Agallamh Oisín agus Phádraig: léamha ón bparaitéacs

Ní Mhurchú, Síle

In this paper, Gérard Genette’s concept of the paratext is used to analyse the manuscript copies of Agallamh Oisín agus Phádraig (The Dialogue of Oisín and Saint Patrick). These paratexts show that there was more to the work of a scribe than simple copying: many of the scribes engaged deeply with the historical and intellectual currents of their time. The different ways in which the Agallamh texts were presented over the years are discussed as well as the paratextual writings – titles, introductions, textual notes, translations, and other texts – that were appended to it. The paratext provided scribes with a space in which they could influence patrons and other readers and the main themes that emerge from an analysis of the Agallamh’s paratexts are: the scribes’ accounts of their craft; changes in textual layout under the influence of print culture; the English langauge in the paratext; references to the works of James Macperson; the decline of the Irish language. Finally, the question of whether these paratextual writings can reveal the emotional responses of readers and listeners to the Agallamh is considered.

Dáta foilsithe:
07/10/2016

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
an Chonspóid Oisíneach, tionchar an chló, laoithe fiannaíochta, pátrúin, Agallamh Oisín agus Phádraig, paraitéacs, lámhscríbhinní Gaeilge

DOI:
10.18669/ct.2016.04

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

San aiste seo, baintear úsáid as coincheap an pharaitéacs le Gérard Genette chun anailís a dhéanamh ar na cóipeanna lámhscríbhinne d’Agallamh Oisín agus Phádraig. Léiríonn na paraitéacsanna seo go raibh níos mó i gceist le saothar an scríobhaí ná cóipeáil: rinne mórán acu machnamh dian ar an ábhar a bhí á scríobh acu agus thugadar freagra ar ghluaiseachtaí stairiúla agus intleachtúla a bhí ag dul i bhfeidhm orthu ina gcuid scríbhinní paraitéacsúla. Féachtar ar na hathruithe a rinneadh ar chur i láthair na dtéacsanna le himeacht na mblianta agus ar na scríbhinní paraitéacsúla éagsúla — teidil, réamhráite, gluaiseanna, aistriúcháin, agus téacsanna eile nach iad — a cuireadh leis an Agallamh. Thug an paraitéacs spás do scríobhaithe inar fhéad siad dul i gcion ar phátrúin agus ar léitheoirí eile agus is iad seo a leanas na príomhthéamaí a eascraíonn ó anailís ar pharaitéacsanna an Agallaimh: cuntais na scríobhaithe ar cheird na scríbhneoireachta; athruithe i leagan amach na dtéacsanna faoi thionchar an chlóphreasa; an Béarla sa pharaitéacs; tagairtí do shaothar James Macpherson; meath na Gaeilge. Ar deireadh, fiafraítear an dtugann na scríbhinní paraitéacsúla léargas dúinn ar na mothúcháin a mhúscail an tAgallamh ina léitheoirí agus ina éisteoirí.

© Síle Ní Mhurchú, 2016

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Mhurchú, Síle

Teagmháil:

s.nimhurchu@ucc.ie

Beathaisnéis:

Is léachtóir í Síle Ní Mhurchú i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Roimhe sin, bhain sí céim BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, rinne sí PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chaith sí tréimhse mar scoláire iardhochtúireachta i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Is iad na laoithe fiannaíochta agus na dánta grá na príomhréimsí taighde atá aici.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.