtic’, mar ghnáthábhar sna meánscoileanna in 1878 agus mar ábhar breise sna bunscoileanna an bhliain dar gcionn (O’Donoghue agus O’Doherty 2019: 35–36). Níor cuireadh oiliúint ar bith ar mhúinteoirí sa Ghaeilge, áfach, go dtí an bhliain 1897 nuair a glacadh leis an nGaeilge mar ábhar roghnach sna coláistí oiliúna. Ba bheag an tacaíocht oifigiúil a tugadh don Ghaeilge sna coláistí oiliúna i ndáiríre, agus ní raibh léachtóir le Gaeilge in aon choláiste oiliúna go dtí 1900 (Ó Buachalla 1984: 79).

Sa bhliain 1900, d’éirigh le Conradh na Gaeilge aitheantas a fháil don Ghaeilge mar ghnáthábhar sna scoileanna náisiúnta mar chuid den Chlár Athbhreithnithe, fad is nach gcuirfeadh an múineadh sin isteach ar theagasc na n‑ábhar eile (Ó Riagáin 1997: 11). Choimeád an Conradh brú seasmhach ar an mBord Náisiúnta Oideachais, óir tuigeadh luach na teanga a bheith lárnach sa bhunoideachas náisiúnta leis an nGaeilge a chaomhnú agus a neartú mar theanga bheo (Mac Congáil 2006: 110ACS7 Deireadh Fómhair 1905: 6–7). Bhain tábhacht ar leith leis an aos óg má bhí an Conradh lena chuid aidhmeanna a bhaint amach agus todhchaí na teanga agus na tíre ag brath ar an nglúin a bhí ag teacht in inmhe ag an am (Nic Congáil 2022). Go deimhin bhí Conradh na Gaeilge ag brath ar dhaoine óga chun a chuid oibre ‘do chur chun críche foghanta’ dar le Pádraic Mac Piarais (ACS6 Lúnasa 1904: 6). Bua mór don Chonradh cur i bhfeidhm a Chláir Dhátheangaigh in 1904, a thug deis do pháistí i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair dhátheangacha oideachas a fháil trí mheán a dteanga dhúchais féin (má bhí an múinteoir in ann agus toilteanach a bheith ag teagasc trí Ghaeilge) (O’Donoghue 2006: 60).

Bhain dúshlán mór le cur i bhfeidhm an Chláir Dhátheangaigh. Ní raibh na múinteoirí sna scoileanna náisiúnta, fiú na múinteoirí a raibh Gaeilge ar a dtoil acu, oilte sna teicnící agus sa mhodheolaíocht ábhartha chun teagasc dátheangach a dhéanamh go héifeachtúil (Walsh 2012: 80). Níor tugadh oiliúint cheart i dteanga na Gaeilge d’ábhar múinteoirí sna coláistí oiliúna ach an oiread, fiú agus an Clár Dátheangach in ainm is a bheith i bhfeidhm i scoileanna áirithe sa tír. Bhí go leor alt in ACS ag an tráth sin a cháin leisce an Bhoird Oideachais oiliúint chuí a chur ar mhúinteoirí sna coláistí oiliúna, ar nós: ‘Here is a subject [Irish] which is taught in several thousand schools to some 100,000 children … and yet the Training Colleges make less provision for its teaching than they do for the teaching of Latin or algebra’ (ACS15 Aibreán 1905: 622 Aibreán 1905: 6–7).

Bhí an Conradh den tuairim go raibh sé riachtanach go mbeadh múinteoirí oilte sa Ghaeilge dá mbeidís ag iarraidh an Clár Dátheangach a chur chun cinn, agus an teanga a chur i mbarr a réime arís, óir, i bhfocail Éamoinn Cheannt: ‘you cannot teach the children of Ireland Irish until the teachers have got Irish themselves’ (ACS16 Nollaig 1911: 22). Bhí an t‑éileamh ar an teanga sna scoileanna náisiúnta ag fás ag an am sin, agus bhí 1,983 scoil á múineadh faoi 1904, i gcomparáid le 105 scoil in 1899 (Walsh 2021: 11). In ainneoin sin, ní dheachaigh ach thart ar 8% d’ábhar múinteoirí (57 as os cionn 700) faoi scrúdú Gaeilge sna coláistí oiliúna idir 1897–1900, agus níor cuireadh oiliúint sa teanga ach ar 18% de mhic léinn sna coláistí céanna in 1905 (Ó Buachalla 1984: 79Walsh 2021: 11). Ba ríléir nach raibh ag éirí leis an gcóras sin. Mura mbeadh oiliúint chuí sa Ghaeilge le fáil sna coláistí oiliúna, bheadh gá le struchtúr eagraithe neamhspleách leis an oiliúint sin a chur ar fáil. Is sa chomhthéacs sin a bhunaigh baill den Chonradh an chéad choláiste samhraidh Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh sa bhliain 1904, chun oiliúint Ghaeilge a chur ar mhúinteoirí agus chun cainteoirí dúchais a spreagadh chun dul leis an múinteoireacht (ACS4 Meitheamh 1904: 6). Idir na blianta 1905 agus 1920 cháiligh 3,100 múinteoir trí na coláistí Gaeilge (Commissioners of National Education 1919–20: 29). I gcomparáid leis sin, níor cháiligh ach 572 mac léinn leis an teanga sna coláistí oiliúna sa tréimhse 1904–1915 (Ó Buachalla 1984: 83). Thiocfadh éileamh breise ar an nGaeilge mar ábhar scoile idir 1908 agus 1921, agus an teanga mar ábhar máithreánach chuig an Ollscoil Náisiúnta nua ó 1914 ar aghaidh (Walsh 2021: 9–10).

Suíomh na gColáistí Gaeilge agus Bunú Choláiste na Mumhan

Figiúr

Íomhá 1

Foireann teagaisc Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, c. 1909. Le caoinchead ó Choláiste na Mumhan.

Ní trí thionóisc a bunaíodh formhór na gcoláistí samhraidh Gaeilge i gceantair Ghaeltachta, nó ‘Irish-speaking districts’, mar a ghlaoití orthu go dtí tús an fichiú haois (Ó Torna 2005: 31–44). I rith aimsir na hAthbheochana, cuireadh an-suim sna ceantair sin agus rinneadh idéalú orthu mar thoibreacha chultúr, theanga agus oidhreacht na nGael, a raibh nósanna ársa na hÉireann caomhnaithe iontu (Ó Torna 2005: 166). Rinne Conradh na Gaeilge bolscaireacht láidir ar na ceantair Ghaeltachta i leathanaigh ACS, agus chreid conraitheoirí go leathnódh an Ghaeilge fud fad na hÉireann arís dá gcuirfí an teanga chun flúirse sna ceantair Ghaeltachta. Moladh do léitheoirí go minic a gcuid laethanta saoire a chaitheamh sna ceantair sin (ACS29 Meán Fómhair 1906: 6).

Tugadh freagra ar neamhaird an Bhoird Oideachais ar an nGaeilge sa chóras oideachais sa bhliain 1903, nuair a glacadh le rún Shán Í Chuív ag Feis na Mumhan go mbunófaí coláiste: ‘chun cainteoirí Gaeilge d’ullmhú i gcóir múinteoireacht na teanga’, agus bunaíodh an chéad choláiste i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, an bhliain dar gcionn (Ó Súilleabháin 1988: 108). Ba léir go raibh suntas ag baint le lonnú na chéad choláiste sin, Coláiste na Mumhan, sa Ghaeltacht: ‘As it is from the Irish-speaking districts the flame of “Irishisation” must spread which shall cover the whole land, the College has been established at Ballingeary, Co.Cork’ (ACS19 Márta 1904: 6). Ach bhí cúiseanna breise le roghnú an tsuímh seo. Bhí teangeolaí aitheanta ón Astráil, an Dr Risteard Ó Dálaigh, tar éis scoil samhraidh bheag a bhunú i nGuagán Barra, in aice le Béal Átha an Ghaorthaidh, in 1903, agus é ag tosú amach ar thogra theagasc na Gaeilge, ‘[which] suggested the possibility of establishing a college where teachers would be trained in the most scientific methods of language teaching’ (Southern Star, 21 Lúnasa 1909: 2). Luann Arthur E. Clery gurbh é Shán Ó Cuív a thug an Dr Ó Dálaigh isteach i gcroílár na hoibre sin, agus gur fhás Coláiste na Mumhan as an saothrú a bhí á dhéanamh aige ar son na Gaeilge sa cheantar:

About the same time an Irish-Australian priest, Dr. O’Daly, formerly a student of the Propaganda and master of some fifteen or sixteen tongues, had come home to study Irish, and was before long teaching it to a summer school at the shrine of St. Finbarr — at ‘lone Gougane Barra.’ He was a master of phonetics, and therefore specially useful in the new emergency, when it was sought to create speakers of the language. It was Mr. O’Cuiv, famous as an advocate of phonetic spelling in Irish, who made Dr. O’Daly the instrument of the new idea, and out of the nucleus of his summer school established Colaiste na Mumhan (the Munster Training College), destined to be the forerunner and pattern of all Irish Colleges. Dr. O’DaIy supplied the course of phonetics (Clery 1917: 472).

Bheadh dlúthbhaint ag Ó Dálaigh le cúrsaí an choláiste, agus coláistí Gaeilge eile go deimhin, go háirithe i dtaobh chúrsaí foghraíochta. De réir tuairiscí éagsúla agus cuimhní an Athar Gearóid Ó Nualláin, ba iad Tadhg Ó Scanaill, an Dr Ó Dálaigh, an tAthair Aibhistín, Eibhlín Ní Chróinín, Seán Ó Cuill, Diarmuid Ó Foghludha (Fergus Finnbhéil), Áine Ní Raghallaigh agus Liam de Róiste a bhí i mbun chúrsaí teagaisc agus riaracháin an chéad bhliain sin in 1904 (Ó Nualláin 1950: 49ACS, 21 Bealtaine 1904: 9). Deirtear gurbh é Ó Foghludha a chéadmhol úsáid an Mhodha Dhírigh sa choláiste. Ba mhúnla fíorthábhachtach é Coláiste na Mumhan ar bunaíodh coláistí Gaeilge eile air ina dhiaidh sin, agus feicfear go raibh éifeacht an-mhór ag úsáid an Mhodha Dhírigh i gColáiste na Mumhan ar an gcineál teagaisc a bheadh ar fáil sna coláistí eile. Tháinig borradh tapa faoi choláistí eile i ndiaidh bhunú Choláiste na Mumhan agus bhí ocht gcoláiste ar an bhfód laistigh de dhá bhliain agus neart daoine aitheanta ag freastal ar chúrsaí nó ag múineadh iontu, amhail Úna Ní Fhaircheallaigh, Eoin Mac Néill, Pádraic Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Éamon de Valera, Piaras Béaslaí, Máire de Buitléir, Alice Stopford Green agus eile.

Aidhmeanna na gColáistí: ‘Coláistíbh Múinteoireachta’ Gaeilge

Tugadh teidil éagsúla ar na coláistí as Gaeilge agus as Béarla: Coláiste Traenála, Coláiste Múinteoireachta, Ollscoil agus Ardscoil ina measc. Cé go raibh cúrsaí Gaeilge ar gach leibhéal le fáil i gcoláistí Gaeilge an ama sin, an phríomhaidhm a bhí ag na coláistí ná cáilíocht oifigiúil i múineadh na Gaeilge a thabhairt dá mic léinn. Tuairiscíodh gur cuireadh Coláiste na Mumhan ar bun ‘chun a thaispeáin do dhaoinibh cionnus badh chóir an Ghaedhilg a mhúineadh; cad iad na slighte múinteoireachta a b’fhearr chuige sin; ⁊ cionnus a fhéadfar úsáid a dhéanamh de na slightibh múinteoireachta úd’ (ACS25 Meitheamh 1904: 6). Bheadh na haidhmeanna sin ag croílár obair na gcoláistí Gaeilge ar fad i rith na tréimhse sin roimh 1922.

Sa bhliain 1906, d’fhógair an Bord Náisiúnta Oideachais go dtabharfaidís aitheantas oifigiúil do na coláistí Gaeilge ón mbliain 1907 ar aghaidh (Commissioners of National Education 1906–7: 10–11). Ba léir faoin am sin go mbeadh ról luachmhar ag na coláistí in oiliúint Ghaeilge na múinteoirí náisiúnta agus ní fhéadfadh an Bord neamhaird a thabhairt ar an obair a bhí ar siúl sna coláistí agus stádas bainte amach ag an teanga sa chóras oideachais náisiúnta. D’fhógair an Bord Náisiúnta Oideachais go mbronnfaí deontas de £5 ar gach coláiste as gach mac léinn ‘who passes the examination, and who subsequently teaches Irish satisfactorily in a public school for one year’ (Irish Examiner2 Iúil 1906: 4). Bhí scrúduithe ag deireadh an tseisiúin ar siúl sna coláistí ar fad roimh 1907, ach chuir aitheantas an Bhoird go mór le luach na dteastas a bhí ar fáil iontu, óir bheadh cáilíocht oifigiúil múinte ag an té a n‑éireodh leis sna scrúduithe:

Those who pass this examination (at the end of the courses) will be registered as qualified to teach ‘Irish as an ordinary subject,’ and those who reach a sufficiently high standard will be registered as competent to take charge of a bilingual school (Irish Examiner2 Iúil 1906: 4).

Leag an Bord Náisiúnta Oideachais coinníollacha áirithe síos chun an t‑aitheantas oifigiúil a ghnóthú, a raibh cuairt chigire an Bhoird, fad na gcúrsaí agus líon na mac léinn mar chuid díobh (Irish Examiner2 Iúil 1906: 4). Léiríonn na srianta sin an drogall a bhí ar an mBord géilleadh go hiomlán d’éilimh Chonradh na Gaeilge agus na gcoláistí, cé gur tugadh aitheantas speisialta do na coláistí úd mar institiúidí oideachais agus fás tagtha ar an éileamh ar oideachas trí Ghaeilge. ‘Caidreamh míchompordach’ atá tugtha ag Seán Ó Coigligh ar an teagmháil idir na coláistí Gaeilge agus an Bord Náisiúnta sa tréimhse sin, agus coláistí áirithe ag iarraidh seasamh go hiomlán leo féin (Ó Coigligh 2016: 183). Bhí tionchar diúltach ag an gcaidreamh sin i gcásanna áirithe, ar nós chás Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe, Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir in 1912. Dhiúltaigh an coláiste géilleadh do riail nua an Bhoird cigire a bhí faofa ag an mBord a bheith i láthair ag scrúduithe an choláiste, rud a d’fhág Coláiste Uí Chomhraidhe gan aitheantas oifigiúil ar a chuid teastas ar feadh dhá bhliain (ACS21 Nollaig 1912: 8Freeman’s Journal11 Aibreán 1914: 7).

Cineálacha Coláistí Gaeilge agus Scoileanna Samhraidh

Bunaíodh roinnt scoileanna samhraidh Gaeilge ar an gcaoi chéanna sa tréimhse roimh 1922, ach tá difríochtaí suntasacha le sonrú idir na scoileanna samhraidh agus na coláistí Gaeilge. Bhain na scoileanna samhraidh le glantosaitheoirí agus gnáthfhoghlaimeoirí Gaeilge go príomha seachas le múinteoirí agus ábhair múinteoirí, agus ní raibh cáilíocht oifigiúil múinte le fáil iontu ná aitheantas tugtha ag an mBord Náisiúnta Oideachais dóibh (ACS4 Meitheamh 1910: 7Connaught Telegraph30 Bealtaine 1914: 7). Is cosúil ó thuairiscí ar na scoileanna sin gur cineál scoileanna saoire a bhí i gceist leo go minic, áit a bhféadfadh an gnáthfhoghlaimeoir Gaeilge saoire thaitneamhach, fhíorGhaelach a chaitheamh i measc chainteoirí dúchais, le feabhas a chur ar a c(h)uid Gaeilge (ACS4 Márta 1911: 8). Is léir freisin gur braitheadh uaireanta gur le haghaidh múinteoirí agus foghlaimeoirí de chaighdeán níos airde a bhí na coláistí Gaeilge, mar is léir ón alt ‘Tawin for Beginners’ in 1910:

… it is just possible that the chronicling of the rapid progress made by so many students at the new centres of learning [the Gaelic Colleges] may deter the mere elementary student, who has no hope of ever obtaining a College Certificate, from pursuing the study of a language that must in a few years’ time be spoken by every man and woman who would be regarded as Irish. The Summer School recently established at Tamhain in Galway Bay, which is certain to become a feeder to the Colleges, is just the place for a beginner and for all timid students. I do not suggest that advanced students would not gain by a visit to Tamhain, for I am aware that Gaelic Scholars have placed on record their indebtedness to the people of this quiet village, but it is because I am acquainted with many who, like myself, would consider themselves a brake upon the wheel of progress at a College, that I can recommend Tamhain School, where they would at once feel at home (ACS17 Meán Fómhair 1910: 7).

Rud eile a thugtar faoi deara thuas agus i dtuairiscí eile ar na scoileanna Gaeilge, gur pointe tosaigh a bhí sna scoileanna samhraidh dóibh siúd a raibh sé ar intinn acu freastal ar choláistí Gaeilge níos déanaí. Fiú agus na coláistí i mbarr a réime bhí cáil ar na scoileanna samhraidh sin, agus ar Scoil Gaeilge Thamhain go háirithe, i dtaobh mhúineadh na Gaeilge do ghlantosaitheoirí agus do pháistí. Is sa bhliain 1909 a cuireadh Scoil Thamhain ar bun agus is cosúil gurbh í an chéad scoil samhraidh den chineál seo. Ba phátrún ar an scoil é Ruairí Mac Easmainn agus bhí an scoil faoi stiúir Éamoin de Valera sna blianta 1911–1913 (ACS17 Lúnasa 1912:12Ó Torna 2005: 95).

Ní i suíomhanna Gaeltachta in iarthar na hÉireann amháin a bhí na scoileanna agus coláistí lonnaithe ach oiread. Sna blianta roimh chruthú an tSaorstáit in 1922, bunaíodh coláistí Gaeilge a raibh cáilíocht oifigiúil múinteoireachta le fáil iontu i mBaile Átha Cliath (Coláiste Laighean 1906 agus Coláiste na Nua-Ghaedhilge 1913), i mBéal Feirste (Coláiste Chomhghaill 1905 agus an Ardscoil Ultach 1911). Bunaíodh craobhacha de chuid na gcoláistí sin i gceantair eile nár Ghaeltachtaí iad, ar nós chraobh an Mhuilinn Chearr de Choláiste Laighean a bunaíodh in 1913. Chinntigh bunú na gcoláistí agus na gcraobhacha uirbeacha sin a bhí ar siúl i rith an Gheimhridh go mbeadh oideachas na gcoláistí le fáil fud fad na bliana, rud a lig dóibh siúd a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeltachta i rith an tsamhraidh leanúint ar aghaidh lena gcuid oiliúna sa Gheimhreadh.

Modhanna Múinte Comhaimseartha

Tugtar The Reform Period ar an tréimhse idir 1880 agus 1920 i gcúrsaí foghlama teanga, agus is suntasach go maith go raibh ról tábhachtach ag na coláistí Gaeilge i scaipeadh modhanna nua in Éirinn a tháinig le fealsúnacht an ama sin (Howatt agus Smith: 2014). Bhí cúpla modh múinte nua a dhírigh ar an teanga labhartha seachas ar scríobh agus ar aistriúchán tar éis teacht chun cinn san Eoraip agus i Meiriceá sa tréimhse sin, amhail modhanna Berlitz, Gouin, an Modh Nádúrtha agus an Modh Díreach (Mac Mathúna agus Mac Gabhann 1981: 131Howatt agus Smith 2014: 81–83). Is deacair le fírinne na modhanna sin a scaradh go hiomlán óna chéile, óir b’ionann cuid mhaith dá dteoiricí. Léiriú ar a dhoiléire is atá an scéal is ea alt a scríobh léachtóir ollscoile i Meiriceá sa bhliain 1917. Sheol sé suirbhé ar an Modh Díreach amach chuig baill den Modern Language Association, óir ‘I was never sure what it [The Direct Method] meant precisely’ (Skidmore 1917). Fuair sé go leor freagraí éagsúla ar shainmhíniú an Mhodha Dhírigh, ar nós ‘which one! There are several’ agus ‘Natural Method, Meisterschaft, or Berlitz, for example’ (Skidmore 1917). Léiríonn taighde Skidmore gur deacair míniú cinnte a thabhairt ar an Modh Díreach, agus gurb ionann do thréithe na modhanna nua thuasluaite go minic, sa mhéid is gur leagadar ar fad béim ar an tumoideachas. De réir Skidmore ba mhodh díreach agus nádúrtha aon mhodh a dhírigh ar:

teaching a foreign language as far as possible after the manner in which a child would learn it in the foreign country…. Thus we see that there are variations and that the term direct method is still occasionally used to characterize any and all attempts, whether haphazard or systematic, to make any considerable use of the foreign tongue taught (Skidmore 1917).

Is cinnte go mbíodh éiginnteacht i gceist le modhanna múinte an ama sin, agus go minic ní bhíodh ach éagsúlachtaí beaga eatarthu, ar nós béim ar chúrsaí gramadaí, rud a phléifear níos faide anonn san alt seo i gcomhthéacs Mhodh na Ráite.

Shíolraigh na modhanna múinte a úsáideadh sa Ghaeilge timpeall an ama seo ón ngluaiseacht chun deireadh a chur le modhanna níos acadúla dírithe ar ghramadach agus aistriúchán a tháinig chun cinn sa naoú haois déag. Baineadh leas réasúnta luath as modhanna a dhírigh ar an teanga labhartha chun críche teagasc na Gaeilge in Éirinn. Sa bhliain 1893, d’oibrigh an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh ar leagan de Mhodh Berlitz a chur in oiriúint do mhúineadh na Gaeilge (Sisson 2004: 28). Thiocfadh cáil fhorleathan ar shraith leabhrán Uí Ghramhnaigh Ceachtanna Simplidhe/Simple Lessons in Irish a bhí bunaithe ar an obair sin (McMahon 2008: 10). Faoin am a fuair an tAthair Ó Gramhnaigh bás in 1899, áfach, bhí tuiscint tar éis fás go raibh róshimpliú déanta ar an nGaeilge sna Ceachtanna Simplidhe, gan comhthéacsú níos leithne ar fhrásaí a thabhairt mar shampla, agus ‘leanadh den tóir ar ghléas eile’ (Mac Mathúna agus Mac Gabhann 1981: 32–36). Chomh luath leis an mbliain 1895, bhí Conradh na Gaeilge Bhéal Feirste ag baint leas as Modh Gouin ‘which involved short verb-based actions’ agus tosaíodh ar an obair chun an modh sin a chur in oiriúint do theagasc na Gaeilge (Mac Póilin 2006: 119). De réir Uí Choigligh, faoi 1900 ‘bhí conraitheoirí ag éirí imníoch faoi easpa líofachta na bhfoghlaimeoirí a bhí ag freastal ar a gcuid ranganna’ agus ní rabhadar sásta le teagasc Uí Ghramhnaigh a thuilleadh (2014: 318). D’fhoilsigh Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) leabhar ar an staidéar a bhí déanta aige ar Mhodh Gouin in 1903, dar teideal The handbook of Irish teaching (Mac Ginley 1902). Modh nua-aimseartha eile a bhí dírithe ar an teanga labhartha agus fuaimeanna na cluaise a bhí i Modh Gouin, ach is díol spéise é nár baineadh úsáid as an tumoideachas iomlán sa dara teanga leis an modh sin, faoi mar a tharlódh i dteagasc na Gaeilge sna coláistí Gaeilge amach ansin (Mac Mathúna agus Mac Gabhann 1981: 132). De réir Mhic Mhathúna agus Mhic Gabhann, leag Modh Gouin béim ar ‘thábhacht na gníomhaíochta fisiciúla sa phróiseas foghlama’ agus is ar an ábhar sin a tosaíodh ar ‘sceitsí, mímeanna agus cluichí srl.’ a úsáid i gceachtanna teanga (1981: 132).

Le bunú Chonradh na Gaeilge in 1893, bheadh modh eile go mór chun tosaigh i measc phobal na Gaeilge: an Modh Díreach. Ainmníodh an Modh Díreach mar mhodh teagaisc oifigiúil i ranganna Gaeilge chraobhacha an Chonartha faoin mbliain 1903 (Ó Coigligh 2014: 318). Dhá bhliain níos déanaí, d’fhógair an Conradh go mbeadh duine á sheoladh acu chun na Beilge chun na modhanna a bhí in úsáid sna scoileanna dátheangacha ansin a scrúdú (Petit Cahill 2020 :165). Chuaigh Pádraic Mac Piarais, eagarthóir ACS, chun na Beilge agus d’fhoilsigh sé sraith alt dar teideal ‘Belgium and its Schools’ sa nuachtán ar fhilleadh go hÉirinn dó. An bhliain dar gcionn, d’fhoilsigh sé sraith eile a dhírigh ar mhúineadh an Mhodha Dhírigh mar a chonaic sé é sna scoileanna Beilgeacha (Petit Cahill 2020: 165). In 1899, d’fhoilsigh Roinn Oideachais na Beilge ciorclán ar an Modh Díreach inar léiríodh suntas an Mhodha Dhírigh mar mhodh ‘nádúrtha’ nó ‘máthartha’ agus in 1905, d’fhoilsigh Mac Piarais leagan Gaeilge den chiorclán (Petit Cahill 2020: 168). Thiocfadh díospóireachtaí chun cinn i gcomhthéacs an Mhodha Dhírigh agus na Gaeilge áfach, agus cáintí ar easpa nádúrthachta an tumoideachais sa Mhodh sin, rud a phléitear thíos.

An Modh Díreach agus na Coláistí Gaeilge

Bhí an Modh Díreach in úsáid go forleathan ar mhór-roinn na hEorpa ag tús an fichiú haois, agus ba mhodh oifigiúil scoileanna na Fraince agus na Gearmáine é i rith na 1900idí agus na 1910idí (Mac Mathúna agus Mac Gabhann 1981: 135). Tumoideachas iomlán sa dara teanga a bhí i gceist leis an modh sin, murab ionann agus modhanna eile amhail Modh Gouin. Deir S. P. Ó Mathúna gur fhéach an Modh Díreach le ‘gach téarma nua sa sprioctheanga a chomhcheangal i samhlaíocht an dalta leis an gcoincheap a chuireann sé in iúl agus ní le focal comhbhríoch sa teanga dhúchais’ (Ó Mathúna 1974: 40). Tugtar aitheantas do Chonradh na Gaeilge go minic as úsáid luath agus scaipeadh an Mhodha Dhírigh in Éirinn, ach is gá léargas a thabhairt ar mhórobair choláistí Gaeilge na linne sin i gcomhthéacs cúrsaí foghlama Gaeilge. Ghlac na coláistí an Modh Díreach chucu féin go luath agus scaipeadar an teagasc sin go fairsing go luath san fhichiú haois. Baineadh leas as pictiúir agus as nithe fisiciúla ar nós cártaí chun an teanga a theagasc sna coláistí céanna, mar is léir ón gcuntas seo a leanas ó Choláiste Chomhghaill in 1905:

Four cards — black, white, red, and green severally — were fastened to the blackboard. The teacher pointing to one card described it at the same time — black card, and so on with the others. He next pointed to the cards and required the pupils to describe them. He then asked himself the question — ‘Is this the black card?’ and answered himself — ‘This is the black card,’ and similarly with the other cards. The question was then addressed to the class, and when that point was mastered the teacher passed on to the same question requiring a negative answer — ‘Is this the black card?’ ‘No, this is not the black card, this is the white card’ (ACS9 Nollaig 1905: 7).

Bhí tábhacht ar leith ag baint le múineadh na foghraíochta freisin agus an Modh Díreach in úsáid ag coláistí Gaeilge an ama. Ábhar léinn nua a bhí san fhoghraíocht i gcomhthéacs na Gaeilge, agus an chéad leabhar ar fhoghraíocht na Gaeilge (Gaeilge Árann) foilsithe ag F.N. Finck sa Ghearmáinis sa bhliain 1899. Ceapadh ollamh le haghaidh teagasc na foghraíochta, an Dr Ó Dálaigh, an chéad bhliain sin i gColáiste na Mumhan (ACS21 Bealtaine 1904: 7). Dar le Gearóid Ó Nualláin, ba í obair Uí Dhálaigh i leith na foghraíochta i gColáiste na Mumhan ba chúis le ranganna foghraíochta a bheith ar chlár oibre na gcoláistí Gaeilge eile as sin amach (Ó Nualláin 1950: 50–51). Thug sé moladh mór d’obair Uí Dhálaigh cé gur aithin sé gur ‘adhbhar tur tirim ab’ eadh an fhoghuridheacht — don choitchiantacht’ (Ó Nualláin 1950: 50). Bhí tionchar ag Ó Dálaigh ar roinnt scoláirí eile: mar shampla, d’fhreastail Séamus Ó Searcaigh ar Choláiste na Mumhan in 1905, áit ar chuir sé suim san fhoghraíocht. Ghlac sé le ról ar an bhfoireann teagaisc i gColáiste Uladh nuair a osclaíodh é in 1906 agus chuir sé an fhoghraíocht chun cinn ann. Go deimhin, d’fhoilsigh sé leabhar dar teideal Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (1925). Bhain an fhoghraíocht go dlúth le teoiricí an Mhodha Dhírigh, óir bhí sé mar aidhm ag an modh deireadh a chur le seanmhodhanna scríbhneoireachta a dhírigh ar chúrsaí litrithe agus aistriúcháin, agus baineadh leas as an bhfoghraíocht ‘to make the SOUNDS of the foreign language familiar to his [the teacher’s] pupils’ (Skidmore 1917: 215). Ní haon iontas é mar sin gur cuireadh cúrsaí foghraíochta in oiriúint do theagasc na Gaeilge tríd an Modh Díreach sna coláistí Gaeilge, agus spéis ar leith ar mhór-roinn na hEorpa i dtaobh nuálaíocht an teagaisc sin.

Tuairiscíodh in ACS in 1908 gur chaith Micheál Breathnach, príomhoide Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh, cúpla geimhreadh ar an mór-roinn, ‘making himself thoroughly acquainted with the most scientific and up-to-date teaching methods in vogue’ (ACS16 Bealtaine 1908: 8). Go deimhin léiríonn cuntas Mhichíl Bhreathnaigh in 1906 go raibh forbairt maidir le cleachtas agus modheolaíocht ag teacht ar institiúidí samhraidh Eorpacha na tréimhse seo:

amuigh fá’n aer ‘seadh déantar formhór na hoibre sna sgoltaibh samhraidh ar an Mór-Thír. Támuid ag aithris ortha i nÉirinn anois i dtaoibh ‘Modha Múinteachais’ — agus tá sé in am againn — agus sílim go mba mhaith an rud dúinn aithris a dhéanamh ortha ’n‑a taoibh seo freisin (ACS26 Bealtaine 1906: 6).

Bheadh an-chuid béime ar an bhfoghlaim agus ar an siamsa faoin aer sna coláistí Gaeilge le sonrú i leathanaigh ACS as sin amach.

Ba é an Modh Díreach an modh teagaisc a mhol na coláistí Gaeilge do mhúinteoirí, agus iad ag filleadh ar a gcuid seomraí ranga féin ar fud na tíre. Rinneadh staidéar ar an modh sna coláistí i ranganna, a raibh léachtaí ar an oideolaíocht, ranganna critice agus taispeáint ar an ábhar mar chuid díobh (ACS21 Bealtaine 1904: 76 Bealtaine 1905: 89 Nollaig 1905: 7). Ní raibh modheolaíocht mar sin forleathan in Éirinn ag an am, agus cuireadh an-chuid béime ar an múineadh nua-aoiseach agus eolaíoch a bhí á úsáid agus á staidéar sna coláistí Gaeilge, i gcomparáid leis na seanmhodhanna ‘antiquated’ a bhí á n‑úsáid go fóill i scoileanna na tíre (Walsh 2021: 10). Dúradh i dtaobh Choláiste Chomhghaill in 1906: ‘Cheapfá gur teach an dochtúra an sgoil seo’ óir bhí go leor ‘language charts, and also strange-looking phonetic diagrams, charts and pictures’ ag clúdach na mballaí (ACS24 Samhain 1906: 9). Is léir go raibh lucht stiúrtha agus teagaisc an Choláiste ag iarraidh a chur ina luí ar léitheoirí gur teagasc eolaíoch, nua-aimseartha a bhí anseo, agus is é sin go baileach a bhí á fhógairt ag coláistí Gaeilge na linne sin chuig cuairteoirí, mic léinn agus léitheoirí na meán clóite i gcoitinne.

Figiúr

Íomhá 2: ‘Students at work’

Teagasc de réir an Mhodha Dhírigh ar siúl i seomra ranga ag ‘Sgoil na Gaedhilge, Caisleán a’Bharraigh, Co. Mhuigheo,’ 1912 (Clár na Sgoile 1912). Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Figiúr

Íomhá 3: Ádhbhar Cainnte an Mhúinteora 3 (Coláiste Uí Chomhraidhe, gan dáta)

Sáirseal agus Dill a d’fhoilsigh. Úsáideadh póstaeir den chineál seo go minic agus an Modh Díreach in úsáid ag na coláistí Gaeilge. Tá póstaer eile den tsraith Ádhbhar Cainnte an Mhúinteora ag crochadh ar bhalla an tseomra ranga in Íomhá 1. Le caoinchead ó Chló Iar-Chonnacht agus Choláiste Uí Chomhraidhe.

Figiúr

Íomhá 4: ‘Br. Carthach faoi scrúdú’

Tadhg Ó Scanaill, Osborn Bergin, Shán Ó Cuív, Áine Ní Raghailligh, an tAth. Séamus Ó Ceallacháin, Coláiste na Mumhan, 1912. Le caoinchead ó Choláiste na Mumhan agus buíochas le Matt Loughrey, My Colorful Past, a dhathaigh.

An Modh Díreach nó an ‘Modh Cam’?

Bhí an Modh Díreach in úsáid go dtí laethanta an tSaorstáit, agus ina dhiaidh sin, ach cáineadh é minic go leor. Is cinnte go raibh lucht na gcoláistí Gaeilge ag iarraidh an teanga labhartha a scaipeadh, agus díríodh go minic ar phointí gramadaí, litrithe agus foghraíochta agus an Modh Díreach á úsáid sna coláistí céanna. Deir Muiris Ó Laoire nach mbíodh rath ar ranganna a bhain leas as an Modh Díreach i gcónaí, óir ba mhinic nach raibh ‘ach orduithe á dtabhairt ag an múinteoir nó ceisteanna den chineál dúnta, an múinteoir i gcónaí ag súil leis an aon fhreagra ceart, nó caint a dhéanamh ar mhaithe le riail áirithe gramadaí a mhíniú agus a shoiléiriú’ (Ó Laoire 2019: 248). Chuir sé sin bac ar fhoghlaimeoirí go minic agus feictear sin go soiléir i dtuairiscí agus i ndíospóireachtaí reatha in ACS, cosúil leis an gcuntas seo ó fhear darbh ainm Tomás Buile in 1913: ‘in spite of enthusiasm, two courses at the Colaiste Laighean, and one each at two Summer colleges, I am yet unable to carry on any but the most rudimentary sort of conversation in Irish’ (ACS1 Samhain 1913: 7).

Cháin Eoin Mac Néill, ardollamh Choláiste Bhríde, Ó Méith, úsáid an Mhodha Dhírigh go géar in 1913. De réir Uí Choigligh, bhí Mac Néill ‘tógtha’ go mór le modhanna múinte na Gaeilge, agus chaith sé an-chuid ama ag scríobh fúthu (2014: 320) Thug sé cainteanna poiblí i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath, áit ar nochtaigh sé a chuid tuairimí ar an ‘Modh Cam’ mar a thug sé ar chleachtadh an Mhodha Dhírigh i gcúrsaí foghlama Gaeilge (ACS4 Deireadh Fómhair 1913: 11). Seo mar a tuairiscíodh caint Mhic Néill i mBéal Feirste i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1913:

He had close experience of teaching under the Modh Direach system for two years in one of the summer colleges. He believed that the Modh Direach, while correct in principle, had become the Modh Cam in actual carrying out .… What he found in the Modh Direach was … that it really had developed into a roundabout way of teaching the grammar instead of being a direct way of learning the language .… It aimed at teaching the grammar systematically and the language incidentally. He thought they could get a Modh Nios Dirighe (ACS4 Deireadh Fómhair 1913: 11).

An locht is mó a bhí aige ar úsáid an Mhodha Dhírigh ná go raibh cuid mhaith daoine ag fágáil na gcoláistí gan oiliúint chuí a fháil sa Ghaeilge bheo, agus nach raibh sé de chumas ag na múinteoirí a d’fhreastail ar na coláistí an teanga a mhúineadh do pháistí dá dheasca sin (ACS15 Samhain 1913: 7). Leanadh den cheistiú agus den cháineadh ar an Modh Díreach i measc athbheochanóirí, go háirithe maidir le héifeacht an Mhodha ar chaint bheo na ndaoine, rud a phléifear thíos. Foilsíodh díospóireachtaí fada ar mhodhanna múinte éagsúla in ACS ó 1914 ar aghaidh.

Figiúr

Íomhá 5

Eoin Mac Néill ag teagasc faoin aer lasmuigh de Choláiste Bhríde, Ó Méith, Co. Lú, c. 1912. Le caoinchead ó chartlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD Archives).

Modh Níos Dírí? An tAthair Ó Tuathail agus Modh na Ráite

Tháinig modh nua chun cinn in 1914, ar tugadh Modh Uí Thuathail nó Modh na Ráite air níos déanaí. Sagart darbh ainm Domhnall Ó Tuathail (1881–1922) a chuir an modh chun cinn ar dtús, fear a raibh an-mheas ag Eoin Mac Néill air (Ó Coigligh 2014: 319–3). Ba mhúinteoir é Ó Tuathail i Scoil Bhrighde, Co. an Dúin, (Tábla 2) agus bhí dlúthbhaint aige leis an Ardscoil Ultach i mBéal Feirste freisin. Tuairiscíodh in 1922 ‘it was he who made the Ardscoil what it is — the Gaeltacht of the North-East’ (Ainm.ie). Bhí Ó Tuathail ag múineadh i gColáiste Bhríde, Ó Méith, idir 1914 agus 1916 chomh maith, agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Gaeilge Ros Glas i Leath Cathail sa bhliain 1921 (ACS25 Deireadh Fómhair 1913: 619 Meitheamh 1915: 5Fáinne an Lae2 Nollaig 1922: 3).

Cosúil le hEoin Mac Néill, ní mó ná sásta a bhí Ó Tuathail le cur i bhfeidhm an Mhodha Dhírigh sna coláistí Gaeilge, agus dúirt sé in 1914 ‘I know pupils who have attended an Irish college for five years — and who even have certificates for teaching Irish — and who cannot converse for ten minutes in Irish, nor understand a native speaker’ (ACS14 Márta 1914: 9). Léiríonn taighde Uí Choigligh go raibh cuid mhaith cumarsáide idir Ó Tuathail agus Eoin Mac Néill sa tréimhse seo, agus go raibh Mac Néill go mór i bhfabhar úsáid Mhodh na Ráite mar mhodh ‘níos dírí’ (2014: 321). Ba í an Ghaeilge bheo labhartha a bhí mar chroílár agus mar bhunús fhealsúnacht oideachasúil Uí Thuathail. Mhaígh sé go bhféadfadh sé cainteoirí líofa a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí laistigh de shé mhí, ag baint úsáid as a mhodh féin a dhírigh ar chaint nádúrtha na ndaoine (ACS14 Márta 1914: 9). Cé nár chainteoir dúchais a bhí ann féin, dúirt sé i gcónaí gur fhoghlaim sé plúr na Gaeilge ón t‑aon mhúinteoir amháin a bhí aige riamh, seanchainteoir dúchais darbh ainm Máire Mhór (Ainm.ie). Dhírigh Ó Tuathail ar an tumoideachas sa teanga bheo labhartha go príomha, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mbealach a fhoghlaimíonn páistí focail agus frásaí óna dtuismitheoirí agus iad óg (Ó Tuathail 1919). Chreid sé gurbh í an chaint bun agus barr foghlaim nádúrtha na teanga, ar féidir tógáil uirthi níos déanaí le scileanna scríbhneoireachta agus eile.

Níorbh fhada gur baisteadh ‘Modh na Ráite’ ar Mhodh Uí Thuathail, óir bhí sé bunaithe ar fhrásaí an chainteora dúchais, seachas ar na habairtí mínádúrtha ‘acadúla’ a bhí tagtha chun cinn leis an Modh Díreach. Ní modh úrnua i dtaobh cúrsaí foghlama teanga a bhí cumtha ag an Athair Ó Tuathail, cé gurbh é is mó a scaip an mhodheolaíocht sin in Éirinn ag an am. Bhí fealsúnacht a bhain le modh nádúrtha nó ‘the natural method’ á scaipeadh san Eoraip agus i Meiriceá ó lár an naoú haois déag (Escher 1920). De réir Escher, ba é G. Heness a chuir an modh nádúrtha chun cinn i Meiriceá agus ba mar seo a chur Heness síos ar fhealsúnacht an mhodha:

Since the beginning of the race, the natural method has been the one employed universally in teaching children from the mother’s lips their own language … in the natural order, reading and writing come after speaking, grammar and dictionary after reading and writing (Escher 1920: 296–297).

Bhí na teoiricí sin ag teacht le smaointe Uí Thuathail in Éirinn. Tabharfar éiginnteacht scéal na modhanna múinte faoi deara arís, áfach, óir ba thumadh nádúrtha an pháiste sa chaint a bhí luaite mar bhunús an Mhodha Dhírigh sa chiorclán Beilgeach a d’fhoilsigh Mac Piarais in 1905. Foilsíodh ailt sheachtainiúla ar mhodh Uí Thuathail in ACS ar feadh sé mhí in 1914, agus leanadh de mhórán díospóireachtaí i leathanaigh an nuachtáin ar an modh ab fhearr. Tháinig cáil measartha leathan ar Mhodh Uí Thuathail laistigh de thréimhse ghearr ama, agus faoin mbliain 1915 bhí múinteoirí ag tosú ar a gcuid taithí le húsáid an mhodha a roinnt. Moladh an modh go mór, ar nós an méid seo a scríobh Aindrias Ó Baoighill:

An Modh Díreach is mó a bhaineas úsáid as ar dtús ag múineadh ins na sgoileannaibh agus ins na rangaibh damh. Acht tar éis tamaill dfhéach mé le modh Comhráidh an Athar Uí Thuathail agus d’oibrigh mé leis an dá mhodh annsin agus ba túisge abhfad an dul-un-cinn a rinneamar ná leis an Modh Díreach amháin (ACS24 Iúil 1915: 7)

Foilsíodh teagaisc Uí Thuathail i bhfoirm Láimh-leabhar Mhódha na Ráidhte in 1919. Ba é Eoin Mac Néill a scríobh réamhrá an leabhair sin, áit a nochtann sé a chuid muiníne as Modh Ráite an Athar Uí Thuathail go láidir:

In my opinion, Father Toal’s method is the real direct method. The ‘direct method’ introduced into the teaching of Irish some years ago was not sufficiently direct. Owing to its plan, it became a method of teaching grammar — i.e., the science of language — through the medium of usage .… After all, the proof of the pudding is in the eating of it. From my own observation and from the testimony of many qualified to pronounce, Father Toal’s method has been signally successful wherever it has been fairly tried. Before I became aware of its success, I had begun to despair of depending on schools and teachers for the spread of Irish. Now I am confident that the schools and teachers will be the chief means of re-establishing our national language (Mac Néill in Ó Tuathail 1919: xi).

Figiúr

Íomhá 6

An tAthair Domhnall Ó Tuathail (ACS, 15 Lúnasa 1914: 2).

Modhanna Múinte agus Cainteoirí Dúchais na Gaeilge

Bhí Modh na Ráite in úsáid i gColáiste Bhríde Ó Méith ó 1913 ar aghaidh agus ‘The Conversational College’ baistithe acu orthu féin (Ó Coigligh 2014: 319). Faoin mbliain 1918, bhí úsáid Mhodh na Ráite á fhógairt ag an Ard-sgoil Ultach i mBéal Feirste freisin, ach níorbh ionann sin agus gach coláiste Gaeilge á ghlacadh chucu (ACS21 Meán Fómhair 1918: 3). Tá an chuma ar an scéal gur i gcoláistí agus scoileanna Gaeilge a raibh béim ar chanúint Uladh iontu ba mhó a baineadh úsáid as Modh na Ráite, cé go mbíodh ranganna Gaeilge ar an modh céanna le fáil in áiteanna eile ar nós Bhaile Átha Cliath (ACS25 Samhain 1916: 6). Sa bhliain 1916, cháin an tAthair Ó Tuathail na coláistí nach raibh Modh na Ráite in úsáid acu, óir chreid sé go raibh caint na ndaoine i mbaol agus an Modh Díreach chun tosaigh:

We must hammer at the Irish Colleges, with reason and ridicule, until we bring them back from ‘science’ to sense … The Summer Colleges are in Irish-speaking districts. If they created a bond of union between their pupils and the native speakers — as is done in Omeath, — the pupils would become speakers in one session, the native speakers would appreciate and foster the language, and the Irish language would be saved. As it is the Summer Colleges divorce the pupils from the native speakers. The native speakers laugh at ‘College Irish’ (ACS9 Nollaig 1916: 5).

Agus na coláistí Gaeilge go hiomlán neamhspleách ar a chéile, ní féidir a rá go cinnte go raibh an Modh Díreach in úsáid acu ar fad ar bhealach éifeachtach nó mí-éifeachtach. Is léir ón gcáineadh a rinneadh i nuachtáin na tréimhse sin go raibh coláistí áirithe ag tabhairt neamhaird ar chaint na ndaoine agus ag casadh ar an ngramadach agus ar an bhfoghraíocht agus an Modh Díreach in úsáid acu, ach ní féidir a rá gurbh amhlaidh an scéal i ngach coláiste Gaeilge. Rinne Séamus Ó Grianna (Máire) cáineadh géar ar an leas a baineadh as an modh sin sna coláistí Gaeilge in 1918:

Níl na coláistí Gaodhlacha ag deunamh dadaidh le cainteoiribh Gaedhilge a dheunamh …
Ní fheiceann siad [lucht teagaisc na gcoláistí] difear ar bith eadar an dá rud — eadar gramadach teangtha fhóghluim fa choinne scrúdaidh agus fóghluim teanga a chanstan. Seo an baramhail atá ag cuid mhóir i dtaobh na Gaedhilge — an oiread seo díochlaontach a fhóghlum ar do teangaidh mar dheunfá i Laidin nó i bFraincis. Acht seo dóigh chontrailte le hamharc ar an sceul. Teanga BHEO atá san Ghaedhilc, teanga atá da canstan ag na daoinibh. Mar sin de sin an obair a ba chóir do na coláistíbh Gaedhlacha a chur rompa féin — an dóigh le Gaedhilc a LABHAIRT .… ba cheart mórán ama a thabhairt do chaint agus beagán do amaidigh mar foghraidheacht agus gramadach. Do réir mo bharamhla sé an modh múinteoireachta atá ag an tSagart Ó Tuathail is deise a thig don cheart. Teagasgann seisean an ráidhte ‘na hiomláinte gan baint nó bacail le gramadaigh. Na daoine a fhóghluimeas Gaedhilc ar an modh seo beidh siad ‘na gcainteoiribh i bhfad roimh an dream a thoisigheas le gramadach agus le foghraidheacht (Fáinne an Lae21 Nollaig 1918: 3)

Bheadh baint ag Ó Grianna le bunú Iolscoil Uladh in 1920 a bhí dírithe go hiomlán ar an nGaeilge bheo labhartha i dTír Chonaill agus a d’fhógair gurbh í ‘cainnt’ bunábhar na hoibre inti (Misneach3 Iúil 1920: 4). Cosúil le cáineadh Uí Ghrianna thuas, cuireadh an locht ar chúrsaí foghraíochta sna cúrsaí Gaeilge go minic i rith an ama sin, go háirithe i dtaobh mhínádúrthacht Ghaeilge na gcoláistí i gcomparáid le caint na ndaoine. Tuairiscíodh in ACS in 1916 gur cur amú ama a bhí san fhoghraíocht, a chuir bac ar mhic léinn comhrá a dhéanamh le muintir na háite, agus go raibh na coláistí Gaeilge ‘running the risk of becoming barriers between the learners and the Gaedhilgeoiri’ (ACS21 Deireadh Fómhair 1916: 6–7). Moladh Modh na Ráite san alt céanna, óir ‘for learners the great essential is conversation. After a conversational knowledge of Irish has been acquired, Phonetics and Method may be taught easily and profitably to such students as require them’. Bhí tuiscintí ann go raibh an Modh Díreach ag cur ‘College Irish’ chun cinn, rud a chruthaigh deighilt níos leithne idir na coláistí Gaeilge agus muintir na Gaeltachta:

As it is the Summer Colleges divorce the pupils from the native speakers. The native speakers laugh at ‘College Irish.’ A pupil who wants to get a ‘certificate’ can’t waste time learning to speak from the natives. Living in a house where all speak Irish, he must spend his evenings at his phonetic notes, his grammar and texts. If the woman of the house offers to speak to him in Irish, and to give him conversation, he says, ‘excuse me I want to study my phonetics. You know I must get my certificate!’ ‘And what will you be certified for?’ the woman asks. ‘For speaking and teaching Irish,’ he proudly replies. ‘God help us ignorant people,’ she says, ‘we can’t speak right at all. We haven’t the ‘College Irish.’ We can’t read a word of it. Sure, you couldn’t put the Irish we speak into a book at all? But what’s fanatics you’re reading about?’ ‘Phonetics you mean. Oh it’s the science which treats of the sounds produced by the vocal organs in human speech.’ ‘And can an organ speak like a human being?’ ‘Oh! the vocal organ is the name given to the part of the body used for emitting vocal, intelligible sounds.’ ‘And have I got one of them?’ ‘Of course you have. You couldn’t speak without it.’ ‘And I never knew! But what part of the body is that organ in?’ ‘In your lungs, larynx, nostrils, palate, tongue and teeth.’ ‘Oh! It must be like a mouth organ then?’ ‘No! But, I beg your pardon, I must study these charts and hieroglyphics. I’ll bequeath them to you when I get my certificate, and then you can read all about what you call “fanatics” from these notes which I took down from the “fanatic” professor.’ And she goes away and laughs to herself (ACS9 Nollaig 1916: 5).

Ní haon iontas é mar sin go raibh daoine ag casadh i gcoinne an Mhodha Dhírigh, go háirithe cainteoirí dúchais agus daoine eile a bhí ag iarraidh teanga bheo na ndaoine a scaipeadh. Go deimhin, bhí úsáid nádúrtha Ghaeilge bheo an chainteora dhúchais ar cheann de phríomhaidhmeanna na gcoláistí Gaeilge ón tús (ACS21 Bealtaine 1904: 9). Bhí daoine ar nós Pheadair Uí Dhubhda fós ag cáineadh mí-oiriúnacht an Mhodha Dhírigh do theagasc na Gaeilge beo chomh déanach le 1921 (Misneach30 Aibreán 1921: 3). In alt in An tUltach sa bhliain 1924, tugtar blaiseadh don dainséar a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an iomarca plé domhain ar mhodhanna eolaíocha faoi leith, i gcomhthéacs scaipeadh na Gaeilge beo (An tUltachEanáir 1924: 7). San alt seo, moltar do mhúinteoirí leas a bhaint as modh ar bith a chabhróidh leo an Ghaeilge a theagasc go héifeachtúil: ‘I dtaobh na módhanna — na bac leó. Chan fhuil acht módh amháin, agus ‘sé sin Teagasg na Gaedhilge. Tráchtar ar Mhódh Direach, Módh Ráidhte, Módh Aistrighthe, agus eile; chan fhuil ionnta acht coda de mhodh. Bain úsáid asta uilig ma’s féidir leat’ (An tUltachEanáir 1924: 7).

Cé nár aontaíodh ar an modh ab fhearr a úsáid chun an Ghaeilge a theagasc, bhí leagan éigin den Mhodh Díreach nó Modh na Ráite ag gach coláiste i mblianta luatha an fichiú haois. Go bunúsach, ba iad frásaíocht nádúrtha agus gnáthGhaeilge labhartha ba bhonn don Mhodh Nádúrtha nó Modh na Ráite; agus béim ar an bhfoghraíocht, Gaeilge na cluaise agus abairtí macallacha bunaithe ar phictiúir nó nithe fisiciúla a bhí i gcleachtadh an Mhodha Dhírigh sna coláistí Gaeilge. Ní raibh ceachtar den dá mhodh gan locht, ach ba mhodh é an Modh Ráite a leag béim ní ba mhó ar an nGaeilge bheo agus ar chaint na ndaoine seachas ar Ghaeilge acadúil agus ar an bplé dúnta a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an Modh Díreach. In ainneoin iarracht an Athar Uí Thuathail, agus na díospóireachtaí leanúnacha ar mhodhanna teagaisc, bhí cáil ollmhór tar éis teacht ar an Modh Díreach in aimsir na hAhbheochana, de bharr iarrachtaí Chonradh na Gaeilge agus cuid mhaith de na coláistí Gaeilge go príomha. Feicfear gur leanadh d’úsáid an Mhodha Dhírigh i gcóras oideachais an tSaorstáit ó 1922 ar aghaidh (Ó Laoire 2019: 247–249).

Conclúid

I rith na tréimhse roimh 1922, chosain agus neartaigh coláistí samhraidh na Gaeilge an teanga, agus bhí éifeacht ollmhór ag na coláistí céanna ar an struchtúr a bheadh ar oideachas na teanga i Saorstát agus i bPoblacht na hÉireann níos déanaí. Murach iad, agus murach an obair mhór chun múinteoirí na tíre a oiliúint i modhanna múinte agus teanga na Gaeilge, ní bheadh sé ar chumas an tSaorstáit úir an teanga a dhaingniú i gcóras oideachais na tíre. Thug coláistí samhraidh na Gaeilge rogha thábhachtach oideachais do mhuintir na hÉireann nach raibh ar fáil go héasca faoi riail na Breataine, agus, sa chaoi sin, ba iad na coláistí Gaeilge thar aon rud eile a chuir le leathadh an oideachais Ghaelaigh i gcóras oideachais na 26 chontae le breacadh na saoirse in 1922.

Tábla 1: Na Coláistí Gaeilge 1904–1922

Bliain ar bunaíodh an Coláiste Ainm/Ainmneacha an Choláiste Ceantar Lonnaithe an Choláiste Tréimhse Oscailte an Choláiste
1904 Coláiste na Mumhan* Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí Samhradh
1905 Iolsgoil na Mumhan/Coláiste na Rinne* Rinn Ó Cuanach, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge Samhradh
1905 Coláiste Chonnacht* Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhuigh Eo Samhradh
1905 Coláiste Chomhghaill* Cathair Bhéal Feirste, Co. Aontroma Geimhreadh
1906 Coláiste na gCeithre Máistrí* Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall Samhradh
1906 Coláiste Uladh/ Ardscoil Cholm Chille* Cloich Cheann Fhaolaidh, Co. Dhún na nGall Samhradh
1906 Coláiste Laighean* Cathair Bhaile Átha Cliath Geimhreadh
1908 Scoil an Daingin/Coláiste an Daingin* Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí Samhradh
1910 Coláiste Chonnacht an Spidéil* An Spidéal, Co. na Gaillimhe Samhradh
1910 Coláiste Shligigh* Sligeach, Co. Shligigh Samhradh
1910 Scoil Chairbre/ Coláiste Chairbre* Cuan Dor, Co. Chorcaí Samhradh
1911 Coláiste Bhéal Átha na Sluigheadh* Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe Samhradh
1911 An Ardscoil Ultach Cathair Bhéal Feirste, Co. Aontroma Geimhreadh
1912 Scoil na Gaedhilge, Casileán a’ Bharraigh /Coláiste Chaisleán an Bharraigh* Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo Geimhreadh
1912 Coláiste Chrocháin Naofa* Cathair Dónall, Co. Chiarraí Samhradh
1912 Coláiste Bhrighde/Bhríde* Ó Méith, Co. Lú Samhradh
1912 Coláiste Eoghain Uí Chomhraidh* Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir Samhradh
1913 Coláiste Eochaill (athoscailt Scoil Gaeilge Eochaill a bunaíodh i 1909) Eochaill. Co. Chorcaí Samhradh
1913 The Dublin College of Modern Irish/ Coláiste na Nua-Ghaedhilge* Cathair Bhaile Átha Cliath Samhradh
1914 Scoil/Coláiste Gaeilge Reachra/ Coláiste Mhaolmhaodóg* Oileán Reachlainn, Co. Aontroma
In 1919, bhog an Coláiste chuig Baile an Chaistil, Co. Aontroma:
‘Owing to war restrictions there were no classes held on the island, but work was continued as usual at Ballycastle.’ (Fáinne an Lae, 14.6.1919: 2)
Samhradh
1918 Scoil Eithne/ Coláiste Bhaile an Bhuinneánaigh* Baile an Bhuinneánaigh. Co. Chiarraí Samhradh
1918 Presentation College* Baile Chorcaí Samhradh
1919 Bundoran Irish College Bun Dobhráin, Co. Dhún na nGall Samhradh
1919 Coláiste na bPáistí Ceann Chlochair, Co. Lú Samhradh
1920 Coláiste na nOileán Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe Samhradh
1920 Coláiste an Phiarsaigh Conamara, Co. na Gaillimhe Samhradh
1920 Coláiste Gaeilge Ghleann Garbh* Gleann Garbh, Co. Chorcaí Samhradh
1920 Iolscoil Uladh An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall Samhradh
1920 Coláiste Dhéagláin Ard Ó gCianaigh, Co. Chorcaí Samhradh
1920 Coláiste Gaeilge Thrá Lí* Trá Lí, Co. Chiarraí Samhradh
1920 Scoil/Coláiste Bhaile Choitín* Baile Choitín, Co. Chorcaí Samhradh
1920 Coláiste Gaedhlach Naoimh Fionntáin Móinteach Mílíc, Co. Laoise Samhradh
1920 Coláiste Mhic Fhirbisigh Inis Crabhann, Co. Shligigh Samhradh
1921 Coláiste Theileann/ Teelin College for the Teaching of Irish** Teileann, Co. Dhún na nGall Samhradh
1921 Coláisde na bPáisde Ros Glas, Leath Cathail, Co. an Dúin Samhradh
1922 Coláiste Baile Mhuirne Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Samhradh

* = Aitheantas oifigiúil tugtha ag an mBórd Náisiúnta don choláiste de réir Tuarascáil na gCoimisinéirí 1919–1920
** = Aitheantas oifigiúil tugtha ag an mBórd Náisiúnta don choláiste seo in 1921

Tábla 2: Na Scoileanna Samhraidh Gaeilge, 1904–1922

Bliain ar bunaíodh an Scoil Ainm/ainmneacha na Scoile Ceantair Lonnaithe na Scoile
1909 Scoil Samhraidh Thamhna Oileán Thamhain, Co. na Gaillimhe
1910 Scoil Gaeilge Lios Dún Bhearna Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir
1911 Scoil Samhraidh Thír Eoghain An Chaisleán Glas, Co. Thír Eoghain
1911 Scoil Gaedhilge Acla Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo
1913 Scoil Bhrighde Dún Phádraig, Co. an Dúin
1921 Árd Scoil Bhreifne Co. an Chabháin

Craobhacha na gColáistí

Ba mhinic a bunaíodh scoileanna Gaeilge nó craobhacha de chuid na gcoláistí Gaeilge i rith na tréimhse 1904–1922, ar nós Scoil Bhrighde (Tábla 2) a bhí faoi stiúir Choláiste Bhríde, Ó Méith, agus na hArdscoile Ultaí. Is mar seo a leanas a tugadh eolas ar chraobhacha aitheanta na gcoláistí Gaeilge i dTuairisc Oifigiúil na gCoimisinéirí Náisiúnta le haghaidh na bliana 1919–1920:

The Belfast College has a recognised branch at Armagh.
The Munster College has a recognised branch at Cork. (Winter Session).
The Leinster College has recognised branches at Mullingar, Navan & Drogheda.
The Spiddal College has recognised branches at Galway (Winter Session), and The Presentation Convent, Galway (Summer Session).
The Dublin College [of Modern Irish] has recognised branches at Dominican College, Eccles Street, Dublin, Presentation Convent, George’s Hill, Dublin, and at Bray. (Summer Session in each case). (National Education in Ireland 1921: 30).

Giorrúchán

ACS: An Claidheamh Soluis

Admháil

Tá an t‑alt seo mar chuid de thionscadal a bhfuil maoiniú faighte aige ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) faoin gclár taighde agus nuálaíochta ‘Horizon 2020’ de chuid an Aontais Eorpaigh (conradh deontais uimhir 802695).

Figiúr