An nua-aoiseachas liteartha agus filíocht Phádraig Mhic Fhearghusa

Mac Amhlaigh, Liam

This article has two principle aims: by analysing and celebrating the poetry of Pádraig Mac Fhearghusa, to remedy a significant lacuna in the body of Irish-language literary criticism in expanding upon the paucity of the published criticism of his work; and to better-understand the impact of literary modernism, transmodernism especially, in order to contextualise Mac Fhearghusa’s work in a broader context. These two aims are undertaken to note the significant contribution of Professor Máire Ní Annrachain to the scholarship of literary criticism of the contemporary literatures of the Irish language and of Scottish Gaelic in the last 40 years.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
critic liteartha, Pádraig Mac Fhearghusa,, dénua-aoiseachas, filíocht nua-aoiseach na Gaeilge, tras-nua-aoiseachas

DOI:
10.18669/ct.2020.02

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Tá dhá chuspóir leis an alt seo: cur leis an mbeagán critice foilsithe ar shaothar an fhile Pádraig Mac Fhearghusa le cúiteamh éigin a thabhairt ar an bhfaillí shuntasach i gcritic na Gaeilge a fhágann a scothshaothar seo gan an anailís agus an ceiliúradh atá tuillte aige; agus brí a bhaint as tionchar an nua-aoiseachais liteartha, agus an tras-nua-aoiseachais go háirithe, le saothar Mhic Fhearghusa a thabhairt chun comhthéacs leis an gcritic liteartha sin. Tugtar faoin dá chuspóir seo ag cuimhneamh ar an oidhreacht shaibhir i ndioscúrsa na critice liteartha atá curtha ar fáil go dtí seo ag an Ollamh Máire Ní Annracháin ar léann nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban le daichead bliain anuas.

© Liam Mac Amhlaigh, 2020

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International (CC BY-NC 4.0).

Údar:
Mac Amhlaigh, Liam

Teagmháil:

liam.macamhlaigh@mu.ie

Beathaisnéis:

Scoláire nualitríochta agus foclóireachta é an Dr Liam Mac Amhlaigh atá ina léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide is ea é. Ar na suimeanna taighde atá aige, áirítear litríocht chomhaimseartha na Gaeilge (go háirithe an nuafhilíocht), foclóireacht na Nua-Ghaeilge, léann digiteach na Gaeilge agus stair theanga na Gaeilge san fhichiú haois. Tá mórán foilsithe aige sna réimsí sin, idir leabhair agus ailt. É ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomhiris phiarmheasta acadúil COMHARTaighde (comhartaighde.ie), ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí agus eolas beathaisnéise de bheoscríbhneoirí na Gaeilge, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie), agus ina thionólaí ar an ngrúpa maoirseachta den inphrionta nua san fhoilsitheoireacht acadúil, Cló Leann na Gaeilge (clo.ie). Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.