Cáit Ní Dhonnchadha: idir shamhail agus ghníomhaí na hAthbheochana

Ní Ghearbhuigh, Ailbhe

Cáit Ní Dhonnchadha: activist and icon of the Irish Revival

Abstract

This essay is based largely on materials preserved in a scrapbook kept by Cáit Ní Dhonnchadha, sister of Torna (Tadhg Ó Donnchadha), which is an unlisted item among Torna’s Papers in Boole Library, University College Cork. The essay explores Ní Dhonnchadha’s achievements during the Revival period, specifically 1904–1913, the timeframe of the newspaper material collected in the scrapbook. Three main aspects of her work will be examined: her role, often symbolic, in ‘performing the nation’ through her involvement in various dramatic productions, her efforts to promote the self-help movement, and her work in establishing the sport of camogie. I will argue that Cáit sometimes embodied the feminine ideal of Ireland, but that she finds her voice through the medium of print in her contributions to An Claidheamh Soluis and The Irish Homestead, and particularly in her efforts as a promoter and organiser of camogie. Ní Dhonnchadha was an important intermediary between the various revival movements and I believe that the notion of alternative modernity can be discerned in her vision for Ireland.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2018

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
stair na mban, iriseoireacht, drámaíocht, Gluaiseacht na gComharchumann, Conradh na Gaeilge, camógaíocht, Torna, Cáit Ní Dhonnchadha

DOI:
10.18669/ct.2018.03

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Tá an aiste seo bunaithe ar an ábhar atá i leabhar gearrthóg a bhain le Cáit Ní Dhonnchadha, deirfiúr Thorna (Tadhg Ó Donnchadha), atá le fáil mar earra neamhchláraithe i measc Bhailiúchán Thorna i Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is mian liom spléachadh a thabhairt ar an méid a bhain sí amach le linn thréimhse na hAthbheochana, agus go háirithe sna blianta 1904-1913, an tréimhse atá i gceist san ábhar iriseoireachta sa leabhar gearrthóg. Díreofar ar na gnéithe seo a leanas dá saothar go háirithe: an pháirt a ghlac sí i ‘dtaibhléiriú’ an náisiúin, a cuid iarrachtaí chun smaointe féintuilleamaíocha a chur chun cinn, agus an ról lárnach a bhí aici i bhforbairt agus i gcur chun cinn na camógaíochta. Is éard a bheidh á áiteamh agam ná gur minic í ag feidhmiú go siombalach mar íomhá idéalach de bhanúlacht na hÉireann ach go n-aimsíonn sí a guth féin trí mheán na hiriseoireachta in An Claidheamh Soluis agus in The Irish Homestead agus ina cuid gníomhachais ar son na camógaíochta. Bhí Cáit ina hidirghabhálaí tábhachtach idir gluaiseachtaí éagsúla agus is féidir an nua-aoiseacht ailtéarnach a shonrú san fhís a bhí aici don tír.

© Ailbhe Ní Ghearbhuigh, 2018

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Ghearbhuigh, Ailbhe

Teagmháil:

ailbhe.nighearbhuigh@ucc.ie

Beathaisnéis:

Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhain sí dochtúireacht amach sa Léann Éireannach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bronnadh Duais Adele Dalsimer ar a tráchtas dochtúireachta ag Comhdháil ACIS 2013, chomh maith le Mention du Jury de chuid an Franco-Irish Dissertation Award, urraithe ag Ambasáid na Fraince in Éirinn.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.