Mudes teangeolaíocha agus nuachainteoirí na Gaeilge

O’Rourke, Bernadette agus Walsh, John

‘New speakers’ refer to people who use a certain language regularly but who are not traditional ‘native’ speakers of that language (see O’Rourke and Ramallo 2013; O’Rourke and Pujolar 2013; O’Rourke, Pujolar and Ramallo 2015). They acquire the target language usually through bilingual or immersion education or through language revitalisation programmes or courses for adult learners. The concept of new speaker is based on a critique of longstanding linguistic categories used to describe people who frequently speak a language other than their ‘native’ language: ‘L2 speaker’, ‘learner’, ‘bilingual speaker’ etc. (see O’Rourke and Pujolar 2013). Instead of focussing on the perceived defects in such speakers’ speech, following O’Rourke et al (2015) we argue in this paper that the concept of new speaker allows us better to understand the communicative order of late modernity with its wide variety of speakers and speech types. We also question the authority of the native speaker ideology, challenge its dominance within linguistics generally and problematise some of the long-established understandings of that discipline.  In other sub-disciplines of linguistics and related strands this discussion has been going on for some time (see Davies 2003), it has been more recent in minority language research (see O’Rourke and Ramallo 2011).

In this essay one aspect of the experiences of new speakers of Irish is analysed, the concept known as linguistic mudes. In critical Catalan sociolinguistics, muda (mudes in the plural, meaning change or transformation) is used to refer to those critical junctures in a speaker’s lifetime when he or she decides to give Catalan a more active role and when his or her language practices change considerably. We apply the concept of muda to a section of new speakers of Irish: active speakers with high levels of linguistic competence who are often considered to be ‘experts’ (Piller 2002). Based on an ethnographic approach which prioritises the speaker’s own narrative, various mudes during the speaker’s lifecycle are identified and the social processes surrounding the linguistic change are analysed. Drawing on critiques of the native speaker concept, we argue that factors such as personal choice or the speaker’s motivation are often more important than his or her linguistic background. By focussing on the linguistic mudes reported by new speakers of Irish, we can understand the new communicative order as a future-oriented flexible, vacillating and changeable phenomenon rather than a static, frozen and rigid state based on heritage only.

Dáta foilsithe:
24/11/2015

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
foghlaimeoir teanga, Gaeilgeoir, muda, nuachainteoir, sochtheangeolaíocht

DOI:
10.18669/ct.2015.09

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Tugtar ‘nuachainteoirí’ sa taighde seo ar dhaoine a bhaineann úsáid rialta as teanga áirithe ach nach cainteoirí ‘dúchais’ traidisiúnta de chuid na teanga sin iad (féach O’Rourke agus Ramallo 2013; O’Rourke agus Pujolar 2013; O’Rourke et al. 2015). Is trí mheán an oideachais dhátheangaigh nó an tumoideachais a shealbhaíonn an nuachainteoir an teanga go minic, nó tarlaíonn an sealbhú mar thoradh ar chláracha athneartaithe teanga nó cúrsaí d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá coincheap an nuachainteora bunaithe ar chritíc ar chatagóirí teangeolaíocha atá in úsáid le fada chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine a mbíonn teanga seachas a dteanga ‘dhúchais’ á labhairt acu go rialta: ‘cainteoir T2,’ ‘foghlaimeoir,’ ‘cainteoir dátheangach’ srl (féach O’Rourke agus Pujolar 2013). In ionad díriú ar na heasnaimh a shamhlófaí ar urlabhra an chainteora, bunaithe ar O’Rourke et al. (2015) áitímid sa pháipéar seo go gcabhraíonn coincheap an nuachainteora linn teacht ar thuiscint níos fearr ar ord reatha cumarsáideach na nua-aoiseachta déanaí gona éagsúlacht mhór cainteoirí agus urlabhra. Chomh maith leis sin, ceistíonn an coincheap seo údarás idé-eolaíocht an chainteora dúchais, tugann sé dúshlán a ceannais laistigh de léann na teangeolaíochta trí chéile agus caitheann sé amhras ar chuid de thuiscintí seanbhunaithe an réimse léinn sin. I bhfo-dhisciplíní eile de chuid na teangeolaíochta agus réimsí gaolmhara léinn tá an díospóireacht seo ar siúl le fada an lá (féach Davies 2003). Is le déanaí a tháinig sé chun cinn i dtaighde faoi theangacha mionlaithe (féach O’Rourke agus Ramallo 2011).

San aiste seo, déantar anailís ar ghné amháin de scéal nuachainteoirí na Gaeilge, an coincheap ar a dtugtar mudes teangeolaíocha. I sochtheangeolaíocht chriticiúil na Catalóinise, tugtar mudes (muda san uimhir uatha, a chiallaíonn ‘athrú’ nó ‘claochlú’) ar na pointí cinniúnacha sin i saol an chainteora nuair a ghabhann an Chatalóinis ról níos gníomhaí ina s(h)aol agus nuair a thagann athrú suntasach ar a c(h)leachtas teanga. Cuirimidne coincheap an muda i bhfeidhm ar sciar de nuachainteoirí na Gaeilge: daoine ar cainteoirí ardchumasacha, gníomhacha iad a shamhlaítear a bheith ina ‘saineolaithe’ go minic (Piller 2002). Bunaithe ar chur chuige eitneagrafaíoch a thugann tús áite d’insint an chainteora féin, féachtar le mudes éagsúla le linn shaolré an duine a aithint agus déantar cíoradh ar na próisis shóisialta a ghabh leis an gclaochlú teangeolaíoch. Ag tarraingt dúinn ar chritíc ar choincheap an chainteora dúchais, áitímid gur tábhachtaí go minic gnéithe ar nós rogha phearsanta nó inspreagadh an chainteora seachas a c(h)úlra teangeolaíoch. Trí dhíriú ar na mudes teangeolaíocha a thuairiscíonn nuachainteoirí na Gaeilge, féadaimid an t-ord nua cumarsáideach a thuiscint mar fheiniméan solúbtha, luaineach agus athraitheach a bhfuil súil aige ar an todhchaí seachas mar staid statach, reoite agus docht atá bunaithe ar oidhreacht amháin.

© John Walsh agus Bernadette O’Rourke, 2015

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
O’Rourke, Bernadette agus Walsh, John

Teagmháil:

john.walsh@oegaillimh.ie

b.m.a.o’rourke@hw.ac.uk

Beathaisnéis:

John Walsh

Léachtóir Sinsearach Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus an gCultúr, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr. John Walsh. Bhí sé ina Leas-Déan Taighde i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh ó 2012-2014 agus is é Ceann Gníomhach Roinn na Gaeilge é ó 2014 i leith. Múineann sé an tsochtheangeolaíocht agus cúrsaí eile ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime. Ar na spéiseanna taighde atá aige tá: an tsochtheangeolaíocht chriticiúil; sochtheangeolaíocht na Gaeilge agus teangacha mionlaithe eile; beartas teanga; idé-eolaíocht teanga; meáin teangacha mionlaithe agus an nasc idir teanga agus forbairt shocheacnamaíoch. Foilsíodh an dara heagrán dá leabhar Contests and Contexts: the Irish language and Ireland’s socio-economic development (Peter Lang) i 2012 agus bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí an leabhair TG4@10: Deich mBliana de TG4 (Cló Iar-Chonnacht, 2008). D’fhoilsigh Cois Life a chéad leabhar Díchoimisiúnú Teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926 i 2002. Tá dlúthbhaint aige le gréasán Eorpach de chuid COST (IS1306) ‘New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges’ agus is é príomhúdar na tuarascála taighde ar an ábhar sin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge i 2015.

Bernadette O’Rourke

Is Ollamh le Sochtheangeolaíocht i Scoil na Bainistíochta agus na dTeangacha, Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann, í Bernadette O’Rourke. Múineann sí ar chláracha i Roinn na dTeangacha agus an Léinn Idirchultúrtha agus is í Leas-Stiúrthóir an Ionaid um Thaighde Idirchultúrtha sa Roinn sin í. I measc a cuid spéiseanna taighde tá sochtheangeolaíocht na teagmhála teanga, bainistíocht na héagsúlachta teanga i bpobail ilteangacha agus beartas agus pleanáil teanga. Is í a scríobh Galician and Irish in the European Context: Attitudes towards Weak and Strong Minority Languages (Palgrave, 2011) agus tá sí ina heagarthóir ar an bhfo-shraith ‘Small Languages and Small Language Communities’ ar an International Journal of the Sociology of Language. Is í cathaoirleach an ghréasáin Eorpaigh COST (IS1306) ‘New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges’ í agus duine d’údair na tuarascála ar an ábhar sin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge i 2015.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.