Taithí múinteoirí faoi oiliúint ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha

Ní Dhiorbháin, Aisling

Student teacher experience of Content and Language Integrated Learning

Abstract

This article describes the experiences of nine student primary school teachers (SPT), three undergraduate students and six postgraduate students, of teaching subjects through Irish in English-medium primary schools. For the purpose of a final year research project, each SPT taught one subject a week through Irish, over a period of four weeks, during their school placement, during February and March 2016. The SPTs aimed to investigate the challenges and the benefits of implementing Content and Language Integrated Learning (CLIL) through Irish, on a practical level in an English-medium classroom. The SPTs gathered qualitative data from: reflections on their CLIL lesson plans; feedback from the children and class teacher; observational notes; and assessment of the children’s work. To investigate the data collected by the SPTs, their research projects were analysed using thematic analysis, and a sample of the students participated in a single focus group. Findings from the research indicate significant challenges when implementing CLIL through Irish with regard to: planning; lack of teaching resources; children’s proficiency in Irish; as well as the teacher’s own proficiency and confidence in using the language. This study shows that the CLIL lessons enhanced the children’s motivation to use Irish, and evoked a positive attitude towards the language in general. Recommendations arise from the research in relation to the provision of specialist education on CLIL through Irish for student teachers and in relation to the development of appropriate teaching resources.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2018

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
acmhainní teagaisc, sainoiliúint, inniúlacht múinteora, athmhachnamh, taighde cáilíochtúi, Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT, múinteoirí faoi oiliúint (MFO

DOI:
10.18669/ct.2018.02

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déantar cur síos san alt seo ar an taithí a bhí ag naonúr múinteoirí faoi oiliúint (MFO), triúr fochéimithe agus seisear iarchéimithe, ar ábhair a theagasc trí Ghaeilge i mbunscoileanna ina raibh an Béarla mar mheán teagaisc. Mar chuid de thionscadal taighde na MFO, mhúin gach mac léinn ábhar amháin sa tseachtain trí Ghaeilge, ar feadh ceithre seachtaine, le linn a socrúchán scoile, le linn Feabhra agus Márta 2016. Bhí sé i gceist ag na MFO na buanna agus na dúshláin a bhaineann leis an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) a iniúchadh. Bhailigh na MFO sonraí cáilíochtúla ón athmhachnamh a rinne siad ar a bpleananna ceachta FCÁT, ó aiseolas ó na páistí agus ón múinteoir ranga, ó nótaí breathnóireachta, agus ó mheasúnú ar obair na bpáistí. Le hiniúchadh a dhéanamh ar na sonraí taighde a bhí bailithe ag na MFO, rinneadh anailís ar bhonn téamúil ar thorthaí a dtionscadail taighde, agus reáchtáladh grúpa fócais amháin. Tháinig sé chun solais sa taighde go mbaineann dúshláin shuntasacha le FCÁT trí Ghaeilge a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, go háirithe maidir leis na réimsí seo a leanas: cúrsaí pleanála, acmhainní teagaisc, caighdeán teanga na bpáistí, agus inniúlacht agus féinmhuinín an mhúinteora féin. Léiríodh gur mhéadaigh na ceachtanna FCÁT inspreagadh na bpáistí le Gaeilge a úsáid agus gur chothaigh na ceachtanna dearcadh dearfach i dtaobh na teanga i gcoitinne. Eascraíonn moltaí ón taighde maidir le sainoiliúint ar FCÁT trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí faoi oiliúint agus maidir le hacmhainní cuimsitheacha a chur ar fáil dóibh.

© Aisling Ní Dhiorbháin agus Máire Ní Bhaoill, 2018

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Dhiorbháin, Aisling

Teagmháil:

aisling.nidhiorbhain@dcu.ie

Beathaisnéis:

Is léachtóir i dTeagasc na Gaeilge in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Aisling Ní Dhiorbháin. Is iarmhúinteoir bunscoile í. Tá suim ag Aisling i ngach gné den taighde a bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa bhunscoil. Tá ailt agus ábhar tacaíochta do mhúinteoirí foilsithe aici ar an teagasc foirm-dhírithe sa suíomh lán-Ghaeilge.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.