‘An doras cúng’ le Máire Dinny Wren: Léiriú cumhachtach ar an drochíde sa teaghlach

Peter Weakliam

ABSTRACT

Domestic abuse is a theme to which many Irish-language writers have drawn attention in recent years. This article is an in-depth analysis of one of the most powerful Irish-language works that deals with this theme, namely Máire Dinny Wren’s short story ‘An doras cúng’ (2016). The article applies research from the social sciences to assess Wren’s depiction of various aspects of domestic abuse, and examines the most important literary devices used by the author. It demonstrates that ‘An doras cúng’ is a nuanced and highly effective story that gives a keen insight into the myriad challenges faced by victims of domestic abuse.

At the beginning of this article, questions of terminology which relate to domestic abuse are considered. Particular attention is given to the challenges faced by Irish-language scholars who seek to accurately describe domestic abuse. This discussion provides context for the analysis of ‘An doras cúng’. That analysis draws on research on post-traumatic stress disorder, coercive control and the attitudes of abuse victims in order to shed light on the story’s protagonist. The importance of symbolism and metaphor in the story is also assessed, through an examination of the various locations in which the story is set. Finally, the narrative style of ‘An doras cúng’ is considered in the context of a concept which Ernest Hemingway termed ‘the principle of the iceberg’. The article claims that Wren’s short story is an exemplar of this principle, and that this element of the story adds greatly to its depiction of domestic abuse.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
28/11/2024

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Máire Dinny Wren, drochíde sa teaghlach, gearrscéalaíocht, smacht comhéigneach, foréigean

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Achoimre Gaeilge

Téama is ea an drochíde sa teaghlach a bhfuil roinnt mhaith scríbhneoirí Gaeilge tar éis aird a dhíriú air le blianta beaga anuas. Is é atá san alt seo mionanailís ar cheann de na saothair Ghaeilge is cumhachtaí a phléann leis an téama sin, mar atá, an gearrscéal ‘An doras cúng’ le Máire Dinny Wren (2016). Baintear leas as taighde ó na heolaíochtaí sóisialta chun léiriú Wren ar an drochíde sa teaghlach a mheas, agus iniúchtar na ciútaí liteartha is tábhachtaí a úsáideann sí. Léirítear gur scéal caolchúiseach agus fíoréifeachtach é ‘An doras cúng’, a thugann léargas grinn dúinn ar an iliomad dúshlán a bhíonn le sárú ag íospartaigh drochíde sa teaghlach.

Déantar trácht ag tús an ailt seo ar cheisteanna téarmaíochta a bhfuil baint acu leis an drochíde sa teaghlach. Dírítear go háirithe ar na dúshláin a bhíonn roimh scoláirí Gaeilge a dteastaíonn uathu cur síos beacht a dhéanamh ar an bhfeiniméan sin. Tugann an plé seo comhthéacs don anailís a dhéantar san alt ar ‘An doras cúng’. San anailís sin, tarraingítear ar thaighde ar an neamhord struis iarthrámaigh, ar an smacht comhéigneach agus ar dhearcthaí íospartach drochíde d’fhonn solas a chaitheamh ar phríomhcharachtar an scéil. Déantar tábhacht an tsiombalachais agus an mheafair sa scéal a mheas, trí bhíthin iniúchadh a dhéanamh ar na suíomhanna éagsúla ina bhfuil an scéal suite. Ar deireadh, scrúdaítear stíl reacaireachta ‘An doras cúng’ i gcomhthéacs coincheap ar ar thug Ernest Hemingway ‘the principle of the iceberg’. Maítear gur eiseamláir é gearrscéal Wren de phrionsabal an chnoic oighir, agus go gcuireann an ghné seo den scéal go mór lena léiriú ar an drochíde sa teaghlach.

Údar:
Peter Weakliam

Teagmháil:

weakliap@tcd.ie

Beathaisnéis:

Oibríonn Peter Weakliam mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tá sealanna caite aige ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, áit ar bhain sé PhD amach in 2022. Is í nualitríocht na Gaeilge a phríomhréimse taighde, agus ba é téama na saoirse i bhficsean Phádraig Uí Chíobháin a bhí mar ábhar tráchtais aige. Tá ailt acadúla leis i gcló in Léann agus in Irisleabhar Mhá Nuad, agus tá aistí gairide foilsithe aige in Comhar agus ar RTÉ Brainstorm chomh maith.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.