Comhtháthú an ábhair agus na teanga i gcomhthéacs an tumoideachais: múinteoirí faoi oiliúint i mbun éabhlóide tríd an Staidéar Ceachta

Ó Ceallaigh, T.J., Hourigan, Mairéad agus Leavy, Aisling

Content and language integration in the immersion context: pre-service teachers’ professional development through Lesson Study

Abstract

Research has shown immersion to be effective, yet our understanding about the integration of language and content in immersion pedagogy remains incomplete. Teacher preparation and professional development are therefore critical steps in the evolution of effective language immersion education in Ireland. The knowledge base and pedagogical skills needed for Irish-medium immersion classrooms are unique and complex. Despite the diverse and dynamic nature of immersion programmes, there is a significant dearth of research in relation to the essential knowledge base required to ensure the acquisition of subject content knowledge while concurrently building second language proficiency. This article reports on how the teaching of mathematics in the Irish-medium immersion elementary setting supported pre-service teachers in bridging the language and content gap. The study utilised Japanese Lesson Study to design and implement mathematics lessons and qualitative data were collected from a variety of sources. Findings provide unique insights into the knowledge demands related to designing and implementing content lessons and reveal the challenges for pre-service teachers in providing balanced language and content instruction. The complexities of identifying and integrating specific linguistic outcomes in content-based instruction are discussed and high-impact teaching and learning strategies that foster content and language integration are identified.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
05/11/2019

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Staidéar Ceachta, eolas oideolaíoch, comhtháthú ábhair agus teanga, forbairt ghairmiúil múinteoirí, teagasc ábharbhunaithe, tumoideachas

DOI:
10.18669/ct.2019.03

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Cé go bhfuil sé léirithe sa taighde go bhfuil éifeacht leis an tumoideachas i suíomhanna teanga éagsúla, níl tuiscint iomlán againn fós ar chomhtháthú teanga agus ábhair in oideolaíocht an tumoideachais. Is céimeanna ríthábhachtacha iad ullmhú agus forbairt ghairmiúil na múinteoirí in éabhlóid an tumoideachais éifeachtaigh teanga in Éirinn. Idir uathúil agus chasta atá an bonn eolais agus na scileanna oideolaíocha atá ag teastáil do sheomraí ranga an oideachais lán-Ghaeilge. In ainneoin nádúr éagsúil agus dinimiciúil na gclár tumoideachais, is beag taighde atá déanta ar bhonn eolais bunriachtanach an mhúinteora chun ábhar a shealbhú agus chun inniúlacht sa dara teanga a fhorbairt ag an am céanna. Tuairiscítear san alt seo conas a thacaigh staidéar ar an gcomhtháthú teanga agus ábhair, inar díríodh ar theagasc na matamaitice i mbunscoileanna lán-Ghaeilge, le múinteoirí bunscoile faoi oiliúint an bhearna idir an teanga agus an t-ábhar (an mhatamaitic) a dhúnadh sa tumoideachas. Baineadh leas sa staidéar as an Staidéar Ceachta ón tSeapáin mar chreat struchtúrach chun ceachtanna matamaitice a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Bailíodh sonraí cáilíochtúla ó fhoinsí éagsúla ar fud thimthriall an Staidéir Ceachta. Soláthraítear leis na torthaí léargais ar leith ar an eolas riachtanach a bhaineann le ceachtanna ábhair a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i suíomhanna lán-Ghaeilge, agus léirítear iontu na dúshláin atá le sárú ag múinteoirí faoi oiliúint chun an teagasc cothromaithe teanga agus ábhair a sholáthar sa tumoideachas. Féachtar go mion ar na castachtaí a bhaineann le torthaí teangeolaíocha ar leith a shainaithint agus a chomhtháthú i dteagasc ábharbhunaithe agus aithnítear straitéisí an-éifeachtach teagaisc agus foghlama lena gcothaítear comhtháthú an ábhair agus na teanga.

© T.J. Ó Ceallaigh, Mairéad Hourigan agus Aisling Leavy, 2019

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ó Ceallaigh, T.J., Hourigan, Mairéad agus Leavy, Aisling

Teagmháil:

tj.oceallaigh@mic.ul.ie
mairead.hourigan@mic.ul.ie
aisling.leavy@mic.ul.ie

Beathaisnéis:

T.J. Ó Ceallaigh

Tá an Dr T.J. Ó Ceallaigh ina léachtóir sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Ina chuid taighde, bíonn sé ag díriú ar an oideolaíocht atá ag teastáil chun teagasc na teanga agus an ábhair a chomhtháthú go rathúil, go háirithe i gcomhthéacsanna tumoideachais. Tá sainspéis taighde aige chomh maith sa cheannaireacht theagascach agus i dteicneolaíochtaí digiteacha chun cur chuige oideolaíochta sa dearadh foghlama cumaisc a fhorbairt.

Mairéad Hourigan

Tá an Dr Mairéad Hourigan ina léachtóir sa Roinn um Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Ina cuid taighde, bíonn siad ag díriú ar an eolas matamaiticiúil atá riachtanach don teagasc, ullmhúchán múinteoirí ionchais chun an mhatamaitic a mhúineadh sa bhunscoil, agus tacú le teagasc na matamaitice i ranganna bunscoile.

Aisling Leavy

Tá an Dr Aisling Leavy mar Cheann Roinne ar an Roinn um Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. I measc a príomhréimsí taighde, áirítear smaointeoireacht mhatamaiticiúil leanaí, forbairt an réasúnaithe staitistiúil, ullmhúchán matamaiticiúil múinteoirí réamhsheirbhíse, agus úsáid modheolaíochtaí teagaisc agus taighde chun tacú le tuiscint choincheapúil ar an matamaitic a fhorbairt i ranganna bunscoile.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.