Allagar an ardáin: taibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha

Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin

This essay examines the influence of traditional oral forms of performance on the drama of Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (1929-2006). Ong (1989) argued that oral cultures were ‘agonistically toned’ and that verbal duels were common in diverse cultures worldwide. Huizinga also drew attention to poetic disputes and verbal contests or ‘slanging-matches’ as a form of play (1980: 65). Stories featuring verbal duels between poets were common in the Irish oral tradition and reflect a society which placed a high value on witty, clever talk and the creative use of language. This ‘verbal dexterity’ as Glassie (1982: 48) terms it, featured not only in migratory legends about poets and historic figures, but also in daily life and ordinary conversation. It is also characteristic of the performance of ‘agallamh beirte’ – verbal duels in verse in the Irish tradition. This essay examines the ‘agallamh beirte’ of Johnny Chóil Mhaidhc and the poetic arguments he composed and performed at the Scoileanna Éigse agus Seanchais in the 1960s. His humorous poetic arguments between a Volkswagon and a donkey, between a mother and a son, compare the older way of life to modern times and he was often praised for his acting abilities in the performance of these disputes. His use of the traditional verbal arts in his stage plays is also examined, in particular the one act play Mar a chéile muid. Set in a public house on a fair day, the play features a publican and the local ‘scrounger’, who engage in a long argument, with minimal characterization and almost no movement. This essay argues that this play is a celebration of witty competitive speech and that it is deeply rooted in the oral tradition.

Dáta foilsithe:
30/11/2018

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
dráma, allagar, béalaireacht, taibhealaín, Johnny Chóil Mhaidhc

DOI:
10.18669/ct.2018.04

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déantar iniúchadh san alt seo ar an allagar i dtaibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha. Is de nádúr na béalaireachta an dúil sa choimhlint, dar le Ong (1989) agus Huizinga (1980). Fiosraítear anseo an dúil san iomaíocht chainte i dtraidisiún béil na Gaeilge agus pléitear a cuid tréithe mar a fheictear san agallamh beirte iad. Déantar plé ar agallaimh bheirte Johnny agus pléitear na contrárthachtaí agus na céilí comhraic a chuirtear os ár gcomhair sna haighnis fhileata sin. Chuirtí na hagallaimh seo i láthair ag Ollchruinnithe de chuid Scoileanna Éigse agus Seanchais na Gaillimhe, agus is féidir éisteacht leis na taifeadtaí sin anseo d’fhonn léargas breise a fháil ar na hagallaimh mar ealaín bheo, ina comhthéacs ceart sóisialta féin. Déantar anailís freisin ar anáil na béalaireachta ar dhrámaí stáitse Johnny Chóil Mhaidhc, ag díriú go speisialta ar an leas a bhain sé as an aighneas fileata sa dráma Mar a Chéile Muid.

© Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, 2018

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin

Teagmháil:

eadaoin.nimhuircheartaigh@dcu.ie

Beathaisnéis:

Bhain Éadaoin Ní Mhuircheartaigh a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus rinne sí MA agus PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhain an tráchtas dochtúireachta le cur i láthair na n-ealaíon béil san fhichiú haois agus anáil an allagair fhileata ar dhrámaíocht na Gaeilge. Is iad na príomhréimsí spéise agus taighde atá aici ná an drámaíocht agus an t-agallamh beirte; na healaíona béil; an nua-litríocht. Bhí sí ina comheagarthóir le Nollaig Mac Congáil ar an leabhar Drámaí Thús na hAthbheochana (Arlen House, 2008) agus foilsíodh a haiste ‘Marbhfháisc — An Béal Marbh in Cré na Cille’ in Bliainiris 8 (2008). Tá spéis aici i litríocht na himirce freisin agus foilsíodh aiste léi ar litríocht na Gaeilge i Londain sa leabhar Irish Writing London: Volume 2: Post-war to Present (Bloomsbury Academic, 2012). D’eagraigh sí comhdháil ar chúrsaí drámaíochta agus teilifíse sa bhliain 2017, Ó Chleamairí go Ceamaraí, agus tá imeachtaí na comhdhála á réiteach don chló faoi láthair.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.