‘Is libhse an chathair’ — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge

Seoighe, Stiofán

‘The city is yours’ — the Pop Up Gaeltacht and new speakers of Irish

Abstract

This article centres on the new speaker concept, developed in critical sociolinguistics over the last number of years to challenge some of the historic understandings and ideologies which viewed language and their speakers as homogeneous, invariant and bounded entities (Bucholtz 2003; Doerr 2009; O’Rourke et al. 2015). New speakers are defined as people who make regular and active social use of a language that is not their ‘native’ language (O’Rourke et al. 2015). It is estimated that there are up to 200,000 new speakers of Irish in Ireland (Walsh et al. 2015) and, according to census figures (2016), 72% of daily speakers of Irish live outside traditional Gaeltacht areas.

New social spaces for the use of Irish have emerged in cities throughout Ireland over the last number of years. This article focuses on one such space, Pop Up Gaeltacht in Dublin. It has been recognised that new speakers of minority languages actively seek out and develop such social spaces in order to become part of a community of practice (Walsh agus Lane 2014). I argue, therefore, that it is important to develop a better understanding of new speakers attitudes towards these spaces. This article draws on data collected from new speakers of Irish during a series of semi-structured biographical interviews, a useful method to trace the language ‘itineraries’ or ‘trajectories’ (Busch 2016; Woolard 2016). Particular attention will be paid to questions of new speaker authenticity, legitimacy and identity, as they emerged often in participants’ narratives. The ‘legitimization process’ of new speakers is a continous one (Ortega et al. 2016). To that end, the potential impact of Pop Up Gaeltacht on the legitimization process of new speakers of Irish, and its function as a community of practice, will be investigated. Some of the languages ideologies and discourses circulated by Pop Up Gaeltacht will also be discussed.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2018

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
dlisteanach, féiniúlacht, sochtheangeolaíocht, nuachainteoir, Pop Up Gaeltacht

DOI:
10.18669/ct.2018.05

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Dírítear san alt seo ar choincheap an nuachainteora. Tháinig an coincheap chun cinn sa tsochtheangeolaíocht chriticiúil le deireanas chun dúshlán a thabhairt do thuiscintí agus d’idé-eolaíochtaí stairiúla a shamhlaigh teangacha, agus cainteoirí na dteangacha sin, mar nithe aonchineálacha, do-athraithe agus teoranta (Bucholtz 2003; Doerr 2009; O’Rourke et al. 2015). Sainmhínítear nuachainteoirí mar dhaoine a bhaineann úsáid rialta, ghníomhach as teanga nach í a dteanga dúchais í (O’Rourke et al. 2015). In Éirinn, meastar go bhfuil suas le 200,000 nuachainteoir (Walsh et al. 2015) agus de réir fhigiúirí an daonáirimh (2016) tá 72% de chainteoirí laethúla na Gaeilge ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá spásanna nua sóisialta d’úsáid na Gaeilge tagtha chun cinn i gcathracha na tíre le roinnt blianta anuas. Dírítear san alt seo ar spás amháin den chineál sin, Pop Up Gaeltacht Bhaile Átha Cliath. Aithnítear go mbíonn nuachainteoirí gníomhach i bhforbairt spásanna den chineál seo agus iad sa tóir ar phobail chleachtais nua (Walsh agus Lane 2014). Áitím, mar sin, go mbaineann tábhacht ar leith le hanailís a dhéanamh ar mheon nuachainteoirí ina leith. San alt seo, déantar anailís ar shonraí a bailíodh le dhá bhliain anuas ó nuachainteoirí óga na Gaeilge trí mheán na n-agallamh leathstruchtúrtha beathaisnéiseach, cur chuige tairbheach chun ‘conairí teanga’ (Busch 2015; Woolard 2016) nuachainteoirí a ransú. Scagtar ceisteanna a bhaineann go háirithe le barántúlacht, dlisteanacht agus féiniúlacht an nuachainteora toisc gur tháinig siad chun cinn go minic in insintí na rannpháirtithe féin. Próiseas leanúnach is ea próiseas an dlisteanaithe faoi mar a bhaineann sé le nuachainteoirí mionteangacha (Ortega et al. 2016). Chuige sin, fiosraítear tionchar féideartha Pop Up Gaeltacht ar phróiseas dlisteanaithe an nuachainteora agus a fheidhm mar phobal cleachtais do Ghaeilgeoirí uirbeacha, trí insintí na rannpháirtithe taighde a iniúchadh. Tugtar spléachadh freisin ar na hidé-eolaíochtaí teanga agus na dioscúrsaí atá á gcothú ag Pop Up Gaeltacht.

© Stiofán Seoighe, 2018

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Seoighe, Stiofán

Teagmháil:

s.joyce9@oegaillimh.ie

Beathaisnéis:

Is as cathair na Gaillimhe é Stiofán Seoighe. Is mac léinn dochtúireachta é i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhain sé BA Idirnáisiúnta (le Gaeilge agus Caistílis) agus MA sa Nua-Ghaeilge amach ón ollscoil chéanna. Bronnadh Scoláireacht de chuid Scéim Taighde Dochtúireachta na Gaillimhe air sa bhliain 2016, agus Scoláireacht Iarchéime Rialtas na hÉireann (An Chomhairle um Thaighde in Éirinn) air in 2017, le tabhairt faoi thaighde dochtúireachta, á stiúradh ag an Dr John Walsh, a bhaineann le hidé-eolaíochtaí teanga, féiniúlachtaí agus spreagthaí nuachainteoirí na Gaeilge agus na Bascaise. Tá dhá bhliain caite aige ag staidéar agus ag teagasc in Bilbao i dtír na mBascach. Is ball é de ghréasán taighde idirnáisiúnta de chuid COST, atá i mbun oibre ar thionscadal dar teideal New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.