Ag Tnúth le Láithreacht Inmheánach Dé: Gnéithe d’Aeistéitic agus de Spioradáltacht ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’

Marie Whelton

‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ is one of the most popular native prayers in the Irish-language tradition but the text of the prayer has received only scant scholarly attention to date. The objective of this article is to initiate a discussion on the aesthetics and spirituality of the prayer-text by closely analysing its structure, poetic language and literary techniques. As the prayer is a Christian prayer in which Jesus is invited to dwell within the one who prays, the influence of Catholic theology on the subject matter and style of the prayer will also be examined. The close reading will, therefore, be preceded by a summary of the insights which may be gleaned on the internal presence of God from both Catholic theology and extant scholarship on native Irish prayers. Based on that summary, it will be argued in the textual analysis that elements of traditional native shield prayers for protection may be seen in ‘Bí a Íosa i m’ chroíse,’ and that it gives voice, especially, to Catholic teaching on the divine indwelling. Despite the emphasis placed in the prayer on the internal presence of God, however, it will also be demonstrated that the desired union with God does not happen within ‘Bí a Íosa i m’ chroíse,’ and that the last line of each verse, in particular, points to a struggle with a fear of alienation from God. Based on that analysis, this article tentatively speculates that the relevance for the modern believer of the text’s struggle with the presence and absence of God, could explain, in part at least, why ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ remains beloved as a prayer, and as a hymn, in the twenty-first century.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Paidreacha Dúchais, Anailís Théacsach, Aeistéitic na Paidre, Spioradáltacht, Láithreacht Inmheánach Dé

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Tá ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ ar cheann de na paidreacha dúchais Gaeilge is cáiliúla agus is mó ráchairte sa traidisiún ach is beag anailís atá déanta ar théacs na paidre go dtí seo. Is é cuspóir an ailt seo ná tús a chur le plé ar aeistéitic agus ar spioradáltacht théacs ‘Bí a Íosa i m’ chroíse.’ Déanfar é sin trí ghrinnanailís a dhéanamh ar struchtúr, ar fhriotal agus ar chiútaí liteartha an téacs, agus toisc paidir Chríostaí a bheith i gceist, ina dtugann an paidreoir cuireadh d’Íosa teacht chun cónaithe go hinmheánach sa phaidreoir féin, scrúdófar, freisin, an tionchar a bhí ag an diagacht Chaitliceach ar ábhar agus ar stíl na paidre. Dá bhrí sin, sula dtabharfar aghaidh ar an téacs, cuirfear comhthéacs ar fáil trí achoimre a dhéanamh ar na tuiscintí ar láithreacht inmheánach Dé is féidir a dhíorthú ón scoláireacht ar na paidreacha dúchais agus ón diagacht Chaitliceach araon. Bunaithe ar an achoimre sin, áiteofar san anailís théacsach go bhfuil rian de na horthaí cosanta traidisiúnta le feiceáil ar ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ agus go bhfuil tionchar suntasach an teagaisc Chaitlicigh maidir le láithreacht inmheánach Dé le léamh air freisin. In ainneoin na béime go léir a chuirtear ar láithreacht inmheánach Dé i dtéacs na paidre, áfach, léireofar, freisin, nach dtarlaíonn an t-aontú le Dia atá á lorg ag an bpaidreoir laistigh den phaidir agus go gcuireann an líne dheireanach de gach véarsa béim ar streachailt an phaidreora leis an gcoimhthíos ó Dhia. I bhfianaise na hanailíse, tuairimeoidh an t-alt seo gur streachailt ábhartha don chreidmheach nua-aimseartha í an streachailt le láithreacht agus le neamhláithreacht Dé agus go bhféadfadh an streachailt sin a bheith ar cheann de na cúiseanna a mbíonn tóir shuntasach fós ar ‘Bí a Íosa i m’ chroíse,’ mar phaidir agus mar iomann, san aonú haois is fiche.

Údar:
Marie Whelton

Teagmháil:

Beathaisnéis:

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart 2008) agus Doirse an Teampaill: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2024). Tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge. Sa bhliain 2020, rinne sí comheagarthóireacht ar eagrán speisialta den iris phiarmheasta, COMHARTaighde.

Scaip an t-alt seo: