‘Cé hí siúd Biddy Jenkinson?’: freagra an fhile ina saothar neamhfhicsin

Nic Íomhair, Caitlín

Despite being recognised as one of the Irish language’s finest poets, there has yet to be a succinct account of Biddy Jenkinson’s work, of the kind written about Seán Ó Ríordáin or Eoghan Ó Tuairisc. Critics who have tackled Jenkinson’s poetry thus far have accepted the poet’s challenge not to bring outside sources to bear when studying her work. Consequently, critics have generally focused their analysis within the confines of a particular poem or poems. For this paper, I would like to try a different approach by making virtually no reference to Jenkinson’s creative writing. Instead, this paper aims to give an account of Jenkinson’s mysterious entrance into the world of Irish-language poetry, and to analyse her causa scribendi as it presented in her non-fiction writings. I will honour the poet’s wish not to seek biographical ‘explanations’ for her work.

 

The paper has three parts. First is a short historical account of the mystery and speculation surrounding Jenkinson’s true identity in the early years. Then follows a compilation and discussion of the poetic principles shown in her several essays and in interviews with the poet. Finally, an account is given of the main transgressions against poetry which Jenkinson discusses regularly in her nonfiction.

Dáta foilsithe:
07/10/2016

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
cliarlathas, prionsabail scríbhneoireachta, agallaimh, aistí, persona, neamhfhicsean, Biddy Jenkinson

DOI:
10.18669/ct.2016.05

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

In ainneoin a bisiúlachta agus a stádais mar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge na linne, is beag atá scríofa ar mhodh oibre Bhiddy Jenkinson. Na scoláirí a chuaigh i ngleic le filíocht Jenkinson go dtí seo, ghlac siad go misniúil le dúshlán an fhile (1988: 51) gan foinsí seachtracha a tharraingt isteach agus dán dá cuid faoi chaibidil. Mionanailís laistigh de phriosma an dáin nó na ndánta is mó a chleacht siad dá bhrí sin. Sa pháipéar seo brisim an nós sin agus seachnaím, den chuid is mó, aon phlé ar scríbhneoireacht chruthaitheach Jenkinson. Ina ionad sin, is é aidhm an pháipéir ná scéal suimiúil a teacht chun solais a insint agus iniúchadh a dhéanamh ar a causa scribendi mar a léirítear é ina saothar neamhfhicsin. Féachaim leis an mhéid sin a dhéanamh gan teacht salach ar mhian an fhile gan ‘míniú’ beathaisnéise a lorg dá saothar.

Tá an t-alt seo roinnte ina thrí chuid. Tugann cuid a haon cuntas gasta stairiúil ar an mhistéir a bhain le persona fileata Jenkinson sna luathbhlianta. Déanann cuid a dó anailís ar na tuairimí a thagann chun tosaigh arís agus arís eile ina cuid aistí agus in agallaimh léi. Ar deireadh, luaitear duáilcí na filíochta a gcuireann Jenkinson go láidir ina gcoinne ina saothar neamhfhicsin.

© Caitlín Nic Íomhair, 2016

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Nic Íomhair, Caitlín

Teagmháil:

niciomce@tcd.ie

Beathaisnéis:

Dúnach í Caitlín Nic Íomhair, atá ag cur críche le taighde dochtúireachta faoi láthair i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. ‘Idir Shúgradh agus Dáiríre: Grá Riabhach Bhiddy Jenkinson’ is teideal dá tráchtas, a dhéanann mionstaidéar ar an ghreann, an grá agus an bás i saothar an fhile. Tá suim aici fosta sa léann idirdhisciplíneach, i saothar Mháirtín Uí Chadhain, sa chaoineadh agus sa mhiotaseolaíocht.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.