Croidhe Cainnte Chiarraighe agus foclóir an Duinnínigh

Ní Mhaonaigh, Tracey

Croidhe Cainnte Chiarraighe and Dinneen’s dictionary

Abstract

When Seán Óg Ó Caomhánaigh decided to compile Croidhe Cainnte Chiarraighe, he forwarded a sample of the material he had already collected to the Advisory Committee of the Department of Education. In January 1935, the Committee discussed the sample, a section of the letter ‘B’. They then asked Mícheál Ó Gríobhtha, a Munster editor with the state publishing house An Gúm, to give his opinion on it. He informed them that he thought it would be valuable as a work, and it was felt that Seán should be allowed to continue with it. Seán Óg subsequently forwarded the next section of the letter ‘B’ to the Department and, as had been done with the earlier material, Ó Gríobhtha examined it closely. He raised concerns about some of the examples which, he felt, were very close to English forms, along with further examples that were similar to examples in Dinneen’s dictionary. And this would not be the only time during this project that reference would be made to the similarity between the work of Seán Óg and this particular dictionary.

This article will focus, therefore, on the question of the similarity between Croidhe Cainnte Chiarraighe and Dinneen’s dictionary and on Seán Óg’s response to it.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
19/10/2017

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
foclóir, Pádraig Ó Duinnín, Croidhe Cainnte Chiarraighe, Seán Óg Ó Caomhánaigh

DOI:
10.18669/ct.2017.04

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Nuair a chinn Seán Óg Ó Caomhánaigh ar Croidhe Cainnte Chiarraighe a thiomsú chuir sé sampla faoi bhráid Choiste Comhairleach na Roinne Oideachais. I mí Eanáir 1935, phléigh an Coiste Comhairleach an sampla, giota den litir ‘B’ a bhí faighte acu uaidh. D’iarr siad ar Mhícheál Ó Gríobhtha, eagarthóir Muimhneach de chuid An Gúm, breathnú ar an ngiota agus chuir sé in iúl dóibh gur mheas sé go mbeadh sé luachmhar mar shaothar. Moladh, dá bharr, go bhféadfadh Seán leanúint ar aghaidh leis an obair. Chuir Seán Óg an chéad chuid eile den litir ‘B’ chuig an Roinn agus, mar a rinneadh leis an gcéad chuid, scrúdaigh Ó Gríobhtha an t-ábhar. Feicimid go raibh amhras air i dtaobh cuid de na samplaí a raibh, dar leis, cuma an Bhéarla orthu, chomh maith le samplaí eile a bhí cosúil le samplaí as foclóir an Duinnínigh. Agus níorbh é seo an t-aon uair amháin le linn an tionscnaimh go dtagrófaí don chosúlacht idir saothar Sheáin Óig agus foclóir seo an Duinnínigh.

Díreofar san alt seo ar cheist seo na cosúlachta idir Croidhe Cainnte Chiarraighe agus foclóir an Duinnínigh agus ar fhreagra Sheáin Óig ar an gceist.

© Tracey Ní Mhaonaigh, 2017

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Mhaonaigh, Tracey

Teagmháil:

tracey.nimhaonaigh@mu.ie

Beathaisnéis:

Is léachtóir í Tracey Ní Mhaonaigh i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis faoi leith aici in oidhreacht Chorca Dhuibhne. Dhírigh sí sa dochtúireacht ar an mórshaothar foclóireachta Croidhe Cainnte Chiarraighe agus tá an saothar á réiteach don chló aici faoi láthair. Chuir sí le chéile an leabhar As Tobar an Doibhlinigh (2016), ar cnuasach é de scríbhinní áirithe de chuid Bhreandáin Uí Dhoibhlin le trí scór bliain anuas.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.